10 1930


Uimhir 10 do 1930.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN EASPORTÁIL FEOLA ÚIRE AGUS SCARTAIGH DO RIALÁIL D'FHONN CAIGHDEÁN GENERÁLTA NA RUDAÍ SIN D'FHEABHSÚ AGUS, CHUIGE SIN, SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN ÁITREABHACHA DO CHLÁRÚ AGUS DO RIALÚ A hÚSÁIDTEAR CHUN AINMHITHE DO MHARBHA NO CHUN FEOIL ÚR AGUS SCARTACH A BHEIDH LE hEASPORTÁIL D'ULLAMHÚ AGUS DO PHACÁIL IONTA, AGUS CHUN DAOINE DO CHEADÚNÚ A BHÍONN I mBUN FEOIL ÚR AGUS SCARTACH D'EASPORTÁIL, AGUS CHUN SCRÚDÚ DO DHÉANAMH AGUS DEIMHNITHE DO THABHAIRT AR FHEOIL ÚIR AGUS AR SCARTACH A BHEIDH LE hEASPORTÁIL, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COINÍNÍ MARBHA AGUS ÉANLAITHE MARBHA A BHEIDH LE hEASPORTÁIL DO PHACÁIL SA CHEART, AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [15adh Abrán, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRAITEACH.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta so.

2. —(1) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le mairtfheoil, le laoighfheoil agus le scartach eallaigh, tiocfa sé i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(2) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le muicfheoil agus le scartach muc, tiocfa sé i ngíomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(3) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le caoirfheoil agus le huainfheoil agus le scartach caorach, tiocfa sé i ngíomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(4) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le feoil chapaill agus le scartach capall, tiocfa sé i ngíomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(5) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le feoil ghabhair agus le scartach gabhar, tiocfa sé i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(6) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le coiníní marbha, tiocfa sé i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(7) Sa mhéid go mbaineann an tAcht so le héanlaithe marbha, tiocfa sé i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

foluíonn an focal “cigire” éinne dá n-údaróidh an tAire i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) gach comhacht no aon chomhacht agus gach dualgas no aon dualgas dá mbronntar no dá bhforchuirtear leis an Acht so ar chigire d'fheidhmiú agus do chólíona;

cialluíonn an abairt “scrúdóir sréidliaghachta” duine cheapfaidh an tAire chun bheith ina scrúdóir shréidliaghachta chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “cigire sréidliaghachta” oifigeach don Aire dá n-údaróidh an tAire i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) gach comhacht no aon chomhacht agus gach dualgas no aon dualgas dá mbronntar no dá bhforchuirtear leis an Acht so ar chigire shréidliaghachta d'fheidhmiú agus do chólíona;

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil seamlas” an t-údarás áitiúil ag a mbeidh comhachta cláruithe agus ceadúnuithe seamlas san áit gur ina taobh a húsáidtear an abairt;

cialluíonn an abairt “údarás sláintíochta áitiúil” údarás sláintíochta chun críche na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar do leasuíodh iad leis na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927;

cialluíonn agus foluíonn an focal “eallach” tarbh, bó, bullán, seafaid agus gamhain;

cialluíonn agus foluíonn an focal “muc” collach, cráin, muc ramhar agus banbh;

cialluíonn agus foluíonn an focal “caora” reithe, fóisc, moltachán agus uan;

cialluíonn agus foluíonn an focal “capall” stail, láir, gearrán, searrach, bramach agus láir searraigh;

cialluíonn agus foluíonn an focal “gabhar” pocán, gabhar baineann, agus mionnán;

cialluíonn agus foluíonn an focal “ainmhithe” eallach, muca, caoirigh, capaill agus gabhair;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “feoil úr” mairtfheoil, laoighfheoil, muicfheoil, caoirfheoil agus uainfheoil, feoil chapaill agus feoil ghabhair;

cialluíonn agus foluíonn an focal “scartach” ionathar agus saill uile ainmhí agus gach cuid eile d'ainmhí, seachas an conablach cóirithe, is féidir d'úsáid mar bhia don duine;

foluíonn an focal “coinín” girrfhia Beilgeach;

cialluíonn agus foluíonn an focal “éanlaithe” éanlaithe clóis, turcaithe, géanna agus lachain;

foluíonn an focal “consighneacht” iomlán conablaigh chóirithe, no cuid no coda de chonablach chóirithe, a bheidh le heasportáil;

foluíonn an focal “pacáiste” aon fhillteog, cás, cimeádán, casc no gléas coinneála eile ina mbeidh scartach no ina bhféadfadh scartach bheith a bheidh le heasportáil;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

Cuid I.

Aitreabhacha do Chlaru agus Easportalaithe do Cheadunu.

Mínithe bhaineann le Cuid I.

4. —Sa Chuid seo den Acht so agus sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so—

cialluíonn an focal “bliain” an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá d'Iúl aon bhliana agus dar críoch an 30adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin;

cialluíonn an abairt “leath-bhliain” tréimhse de shé mhí dar tosach an 1adh lá d'Iúl no an 1adh lá d'Eanar.

Cimeádfaidh an tAire cláir d'áitreabhacha.

5. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcimeádfar—

(a) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de sheamlaisí callaigh) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear eallach do mharbha, agus mairtfheoil agus laoighfheoil agus scartach eallaigh d'ullamhú agus do phacáil chun iad d'easportáil; agus

(b) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de sheamlaisí muc) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear muca do mharbha, agus muicfheoil no scartach muc no idir mhuicfheoil agus scartach muc d'ullamhú agus do phacáil chun iad d'easportáil; agus

(c) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de sheamlaisí caorach) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear caoirigh do mharbha, agus caoirfheoil agus uainfheoil agus scartach caorach d'ullamhú agus do phacáil chun iad d'easportáil; agus

(d) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de sheamlaisí capall) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear capaill do mharbha, agus feoil chapaill agus scartach capall d'ullamhú agus do phacáil chun iad d'easportáil; agus

(e) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de sheamlaisí gabhar) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear gabhair do mharbha, agus feoil ghabhair agus scartach gabhar d'ullamhú agus do phacáil chun iad d'easportáil; agus

(f) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár d'áitreabhacha crátála) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear mairtfheoil, muicfheoil, caoirfheoil agus uainfheoil no aon cheann acu do chur i gcrátaí chun iad d'easportáil agus ná deintear aon ghnó eile ionta.

(2) Cuirfear síos sna cláir sin an t-eolas so leanas i dtaobh gach áitreibh a clárófar ionta, sé sin le rá:—

(a) ainm agus tuairisc iomlán dhílseánach an áitreibh (dá ngairmtear an dílseánach cláruithe san Acht so); agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an t-áitreabh agus teoranta agus méid an áitreibh d'aithint.

(3) Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le háitreabhacha do chlárú in aon chlár áirithe, féadfar áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí eallaigh, no sa chlár de sheamlaisí muc, no sa chlár de sheamlaisí caorach, no sa chlár de sheamlaisí gabhar do chlárú in aon chlár no cláir eile acu san ach ní féadfar iad do chlárú sa chlár de sheamlaisí capall ná sa chlár d'áitreabhacha crátála.

(4) Ní féadfar áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall ná áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha crátála do chlárú in aon chlár eile.

(5) San Acht so gairmtear seamlaisí eallaigh cláruithe, seamlaisí muc cláruithe, seamlaisí caorach cláruithe, seamlaisí capall cláruithe, seamlaisí gabhar cláruithe agus áitreabhacha crátála cláruithe fé seach d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí callaigh, d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí muc, d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí caorach, d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall, d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí gabhar agus d'áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha crátála.

(6) San Acht so—

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár ar bith a bheidh á chimeád ag an Aire do réir an ailt seo;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “clár de sheamlaisí” clár ar bith a bheidh á chimeád ag an Aire do réir an ailt seo ach amháin an clár d'áitreabhacha crátála; agus

cialluíonn agus foluíonn an abairt “seamlas cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár ar bith de sheamlaisí.

Na coiníollacha bhainfidh le seamlaisí do chlárú.

6. —(1) Sara gcláróidh an tAire áitreabh in aon chlár de sheamlaisí déanfa sé deimhin de go bhfuil an t-áitreabh san do réir na gcoiníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas), sé sin le rá:—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san agus an chóir oibre, na feistisí agus na fearaistí ann glan agus dea-dheisithe; agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh san ina leithéid sin d'áit agus go n-úsáidtear é ar a leithéid sin de shlí ná féadfaidh effluvium ar bith o aon dréin, linn chamrachta, carn salachair no abhar eile truaillíochta teacht ar fheoil úir ná ar scartach a hullamhuítear ann; agus

(c) go bhfuil leor-shaoráidí san áitreabh san chun deighleáil mar is cóir le fuil, le fuighleach nigheacháin agus le bhásta; agus

(d) go bhfuil ar fáil san áitreabh san pé leor-sholáthar d'uisce ghlan fholláin is gá do réir réasúin o am go ham; agus

(e) go bhfuil leor-shaoráidí san áitreabh san chun scrúdú sréidliaghachta do dhéanamh ar ainmhithe ante mortem agus post mortem agus ar viscera na n-ainmhithe sin; agus

(f) go bhfuil áiseanna fé ghlas san áitreabh san chun deimhnithe, marcanna, breacacháin agus cóir oibre do chimeád slán; agus

(g) go bhfuil leor-shaoráidí san áitreabh san no ag dul leis chun ainmhithe do loca agus chun sos do thabhairt dóibh sara marbhuítear iad.

