4 1928


Uimhir 4 de 1928.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (RÁTAÍ AR THITHE COMH-NAITHE BEAGA), 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN ÚNAERÍ TITHE COMHNAITHE BEAGA DO RÁTÚ IN IONAD SEALBHÓIRÍ NA dTITHE SIN I gCÁS RÁTAÍ DO CUIRFÍ AR NA SEALBHÓIRÍ SIN MARA mBEADH AN tACHT SO AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN CÍOSANNA DO CHEARTÚ AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE RÁTÚ NA nÚNAERÍ SIN.

[7adh Meitheamh, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “údarás rátúcháin” comhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair;

cialluíonn an focal “tigh comhnaithe beag” ionoighreachta no tionóntachán atá fé luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus nách mó ná sé puint a luacháil fé sna hAchtanna san agus 'na bhfuil an t-iomlán no aon chuid de oiriúnach ina dhéanmhacht chun é d'úsáid mar thigh chomhnaithe, agus fós foluíonn sé aon ionoighreachta no tionóntachán eile is tigh comhnaithe beag chun crícheanna an Achta so de thurus na huaire de bhua aon fhorála eile den Acht so;

cialluíonn an focal “únaer,” fé mar is gá sa chás, an té go mbeidh aige á fháil de thurus na huaire (pe'ca dho féin é no mar ghníomhaire no mar iontaobhaí do dhuine eile), ar son an tighe chomhaithe bhig 'na n-úsáidtear an focal ina thaobh, cíos is cóionann le luacháil no is mó ná luacháil an tighe chomhnaithe sin fé sna hAchtanna Luachála, no an té go mbeadh cíos ba chó-ionann leis an luacháil sin, no ba mhó ná san, aige á fháil amhlaidh de thurus na huaire ar son an tighe chomhnaithe sin dá mbeadh an tigh comhnaithe sin curtha ar a leithéid sin de chíos,

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gurb é is luacháil d'ionoighreachta no do thionóntachán is foirgint nua do réir bhrí alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ) agus do réir bhrí alt 11 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ) ná an luacháil a bheidh air sara laigheadófar an luacháil sin fé sna hailt sin, agus chun crícheanna an ailt seo tuigfar gurb é is luacháil d'ionoighreachta no do thionóntachán 'nar féidir a luacháil do laigheadú fé alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , ná an luacháil a bheidh air sara laigheadófar an luacháil sin fén alt san 12.

(3) Gach tigh no bothóg gur dineadh no go ndéanfar é do thógáil no do sholáthar fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1919, no fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, beidh sé ina thigh chomhnaithe bheag chun crícheanna an Achta so faid a bheidh sé dá chuid féin ag údarás 'na mbeidh comhacht aige tithe do thógáil no do sholáthar fé sna hAchtanna san no fé aon cheann acu.

(4) I gcás tighe chomhnaithe bhig a bheidh, le linn ráta le n-a mbaineann an tAcht so do bheith á ghearra, ina ghabháltas no ina chuid de ghabháltas le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , isé an té is sealbhaire ar an dtigh chomhnaithe bheag an uair sin a bheidh mar únaer air chun crícheanna an Achta so maidir leis an ráta san.

Leathnú ar mhíniú an fhocail, tigh comhnaithe beag.

2. —(1) Más oiriúnach leis é féadfidh an tAire, le hordú, ar iarratas comhairle contae-bhuirge no buirge eile, teora luachála tithe comhnaithe beaga fén Acht so do leathnú o shé puint go dtí pé suim thairis sin is oiriúnach leis agus nách mó ná dhá phunt déag agus más oiriúnach leis é féadfa sé, le hordú, ar iarratas na comhairle sin, an t-ordú san do cheiliúra aon uair.

(2) Faid a bheidh ordú fén alt so i bhfeidhm maidir le contaebhuirg no le buirg eile ciallóidh an focal “tigh comhnaithe beag” san Acht so, maidir leis an mbuirg sin, ionoighreachta no tionóntachán atá fé luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus nách mó a luacháil fé sna hAchtanna san ná an tsuim do socruíodh chuige sin leis an ordú san agus 'na bhfuil an t-iomlán no aon chuid de á úsáid go hachthúil, no oiriúnach chun é d'úsáid, mar thigh comhnaithe.

