32 1927


Uimhir 32 de 1927.


ACHT AIRGID REATHA, 1927.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR AMACH MONAIDH ÓIR AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NÓTAÍ AIRGID REATHA AG A mBEIDH CÁILIOCHT DLÍ-THAIRGTHE DO THABHAIRT AMACH AGUS CHUN DEIRE DO CHUR LE BANCANNA AONAIR DO THABHAIRT AMACH NÓTAÍ BAINC AGUS CHUN TABHAIRT AMACH NOTAI BAINC AG PRÍOMH-ÚDARÁS DO CHUR INA IONAD SAN AGUS CHUN COIMISIÚN DO BHUNÚ CHUN BAINISTÍ AGUS STIÚRÚ DO DHÉANAMH AR THABHAIRT AMACH AGUS AR ATHCHEANNACH NA NÓTAÍ AIRGID REATHA SAN AGUS AR THABHAIRT AMACH NÓTAÍ BAINC AGUS CHUN FEIDHMEANNA ÁIRITHE EILE D'FHEIDHMIÚ MAIDIR LEIS AN AIRGEAD REATHA.

[20adh Lúnasa, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Airgid Reatha, 1927 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an focal “an Coimisiún” Coimisiún an Airgid Reatha a bunófar fén Acht so;

cialluíonn agus foluíonn an focal “urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh” aon stuic, scaireanna, bannaí, billí, nótaí no urrúsanna ús-torthacha eile a tugadh amach no a dineadh roimhe seo no a tabharfar amach no a déanfar ina dhiaidh seo ag an Rialtas Briotáineach no thar a cheann agus le n-a ngabhann oblagáid díreach ar an Rialtas Briotáineach maidir le caipital no colann agus le hús;

cialluíonn agus foluíonn an focal “urrúsanna fé urraíocht an Rialtais Bhriotáinigh” aon stuic, scaireanna, bannaí no debentiúirí a bheidh de thurus na huaire fé urraíocht an Rialtais Bhriotáinigh maidir le caipital agus le hús;

nuair a húsáidtear an focal “amuich” i dtaobh nótaí dlíthairgthe cialluíonn sé nótaí do thug an Coimisiún amach agus, o am na tabhartha-amach deiridh, nár reiceadh leis an gCoimisiún ná nár ghlac an Coimisiún mar mhalairt ar thabhairt amach nótaí dlí-thairgthe eile, ná nár glaodhadh isteach agus nár híocadh asta agus, nuair a húsáidtear i dtaobh nótaí bainc có-dhlúite é, cialluíonn sé nótaí do thug an Coimisiún amach agus nár tugadh thar n-ais don Choimisiún le cur ar ceal;

nuair a húsáidtear an focal “tabhairt amach” i dtaobh nótaí dlí-thairgthe no i dtaobh nótaí bainc có-dhlúite foluíonn sé ath-thabhairt amach nóta do scuir de bheith amuich;

nuair a húsáidtear an focal “stiúrthóir” i dtaobh Bainc Scairshealbhaigh foluíonn sé ball de Bhord bhainistí an Bhainc sin;

foluíonn an focal “builleon óir” aon mhonaí óir nách monaí óir atá de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir;

cialluíonn an focal “riail-fhíneáltacht” fíneáltacht d'aon dódhéagú déag de mhin-ór agus dó-dhéagú de tháir-mhiotal, no fíneáltacht mhilesimiúil de 916.6;

cialluíonn an focal “unsa” unsa troighe;

foluíonn an focal “costaisí an Chomisiúin” gach costas fé n-a raghaidh an Coimisiún i gcólíona na ndualgas agus i bhfeidhmiú na gcomhacht a forchuirtar no a bronntar air leis an Acht so no fé n-a ragha sé in aon tslí i gcólíona a fheidhmeanna fén Acht so agus go sonnrách foluíonn sé an luach saothair agus na liúntaisí is iníoctha fén Acht so leis an gCathaoirleach agus leis na gnáth-Choimisineirí;

nuair a húsáidtear an focal “vóta d'aon aonta” i dtaobh an Choimisiúin cialluíonn sé vóta d'aon aonta na muintire uile is baill de thurus na huaire den Choimisiún lasmuich de bhaill ar a dtoirmiscthear leis an Acht so páirt do thógaint sa vóta; cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta;

cialluíonn an focal “leath-bhliain” tréimhse de shé mhí dar críoch an 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhomhair; cialluíonn an focal “nóta bainc có-dhlúite” nóta bainc códhlúite do soláthruíodh agus do tugadh amach fén Acht so agus dá réir;

cialluíonn an focal “nóta dlí-thairgthe” nóta dlí-thairgthe do soláthruiodh agus do tugadh amach fén Acht so agus dá réir; agus

cialluíonn na focail “ciste nótaí dlí-thairgthe,” “cúl-chiste nótaí” agus “ciste generálta” fé seach na cistí uile agus fé seach a ceangaltar leis an Acht so ar an gCoimisiún do chimeád fé sna hainmneacha san fé seach.

Athghairmeanna.

3. —(1) Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus san chun bheith athghairmthe ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin fé seach amach.

(2) Athghairmtear leis seo an méid d'alt 4 den Bankers (Ireland) Act, 1845, le n-a n-achtuítear go scuirfar Banc na hÉireann ar fhoillsiú an fhógra a luaidhtear san alt san agus go scuirfar Banc na hÉireann ar aisíoc na suime a luaidhtear san alt san.

Riail luacha.

4. —(1) Isé bheidh mar riail-aontán luacha do Shaorstát Éireann ná an punt Saorstátach a tabharfar amach mar a foráltar anso ina dhiaidh seo i bhfuirm monaidh óir ina mbeidh riail-mheáchaint 123.27447 de ghráinneacha d'ór d'fhíneáltacht aon dó-dhéagú déag no i bhfuirm nóta dlí-thairgthe no sa dá fhuirm.

(2) Gach luadh no tagairt atá san Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) don tsabhran léireofar é mar luadh no mar thagairt don phunt Shaorstátach agus beidh éifeacht ag an Acht san dá réir sin.

CUID II.

Coighneail Oir.

Or do choighneáil as builleon ar iarratas.

5. —(1) Pé uair a dhéanfidh éinne tar éis tosach feidhme an ailt seo céad unsa ar a laighead de bhuilleon óir do sheachada in éincacht in áit a bheidh ceaptha chuige sin de thurus na huaire ag an Aire fén alt so, cuirfidh an tAire fé ndeár an builleon san do thástáil agus do choighneáil ina mhonaí a húdaruítear leis an Acht so do thabhairt amach fén Acht so agus tabharfa sé na monaí sin amach don duine sin.

(2) Pé uair a bheidh an riail-fhíneáltacht sa bhuilleon óir a seachadfar chun a choighneálta fén alt so is do réir phúint Shaorstátaigh in aghaidh gach 123.27447 de ghráinneacha den bhuilleon san no do réir mhonaidh dheich scillinge in aghaidh gach 61.63723 de ghráinneacha den bhuilleon san a háireofar an méid monaí a tabharfar amach fén alt so mar mhalairt ar an mbuilleon san agus pé uair a bheidh fíneáltacht an bhuilleoin sin níos aoirde no níos ísle ná an riail-fhíneáltacht is do réir pé ráta níos aoirde no níos ísle (pe'ca aca é) a bheidh cothromúil leis an aoirde no leis an ísleacht fhíneáltachta san a háireofar an méid monaí sin.

(3) Aon bhuilleon óir ina mbeidh fíneáltacht de shaghas gur dó leis an Aire nách féidir é do thabhairt chun na riail-fhíneáltachta gan roinnt éigin de do ghlana, féadfidh an tAire diúltú d'é do ghlaca chun a coighneálta fén alt so, agus má ghlacann sé aon bhuilleon den tsórt san amhlaidh féadfa sé pé éileamh is dó leis is ceart d'éileamh ar é do mhíniú.

(4) Beidh sé dleathach don Aire pé éileamh is dó leis is ceart d'éileamh ar bhuilleon óir do choighneáil fén alt so ach gan é do dhul thar trí leathphinge in aghaidh gach unsa den bhuilleon san den riail-fhíneáltacht agus do réir an chothruim sin ar bhuilleon d'fhíneáltacht níos aoirde no níos ísle.

(5) Ní tabharfar aon tosach nea-chuibhe d'éinne seachas a chéile fén alt so agus déanfar do gach éinne a sheachadfidh builleon óir do réir an ailt seo chun a choighneálta an builleon a sheachadfa sé amhlaidh do choighneáil do réir pé tosaíochta a bheidh do réir am an tseachadtha san.

(6) Féadfidh an tAire, le hordú, pé áiteanna is dó leis is ceart do cheapa chun builleon óir do sheachada ionta fén alt so chun a choighneálta agus má dhineann sé oifig leis an gCoimisiún do cheapa amhlaidh mar áit don tseachada san féadfa sé leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin le haontú an Choimisiúin a údarú don Choimisiún agus a cheangal air pé cinn is dó leis is ceart de sna comhachta agus de sna dualgaisí a bronntar ar an Aire leis na forálacha san roimhe seo den alt so d'fheidhmiú agus do chólíona i dtaobh an bhuilleoin óir go léir a seachadfar san oifig sin.

Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén bhfo-alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(7) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh pé lá a cheapfidh an tAire, le haontú an Choimisiúin, chuige sin tré fhógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(8) Má éilíonn an Coimisiún é faisnéisfar leis an bhfógra fén bhfo-alt san roimhe seo, ag ceapa an lae chun an t-alt so do theacht i ngníomh, ná beidh teideal ag éinne ach ag an gCoimisiún chun builleon óir do sheachada chun a choighneálta fén alt so agus, má faisnéistear leis an bhfógra san amhlaidh, ansan ní bheidh teideal ag éinne ach ag an gCoimisiún chun builleon óir do sheachada chun a choighneálta fén alt so go dtí pé uair a fhaisnéisfidh an Coimisiún, tré fhógra d'fhollsiú san Iris Oifigiúil, go mbeidh teideal ag gach éinne amhlaidh.

Saghsanna na monaí óir agus mion-innste eile ortha.

6. —(1) Gach mona a tabharfar amach fén Acht so beidh sé de shaghas éigin acu san a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus beidh gach mona den tsórt san den riail-mheáchaint agus den riail-fhíneáltacht a luaidhtear do sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Dara Sceideal san, ach lomhálfar maidir leis na monaí uile den tsórt san an leigheas (no an claona ón riail-mheáchaint no ón riail-fhíneáltacht) a luaidhtear dóibh fé seach sa chúigiú colún den Dara Sceideal san.

(2) Féadfidh an tAire, le hordú, tomhais agus pátrún na saghsanna monaí uile agus fé seach a tabharfar amach fén Acht so d'ordú agus gach mona a tabharfar amach amhlaidh beidh sé do réir na dtomhas agus an phátrúin a hordófar amhlaidh do.

(3) Féadfidh an tAire a ordú le hordú cadé an tslí ina ndéanfar monaí a coighneálfar fén Acht so do thástáil chun a fháil amach ce'ca táid do réir forálacha an Achta so no ná fuilid.

amach fén Acht Monaí a tugadh so do ghlaoch isteach.

7. —Féadfidh an tAire, le hordú, monaí d'aon dáta no saghas áirithe do tugadh amach fén Acht so do ghlaoch isteach.

Toirmeasc ar mhonaí no ar chomharthaí eile óir.

8. —(1) Lasmuich de mhonaí a tabharfar amach fén Acht so agus dá réir, ní déanfar ná ní tabharfar amach i Saorstát Éireann aon phíosa d'ór ná d'aon mhiotal bhainte (agus cuid de ina ór) d'aon luach in aon chor mar mhona ná mar chomhartha ar airgead ná fé mar a bheadh sé le tuisgint uaidh go bhfuil teideal ag á shealbhóir aon luach atá marcálta air d'éileamh.

(2) Gach éinne a dhéanfidh no a thabharfidh amach aon phíosa d'ór no de mhiotal bhainte (agus cuid de ina ór) contrárdha don alt so beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Dlí-thairisgint i monaí óir.

9. —Má tairgtear airgead d'íoc i monaí óir a tugadh amach fén Acht so agus nár glaodhadh isteach fén Acht so agus nár chuaidh in éadtruime tré chaitheamh ná ar aon tslí eile i dtreo gur lú a meáchaint ná an mheáchaint a luaidhtear dóibh sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh san ina dhlí-thairsgint ar íocaíocht d'aon mhéid.

An t-airgead reatha ina ndéanfar connartha, etc.

10. —Gach connra, díol, íoc, bille, nóta, instruimid, agus urrús ar airgead, agus gach gnó, deighleáil, ní agus rud riamh a bhaineann le hairgead no le n-a ngabhann íoc no oblagáid íoctha aon airgid, gach ní acu a déanfar, a críochnófar, a nascfar, a ceanglófar, no a bheidh ag duine ar no tar éis an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach, is do réir mhonaí no nótaí a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) no fén Acht so, agus ní har aon tslí eile, a déanfar, a críochnófar, a nascfar agus a ceanglófar an céanna agus a bheidh sé ag duine, maran do réir airgid reatha stáit no tíre éigin lasmuich de Shaorstát Éireann a déanfar, a críochnófar, a nascfar, no a ceanglófar é no a bheidh sé ag duine.

Baint achtachán áirithe.

11. —(1) Bainfidh an Coinage Offences Act, 1861, le monaí a tabharfar amach fén Acht so, agus chun críche na bainte sin déanfar na tagairtí in alt 1 den Acht san do mhonaí óir a coighneáladh in aon cheann de Mhona-cheárdchanna a Soillse no atá ag rith go dleathach de bhua aon fhurógra no ar aon tslí eile in aon pháirt de Thiarnaisí a Soillse do léiriú fé mar a bheidís ag folacha tagairtí do mhonaí ag rith go dleathach i Saorstát Éireann de bhua an Achta so.

(2) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na rudaí seo a leanas leis an Table of Prohibitions and Restrictions Inwards san alt san, sé sin le rá, airgead bréagach ag aithris ar mhonaí a tugadh amach fén Acht so.

(3) Bainfidh alt 2 den Revenue Act, 1889, le haithris ar mhonaí a tugadh amach fén Acht so, agus chun críche na bainte sin déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (4) den alt san do mhonaí ag rith go dleathach de bhua aon fhurógra no ar aon tslí eile in aon phairt de Thiarnaisí a Soillse do léiriú fé mar a bheidís ag folacha tagartha do mhonaí ag rith go dleathach i Saorstát Éireann de bhua an Achta so.

Monaí óir éadtroma d'agha-lot.

12. —(1) I gcás aon mhona a tugadh amach fén Acht so do bheith fé bhun na meáchainte reatha is lú dá luaidhtear do sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so no i gcás aon mhona a tugadh amach fén Acht so do bheith glaoite isteach fén Acht so, déanfidh gach éinne i bpearsain no tré dhuine eile aon mhona den tsórt san a tairgfar do in íocaíocht do ghearra, do bhrise, no d'agha-lot agus beidh an té a thairg é thíos leis an gcailliúint.

(2) Má bhíonn aon mhona a gearrfar, a brisfar no a haghaloitfar do réir an ailt seo gan bheith fé bhun na meáchainte reatha is lú dá luaidhtear do sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so no gan bheith glaoite isteach fén Acht so, ansan, an té do ghearr, do bhris, no d'agha-loit é glacfa sé in íocaíocht é do réir a shaghais.

(3) Féadfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aon aighneas a eireoidh fén alt so do bhreithiúnú do réir Rialacha Cúirte.

Costaisí tabhairtamach monaí.

13. —Is amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire ag cur na Coda so den Acht so in éifeacht.

CUID III.

Coimisiun an Airgid Reatha.

Có-dhéanamh Choimisiún an Airgid Reatha.

14. —(1) Bunófar do réir an Achta so cólucht dá ngairmfar Coimisiún an Airgid Reatha chun na feidhmeanna a ceaptar do leis an Acht so do chólíona.

(2) Beidh an Coimisiún ina chólucht chorparáideach agus síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus comhacht chun dul chun dlí agus chun go raghfí chun dlí leis fé n-a ainm chorparáideach agus chun talamh do bheith ar seilbh aige agus do chur dá láimh.

(3) Beidh an Coimisiún có-dhéanta de sheachtar ball dá ngairmfar Coimisinéirí an Airgid Reatha (dá ngairmtear na Coimisinéirí san Acht so) eadhon, Cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so) agus seisear Gnáth-Choimisinéirí (dá ngairmtear na Gnáth-Choimisinéirí san Acht so) a toghfar no a hainmneofar sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(4) Beidh i gcomhlachas leis an gCoimisiún do réir an Achta so pé Bainc Scair-shealbhacha agus pé méid díobh a foráltar leis an Acht so agus beidh ag na Bainc Scair-shealbhacha san pé cirt, príbhléidí, agus oblagáidí a bronntar no a forchuirtar ortha leis an Acht so ach ní léireofar tagairtí san Acht so don Choimisiún no do bhaill den Choimisiún mar thagairtí a fholuíonn Bainc Scair-shealbhacha.

Cathaoirleach an Choimisiúin.

15. —(1) Gheobhaidh an Cathaoirleach pé luach saothair agus liúntaisí agus beidh sé fé réir pé coiníollacha seirbhíse a ordóidh na Gnáth-Choimisinéirí.

