30 1929


Uimhir 30 de 1929.


ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1929.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO MÉADÓFÍ CAIPITAL CHORPARÁID AN CHÁIRDE THALMHAÍOCHTA, TEORANTA, AGUS CHUN A ÚDARÚ GO nDÉANFÍ IOL-ATHARUITHE AR MHEMORANDUM AGUS AR AIRTIOGAIL CHOMHLACHAIS NA CORPARÁIDE SIN, CHUN SOCRÚ EILE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN AN CHORPARÁID SIN DO THABHAIRT AMACH DEIMHNITHE MUIRIR, CHUN FORÁLACHA AN ACHTA CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1928 , DO CHUR I mBAINT LE TALAMH NEA-CHLÁRUITHE, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR IL-NITHE EILE A BHAINEAS LEIS AN gCORPARÁID SIN AGUS CHUN NA hACHTANNA CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 AGUS 1928, DO LEASÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhra.

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta;

cialluíonn an abairt “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na Corparáide;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1928” an t Acht Cáirde Talmhaíochta, 1928 (Uimh. 22 de 1928) ;

cialluíonn an abairt “Oifig Chlárathachta na nDintiúirí” an oifig chun dintiúirí, leithlithe, agus uachta do chlárú in Éirinn;

foluíonn an focal “muirear” morgáiste agus aon mheáin eile tré n-a gcuirtar talamh fé mhuirear no fé fhreagarthacht íoctha airgid no tré n-a ndintar urrús íoctha airgid de;

cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht inchríochnuithe is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh in aisíoc roimh-íoca d'íoc an Coimisiún san fé sna hAchtanna san;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “ús in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “íocaíocht in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “ús ar airgead cheannaigh” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

CUID II.

Airgeadas.

Caipital na Corparáide do roinnt.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht, beidh sé dleathach don Chorparáid, fé réir na dteorann a forchuirtar tríd an alt so, a caipital do roinnt ina “scaireanna A” agus ina “scaireanna B” agus an roinnt sin do dhéanamh éifeachtúil am leith-roinnte na scair sin agus ón am san amach agus, chun na gcrícheanna san, pé atharuithe is gá do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais.

(2) Ní déanfar caipital na Corparáide do roinnt fén alt so, gan cead an Aire, ar aon tslí ach do réir chúig céad agus cúig cinn fhichead de scaireanna A in aghaidh gach ceithre chéad agus cúig cinn sheachtód de scaireanna B.

(3) Ar aon roinnt den tsórt san do bheith á déanamh ar chaipital na Corparáide ní cuirfar imeasc scaireanna B aon scair a bheidh ar seilbh ag duine seachas an tAire agus an roinnt sin á déanamh.

Caipital na Corparáide do mhéadú.

3. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Phríomh-Acht beidh sé dleathach don Chorparáid a caipital do mhéadú go dtí £1,000,000 (milleon punt) ar fad a bheidh roinnte ina mhilleon scair de phunt an scair agus, chuige sin, pé atharuithe is gá do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais agus go sonnrách pé atharuithe do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais is gá chun a údarú do sna stiúrthóirí cúig céad míle scair (dá ngairmtear scaireanna nua san Acht so) de phunt an ceann do thabhairt amach do réir an ailt seo agus iad ar aon chéim pari passu leis na scaireanna (dá ngairmtear seana-scaireanna san Acht so) do tugadh amach fén bPríomh-Acht roimh rith an Achta so.

(2) Má roinntear caipital na Corparáide ina scaireanna A agus ina scaireanna B roimh thabhairt-amach na scaireanna nua, roinnfar na scaireanna nua san ina scaireanna A agus ina scaireanna B do réir an chothruim chéanna ina mbeidh na seanascaireanna roinnte amhlaidh agus sa chás san tabharfar amach iad mar scaireanna A agus mar scaireanna B dá réir sin.

(3) Tairgfar na scaireanna nua ar an aon am amháin i pé slí is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun go gceannódh sealbhóirí na seana-scaireanna iad, agus féadfar, más oiriúnach leis na stiúrthóirí é, agus déanfar, má éilíonn an tAire é, gach ceann no aon cheann de sna scaireanna nua ná ceannóidh na sealbhóirí sin do thairisgint ar an aon am amháin, i pé slí is oiriúnach leis na stiúrthóirí, chun go gceannódh daoine den phuiblíocht ghenerálta iad.

(4) Déanfidh an tAire na scaireanna nua uile ná ceannóidh sealbhóirí seana-scaireanna ná daoine den phuiblíocht ghenerálta (má tairgtar iad le ceannach ag na daoine sin) do cheannach i gceann na haimsire a bheidh ceaptha le haontú an Aire do sna ceannaigh sin no don cheannach is déanaí dhíobh (fé mar a bheidh).

(5) An tsuim sin de phunt is iníoctha ar gach ceann de sna scaireanna nua beidh sí iníoctha, maidir le cúig scillinge dhi, ar iarraidh na scaire, agus, maidir le cúig scillinge eile dhi, ar dháta nách luatha ná fiche lá ná nách déanaí ná dachad lá tar éis an leith-roinneacháin agus, maidir leis an gcuid eile dhi, an uair a ceaptar san Acht so ina dhiaidh seo.

Caipital nea-ghlaoite do ghlaoch isteach.

4. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Companies (Consolidation) Act, 1908, beidh sé dleathach don Chorparáid, le rún speisialta, socrú ar shuim deich scillinge den tsuim sin de phunt is iníoctha ar gach scair (agus scaireanna nua d'áireamh chó maith le seanascaireanna) sa Chorparáid do bheith iníoctha má ghlaoidhtear agus nuair a ghlaodhfar isteach í ach ná féadfar í do ghlaoch isteach ach amháin i gcás gnó na Corparáide do bheith á chríochnú agus chun na gcrícheanna bhaineas leis sin.

(2) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh an Chorparáid socrú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo i dtaobh a caipitail nea-ghlaoidhte, scuirfidh fo-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige, pé méid de le n-a n-achtuítear deich scillinge den tsuim is iníoctha ar gach scair sa Chorparáid do bheith iníoctha fé mar a ghlaodhfidh agus nuair a ghlaodhfidh na stiúrthóirí air.

(3) Ní laigheadú ar chaipital na Corparáide do réir bhrí na nAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, socrú den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so do dhéanamh.

Fiachas an Stáit i gcaipital na Corparáide.