(2) Sara gcláróidh an tAire áitreabh ar bith i gclár de sheamlaisí déanfa sé deimhin de; leis, go bhfuil an t-áitreabh san do réir na gcoiníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas), sé sin le rá:—

(a) go bhfuil déanamh an áitreibh sin oiriúnach chun an saghas áirithe ainmhí do mharbha gur chun a mharbhtha atáthar ar aigne an t-áitreabh san do chlárú agus chun feoil úr agus scartach an tsaghas san ainmhí d'ullamhú chun iad d'easportáil; agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh san gléasta leis an ngléasra agus leis an gcóir oibre atá orduithe d'áitreabhacha cláruítear sa chlár ina bhfuiltear ar aigne an t-áitreabh san do chlárú; agus

(c) go bhfuil ar fostú san áitreabh san duine no daoine atá oilte ar na hainmhithe do mharbha gur chun a marbhtha atáthar ar aigne an t-áitreabh san do chlárú agus ar fheoil úir agus scartach na n-ainmhithe sin d'ullamhú.

(3) Sara gcláróidh sé áitreabh in aon chlár de sheamlaisí raghaidh an tAire i gcomhairle leis an údarás áitiúil seamlas (más ann dóibh) i dtaobh an chláruithe sin.

Na coiníollacha bhainfidh le háitreabhacha crátála do chlárú.

7. —Sara gcláróidh an tAire áitreabh sa chlár d'áitreabhacha crátála déanfa sé deimhin de go bhfuil an t-áitreabh san do réir na gcoiníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabhacha crátála), sé sin le rá:—

(a) go bhfuil déanamh an áitreibh sin oiriúnach chun muicfheoil, caoirfheoil agus uainfheoil do chur i gcrátaí chun iad d'easportáil; agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh san agus na crátaí agus na habhair a húsáidtear chun crátála glan agus dea-dheisithe; agus

(c) go bhfuil an t-áitreabh san ina leithéid sin d'áit agus go n-úsáidtear é ar a leithéid sin de shlí ná beidh feoil úr a cuirfear i gcrátaí ann i mbaol a thruaillithe no a lobhtha.

Iarratas ar áitreabh do chlárú.

8. —(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so ná dílseánach an áitreibh sin agus is i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe a déanfar san agus beidh an t-eolas orduithe ann.

(2) Pé uair a déanfar iarratas fén alt so ar áitreabh ar bith do chlárú cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfaidh cigire an t-áitreabh san d'iniúcha.

(3) Sara ndiúltfaidh an tAire do ghéille d'iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so cuirfe sé fógra coicíse tríd on bpost chun an iarratasóra, go dtí n-a sheola mar a bheidh san iarratas, á rá go bhfuil an tAire chun diúlta do ghéille don iarratas san agus ag luadh na réasún atá leis an diúlta san agus breithneoidh sé aithris chúise ar bith a dhéanfaidh an t-iarratasóir roimh dhul in éag don fhógra san.

An táille is iníoctha as áitreabh do chlárú.

9. —An té bheidh á iarraidh go gclárófaí áitreabh i gclár ar bith a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so, íocfa sé táille phúint leis an Aire agus bheidh sé ina choiníoll, le cólíona roimh bhreithniú an iarratais don Aire, an táille sin d'íoc.

Clárú sealadach ar sheamlaisí.

10. —(1) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta so no laistigh de bhliain ina dhiaidh sin, go n-iarrfar áitreabh ar bith do chlárú i gclár de sheamlaisí agus ná beidh an tAire sásta go bhfuil an t-áitreabh san do réir na gcoiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas, no do réir na gcoiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an gcás, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár san go sealadach ar feadh pé tréimhse nách sia ná bliain agus is dó leis is ceart agus a luadhfa sé le linn an chláruithe sin.

(2) Aitreabh a clárófar go sealadach fén alt so i gclár de sheamlaisí tuigfear chun crícheanna uile an Achta so, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, go bhfuil sé cláruithe sa chlár san do réir an Achta so agus bainfidh an tAcht so leis an áitreabh san, agus beidh éifeacht aige maidir leis an áitreabh san, dá réir sin.

(3) Má deintear áitreabh ar bith do chlárú go sealadach fén alt so i gcar de sheamlaisí agus go mbeidh an tAire sásta, roimh dheire na tréimhse dar cláruíodh an t-áitreabh san amhlaidh, go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh san do shocrú do réir na gcoiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas agus do réir na gcoiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an gcás, féadfa sé, roimh dheire na tréimhse sin, an clárú sealadach san do dhaingniú, agus leis sin tiocfaidh an t-áitreabh san chun bheith agus beidh sé cláruithe sa chlár san chó hiomlán ar gach slí is dá ndeintí, ar dháta an chláruithe shealadaigh sin, é do chlárú sa chlár san fén gCuid seo den Acht so lasmuich den alt so.

(4) Má deintear áitreabh ar bith do chlárú go sealadach fén alt so i gclár de sheamlaisí agus ná daingneofar an clárú sealadach san fén alt so roimh dheire na tréimhse dar cláruíodh an t-áitreabh san amhlaidh, ansan, um dheire na tréimhse sin scuirfidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe sa chlár san agus scriosfar den chlár san é agus ní clárófar go sealadach arís é fén alt so sa chlár san.

Ceadúnaithe cláruithe seamlaisí cláruithe.

11. —(1) I gcás duine nách dílseánach cláruithe do sheamlas chláruithe áirithe do dhéanamh có-aontuithe le dílseánach cláruithe an áitreibh sin tré n-a n-aontuíonn an dílseánach cláruithe sin go gceadóidh sé don duine sin an t-áitreabh san d'úsáid chun ainmhithe de chuid an duine sin, agus den tsaghas gur chun a mharbhtha bheidh an t-áitreabh san cláruithe, do mharbha agus chun feoil úr agus scartach na n-ainmhithe sin d'ullamhú agus do phacáil ann chun iad d'easportáil féadfaidh an tAire ar a iarraidh sin air don duine sin agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil seamlas (más ann dóibh) ainm agus seola iomlán an duine sin do chur síos, maidir leis an áitreabh san, sa chlár de sheamlaisí ina mbeidh an t-áitreabh san cláruithe agus san Acht so gairmtear ceadúnaí cláruithe don áitreabh san de dhuine go mbeidh a ainm agus a sheola curtha síos amhlaidh de thurus na huaire maidir le haon áitreabh den tsórt san.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar dhuine do chlárú mar cheadúnaí chláruithe fén alt so agus beidh an t-eolas orduithe ann.

(3) Gach duine iarrfaidh go gclárófaí é mar cheadúnaí chláruithe fén alt so, íocfa sé táille phúint leis an Aire agus beidh sé ina choiníoll, le cólíona roimh bhreithniú an iarratais don Aire, an táille sin d'íoc.

(4) Iontráil a déanfar ar éinne fén alt so, i gclár ar bith a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so, mar cheadúnaí chláruithe d'áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san, scriosfar den chlár san í ar dhul in éag don chó-aontú gur dá bhua do hiontráladh an duine sin mar cheadúnaí chláruithe don áitreabh san.

Easportálaithe ceadúnaithe.

12. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas easportálaí mhairtfheola) sa bhfuirm orduithe, chun mairtfheoil agus laoighfheoil agus scartach eallaigh d'easportáil, do dheona, maidir le haon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí eallaigh, do dhuine ar bith is dílseánach cláruithe an áitreibh sin no is ceadúnaí cláruithe dho.

San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí mairtfheola ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí mhairtfheola bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas easportálaí mhuicfheola) sa bhfuirm orduithe, chun muicfheoil agus scartach muc d'easportáil, do dheona, maidir le haon aitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí muc, do dhuine ar bith is dílseánach cláruithe an áitreibh sin no is ceadúnaí cláruithe dho.

San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí muicfheola ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas easportálaí chaoirfheola) sa bhfuirm orduithe, chun caoirfheoil agus uainfheoil agus scartach caorach d'easportáil, do dheona, maidir le haon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí caorach, do dhuine ar bith is dílseánach cláruithe an áitreibh sin no is ceadúnaí cláruithe dho.

San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí caoirfheola ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas easportálaí feola capaill) sa bhfuirm orduithe chun feoil chapaill agus scartach capall d'easportáil, do dheona, maidir le haon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall, do dhuine ar bith is dílseánach cláruithe an áitreibh sin no is ceadúnaí cláruithe dho.

