21 1926


Uimhir 21 de 1926.


ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1926.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS 1920 GO 1924 DO LEASÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS SIN.

[18adh Meitheamh, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An brí a bheidh le “bliain tsochair.”

1. —Chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Díomhaointis 1920 go 1924 mar a leasuítear leis an Acht so iad ciallóidh an focal “Bliain tSochair,” nuair a bhainfe sé le haon tsíntiúsaire-fé-árachas, an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an chéad dáta ar a n-iarrfidh an síntiúsaire sin sochar tar éis dáta rithte an Achta so agus gach tréimhse de dhá mhí dhéag ina dhiaidh sin dar tosach an dáta is túisce ar a n-iarrfidh an síntiúsaire sin sochar tar éis deire na bliana sochair deiridh aige roimhe sin:

Ach má bhíonn aon tsíntiúsaire-fé-árachas buan-díomhaoin ar dháta rithte an Achta so, ansan, an bhliain tsochair a mínítear leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis 1920 go 1924 agus a bheidh ann fós i dtosach feidhme an Achta so, beidh sí, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, ar marthain maidir leis an síntiúsaire sin go dtí an dáta ar a mbeidh deire le tréimhse an bhuan-díomhaointis ach ní mhairfe sí tar éis an 13adh lá de Dheire Fomhair, 1926, in aon chás.

Leasú i dtaobh síntiúisí d'aisíoc.

2. —(1) Más rud é, ar fháil iarratais fén alt so don Aire, gur deimhin leis, maidir le héinne atá no a bhí ina shíntiúsaire-fé-árachas, gur dhin an duine sin roimh dháta an ailt seo do theacht i ngníomh—

(a) síntiúisí d'íoc in aghaidh caoga seachtain ar a laighead do réir forálacha generálta an Phríomh-Achta; agus

(b) aois a chaoga blian do shlánú;

beidh teideal ag an duine sin no ag á ionadaí pearsanta chun go n-íocfí leis amach as an gciste díomhaointis suim is ionann ar an dáta san le luach láithreach méid breis-luach na síntiúisí d'íoc sé agus an breis-luach san méaduithe (i gcás síntiúsaire-fé-árachas fé bhun trí fichid bliain d'aois) le hús ar ús do réir dó go leith per cent. per annum ar mhéid an bhreis-luacha ón dáta roimhráite go dtí an dáta ar a mbeadh sé trí fichid bliain d'aois.

(2) Is sa tslí orduithe agus laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an ailt seo do theacht i ngníomh a caithfar iarratas do dhéanamh ar íocaíocht fén alt so.

(3) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) tuigfar gurb é méid atá i méid breis-luach na síntiúisí d'íoc síntiúsaire-fé-árachas ná an bhreis a bheidh ag méid iomlán na síntiúisí d'íoc sé ar iomlán na suimeanna a fuair sé, mar shochar, maraon le hús ar ús ar an mbreis sin go dtí dáta an ailt seo do theacht i ngníomh do réir an ráta agus áirithe sa tslí a horduítear le halt 25 den Phríomh-Acht;

(b) nuair a beifear ag déanamh amach breis-luach na síntiúisí:—

(i) déanfar síntiúisí agus sochar a híocadh tar éis an 7adh lá de Mhí na Samhna, 1920, d'áireamh fé is dá n-íoctí iad do réir na rátaí gur dá réir a bhí síntiúisí agus sochar fé seach iníoctha fén bPríomh-Acht mar a céad-achtuíodh é; agus

(ii) ní déanfar aon áireamh ar shíntiúisí a haisíocadh, ar shochar a cuireadh san áireamh roimhe sin chun crícheanna aisíoctha fé aon cheann d'fhorálacha an Phríomh-Achta, ar dheontaisí ná ar shíntiúisí a híocadh fén Unemployed Workers' Dependents (Temporary Provisions) Act, 1921, ar shíntiúisí gur híocadh íocaíocht ar a scór fé fho-alt (10) d'alt 18 den Phríomh-Acht leis an gcólucht go raibh riara scéime speisialta de chúram ortha, ná, i gcás ina raibh éinne gan aon tsíntiúisí do bheith íoctha ar a shon i rith tréimhse ina raibh cúig bliana árachais, ar shíntiúisí do híocadh ar a shon, ná ar shochar do híocadh leis, roimh an tréimhse dheiridh sin; agus

(c) is sa tslí a hordófar le rialacháin a déanfar amach luach láithreach méid breis-luach síntiúisí agus an breis-luach san méaduithe le haon ús ar ús den tsórt san roimhráite (más ann do), agus ordófar le haon rialacháin a déanfar chuige sin go dtabharfar aire nuair a beifear ag déanamh an áirimh don ní seo síos, chó maith le nithe eile, eadhon, go mb'fhéidir íoc síntiúisí ar son an tsíntiúsaire-fé-árachas do bheith ina stad ar feadh tréimhse ina raibh cúig bliana árachais agus, i gcás síntiúsaire-fé-árachas ná fuil trí fichid bliain slán aige, go mb'fhéidir ná mairfadh sé chó fada san.

(4) Má íoctar íocaíocht le síntiúsaire-fé-árachas fén alt so ní dhéanfidh san aon difir don oblagáid atá air síntiúisí d'íoc.

(5) Scuirfidh alt 25 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige ach amháin, má tháinig éinne, roimh dháta an ailt seo do theacht i ngníomh, chun bheith i dteideal aisíoc d'éileamh fén alt san, go bhféadfar iarratas air sin do dhéanamh fén alt san in ionad é do dhéanamh fén alt so agus é sin aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an ailt seo do theacht i ngníomh, agus ní déanfar aon aisíoc chun a mbeidh teideal ag éinne fé alt 95 den National Insurance Act, 1911, mara ndintar, laistigh den tréimhse sin de dhá mhí dhéag, aisíoc d'iarraidh ar an Aire.