5. —(1) Bainfidh alt 6 (alt i dtaobh fiachas an Stáit i gcaipital na Corparáide) den Phríomh-Acht leis na scaireanna nua chó maith leis na seana-scaireanna.

(2) Léireofar an abairt “caipital íoctha” in alt 6 den Phríomh-Acht mar abairt a fholuíonn caipital a híocfar do réir ghlaoigh a déanfar i gcás gnó na Corparáide do bheith á chríochnú agus chun na gcrícheanna bhaineas leis sin.

Comhachta an Aire maidir le scaireanna a bheidh ar seilbh aige.

6. —Bainfidh alt 20 (alt i dtaobh comhachta an Aire maidir le scaireanna a bheidh ar seilbh aige) den Phríomh-Acht le scaireanna nua a cheannóidh an tAire fén Acht so sa tslí chéanna ina mbaineann sé le seana-scaireanna do cheannuigh sé fén bPríomh-Acht.

Fiachas an Stáit i ndividenda ar chaipital na Corparáide.

7. —(1) Fé réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh proifití na Corparáide do chur chun críche agus gan dochar do sna forálacha san, íocfidh an Chorparáid le n-a baill dividenda do réir an ráta shocruithe de chúig per cent. per annum ar an méid dá caipital a bheidh íoctha de thurus na huaire agus is go leathbhliantúil, ar pé dátaí a cheapfidh na stiúrthóirí chuige sin le haontú an Aire, a íocfidh an Chorparáid na dividenda san.

(2) Más rud é, aon lá dá gceapfar fén alt so chun íoctha dividenda leath-bhliantúla, ná beidh aon airgead no ná beidh a dóthin airgid ar fáil ag an gCorparáid agus ionchurtha chun na dividenda d'íoc is iníoctha amhlaidh an lá san ar na scaireanna uile de chuid na Corparáide a bheidh ar seilbh ag daoine eile seachas an tAire an lá san, deimhneoidh an Chorparáid láithreach don Aire cadé an tsuim is gá, i dteanta an airgid (más ann do) a bheidh ar fáil agus ionchurtha amhlaidh, chun an dividendum san ar na scaireanna san uile d'íoc agus ar fháil an deimhnithe sin do íocfidh an tAire leis an gCorparáid an tsuim do dheimhnigh an Chorparáid amhlaidh agus déanfidh na stiúrthóirí láithreach an t-airgead a híocfar amhlaidh leis an gCorparáid do chur chun no mar chabhair chun na dividenda san ar na scaireanna san d'íoc.

(3) Má dintar agus nuair a déanfar gnó na Corparáide do chríochnú beidh teideal ag an Aire, sa chríochnú ghnótha san, chun an deifríocht idir na suimeanna so a leanas d'íoc leis as sócmhainní na Corparáide tar éis lán-íoc do bheith déanta le fiach-éilitheoirí na Corparáide, sé sin le rá:—

(a) iomlán an airgid uile d'íoc an tAire (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) leis an gCorparáid fé alt 7 den Phríomh-Acht no fén alt so chun dividenda ar scaireanna ná raibh ar seilbh ag an Aire d'íoc, maraon le hiomlán an mhéide fé bhun cúig per cent. per annum do bhí in easnamh ar na suimeanna d'íoc an Chorparáid (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) leis an Aire ar scór dividenda ar scaireanna do bhí ar seilbh aige do thurus na huaire, maraon le hiomlán an airgid uile d'íoc an tAire go dtí san fé aon urraíocht do thug sé uaidh fé alt 15 den Phríomh-Acht, agus

(b) iomlán na mbonus uile no na ndividenda breise uile d'íoc an Chorparáid ar scaireanna B.

Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a híocfar leis an Aire fén alt so i gcríochnú gnótha na Corparáide.

(4) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm díreach tar éis caipital na Corparáide do bheith roinnte ina scaireanna A agus ina scaireanna B fén údarás chuige sin a bronntar leis an Acht so, agus ar theacht i bhfeidhm don alt so athghairmfar alt 7 den Phríomh-Acht agus beidh an athghairm sin i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1928 (eadhon, lá tosnuithe gnótha na Corparáide) agus ón lá san amach agus tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 5adh lá san d'Abrán, 1928 agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach agus an t-airgead do roimh-íoc an tAire leis an gCorparáid fé fho-alt (2) den alt san 7 roimh theacht i bhfeidhm don alt so, pé méid de do roimh-íocadh amhlaidh chun dividenda ar scaireanna do bhí ar seilbh ag an Aire d'íoc i bpáirt no go hiomlán agus do cuireadh chun a n-íoctha san, tuigfar chun crícheanna an Achta so agus chun crícheanna cuntaisí na Corparáide nár roimh-íocadh amhlaidh riamh é agus pé méid de sna dividenda san do híocadh leis an airgead san tuigfar chun na gcrícheanna roimhráite nár híocadh riamh é.

Cad déanfar le proifití na Corparáide.

8. —(1) Má roinneann an Chorparáid a caipital ina scaireanna A agus ina scaireanna B fén údarás chuige sin a bronntar leis an Acht so, beidh sé dleathach don Chorparáid a hairtiogail chomhlachais d'atharú i slí go dtuigfar go raibh agus go mbeidh proifití glan na Corparáide, in aghaidh na tréimhse leath-bhliantúla cuntasaíochta dar thosach an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1928, agus in aghaidh gach tréimhse leath-bhliantúla no tréimhse eile cuntasaíochta ina dhiaidh sin, gan bheith ionchurtha ach chun no mar chabhair chun na gcrícheanna so a leanas san ord so a leanas chó fada is raghaidh na proifití sin, sé sin le rá:—

(a) sa chéad áit, chun pé suim do chur i leataoibh is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a chríochnóidh roimh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1939, ná an cúigiú cuid de phroifití glan na tréimhse sin agus nách mó, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ina dhiaidh sin, ná pé cion de phroifití glan na tréimhse cuntasaíochta san is oiriúnach leis na stiúrthóirí le haontú an Aire,

(b) sa dara háit, chun dividendum do réir ráta cúig per cent. per annum d'íoc ar an suim do híocadh ar na scaireanna A,

(c) sa tríú háit, chun dividendum do réir ráta cúig per cent. per annum d'íoc ar an suim do híocadh ar na scaireanna B,

(d) sa cheathrú háit, chun pé suim do chur i leataoibh is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, ná an deichiú cuid den iarmhéid de phroifití glan san na tréimhse sin a bheidh fágtha tar éis na soláthairtí agus na híocaíochtaí a luaidhtear thuas do dhéanamh,

(e) sa chúigiú háit, chun pé dividendum breise no bonus d'íoc ar na scaireanna B is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, ná pé suim a bheidh, i dteanta gach suime do híocadh go dtí san mar dhividendum bhreise no mar bhonus den tsórt san, chó mór le hiomlán an airgid go léir le chéile d'íoc an tAire leis an gCorparáid go deire na tréimhse cuntasaíochta san chun dividenda ar scaireanna A d'íoc maraon le hiomlán an mhéide, fé bhun cúig per cent. per annum, do bhí in easnamh ar na suimeanna d'íoc an Chorparáid leis an Aire go dtí san ar scór dividenda ar scaireanna A do bhí ar seilbh aige de thurus na huaire maraon le hiomlán an airgid uile d'íoc an tAire go dtí san fé aon urraíocht do thug sé uaidh fé alt 15 den Phríomh-Acht.