(3) Gach ordú a déanfar fén alt so foillseofar é láithreach i dhá bpáipeur nuachta a léightear sa chontae-bhuirg no sa bhuirg eile le n-a mbaineann an t-ordú san no i dhá dtabhairt-amach fé leith d'aon pháipeur nuachta amháin a léightear sa bhuirg sin.

Baint an Achta.

3. —Baineann an tAcht so le gach ráta a ghearrfidh údarás rátúcháin agus a gearrfar chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1930, no chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin agus (lasmuich de chás ina bhforáltar a mhalairt leis an Acht so no le haon Acht eile maidir le saghsanna áirithe maoine ionrátuithe) a gearrfar ar shealbhaire na maoine rátuithe.

Unaer tighe chomhnaithe bhig do rátú.

4. —(1) Gach ráta le n-a mbaineann an tAcht so agus a gearrfar maidir le tigh comhnaithe beag is ar únaer an tighe chomhnaithe sin a gearrfar é agus, lasmuich de chás in ar bé an t-únaer an sealbhaire, leis, ní gearrfar aon ráta den tsórt san ar shealbhaire an tighe chomhnaithe sin.

(2) Pé uair a gearrfar ráta de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig agus ná beidh ainm an únaera san ar eolas go hiomlán no ná beidh sí ar eolas in aon chor ag an údarás rátúcháin a ghearrfidh an ráta san, féadfar na focail “an t-únaer,” gan aon ainm ná éinní sa mbreis, do chur síos sa ráta san mar thuairisc ar an únaer sin.

(3) Ní bheidh ráta a gearrfar de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig nea-dhleathach de dheascaibh aon earráide ná lochta i luadh ainm an únaera san ná de dheascaibh an tuairisc “an t-únaer,” gan aon ainm ná éinní sa mbreis, d'úsáid, agus beidh gach ráta den tsórt san ionbhainte den únaer sin d'ainneoin na hearráide no an lochta san no úsáid na tuairisce sin.

(4) Pé uair a gearrfar ráta de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig no tithe comhnaithe beaga déanfidh an t-údarás rátúcháin a ghearrfidh an ráta san mion-innste ar an ráta san maidir leis an tigh comhnaithe beag san no mion-innste fé leith ar an ráta san maidir le gach tigh comhnaithe beag fé leith acu (fé mar is gá sa chás) do thabhairt don únaer sin, agus tuigfar na mion-innste sin do bheith tabhartha go cuibhe dho amhlaidh má dintar iad do chur tríd an bpost chun an únaera san no iad d'fhágaint ag an seola a bheidh aige sa leabhar rátaí no, más seola éigcinnte an seola san no mara mbeidh seola an únaera san sa leabhar rátaí, iad do chur tríd an bpost chun an tighe chomhnaithe bhig le n-a mbainid no iad d'fhágaint ansan.

(5) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht eile, beidh gach ráta a gearrfar de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig iníoctha ag an únaer sin agus, mara n-íocaidh seisean é, beidh sé iníoctha ag aon iar-únaer ar an tigh comhnaithe beag san ar a n-éileofar an ráta san agus ní hag éinne eile.

(6) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so féadfar gach ráta a gearrfar de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig do bhaint den únaer sin no d'iar-únaer a dhlighfidh é d'íoc agus san tré gach ceann no aon cheann de sna leighseanna (lasmuich de ghabháil earraí duine eile seachas an t-únaer no an t-iar-únaer sin) tré n-a bhféadfí an ráta san do bhaint den té ba shealbhaire no dob iar-shealbhaire fé seach ar an tigh comhnaithe sin dá mba ar an sealbhaire sin a gearrfí an ráta san agus dá mba ná rithfí an tAcht so agus, i gcás ráta nách féidir, nuair a gearrfar é ar shealbhaire, é do bhaint d'iar-shealbhaire, féadfar é do bhaint d'iar-únaer a dhlighfidh é d'íoc agus san tré gach ceann no aon cheann de sna leighseanna (lasmuich den leigheas roimhráite) tré n-ar féidir ráta dealbhais do gearradh ar shealbhaire do bhaint d'iar-shealbhaire.