San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí feola capaill ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí feola capaill a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas easportálaí feola gabhair) sa bhfuirm orduithe, chun feoil ghabhair agus scartach gabhar d'easportáil, do dheona, maidir le haon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí gabhar, do dhuine ar bith is dílseánach cláruithe an áitreibh sin no is ceadúnaí cláruithe dho.

San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí feola gabhair ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí feola gabhair a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(6) Is le haon cheadúnas amháin a bhainfidh gach iarratas ar cheadúnas fén alt so agus is sa bhfuirm orduithe bheidh sé agus beidh an t-eolas orduithe ann.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas easportálaí” ceadúnas ar bith a dheonfaidh an tAire fén alt so, agus cialluíonn an abairt “easportálaí ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(8) Deimhniú fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire a bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, á dheimhniú nách sealbhóir ar cheadúnas easportálaí duine a hainmnítear sa deimhniú san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

Táillí ar cheadúnaisí easportálaí.

13. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas easportálaí éarlais de dhá phúnt déag agus deich scillinge is ionaisíoctha leis an iarratasóir má diúltar do ghéille dá iarratas agus beidh sé ina choiníoll, le cólíona roimh dheona an cheadúnais sin, an éarlais sin d'íoc, agus ar dheona an cheadúnais sin coinneoidh an tAire an éarlais sin agus cuirfear chun críche í do réir an ailt seo.

(2) Gach duine bheidh no bhí i seilbh cheadúnais easportálaí, íocfa sé leis an Aire, in aghaidh gach leath-bhliana go raibh sé i seilbh cheadúnais no ceadúnaisí easportálaí le n-a linn no le linn aon choda dhi—

(a) más aon cheadúnas easportálaí amháin do bhí ag an duine sin amhlaidh no dhá cheadúnas den tsórt san no níos mó agus iad uile ar n-a ndeona maidir leis an aon tseamlas cláruithe amháin—táille (dá ngairmtear táille leath-bhliana easportálaí san Acht so) ar n-a háireamh do réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no

(b) más dhá cheadúnas easportálaí no níos mó do bhí ag an duine sin amhlaidh agus nách maidir leis an aon tseamlas cláruithe amháin do deonadh na ceadúnaisí sin uile—táille (a foluítear san Acht so leis an abairt “táille leath-bhliana easportálaí”) ar n-a háireamh mar adubhradh do gach seamlas cláruithe fé leith dar deonadh maidir leis aon cheadúnas no ceadúnaisí acu san.

(3) Gach éarlais íocfaidh neach iarrtha ceadúnais easportálaí fé fho-alt (1) den alt so lomhálfar í mar íocaíocht ar cuntas an chéad tháille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin tar éis an ceadúnas san do dheona i dtaobh an tseamlais chláruithe gur maidir leis a deonfar an ceadúnas san, agus más mó an éarlais no na héarlaisí sin ná an táille sin lomhálfar an deifríocht mar íocaíocht ar cuntas an chéad tháille leath-bhliana easportálaí eile is iníoctha ag an duine sin i dtaobh an tseamlais chláruithe chéanna.

(4) Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach leath-bhliana déanfaidh an tAire amach, maidir le gach n-aon do bhí i seilbh cheadúnais no ceadúnaisí easportálaí i rith na leath-bhliana san go léir no i rith aon choda dhi, méid na táille leath-bhliana easportálaí no méid gach táille fé leith acu san is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na leath-bhliana san.

(5) Má dheineann an tAire na ceadúnaisí easportálaí uile bheidh ag duine maidir leis an aon tseamlas cláruithe amháin do cheiliúra fén Acht so, ansan, má orduíonn an tAire é, is díreach tar éis an cheiliúrtha san agus ní fén bhfo-alt san roimhe seo déanfar amach an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin i dtaobh an áitreibh sin in aghaidh na leath-bhliana bheidh ann an uair sin.

(6) Más ag beirt daoine no níos mó, i ndiaidh a chéile, a bheidh ceadúnas easportálaí ar feadh leath-bhliana, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo agus an Sceidil a ghabhann leis an Acht so, an ceadúnas san do bheith ar feadh na leath-bhliana san go léir ag an té is déanaí go mbeidh sé aige i rith na leath-bhliana san agus gan é do bheith ag aon duine eile uair ar bith i rith na leath-bhliana san.

(7) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh méid aon táille leath-bhliana easportálaí déanta amach fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, ansan, mara mbeidh iomlán na táille sin iníoctha le héarlais no le héarlaisí is gá, do réir an ailt seo, do lomháil mar íocaíocht ar cuntas na táille sin, bhéarfaidh an tAire amach sa bhfuirm orduithe deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cadé an leath-bhliain gur ina haghaidh atá an táille sin iníoctha, cé hé an duine ag a bhfuil agus cadé an seamlas cláruithe gur ina thaobh atá an táille sin iníoctha, agus méid na táille sin no (má sé is gá sa chás) an méid is iníoctha alos na táille sin tar éis pé suim do bhaint as an táille sin is gá, do réir an ailt seo, do lomháil mar íocaíocht ar cuntas na táille sin.

(8) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise dho-chlaoite ar gach ní fhéachfaidh bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith fhéachfaidh bheith ina deimhniú fhéichiúnais do tugadh amach fén alt so tuigfear, ar a tabhairt i láthair in imeachta ar bith chun an tsuim a dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í do tugadh amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(9) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhniú féichiúnais do thabhairt amach seirbheálfar cóip de, tríd an bpost, ar an té deimhnítear leis do bheith freagarthach in íoc na táille is abhar don deimhniú san, agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha ag an duine sin tiocfa sí chun bheith agus beidh sí iníoctha ag an duine sin leis an Aire díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha sibhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

(10) Má theipeann ar dhuine is easportálaí ceadúnuithe, no má leigeann sé i bhfaillí, an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóip den deimhniú san do sheirbheáil air, féadfaidh an tAire an ceadúnas easportálaí no na ceadúnaisí easportálaí go léir a bheidh ag an duine sin maidir leis an seamlas cláruithe gur ina thaobh a bheidh an tsuim sin iníoctha do cheiliúra ach ní shaorfaidh an ceiliúra san an duine sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(11) Má ceiliúrtar ceadúnas easportálaí fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus gurb é sealbhóir an cheadúnais sin is dílseánach cláruithe, leis, don áitreabh gur maidir leis a deonadh an ceadúnas san, beidh clárú an áitreibh sin, sa chlár no sna cláir go léir ina mbeidh an t-áitreabh san cláruithe fén Acht so, beidh sé, de bhua an fho-ailt seo, ar nea-mbrí o dheire na bliana bhí ann nuair do ceiliúradh an ceadúnas san, agus ní clárófar an t-áitreabh san arís sa chlár san ná in aon cheann de sna cláir sin faid a bheidh an tsuim no aon chuid den tsuim gan íoc gurb é a neamh-íoc fé ndeár an ceiliúra san.

Cé chuige go dtuitfidh ceadúnas ar éag dá shealbhóir.

14. —Má éagann easportálaí ceadúnuithe tuitfidh an ceadúnas easportálaí bheidh aige an uair sin chun a ionadaí phearsanta dhlithiúla mar chuid dá estát phearsanta.

Ceadúnas easportálaí d'aistriú.

15. —Ar a iarraidh sin d'easportálaí cheadúnuithe no d'ionadaí phearsanta dhlithiúil easportálaí cheadúnuithe mhairbh, féadfaidh an tAire an ceadúnas easportálaí bheidh ag an easportálaí ceadúnuithe sin d'aistriú chun duine eile, ach ní haistreofar ceadúnas easportálaí amhlaidh chun duine ná beidh, ar dháta an aistrithe sin, ina dhílseánach chláruithe ná ina cheadúnaí chláruithe don áitreabh gur maidir leis a deonadh an ceadúnas san.

Ceadúnaisí easportálaí do cheartú agus do cheiliúra.

16. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas easportálaí d'atharú no do cheiliúra ar iarratas shealbhóir an cheadúnais sin no ar iarratas a ionadaí phearsanta más duine an sealbhóir sin no ar iarratas a shocruitheora más cólucht ionchorparuithe an sealbhóir sin.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas easportálaí do cheiliúra aon uair gan aon iarratas den tsórt san d'fháil más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do fuarthas an ceadúnas san no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) gur scuir an t-áitreabh gur maidir leis a deonadh an ceadúnas san—

(i) i gcás an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas easportálaí mhairtfheola, gur scuir sé de bheith cláruithe sa chlár de sheamlaisí eallaigh; no

(ii) i gcás an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas easportálaí mhuicfheola, gur scuir sé de bheith cláruithe sa chlár de sheamlaisí muc; no

(iii) i gcás an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas easportálaí chaoirfheola, gur scuir sé de bheith cláruithe sa chlár de sheamlaisí caorach; no

(iv) i gcás an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas easportálaí feola capaill, gur scuir sé de bheith cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall; no

(v) i gcás an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas easportálaí feola gabhair, gur scuir sé de bheith cláruithe sa chlár de sheamlaisí gabhar; no

(c) gurbh é sealbhóir an cheadúnais sin ceadúnaí cláruithe an áitreibh gur maidir leis a deonadh an ceadúnas san agus gur scuir sé de bheith ina cheadúnaí chláruithe amhlaidh; no

(d) má ba dhuine sealbhóir an cheadúnais sin, go bhfuair sé bás no, má ba cholucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é agus nár aistrigh an tAire an ceadúnas san fén Acht so chun duine eile laistigh de ráithe tar éis an bháis no an scurtha san; no

(e) gur tugadh mar bhreith ar shealbhóir an cheadúnais sin é do bheith gnó-bhriste; no

(f) gurb é tuairim an Aire go ndeárna sealbhóir an cheadúnais sin sárú ar bith (le gníomh no le faillí) ar an Acht so no ar rialacháin ar bith do rinneadh fé.

(3) Roimh cheiliúra do dhéanamh ar cheadúnas easportálaí (ar aon tslí eile seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so), bhéarfaidh an tAire i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais sin, no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá shocruitheoir (pe'ca aca é), fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an ceadúnas san do cheiliúra amhlaidh, agus breithneoidh sé aon aithris chúise dhéanfaidh an sealbhóir no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) sara mbeidh téarma an fhógra san istigh agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(4) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun ceadúnas easportálaí do cheiliúra no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh cláruithe gur maidir leis a deonadh an ceadúnas san no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(5) Má cheiliúrann an tAire ceadúnas easportálaí fén alt so féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú do cheadúnas easportálaí do dheona don té ba shealbhóir ar an gcéad cheadúnas san a luaidhtear díreach sarar ceiliúradh é.

Ceada easportálaí.

17. —(1) Má cheapann an tAire gur mhaith an rud san do dhéanamh mar gheall ar nithe speisialta bheidh ann an uair sin, féadfa sé cead (dá ngairmtear cead easportálaí san alt so) do dheona do dhuine ar bith dá bhféadfadh sé, fén gCuid seo den Acht so, ceadúnas easportálaí do dheona chun feoil úr agus scartach de shaghas áirithe d'easportáil, cead chun feoil úr agus scartach den tsaghas san d'easportáil ar feadh pé tréimhse nách sia ná mí agus is dó leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa chead san.

(2) Chun crícheanna uile an Achta so, lasmuich de chás ina bhforáltar a mhalairt go soiléir, tuigfear, ar feadh na tréimhse dá ndeonfar gach cead easportálaí chun feoil úr agus scartach de shaghas áirithe d'easportáil, gurb ionann an cead san agus ceadúnas easportálaí chun feoil úr agus scartach den tsaghas san d'easportáil agus bainfidh an tAcht so leis an gcead easportálaí sin agus beidh éifeacht aige maidir leis dá réir sin.

(3) Ní bhainfidh alt 13 den Acht so (alt i dtaobh táillí ar cheadúnaisí easportálaithe) leis an scéal maidir le cead easportálaí.

(4) Íocfaidh sealbhóir gach ceada easportálaí ar an gcead san, ar dhul in éag don chead san, táille (dá ngairmtear an táille cheada san alt so) a háireofar tríd an suim oiriúnach, mar a mínítear í le riail 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'iolrú fé líon na n-ainmhithe do taisbeánadh fén gcead san do scrúdóir shréidliaghachta chun a scrúduithe i rith na tréimhse dar deonadh an cead san, agus chun críche an áirimh sin bainfidh fo-riail (3) de riail 4 den Sceideal a ghabann leis an Acht so leis an scéal fé mar a bhaineann sí leis chun crícheanna na rialach san.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis dul in éag do chead easportálaí déanfaidh an tAire amach agus deimhneoidh sé méid na táille ceada is iníoctha ar an gcead san agus bhéarfaidh amach sa bhfuirm orduithe deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cé hé an duine ag a bhfuil an táille sin iníoctha agus méid na táille sin.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise dho-chlaoite ar gach ní fhéachfaidh bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith fhéachfaidh bheith ina deimhniú fhéichiúnais do tugadh amach fén alt so tuigfear, ar a tabhairt i láthair in imeachta ar bith chun an tsuim a dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í do tugadh amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(7) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhniú féichiúnais do thabhairt amach seirbheálfar cóip de, tríd an bpost, ar an té deimhnítear leis do bheith freagarthach in íoc na táille is abhar don deimhniú san, agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha ag an duine sin tiocfa sí chun bheith agus beidh sí iníoctha ag an duine sin leis an Aire díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

Cuntaisí o dhílseánaigh chláruithe agus o cheadúnaithe cláruithe.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cuntaisí do thabharfaidh dílseánaigh chláruithe agus ceadúnaithe cláruithe uatha;

(b) na daoine dá dtabharfar na cuntaisí sin;

(c) na trátha a tabharfar na cuntaisí sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

(2) Gach n-aon ar a gceanglófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltfaidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Breacacháin a cimeádfar in áitreabhacha cláruithe.

19. —(1) Beidh sé de dhualgas ar dhílseánach chláruithe gach seamlais chláruithe pé breacacháin is dó leis an Aire do bheith sásúil i ngach cás fé leith do chimeád no a chur fé ndeár iad do chimeád, sa tseamlas san, ar na consighneachtaí uile d'fheoil úir agus de scartach a heasportálfar ón seamlas san, pe'ca is leis an dílseánach cláruithe sin an fheoil úr no an scartach san no nách leis, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis consighneacht ar bith den tsórt san do chur amach, pé eolas éileoidh an tAire, i dtaobh na feola úire agus an scartaigh do bhí sa chonsighneacht san, do chur síos no a chur fé ndeár é do chur síos sna breacacháin sin agus, fós, ainm agus seola an té chun ar cuireadh agus an bealach do cuireadh an chonsighneacht san.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach easportálaí ceadúnuithe nách dílseánach cláruithe an áitreibh gur madir leis a bheidh sé ceadúnuithe amhlaidh pé breacacháin is dó leis an Aire do bheith sásúil i ngach cás fé leith do chimeád no a chur fé ndeár iad do chimeád, san áitreabh san, ar na consighneachtaí uile d'fheoil úir agus de scartach easportálfa sé féin, no éinne eile thar a cheann, ón áitreabh san, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis consighneacht ar bith den tsórt san do chur amach, pé eolas éileoidh an tAire, i dtaobh na feola úire agus an scartaigh do bhí sa chonsighneacht san, do chur síos no a chur fé ndeár é do chur síos sna breacacháin sin agus, fós, ainm agus seola an té chun ar cuireadh agus an bealach do cuireadh an chonsighneacht san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar dhílseánach chláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha crátála pé breacacháin is dó leis an Aire do bheith sásúil i ngach cás fé leith do chimeád no a chur fé ndeár iad do chimeád, san áitreabh san, ar na consighneachtaí uile de mhairtfheoil, de mhuicfheoil, do chaoirfheoil agus d'uainfheoil a cuirfear i gcrátaí san áitreabh san, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis consighneacht ar bith den tsórt san do chur amach, pé eolas éileoidh an tAire, i dtaobh na mairtfheola, na muicfheola, na caoirfheola no na huainfheola do bhí sa chonsighneacht san, do chur síos no a chur fé ndeár é do chur síos sna breacacháin sin agus, fós, ainm agus seola an easportálaí agus an té chun ar cuireadh agus an bealach do cuireadh an chonsighneacht san.

(4) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha uair ar bith le linn tráthanna oifige, agus an té go mbeidh air fén alt so an breacachán san do chimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin, go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(5) Má thárlann d'éinne—

(a) go dteipfidh air an breacachán san do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád gur gá dho do réir an ailt seo é do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád; no

(b) go dteipfidh air aon iontráil, gur gá dho do réir an ailt seo í do chur sa bhreacachán san, do chur no a chur fé ndeár í do chur sa bhreacachán san laistigh den am a horduítear leis an alt so; no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn, no cóip de scríbhinn, gur gá dho do réir an ailt seo é do thaisbeáint, do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint, ar iarratas cigire, chun go n-iniúchfaidh an cigire é no go gcuirfe sé cosc le cigire ar bith agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná ragbaidh thar fiche púnt do chur air.