(2) Marab éag, eirghe as, cur as oifig no teach fé dhí-cháilíocht roimhe sin do isé is téarma oifige don Chathaoirleach (nách duine a ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach) ná tréimhse chúig mblian a thosnóidh, i gcás an chéad Chathaoirligh, ar bhunú an Choimisiúin agus, i gcás gach Cathaoirligh ina dhiaidh sin, ar dháta a thoghtha no a ainmnithe no, i gcás Cathaoirligh a toghfar no a hainmneofar no a haththogfar no a hathainmneofar i rith téarma oifige, ar bheith caithte don téarma oifige sin.

(3) Aon Chathaoirleach a raghaidh as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige le himeacht aimsire, beidh sé ion-aththoghtha no ionathainmnithe.

(4) Ar feadh a théarma oifige beidh an Cathaoirleach fé dhícháilíocht chun a ainmnithe no chun a thoghtha agus chun suidhe no chun íocaíocht do ghlaca mar bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann agus beidh sé neamh-iontoghtha mar stiúrthóir ar aon Bhanc in aon chor.

(5) Más stiúrthóir ar aon Bhanc in aon chor é le linn a thoghtha no a ainmnithe scarfidh an Cathaoirleach leis an stiúrthóireacht san laistigh de dheich lá tar éis a thoghtha no a ainmnithe agus má theipeann air é sin do dhéanamh beidh sé, ar bheith caithte don deich lá san, fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Chathaoirleach.

An Cathaoirleach do chur as oifig agus do theacht fé dhí-cháilíocht.

16. —(1) Má thagann an Cathaoirleach, tré easláinte, chun bheith fé mhí-chumas bhuan chun a dhualgaisí do chólíona mar Chathaoirleach, féadfidh na Gnáth-Choimisinéirí, le vóta d'aon aonta, é do chur as oifig.

(2) Féadfidh na Gnáth-Choimisinéirí aon uair, le vóta d'aon aonta, an Cathaoirleach do chur as oifig ar chúis adéarfar agus tar éis caoi réasúnta do thabhairt do ar éisteacht d'fháil.

(3) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh go mbreithiúnófar an Cathaoirleach do bheith gnó-bhriste no go ndéanfa sé socrú no réiteach le n-a fhiach-éilitheoirí no go ndaorfidh cúirt údaráis inniúla chun príosúntachta no chun pian-tseirbhíse é, beidh sé fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Chathaoirleach.

(4) Na comhachta a bronntar leis an alt so ar na Gnáth-Choimisinéirí ní bheid infheidhmithe faid a bheidh folúntas ina líon.

Toirmeasc ar an gCathaoirleach bheith i seilbh scaireanna i mbanc.

17. —(1) Gach éinne a toghfar no a hainmneofar chun bheith ina Chathaoirleach déanfa sé laistigh de ráithe tar éis a thoghtha no a ainmnithe gach scair is leis no ina mbeidh leas chun tairbhe dho féin aige in aon Bhanc le linn a thoghtha no a ainmnithe do dhíol, no scarúint leo ar shlí eile, amuich is amach.

(2) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh aon scaireanna i mBanc do theacht chun an Chathaoirligh no do dhílsiú ann tré uacht no tré chomharbas chun tairbhe dho féin, déanfa sé, laistigh de ráithe tar éis iad do theacht chuige no do dhílsiú ann amhlaidh, iad-san no a leas ionta do dhíol agus scarúint leo amuich is amach.

(3) Ní cheannóidh ná ní thógfidh an Cathaoirleach aon scaireanna in aon Bhanc ná ní ghlacfa sé leas ionta chun tairbhe dho féin.

(4) Má dhineann an Cathaoirleach aon scaireanna in aon Bhanc do choinneáil, do cheannach, no do thógaint, no leas ionta do thógaint no do choinneáil, contrárdha don alt so, beidh sé fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Chathaoirleach.

(5) San alt so cialluíonn an focal “banc” banc a dhineann gnó i Saorstát Éireann no atá, go bhfios don Chathaoirleach, i seilbh smacht-leasa i mbanc a dhineann gnó i Saorstát Éireann, agus léireofar tagairtí do scaireanna i mbanc mar thagairtí a fholuíonn stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urrúis eile leis an mbanc san.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le duine a ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach go dtí go dtoghfar no go n-ainmneofar duine chun bheith ina Chathaoirleach.

Na G náth-Choimisinéirí.

18. —(1) De sna Gnáth-Choimisinéirí toghfar triúr (dá ngairmtear Coimisinéirí toghtha san Acht so) do réir an Achta so ag ionadaithe do sna Bainc Scair-shealbhacha agus ainmneofar triúr (dá ngairmtear Coimisinéirí ainmnithe san Acht so) do réir an Achta so ag an Aire.

(2) Ní foláir beirt de sna Coimisinéirí ainmnithe do bheith ina ndaoine atá ionadathach do gnó, do cheárdas, no do thrádáil no 'na bhfuil taithí acu air agus ná fuil i mbuan-tseirbhís an Stáit, agus féadfidh an Coimisinéir ainmnithe eile, más rogha leis an Aire é, bheith ina dhuine atá no ina dhuine ná fuil i mbuantseirbhís an Stáit agus, má orduítear amhlaidh ag an Aire le linn do é d'ainmniú agus sa chás san amháin, beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Gheobhaidh gach Gnáth-Choimisinéir pé luach saothair agus liúntaisí agus beidh sé fé réir pé coiníollacha seirbhíse a shocróidh an tAire o am go ham ag cuimhneamh do ar na standaird a bheidh i bhfeidhm ag na Bainc Scair-shealbhacha maidir le luach saothair, liúntaisí, agus coiníollacha seirbhíse a stiúrthóirí do shocrú.

(4) Ní foláir gach Gnáth-Choimisinéir do bheith ina chomhnaí do ghnáth i Saorstát Éireann agus duine ná beidh ina chomhnaí amhlaidh ní bheidh sé ion-ainmnithe ná incheaptha mar Ghnáth-Choimisinéir.

(5) Faid a bheidh Gnáth-Choimisinéir i seilbh na hoifige sin beidh sé fé dhí-cháilíocht chun a ainmnithe no chun a thoghtha agus chun suidhe no chun íocaíocht do ghlaca mar bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann.

(6) Faid a bheidh Coimisinéir ainmnithe i seilbh na hoifige sin beidh sé neamh-iontoghtha mar stiúrthóir ar aon Bhanc in aon chor agus, más stiúrthóir ar aon Bhanc in aon chor é le linn a ainmnithe, scarfa sé leis an stiúrthóireacht san laistigh de dheich lá tar éis a ainmnithe, agus má theipeann air é sin do dhéanamh beidh sé, ar bheith caithte don deich lá san, fé dhícháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir ainmnithe.

Téarma oifige Gnáth-Choimisinéirí.

19. —(1) De sna céad Choimisinéirí toghtha beidh éinne amháin, a roghnófar le crann-chur chó luath agus is féidir é tar éis a thoghtha, i seilbh oifige go ceann bliana o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, agus beidh duine eile, a roghnófar sa tslí chéanna, i seilbh oifige go ceann dhá bhliain o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, agus beidh duine eile, a roghnófar sa tslí chéanna, i seilbh oifige go ceann trí mblian o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do.

(2) De sna céad Choimisinéirí ainmnithe beidh éinne amháin, a roghnófar le crann-chur chó luath agus is féidir é tar éis a ainmnithe, i seilbh oifige go ceann bliana o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, agus beidh duine eile, a roghnófar sa tslí chéanna, i seilbh oifige go ceann dhá bhlian o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, agus beidh duine eile, a roghnófar sa tslí chéanna, i seilbh oifige go ceann trí mblian o bhunú an Choimisiúin marab éag, eirghe as, no teacht fé dhícháilíocht roimhe sin do.

(3) Fé réir na bhforálacha den alt so a bhaineann leis na céad Choimisinéirí toghtha, leis na céad Choimisinéirí ainmnithe, le Coimisinéir i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é, agus le daoine a toghfar no a hainmneofar chun foth-fholúntaisí san oifig sin Ghnáth-Choimisineura, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, beidh gach Gnáth-Choimisinéir i seilbh oifige go ceann trí mblian o bheith caithte don téarma oifige gurb é a bheith caithte fé ndeár a thogha no a ainmniú.

(4) Duine a toghfar no a hainmneofar chun foth-fholúntais san oifig sin Ghnáth-Choimisineura, beidh sé i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an gCoimisinéir, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

(5) Aon Ghnáth-Choimisinéir a imeoidh as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige le himeacht aimsire beidh sé ionaththoghtha no ion-athainmnithe (pe'ca aca é).

(6) Bainfidh na forálacha so a leanas le Coimisinéir ainmnithe a bheith i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é no le cúrsaí a leithéide, sé sin le rá:—

(a) féadfidh an tAire an Coimisinéir sin do chur as oifig aon uair agus marab éag, eirghe as no teacht fé dhícháilíocht do roimhe sin beidh sé i seilbh oifige go dtí go gcuirfar as oifig amhlaidh é,

(b) na forálacha den alt so a bhaineann le téarma oifige Gnáth-Choimisineura no Coimisineura ainmnithe ní bhainfid le Coimisinéir ainmnithe a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é,

(c) má ainmnítear duine de sna céad Choimisinéirí ainmnithe chun bheith i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é, gheobhfar amach téarmaí oifige na gcéad-Choimisinéirí ainmnithe eile le crann-chur do réir an ailt seo ach go mbeidh an t-atharú so ann, cadhon, gur dhá bhliain agus trí bliana fé seach a bheidh mar théarmaí oifige ag na Coimisinéirí eile sin,

(d) pé uair a dhéanfidh Coimisinéir ainmnithe atá i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é a oifig d'fhágaint ar aon tslí agus nách chun bheith i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é a hainmneofar a chomharba, ansan, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, beidh an comharba san i seilbh oifige go dtí an chéad lá cinn bliana eile i gcuimhneamh bunú an Choimisiúin ar ná raghaidh téarma ceachtar de sna Coimisinéirí ainmnithe eile in éag.

Teacht fé dhícháilíocht do Ghnáth-Choimisinéirí.

20. —(1) Má thagann Gnáth-Choimisinéir nách Coimisinéir ainmnithe i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é, má thagann sé, tré easláinte, fé mhí-chumas bhuan chun a dhualgaisí do chólíona mar Choimisinéir den tsort san, feadfidh na baill eile den Choimisiún, mara mbeidh no nuair ná beidh folúntas ina líon, a fhaisnéis go bhfuil an Coimisinéir sin fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Ghnáth-Choimisinéir.

(2) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh go mbreithiúnófar Gnáth-Choimisinéir do bheith gnó-bhriste, no go ndéanfa sé socrú no réiteach le n-a fhiach-éilitheoirí no go ndaorfidh cúirt údaráis inniúla chun príosúntachta no chun pian-tseirbhíse é no go scuirfe sé de bheith ina chomhnaí do ghnáth i Saorstát Éireann no go mbeidh sé ar feadh sé mí gan teacht go dtí cruinnithe an Choimisiúin agus san gan cead ón gCoimisiún, beidh sé fé dhícháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Ghnáth-Choimisinéir.

Toirmeasc ar Choimisinéir ainmnithe bheith i seilbh scaireanna i mBanc.

21. —(1) Déanfidh Coimisinéir ainmnithe, laistigh de ráithe tar éis a ainmnithe, gach scair is leis no ina mbeidh leas chun tairbhe dho féin aige in aon Bhanc le linn a ainmnithe do dhíol, no scarúint leo ar shlí eile, amuich is amach.

(2) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh aon scaireanna i mBanc do theacht chun Coimisineura ainmnithe no do dhílsiú ann tré uacht no tré chomharbas chun tairbhe dho féin, déanfa sé, laistigh de ráithe tar éis iad do theacht chuige no do dhílsiú ann amhlaidh, iad-san no a leas ionta do dhíol agus scarúint leo amuich is amach.

(3) Ní cheannóidh ná ní thógfidh Coimisinéir ainmnithe aon scaireanna in aon Bhanc ná ní ghlacfa sé leas ionta chun tairbhe dho féin.

(4) Má dhineann Coimisinéir ainmnithe aon scaireanna in aon Bhanc do choinneáil, do cheannach, no do thógaint, no leas ionta do thógaint no do choinneáil, contrárdha don alt so, beidh sé fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir ainmnithe.

(5) San alt so cialluíonn an focal “Banc” banc a dhineann gnó i Saorstát Éireann no atá, go bhfios don Choimisinéir ainmnithe, i seilbh smacht-leasa i mbanc a dhineann gnó i Saorstát Éireann, agus léireofar tagairtí do scaireanna i mbanc mar thagairtí a fholuíonn stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urrúis eile leis an mbanc san.

Na céad Choimisinéirí toghtha do thogha.

22. —(1) Nuair a bheidh fachta ag an Aire o gach Banc a luaidhtear sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht so iarratas agus íocaíocht do réir an Achta so ar a leigint isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha no a bheidh an tréimhse caithte a ceaptar leis an Acht so chun iarrataisí den tsórt san do dhéanamh (pe'ca aca is túisce thárlóidh), ceapfidh an tAire am agus áit (dá ngairmtear an t-am agus an áit cheaptha san alt so) don chruinniú d'ionadaithe do sna céad Bhainc Scairshealbhacha chun na céad Choimisinéirí toghtha do thogha agus fógróidh sé i scríbhinn do gach Banc acu san an t-am agus an áit a bheidh ceaptha amhlaidh.

(2) Féadfidh aon cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha a chur fé ndeár aon ionadaí amháin agus gan ach aon ionadaí amháin, a ainmneoidh sé chuige sin, do bheith i láthair san am agus san áit cheaptha, agus, na hionadaithe uile agus fé seach den tsórt san a bheidh i láthair san am agus san áit sin, déanfid ansan, no laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, do réir na Rialacha atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, triúr iontoghtha a bheidh toilteannach chun gníomhuithe do thogha chun bheith ina gcéad Choimisinéirí toghtha agus déanfid láithreach ainmneacha na ndaoine a toghadh amhlaidh do chur in úil don Aire do réir na Rialacha san.

(3) Má theipeann ar na hionadaithe sin do sna céad Bhaine Scair-shealbhacha a bheidh i láthair san am agus san áit cheaptha aon daoine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha do réir an fho-ailt sin roimhe seo chun bheith ina gcéad Choimisinéirí toghtha no má thoghaid amhlaidh níos lú ná triúr den tsórt san no más rud é ná beidh aon ionadaithe do sna céad Bhainc Scair-shealbhacha i láthair san am agus san ait cheaptha, déanfidh an tAire, laistigh de dheich lá tar éis an ama cheaptha, triúr iontoghtha a bheidh toilteannach chun gníomhuithe, no pé méid dá sórt fé n-a bhun san is gá sa chás, d'ainmniú chun bheith ina gcéad Choimisinéirí toghtha agus tuigfar chun gach críche gurb amhlaidh a dhin ionadaithe do sna céad Bhainc Scair-shealbhacha na daoine a hainmneofar mar sin do thogha go cuibhe agus léireofar tagairtí san Acht so do thogha na gcéad Choimisinéirí toghtha mar thagairtí a fholuíonn an t-ainmniú san.

(4) Más féidir agus sa mhéid gur féidir daoine iontoghtha oiriúnacha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'fháil imeasc stiúrthóirí na gcéad Bhanc Scair-shealbhach uile agus fé seach ní ainmneoidh an tAire, fén bhfo-alt san roimhe seo, éinne nách stiúrthóir ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha agus pé scéal é ní hainmneofar amhlaidh éinne bheidh i mbuantseirbhís an Stáit.

(5) Mara n-iarraidh aon Bhanc do réir an Achta so go leigfí isteach é chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha, déanfidh an tAire, laistigh de dheich lá tar éis an tréimhse do bheith caithte a ceaptar leis an Acht so chun iarrataisí den tsórt san do dhéanamh, triúr iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe agus ná beidh i mbuan-tseirbhís an Stáit d'ainmniú chun bheith ina gcéad Choimisinéirí toghtha agus chun gach críche tuigfar gurb amhlaidh a dineadh na daoine a hainmneofar mar sin do thogha go cuibhe chun bheith ina gcéad Choimisinéirí toghtha agus léireofar tagairtí san Acht so do thogha na gcéad Choimisinéirí toghtha mar thagairtí a fholuíonn an t-ainmniú san.

Na céad Choimisinéirí ainmnithe d'ainmniú.

23. —Fé cheann deich lá ar a mhéid tar éis an ama a cheapfidh an tAire don chruinniú d'ionadaithe na gcéad Bhanc Scairshealbhach chun na céad Choimisinéirí toghtha do thogha no, más rud é toisc nár iarr aon Bhanc go cuibhe go leigfí isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha é nár ceapadh aon am den tsórt san amhlaidh, laistigh de dheich lá tár éis an tréimhse do bheith caithte a ceaptar leis an Acht so chun iarrataisí den tsórt san do dhéanamh, déanfidh an tAire triúr iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun bheith ina gcéad Choimisinéirí ainmnithe.

An chéad Chathaoirleach do thogha.

24. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath is bheidh na céad Ghnáth-Choimisinéirí go léir toghtha no ainmnithe go cuibhe ceapfidh an tAire am agus áit (dá ngairmtear an t-am agus an áit cheaptha san alt so) do chruinniú na gCoimisinéirí sin chun an chéad Chathaoirleach do thogha agus fógróidh sé i scríbhinn do gach Coimisinéir acu an t-am agus an áit a bheidh ceaptha amhlaidh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar na céad Ghnáth-Choimisinéirí bheith i láthair san am agus san áit cheaptha agus déanfidh na Coimisinéirí sin no pé méid acu a bheidh i láthair, ansan no laistigh de dheich lá no de pé aimsir is sia ná san agus nách sia ná deich lá fichead ina dhiaidh sin agus a cheadóidh an tAire, duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha, do réir na Rialacha atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chun bheith ina chéad Chathaoirleach agus déanfid láithreach ainm an té a toghadh amhlaidh do chur in úil don Aire do réir na Rialacha san.

(3) Má theipeann ar na Gnáth-Choimisinéirí duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha, laistigh den aimsir a ceapadh anso roimhe seo chuige sin, chun bheith ina chéad Chathaoirleach déanfidh an tAire, chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis an aimsir sin do bheith caithte agus tar éis do dul i gcomhairle le gach ceann de sna Bainc Scair-shealbhacha agus le gach duine de sna Gnáth-Choimisinéirí, duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun bheith ina chéad Chathaoirleach.

Bunú an Choimisiúin.

25. —(1) Laistigh de mhí tar éis togha no ainmniú (pe'ca aca é) an chéad Chathaoirligh foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra á fhaisnéis go bhfuiltar tar éis an Coimisiún do bhunú o dháta (dáta a bheidh tar éis togha no ainmniú an chéad Chathaoirligh agus roimh fhoillsiú an fhógra san) a luadhfar sa bhfógra san agus leis sin tuigfar chun gach críche gur bunuíodh an Coimisiún go cuibhe ar an dáta a bheidh luaidhte amhlaidh.

(2) San Acht so léireofar gach tagairt maidir le haimsir, do bhunú an Choimisiúin mar thagairt don dáta ar a dtuigfar de bhua an ailt seo a bunuíodh an Coimisiún.

An Cathaoirleach nách é an chéad Chathaoirleach é do thogha.

26. —(1) Fé cheann deich lá fichead ar a mhéid no deich lá ar a laighead roimh théarma oifige an chéad Chathaoirligh no aon Chathaoirligh ina dhiaidh sin do bheith caithte le himeacht aimsire, déanfidh na Gnáth-Choimisinéirí duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha chun teacht chun bheith agus chun bheith ina Chathaoirleach ar bheith caithte don téarma san, agus láithreach tar éis an toghtha san cuirfid in úil don Aire ainm an té do toghadh amhlaidh.

(2) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh, ar aon ócáid ar a gceangailtear ortha leis an bhfo-alt san roimhe seo duine do thogha chun teacht chun bheith agus chun bheith ina Chathaoirleach, go dteipfidh ar na Gnáth-Choimisinéirí duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe mar sin do thogha laistigh den aimsir a ceaptar sa bhfo-alt san, déanfid laistigh den aimsir sin agus o am go ham ina dhiaidh sin Gnáth-Choimisinéir ná beidh i mbuan-tseirbhís an Stáit do cheapa chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach ar bheith caithte do théarma oifige an Chathaoirligh a bheidh ag druidim le n-a dheire an uair sin agus go dtí go ndéanfar Cathaoirleach do thogha no d'ainmniú fén alt so agus laistigh de ráithe tar éis an téarma san do bheith caithte toghfid chun bheith ina Chathaoirleach duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe agus láithreach tar éis an toghtha san cuirfid in úil don Aire ainm an té do toghadh amhlaidh.

(3) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh, ar aon ócáid den tsórt san roimhráite, go dteipfidh ar na Coimisinéirí, laistigh den aimsir a ceaptar le fo-alt (1) den alt so, duine iontoghtha bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha chun bheith ina Chathaoirleach no duine bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach no, tar éis dóibh duine bheidh toilteannach chun gníomhuithe do thogha chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach, go dteipfidh ortha, laistigh den tréimhse ráithe sin, duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha chun bheith ina Chathaoirleach no, laistigh den aimsir no den tréimhse sin, go gcuirfid in úil don Aire i scríbhinn ná fuil ar a gcumas éinne den tsórt san do thogha chun bheith ina Chathaoirleach, déanfidh an tAire chó luath agus is féidir é tar éis an aimsir a ceaptar i bhfo-alt (1) den alt so do bheith caithte no tar éis an tréimhse ráithe sin do bheith caithte no tar éis do an t-eolas san d'fháil i scríbhinn (pe'ca aca é), duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach agus láithreach tar éis an ainmnithe sin cuirfe sé in úil don Choimisiún ainm an té do hainmníodh amhlaidh.

(4) Má eiríonn agus pé uair eireoidh oifig an Chathaoirligh folamh tré éag, eirghe as, teacht fé dhí-cháilíocht, no cur as oifig don Chathaoirleach i rith a théarma oifige, déanfidh na Gnáth-Choimisinéirí, chó luath is bheidh caoi ann chuige, duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha chun beith ina Chathaoirleach agus más rud é ná toghfidh na Gnáth-Choimisinéirí éinne den tsórt san amhlaidh laistigh de ráithe tar éis oifig an Chathaoirligh d'eirghe folamh amhlaidh no má chuireann na Gnáth-Choimisinéirí in úil don Aire i scríbhinn laistigh den ráithe sin ná fuil ar a gcumas éinne den tsórt san do thogha amhlaidh, déanfidh an tAire, chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis an ráithe sin do bheith caithte no tar éis do an t-eolas san d'fháil (pe'ca aca é), duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach ar feadh iarsma an téarma oifige sin.

(5) Pé uair eireoidh oifig an Chathaoirligh folamh i gcás den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo féadfidh na Gnáth-Choimisinéirí, más oiriúnach leo é, Gnáth-Choimisinéir, no éinne eile do cheapa o am go ham chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach go dtí go ndéanfar duine do thogha no d'ainmniú fén alt so chun bheith ina Chathaoirleach.

(6) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, gach éinne a ceapfar fén alt so chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach beidh aige, faid is Cathaoirleach den tsórt san é, na cirt, na comhachta, agus na dualgaisí uile a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so ar an gCathaoirleach, agus aon Ghnáth-Choimisinéir a ceapfar amhlaidh chun bheith ina Chathaoirleach go sealadach leanfa sé de bheith i seilbh a oifige mar Ghnáth-Choimisinéir d'ainneoin an cheaptha sin.

Coimisinéirí toghtha eile seachas na céad Choimisinéirí den tsórt san do thogha.

27. —(1) Fé cheann deich lá fichead ar a mhéid no deich lá ar a laighead roimh théarma oifige Coimisineura thoghtha do bheith caithte le himeacht aimsire agus chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis oifig Choimisineura thoghtha d'eirghe folamh ar shlí eile seachas le himeacht aimsire, tabharfidh an Coimisiún do gach Banc Scair-shealbhach fógra i scríbhinn i dtaobh an fholúntais sin atá le teacht no atá tagtha in oifig an Choimisineura thoghtha san agus sa bhfógra san iarrfa sé ar an mBanc san a chur fé ndeár aon ionadaí amháin, agus gan ach aon ionadaí amháin, do theacht i láthair in am agus in áit (dá ngairmtear an t-am agus an áit cheaptha san alt so) a cheapfidh an Coimisiún agus adéarfar sa bhfógra san chun Coimisinéir toghtha do thogha chun an folúntas san do líona.

(2) Na hionadaithe uile agus fé seach do sna Bainc Scairshealbhacha (gan níos mó ná aon ionadaí amháin o gach Banc acu) a thiocfidh i láthair san am agus san áit cheaptha, déanfid ansan no laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha, do réir na Rialacha atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chun an folúntas san san oifig sin Choimisineura thoghtha do líona agus cuirfid in úil don Choimisiún láithreach, do réir na Rialacha san, ainm an té do toghadh amhlaidh.

(3) Má theipeann ar na hionadaithe sin do sna Bainc Scairshealbhacha a thiocfidh i láthair amhlaidh san am agus san áit cheaptha duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe do thogha do réir an fho-ailt sin roimhe seo chun an folúntas san san oifig sin Choimisineura thoghtha do líona no más rud é ná tiocfidh aon ionadaithe Banc Scair-shealbhacha i láthair san am agus san áit cheaptha, cuirfidh an Coimisiún an teip no an neatheacht san in úil don Aire i scríbhinn agus laistigh de dheich lá tar éis a churtha san in úil do déanfidh an tAire duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun an folúntas san do líona agus tuigfar chun gach críche gurb amhlaidh a dhin ionadaithe Banc Scair-shealbhach an té a hainmneofar amhlaidh do thogha go cuibhe agus léireofar tagairtí san Acht so do thogha Coimisineura thoghtha mar thagairtí a fholuíonn an t-ainmniú san.

(4) Más féidir duine iontoghtha oiriúnach a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'fháil imeasc stiúrthóirí na mBanc Scairshealbhach uile agus fé seach ní ainmneoidh an tAire, fén bhfo-alt san roimhe seo, éinne nách stiúrthóir ar Bhanc Scair-shealbhach agus pé scéal é ní hainmneofar amhlaidh éinne bheidh i mbuantseirbhís an Stáit.

Coimisinéirí ainmnithe eile seachas na céad Choimisinéirí den tsórt san d'ainmniú.

28. —Fé cheann deich lá fichead ar a mhéid no deich lá ar a laighead roimh théarma oifige Coimisineura ainmnithe do bheith caithte le himeacht aimsire agus chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis oifig Choimisineura ainmnithe d'eirghe folamh ar shlí eile seachas le himeacht aimsire, tabharfidh an Coimisiún don Aire fógra i scríbhinn i dtaobh an fholúntais sin atá le teacht no atá tagtha in oifig an Choimisineura ainmnithe sin agus laistigh de dheich lá tar éis do an fógra san d'fháil déanfidh an tAire duine iontoghtha a bheidh toilteanach chun gníomhuithe d'ainmniú chun an folúntas san do líona agus cuirfe sé in úil don Choimisiún ainm an té do hainmníodh amhlaidh.

Gníomh aireachtán Lundain.

29. —(1) Bunóidh an Coimisiún agus cimeádfa sé ar siúl i pé slí agus fuirm is dó leis is ceart pé oifig no brainse i Lundain is dó leis is riachtanach no oiriúnach chun feidhmeanna an Choimisiúin do chólíona, pé cuid acu is gá do réir an Achta so do chólíona i Lundain no gur ansan is dó leis an gCoimisiún is caothúla is féidir iad do chólíona.

(2) In ionad brainse no oifig den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bhunú no do chimeád ar siúl (pe'ca aca é) féadfidh an Coimisiún, aon uair agus ar feadh pé aimsir is oiriúnach leis, Banc go mbeidh oifig aige i Lundain d'fhostú chun bheith ina ghníomhaire i Lundain don Choimisiún agus feidhmeanna an Choimisiúin do chólíona mar ghníomhaire den tsórt san don Choimisiún, pé cuid acu is gá do réir an Achta so do chólíona i Lundain no gur ansan is dó leis an gCoimisiún is caothúla is féidir iad do chólíona.

(3) An oifig no an bhrainse no an gníomhaireachtán (pe'ca aca é) a bheidh á chimeád ar siúl i Lundain de thurus na huaire ag an gCoimisiún fén alt so gairmtear Gníomhaireachtán Lundain de san Acht so.

Leas-Chathaoirleach do cheapa.

30. —(1) Féadfidh an Cathaoirleach o am go ham éinne de sna Gnáth-Choimisinéirí do cheapa chun gníomhú mar Leas-Chathaoirleach le linn an Cathaoirleach do bheith as láthair go sealadach aon uair no fé mhí-chumas go sealadach tré easláinte aon uair, agus le linn na nea-láithreachta no an mhí-chumais sin beidh ag an Leas-Chathaoirleach a ceapfar amhlaidh agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé cirt, comhachta, agus dualgaisí an Chathaoirligh fén Acht so, pé cuid acu a leigfidh an Cathaoirleach chuige.

(2) Le linn Gnáth-Choimisinéir a bheidh ag gníomhú mar Leas-Chathaoirleach fén alt so do bheith ag gníomhú amhlaidh íocfar leis pé luach saothair agus liúntaisí a shocróidh an Cathaoirleach agus na Gnáth-Choimisinéirí (lasmuich den Leas-Chathaoirleach).

(3) Aon Ghnáth-Choimisinéir a bheidh ag gníomhú mar Leas-Chathaoirleach fén alt so leanfa sé i seilbh a oifige mar Ghnáth-Choimisinéir d'ainneoin é bheith ag gníomhú amhlaidh.

Oifigí agus fuireann an Choimisiúin.

31. —(1) Féadfidh an Coimisiún oifigí agus áitreabhacha eile do cheannach, do ghlaca ar léas, do thógáil no d'fháil ar shlí eile, agus do ghléasa agus do chimeád ar siúl, pé cinn agus i pé áit is do leis is gá chun a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona go cuibhe agus féadfa sé aon áitreabhacha den tsórt san nách gá chun na críche sin a thuille dar leis do dhíol no do chur ar cíos.

(2) Ceapfidh an Coimisiún rúnaí agus pé oifigigh agus seirbhísigh eile is dó leis an gCoimisiún o am go ham do bheith riachtanach chun a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona go cuibhe agus is ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha a shocróidh an Coimisiún a bheidh seilbh oifige ag gach rúnaí, oifigeach, agus seirbhíseach a ceapfar amhlaidh.

(3) Íocfar le rúnaí agus le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Choimisiúin pé tuarastail agus luach saothair a shocróidh an Coimisiún.

(4) Féadfidh an Coimisiún, le haontú an Aire, scéim do dhéanamh le n-a socrófar chun aois-liúntaisí agus liúntaisí eile no aiscí do dheona do pé cuid dá oifigigh agus dá sheirbhísigh is dó leis is ceart no chun sochair dóibh, agus féadfa sé, amach as na cistí a bheidh ar fáil fén Acht so chun íoctha costaisí an Choimisiúin, aois-liúntaisí agus liúntaisí eile no aiscí do réir na scéime sin d'íoc leis na daoine sin ar imeacht as oifig dóibh no le n-a n-ionadaithe pearsanta dlíthiúla ar fháil bháis dóibh, agus féadfidh an tAire a shocrú gur cistí puiblí na cistí sin chun crícheanna an Superannuation Act, 1892.

(5) Gach scéim a dhéanfidh an Coimisiún fén bhfo-alt san roimhe seo leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfe sé tar éis leaga na scéime sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na scéime sin ar nea-mbrí beidh an scéim sin gan brí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fúithi roimhe sin

Mionn a thabharfidh Cathaoirleach, Coimisinéirí agus oifigigh an Choimisiúin.

32. —(1) Déanfidh Cathaoirleach an Choimisiúin agus gach ball eile dhe agus gach oifigeach do, láithreach tar éis a thoghtha, a ainmnithe, no a cheaptha agus roimh thosnú dho ar ghníomhú mar Chathaoirleach, mar bhall no mar oifigeach den tsórt san, mionn do thabhairt agus do shighniú sa bhfuirm seo a leanas:—

“Mionnuím-se,                       go solamanta ná déanfad aon eolas a thiocfidh chugham ar ghnó, ar bhreacacháin, no ar leabhair aon bhainc de bhua an ionaid atá agam mar Chathaoirleach ar Choimisiún an Airgid Reatha no mar bhall de Choimisiún an Airgid Reatha no mar oifigeach do Choimisiún an Airgid Reatha do nochta ach do sna daoine sin amháin a ghníomhóidh i bhfeidhmiú an Achta Airgid Reatha, 1927 , agus i gcás ina mbeidh sé riachtanach san do nochta dhóibh chun crícheanna an Achta san.”

(2) Is i láthair Feadhmannaigh Shíochána a tabharfar an mionn a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo.

(3) Gach éinne a ghníomhóidh mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún no mar bhall eile den Choimisiún no mar oifigeach don Choimisiún sara mbeidh an mionn a horduítear le fo-alt (1) den alt so tabhartha aige, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Nós-imeachta an Choimisiúin.

33. —(1) Féadfidh an Coimisiún, le rialacha no ar aon tslí eile is oiriúnach leis, a nós-imeachta féin do rialáil.

(2) Triúr Coimisinéirí i láthair i bpearsain is quorum ag cruinniú den Choimisiún.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so féadfidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntaisí i líon a bhall.

(4) Ag aon chruinniú den Choimisiún féadfidh an Cathaoirleach. i gcás có-ionannais vótanna, vóta réitigh do thabhairt uaidh ach amháin i dtaobh éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) a fhaisnéis go bhfuil Gnáth-Choimisinéir fé dhí-cháilíocht chun bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir den tsórt san, no

(b) banc do leigint isteach chun bheith ina Bhanc Scairshealbhach, no

(c) banc do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach, no

(d) a shocrú cé méid nóta bainc có-dhlúite is mó fhéadfidh, fén Acht so, bheith amuich ar aon tslí seachas tré thabhairt amach nea-ghnáthach, no

(e) a shocrú cadé an quota no an cion de nótaí bainc códhlúite fhéadfidh, fén Acht so, bheith amuich le Banc Scair-shealbhach.

Séala an Choimisiúin.

34. —(1) Déanfidh an Coimisiún láithreach tar éis a bhunuithe séala do sholáthar do féin.

(2) Deimhneofar dílseacht shéala an Choimisiúin le sighniú Chathaoirligh an Choimisiúin no le sighniú baill éigin eile dhe 'na mbeidh údarás chuige sin aige ón gCoimisiún agus le contrashighniú an rúnaí no duine éigin eile 'na mbeidh údarás chuige sin aige ón gCoimisiún.