(7) Ní bheidh sé dleathach d'údarás rátúcháin tosnú ar aon imeachta chun ráta a gearrfar de bhua an ailt seo ar únaer tighe chomhnaithe bhig do bhaint d'iar-únaer tar éis dhá bhliain o ghearra an ráta san.

Faoiseamh do ghníomhairí agus d'iontaobhaithe.

5. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh ráta a gearrfar de bhua an Achta so ar únaer tighe chomhnaithe bhig ná beidh teideal aige chun tairbhe an tighe chomhnaithe bhig sin ionbhainte den únaer sin.

(2) Pé uair a gearrfar ráta de bhua an Achta so ar únaer tighe chomhnaithe bhig agus ná beidh teideal ag an únaer sin chun tairbhe an tighe chomhnaithe bhig sin agus a bheidh an ráta san i riaráiste agus gan íoc ar feadh pé tréimhse is sia de sna tréimhsí seo a leanas, sé sin le rá, ceithre mhí o ghearra an ráta san no ráithe o thabhairt mhion-innste ar an ráta san don únaer sin do réir an Achta so, bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás agus beidh éifeacht acu, sé sin le rá:—

(a) beidh sé dleathach don ráta-bhailitheoir ag á mbeidh an ráta san ionbhailithe fógra do sheirbheáil ar an únaer sin go pearsanta no tríd an bpost á chosc air, faid a bheidh aon chuid den ráta san gan íoc, aon chíosanna no proifití do fuair no do gheobhaidh an t-únear sin (roimh sheirbheáil an fhógra san no dá éis sin) as an tigh comhnaithe beag san no ar a shon d'íoc leis an té go mbeidh teideal aige chun tairbhe an tighe chomhnaithe bhig sin;

(b) nuair a bheidh an fógra san seirbheálta dlighfidh an t-únaer sin, chó fada is raghaidh na cíosanna agus na proifití uile a thagann as an tigh comhnaithe beag san agus a fuair sé roimh sheirbheáil an fhógra san agus a bheidh ar láimh aige fós le linn na seirbheála san no a gheobha sé tar éis na seirbheála san, an ráta san d'íoc agus beidh sé ionbhainte dhe dá réir sin tré gach leigheas no aon leigheas dá n-údaruítear leis an Acht so;

(c) an admháil a thabharfidh ráta-bhailitheoir, ag á mbeidh an ráta san ionbhailithe, ar íocaíocht a íocfidh an t-únaer sin ar cuntas an ráta san tar éis seirbheála an fhógra san air, beidh sí, maidir leis an té go mbeidh teideal aige chun tairbhe an tighe chomhnaithe bhig sin agus d'ainneoin aon ordú a bheidh tabhartha ag an duine sin, ina glana maith don únaer sin ar airgead do fuair sé chun úsáide an duine sin no ar iontaoibh do chó fada le méid na híocaíochta san;

(d) maran féidir fógra den tsórt san roimhráite do sheirbheáil go saoráideach ar an únaer sin no má bhíonn an t-údarás rátúcháin do ghearr an ráta san den tuairim (pe'ca roimh sheirbheáil an fhógra san é no dá éis sin) ná féadfar no gur dócha ná féadfar suim an ráta san a bheidh i riaráiste amhlaidh no cuid éigin áirithe den tsuim sin do bhaint den únaer sin, beidh sé dleathach don ráta-bhailitheoir ag á mbeidh an ráta san ionbhailithe fógra do sheirbheáil, go pearsanta no tríd an bpost, ar shealbhaire an tighe chomhnaithe bhig sin ag luadh an mhéide den ráta san a bheidh gan íoc an uair sin agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos uile a bheidh dlite an uair sin no a thiocfidh chun bheith dlite ina dhiaidh sin aige don únaer sin d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige go dtí go mbeidh suim sin an ráta san glanta tríd an íoc san no ar aon tslí eile;

(e) déanfidh seirbheáil fógra den tsórt san roimhráite ar an sealbhaire sin an t-aon-cheart d'aistriú chun an ráta-bhailitheora san agus chun a chomharbaí oifige an cíos do bhaint amach agus do ghlaca agus glana air do thabhairt, sé sin, an cíos is gá do réir an fhógra san d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige.