(2) Féadfar le hatharuithe a dhéanfidh an Chorparáid ar a hairtiogail chomhlachais fén bhfo-alt san roimhe seo a fhoráil fós (i dteanta na nithe a luaidhtear sa bhfo-alt san) go bhféadfar na suimeanna uile a cuirfar i leataoibh fé fhorálacha a bheidh curtha isteach sna hairtiogail sin do réir mhíreanna (a) agus (d) den fho-alt san, agus fós gach proifit (más ann di) a bheidh fágtha tar éis na soláthairtí agus na híochaíochtaí uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san do dhéanamh, do chur in aon tslí is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun aon chríche chun ar féidir go dleathach proifití de chuid na Corparáide do chur.

Leasú ar an bPríomh-Acht maidir le deimhnithe muirir.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Chorparáid a memorandum agus a hairtiogail chomhlachais d'atharú i slí ná bainfidh na forálacha atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ná forálacha eile sa chéill chéanna atá sa mhemorandum agus sna hairtiogail chomhlachais sin anois, le deimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach tar éis an dáta ar a raghaidh na hatharuithe sin in éifeacht no tar éis aon dáta níos déanaí a bheidh luaidhte chuige sin sna hatharuithe sin agus tríotha, agus i slí go mbainfidh na forálacha so a leanas no forálacha eile sa chéill chéanna le gach deimhniú muirir den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) féadfar deimhnithe muirir do thabhairt amach fén ainm sin no fé aon ainm eile is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus beidh sreath de dheimhnithe muirir có-dhéanta de dheimhnithe de pé ainm-mhéid iomlán is dó leis na stiúrthóirí le haontú an Aire is ceart agus iad roinnte ina ndeimhnithe de pé méid no de pé méideanna deifriúla is dó leis na stiúrthóirí leis an aontú san is ceart;

(b) féadfar deimhnithe muirir do dhéanamh ionaistrithe tré dhintiúir, tré sheachada no ar shlí eile, no i bpáirt ar shlí acu san agus i bpáirt ar shlí eile acu fé mar is oiriúnach leis na stiúrthóirí le haontú an Aire d'ordú;

(c) urrófar na deimhnithe muirir uile le dintiúir iontaobhais no le hinstruimid eile le n-a n-aontóidh an tAire agus tré n-a dtiocfidh na deimhnithe muirir sin chun bheith agus tré n-a mbeid ina muirear so-ghluaiste ar shócmhainní uile na Corparáide (ach pé eisceachtaí do dhéanamh agus fé réir pé deighleála de chuid na Corparáide le n-a n-aontóidh an tAire) agus tosach aige ar gach debentiúir agus stoc debentiúra do thug an Chorparáid amach go dtí san no a thabharfa sí amach ina dhiaidh sin agus tré n-a ndéanfar pé comhachta a éileoidh an tAire do bhronna ar iontaobhaithe chun a chur in áirithe go n-íocfar go cuibhe colann na deimhnithe muirir sin agus an t-ús uirthi agus ina mbeidh pé forálacha eile a éileoidh an tAire chun an t-aisíoc san do chur in áirithe no a ghabhann le n-a chur in áirithe;

(d) isé líon na n-iontaobhaithe a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo ná pé uimhir chothrom is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus isé an tAire a ainmneoidh leath na n-iontaobhaithe sin i gcomhnaí agus isiad na stiúrthóirí a ainmneoidh an leath eile de sna hiontaobhaithe sin i gcomhnaí;

(e) sara ndéanfidh na stiúrthóirí sreath do dheimhnithe muirir do thabhairt amach cuirfid téarmaí na tabhartha-amach san fé bhráid an Aire (mara n-údaruighidh an tAire an tsreath san do thabhairt amach gan aon urraíocht uaidh féin) chun go bhfuighfar uaidh an urraíocht san a húdaruítear leis an bPríomh-Acht do do thabhairt uaidh, agus má tugtar agus nuair a tabharfar an urraíocht san féadfidh na stiúrthóirí na deimhnithe muirir sin do thabhairt amach ar na téarmaí do cuireadh fé bhráid an Aire amhlaidh.

(2) Athghairmtear fo-alt (3) d'alt 15 den Phríomh-Acht leis seo agus achtuítear leis seo ina ionad san mar leanas—

(a) ní mó ná milleon punt a bheidh an méid iomlán a gheobhaidh an Chorparáid ar iasacht, in aon tréimhse bhliantúil dá ndéanfar suas cuntaisí na Corparáide, ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt san 15 agus a gheobhfar ar iasacht amhlaidh chun iasachtaí do thabhairt do sna daoine agus chun na gcrícheanna a húdaruítear le halt 12 den Phríomh-Acht;

(b) ní mó ná seacht milleon agus cúig céad míle punt a bheidh an méid iomlán a bheidh gan bheith aisíoctha aon uair áirithe ag an gCorparáid ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt san 15 (ach amháin i gcás dá n-údaruítear é anso ina dhiaidh seo);

(c) féadfidh an Chorparáid, le ceadú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht, ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht mar adubhradh, de bhreis ar an méid iomlán a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo má gheibhtear an t-airgead san ar iasacht amhlaidh chun aisíoc do dhéanamh i gcuid den tsuim a bheidh gan bheith aisíoctha an uair sin ag an gCorparáid ar urrús deimhnithe muirir do tugadh amach roimhe sin agus má cólíontar pé coiníollacha a ordóidh an tAire chun a chur in áirithe go gcuirfar an t-airgead san chun na críche roimhráite.