(3) Gach scríbhinn a thugann le tuisgint gur ordú no instruimid eile í a thug an Coimisiún amach agus go bhfuil sí séaluithe le séala an Choimisiúin agus dílseacht an tséala san deimhnithe sa tslí a foráltar leis an alt so, glacfar i bhfianaise í agus go dtí go dtaisbeánfar a mhalairt tuigfar, gan cruthúnas ar údarás ná ar shighnithe na ndaoine do shighnigh no do chontra-shighnigh í, gurb é an t-ordú no an instruimid sin í.

Cuntaisí agus breacacháin an Choimisiúin.

35. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún gach leabhar cuntais agus leabhar eile agus breacachán is ceart agus laistigh de shé mhí tar éis deire gach bliana ullamhóidh sé agus cuirfe sé chun an Ard-Scrúdóra cuntas in aghaidh na bliana san i pé fuirm a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so.

(2) Déanfidh an tArd-Scrúdóir iniúcha, deimhniú, agus tuairisciú ar gach cuntas a chuirfidh an Coimisiún chuige fén alt so agus cuirfe sé chun an Aire gach tuarasgabháil den tsórt san uaidh maraon leis an gcuntas le n-a mbaineann sí agus cuirfidh an tAire fé ndeár an céanna do chur fé bhráid Dháil Éireann chó luath is bheidh caoi ann chuige.

(3) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, rialacháin do dhéanamh ag ordú fuirme na gcuntaisí a ullamhóidh an Coimisiún fén alt so.

(4) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar fé bhráid Dháil Éireann é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfe sí tar éis leaga an rialacháin sin fé n-a bráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san gan brí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fé roimhe sin.

Tuarasgabhála agus cuntaisí ón gCoimisiún.

36. —(1) Laistigh de shé mhí tar éis deire gach bliana ullamhóidh an Coimisiún agus cuirfe sé chun an tAire tuarasgabháil ar a imeachta i rith na bliana san agus tíolaicfidh an tAire gach tuarasgabháil den tsórt san do gach Tigh den Oireachtas láithreach tar éis í fháil do.

(2) Tabharfidh an Coimisiún don Aire, chun a bhfoillsithe san Iris Oifigiúil, pé cuntaisí tréimhsiúla ar ghnó an Choimisiúin a ordóidh an tAire o am go ham.

Bancaerí do thabhairt eolais don Choimisiún.

37. —(1) Féadfidh an Coimisiún a éileamh ar éinne a bheidh ag déanamh gnótha bhancaera i Saorstát Éireann (pe'ca mar ghnó aonair no i dteanta gnótha eile é) pé eolas do thabhairt don Choimisiún ar an ngnó bancaerachta san aige is dó leis an gCoimisiún is gá no is maith chun a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona go cuibhe.

(2) Féadfidh an Coimisiún a éileamh ar aon bhanc a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so no a bheidh ina Bhanc Scair-shealbhach de thurus na huaire cé ná luaidhtear amhlaidh é no ar aon bhanc ag a mbeidh smacht-leas in aon bhanc den tsórt san no ina mbeidh smacht-leas ag aon bhanc den tsórt san caoi do thabhairt don Chathaoirleach, no do bhuanoifigeach don Choimisiún 'na mbeidh údarás speisialta i scríbhinn aige ón gCathaoirleach chuige sin, chun teacht ar leabhair agus ar bhreacacháin an bhainc ar a ndéanfar an t-éileamh san, pé caoi is dó leis an gCoimisiún is gá no is maith chun a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona go cuibhe.

(3) Gach éinne ar a dteipfidh, laistigh den aimsir a cheapfidh an Coimisiún chuige sin, aon eolas do thabhairt don Choimisiún a éileoidh an Coimisiún go dleathach air fén alt so agus gach banc ar a dteipfidh, laistigh den aimsir a cheapfidh an Coimisiún chuige sin, aon chaoi a éileoidh an Coimisiún go dleathach air fén alt so do thabhairt don Chathaoirleach no d'oifigeach den tsórt san roimhráite chun teacht ar leabhair no ar bhreacacháin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air in aghaidh gach lá a mhairfidh an teip sin.

(4) Aon eolas a gheobhaidh an Cathaoirleach no oifigeach don Choimisiún ar ghnó bhainc tré fheidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an Acht so chun caoi chun teacht ar leabhair no ar bhreacacháin do bheith aige no chun a n-iniúchta, ní dhéanfidh an Cathaoirleach ná an t-oifigeach san é do thabhairt d'aon Ghnáth-Choimisinéir in aon fhuirm ina bhféadfí an t-eolas san d'aithint mar eolas ar dheighleála an bhainc sin le haon chustuiméir áirithe no le héinne eile.

An Coimisiún do thabhairt amach agus d'athcheannach monaí fén Acht Coighneála, 1926 .

38. —(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, pé socruithe is dó leis is ceart do dhéanamh chun a chur ar chumas an Choimisiúin pé méid a theastóidh ó aon bhanc de sna monaí do sholáthruigh an tAire fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , do thabhairt amach thar a cheann don bhanc san agus chun a chur ar chumas an Choimisiúin monaí do thug an tAire amach fén Acht san no do thug an Coimisiún amach thar a cheann fén alt so d'athcheannach.

(2) Gach airgead a gheobhaidh an Coimisiún ar mhonaí a thabharfa sé amach thar ceann an Aire fén alt so béarfar é chun an chiste ghenerálta mar thaisce in ainm an Aire no in ainm an Choimisiúin thar ceann an Aire.

(3) Féadfidh an tAire, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, gach suim do roimh-íoc a theastóidh no a measfar a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun monaí d'athcheannach fén alt so.

CUID IV.

Bainc Scair-shealbhacha.

Na céad Bhainc Scair-sheablhacha do leigint isteach.

39. —Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so cuirfidh an tAire chun gach Bainc dá luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so fuirm iarratais ar é leigint isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha, agus laistigh de mhí tar éis an fhuirm sin do bheith curtha chuige amhlaidh féadfidh aon Bhanc den tsórt san iarratas, ar an bhfuirm sin, do chur chun an Aire ar é leigint isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha, agus gach Banc den tsórt san a chuirfidh an t-iarratas san chun an Aire amhlaidh agus a íocfidh leis an Aire san am gcéanna ar iontaobhas don Choimisiún suim míle punt ar cuntas a fhiachais chaipitiúla tuigfar láithreach é bheith leigthe isteach chun bheith agus beidh sé ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha agus beidh sé ina Bhanc Scair-shealbhach, leis, chun crícheanna an Achta so.

Bainc Scairshealbhacha do leigint isteach tar éis na gcéad Bhanc den tsórt san.

40. —(1) Féadfidh aon Bhanc a iarraidh ar an gCoimisiún aon uair tar éis bunú an Choimisiúin go leigfí isteach é chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach agus féadfidh an Coimisiún más rogha leis féin é géille no diúltú do ghéille don iarratas san ach ní géillfar d'aon iarratas den tsórt san laistigh de chúig bliana tar éis bunú an Choimisiúin ach le vóta d'aon aonta an Choimisiúin.

(2) Pé uair a ghéillfidh an Coimisiún d'iarratas o Bhanc ar é leigint isteach chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach tiocfidh an Banc san chun bheith agus beidh sé ina Bhanc Scairshealbhach chun crícheanna an Achta so ar an dáta agus ón dáta ar a ngéillfar don iarratas san.

(3) Féadfidh an Coimisiún a éileamh ar Bhanc a bheidh á iarraidh fén alt so go leigfí isteach é chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach eolas ar a ghnó do thabhairt don Choimisiún agus leigint don Chathaoirleach no do bhuan-oifigeach don Choimisiún 'na mbeidh údarás speisialta i scríbhinn aige ón gCathaoirleach chuige sin iniúcha do dhéanamh ar a chuid leabhar, pé eolas agus iniúcha a chífar don Choimisiún is gá chun an Coimisiún do bhreithniú an iarratais sin go cuibhe.

Banc Scairshealbhach do chur as bheith ina Bhanc den tsórt san.

41. —(1) Féadfidh an Coimisiún, más rogha leis féin é, aon Bhanc Scair-shealbhach do chur as bheith ina Bhanc Scairshealbhach ar aon scór dá luaidhtear go soiléir leis an Acht so no le vóta d'aon aonta ar aon scór eile a chífar don Choimisiún is leor.

(2) Féadfidh aon Bhanc Scair-shealbhach aon uair a iarraidh ar an gCoimisiún é do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach agus pé uair a dhéanfidh Banc Scair-shealbhach an t-iarratas san amhlaidh, déanfidh an Coimisiún láithreach an Banc san do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach.

(3) Pé uair a dhéanfidh an Coimisiún fén alt so Banc Scairshealbhach do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach scuirfidh an Banc san láithreach de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach chun crícheanna an Achta so, ach ní dhéanfidh an cur-as san an Banc san do chimeád gan leigint isteach ina dhiaidh sin fén Acht so chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach ná ní thógfa sé den Bhanc san an oblagáid a bheidh air suim gach nóta bhainc chódhlúite a bheidh amuich aige le linn an chur-as san d'íoc ar a thíolaca go cuibhe, ná ón oblagáid a bheidh air íocaíochtaí do dhéanamh ar nótaí bainc có-dhlúite in aghaidh nótaí bainc có-dhlúithe a bheidh amuich aige pe'ca roimh an cur-as san é no dá eis sin.

(4) Ach amháin nuair a cuirfar amach Banc Scair-shealbhach ar a iarratas féin, ní dhéanfidh an Coimisiún fén alt so Banc Scair-shealbhach do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach gan caoi réasúnta do thabhairt don Bhanc san ar éisteacht d'fháil.

(5) Ní dhéanfidh aon Ghnáth-Choimisinéir vóta do thabhairt i dtaobh Banc Scair-shealbhach ar a mbeidh sé ina stiúrthóir no ag a mbeidh sé ar fostú do chur amach fén alt so ná ní thógfa sé aon pháirt sa ní sin ar aon tslí eile.

Cláir de scaireánaigh Bhanc Scairshealbhach.

42. —(1) San alt so cialluíonn an focal “clár áitiúil” clár de pé daoine, de scaireánaigh an Bhainc go n-úsáidtear an focal ina thaobh, a chomhnuíonn i Saorstát Éireann, maraon le pé mion innste ar na scaireánaigh sin a luaidhtear in alt 25 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

(2) Gach Banc a bheidh ionchorparuithe in áit lasmuich de Shaorstát Éireann agus a leigfar isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha agus ná beidh clár áitiúil á chimeád aige i Saorstát Éireann le linn bunú an Choimisiúin, cuirfe sé clár áitiúil ar bun i Saorstát Éireann laistigh de ráithe tar éis an bhunuithe sin no laistigh de pé tréimhse is sia ná san agus a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus má theipeann ar aon Bhanc den tsórt san a leithéid sin de chlár do chur ar bun amhlaidh beidh san ina scór chun an Banc san do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach.

(3) Aon Bhanc a bheidh ionchorparuithe in áit lasmuich de Shaorstát Éireann ní leigfar isteach é tar éis bunú an Choimisiúin chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach mara mbeidh clár áitiúil á chimeád aige i Saorstát Éireann le linn an leigthe isteach san.

(4) Má scuireann Banc Scair-shealbhach a bheidh ionchorparuithe in áit lasmuich de Shaorstát Éireann de chlár áitiúil do chimeád i Saorstát Éireann, beidh an scur san ina scór chun an Banc san do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach.

(5) Pé uair a dhéanfidh Banc Scair-shealbhach do réir an ailt seo clár áitiúil do bhunú, tabharfidh an Banc san do Chlárathóir na gCuideachtan láithreach cóip den chlár san agus cuntas ceangailte dhi ar na háiteanna uile agus fé seach i Saorstát Éireann ina mbeidh sé ag déanamh gnótha an uair sin.

(6) Gach Banc Scair-shealbhach a bheidh ag cimeád cláir áitiúla do réir an ailt seo, tabharfa sé do Chlárathóir na gCuideachtan i ngach mí Eanair faid a bheidh sé ag cimeád an chláir sin amhlaidh cóip den chlár san mar a bhí sé an chéad lá den mhí sin agus cuntas ceangailte dhi ar na háiteanna uile agus fé seach i Saorstát Éireann in ar dhin sé gnó an chéad lá san den mhí sin, agus aon Bhanc Scair-Shealbhach a thabharfidh do Chlárathóir na gCuideachtan in aon mhí Eanair do réir an fho-ailt seo an chóip sin den chlár san agus an ráiteas san ceangailte dhi beidh sé ar n-a dhéanamh san do gan a bheith air an cuntas do thabhairt a ceangailtear air le halt 6 den Bankers (Ireland) Act, 1825, do thabhairt roimh an chéad 25adh lá de Mhárta a bheidh chughainn an uair sin, agus gan a bheith air an cuntas do thabhairt a ceangailtear air le halt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845, do thabhairt sa mhí Eanair sin.

Rialacháin an Choimisiúin maidir le Bainc Scairshealbhacha.

43. —(1) Féadfidh an Coimisiún pé rialacháin is dó leis is ceart do dhéanamh i dtaobh—

(a) Bainc Scair-shealbhacha d'fheidhmiú a gceart agus a gcomhacht fén Acht so maidir le nótaí dlí-thairgthe agus le nótaí bainc co-dhlúite, agus

(b) Bainc Scair-shealbhacha do dhéanamh nótaí dlí-thairgthe agus nótaí bainc có-dhlúite do chur í gcúrsaíocht agus do tharrac siar o bheith i gcúrsaíocht, agus Bainc Scairshealbhacha do choinneáil nótaí den tsórt san ina gcuid boghtainí agus tileanna, agus

(c) Bainc Scair-shealbhacha d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna go generálta maidir le cúrsaíocht airgid reatha, agus

(d) na cuntaisí a thabharfidh Bainc Scair-shealbhacha don Choimisiún go tréimhsiúil ar nótaí dlí-thairgthe, ar nótaí bainc có-dhlúite, ar mhonaí, agus ar shaghsanna eile airgid reatha.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach Banc Scair-shealbhach na rialacháin a dhéanfidh an Coimisiún fén alt so d'fhorchimeád agus do chólíona agus aon tsárú (pe'ca le gníomh no le faillí é) a dhéanfidh Banc Scair-shealbhach ar aon rialachán acu san beidh sé ina scór chun an Banc san do chur as bheith ina Bhanc Scairshealbhach.

Rialacháin an Aire maidir le Bainc Scairshealbhacha.

44. —(1) Feadfidh an tAire, le haontú d'aon aonta an Choimisiúin, rialacháin do dhéanamh ag ordú na n-am agus na n-eadar-am agus na fuirme ina bhfoillseoidh Bainc Scairshealbhacha a gcuntaisí cothromaíochta fé seach.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach Banc Scair-shealbhach na rialacháin a déanfar fén alt so d'fhorchimeád agus do chólíona agus aon tsárú (pe'ca le gníomh no le faillí é) a dhéanfidh Banc Scair-shealbhach ar aon rialachán acu san beidh sé ina scór chun an Banc san do chur as bheith ina Bhanc Scair-shealbhach.

CUID V.

Notai Dli-Thairgthe.

Nótaí dlíthairgthe do sholáthar.

45. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisiún nótaí dá ngairmfar, agus dá ngairmtear san Acht so, nótaí dlí-thairgthe, do sholáthar agus do thabhairt amach do réir an Achta so ar na suimeanna so a leanas, eadhon, deich scillinge, punt, cúig púint, deich bpúint, fiche punt, caoga punt, agus céad punt, agus rithfidh na nótaí dlí-thairgthe sin i Saorstát Éireann sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina mbeidh agus chó hiomlán agus bheidh monaí óir a tabharfar amach fé Chuid II. den Acht so ag rith nuair a bheid tabhartha amach amhlaidh agus beid ina ndlíthairisgint i Saorstát Éireann chun aon tsuim d'íoc.

(2) Beidh gach nóta dlí-thairgthe i pé fuirm agus do réir pé tuise agus pátrúin agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipeur agus fé pé uimhir agus a dhílseacht deimhnithe ar pé slí a ordóidh an Coimisiún le cead an Aire Airgid.

Baint achtachán áirithe.

46. —Tuigfar nótaí dlí-thairgthe a tabharfar amach fén Acht so do bheith ina nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, agus do réir bhrí aon achtacháin eile a bhaineann le ciontaí i dtaobh nótaí bhainc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann agus iad do bheith ina n-urrúis luachmhara do réir bhrí an Larceny Act, 1861, an Larceny Act, 1916, agus aon dlí eile a bhaineann le gadaíocht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann agus iad do bheith ina monaí reatha le Saorstát Éireann chun críche na nAcht a bhaineann le malairtiú earraí agus chun críche aon achtacháin eile den tsórt chéanna.

Nótaí dlíthairgthe do thabhairt amach.

47. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an Coimisiún ullamh chun nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach déanfidh an Coimisiún, tré fhógra i scríbhinn a cuirfar chun gach Bainc Scair-shealbhaigh agus a foillseofar san Iris Oifigiúil, lá do cheapa (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) chun é do thosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach do réir an Achta so, lá nách luatha ná ceithre lá déag tar éis cur amach agus foillsiú an fhógra san.