(6) Chun críche an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúcha cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe no ar an easportálaí ceadúnuithe (pe'ca aca é) breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh cláruithe ar dhuine ar bith ar fostú ag an dílseánach cláruithe no ag an easportálaí ceadúnuithe (pe'ca aca é); agus

(c) más san áitreabh cláruithe do rinneadh agus más duine ar fostú ag an dílseánach cláruithe no ag an easportálaí ceadúnuithe (pe'ca aca é) do rinne diúlta no teip maidir le breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é, tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe no an t-easportálaí ceadúnuithe (pe'ca aca é) do rinne an diúlta no an teip sin; agus

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon am idir a deich a' chlog ar maidin agus a cúig a' chlog um thráthnóna go mbíonn gnó ar siúl no obair á dhéanamh le n-a linn san áitreabh cláruithe.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

20. —(1) Gach clár a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear é do bheith sa chimeád cheart nuair a bheidh sé i gcimeád ag an Aire no ag oifigeach don Aire go mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire; agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise gan aon chruthúnas eile má tugtar é i láthair as an gcimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair a fhéachfaidh bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag aon oifigeach don Aire a bheidh údaruithe chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú, fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire a bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, ar áitreabh ar bith a luadhfar sa deimhniú san do bheith gan bheith iontrálta sa chlár a luadhfar sa deimhniú san beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú, ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríbh, ná go raibh an t-údarás san aige dáiríribh.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so d'iniúcha ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling an t-iniúcha;

(b) cóip d'fháil, agus í deimhnithe mar chóip dhílis ar an slí a luaidhtear anso roimhe seo, d'iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar réal an fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú d'fháil, den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, ar aon áitreabh áirithe do bheith gan bheith cláruithe i gclár áirithe a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar dhá scilling agus réal an deimhniú.

Nithe sna cláir, etc., d'fhoillsiú.

21. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh ar pé slí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, agus

(b) ar fhógra i dtaobh nea-mbríochaint no atharú ar bith do dhéanamh ar chlárú in aon chlár a bheidh á chimeád fén Acht so, agus

(c) ar fhógra i dtaobh ceadúnas easportálaí do chur ar neambrí, agus

(d) ar fhógra i dtaobh aon chiontú i gcionta i gcoinnibh aon fhorála den Acht so.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná cuid de chuntas do tugadh do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochta ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (ar a n-áirítear staitistíocht as cuntaisí do rinneadh do réir an Achta so) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid agus cor na trádála i bhfeoil úir agus i scartach.

Aitreabh cláruithe d'iniúcha.

22. —(1) Beidh teideal ag aon chigire, cigire sréidliaghachta no scrúdóir sréidliaghachta (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar chigire, mar chigire shréidliaghachta no mar scrúdóir shréidliaghachta den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh gur hiarradh go gclárófaí é agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an mheaisínteacht, na fearaistí agus an chóir oibre ann d'iniúcha agus féachaint ar gach modh no ar aon mhodh a húsáidtear sa ghnó bhíonn ar siúl ann.

(2) Beidh teideal ag aon oifigeach ceart-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil dul isteach gach tráth réasúnta in aon tseamlas cláruithe bheidh suidhte i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin agus pé iniúcha do dhéanamh ann is gá chun a dheimhniú dho go bhfuiltear ag cólíona na gcoiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas agus na gcoiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an áitreabh san.

(3) Aon chigire, cigire sréidliaghachta no scrúdóir sréidliaghachta iniúchfaidh áitreabh ar bith i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, beidh sé do dhualgas air tuarasgabháil i scríbhinn do thabhairt don Aire ar aon tsárú do chífe sé do bheith á dhéanamh san áitreabh san (más seamlas cláruithe an t-áitreabh san) ar na coiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas agus ar na coiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an áitreabh san no (más áitreabh crátála cláruithe an t-áitreabh san) ar na coiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht áitreabhacha crátála.

(4) Aon oifigeach ceart-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil iniúchfaidh aon tseamlas cláruithe i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, beidh sé de dhualgas air tuarasgabháil i scríbhinn do thabhairt don Aire ar aon tsárú do chífe sé do bheith á dhéanamh san áitreabh san ar na coiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas agus ar na coiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an áitreabh san.

(5) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le haon chigire, cigire sréidliaghachta no scrúdóir sréidliaghachta no le haon oifigeach ceart-údaruithe don údarás sláintíochta áitiúil agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air,

(6) Pé uair a dhéanfaidh cigire, cigire sréidliaghachta no scrúdóir sréidliaghachta no oifigeach ceart-údaruithe don údarás sláintíochta áitiúil a thuairisciú don Aire fén alt so go bhfuil seamlas cláruithe ar bith gan bheith do réir na gcoiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht sheamlas agus do réir na gcoiníollacha speisialta um oiriúnacht sheamlas a bhaineann leis an seamlas san no pé uair a dhéanfaidh cigire, cigire sréidliaghachta no scrúdóir sréidliaghachta a thuairisciú don Aire fén alt so go bhfuil áitreabh crátála cláruithe ar bith gan bheith do réir na gcoiníollacha generálta um ghlaine agus oiriúnacht áitreabhacha crátála, féadfaidh an tAire fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe an áitreibh sin á cheangal ar an dílseánach cláruithe sin gach ní no éinní dá mbeidh luaidhte go dleathach sa bhfógra san fén alt so do dhéanamh sa tslí agus san am a bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(7) I bhfógra seirbheálfar fén bhfo-alt san roimhe seo féadfar a éileamh—

(a) go nglanfar an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe;

(b) go nglanfar an chóir oibre, na feistisí agus na fearaistí, no aon chuid díobh,

(c) go ndéanfar an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe do dheisiú go cóir;

(d) go ndéanfar san áitreabh no go gcuirfear leis pé atharuithe no breiseanna déanmhais adéarfar sa bhfógra;

(e) go ndéanfar an chóir oibre, na feistisí no na fearaistí, no aon chuid díobh, do dheisiú go cóir;

(f) go ndéanfar ar an gcóir oibre, ar na feistisí agus ar na fearaistí a húsáidtear san áitreabh, no go gcuirfear leo, pé feabhsanna no breiseanna adéarfar sa bhfógra;

(g) i gcás an fheoil úr no an scartach a hullamhuítear no a pacáltar san áitreabh do bheith i mbaol a thruaillithe na a lobhtha, go ndéanfar an ní is abhar don bhaol san d'aistriú no an baol uaidh do chur ar neamh-ní;

(h) más seamlas cláruithe an t-áitreabh—

(i) go gcuirfear leor-shaoráidí ann chun deighleáil mar is cóir le fuil, le fuighleach nigheacháin agus le bhásta;

(ii) go gcuirfear ar fáil san áitreabh leor-sholáthar d'uisce ghlan fholláin;

(iii) go gcuirfear leor-shaoráidí san áitreabh no ag dul leis chun ainmhithe do loca agus chun sos do thabhairt dóibh sara marbhófar iad;

(iv) go bhfostófar sa tseamlas duine no daoine bheidh oilte ar ainmhithe do mharbha agus ar chonablaigh agus scartach d'ullamhú.

(8) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áitreabh le n-a mbaineann sé.

(9) Einne ar a seirbheálfar fógra fén alt so agus go dteipfidh air na héilithe bheidh sa bhfógra san do chólíona ar an slí agus laistigh den aimsir a bheidh luaidhte sa bhfógra san agus, ar bheith caithte don aimsir roimhráite, a leanfaidh, san áitreabh le n-a mbaineann an fógra san, de bheith ag ullamhú no ag pacáil feola úire no scartaigh chun é d'easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

Forálacha speisialta i dtaobh fógra le n-a n-éilítear an t-áitreabh do dheisiú, etc.

23. —Más rud é, i bhfógra sheirbheálfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so ar dhílseánach chláruithe aon áitreibh, go n-éileofar an t-áitreabh san no aon chuid de do dheisiú go cóir no go n-éileofar aon atharuithe no breiseanna déanmhais do dhéanamh san áitreabh san no do chur leis, bainfidh na forálacha so leanas leis an gcás agus beidh éifeacht acu, sé sin le rá:—

(a) marab é an dílseánach cláruithe is sealbhaire rátuithe ar an áitreabh beidh sé de dhualgas ar an dílseánach cláruithe sin a mbeidh sa bhfógra do chur in úil don tsealbhaire rátuithe sin laistigh de thrí lá tar éis seirbheáil an fhógra, agus

(b) más fé léas no fé aon chonnra eile tionóntachta bheidh seilbh an áitreibh ag an dílseánach cláruithe no ag an sealbhaire rátuithe beidh sé de dhualgas ar an dílseánach cláruithe a mbeidh sa bhfógra do chur in úil do ghar-thiarna an áitreibh no dá ghníomhaire laistigh de thrí lá tar éis seirbheáil an fhógra, agus

(c) i gcás an dílseánach cláruithe do bheith tar éis forálacha na míreanna san roimhe seo den alt so do chólíona go cuibhe sa mhéid go mbainid (má bhainid in aon chor) leis an scéal beidh sé do chead aige an obair do dhéanamh a héilítear leis an bhfógra, agus san in ainneoin aon chumhnant, có-aontú no coiníoll a bheidh ina choinnibh sin in aon léas no connra eile tionóntachta fé n-a mbeidh an t-áitreabh ar seilbh.