An cíos do mhéadú nuair a rátófar an t-únaer.

6. —(1) Pé uair a déanfar de bhua an Achta so ráta le n-a mbaineann an tAcht so do ghearra ar únaer tighe chomhnaithe bhig, cuirfar le gach gála cíosa, a thiocfidh chun bheith dlite agus iníoctha ag duine is sealbhaire ar an tigh comhnaithe beag san ar son an tighe chomhnaithe bhig sin (pe'ca i dteanta no d'éamais áitreibh eile é) i rith an dá mhí dhéag a ceaptar anso ina dhiaidh seo, méadú go mbeidh idir é agus suim an ráta san an cothrom céanna a bheidh idir an tréimhse dá mbeidh an gála san iníoctha agus bliain.

(2) Isé dá mhí dhéag a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ná an dá mhí dhéag dar tosach pé tráth is déanaí de sna tráthanna so a leanas, sé sin le rá, i gceann mí o ghearra an ráta no i gceann ceithre lá déag ón uair a tabharfar do réir an Achta so d'únaer an tighe chomhnaithe bhig 'na mbeidh an dá mhí dhéag san á áireamh ina thaobh mion-innste ar an ráta san maidir leis an tigh comhnaithe beag san.

(3) Gach cíos a dlightar a mhéadú fén alt so beidh sé, agus é méaduithe amhlaidh, iníoctha agus ionbhainte amach sa tslí chéanna agus tré sna meáin chéanna ina mbeadh agus tré n-a mbeadh an cíos san iníoctha agus ionbhainte amach dá mba ná méadófí amhlaidh é.

(4) Gach connra a déanfar chun gan cíos do mhéadú a dlightar a mhéadú fén alt so, no chun gan íoc an mhéaduithe sin do chur i bhfeidhm, no chun laigheadú no cothromú in aghaidh an mhéaduithe sin no aon choda dhe do lomháil, no chun an té a dhlighfidh an cíos méaduithe sin d'íoc do shlánú in aghaidh an mhéaduithe sin no in aghaidh aon choda dhe, no do oibreodh ar aon tslí eile chun an té do dhlighfadh an cíos méaduithe sin d'íoc do shaora ón méadú san no aon chuid de d'íoc, beidh sé gan brí.

(5) I gcur alt 8 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 ( Uimh. 19 de 1923 ) i mbaint le tigh comhnaithe beag beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san 8 ráta a gearrfar de bhua an Achta so ar únaer an tighe chomhnaithe bhig sin, agus

(b) an méadú a cuirfar le cíos an tighe chomhnaithe bhig sin de thurus na huaire de bhua an ailt seo áireofar agus folófar é san áireamh a déanfar fen alt san 8 ar an méid a fhéadfidh cíos an tighe chomhnaithe bhig sin bheith thar an riail-chíos.

Cíos do cheartú i gcásanna áirithe.

7. —(1) Pé uair a bheidh tigh comhnaithe beag, ar an 1adh lá d'Abrán, 1929, ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas a nascann no a thugann le tuisgint go nascann sé ar an léasóir laigheadú no cothromú d'íoc no do lomháil no an léasaí do shlánú in aghaidh na rátaí is iníoctha ar an tigh comhnaithe sin no an léasaí do shaora o sna rátaí sin ar aon tslí eile, déanfar ar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse a thosnóidh ar an 1adh lá d'Abrán, 1929, no ina dhiaidh sin—

(a) i gcás cíosa bhliantúla, laigheadú de shuim is có-ionann le suim na rátaí a bhí ar an tigh comhnaithe beag san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1928, agus gur bhain no gur tugadh le tuisgint gur bhain an saora san léi a thug an léas san don léasaí no a thug an léas san le tuisgint a bheith aige á thabhairt don léasaí, agus

(b) i gcás aon chíosa seachas cíos bliantúil, laigheadú de shuim go mbeidh idir í agus na rátaí a bhí ar an tigh comhnaithe beag san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1928, agus gur bhain no gur tugadh le tuisgint gur bhain an saora san leo a thug an léas san don léasaí no a thug an léas san le tuisgint a bheith aige á thabhairt don léasaí, an cothrom céanna a bheidh idir an tréimhse go n-áirítear an cíos san dá réir agus bliain.