(6) Más rud é, in aon chás ina mbeidh aon iarratas den tsórt san a luaidhtear san alt so gan déanamh laistigh den tréimhse de dhá mhí dhéag tar éis dáta an ailt seo do theacht i ngníomh, go dtaisbeánfar chun sástacht an Aire go raibh cúis mhaith chun gan a dhéanamh, féadfidh an tAire a lomháil go ndéanfar an t-iarratas aon uair laistigh de dhá bhliain tar éis deire na tréimhse sin.

(7) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 5adh lá d'Iúl, 1926.

Forálacha i dtaobh rialachán i gcásanna áirithe.

3. —Aireofar mar chuid den chomhacht chun rialacháin do dhéanamh fé alt 35 den Phríomh-Acht comhacht chun rialacháin do dhéanamh—

(a) chun duine do cheapa a ghlacfidh thar ceann síntiúsairefé-árachas ar a dtiocfidh easláinte mheabhrach no a éagfidh, no mar ionadaí dho, aon tsuimeanna is iníoctha leis no ar a shon as an gciste díomhaointis; agus

(b) á ordú, go generálta no maidir le haon aicme speisialta de chásanna, i gcás tréimhse fhostaíochta do thosnuigh lá do leanúint ar feadh oíche an lae sin agus isteach sa lá ina dhiaidh, go n-áireofar an té a bhí ar fostú do bheith ar fostú pé lá den dá lá san a hordófar leis na rialacháin sin agus an lá san amháin.

Leasuithe ar alt 17 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Beidh éifeacht ag alt 17 den Phríomh-Acht (alt le n-a bhforáltar socruithe do dhéanamh le comhlachais a íocann íocaíochtaí le n-a mbaill le linn iad do bheith díomhaoin chun suimeanna d'íoc leis na comhlachais sin as an gciste díomhaointis i gcothrom an méid a gheobhadh na baill sin mar shochar díomhaointis) mar a leasuítear é le haon achtachtán ina dhiaidh sin, fé is dá gcuirtí na focail “which those persons would have been entitled to receive” in ionad na bhfocal “which those persons would have received” i bhfo-alt (1) de.

(2) I gcás in ar dhin cumann no comhlachas eile, de dheascaibh breith oifigigh árachais no eadargánaí no de dheascaibh mola cúirte réiteoirí, aon tsuim d'íoc le duine dá mbaill mar sholáthar in aghaidh díomhaointis, ansan, má ceartuítear an bhreith no an mola ina dhiaidh sin agus mara dtaisbeánaidh an duine sin go bhfuair sé an tsuim sin go macánta agus gan a fhios aige ná raibh teideal aige chúichi, féadfar, gan dochar d'aon leigheas eile, oiread den tsuim sin is a bheidh i gcothrom an méid sochair a bheadh iníoctha leis an duine sin mara mbeadh an socrú san d'fháil thar n-ais tré lascainí do bhaint as aon tsochar no as aon íocaíocht, ón gcumann no ón gcomhlachas eile, 'na dtiocfidh teideal ag an duine sin chuige ina dhiaidh sin.

Is ar an gcuma gcéanna ina socrófí éileamh ar shochar a socrófar aon cheist i dtaobh ce'ca dlightear no ná dlightear fé fhorálacha an fho-ailt seo lascaine do bhaint as aon tsochar no íocaíocht atá dlite do dhuine.

Rialacháin i dtaobh na bliana árachais.

5. —Féadfidh an tAire, le rialacháin, a ordú cadé an dáta is tosach don tréimhse is bliain árachais ann agus féadfidh forálacha iarmarta fóirlíontacha bheith in aon rialacháin den tsórt san fé mar a chifar don Aire bheith riachtanach chun deighleáil leis an atharú ón seana-thréimhse go dtí an tréimhse nua no chun an t-atharú san do regleáil, agus go sonnrách chun socrú do dhéanamh i dtaobh aon tréimhse aimsire idir deire bliana árachais agus tosach na céad bhliana eile árachais.

Leasú ar alt 8 (4) den Phríomh-Acht.

6. —Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht fé is dá gcuirtí na focail “being an Insurance Year which terminated prior to the commencement of his current Benefit Year” i ndiaidh an fhocail “year” sa dara líne dhe.

Cur le fostaíochtaí eiscithe.

7. —Beidh éifeacht ag Cuid II. den Chéad Sceideal den Phríomh-Acht o dháta rithte an Achta so fé is dá gcuirtí na míreanna nua so a leanas ann i ndiaidh mír (e):—

(ee) Employment, as a teacher, of any person in an institution certified by the Minister for Education to be a secondary school;

(eee) Employment as a teacher in any of the following capacities:—

(i) a junior assistant mistress in a national school,

(ii) a recognised lay assistant in a convent or monastery national school,

(iii) a work mistress or an industrial teacher in a national school.

Daoine i seirbhís mhileata.

8. —D'ainneoin éinní atá in alt 4 den Acht um Arachas Díomhaointis, 1924 ( Uimh. 26 de 1924 ), ní híocfar aon tsíntiúisí ná ní bheid iníoctha tar éis an 26adh lá de Mhárta, 1926, fén alt san thar ceann éinne a bhí ar fostú an 30adh lá de Mheitheamh, 1924, no ina dhiaidh sin, i seirbhís mhileata Shaorstáit Éireann.

Mínithe.

9. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

10. —Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1926 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1926, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.