35 1927


Uimhir 35 de 1927.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1927.


ACHT CHUN FAIDIÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR AN AIMSIR ATÁ CEADÚNAISÍ ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , LE FANÚINT I bhFEIDHM AGUS CHUN AN tALT SAN 42 DEN ACHT SAN DO LEASÚ CHUIGE SIN. [2adh Mí na Nodlag, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Faidiú ceadúnaisí fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 .

1. —Gach ceadúnas a deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), agus a bhí i bhfeidhm ar an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1927, fanfa sé, má bhí an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta ar an 2adh lá san de Mhí na Samhna, 1927, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 17adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, ach go dtí an dáta san leanfa sé de bheith fé réir a cheiliúrtha agus incheiliúrtha ag an Aire fé mar is dó leis agus pé uair is dó leis is ceart.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1927, do ghairm den Acht so agus léireofar é m1ar éinní amháin leis an Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 agus 1927, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.