(3) Deimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach tar éis na hatharuithe bheith déanta a húdaruítear le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh ar mhemorandum agus ar airtiogail chomhlachais na Corparáide ní bheid ina mbillí díola do réir bhrí na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, agus ní bhainfidh na hAchtanna san le haon deimhnithe muirir den tsórt san.

Leasuithe ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

10. —(1) Athghairmtear leis seo an méid de mhír 5 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann le hiontaobhaithe d'ainmniú agus achtuítear leis seo ina ionad san gurb é an tAire a ainmneoidh i gcomhnaí leath na n-iontaobhaithe a luaidhtear sa mhír sin agus gurb iad na stiúrthóirí a ainmneoidh an leath eile de sna hiontaobhaithe sin i gcomhnaí.

(2) Léireofar mír 9 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aici fé is dá leigtí ar lár inti na focail “fé réir na sriantachta ná tabharfar amach aon deimhniú den tsórt san ar phraghas is lú ná méid na suime colna a hurruítear leis.”

Costaisí bunuithe na Corparáide d'íoc.

11. —Déanfar suim chúig mhíle punt do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis agus d'íoc amach as leis an gCorparáid chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus cuirfidh an Chorparáid an tsuim sin chun no mar chabhair chun na costaisí do bhain le cur-ar-aghaidh, le bunú, agus le clárú na Corparáide agus roimh-chostaisí eile na Corparáide d'íoc no, má híocadh agus sa mhéid gur híocadh na costaisí sin, chun cúiteamh do dhéanamh leis an gCorparáid agus leis na daoine eile d'íoc na costaisí sin, sna suimeanna d'íocadar fé seach ar scór na gcostaisí sin.

Airgead do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste.

12. —(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach airgid is gá chun íoc do dhéanamh—

(a) in íocaíochta nách foláir don Aire d'íoc leis an gCorparáid ar scór scaireanna de chuid na Corparáide a cheannóidh sé fén Acht so, no

(b) i suimeanna gur gá don Aire, do réir alt 6 den Phríomh-Acht mar a cuirtar i mbaint é leis an scéal tríd an Acht so, iad do sholáthar agus d'íoc leis an socruitheoir i gcríochnú gnótha na Corparáide, no

(c) i suimeanna gur gá don Aire do réir an Achta so iad d'íoc leis an gCorparáid chun no mar chabhair chun dividenda ar scaireanna de chuid na Corparáide d'íoc.

(2) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna d'íoc a muirearófar ar an bPrímh-Chiste fén alt so no chun na suimeanna uile a roimh-íocfar amhlaidh na aon chuid acu d'aisíoc leis an gCiste sin, no chun aon urrúis a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná socruítear ar aon tslí eile i gcóir an íoctha san, féadfidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is dó leis is ceart do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so.

Memorandum agus airtiogail chomhlachais na Corparáide d'atharú.

13. —(1) I dteanta na n-atharuithe a húdaruítear go sonnrách leis an Acht so do dhéanamh ar mhemorandum agus ar airtiogail chomhlachais na Corparáide, beidh sé dleathach don Chorparáid gach atharú eile do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais fé mar is gá no is ceart mar fhoirlíona ar no mar gheall ar aon atharú a húdaruítear go sonnrách amhlaidh agus fós gach atharú eile is gá no is ceart chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht le hatharuithe a déanfar ar mhemorandum no ar airtiogail chomhlachais na Corparáide fén Acht so no dá réir, agus achtuítear leis seo in ionad an fho-ailt sin gur i pé fuirm a bheidh do réir an Achta so agus le n-a n-aontóidh an tAire agus an tAire Talmhaíochta a bheidh gach atharú den tsórt san.

(3) Ní bheidh baint ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon atharú a húdaruítear leis an Acht so don Chorparáid do dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus achtuítear leis seo in ionad an ailt sin go bhféadfar gach atharú den tsórt san do dhéanamh tré rún speisialta mar a mínítear san le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus, i dteanta alt 70 den Acht san do chólíona, go seachadfidh an Chorparáid do chlárathóir na gcuideachtan, laistigh den aimsir a luaidhtear san alt san, cóip chlóbhuailte den mhemorandum agus é atharuithe amhlaidh agus go gcláróidh an clárathóir sin í agus go ndeimhneoidh sé an clárú fé n-a láimh agus go mbeidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite gur dineadh a n-éilítear leis an Acht san, mar a leasuítear é leis an alt so, do chólíona maidir leis an atharú san agus gurb é an memorandum agus é atharuithe amhlaidh is memorandum don Chorparáid as san amach.

(4) Ní bheidh baint ag alt 45 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon mhéadú no roinnt ar chaipital na Corparáide a húdaruítear leis an Acht so agus achtuítear leis seo in ionad an ailt sin go bhféadfar aon mhéadú no roinnt den tsórt san do dhéanamh tré rún speisialta mar a mínítear san le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

CUID III.

Tosach ag Muirir ar Thalamh.

Tosach ag muirir áirithe i bhfabhar don Chorparáid.

14. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh duine i seilbh talmhan ar a mbeidh cíos no ús in ionad cíosa no íocaíocht in ionad cíosa no ús ar airgead cheannaigh iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann de thurus na huaire, agus

(b) ina ndeimhneoidh Coimisiún Talmhan na hÉireann gurb é an duine sin an té ag á bhfuil an cíos san no an t-ús san in ionad cíosa no an íocaíocht san in ionad cíosa no an t-ús san ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é) iníoctha ar dháta an deimhnithe sin, agus

(c) ina ndéanfidh an duine sin (ina aonar no i dteanta daoine eile) laistigh de mhí tar éis dáta an deimhnithe sin íoc suime colna nách mó ná ceithre chéad punt do chur mar mhuirear ar an talamh san i bhfabhar don Chorparáid, agus

(d) ina gclárófar go cuibhe in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí an instruimid tré n-a ndintar an muirear san, agus

(e) ná beidh ar dháta na hinstruimide sin aon lis pendens cláruithe maidir leis an talamh san i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte ná san Oifig Chúirte Cuarda don chontae no don chontae-bhuirg ina bhfuil an talamh san suidhte,

ansan (fé réir forálacha an ailt seo) beidh tosach ag an muirear san agus déanfa sé sárú mar mhuirear i gcoinnibh na talmhan san, ar gach estát, leas, eire, agus éileamh a bheidh sa talamh san agus air agus ina choinnibh ar dháta na hinstruimide sin ach amháin an cíos san, an t-ús san in ionad cíosa, an íocaíocht san in ionad cíosa no an t-ús san ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é), riaráiste cíosa socruithe do réir bhrí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfabhar do Choimisiún Talmhan na hÉireann, aon bhlianacht talamh-cheannaigh a muirearófar ar an talamh san ina dhiaidh sin fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus aon mhuirear dá luaidhtear i míreanna (a), (b), (d), (e) agus (g) d'alt 47 d'Acht 1891.

