22 1929


Uimhir 22 de 1929.


ACHT NA SUIMITHEOIRÍ, 1929.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SUIMITHEOIRÍ DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRA, AGUS CHUN NA COIMISINÉIRÍ IONCUIM DO BHUNÚ AGUS D'OIBRIÚ SUIMITHEOIRÍ, AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA RUDAÍ SIN. [16adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an focal “suimitheoir” apparatus no có-ghléasa tré n-ar féidir do gach duine fé leith d'aon mhéid daoine airgead do chur ina gheall ar ní atá le teacht ar na téarmaí, an méid a bhéarfidh an lucht curtha geall go n-eireoidh leo, go bhfuil sé ag brath ar an méid iomlán no le háireamh tré fhéachaint chun an méid iomlán a cuireadh ina gheall ar an ní sin tríd an apparatus no tríd an gcó-ghléasa cé nách ar aon tora amháin a bheidh ar an ní sin a cuirfí an t-iomlán agus foluíonn an focal san gach oifig, ticéad, breacthóir, agus rud eile a chabhruíonn no a bhaineann le hoibriú an apparatuis no an chó-ghléasa.

Toirmeasc ar shuimitheoirí nea-cheadúnaithe.

2. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (lasmuich de sna Coimisinéirí Ioncuim) suimitheoir do bhunú, do choinneáil ar siúl, ná d'oibriú ach amháin sa mhéid agus sa tslí go mbeidh an bunú, an choinneáil-ar-siúl agus an t-oibriú san údaruithe le ceadúnas chuige sin a bheidh deonta fén Acht so.

(2) Gach duine a bhunóidh, a choinneoidh ar siúl, no a oibreoidh suimitheoir contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

Ceadúnaisí suimitheora do dheona.

3. —(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, ceadúnaisí (dá ngairmtear ceadúnaisí suimitheora san Acht so) do dheona do pé daoine is oiriúnach leis chun suimitheoirí do bhunú, do choinneáil ar siúl, agus d'oibriú.

(2) Oibreoidh gach ceadúnas suimitheora chun a údarú don duine dá ndeonfar é (a haimneofar sa cheadúnas) suimitheoir do bhunú, do choinneáil ar siúl, agus d'oibriú san áit agus ar an ócáid no ar na hócáidí no ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte sa cheadúnas san fé réir na gcoiníoll agus na sriantacht a bheidh leagtha amach sa cheadúnas san agus fé réir na rialachán a bheidh déanta ag an Aire fén Acht so.

(3) Féadfidh an tAire pé táille is oiriúnach leis d'éileamh ar son deona aon cheadúnais tsuimitheora, agus féadfar aon táille den tsórt san d'íoc ina haon íocaíocht amháin no ina sreath d'íocaíochtaí tréimhsiúla agus féadfa sí bheith de mhéid shocruithe no de mhéid atharathach agus sa chás dheiridh sin féadfar, más oiriúnach leis an Aire é, í áireamh tré fhéachaint chun na suimeanna do cuireadh ina ngill tríd an suimitheoir le n-a mbaineann an ceadúnas.

(4) Féadfar, fé mar is oiriúnach leis an Aire, ceadúnas suimitheora do dheona i gcóir aon áit no áiteanna áirithe no i gcóir gach áite d'aicme no d'aicmí, no de shaghas no de shaghasanna, áirithe i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe de Shaorstát Éireann agus féadfar é dheona i gcóir ócáide no ócáidí áirithe no i gcóir gach ócáide d'aicme no d'aicmí, no de shaghas no de shaghasanna, áirithe a eireoidh i rith tréimhse áirithe.

(5) Féadfidh an tAire pé sriantachtaí agus coiníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas suimitheora ach ní bheidh aon éifeacht le haon choiníoll ná sriantacht den tsórt san mara mbeidh sé leagtha amach sa cheadúnas.

(6) I gcás ina ndeonfidh an tAire ceadúnas d'aon duine no daoine chun oibrithe in aon áit no áiteanna no i gcás ina ndéanfidh na Coimisinéirí Ioncuim suimitheoir do bhunú, do choinneáil ar siúl no d'oibriú in aon áit no áiteanna déanfidh na daoine ag a mbeidh bainistí na háite no na n-áiteanna san áit no áiteanna do chur ar fáil pe'ca i bhfoirgint é no nách ea ina bhféadfidh geall-ghlacadóirí ceadúnaithe (nách daoine atá dí-cháilithe fé aon Rás-Rialacha fé aitheantas) a ngnó do dhéanamh agus chun a bhféadfidh an phuiblíocht teacht chun gill do chur, agus an méid a héileofar ar aon gheall-ghlacadóir cheadúnaithe den tsórt san agus ar aon chongantóir a bheidh ina theanta as iad a leigint isteach chun na háite no na n-áiteanna san chun críche gnótha an gheall-ghlacadóra cheadúnaithe ní raghaidh sé, i gcás aon gheall-ghlacadóra cheadúnaithe den tsórt san, thar cúig oiread an mhéide ná i gcás congantóra thar an méid a héileofar ar dhaoine den phuiblíocht as iad do leigint isteach chun na háite no na n-áiteanna ina mbeidh ar aigne ag an ngeall-ghlacadóir ceadúnaithe a ghnó do dhéanamh.

Suimitheoirí a bhunóidh na Coimisinéirí Ioncuim.

4. —(1) Féadfidh an tAire a údarú do sna Coimisinéirí Ioncuim suimitheoir do bhunú, do choinneáil ar siúl, agus d'oibriú i pé áiteanna agus ar pé ócáidí a ordóidh sé no, más oiriúnach leis an Aire é, i pé áiteanna agus ar pé ócáidí is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim le toiliú an Aire.

(2) Ní údaróidh an t-alt so suimitheoir do bhunú in aon áit gan toiliú an té gur leis an áit sin no go bhfuil úsáid na háite sin no dul isteach chun na háite sin fé n-a stiúra.

Cad déanfar le táillí agus le proifití suimitheora.

5. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste no socrófar chun tairbhe dho ar pé slí a ordóidh an tAire gach táille a híocfar ar dheona ceadúnaisí suimitheora fén Acht so agus gach proifit a gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncuim as suimitheoirí d'oibriú fen Acht so.

Rialacháin i dtaobh suimitheoirí.

6. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun smacht do chimeád agus chun rialáil do dhéanamh ar shuimitheoirí do bhunú, do choinneáil ar siúl agus d'oibriú fé cheadúnaisí suimitheora.

(2) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun rialáil do dhéanamh agus chun smacht do chimeád ar oibriú suimitheoirí a bheidh bunuithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so agus ar úsáid na suimitheoirí sin ag an bpuiblíocht no na daoine den phuiblíocht dar féidir dul isteach chun na n-áiteanna ina mbeidh na suimitheoirí sin bunuithe.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche a shuidhfe sé tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé na bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Pionóisí.

7. —Má sháruíonn éinne aon cheann de sna coiníollacha no de sna sriantachtaí gur fé n-a réir a thug an tAire ceadúnas suimitheora amach fén Acht so no má sháruíonn sé aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fén Acht so beidh sé ciontach i gcionta agus in aghaidh gach cionta dlighfar ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fe n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo ailt 23 go 27 den Acht um Gheall. Chur, 1926 (Uimh. 38 de 1926) .

Gearr-theideal.

10. —Féadfar Acht na Suimitheoirí, 1929 , do ghairm den Acht so.