(2) Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh éinne, ar an lá ceaptha no ina dhiaidh, nótaí dlí-thairgthe d'iarraidh ar an gCoimisiún san áit i mBaile Atha Cliath a bheidh ceaptha ag an gCoimisiún chuige sin, agus céad únsa ar a laighead in éineacht de bhuilleon óir, mar a mínítear leis an Acht so é, no monaí óir (dá ngairmtear monaí óir Saorstátacha san alt so) a bheidh, de thurus na huaire, ina ndlí-thairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta, no airgead (dá ngairmtear airgead Briotáineach san alt so) in aon fhuirm a bheidh, de thurus na huaire, ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta, do sheachada don Choimisiún san áit sin agus do réir na rialachán a bheidh déanta ag an gCoimisiún chuige sin, tabharfidh an Coimisiún amach don duine sin nótaí dlíthairgthe is có-mhéid (fé mar a bheidh) leis an méid is fiú fén alt so an builleon óir no le méid ainmniúil na monaí óir Saorstátacha no le méid ainmniúil an airgid Bhriotáinigh a sheachadfidh an duine sin don Choimisiún amhlaidh.

(3) Go dtí go mbeidh alt 5 den Acht so (alt a bhaineann le coighneáil o bhuilleon óir ar iarratas) tagtha i ngníomh beidh sé dleathach don Choimisiún, más oiriúnach leis é, diúltú do sheachada aon bhuilleoin óir a tairgfar do fén alt so do ghlaca.

(4) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i mBaile Atha Cliath don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí mar mhalairt ar aon mhéid de mhonaí óir Saorstátacha no d'airgead Bhriotáineach is có-ionann go hainmniúil leo.

(5) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i mBaile Atha Cliath d'aon Bhanc Scair-shealbhach no don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí—

(a) in aghaidh banc-tharraic is iníoctha ar a fheiscint i Lundain agus le n-a mbeidh an Coimisiún sásta agus is có-mhéid go hainmniúil le méid na nótaí dlí-thairgthe a tabharfar amach amhlaidh, no

(b) in aghaidh urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh le n-a mbeidh an Coimisiún sásta d'aistriú chun an Choimisiúin chun cuntais chiste na nótaí dlí-thairgthe, pé méid díobh is dó leis an gCoimisiún is có-ionann luach do réir praghas margaidh na linne leis an méid nótaí dlíthairgthe a tabharfar amach amhlaidh.

(6) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i nGníomhaireachtán Lundain d'éinne no don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí mar mhalairt ar a gcó-mhéid ainmniúil d'airgead Bhriotáineach.

(7) Féadfidh an Coimisiún, aon uair tar éis an lae ceaptha, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach d'éinne, do réir rialachán a bheidh déanta ag an gCoimisiún, mar mhalairt ar a gcó-mhéid de nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach roimhe sin fén Acht so.

(8) Aon bhuilleon óir a seachadfar don Choimisiún fén alt so agus ina mbeidh an riail-fhíneáltacht is do réir 123.27447 de ghráinneacha den bhuilleon san in aghaidh an phúint Shaorstátaigh a luachálfar é chun crícheanna an ailt seo agus aon bhuilleon óir a seachadfar amhlaidh agus ina mbeidh fíneáltacht is aoirde no is ísle ná an riail-fhíneáltacht is do réir pé ráta níos aoirde no níos ísle (pe'ca aca é) a bheidh cothromúil leis an oirde no leis an ísleacht fhíneáltachta san a luachálfar é amhlaidh.

(9) Aon bhuilleon óir a tairgfar don Choimisiún mar sheachada chun críche an ailt seo agus ina mbeidh fíneáltacht de shaghas gur dó leis an gCoimisiún no leis an Aire nách féidir é do thabhairt chun na riail-fhíneáltachta gan roinnt éigin de do ghlana, féadfidh an Coimisiún diúltú don tseachada san do ghlaca, agus má ghlacann an Coimisiún le haon bhuilleon den tsórt san amhlaidh féadfa sé pé éileamh is dó leis is ceart d'éileamh in aghaidh costais an bhuilleoin sin do ghlana.

(10) Pé uair a dhéanfidh an Coimisiún, tar éis teacht i ngníomh d'alt 5 den Acht so (alt a bhaineann le builleon óir do choighneáil ar iarratas), nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach fén alt so ar aon tslí seachas mar mhalairt ar mhonaí óir Saorstátacha no ar nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach roimhe sin, féadfidh an Coimisiún a cheangal ar an té no ar an gciste dá dtabharfar amach na nótaí dlí-thairgthe sin amhlaidh éileamh d'íoc ortha leis an gCoimisiún a bheidh ar có-réir leis an éileamh ar son coighneála a bheidh á dheanamh ag an Aire de thurus na huaire fén alt san 5, pé éileamh is dó leis an gCoimisiún is ceart.

(11) Gach suim de nótaí dlí-thairgthe a thabharfidh an Coimisiún amach fén alt so tabharfar amach amhlaidh í i pé saghsanna nótaí díobh san a húdaruítear leis an Acht so a luadhfidh an té dá dtabharfar amach na nótaí sin amhlaidh.

Nótaí dlíthairgthe do ghlaoch isteach.

48. —Fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis maidir le ham, áit, slí, agus ordú tíolaicthe, féadfidh an Coimisiún aon nótaí dlíthairgthe do tugadh amach fén Acht so do ghlaoch isteach ar na téarmaí go n-íocfar as na nótaí sin, ar a dtíolaice, do réir a n-aghaluacha i monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlíthairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna neatheoranta no in airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna neatheoranta no i nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach fén Acht so no, más toil san leis an té bheidh ag tíolaice na nótaí sin, tré tharrac ar Lundain.

Nótaí dlíthairgthe d'athcheannach.

49. —(1) Beidh gach nóta dlí-thairgthe iníoctha ag an gCoimisiún ar a thíolaice i nGníomhaireachtán Lundain agus is in airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlíthairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta a bheidh sé iníoctha amhlaidh.

(2) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach agus sa mhéid gur oiriúnach leis é, aon nótaí dlíthairgthe a tíolaicfar do chun a n-athcheannuithe san áit i mBaile Atha Cliath a bheidh ceaptha chuige sin ag an gCoimisiún d'athcheannach i mBaile Atha Cliath le monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta no le hairgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta no, más toil san leis an té bheidh ag tíolaice na nótaí, tré tharrac ar Lundain.

(3) Féadfidh an Coimisiún diúltú d'aon nóta dlí-thairgthe d'athcheannach a bheidh chó caithte no chó damáistithe nách féidir dar leis an gCoimisiún é d'aithint mar nóta dlí-thairgthe áirithe no nách leor dar leis an gCoimisiún an chuid den nóta san a bheidh le fáil chun a fhágaint nárbh fhéidir an chuid eile den nóta san d'athcheannach ar ócáid eile.

(4) Féadfidh an Coimisiún, le rialachán no ar aon tslí eile, pé socruithe is dó leis is ceart do dhéanamh chun go ndéanfadh sé féin no chun go ndéanfí thar a cheann pé nótaí dlí-thairgthe athcheannuithe, nách ceart, dar leis, do chimeád chun a n-ath-thabhartha amach, do chur ar nea-mbrí agus do dhíthiú.

Airgead do sholáthar chun nótaí dlíthairgthe d'athcheannach.

50. —(1) Gach airgead is gá chun go n-athcheannódh an Coimisiún nótaí dlí-thairgthe (pe'ca i nGníomhaireachtán Lundain no i mBaile Atha Cliath é) do réir an Achta so, soláthróidh an Coimisiún é amach as eiste na nótaí dlí-thairgthe, agus, maran leor an ciste sin, amach as cúl-chiste na nótaí, agus, maran leor an ciste deiridh sin a luaidhtear, amach as airgead a roimh-íocfar fén alt so leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste.

(2) Pé uair nách leor, no a bheidh coinne ag an gCoimisiún leis nách leor san am a bheidh le teacht go geairid ina dhiaidh sin, ciste na nótaí dlí-thairgthe agus cúl-chiste na nótaí chun an t-airgead do sholáthar is gá chun go n-athcheannódh an Coimisiún nótaí dlí-thairgthe do réir an Achta so, deimhneoidh an Coimisiún don Aire an nea-dhóthanacht san do bheith ann no coinne do bheith léi (pe'ca aca é) agus fós an tsuim is gá don Choimisiún chun athcheannach do dhéanamh do réir an Achta so ar gach nóta dlí-thairgthe den tsórt san is deabharthach, dar leis an gCoimisiún, a tíolaicfar chun a athcheannuithe amhlaidh san am a bheidh le teacht go geairid ina dhiaidh sin, agus ar fháil an deimhnithe sin do déanfidh an tAire an tsuim a bheidh deimhnithe amhlaidh ag an gCoimisiún do roimh-íoc láithreach leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

(3) Gach suim a roimh-íocfar leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste fén alt so aisíocfidh an Coimisiún leis an Stát-Chiste é, gan ús air, amach as an gcéad airgead a bheidh i gcreidiúint do chúl-chiste na nótaí.

(4) Aon íoc a déanfar fén Acht so (ach amháin íoc i nótaí dlí-thairgthe) ar thíolaice nótaí dlí-thairgthe do glaodhadh isteach tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur athcheannach ar na nótaí dlí-thairgthe sin é.

CUID VI.

Notai Bainc Co-dhluite.

Nótaí bainc có-dhlúite do sholáthar.

51. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisiún nótaí bainc dá ngairmfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “nótaí bainc códhlúite” do sholáthar agus do thabhairt amach do sna Bainc Scair-shealbhacha do réir an Achta so.

(2) Beidh gach nóta bainc có-dhlúite i suim éigin acu so a leanas, sé sin le rá, punt, cúig púint, deich bpúint, fiche punt, caoga punt, agus céad punt.

(3) Beidh gach nóta bainc có-dhlúite i pé fuirm agus do réir pé tuise agus pátrúin agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipeur agus fé pé uimhir agus a dhílseacht deimhnithe ar pé slí a ordóidh an Coimisiún.

(4) Tuigfar nótaí bainc có-dhlúite do bheith ina nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, agus do réir bhrí aon achtacháin eile a bhaineann le ciontaí i dtaobh nótaí bainc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann, agus iad do bheith ina n-urrúis luachmhara do réir bhrí an Larceny Act, 1861, an Larceny Act, 1916, agus aon dlí eile a bhaineann le gadaíocht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann.

Nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach.

52. —(1) Fé réir na dteorann agus na gcoiníoll a luaidhtear san Acht so agus fé réir forálacha an ailt seo do chóliona féadfidh an Coimisiún nótaí bainc có-dhluite sna suimeanna a húdaruítear leis an Acht so do thabhairt amach d'aon Bhanc Scair-shealbhach, pé méid agus pé suimeanna a iarrfidh an Banc san o am go ham.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich aon uair le Banc Scair-shealbhach (ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí) thar méid iomlán na roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc an Banc san le daoine i Saorstát Éireann agus a cruthófar chun sástacht an Choimisiúin a bheith ar bith an uair sin.

(3) Is sa tslí a ordóidh no a cheadóidh an Coimisiún a thabharfidh Banc Scair-shealbhach don Choimisiún cruthúnas chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo ar roimh-íocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc an Banc san le daoine i Saorstát Éireann do bheith ar bith agus chun crícheanna an chruthúnais sin féadfidh Cathaoirleach an Choimisiúin, no buan-oifigeach don Choimisiún 'na mbeidh údarás speisialta chuige sin aige i scríbhinn ón gCathaoirleach, iniúcha do dhéanamh ar na leabhair agus ar na scríbhinní de chuid an Bhainc sin a bhaineann leis an scéal.

(4) Féadfidh an Coimisiún a chur ar aon Bhanc Scair-shealbhach urrús do thabhairt don Choimisiún, i pé méid a ordóidh an Coimisiún, ar nótaí bainc có-dhlúite a tugadh amach roimhe sin no a tabharfar amach ina dhiaidh sin don Bhanc san, tré shóemhainní leis an mBanc san le n-a mbeidh an Coimisiún sásta d'aistriú (mar urrús amháin agus ní har fad) don Choimisiún, no tré mhuirear, i bhfabhar don Choimisiún, ar shóemhainní leis an mBanc san, pé muirear agus pé sócmhainní le n-a mbeidh an Coimisiún sásta.

(5) An Coimisiún do ghlaca urrúis o Bhanc Scair-shealbhach fén alt so ar nótaí bainc có-dhlúite a tugadh no a tabharfar amach don Bhanc san, ní dhéanfa sé dochar ná deifir don fhiachas a bheidh ar an mBanc san fén Acht so maidir leis na nótaí bainc có-dhlúite sin ná do sna cirt a bheidh fén Acht so ag an gCoimisiún maidir leis na nótaí bainc có-dhlúite sin ná ag sealbhóir aon nóta den tsórt san.

(6) Déanfar tagairtí san Acht so do nótaí bainc có-dhlúite amuich le Banc Scair-shealbhach do léiriú mar nithe a thagrann do gach nóta bainc có-dhlúite agus a fholuíonn gach nóta bainc có-dhlúite a bheidh, san am le n-a mbaineann an tagairt, tabhartha amach ag an gCoimisiún don Bhanc Scair-shealbhach san agus ná beidh tabhartha thar n-ais don Choimisiún le cur ar ceal.

Teora leis an méid nótaí bainc có-dhlúite.

53. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “teora mhaximum” an méid nótaí bainc có-dhlúite is mó a fhéadfidh, fén Acht so, bheith amuich, ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí a dineadh fén Acht so, san am go n-úsáidtear an focal ina thaobh agus cialluíonn an focal “tréimhse thosaigh” an tréimhse de dhá bhliain ón 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhomhair, pe'ca aca is túisce thiocfidh tar éis an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach.

(2) Déanfidh an Coimisiún pé nithe is oiriúnach leis, tríd an tabhairt-amach do shriana no ar shlí eile, chun a chur in áirithe gan an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair, lasmuich de nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí a dineadh fén Acht so, do dhul thar an méid a bheidh ceaptha leis an alt so, no fé, mar theora mhaximum i gcóir na huaire sin.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so, isé a bheidh mar theora mhaximum i rith na tréimhse tosaigh ná sé milleoin punt.

(4) Le linn dul in éag no laistigh de mhí roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus do gach tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin breithneoidh an Coimisiún an teora mhaximum agus féadfa sé, le vóta d'aon aonta ar dhéanamh an bhreithnithe sin le linn dul in éag no roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus le vóta móráirimh ar dhéanamh an bhreithnithe sin le linn dul in éag no roimh dhul in éag d'aon tréimhse trí mblian, pé méid is dó leis is ceart do shocrú mar theora mhaximum ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimh-íocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar shócmhainní eile agus ar fhiachaisí de chuid na mBanc Scair-shealbhach agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal, agus má dhineann an Coimisiún ar ócáid aon bhreithnithe den tsórt san an teora mhaximum do shocrú amhlaidh, isí an teora san a bheidh mar theora mhaximum ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin, agus mara socruighidh an Coimisiún an teora mhaximum amhlaidh le linn dul in éag no roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh, isé bheidh mar theora mhaximum ar feadh na céad tréimhse trí mblian ná sé milleoin punt agus, mara socruighidh an Coimisiún an teora mhaximum amhlaidh le linn dul in éag no roimh dhul in éag d'aon tréimhse trí mblian, isí bheidh mar theora mhaximum ar feadh na tréimhse trí mblian a bheidh le teacht an uair sin ná an teora mhaximum a bhí ann ar feadh na tréimhse trí mblian a bheidh ag dul in éag an uair sin.

(5) Más rud é nách lú ná sé milleoin punt an méid meánach de nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich ar feadh aon leath-bhliana a raghaidh in éag i rith na tréimhse tosaigh féadfidh an Coimisiún, le vóta cúigear ar a laighead dá bhaill agus más oiriúnach leis é pé méid is dó leis is ceart do shocrú mar theora mhaximum ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimh-iocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal agus má socruítear agus pé uair a socrófar an teora mhaximum amhlaidh isí an teora san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum go dtí go mbeidh an tréimhse thosaigh caithte no go dtí go socrófar teora mhaximum fén gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo, pe'ca aca is túisce thárlóidh.

(6) Más rud é nách mó ná ceithre milleoin punt an méid meánach de nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich i rith aon leathbhliana maraon leis an méid meánach de mhonaí óir a bheidh ma ndlí-thairisgint de thurus na huaire fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta agus a mheasfidh an Coimisiún do bheith i gcúrsaíocht no ar seilbh ag bancaerí i Saorstát Éireann i rith na leath-bhliana san, féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é, i rith na leath-bhliana ina dhiaidh sin, suim milleoin punt sa bhreis ar iomlán an mhéide mheánaigh sin do shocrú mar theora mhaximum agus má socruítear agus pé uair a socrófar an teora mhaximum amhlaidh, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so contrárdha dho san, isí an teora san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum go dtí go socróidh an Coimisiún teora mhaximum eile fén gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo.