Toirmeasc ar dhaoine áirithe do bheith ag obair in áitreabhacha cláruithe.

24. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, rialacháin do dhéanamh ag toirmeasc daoine ar a mbeidh galair a bheidh luaidhte sna rialacháin sin agus daoine do theangmhuigh le galair agus daoine is eol do bheith ina n-iomprathóirí galar a bheidh luaidhte sna rialacháin sin do bheith ag obair in áitreabh cláruithe mara ndeimhnighidh agus go dtí go ndeimhneoidh Dochtúir Oifigiúil Sláinte na daoine sin do bheith saor o sna galair sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha do rialacháin ar bith a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Clárú do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.

25. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe o dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no o n-a ionadaí phearsanta más duine an dílseánach san no ón té is socruitheoir do más cólucht ionchorparuithe an dílseánach san.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú maidir le haon tslí ina bhfeicfear do go bhfuil an clárú san earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois a tugadh chun críche an clárú do dhéanamh, no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) go bhfuil an t-áitreabh tar éis scur de bheith ionchláruithe sa chlár ina bhfuil sé cláruithe; no

(c) nách leor an chóiríocht agus an gléasra agus an chóir oibre atá san áitreabh don mhéid gnótha deintear ann; no

(d) má ba dhuine an dílseánach cláruithe, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é, agus ná deárnadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san, éinne eile do chlárú in ionad an dílseánaigh chláruithe do fuair bás no do scuireadh amhlaidh; no

(e) gur tugadh mar bhreith ar an dílseánach cláruithe é do bheith gnó-bhriste; no

(f) más seamlas muc cláruithe o n-a n-easportáltar muicfheoil an t-áitreabh, gur lú ná 1,000 conablach muice an méid muicfheola do heasportáladh ón áitreabh san in aon tréimhse bhliana dar tosach aon 1adh lá d'Iúl tar éis an dáta ar ar deonadh clárú an áitreibh sin; no

(g) gurb é a thuairim go ndeárnadh sárú ar bith (le gníomh no le faillí) san áitreabh ar an Acht so no ar rialacháin ar bith do rinneadh fé; no

(h) go ndeárnadh fé Alt 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, no fé Ailt 132, 133, 134 no 135 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear é la hAlt 28 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, an dílseánach cláruithe do chiontú i gcionta do rinneadh san áitreabh.

(4) Roimh atharú no nea-mbríochaint do dhéanamh (ar aon tslí eile seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so, bhéarfaidh an tAire i scríbhinn, do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá shocruitheoir (pe'ca aca é) agus fós do cheadúnuithe cláruithe an áitreibh sin (más ann dóibh), fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an clárú san d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh, agus breithneoidh sé aon aithris chúise dhéanfaidh an dílseánach cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) no aon cheadúnaí cláruithe den tsórt san sara mbeidh téarma an fhógra san istigh agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(5) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun clárú áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint do le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Má dheineann an tAire fén alt so clárú aon áitreibh do chur ar nea-mbrí féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú don áitreabh san do chlárú i gclár ar bith a bheidh á chimeád do réir na Coda so den Acht so.

Cuid II.

Rialachain i dtaobh Ainmhithe do Mharbha agus Feoil Ur agus Scartach d'Ullamhu, etc.

Rialacháin chun feoil úr d'ullamhú.

26. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun feoil úr d'ullamhú) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas:—

(a) an tslí ina gcruinneofar le chéile agus ina locfar chun a marbhtha ainmhithe go mbeidh a gcuid feola le heasportáil;

(b) slí mharbhtha na n-ainmhithe sin;

(c) na trátha féadfar marbha do dhéanamh;

(d) modh cóirithe, glanta, crochta, fionnfhuartha agus meaidhte feola úire agus scartaigh a bheidh le heasportáil;

(e) na leasuithe (más ann dóibh) a féadfar d'úsáid i bhfeoil úir no i scartach a bheidh le heasportáil.

(2) Forálfar le rialacháin a déanfar fén alt so i dtaobh slí mharbhtha ainmhithe go ndéanfar roimh iad do mharbha gach saghas eallaigh do chlaga go héifeachtúil le gléas inneall-oibrithe éifeachtúil de shaghas a cheadóidh an tAire agus a oibreoidh fear ná beidh fé bhun ocht mblian déag agus a dheimhneoidh an tAire do bheith inniúil ar an ngléas san d'oibriú.

Rialacháin chun feoil úr do mharcáil.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun feoil úr do mharcáil) do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach saghas feola úire agus scartaigh, a scrúdóidh agus a dheimhneoidh scrúdóir sréidliaghachta i seamlas cláruithe, chun gach ní no éinní acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) gur scrúduigh agus gur dheimhnigh scrúdóir sréidliaghachta an fheoil úr agus an scartach san do réir an Achta so agus do réir rialachán do rinneadh fé;

(b) an t-áitreabh in ar scrúduíodh agus in ar deimhníodh an fheoil úr agus an scartach san amhlaidh;

(c) únaer na feola úire agus an scartaigh do scrúduíodh agus do deimhníodh amhlaidh;

(d) gur i Saorstát Éireann do hullamhuíodh an fheoil úr agus an scartach san;

(e) éinní eile is dó leis an Aire ba chóir do thaisbeáint ar an bhfeoil úir agus ar an scartach san.

(2) Leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil ordófar conus a cuirfear na marcanna a hordófar leo ar an bhfeoil úir agus ar an scartach le n-a mbainid.

(3) Chun críche pé méid den alt so bhaineann le n-a thaisbeáint le marcanna cadé an t-áitreabh in ar scrúduíodh agus in ar deimhníodh feoil úr agus scartach agus cé hé únaer na feola úire agus an scartaigh sin, féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapa do gach seamlas cláruithe fé leith agus fós do gach easportálaí ceadúnuithe fé leith, agus leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil féadfa sé a éileamh go ndéanfar na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar hullamhuíodh an fheoil úr agus an scartach san agus cé hé easportálaí na feola úire agus an scartaigh sin.

(4) Pé uair a déanfar leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil marc ar bith d'ordú mar mharc le cur ar fheoil úir no ar scartach d'aon chineál áirithe no as aon áit áirithe ullamhúcháin no do pacáladh in aon áitreabh áirithe no a easportálfaidh aon easportálaí ceadúnuithe áirithe, tuigfear gur thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, an marc san do chur ar fheoil úir no ar scartach d'aon chineál eile no as aon áit ullamhúcháin eile no do pacáladh in aon áitreabh eile no a easportálfaidh aon duine eile agus bainfidh na hAchtanna san, idir fhorálacha peannaideacha agus eile, leis an gcás dá réir sin.

(5) Chun críche an ailt seo, tuigfear gur cuireadh marc ar rud má cuireadh air é do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no pátrún, no aon fhocail, leitreacha, figiúirí agus pátrúin le chéile no aon cheann no cinn acu.

Rialacháin um staid feola úire le linn a heasportála.

28. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin um staid feola úire le linn a heasportála) do dhéanamh, á ordú cadé an staid in ar gá feoil úr agus scartach do bheith le linn a n-easportála o áitreabh chláruithe.

Rialacháin chun feoil úr do phacáil.

29. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun feoil úr do phacáil) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh agus an chaoi ar fad chun feoil úr agus scartach do phacáil maraon leis na habhair agus na pacáistí a húsáidfear i gcóir na pacála san,

(b) glaine na n-abhar agus na bpacáistí sin agus a nglana o shíol ghalair,

(c) teora mheáchainte aon phacáiste aonair den tsórt san.

Rialacháin chun feoil úr d'iompar,

30. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun feoil úr d'iompar) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) clúdach, meain iompartha agus modh iompartha agus láimhseála feola úire agus scartaigh le linn no uair ar bith le linn a n-iompartha ón áitreabh cláruithe go dtí n-a socrú ina n-áit ar bord luinge chun a n-easportála agus le linn a socruithe amhlaidh no ón áitreabh cláruithe go dtí n-a gcur i bhaigíní traenach no i gcóir iompair eile chun a n-easportála, ar chlárú lán-turuis, chun na Breataine Móire via puirt i dTuaisceart Éireann,

(b) oiriúnacht feistisí inmheánacha, gaothrú agus glaine bhaigíní traenach agus long, agus feoil úr agus scartach sna bhaigíní agus sna longa san do chosaint ar thruailliú agus ar lobha.

Cuid III.

Scrudu Sreidliaghachta agus Deimhniu ar Fheoil Uir.

Scrúdóirí sréidliaghachta do cheapa.

31. —(1) Féadfaidh an tAire pé scrúdóirí sréidliaghachta (dá ngairmtear scrúdóirí sréidliaghachta san Acht so) agus pé méid acu is dó leis is gá agus a cheadóidh an tAire Airgid do cheapa o am go ham chun crícheanna an Achta so.