(2) In aon chás ina mbeidh na nithe go léir a luaidhtear í míreanna (a) go (e) den fho-alt san roimhe seo ach amháin an té a luaidhtear sa mhír sin (a) do bheith i seilbh na talmhan mar ionadaí phearsanta do dhuine ná maireann agus an deimhniú a luaidhtear sa mhír sin (b) do bheith sa chéill go bhfuil an cíos, no an t-ús in ionad cíosa, no an íocaíocht in ionad cíosa, no an t-ús ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é) iníoctha ag ionadaí an duine sin ná maireann agus é bheith ráite sa mhuirear a luaidhtear sa mhír sin (c) go bhfuil sé á dhéanamh ag á dheontóir no ag duine dá dheontóirí mar ionadaí phearsanta don duine sin ná maireann, ansan bainfidh an fo-alt san leis an muirear san agus beidh tosach ag an muirear san dá réir sin agus fós tuigfar é bheith déanta i ngnáth-chúrsa na dlí agus chun na críche bhaineann le hestát an duine sin ná maireann do riara.

(3) Más rud é, ar dháta instruimide le n-a gcuirtar muirear ar thalamh do bheadh, ar chlárú na hinstruimide sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, i dteideal tosach do bheith aige fén alt so, go mbeidh foláramh fé alt 61 d'Acht 1891, mar a leasuítear leis an Acht so é, in Oifig Chlárathachta na Talmhan i dtaobh an tailimh sin, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so is fé is ná rithfí an tAcht so a socrófar cadé an tosach ar a chéile atá ag an muirear san agus ag an estát, ag an leas, ag an eire, no ag an éileamh eile i gcoinnibh an tailimh sin atá ag an té do lóisteáil an foláramh san.

(4) San Acht so—

gairmtear muirear tosaíochta de mhuirear ar thalamh dá dtugtar tosach leis an alt so;

gairmtear morgáisteoir de dhuine do thug muirear tosaíochta uaidh;

gairmtear éilithe íochtaracha de sna nithe seo le chéile, eadhon, estáit, leasanna, eirí, agus éilithe, i dtalamh agus air agus ina choinnibh, ar a dtugtar tosaíocht i ndiaidh muirir thosaíochta de bhua an ailt seo;

gairmtear éilitheoir íochtarach de dhuine i dteideal éilimh íochtaraigh; agus

cialluíonn an abairt “muirear buan-fheabhais” muirear tosaíochta 'na dtaisbeánfidh an morgáisteoir ina thaobh gur dhin an Chorparáid an tsuim cholna a hurruítear leis an muirear san do roimh-íoc chun críche no crícheanna acu so a leanas agus chuige sin no chucha san amháin, sé sin le rá, chun foirgintí do thógáil ar an talamh is abhar don mhuirear san no chun buanfheabhsuithe do dhéanamh ar an talamh san do raghadh chun torthúlacht an tailimh sin do mhéadú no chun an méadú san do chur in usacht no chun cabhruithe leis, no chun íoctha na gcostaisí a bhain leis an airgead san d'fháil ar iasacht agus le hurrús do thabhairt ar a aisíoc agus gur chun críche no crícheanna acu san agus chuige sin no chucha san amháin a dineadh an tsuim cholna san do chaitheamh.

Féadfidh éilitheoirí íochtaracha foláraimh do lóisteáil.

15. —(1) Einne adéarfidh go bhfuil teideal aige chun estáit, leasa, eire no éilimh in no ar aon talamh no ina choinnibh ná fuil cláruithe in Oifig Chlárathachta na Talmhan is éileamh íochtarach i gcoinnibh an tailimh sin no 'na ndéanfadh éileamh íochtarach i gcoinnibh an tailimh sin de dá gcruthnuítí muirear tosaíochta ar an talamh san, féadfidh an duine sin (pe'ca cláruithe in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí don instruimid, más ann di, fé n-a n-eireoidh an t-éileamh san no nách ea) foláramh do lóisteáil, fé alt 61 d'Acht 1891, in aghaidh clárú do dhéanamh, i gcoinnibh an tailimh sin le linn ná tar éis a chéad-chláruithe, ar aon deighleáil leis an talamh san i bhfabhar don Chorparáid chun dochair don éileamh san.

(2) Má lóisteáltar foláramh i dtaobh aon tailimh fé alt 61 d'Acht 1891 mar a leathnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo é, ní bhainfidh fo-alt (2) den alt san 61 leis an bhfoláramh san ach ina ionad san déanfar, le linn an talamh san do chéad-chlárú, an foláramh san d'iontráil ar an bhfólio a bhaineann leis an talamh san mar fholáramh do lóisteáladh fé alt 69 den Acht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cirt éilitheoirí íochtaracha.

16. —(1) Chó fada leis an ord a bheidh idir an morgáisteoir do thug muirear tosaíochta uaidh nách muirear buan-fheabhais agus éilitheoirí íochtaracha 'na mbeidh éileamh acu i gcoinnibh tailimh dá ndineann an muirear san deifir, tuigfar an muirear san do bheith muirearuithe ar gach aon estát agus leas (más ann dóibh), sa talamh san, 'na raibh an morgáisteoir sin, ar dháta cláruithe an mhuirir sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, no 'na dtáinig sé chun bheith aon uair ina dhiaidh sin, i dteideal chun a dtairbhe mar shlánú ar gach éileamh íochtarach ag éilitheoirí íochtaracha i gcoinnibh an tailimh sin.

(2) Gach airgead a híocfar leis an gCorparáid ag éilitheoir íochtarach no as cuid, as estát no as leas éilitheora íochtaraighe 'na mbeidh éileamh aige i gcoinnibh tailimh ar scór muirir thosaíochta nách muirear buan-fheabhais ar an talamh san, aisíocfidh an morgáisteoir leis an éilitheoir sin é, ar a éileamh san air, maraon le hús air do réir ráta cúig per cent. per annum agus go dtí go n-aisíocfar san amhlaidh beidh an t-airgead san agus an t-ús air ina bhfiacha ag an duine sin ar an morgáisteoir ar gach aon estát agus leas (más ann dóibh) 'na mbeidh an morgáisteoir i dteideal chun a dtairbhe sa talamh san no i dtora a dhíola ar dháta íoctha an airgid sin leis an gCorparáid.