(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnra tionóntachta, i scríbhinn no o bhéalaibh, tré n-a cruthnuítear ordú mar a bhíonn idir tiarna tighe agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.

Faoiseamh maidir le háitreabh gan éinne i seilbh ann.

8. —(1) Pé uair is gá do réir an Achta so ráta do ghearra ar únaer tighe chomhnaithe bhig agus a bheidh an tigh comhnaithe beag san le linn ghearra an ráta san gan éinne i seilbh ann do réir bhrí an ailt seo, bainfidh alt 12 den Poor Relief (Ireland) Act, 1862, leis an ráta san, pe'ca ráta dealbhais an ráta san no nách ea, ach beidh san fé réir an atharuithe ná beidh de bhua an ailt sin aon chuid den ráta san ionbhainte de shealbhaire ar an tigh comhnaithe sin marab únaer air, leis, é.

(2) Ní bhainfidh alt 180 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, ná an proivísó a ghabhann le halt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ná (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an alt so) alt 12 den Poor Relief (Ireland) Act, 1862, leis an gcás maidir le ráta do ghearra ar thigh chomhnaithe bheag is gá do réir an Achta so do ghearra ar únaer an tighe chomhnaithe sin.

(3) Pé uair a gearrfar ráta ar únaer tighe chomhnaithe bhig de bhua an Achta so agus a thiocfidh an tigh comhnaithe sin chun bheith agus a leanfa sé de bheith gan éinne i seilbh ann do réir bhrí an ailt seo ar feadh tréimhse leanúnaighe nách giorra ná ráithe laistigh den bhliain airgeadais áitiúil gur chun a seirbhíse a gearradh an ráta san, beidh ag an té a dhligheann, no do dhin, an ráta san d'íoc teideal chun liúntas no aisíoc (pe'ca aca is gá sa chás) d'éileamh ar an údarás rátúcháin do ghearr an ráta san agus d'fháil uatha, mar gheall ar an ráta san, chó fada leis an dóú cuid déag den ráta san in aghaidh gach mí iomláin (agus é d'áireamh o aon lá de mhí go dtí a chó-lá san sa chéad mhí eile) a bhí an tigh comhnaithe sin gan éinne i seilbh ann amhlaidh.

(4) Ní bhainfidh an Poor Law Acts (Ireland) Amendment Act, 1890, le haon ráta a gearrfar, de bhua an Achta so, ar únaer tighe chomhnaithe bhig.

(5) Bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás maidir le gach tigh comhnaithe beag le n-a mbaineann de thurus na huaire na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 agus 1926, sé sin le rá:—

(a) ní bhainfidh alt 16 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 ( Uimh. 19 de 1923 ) agus alt 9 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 ( Uimh. 24 de 1926 ), leis an tigh comhnaithe sin;

(b) ní tuigfar aon uair, faid a bhainfidh na hAchtanna san leis, an tigh comhnaithe sin do bheith gan éinne i seilbh ann do réir bhrí an ailt seo agus, más rud é go mbeidh sé gan éinne i seilbh ann amhlaidh, tuigfar an t-únaer do bheith i seilbh ann;

(c) pé uair a bheidh únaer an tighe chomhnaithe sin tar éis ráta d'íoc do gearradh air de bhua an Achta so mar gheall ar an tigh comhnaithe sin agus, ar feadh tréimhse leanúnaighe nách giorra ná ráithe laistigh den bhliain airgeadais áitiúil gur chun a seirbhíse a gearradh an ráta san, a tuigfar de bhua an ailt seo únaer an tighe chomhnaithe sin do bheith i seilbh ann agus a bheidh an tigh sin gan éinne i seilbh ann chun go bhféadfar breiseanna do chur leis no atharuithe no deisithe do dhéanamh air no toisc go bhfuil an t-únaer bona fide gan bheith ábalta ar thionónta oiriúnach d'fháil do ar an gcíos maximum is ceaduithe de thurus na huaire fé sna hAchtanna san, beidh teideal ag an únaer sin chun aisíoc d'éileamh ar an údarás rátúcháin do ghearr an ráta san agus d'fháil uatha, mar gheall ar an ráta san, chó fada leis an dóú cuid déag den ráta san in aghaidh gach mí iomláin (agus é d'áireamh o aon lá de mhí go dtí a chó-lá san sa chéad mhí eile) den tréimhse leanúnaigh sin ach gan dul thar leath an ráta san san iomlán no le chéile.