(2) Ní foláir do gach scrúdóir sréidliaghachta bheith cáilithe go cuibhe mar mháinliaigh shréidliaghachta.

(3) Beidh gach scrúdóir sréidliaghachta i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coiníollacha agus gheobhaidh pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Leas-scrúdóirí sréidliaghachta.

32. —(1) Pé uair nách féidir do scrúdóir shréidliaghachta, toisc é bheith breoite no as láthair, a dhualgaisí mar scrúdóir shréidliaghachta fén Acht so do chólíona féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, máinliaigh sréidliaghachta bheidh cáilithe go cuibhe (dá ngairmtear leas-scrúdóir sréidliaghachta san Acht so) do cheapa chun dualgaisí an scrúdóra sréidliaghachta san do chólíona ar feadh pé tréimhse is oiriúnach leis an Aire.

(2) Beidh gach leas-scrúdóir sréidliaghachta i seilbh gach comhachta bronntar agus fé gach oblagáid a forchuirtear ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so.

Scrúdóirí sréidliaghachta do cheapa do sheamlaisí.

33. —(1) Ceapfaidh an tAire scrúdóir sréidliaghachta do gach seamlas cláruithe fé leith ach féadfaidh aon scrúdóir sréidliaghachta áirithe do cheapa do dhá sheamlas chláruithe no níos mó.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach scrúdóir sréidliaghachta dul go dtí gach seamlas cláruithe dá mbeidh sé ceaptha pé tráthanna cheapfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an gceadúnaí, agus scrúdú do dhéanamh ann, do réir an Achta so agus do réir rialachán do rinneadh fé, ar gach ainmhí taisbeánfar do ann chun a scrúduithe.

Rialacháin um scrúdú shréidliaghachta.

34. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin um scrúdú shréidliaghachta) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh agus an chaoi ina ndéanfaidh agus an caighdeán gur dá réir a dhéanfaidh scrúdóirí sréidliaghachta scrúdú ante mortem ar ainmhithe bheidh le marbha;

(b) na galair no an staid gur mar gheall ortha ná féadfaidh scrúdóir sréidliaghachta seaoile le hainmhithe mar ainmhithe ionmharbhtha;

(c) an modh agus an chaoi ina ndéanfaidh agus an caighdeán gur dá réir a dhéanfaidh scrúdóirí sréidliaghachta scrúdú ar chonablaigh agus ar scartach.

Feoil úr do mharcáil.

35. —Cuirfidh scrúdóir sréidliaghachta an marc a bheidh orduithe leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil, cuirfe sé é, sa tslí a bheidh orduithe leis na rialacháin sin, ar chonablach agus ar scartach gach ainmhí thaisbeánfaidh easportálaí ceadúnuithe dho i seamlas cláruithe ar bith chun a scrúduithe no, mara mbeidh le heasportáil de sna hainmhithe sin ach an scartach, ar an scartach san, ach ní dhéanfa sé amhlaidh ach amháin i gcás in ar cólíonadh na coiníollacha uile so leanas, eadhon:—

(a) gur scrúduigh sé an t-ainmhí sin do réir na rialachán um scrúdú shréidliaghachta sarar marbhadh é agus, ar a scrúdú dho amhlaidh, go ndeárna sé, ag féachaint do sna rialacháin sin do, scaoile leis mar ainmhí ionmharbhtha, agus

(b) gur marbhadh an t-ainmhí sin do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú, agus

(c) go ndeárnadh ina láthair conablach an ainmhí sin d'oscailt agus na hinní do bhaint as, agus

(d) go ndeárna sé scrúdú do réir na rialachán um scrúdú shréidliaghachta ar chonablach agus ar viscera an ainmhí sin no, mara mbeidh le heasportáil ach an scartach, ar viscera an ainmhí sin agus ar a scrúdú dho amhlaidh go bhfuair sé saor o ghalar iad, agus

(e) go raibh an conablach no an scartach san glan, cóirithe sa cheart, úr agus folláin agus an marc san á chur air.

Deimhnithe consighneachta.

36. —Pé uair a chuirfidh easportálaí ceadúnuithe roimhe líon áirithe conablach d'fheoil úir no líon áirithe de scartach, ar ar chuir scrúdóir sréidliaghachta an marc a bheidh orduithe leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil, d'easportáil in aon chnuas amháin no líon áirithe de chonablaigh den tsórt san agus líon áirithe de scartach den tsórt san d'easportáil in aon chnuas amháin agus a chuirfe sé an méid sin in úil don scrúdóir shréidliaghachta san, déanfaidh an scrúdóir sréidliaghachta san, ar iarratas an easportálaí cheadúnuithe sin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú consighneachta san Acht so) do thabhairt amach sa bhfuirm orduithe i dtaobh an chnuais sin, á dheimhniú gur cuireadh an marc san go cuibhe ar an líon conablach d'fheoil úir (a luadhfar ann) atá sa chnuas san no ar an líon de scartach (a luadhfar ann) atá sa chnuas san, no ar an líon conablach d'fheoil úir (a luadhfar ann) agus ar an líon de scartach (a luadhfar ann) atá sa chnuas san.

Cad déanfar le feoil no scartach á beidh oiriúnach mar bhia don duine.

37. —(1) Más rud é, ar mharbha ainmhí ar bith a thaisbeánfaidh easportálaí ceadúnuithe do scrúdóir shréidliaghachta i seamlas cláruithe chun a scrúduithe, go bhfuighidh agus go ndeimhneoidh an scrúdóir sin go bhfuil conablach no scartach an ainmhí sin neamh-oiriúnach mar bhia don duine déanfaidh an t-easportálaí ceadúnuithe sin leis an gconablach no leis an scartach san láithreach rud a chuirfidh é ar staid ná féadfar é d'úsáid mar bhia don duine no, má dheineann an t-údarás sláintíochta áitiúil gur laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin a bheidh an t-áitreabh san suidhte a éileamh go dtabharfaí suas dóibh é, bhéarfar suas don údarás sláintíochta áitiúil sin é chun deighleáil leis do réir forálacha na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar do leasuíodh iad le Cuid II. den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

(2) Más rud é, ar mharbha ainmhí ar bith a thaisbeánfaidh easportálaí ceadúnuithe do scrúdóir shréidliaghachta i seamlas cláruithe chun a scrúduithe, go bhfuighidh agus go ndeimhneoidh an scrúdóir sin go bhfuil aon chuid de chonablach no aon chuid de scartach an ainmhí sin neamh-oiriúnach mar bhia don duine déanfaidh an t-easportálaí ceadúnuithe sin leis an gcuid no leis na coda san den chonablach no den scartach san láithreach rud a chuirfidh iad ar staid ná féadfar iad d'úsáid mar bhia don duine no, má dheineann an t-údarás sláintíochta áitiúil gur laistigh dá líomatáiste fheidhmiúcháin a bheidh an t-áitreabh san suidhte a éileamh go dtabharfaí suas dóibh iad, bhéarfar suas don údarás sláintíochta áitiúil sin iad chun deighleáil leo do réir forálacha na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar do leasuíodh iad le Cuid II. den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

(3) Gach easportálaí ceadúnuithe gur leis aon chonablach no scartach no aon chuid de chonablach no de scartach do gheobhfar agus a deimhneofar, fén alt so, bheith neamh-oiriúnach mar bhia don duine agus a leigfidh i bhfaillí no a dhiúltóidh, no go leigfidh a ghníomhaire i bhfaillí no go ndiúltóidh sé, deighleáil leis no é do thabhairt suas mar is gá do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Ní tuigfear ní ar bith atá san alt so do chur isteach ar fhorálacha ná do dhéanamh deifre d'fhorálacha alt 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, no ailt 132 go 135 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar do leasuíodh iad le halt 28 den Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Scrúdóir sréidliaghachta do thabhairt fógra i dtaobh galair.

38. —Ag feidhmiú a dhualgaisí do scrúdóir shréidliaghachta fén Acht so beidh air, maidir le fógra do thabhairt i dtaobh galar, an fhreagarthacht chéanna a forchuirtear ar mháinliaigh shréidliaghachta no ar shréidliaigh ina ghairm-chleachta phríobháideach leis an Animals (Notification of Disease) Order of 1919 no a forchuirfear de thurus na huaire le haon ordú den tsórt san a déanfar fé sna Diseases of Animals Acts, 1894 to 1914.

Údarás ag oifigeach shréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil gníomhú mar scrúdóir shréidliaghachta.

39. —(1) Féadfaidh an tAire a údarú d'oifigeach shréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil na comhachta agus na dualgaisí bronntar no forchuirtear ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona, agus san alt so gairmtear oifigeach sréidliaghachta údaruithe d'oifigeach shréidliaghachta a húdaruítear amhlaidh.

(2) Beidh oifigeach sréidliaghachta údaruithe i seilbh gach comhachta bronntar agus cólíonfaidh gach dualgas a forchuirtear ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so no fé.