Cosaint do mhion-aoisigh agus do gheilteanna.

17. —(1) I gcás talamh do bheith fé mhuirear thosaíochta nách muirear buan-fheabhais agus duine a bheidh ar dháta cláruithe an mhuirir sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí i dteideal éilimh íochtaraighe i gcoinnibh an tailimh sin do bheith ar dháta an chláruithe sin fé bhun bliain is fiche d'aois no gan meabhair shlán aige, beidh an duine sin aon uair tar éis an chláruithe sin ach, i gcás duine fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta an chláruithe sin, ní tar éis a chúig bliana fichead do shlánú dho i dteideal ordú d'fháil ón gCúirt Chuarda á ordú go dtabharfadh an morgáisteoir don duine sin, tré urrús do thabhairt uaidh, tré airgead do lóisteáil sa chúirt no ar pé slí eile a cheadóidh an chúirt, slánú is dó leis an gCúirt is leor mar chosaint don éileamh íochtarach a bheidh ag an duine sin i gcoinnibh an mhuirir thosaíochta san agus, mara dtugaidh an morgáisteoir an slánú san uaidh laistigh de ráithe tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfadh an Chúirt an talamh san agus go gcuirfí tora an díola san chun críche do réir dlí agus, in aon chás, go n-íocfadh an morgáisteoir na costaisí do bhí ar an duine sin maidir leis an ordú san, leis an iarratas air, agus le gach imeacht fé, nuair a bheidís measta mar chostaisí idir atúrnae agus cliant.

(2) Aon tslánú a thabharfidh morgáisteoir uaidh do réir ordú fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ionchurtha i bhfeidhm, le cead na Cúirte Cuarda agus ar pé slí a ordóidh an Chúirt sin, pé uair a déanfar an muirear tosaíochta gur tugadh an slánú san ina thaobh do chur i bhfeidhm i slí a dhéanfadh dochar don éileamh íochtarach gur tugadh an slánú san chun a chosanta no i pé cás eile is dó leis an gCúirt sin a dhéanfadh é bheith cóir agus cothrom an slánú san do chur i bhfeidhm.

(3) Na cirt agus na tairbhí a bronntar ar éinne leis an alt so beid mar bhreis ar aon chirt no tairbhí eile chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén Acht so agus beid gan dochar dóibh.

(4) Ní deonfar aon ordú fé fho-alt (1) den alt so gan fógra do thabhairt don mhorgáisteoir maran dó leis an gCúirt gur ceart déanamh in éamais an fhógra san.

Féadfidh an Chorparáid foláraimh do lóísteáil.

18. —Pé uair adéarfidh an Chorparáid gurb eireadóir í ar thalamh nea-chláruithe do réir bhrí alt 61 d'Acht 1891 de bhua instruimide do cláruíodh in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, beidh sé dleathach don Chorparáid, d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san alt san, foláramh fén alt san do lóisteáil leis an údarás clárathachta, agus má cláruítear an foláramh san amhlaidh beidh sé dleathach don údarás chlárathachta, ar chéadchlárú an tailimh sin, an t-eire do cruthnuíodh leis an instruimid sin do chlárú mar ualach a dhineann deifir don talamh san agus pé tosach (más ann do) aige a tugtar don eire sin leis an Acht so no ar shlí eile do réir dlí.

Muirir thosaíochta ag ionadaí pearsanta fé Acht Leasúcháin 1928.

19. —In aon chás ina mbeidh na nithe go léir a luaidhtear i míreanna (a) go (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht Leasúcháin 1928 ach amháin an té a luaidhtear sa mhír sin (a) do bheith marbh agus a bhás agus ainm a ionadaí phearsanta do bheith curtha síos sa chlár a luaidhtear sa mhír sin agus an muirear a luaidhtear sa mhír sin (c) do bheith déanta ag an ionadaí pearsanta san mar ionadaí phearsanta den tsórt san, ansan bainfidh an fo-alt san (1) den alt san (2) leis an muirear san agus beidh tosach ag an muirear san dá réir sin agus tuigfar, chun crícheanna an Achta san agus go sonnrách chun crícheanna fo-altanna (2) agus (3) den alt san, gur muirear é dá dtugtar tosach leis an alt san, agus tuigfar fós an muirear san do bheith déanta i ngnáthchúrsa na dlí agus chun na gcrícheanna a bhaineann le hestát an duine sin ná maireann do riara.

Muirir thosaíochta ag únaer teoranta agus ag fear fuighill fé Acht Leasúcháin 1928.

20. —I gcás—

(a) duine do bheith cláruithe, mar únaer theoranta ar thalamh, i gclár de shaor-shealbhairí a cimeádtar ar bun fé Acht 1891, agus

(b) an clárú san do bheith fé réir nóta i dtaobh cothromaí do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928, agus

(c) an duine sin agus an duine no na daoine uile a bheidh i dteideal an tailimh sin, chó fada le hestát no le hestáit i bhfuigheall no i bhfeitheamh tar éis no ar chríochnú estáit an duine sin a céad-luaidhtear, do chur le chéile i muirearú íoc suime colna nách mó ná ceithre chéad punt ar an talamh san i bhfabhar don Chorparáid, agus

(d) forálacha míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht Leasúcháin 1928 do bheith cólíonta.

ansan bainfidh Acht Leasúcháin 1928 maidir leis an muirear san chó hiomlán is dá mba dhuine bheadh cláruithe sa chlár san de shaor-shealbhairí mar lán-únaer ar an talamh san do dhéanfadh an muirear san.

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Míniú ar“feirmeoir” sa Phríomh-Acht.

21. —(1) I ngach áit ina bhfuil an focal “feirmeoir” sa Phríomh-Acht folóidh sé duine no beirt no níos mó le chéile a bheidh, mar ionadaí no mar ionadaithe pearsanta do dhuine mharbh no mar iontaobhaí no mar iontaobhaithe do shocrú agus chun tairbhe d'estát an duine mhairbh sin no do sna daoine a bheidh i dteideal tairbhe fén socrú san, ag gabháil do shaghas éigin talmhaíochta mar ghnó chun proifite ar thalamh is cuid den estát san no atá fé réir iontaobhaisí an tsocruithe sin, agus ciallóidh tagairtí sa Phríomh-Acht d'fheirm an duine no na ndaoine sin an talamh san ar a mbeidh seisean no iad-san ag gabháil don talmhaíocht san amhlaidh, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) San alt so foluíonn an focal “iontaobhaí” iontaobhaí fé iontaobhas do cruthnuíodh le parole agus fós iontaobhaí do réir léiriú dlí agus cialluíonn an focal “socrú” an dintiúir, uacht no intruimid eile, faisnéis parole no léiriú dlí gur dá bhua atá an t-iontaobhaí no na hiontaobhaithe, 'na n-úsáidtear an focal ina thaobh no ina dtaobh, ina iontaobhaí no ina n-iontaobhaithe amhlaidh.

