|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1926. | ||
[EN] |
ACHT RÓD-CHISTE (ROIMH-ÍOCANNA), 1926. | |
ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN SUIM-EANNA DO ROIMH-ÍOC LEIS AN RÓD-CHISTE AMACH AS AN bPRÍMH-CHISTE AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA SUIMEANNA SAN D'AISÍOC LEIS AN bPRÍMH-CHISTE. [12adh Iúl, 1926.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Féadfar roimhíocanna d'íoc leis an Ród-Chiste amach as an bPrímh-Chiste. |
1. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, fé réir na teorann a forchuirtar ina dhiaidh seo anso, suimeanna do roimh-íoc leis an Ród-Chiste amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis fé mar a theastóidh o am go ham chun an Ród-Chiste do mhéadú chó fada agus is gá é chun a chur ar chumas an Ród-Chiste gach suim d'íoc 'na bhfuil anois no 'na mbeidh aon uair a muirear agus a híoc ar an Ród-Chiste. |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a roimh-íocfar leis an Ród-Chiste fén alt so thar suim dhá mhilleon punt. | |
[EN] | (3) Beidh de mhuirear ar an Ród-Chiste agus beidh iníoctha amach as ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid gach suim a roimhíocfar fén alt so maraon le hús uirthi do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid. | |
[EN] |
Féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an Achta so. |
2. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste fén alt san roimhe seo, no chun gach ceann no aon chuid de sna suimeanna a tabharfar amach amhlaidh d'aisíoc leis an gCiste sin, no chun aon urrúis a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná fuil aon tsocrú eile déanta chun a n-íoctha, féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is dó leis is ceart do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh. |
[EN] | (2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis gach urrúis a tabharfar amach fén alt so. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Roimh-íocanna), 1926 , do ghairm den Acht so. |