(7) Pé uair a shocróidh an Coimisiún teora mhaximum fén bhfo-alt san roimhe seo, féadfidh an Coimisiún aon uair ina dhiaidh sin an teora mhaximum san do chur i leataoibh agus má cuirtar an teora mhaximum san i leataoibh amhlaidh i rith na tréimhse tosaigh socróidh an Coimisiún láithreach sé milleoin punt mar theora mhaximum agus más tar éis na tréimhse tosaigh a cuirfar i leataoibh amhlaidh an teora mhaximum a céad-luaidhtear socróidh an Coimisiún láithreach mar theora mhaximum pé méid is dó leis is ceart ag cuimhneamh do ar an méid iomlán de roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta d'íoc Bainc Scair-shealbhacha le daoine i Saorstát Éireann agus a bheidh ar bith an uair sin agus ar shócmhainní eile agus ar fhiachaisí de chuid na mBanc Scair-shealbhach agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal, agus pé uair a shocróidh an Coimisiún teora mhaximum fén bhfo-alt so isí an teora mhaximum san a bheidh agus leanfa sí de bheith mar theora mhaximum ar feadh iarsma na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian (pe'ca aca é) a bheidh ag rith an uair sin.

(8) Ní dhéanfidh an Coimisiún aon uair suim is mó ná sé milleoin punt do shocrú mar theora mhaximum gan toiliú roimh ré ón Aire.

(9) Más sia ná ráithe an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce thiocfidh, tuigfar chun críche an ailt seo gur leath-bhliain an tréimhse sin, agus más rud é nách sia ná ráithe an tréimhse sin tuigfar chun críche an ailt seo gur leath-bhliain an tréimhse sin agus an chéad leath-bhliain ina dhiaidh sin le chéile.

Nótaí bainc có-dhlúite do roinnt ar Bhainc Scairshealbhacha.

54. —(1) Déanfidh an Coimisiún pé nithe is dó leis is ceart chun a chur in áirithe gan an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich le haon Bhanc Scair-shealbhach áirithe in éineacht aon uair, ar aon tslí eile seachas de bharr tabhartha-amach neaghnáthaí, do dhul thar an quota no thar an gcion, den teorainn mhaximum, a bheidh ceaptha don Bhanc san an uair sin fén alt so.

(2) Más rud é agus faid ná beidh aon Bhanc ina Bhanc Scairshealbhach ach na Bainc a hainmnítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus pe'ca na Bainc sin uile a bheidh ina mBainc Scair-shealbhacha no roinnt acu amháin, isé bheidh mar quota do gach Banc Scair-shealbhach mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt fén alt so ná cion a bheidh do réir an chothruim atá idir an tsuim a luaidhtear sa Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc sin agus suim sé milleon punt.

(3) Le linn dul in éag no laistigh de mhí roimh dhul in éag don tréimhse thosaigh agus do gach tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin breithneoidh an Coimisiún quotaí na mBanc Scairshealbhach uile agus fé seach agus féadfa sé méid gach quota no aon quota acu san d'atharú (maraon le quota Bainc do tháinig chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian a bheidh ag dul in éag an uair sin do cheapa agus an quota ba le Banc do scuir de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian san do roinnt) i pé slí is dó leis an gCoimisiún is ceart ag cuimhneamh do ar mhéid chompráideach roimhíocanna dea-urruithe so-shóinseálta gach Bainc Scair-shealbhaigh fé leith agus ar aon chó-nasca, deighilt, aistriú, no atharú eile do thárla imeasc na mBanc Scair-shealbhach, agus ar pé nithe eile is dó leis a bhaineann leis an scéal agus isé an quota a cheapfidh an Coimisiún ar aon ócáid den tsórt san d'aon Bhanc Scair-shealbhach a bheidh mar quota don Bhanc san ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin agus más rud é, ar aon ócáid den tsórt san, ná hatharóidh an Coimisiún quota aon Bhainc Scair-shealbhaigh isé bheidh mar quota don Bhanc san ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin ná an quota do bhí aige ar feadh na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian roimhe sin.

(4) Pé uair tar éis bunú an Choimisiúin a thiocfidh Banc chun bheith ina Bhanc Scair-shealbhach ní tabharfar amach aon nótaí bainc có-dhlúite don Bhanc san i rith iarsma na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian a bheidh ag rith an uair sin.

(5) Pé uair a thárlóidh aon chó-nasca, deighilt, aistriú, no atharú eile imeasc na mBanc Scair-shealbhach déanfidh an Coimisiún pé ceartú (más ann do) is dó leis an gCoimisiún is gá sa chás ar quotaí na mBanc le n-a mbaineann an t-atharú san no dá ndineann sé deifir.

Tabhartha-amach neaghnáthacha nótaí bainc có-dhlúite.

55. —Pé uair a bheidh Banc Scair-shealbhach, ar aon chúis, gan bheith ábalta go sealadach ar na forálacha den Acht so do chólíona a bhaineann le nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do no le nótaí den tsórt san do bheith amuich aige agus fós pé uair a bheidh iomlán a quota amuich ag Banc Scairshealbhach agus a theastóidh tabhairt-amach eile de nótaí bainc có-dhlúite uaidh go sealadach, féadfidh an Coimisiún más oiriúnach leis é, le vóta d'aon aonta agus le toiliú an Aire, tabhairt-amach nea-ghnáthach de nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach don Bhanc san ach beidh an tabhairt-amach nea-ghnáthach san fé réir na gcioníoll a forchuirtar ina taobh leis an Acht so agus fós fé réir an choiníll go bhféadfidh an Coimisiún, i dteanta na gcomhacht a bheidh aige fé aon alt eile den Acht so, a chur ar an mbanc san pé urrús a ordóidh an Coimisiún do thabhairt no do sholáthar don Choimisiún, agus fós fé réir na dteoranta ná leanfidh an tabhairt-amach nea-ghnáthach san ar feadh níos mó ná bliain agus go bhféadfidh an Coimisiún deire do chur léi aon uair i rith na bliana san agus an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair de bharr na tabhartha-amach nea-ghnáthaí sin ná ragha sé thar an mbreis a bheidh an uair sin ag na proifití fásta ar chaipital an Bhainc sin.

Teora le nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do bhainc áirithe.

56. —(1) I gcás Bainc Scair-shealbhaigh go mbeidh teideal aige, fé dhlí aon áite lasmuich de Shaorstát Éireann, nótaí bainc do thabhairt amach san áit sin, déanfidh an Coimisiún, d'ainneoin éinní atá san Acht so, pé nithe is dó leis is ceart chun a chur in áirithe ná déanfidh an méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich in éineacht aon uair leis an mBanc san (ar aon tslí eile seachas de bhua tabhartha-amach nea-ghnáthaí) maraon leis an méid de nótaí bainc an Bhainc sin a tugadh amach san áit sin lasmuich de Shaorstát Éireann agus a mheasfidh an Coimisiún a bheith i gcúrsaíocht an uair sin ar bhása iontaobhachta, ná déanfid cion iomarcach, do réir tuairim an Chomisiúin, de shuim iomláin na roimh-íocanna a bheidh íoctha an uair sin (pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann é) ag an mBanc san le n-a chustuiméirí.

(2) Ní déanfar aon laigheadú fén alt so i rith na tréimhse tosaigh no na tréimhse trí mblian ar an méid nótaí bainc códhlúite a fhéadfidh bheith amuich leis an mBanc san (ar aon tslí eile seachas de bhua tabhartha-amach nea-ghnáthaí) ach le vóta d'aon aonta an Choimisiúin ach ní vótálfidh aon Ghnáth-Choimisinéir ar imeachta fén alt so i dtaobh Bainc dar stiúrthóir é no ag á mbeidh sé ar fostú ná páirt do thógaint ionta ar aon tslí eile.

Nótaí bainc có-dhlúite do chur ar ceal agus do chur ar nea-mbrí.

57. —Déanfidh an Coimisiún, le rialachán no ar shlí eile, pé socruithe is dó leis is ceart chun go gcuirfadh Bainc Scair-shealbhacha ar ceal nótaí bainc có-dhlúite do tugadh amach dóibh fén Acht so (maraon le haon nótaí den tsórt san a bheidh caithte no damáistithe do chur ar ceal agus nótaí nua do thabhairt amach ina n-ionad) agus chun go ndéanfadh an Coimisiún no go ndéanfí thar a cheann pé nótaí bainc có-dhlúite a cuirfar ar ceal, agus nách dó leis gur ceart iad do chimeád chun a n-ath-thabhartha amach, do chur ar nea-mbrí agus do dhíthiú.

Freagarthacht Bhancanna Scairshealbhacha in íoc nótaí bainc có-dhlúite.

58. —(1) Beidh i gcló ar gach nóta bainc có-dhlúite ainm an Bhainc Scair-shealbhaigh dar thug an Coimisiún amach an nóta san agus san alt so cialluíonn an focal “Banc freagarthach” an Banc Scair-shealbhach go mbeidh a ainm i gcló amhlaidh ar an nóta bainc có-dhlúite go n-úsáidtear an focal ina thaobh.

(2) Lasmuich de chás ina n-údaróidh an Coimisiún fén alt so é, ní íocfidh aon Bhanc Scair-shealbhach amach le héinne (seachas an Banc freagarthach) aon nóta bainc có-dhlúite nách é féin is Banc freagarthach ina thaobh.

(3) Féadfidh an Coimisiún, le rialachán generálta no le hordú ar leithligh, má chítar don Choimisiún gur oiriúnach an rud é mar gheall ar nithe fé leith sa chás, a údarú do Bhanc Scair-shealbhach, le vóta d'aon aonta, nótaí bainc có-dhlúite nách é féin is Banc freagarthach ina dtaobh d'íoc amach i rith pé tréimhse agus i pé méid agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an gCoimisiún.

(4) Beidh suim gach nóta bhainc chó-dhlúite iníoctha ag an mBanc freagarthach ar a thíolaice i bpríomh-oifig an Bhainc sin i mBaile Atha Cliath aon lá nách Domhnach ná lá saoire Bainc agus i rith na haimsire ina mbíonn an Banc san ar oscailt chun gnótha do ghnáth an lá san, agus is i monaí no i nótaí (pe'ca aca is rogha leis an mBanc san) a bheidh ina ndlí-thairisgint i Saorstát Éireann ar an suim sin am an tíolaicthe sin a bheidh an tsuim sin iníoctha amhlaidh.

(5) Pé uair a theipfidh ar an mBanc freagarthach nóta bainc có-dhlúite a tíolaicfear go cuibhe dho do réir an fho-ailt sin roimhe seo d'íoc do réir an fho-ailt sin, féadfidh sealbhóir an nóta san—

(a) suim an nóta san do bhaint den Bhanc fhreagarthach tré aicsean in aon Chúirt údaráis inniúla no, má théigheann an Banc san fé ghlana suas gnótha, cruthú do dhéanamh sa ghlana suas gnótha san i dtaobh suim an nóta san, no

(b) an nóta san do thíolaice don Choimisiún ina phríomhoifig i mBaile Atha Cliath maraon le pé fianaise a éileoidh an Coimisiún ar thíolaice chuibhe an nóta san don Bhanc fhreagarthach agus ar é theip ar an mBanc san suim an nóta san d'íoc.

(6) Pé uair a tíolaicfear nóta bainc có-dhlúite don Choimisiún fén alt so, glacfidh an Coimisiún an nóta san agus bainfe sé suim an nóta den Bhanc fhreagarthach tré aicsean, tré éileamh, nó tré chruthú ar an nóta san (agus chuige sin tuigfar gurb é an Coimisiún is sealbhóir an nóta) no tré dhul i muinghin agus tré fheidhmiú an urrúis a bheidh aige ón mBanc fhreagarthach.

(7) Pé uair a tíolaicfear nóta bainc có-dhlúite go cuibhe don Choimisiún fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfidh an Coimisiún pé ní aca so is rogha leis—

(a) gach airgead a bhainfidh an Coimisiún den Bhanc fhreagarthach ar scór an nóta san d'íoc leis an té do thíolaic an nóta san no le n-a ionadaí dlíthiúil agus, más lú an t-airgead san ná suim an nóta san, an méid a bheidh in easnamh d'íoc leis an duine sin no le n-a ionadaí dlíthiúil amach as cúl-chiste na nótaí, no

(b) chó luath is bheidh caoi ann chuige tar éis tíolaice an nóta san suim an nóta san d'íoc leis an duine sin no le n-a ionadaí dlíthiúil amach as cúl-chiste na nótaí agus gach airgead a bainfar den Bhanc fhreagarthach ar scór an nóta san d'íoc isteach i gcúl-chiste na nótaí.

Gach airgead a íocfidh an Coimisiún amach as cúl-chiste na nótaí fén bhfo-alt so le duine no le hionadaí dlíthiúil duine do thíolaic nóta bainc có-dhlúite beidh ús air a bheidh iníoctha ag an mBanc fhreagarthach leis an gCoimisiún do réir pé ráta a cheapfidh an Coimisiún agus a fhéadfidh an Coimisiún a bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta.

(8) Beidh gach Banc Scair-shealbhach fé oblagáid agus freagarthach do shealbhóir nóta bhainc chó-dhlúite gurb é an Banc san is Banc freagarthach ina thaobh i suim an nóta san agus féadfidh an sealbhóir sin an tsuim sin do bhaint den Bhanc san le himeachta dlí.

(9) Chun crícheanna alt 6 den Bank of Ireland Act, 1821, agus alt 2 den Bankers (Ireland) Act, 1825, agus alt 1 den Bankers (Ireland) Act, 1845, beidh gach nóta bainc có-dhlúite ina nóta de chuid an Bhainc Scair-shealbhaigh (marab é Banc na hÉireann an Banc san) a bheidh fén alt so ina Bhanc fhreagarthach i dtaobh an nóta san agus tuigfar gurb é an Banc san do thug amach é agus dá réir sin beidh gach éinne de scaireánaigh agus de stoc-shealbhóirí an Bhainc sin fé oblagáid agus freagarthach sa nóta san d'íoc go cuibhe, ach ní bhainfidh an fo-alt so le Banc na hÉireann.

(10) Chun crícheanna alt 20 den Acht den Pháirlimint Éireannaigh dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” agus do ritheadh sa bhliain 1781-82, beidh suim gach nóta bhainc chó-dhlúite, gurb é Banc na hÉireann is Banc freagarthach ina thaobh, ina fiacha a bheidh ag sealbhóir an nóta ar an mBanc san, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.

(11) Chun crícheanna alt 251 den Companies (Consolidation) Act, 1908, beidh gach Banc Scair-shealbhach ina “bhanc thabhartha-amach” agus is nóta de chuid an Bhainc sin gach nóta bainc có-dhlúite gurb é an Banc san is Banc freagarthach ina thaobh, agus bainfidh an t-alt san leis an gcás dá réir sin.

(12) San alt so foluíonn an focal “Banc Scair-shealbhach” banc do scuir de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach ach 'na mbeidh nótaí bainc có-dhlúite amuich leis fós agus ná beidh suim de mhonaí óir Saorstátacha no de nótaí dlí-thairgthe fágtha leis an gCoimisiún ina n-aghaidh do réir an Achta so.

Nótaí bainc có-dhlúite Bainc a scuirfidh de bheith ina Bhanc Scairshealbhach.

59. —Pé uair a scuirfidh Banc Scair-shealbhach de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach, fágfa sé leis an gCoimisiún, laistigh de shé mhí tar éis an scuir sin, monaí óir Saorstátacha a bheidh ina ndlí-thairisgint fén Acht so ar shuimeanna nea-theoranta no nótaí dlí-thairgthe, pé méid acu is có-ionann le suim na nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich leis le linn na fágála san, agus leis sin—

(a) scuirfidh an Banc san de bheith fé oblagáid suim aon nóta bhainc chó-dhlúite den tsórt san d'íoc no aon íocaíocht d'íoc ar nótaí bainc có-dhlúite ar scór aon nóta den tsórt san in aghaidh aon tréimhse tar éis na fágála san, agus

(b) tabharfidh an Coimisiún suas don Bhanc san gach urrús a bheidh aige an uair sin ón mBanc san in aghaidh na nótaí bainc có-dhlúite sin, agus

(c) beidh gach nóta bainc có-dhlúite den tsórt san iníoctha ag an gCoimisiún ar a thíolaice ina phríomh-oifig i mBaile Atha Cliath agus an tsuim d'fhág an Banc san leis an gCoimisiún amhlaidh cimeádfidh an Coimisiún ar iontaoibh í chun an t-airgead do sholáthar chun na nótaí bainc có-dhlúite sin d'íoc amhlaidh, agus

(d) ní déanfar, chun aon chríche bhaineann leis an teorainn mhaximum no le quota aon Bhainc Scair-shealbhaigh, nótaí bainc có-dhlúite den tsórt san d'áireamh mar nótaí bainc có-dhlúite atá amuich.

Toirmeasc ar nótaí bainc nách nótaí bainc có-dhlúite.

60. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an Coimisiún ullamh chun nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach déanfidh an Coimisiún, tré fhógra i scríbhinn a cuirfar chun gach Bainc Scair-shealbhaigh agus a foillseofar san Iris Oifigiúil, lá do cheapa (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) chun é do thosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach do réir an Achta so agus ní bheidh an lá a ceapfar amhlaidh níos luatha ná ceithre lá déag tar éis cur amach agus foillsiú an fhógra san ná ní bheidh sé níos luatha ná an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon bhanc, pe'ca Banc Scair-shealbhach é no nách ea, aon nótaí bainc nách nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach ná d'íoc amach ach amháin mar a údaróidh an Coimisiún fén alt so, agus má dhineann aon bhanc aon nóta bainc do thabhairt amach no d'íoc amach contrárdha don alt so dlighfidh an banc san suim is có-ionann le deichiú de shuim an nóta san d'íoc leis an gCoimisiún.