(6) Ní tuigfar tigh comhnaithe beag do bheith gan éinne i seilbh ann do réir bhrí an ailt seo ar feadh aon tréimhse a bheidh duine seachas a únaer i dteideal bheith i seilbh sa tigh chomnaithe sin agus dá n-íocfa sé cíos air leis an únaer sin.

Rátaí ar thithe comhnaithe beaga is le húdarás rátúcháir.

9. —In aon chás ina mbeidh údarás rátúcháin ina únaer ar thigh chomhnaithe bheag ní ghearrfidh an t-údarás rátúcháin sin, maidir leis an tigh comhnaithe beag san, aon ráta ba ghá do réir an Achta so do ghearra ar únaer an tighe chomhnaithe bhig sin, ach mar sin féin, i ngach cás den tsórt san, bainfidh na forálacha uile den Acht so, i dtaobh méadú cíos tighe chomhnaithe bhig 'na ngearrfar ráta ar a únaer de bhua an Achta so, leis an tigh comh- naithe beag san chó hiomlán is dá ndintí an ráta san do ghearra go hachtúil maidir leis an tigh sin agus déanfidh an t-údarás rátúcháin sin suim gach méaduithe do dineadh fé sna forálacha san ar chíos an tighe chomhnaithe bhig sin do chur, nuair a gheobhaid í, chun na gcrícheanna chun a mbeadh an ráta san maidir leis an tigh comhnaithe beag san ionchurtha.

Lascaine ar ráta d'íoc go féichiúnta.

10. —(1) Pé uair a dhéanfidh únaer tighe chomhnaithe bhig, nách sealbhaire ar an tigh comhnaithe sin leis, naoi ndeichiú de shuim ráta do gearradh air de bhua an Achta so maidir leis an tigh comhnaithe sin d'íoc leis an údarás rátúcháin no le duine thar a gceann laistigh de ráithe tar éis gearra an ráta san no laistigh de dhá mhí tar éis mion-innste ar an ráta san maidir leis an tigh comhnaithe sin do bheith tabhartha dho de réir an Achta so tuigfar an ráta san do bheith lán-íoctha agus lán-tsásamh do bheith tabhartha ann tríd an íoc san agus glacfidh an t-údarás san no an duine sin an t-íoc san dá réir sin.

(2) Beidh forálacha an ailt seo mar bhreis i dteanta agus ní hin ionad na bhforálacha d'aon achtachán eile (puiblí, generálta, áitiúil, no pearsanta, puiblí no príobháideach) le n-a dtugtar comhacht ráta do ghlana tré chodán de d'íoc laistigh d'aimsir theoranta, ach ní hi slí is go mbeidh teideal ag éinne chun faoisimh fén alt so agus fén achtachán eile sin maidir leis an aon ráta amháin.

Forálacha generálta i dtaobh méaduithe agus laigheaduithe cíosa.

11. —(1) Nuair a beifear ag áireamh suime aon mhéadú no laigheadú a bheidh le déanamh ar aon chíos do réir an Achta so ní háireofar aon chodán de phingin is lú ná leathphinge agus áireofar mar phingin aon chodán de phingin is có-mhéid le leathphinge no is mó ná san.

(2) I gcás ina ndlightar cíos do mhéadú no do laigheadú fén Acht so maidir le háitreabhacha, le rátaí no le nithe deifriúla, no ina ndlightar é do mhéadú fé alt amháin agus é do laigheadú fé alt eile den Acht so, beidh na méaduithe agus na laigheaduithe sin go léir nea-spleách le n-a chéile agus ionchurtha le chéile.

Baint an Achta so le hAchtanna áitiúla agus príobháideacha.

12. —Pé uair a bheidh forálacha an Achta so buiniscionn le forálacha aon Achta áitiúla no phríobháidigh, beidh forálacha an Achta so, chó fada le méid na huiniscionntaíochta san, in ionad forálacha an Achta áitiúla no phríobháidigh sin agus sáróid iad.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, do ghairm den Acht so.