Muirir ag daoine is tionóntaí le n-a saol.

22. —(1) Einne is tionónta le n-a shaol do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ar aon talamh no 'na mbeidh comhachta mar thionónta le n-a shaol aige maidir le haon talamh fé sna hAchtanna san féadfa sé airgead d'fháil ar iasacht ón gCorparáid chun na gcrícheanna agus ar an urrús a húdaruítear anso ina dhiaidh seo agus féadfidh an Chorparáid airgead do thabhairt ar iasacht d'aon duine den tsórt san.

(2) Ní íocfidh an Chorparáid airgead a gheobhfar ar iasacht fén alt so ach leis na daoine is iontaobhaithe, chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, don tsocrú fé n-ar tionónta le n-a shaol an té a gheobhaidh an iasacht no fé n-a bhfuil comhachta aige mar thionónta le n-a shaol, no le daoine a ceapfar fén alt so chun an t-airgead san do ghlaca agus beidh an t-airgead san ina airgead chaipitail d'eirigh fén socrú san do réir bhrí na nAcht san, agus an chríoch chun a bhfuighfar an t-airgead san ar iasacht fén alt so beidh sí, maidir leis an airgead san, ina crích chun a bhféadfar airgead caipitail do chur fé sna hAchtanna san, agus bainfidh na hAchtanna san leis an airgead san dá réir sin.

(3) Má bítear chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus ná beidh iontaobhaithe ann, chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, don tsocrú fé n-ar tionónta le n-a shaol an té a gheobhaidh an iasacht no fé n-a bhfuil comhachta aige mar thionónta le n-a shaol fé sna hAchtanna san agus nách mó ná trí fichid punt luach bliantúil, fé sna hAchtanna Luachála, an tailimh a bheidh sa tsocrú san, féadfidh an tAire Talmhaíochta beirt oiriúnacha (seachas an té a gheobhaidh an iasacht) d'ainmniú chun an t-airgead san do ghlaca agus leis sin, na daoine a haimneofar amhlaidh, tiocfid chun bheith agus beid ina n-iontaobhaithe, chun crícheanna na nAcht san, don tsocrú san maidir leis an airgead san ach ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile.

(4) Má gheibhtar airgead ar iasacht fén alt so féadfidh an té a gheobhaidh é a chur mar mhuirear ar an talamh go léir atá sa tsocrú fé n-ar tionónta le n-a shaol é no fé n-a bhfuil comhachta aige mar thionónta le n-a shaol an t-airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh, agus an t-ús air, d'aisíoc leis an gCorparáid agus beidh éifeacht ag an muirear san mar chur de láimh fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus, má bhíonn nithe i slí gur mhuirear tosaíochta do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928 no an Achta so an muirear san dá mba lán-únaer no únaer amuich is amach ar an talamh san do dhéanfadh é, beidh an muirear san ina mhuirear thosaíochta agus ina mhuirear bhuan-fheabhais do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928 no an Achta so (pe'ca aca is gá sa chás) agus bainfidh an tAcht san leis an muirear san dá réir sin.

(5) Isiad crícheanna chun a bhféadfar airgead d'fháil ar iasacht fén alt so ná gach ceann no aon cheann acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) chun foirgintí do thógáil ar an talamh ar ar tionónta le n-a shaol an té a gheobhaidh an iasacht no ar a bhfuil comhachta aige mar thionónta le n-a shaol,

(b) chun buan-fheabhsuithe do dhéanamh ar an talamh san do raghadh chun torthúlacht an tailimh sin do mhéadú no chun an méadú san do chur in usacht no chun cabhruithe leis,

(c) chun na costaisí d'íoc fé n-a raghfar chun an t-airgead san d'fháil ar iasacht agus chun urrús ar a aisíoc do thabhairt.

Teoranta leis an gCorparáid do thabhairt airgid ar iasacht.

23. —(1) Beidh sé dleathach don Chorparáid a memorandum agus a hairtiogail chomhlachais d'atharú i slí go mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt do sna daoine agus chun na críche a luaidhtear anso ina dhiaidh seo (chó maith le n-a thabhairt do sna daoine agus chun na gcrícheanna a luaidhtear in alt 12 den Phríomh-Acht), sé sin le rá:—

(a) d'éinne (nách comhar-chumann) chun iasacht d'íoc do tugadh ar dtúis do dhuine eile roimh rith an Phríomh-Achta ar fad no nách mór ar fad chun talamh do cheannach i gcóir talmhaíochta;

(b) d'éinne (nách comhar-chumann) chun iasacht no fiachas eile d'íoc do fuair no fé n-ar chuaidh sé féin no éinne eile ar dtúis, roimh rith an Achta so no dá éis sin, ar fad no nách mór ar fad chun críche chun a bhféadfadh an Chorparáid iasacht do thabhairt do fé alt 12 den Phríomh-Acht no fén alt so;

(c) d'éinne (nách comhar-chumann) chun muirear ar thalamh d'íoc no chun iasacht d'íoc a fuarthas chun muirear ar thalamh d'íoc, más dó leis na stiúrthóirí go mbeidh sé níos usa, de bharr roimh-íoc do thabhairt don duine sin chun na críche sin, aisíoc do dhéanamh agus a chur in áirithe go ndéanfar aisíoc i roimh-íoc do thug an Chorparáid no a bheidh sí ar aigne a thabhairt don duine sin chun aon chríche eile a húdaruítear le halt 12 den Phríomh-Acht no leis an alt so;

(d) d'éinne (nách comhar-chumann) chun iasacht no fiachas eile d'íoc do fuair no fé n-ar chuaidh sé féin no éinne eile ar dtúis, roimh rith an Achta so no dá éis sin, chun aon chríche (le n-a n-áirítear é féin agus a líntighe do chothú), más dó leis na stiúrthóirí gur chuaidh fáil na hiasachta san no dul fén bhfiachas san chun a chur in usacht don té do fuair an iasacht no do chuaidh fén bhfiachas spárála do dhéanamh no cailliúintí do sheachaint.