(3) Féadfidh an Coimisiún, más rogha leis féin é, a údarú d'aon bhanc, le rialachán generálta, no le hordú ar leithligh, nótaí bainc (nách nótaí bainc có-dhlúite) do thabhairt amach agus d'íoc amach no iad d'íoc amach tar éis an lae cheaptha, pé nótaí agus i rith pé tréimhse agus i pé méid agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus déanfidh an Coimisiún rialacháin fén bhfo-alt so chun a chur ar chumas bancanna saoráidí réasúnta do thabhairt do dhaoine ar tí imeacht as Saorstát Éireann chun nótai bainc nách nótaí bainc có-dhlúite d'fháil.

(4) Socróidh an Coimisiún, i pé slí is oiriúnach leis, maidir le gach Banc is banc tabhartha-amach le linn rithte an Achta so, cadé an cion a bhaineann le Saorstát Éireann de sna nótaí de chuid an Bhainc sin (agus nótaí i dtileana no i mboghtainí an Bhainc sin d'áireamh) a bheidh amuich díreach roimh an lá ceaptha, agus ar an lá ceaptha no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin athcheannófar, cuirfar ar nea-mbrí agus dítheofar an cion san de sna nótaí sin i pé slí a ordóidh an Coimisiún agus, i gcás céad Bhainc Scair-shealbhaigh, pé méid den chion san a bheidh gan athcheannach amhlaidh de thurus na huaire tuigfar, chun críche íocaíochtaí ón mBanc san ar nótaí bainc có-dhlúite agus chun críche tabhairt-amach nótaí bainc có-dhlúite don Bhanc san, tuigfar, chó fada le leath quota an Bhainc sin, gur nótaí bainc có-dhlúite iad atá amuich leis an mBanc san ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí.

(5) Gach suim is iníoctha ag bainc leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla.

CUID VII.

Airgeadas.

Ciste nótaí dlí-thairgthe.

61. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste caipitail fé leith dá ngairmfar ciste na nótaí dlí-thairgthe agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Béarfar chun ciste na nótaí dlí-thairgthe gach builleon óir, airgead, urrús agus ciste (lasmuich de nótaí dlí-thairgthe agus lasmuich d'airgead a híocfar mar tháille ar bhuilleon óir do ghlana no mar tháille is ionann agus táille ar choighneáil) a híocfar leis an gCoimisiún no a haistreofar chuige ag éinne no as aon chiste ar son nótaí dlí-thairgthe a thabharfidh an Coimisiún amach don duine no don chiste sin.

(3) Is i pé fuirm no fuirmeacha acu so a leanas is dó leis an gCoimisiún féin is ceart, agus ní hin aon fhuirm eile, a chimeádfidh an Coimisiún no a cimeádfar ar fáil do caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe, sé sin le rá:—

(a) builleon óir;

(b) monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta;

(c) airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta;

(d) urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh a bheidh in ionbhadh a n-íoctha laistigh de bhliain;

(e) iarmhéidí sterling i gcuntas reatha no i gcuntas taisce i nGníomhaireachtán Lundain no in aon Bhanc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.

(4) Socróidh an Coimisiún, fé mar is rogha leis féin é agus o am go ham fé mar is gá san, conus a roinnfar caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe ar na fuirmeacha uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo no ar aon chuid acu.

(5) Béarfar chun an chiste ghenerálta mar ioncum gach dividendum agus ús a gheobhaidh an Coimisiún ar scór caipital ciste na nótaí dlí-thairgthe.

(6) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é agus pé uair is oiriúnach leis é, iasacht shealadach d'fháil chun crícheanna ciste na nótaí dlí-thairgthe, agus féadfa sé caipital no aon chuid de chaipital ciste na nótaí dlí-thairgthe do chur i ngeall mar urrús ar an iasacht san agus déanfa sé gach ús ar an iasacht san do mhuirearú ar ioncum an chiste ghenerálta.

(7) I gceann gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún sócmhainní caipitiúla ciste na nótaí dlí-thairgthe do luacháil do réir luachanna margaidh reatha agus gheobha sé amach an méid a bheidh ar na sócmhainní caipitiúla san agus iad luachálta amhlaidh (lú-de mhéid chaipitiúil aon iasachta sealadaí a fuarthas fén bhfo-alt san roimhe seo agus a bheidh amuich an uair sin) de bharrachas no d'easnamh glan, más ann do, os cionn no fé bhun an méid nótaí dlí-thairgthe a bheidh amuich i gceann na leath-bhliana san, agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-eolas san d'fháil amach aistreoidh sé o no chun ciste na nótaí dlíthairgthe chun no o chúl-chiste na nótaí (fé mar is gá sa chás) cothrom luach an bharrachais no an easnaimh sin, más ann do, de shócmhainní caipitiúla i bhfuirm no i bhfuirmeacha dá luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so.

Cúl-chiste na nótaí.

62. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste caipitail fé leith dá ngairmfar cúl-chiste no nótaí agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so agus íocfa sé isteach sa chiste sin gach airgead is gá do réir an Achta so d'íoc isteach ann agus íocfa sé amach as an gciste sin gach airgead is gá do réir an Achta so d'íoc amach as.

(2) Is i pé fuirm no fuirmeacha acu so a leanas is dó leis an gCoimisiún féin is ceart, agus ní hin aon fhuirm eile, a chimeádfidh an Coimisiún no a cimeádfar ar fáil do caipital cúlchiste na nótaí, sé sin le rá:—

(a) builleon óir;

(b) monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlíthairisgint i Saorstát Éireann ar shuimeanna neatheoranta;

(c) airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna neatheoranta;

(d) urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh;

(e) urrúsanna fé urraíocht an Rialtais Bhriotáinigh;

(f) iarmhéidí sterling i gcuntas reatha no i gcuntas taisce i nGníomhaireachtán Lundain no in aon Bhanc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann;

(g) nótaí dlí-thairgthe.

(3) Fé réir na sriantachta ná féadfar thar an deichiú cuid de chaipital cúl-chiste na nótaí do chimeád i bhfuirm nótaí dlíthairgthe aon uair, socróidh an Coimisiún, fé mar is rogha leis féin é agus o am go ham fé mar is gá san, conus a roinnfar caipital cúl-chiste na nótaí ar na fuirmeacha uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo no ar aon chuid acu.

(4) Béarfar chun an chiste ghenerálta mar ioncum gach dividendum agus ús a gheobhaidh an Coimisiún ar scór caipital cúl-chiste na nótaí.

(5) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach leis é agus pé uair is oiriúnach leis é, iasacht shealadach d'fháil chun crícheanna cúlchiste na nótaí, agus féadfa sé caipital no aon chuid de chaipital cúl-chiste na nótaí do chur i ngeall mar urrús ar an iasacht san, agus déanfa sé gach ús ar an iasacht san do mhuirearú ar an gciste generálta.

(6) I gceann gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún sócmhainní caipitiúla cúl-chiste na nótaí do luacháil do réir luachanna margaidh reatha agus gheobha sé amach an méid a bheidh ar na sócmhainní capitiúla san agus iad luachálta amhlaidh (lú-de mhéid chaipitiúil aon iasachta sealadaí a fuarthas fén bhfo-alt san roimhe seo agus lú-de luach aon tsócmhainní caipitiúla is ionaistrithe an uair sin chun ciste na nótaí dlíthairgthe, ach aon tsóchmhainní caipitiúla is ionaistrithe an uair sin o chiste na nótaí dlí-thairgthe do chur leo) d'easnamh glan más ann do, fé bhun na deichiú coda den mhéid mhaximum de nótaí bainc có-dhlúite d'fhéadfadh, fén Acht so, bheith amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí) lá deiridh na leath-bhliana san agus ar aon eolas den tsórt san d'fháil amach, má fachtar go bhfuil aon easnamh den tsórt san ann, aistreoidh sé ón gciste generálta chun cúl-chiste na nótaí, chó luath agus is féidir é, in aon fhuirm dá luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, cothrom pé suim acu so a leanas is lú, sé sin le rá:—

(a) suim an easnaimh sin, no

(b) an cúigiú cuid de bharrachas na suime iomláine a fuair an Coimisiún i rith na leath-bhliana san ar cuntas dividenda agus úis ar scór caipital ciste na nótaí dlíthairgthe agus caipital cúl-chiste na nótaí, sé sin, den bharrachas a bheidh fágtha tar éis gach ús (más ann do) do bhí iníoctha i rith na leath-bhliana san ar aon iasacht shealadaigh a fuarthas chun crícheanna aon chiste acu san do bhaint as an suim iomláin sin.

Ciste Generálta.

63. —(1) Cimeádfidh an Coimisiún ciste fé leith dá ngairmfar an ciste generálta agus déanfa sé an ciste sin do choinneáil suas agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Béarfidh an Coimisiún chun an chiste ghenerálta gach airgead a gheobhaidh an Coimisiún agus nách gá, do réir an Achta so, do bhreith chun ciste na nótaí dlí-thairgthe ná d'íoc isteach i gcúl-chiste na nótaí agus tarraiceoidh an Coimisiún amach as an gciste generálta gach íocaíocht a íocfidh an Coimisiún agus nách gá, do réir an Achta so, d'íoc amach as ciste na nótaí dlí-thairgthe ná amach as cúl-chiste na nótaí, agus go sonnrách is amach as an gciste generálta a íocfa sé costaisí an Choimisiúin.

(3) Beidh sé dleathach don Choimisiún feidhmeanna bancaera d'fheidhmiú maidir leis an airgead a bheidh sa chiste ghenerálta de thurus na huaire.

(4) Chun éilithe d'íoc gur amach as an gciste generálta is gá iad d'íoc do réir an Achta so féadfidh an Coimisiún iasachtaí d'fháil ar urrús an chiste ghenerálta chó fada leis an méid a bheidh íoctha ag Bainc Scair-shealbhacha de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla.

(5) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, rialacháin do dhéanamh ag socrú chun barrachas ioncum an Choimisiúin do dhéanamh amach go tréimhsiúil agus leis na rialacháin sin féadfa sé comhacht do thabhairt chun socrú do dhéanamh i gcóir cúl-taiscí, laigheadú luacha agus nithe cile dá samhail roimh dhéanamh amach an bharrachais ioncuim.

(6) Féadfidh an Coimisiún, amach as a bharrachas ioncuim mar a déanfar amach fén alt so é, dividenda d'íoc le Bainc Scairshealbhacha, do réir pé ráta a cheadóidh an tAire agus nách mó ná sé per cent. per annum, ar an méid a bheidh íoctha acu de thurus na huaire ar cuntas a bhfiachais chaipitiúla.

(7) Iocfidh an Coimisiún isteach sa Stát-Chiste, i pé slí ordóidh an tAire Airgid, a bharrachas ioncuim mar a déanfar amach agus nuair a déanfar amach fén alt so é no a mbeidh fágtha den bharrachas ioncuim sin tar éis dividenda d'íoc fén bhfo-alt san roimhe seo (pe'ca aca é) agus féadfa sé aon uair roimh an déanamh amach san pé suimeanna ar a gcó-aontóidh an tAire agus an Coimisiún d'íoc isteach sa Stát-Chiste ar cuntas bharrachais ioncuim.

Fiachas caipitiúil Bancanna Scairshealbhacha.

64. —(1) Dlighfidh gach Banc Scair-shealbhach suim chúig mhíle punt (dá ngairmtear a fhiachas caipitiúil san Acht so) d'íoc leis an gCoimisiún ar na huaire agus sa tslí seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfidh gach ceann de sna céad Bhainc Scairshealbhacha, nuair a bheidh sé ag iarraidh a leigthe isteach chun bheith ar cheann de sna céad Bhainc Scair-shealbhacha suim mhíle punt d'íoc leis an Aire ar iontaoibh don Choimisiún agus íocfa sé an chuid eile dá fhiachas caipitiúil leis an gCoimisiún fé mar a éileoidh agus nuair a éileoidh an Comisiún san air fén Acht so, agus

(b) aon Bhanc a leigfar isteach chun bheith ina Bhanc Scairshealbhach tar éis bunú an Choimisiúin íocfa sé leis an gCoimisiún, díreach tar éis a leigthe isteach amhlaidh, suim is có-ionann leis an méid a bheidh íoctha an uair sin cheana féin ag gach ceann de sna Bainc Scair-shealbhacha eile ar cuntas a bhfiachaisí caipitiúla fé seach agus íocfa sé an chuid eile dá fhiachas caipitiúil fé mar a éileoidh agus nuair a éileoidh an Coimisiún san air fén Acht so.

(2) Iocfidh an tAire leis an gCoimisiún, díreach tar éis bunú an Choimisiúin, gach suim a bheidh íoctha ag na céad Bhainc Scairshealbhacha ar cuntas fiachais chaipitiúla leis an Aire ar iontaoibh den Choimisiún.

(3) Gach éileamh a dhéanfidh an Coimisiún chun Bancanna Scair-shealbhacha ar íocaíocht ar cuntas fiachais chaipitiúla déanfar é chun gach Bainc den tsórt san in éineacht agus éileofar tríd ar gach Banc den tsórt san suim chó-ionann d'íoc.

(4) Gach suim is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún ar cuntas fiachais chaipitiúla beidh sí ionbhainte amach ag an gCoimisiún mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé in a scór chun Banc Scairshealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach é do theip ar an mBanc san suim d'íoc do réir an ailt seo ar cuntas fiachais chaipitiúla.

(5) Má scuireann Banc Scair-shealbhach ar aon tslí de bheith ina Bhanc Scair-shealbhach íocfidh an Coimisiún leis an mBanc san láithreach an méid a bheidh íoctha aige an uair sin ar cuntas a fhiachais chaipitiúla.

(6) Ní bhainfidh alt 113 den Stamp Act, 1891, le fiachas caipitiúil na mBanc Scair-shealbhach.

Iocaíochtaí ar nótaí bainc có-dhlúite.

65. —(1) Iocfidh gach Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún in aghaidh gach leath-bhliana na suimeanna so a leanas (dá ngairmtear íocaíochtaí ar nótaí bainc có-dhlúite san Acht so), sé sin le rá:—

(a) in aghaidh pé méid, má b'ann do, den leath-bhliain sin nár mhó ná sé milleoin punt an méid maximum de nótaí bainc có-dhlúite d'fhéadfadh bheith amuich fén Acht so, suim a háireofar do réir ráta aon go leith per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí no mar bhreis speisialta) o ló go ló leis an mBanc san i rith na leath-bhliana san, agus

(b) in aghaidh pé méid, má b'ann do, den leath-bhliain sin gur mhó ná sé milleoin punt an méid maximum san, suim a háireofar do réir ráta aon go leith per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich (ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí no mar bhreis speisialta) o ló go ló leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san, pé méid den méid sin 'na bhfuil, idir é agus iomlán na nótaí bainc co-dhlúite a bhí amuich amhlaidh, an cothrom céanna atá idir sé milleoin punt agus an méid maximum san, agus fós suim eile a háireofar do réir ráta dó per cent. per annum den chuid eile den méid nótaí bainc códhlúite a bhí amuich amhlaidh, agus

(c) má bhí aon nótaí bainc có-dhlúite amuich leis an mBanc san i rith na leath-bhliana san de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí, suim a háireofar, in aghaidh an chéad mhí de shaol leanúnach na tabhartha-amach nea-ghnáthaí sin, do réir ráta cúig per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich amhlaidh agus, in aghaidh an dara mí den tsaol leanúnach san, do réir ráta cúig go leith per cent. per annum den méid sin agus, in aghaidh an tríú mí den tsaol leanúnach san, do réir ráta sé per cent. per annum den méid sin, agus mar sin leis agus leath per cent. per annum de mhéadú ar an ráta san in aghaidh gach mí den tsaol leanúnach san, agus

(d) má bhí aon nótaí bainc có-dhlúite amuich leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san mar bhreis speisialta, suim a háireofar do réir ráta trí per cent. per annum den méid nótaí bainc có-dhlúite a bhí amuich o ló go ló leis an mbanc san i rith na leath-bhliana san, agus

(e) cion de sna costaisí fé n-ar chuaidh an Coimisiún i rith na leath-bhliana san ag soláthar nótaí bainc có-dhlúite, pé cion a ordóidh an Coimisiún le rialachán.

(2) Pé uair a bheidh ar aon réasún an méid nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich le Banc Scair-shealbhach ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí níos mó ná an méid a ceaduítear leis an Acht so no fé a bheith amuich amhlaidh, tuigfar, chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo, méid na breise sin do bheith amuich de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí ach amháin sa mhéid (más aon mhéid in aon chor é) go socróidh an Coimisiún fén alt so é do bheith amuich mar bhreis speisialta.

(3) Pé uair a laigheadófar quota Bainc Scair-shealbhaigh fé Chuid VI. den Acht so, féadfidh an Coimisiún más rogha leis é, i gcás ina bhfeicfar do gur ceart é, a shocrú go dtuigfar chun crícheanna an ailt seo, ar feadh aon tréimhse airithe nách déanaí a deire ná sé mhí tar éis laigheaduithe sin an quota san, roinnt áirithe (nách mó ná an méid do laigheaduíodh an quota san amhlaidh) den méid nótaí bainc có-dhlúite a bheidh amuich ar aon tslí seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí leis an mbanc san de bhreis ar an méid a ceaduítear leis an Acht so no fé a bheith amuich amhlaidh do bheith amuich mar bhreis speisialta.

(4) I ndeire gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún amach, maidir le gach Banc Scair-shealbhach, suim na n-íocaíocht is iníoctha ag an mBanc san fén alt so ar nótaí bainc có-dhlúite in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfe sé chun gach Bainc Scair-shealbhaigh deimhniú ina dtaisbeánfar an tsuim sin a dineadh amach amhlaidh maidir leis an mBanc san, agus conus tá an tsuim sin déanta suas agus, laistigh de cheithre lá déag tar éis do aon deimhniú den tsórt san d'fháil, íocfidh gach Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún an tsuim adeirtar sa deimhniú san a bheith iníoctha aige.

(5) Gach suim is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í do bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé ina scór chun Banc Scair-shealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach an Banc san do bheith gan aon tsuim den tsórt san d'íoc laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so chun í d'íoc.

(6) Beidh deimhniú fé shéala an Choimisiúin ag luadh na suime is iníoctha ag Banc Scair-shealbhach leis an gCoimisiún ar aon ócáid fén alt so agus á rá go bhfuil an tsuim sin no aon chuid áirithe dhi dlite agus gan íoc, beidh sé go dtí go gcruthófar a mhalairt ina fhianaise, in aon imeachta a bhunóidh an Coimisiún chun an tsuim sin do bhaint amach, ar na nithe sin a luaidhtear amhlaidh sa deimhniú san.

(7) Chun críche an ailt seo tuigfar gur leath-bhliain an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce.

Iocaíochtaí ar nótaí bainc áirithe a bheidh amuich.

66. —(1) I gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis a shocrú fén Acht so, maidir le haon Bhanc atá ina bhanc thabhartha-amach le linn rithte an Achta so, cadé an cion a bhaineann le Saorstát Éireann de sna nótaí de chuid an Bhainc sin a bheidh amuich díreach roimh an lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach beidh iníoctha ag an mBanc san leis an gCoimisiún, in aghaidh gach leath-bhliana, suim a háireofar o ló go ló do réir an ráta chirt per cent. per annum de pé méid den chion san de sna nótaí sin a bheidh tar éis an lae a ceapfar amhlaidh gan bheith athcheannuithe de thurus na huaire do réir orduithe an Choimisiúin agus ná tuigfar, fén Acht so, a bheith ina nótaí bainc có-dhlúite atá amuich leis an mBanc san ar shlí eile seachas de bharr tabhartha-amach nea-ghnáthaí.

(2) Chun críche an fho-ailt sin roimhe seo isé bheidh ina ráta cheart per cent. per annum ná trí per cent. per annum ar feadh tréimhse bliana ón lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach agus cúig per cent. per annum ina dhiaidh sin.

(3) I ndeire gach leath-bhliana déanfidh an Coimisiún amach, maidir le gach Banc atá ina bhanc thabhartha-amach le linn rithte an Achta so, suim na n-íocaíocht is iníoctha ag an mBanc san fén alt so in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfe sé chun gach Bainc den tsórt san deimhniú ina dtaisbeánfar an tsuim sin a dineadh amach amhlaidh maidir leis an mBanc san agus conus tá an tsuim sin déanta suas agus, laistigh de cheithre lá déag tar éis do aon deimhniú den tsórt san d'fháil, íocfidh gach Banc den tsórt san leis an gCoimisiún an tsuim adeirtear sa deimhniú san a bheith iníoctha aige.

(4) Gach suim is iníoctha ag Banc leis an gCoimisiún fén alt so, féadfidh an Coimisiún í do bhaint den Bhanc san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla agus beidh sé ina scór chun aon Bhanc den tsórt san a bheidh ina Bhanc Scair-shealbhach do scur o bheith ina Bhanc Scair-shealbhach an Banc san do bheith gan aon tsuim den tsórt san d'íoc laistigh den aimsir a luaidhtear san alt so chun í d'íoc.

(5) Beidh deimhniú fé shéala an Choimisiúin ag luadh na suime is iníoctha ag Banc leis an gCoimisiún ar aon ócáid fén alt so agus á rá go bhfuil an tsuim sin no aon chuid áirithe dhi dlite agus gan íoc, beidh sé go dtí go gcruthófar a mhalairt ina fhianaise, in aon imeachta a bhunóidh an Coimisiún chun an tsuim sin do bhaint amach, ar na nithe sin a luaidhtear amhlaidh sa deimhniú san.

(6) Chun críche an ailt seo tuigfar gur leath-bhliain an tréimhse dar tosach an lá a ceapfar chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhárta no an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin, pe'ca aca is túisce.

Saoirsí o chánacha agus o dhiúitéthe.

67. —(1) Tabharfar don Choimisiún, tré aisíoc no ar shlí eile, faoiseamh o cháin ioncuim maidir le gach ioncum, pé as do, a thiocfidh chun an Choimisiúin fén Acht so no dá bhua.

(2) Ní bhainfidh Cuid V. den Finance Act, 1920, mar atá sé leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, le proifití an Choimisiúin.

(3) D'ainneoin éinní atá i mír (b) de chlás 10 den Ordú um Ioncum Dhúithche (Oiriúnú Achtanna Cánach), 1923 ( Uimh. 4 de 1923 ), bainfidh Saoirse (1) de sna Saoirsí Generálta o sna Diúitéthe Stampa uile, atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, le gach aistriú a dhéanfidh an Coimisiún ar scaireanna—

(a) i stocanna agus i gcistí Rialtas no Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, agus

(b) i stocanna agus i gcistí Rialtas no Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann,

pe'ca i leabhra Bhanc na hÉireann i mBaile Atha Clath a bheidh na stocanna agus na cistí sin cláruithe no in áit eile.

(4) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon nóta connartha a tabharfar amach don Choimisiún in aon chás ina mbeadh an diúité sin iníoctha ag an gCoimisiún mar chuid dá chostaisí.

Diúité socruithe bancaerí.

68. —(1) An diúité socruithe ar nótaí geallúna ar pháipeur neastámpálta a thabharfidh bancaer ceadúnuithe amach no ar nótaí den tsórt san de chuid an bhancaera san a bheidh i gcúrsaíocht isé ráta ar a n-íocfar é in aghaidh na tréimhse le n-a mbaineann an t-alt so ná an ráta san go bhfuil idir é agus an ráta atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so an cothrom céanna atá idir líon seachtainí iomlána na tréimhse sin agus an uimhir sé is fiche.

(2) Bainfidh coiníollacha gach banna a thugann bancaer ceadúnuithe uaidh fé alt 7 den Bankers Composition (Ireland) Act, 1828, le nótaí geallúna a thabharfidh bancaer den tsórt san amach i rith na tréimhse le n-a mbaineann an t-alt so ach san fé réir an atharuithe, in ionad an chuntais is gá do réir an ailt sin a sheachada go leath-bhliantúil, go seachadfidh an bancaer san do sna Coimisinéirí Ioncuim, laistigh de cheithre lá déag tar éis lá deiridh na tréimhse sin le n-a mbaineann an t-alt so, cuntas a bheidh deimhnithe go cuibhe do réir an ailt sin ar na nótaí geallúna a thug an bancaer san amach fén Acht san agus a bhí i gcúrsaíocht do réir bhrí an Achta san ar Shatharn gach seachtaine den tréimhse sin.

(3) Baineann an t-alt so leis an tréimhse dar tosach an chéad 1adh lá d'Eanair no an chéad 1adh lá d'Iúl, pe'ca aca is déanaí, roimh an lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc có-dhlúite do thabhairt amach agus dar críoch an lá a ceapfar amhlaidh don tosnú san.

CEAD SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Síosón agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

Dáta na hAthghairme.

9 Geo. IV. c. 80.

The Bankers Composition (Ireland) Act, 1828.

An tAcht iomlán.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

5 & 6 Vic. c. 82.

The Stamp Duties (Ireland) Act, 1842.

Alt 2 sa mhéid go mbaineann sé le nótaí geallúna ar pháipeur neastampálta a thugann bancaer ceadúnuithe in Éirinn amach no le nótaí den tsórt san de chuid an bhancaera san i gcúrsaíocht.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tósnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

8 & 9 Vic. c. 37.

The Bankers (Ireland) Act, 1845.

Ailt 8 go 21 agus 23.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tósnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

16 & 17 Vic. c. 59

The Stamp Act, 1853.

Alt 20 sa mhéid go mbaineann sé le nótaí geallúna ar pháipeur neastampálta a thugann bancaer ceadúnuithe in Éirinn amach no le nótaí den tsórt san de chuid an bhancaera san i gcúrsaíocht.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

33 Vic. c. 10.

The Coinage Act, 1870.

Ailt 4 agus 5.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

54 & 55 Vic. c. 39.

The Stamp Act, 1891.

Ailt 29, 30 agus 31 agus an muirear-cheann “Bank Note” sa Chéad Sceideal.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

4 & 5 Geo. V.c. 14.

The Currency and Bank Notes Act, 1914.

An tAcht iomlán.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

4 & 5 Geo. V. c. 72.

The Currency and Bank Notes (Amendment) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

10 & 11 Geo. V. c. 24.

The Bank Notes (Ireland) Act, 1920.

An tAcht iomlán.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí bainc códhlúite do thabhairt amach.

Uimh. 14 de 1926 .

An tAcht Coighneála, 1926 .

Alt 7.

An lá a ceapfar fén Acht so chun tosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach.

DARA SCEIDEAL.

Mion-innste ar na Monai Oir.

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Riail-Mheáchaint

An Mheáchaint Reatha is lú

Leigheas-liúntas

Saghas an Mhona

Meáchaint Reachtúil

Meáchaint Mhéadrach

Meáchaint Reachtúil

Meáchaint Mhéadrach

Riail-Fhíneáltacht

Meáchaint an Phíosa

Fíneáltacht Mhilesimiúil

Gráinneacha

Gramanna

Gráinneacha

Gramanna

Gráinneacha Reachtúla

Gramanna Méadracha

Punt

..

..

..

123.27447

7.98805

122.50000

7.93787

Aon dó-dhéagú déag d'ór mhín, dó-dhéagú de tháir-mhiotal, no 916.6 d'fhíneáltacht mhilesimiúil.

0.20000

0.01296

2

Deich Scillinge

..

61.63723

3.99402

61.12500

3.96083

0.15000

0.00972

TRIU SCEIDEAL.

BAINC.

Ainm an Bhainc.

Figiúir an Ratio.

£

Banc na hÉireann

..

..

..

..

..

..

1,760,000

Banc Ibernia, Teoranta

..

..

..

..

..

439,000

An Banc Náisiúnta, Teoranta

..

..

..

..

..

1,365,000

Cuideachta Bhancaerachta an Tuaiscirt, Teoranta

..

..

243,000

Banc na Mumhan agus Laighean, Teoranta

..

..

852,000

Banc Cúigí na hÉireann, Teoranta

..

..

..

..

649,000

Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta

..

..

..

..

273,000

Banc Uladh, Teoranta

..

..

..

..

..

..

419,000

CEATHRU SCEIDEAL.

RIALACHA DO THOGHACHAIN NA gCOIMISINEIRI TOGHTHA AGUS AN CHEAD CHATHAOIRLIGH.

Rialacha Bhaineann le Gach Cas.

1. Sa Sceideal so cialluíonn an focal “ionadaí” ionadaí do Bhanc Scairshealbhach i láthair ag cruinniú chun na céad Choimisinéirí toghtha no aon Choimisinéir toghtha ina ndiaidh sin do thogha, agus nuair a húsáidtear an focal “Coimisinéir” leis féin cialluíonn sé Gnáth-Choimisinéir i láthair ag an gcruinniú de sna Coimisinéirí sin chun an chéad Chathaoirleach do thogha, agus cialluíonn an focal “cruinniú” (fé mar is gá sa chó-théacs) cruinniú d'ionadaithe chun na céad Choimisinéirí toghtha no aon Choimisinéir toghtha ina ndiaidh sin do thogha no an cruinniú de Choimisinéirí chun an chéad Chathaoirleach do thogha.

2. Déanfidh na hionadaithe no na Coimisinéirí (pe'ca aca é) duine dhíobh féin do thogha chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus stiúrfidh an cathaoirleach san na himeachta ag an gcruinniú ach ní bheidh aon ath-vóta ná vóta réitigh aige.

3. Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis na Rialacha so is le vóta móráireamh na n-ionadaithe no na gCoimisinéirí a socrófar gach ceist a eireoidh ag an gcruinniú.

4. Féadfar an cruinniú do chur ar athló o am go ham ach ní déanfar aon churar-athló go dtí am tar éis na haimsire in ar gá do réir an Achta so an toghachán do chríochnú.

Rialacha Bhaineann leis na Cead Choimisineiri Toghtha do Thogha.

5. Féadfidh gach ionadaí triúr iarrthóirí agus gan ach an méid sin d'ainmniú chun a dtoghtha.

6. Is ina chúrsaí a déanfar an toghachán agus beidh trí vótanna ag gach ionadaí ar gach cúrsa ach ní fhéadfa sé níos mó ná aon vóta amháin do thabhairt d'aon iarrthóir aonair in aon chúrsa aonair.

7. Vótálfar ar na hiarrthóirí uile ar an gcéad chúrsa agus aon iarrthóir a gheobhaidh ar an gcúrsa san líon vótanna is mó ná leath an méid ionadaithe a bheidh i láthair beidh sé toghtha agus leigfar ar lár an triúr iarrthóirí is lú gheobhaidh de vótanna.

8. Ar an dara cúrsa vótálfar ar na luarrthóirí uile lasmuich den mhuintir do toghadh no do leigeadh ar lár ar an gcéad chúrsa agus aon iarrthóir a gheobhaidh

ar an gcúrsa san líon vótanna is mó ná leath an méid ionadaithe a bheidh i láthair beidh sé toghtha agus leigfar ar lár an triúr iarrthóirí is lú gheobhaidh de vótanna.

9. Is sa tslí chéanna a stiúrfar an tríú cúrsa agus gach cúrsa ina dhiaidh sin.

10. Más rud é, de dhruim chó-ionannas vótanna idir na hiarrthóirí is lú gheobhaidh de vótanna, nách féidir ar aon chúrsa áirithe triúr iarrthóirí do leigint ar lár, socróidh an cathaoirleach cé méid agus ce'ca de sna hiarrthóirí a leigfar ar lár ar an gcúrsa san.

11. Leanfar den toghachán go dtí go mbeidh triúr iarrthóirí toghtha.

12. Ar chríochnú an toghacháin ullamhóidh an cathaoirleach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh ainmneacha na n-ionadaithe agus na mBanc darbh ionadaithe iad fé seach, agus ainmneacha, seolta, agus tuairiscí an triúr iarrthóirí toghtha, agus ansan sighneoidh an cathaoirleach agus trian ar a laighead de sna hionadaithe eile an ráiteas san agus cuirfidh an cathaoirleach chun an Aire é do réir an Achta so.

Rialacha bhaineann le Coimisineir toghtha i ndiaidh na gcead Choimisineiri toghtha do thogha.

13. Féadfidh gach ionadaí aon iarrthóir amháin agus gan ach an méid sin d'ainmniú chun a thoghtha.

14. Is ina chúrsaí a déanfar an toghachán agus beidh aon vóta amháin ag gach ionadaí ar gach cúrsa.

15. Vótálfar ar na hiarrthóirí uile ar an gcéad chúrsa agus leigfar ar lár an t-iarrthóir is lú gheobhaidh de vótanna.

16. Ar an dara cúrsa vótálfar ar na hiarrthóirí uile lasmuich den iarrthóir do leigeadh ar lár ar an gcéad chúrsa agus leigfar ar lár an t-iarrthóir is lú gheobhaidh de vótanna.

17. Is sa tslí chéanna a stiúrfar an tríú cúrsa agus gach cúrsa ina dhiaidh sin.

18. Má gheibheann beirt no níos mó iarrthóirí ar aon chúrsa áirithe an líon vótanna is lú leigfar ar lár gach iarrthóir acu san.

19. Má gheibheann iarrthóir ar aon chúrsa áirithe líon vótanna is mó ná leath an méid ionadaithe a bheidh i láthair beidh an t-iarrthóir sin toghtha no má leigtar ar lár ar aon chúrsa áirithe gach éinne ach éinne amháin de sna hiarrthóirí ar ar vótáladh sa chúrsa san beidh an t-aon iarrthóir amháin sin toghtha.

20. Ar chríochnú an toghacháin ullamhóidh an cathaoirleach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh ainmneacha na n-ionadaithe agus na mBanc darbh ionadaithe iad fé seach, agus ainm, seola, agus tuairisc an iarrthóra thoghtha, agus ansan sighneoidh an cathaoirleach agus trian ar a laighead de sna hionadaithe eile an ráiteas san agus cuirfidh an cathaoirleach chun an Choimisiúin é do réir an Achta so.

Rialacha Bhaineann leis an gCead Chathaoirleach do Thogha.

21. Déanfar an chéad Chathaoirleach do thogha ar gach slí díreach mar is gá do réir na Rialacha so Coimisinéir toghtha i ndiaidh na gcéad Choimisinéirí toghtha do thogha agus dá réir sin na Rialacha bhaineann le Coimisinéir toghtha i ndiaidh na gcéad Choimisinéirí toghtha do thogha bainfid leis an gcéad Chathaoirleach do thogha ach na Coimisinéirí do chur ionta in ionad na n-ionadaithe agus a chur mar atharú ortha gur chun an Aire a cuirfar an ráiteas a hullamhófar ar chríochnú an toghacháin.