(2) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no i memorandum comhlachais no in airtiogail chomhlachais na Corparáide, tuigfar go raibh comhacht riamh ag an gCorparáid roimh rith an Achta so chun iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt d'éinne (seachas comhar-chumann) chun iasacht no fiachas eile d'íoc do tugadh dosan no d'éinne eile no fé n-ar chuaidh seisean no éinne eile ar dtúis, roimh rith an Phríomh-Achta no dá éis sin, ar fad no nách mór ar fad chun críche chun a bhféadfadh an Chorparáid iasacht do thabhairt uaithe fé alt 12 den Phríomh-Acht agus ní háireofar ná ní tuigfar i dtaobh aon iasacht no roimh-íoc airgid do thug an Chorparáid uaithi amhlaidh roimh rith an Achta so, go bhfuil ná go raibh sé riamh nea-dhleathach no neamh-ionbhainte amach ar an scór go raibh a thabhairt uaithi ina sárú ar chomhachta na Corparáide.

Na costaisí a bhainfidh le hiasachtaí d'fháil ón gCorparáid.

24. —(1) Ar iasacht no ar roimh-íoc airgid a thabharfidh an Chorparáid do dhuine agus chun críche a húdaruítear le memorandum agus le hairtiogail chomhlachais na Corparáide féadfar, i dteanta an airgid is gá chun na críche sin, pé suim do bheith is gá chun íoctha na gcostas a bhainfidh le fáil na hiasachta san agus le tabhairt urrúis ar a haisíoc, agus aon iasacht no roimhíoc airgid do thug an Chorparáid uaithi go dtí so no a thabharfa sí uaithi ina dhiaidh seo ní déanfar nea-dhleathach é ná ní tuigfar gur dineadh riamh nea-dhleathach é ar an scór go mbeidh no go raibh air pé suim is gá no ba ghá chun na costaisí sin d'íoc ná ar an scór gur cuireadh cuid den airgead san chun na costaisí sin d'íoc.

(2) Ní coiscfar muirear is muirear tosaíochta do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928 ar bheith ina mhuirear bhuan-fheabhais do réir bhrí an Achta san mar gheall air seo amháin, eadhon, gur dineadh cuid den tsuim cholna a hurruítear leis an muirear san d'fháil ar iasacht chun íoctha agus do chaitheamh in íoc na gcostaisí do bhain le fáil na suime colna san ar iasacht agus le tabhairt urrúis ar a haisíoc.

Céad-mhorgáistí fén bPríomh-Acht.

25. —Ní coiscfar ná ní tuigfar gur coisceadh riamh aon mhorgáiste ar bheith ina chéad-mhorgáiste do réir bhrí an Phríomh-Achta mar gheall air seo amháin, eadhon, ceann no cinn de sna héilithe uile seo leanas no d'aon chuid acu, sé sin le rá, saor-chíosa, cíosa ba chíosa coróineach tráth, diúité estáit, diúité comharbais, éasáidí, agus profits á prendre, do bheith, i dtosach ar an morgáiste sin, ar an talamh dá ndineann an morgáiste sin deifir no ar chuid den talamh san.

Fianaise ar fhiacha do bheith ag dul don Chorparáid.

26. —In aon imeachta in aon Chúirt dlí chun an Chorparáid do bhaint amach aon airgid a bheidh ag dul don Chorparáid ar scór colna no úis no éinní eile maidir le haon iasacht no roimh-íoc do thug an Chorparáid uaithi (roimh rith an Achta so no dá éis sin) beidh deimhniú i scríbhinn a thabharfidh le tuisgint go bhfuil sé séaluithe le séala na Corparáide agus adéarfidh go raibh suim áirithe airgid dlite ag an gCorparáid ar dhuine áirithe ar dháta an deimhnithe sin ar cuntas iasachta no roimh-íoca áirithe do thug an Chorparáid uaithi beidh sé, aon uair laistigh de mhí tar éis an dáta a thabharfidh an deimhniú le tuisgint a bheith air féin agus gan cruthú ar shéala na Corparáide ná ar an séala san do bheith curtha go cuibhe ar an deimhniú san, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an tsuim a luaidhtear sa deimhniú san do bheith ag an gCorparáid fós ar an duine sin ar cuntas an ní a luaidhtear sa deimhniú san.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

27. —Léireofar fo-alt (2) d'alt 25 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “laistigh de cheithre lá déag” isteach ann in ionad na bhfocal “laistigh de sheacht lá” atá anois ann.

Coimisiún Talmhan na hÉireann do dhíol talmhan.

28. —Má chuireann Coimisiún Talmhan na hÉireann talamh no tionóntacht i dtalmhain in áirde fé aon chomhacht reachtúil a bheidh dílsithe ionta chuige sin agus go mbeidh aon talamh no tionóntacht den tsórt san fé réir mhuirir i bhfabhar don Chorparáid, muirear is muirear buan-fheabhais do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928 no an Achta so, díolfar an talamh no an tionóntacht san fé réir an mhuirir sin i dteanta aon mhuirir, eire, no fiachais eile gur gá do réir dlí an talamh no an tionóntacht san do dhíol fé n-a réir.

Rialacha comharchumann uachtarlann.

29. —(1) D'ainneoin éinní atá san Industrial and Provident Societies Act, 1893, féadfar, le rialacha cumainn a bheidh cláruithe fén Acht san chun gnó comhar-chumainn do dhéanamh, socrú i gcóir gach ní no aon ní no nithe acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an cumann do thabhairt roimh-íocanna airgid dá bhaill ar urrús nách urrús maoine réalta ná pearsanta i gcás ina dtabharfar na roimh-íocanna san as airgead do roimh-íoc an Chorparáid leis an gcumann san;

(b) an cumann do thabhairt urraíochtaí ar aisíoc roimhíocanna agus ar íoc úis ar roimh-íocanna do thug an Chorparáid do bhaill den chumann;

(c) an cumann do ghníomhú mar ghníomhaire don Chorparáid agus roimh-íocanna a dtabhairt ag an gCorparáid do bhaill den chumann.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 28adh lá de Bhealtaine, 1927, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Gearr-theideal agus luadh.

30. —(1) Féadfar an tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Cáirde Talmhaíochta, 1927 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna Cáirde Talmhaíochta, 1927 agus 1928, agus den Acht so le chéile.