(3) Déanfaidh an tAire pé airgead a shocróidh an tAire le ceadú an Aire Airgid d'íoc le húdarás sláintíochta áitiúil go mbeidh a n-oifigeach sréidliaghachta ina oifigeach shréidliaghachta údaruithe mar chabhair chun an luach saothair is iníoctha ag an údarás sláintíochta áitiúil sin leis an oifigeach san d'íoc.

(4) Féadfaidh an tAire uair ar bith údarú do rinneadh fén alt so i dtaobh oifigigh shréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil do cheiliúra agus leis sin scuirfidh an t-oifigeach sréidliaghachta san de bheith ina oifigeach shréidliaghachta údaruithe.

Cuid IV.

Feoil Ur, Scartach, Coinini Marbha agus Eanlaithe Marbha d'Easportail.

Feoil úr agus scartach d'easportáil

40. —(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na feola úire agus an scartaigh ainmhithe, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha generálta um easportáil). sé sin le rá:—

(a) beidh an fheoil úr agus an scartach san do réir na rialachán um staid feola úire le linn a heasportála, agus

(b) beidh deimhnithe consighneachta ag gabháil leis an bhfeoil úir agus leis an scartach san, agus

(c) beidh ar an bhfeoil úir agus ar an scartach san na marcanna a hordófar leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil, agus

(d) iomprófar an fheoil úr agus an scartach san do réir na rialachán chun feoil úr d'iompar, agus

(e) má bhíonn agus nuair a bheidh ordú ar n-a dhéanamh don Aire fén gCuid seo den Acht so i bhfeidhm, ag toirmeasc conablaigh ainmhithe fé bhun meáchaint áirithe d'easportáil, ní bheidh conablaigh ar bith fé bhun na meáchainte sin mar chuid den fheoil úir sin, agus

(f) má bhíonn agus nuair a bheidh ordú ar n-a dhéanamh don Aire fén gCuid seo den Acht so i bhfeidhm, ag toirmeasc aon tsaghas áirithe feola úire no scartaigh no aon tsaghas áirithe feola úire agus scartaigh d'easportáil, ní bheidh an fheoil úr ná an scartach san den tsaghas san.

(2) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na mairtfheola, na laoighfheola, agus an scartaigh eallaigh, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um easportáil mhairtfheola) chó maith leis na coiníollacha generálta um easportáil, sé sin le rá:—

(a) beidh na mhairtfheoil, an laoighfheoil agus an scartach san ar n-a n-ullamhú agus ar n-a bpacáil i seamlas eallaigh cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus na rialachán chun feoil úr do phacáil, fé seach, agus

(b) easportálfar an mhairtfheoil, an laoighfheoil agus an scartach san díreach amach as an seamlas eallaigh cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad ná duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhairtfheola ar n-a dheona maidir leis an áitreabh san.

(3) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na muicfheola agus an scartaigh muc, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um easportáil mhuicfheola), chó maith leis na coiníollacha generálta um easportáil, sé sin le rá:—

(a) beidh an mhuicfheoil agus an scartach san ar n-a n-ullamhú agus ar n-a bpacáil i seamlas muc cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus na rialachán chun feoil úr do phacáil, fé seach, no, más muicfheoil amháin a bheidh i gceist, beidh sí ar n-a hullamhú i seamlas muc cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus ar n-a pacáil in áitreabh crátála cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr do phacáil, agus

(b) easportálfar an mhuicfheoil agus an scartach san díreach amach as an seamlas muc cláruithe in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad ná duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola ar n-a dheona maidir leis an áitreabh san no, i gcás muicfheola do pacáladh in áitreabh crátála cláruithe, déanfaidh dílseánach cláruithe an áitreibh sin í d'easportáil díreach amach as an áitreabh san thar ceann agus in ainm duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola ar n-a dheona maidir leis an seamlas muc cláruithe in ar hullamhuíodh an mhuicfheoil sin.

(4) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na caoirfheola, na huainfheola agus an scartaigh chaorach, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um easportáil chaoirfheola agus uainfheola), chó maith leis na coiníollacha generálta um easportáil, sé sin le rá:—

(a) beidh an chaoirfheoil, an uainfheoil agus an scartach san ar na n-ullamhú agus ar n-a bpacáil i seamlas caorach cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus na rialachán chun feoil úr do phacáil, fé seach, no, más caoirfheoil agus uainfheoil amháin a bheidh i gceist, beid ar n-a n-ullamhú i seamlas caorach cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus ar n-a bpacáil in áitreabh crátála cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr do phacáil, agus

(b) easportálfar an chaoirfheoil, an uainfheoil agus an scartach san díreach amach as an seamlas caorach cláruithe in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad ná duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola ar n-a dheona maidir leis an áitreabh san no, i gcás caoirfheola no uainfheola do pacáladh in áitreabh crátála cláruithe, déanfaidh dílseánach cláruithe an aitreibh sin í d'easportáil díreach amach as an áitreabh san thar ceann agus in ainm duine is seal bhóir ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola ar n-a dheona maidir leis an seamlas caorach cláruithe in ar hullamhuíodh an chaoirfheoil no an uainfheoil sin.

(5) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na feola capaill agus an scartaigh chapall, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um easportáil feola capaill), chó maith leis na coiníollacha generálta um easportáil, sé sin le rá:—

(a) beidh an fheoil chapaill agus an scartach san ar na n-ullamhú agus ar n-a bpacáil i seamlas capall cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus na rialachán chun feoil úr do phacáil, fé seach, agus

(b) easportálfar an fheoil chapaill agus an scartach san díreach amach as an seamlas capall cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad ná duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí feola capaill ar n-a dheona maidir leis an áitreabh san.

(6) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear san alt so beidh iomlán na feola gabhair agus an scartaigh ghabhair, a heasportálfar amach as Saorstát Éireann, do réir na gcoiníollacha so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coiníollacha speisialta um easportáil feola gabhair), chó maith leis na coiníollacha generálta um easportáil, sé sin le rá:—

(a) beidh an fheoil ghabhair agus an scartach san ar n-a n-ullamhú agur ar n-a bpacáil i seamlas gabhar cláruithe do réir na rialachán chun feoil úr d'ullamhú agus na rialachán chun feoil úr do phacáil, fe seach, agus

(b) easportálfar an fheoil ghabhair agus an scartach san díreach amach as an seamlas gabhar cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad ná duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí feola gabhair ar n-a dheona maidir leis an áitreabh san.

(7) Gach duine dhéanfaidh—

(a) aon mhairtfheoil, laoighfheoil no scartach eallaigh ná beidh do réir iomlán na gcoiníollacha generálta um easportáil agus iomlán na gcoiníollacha speisialta um easportáil mhairtfheola, no

(b) aon mhuicfheoil no scartach muc ná beidh do réir iomlán na gcoiníollacha generálta um easportáil agus iomlán na gcoiníollacha speisialta um easportáil mhuicfheola, no

(c) aon chaoirfheoil, uainfheoil no scartach caorach ná beidh do réir iomlán na gcoiníollacha generálta um easportáil agus iomlán na gcoiníollacha speisialta um easportáil chaoirfheola agus uainfheola, no

(d) aon fheoil chapaill no scartach capaill ná beidh do réir iomlán na gcoiníollacha generálta um easportáil agus iomlán na gcoiníollacha speisialta um easportáil feola capaill, no

(e) aon fheoil ghabhair no scartach gabhar ná beidh do réir iomlán na gcoiníollacha generálta um easportáil agus iomlán na gcoiníollacha speisialta um easportáil feola gabhair,

d'easportáil no tabhairt fé n-a easportáil no a chur fé ndeár é d'easportáil beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(8) Gach duine iompróidh de thír no de mhuir no d'aer, ar luach saothair, aon fheoil úr no scartach a bheidh á easportáil no go mbeifear ar intinn a easportáil contrárdha don alt so beidh sé, más le linn no chun an fheoil úr no an scartach san d'easportáil a déanfar an t-iompar san, ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige, agus nárbh fhéidir go réasúnta go mbeadh a fhios aige, go raibh an fheoil úr no an scartach san á easportáil contrárdha don alt so.

(9) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(10) Ní bhainfidh an t-alt so—

(a) le feoil úir a heasportálfar in aon chnuas no consighneacht amháin ná beidh thar ocht bpúnt fichead ar fad ina mhór-mheáchaint, ná

(b) le feoil úir a heasportálfar go Tuaisceart Éireann in aon chnuas no consighneacht amháin nár cuireadh air aon mharc dá mbeidh orduithe leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil agus, i gcás mairtfheola no laoighfheola ná beidh thar ceithre chéad go leith ar fad ina mhór-mheáchaint agus ná beidh níos mó ná conablach amháin ann agus, i gcás caoirfheola no uainfheola, ná beidh thar céad go leith ar fad ina mhór-mheáchaint agus ná beidh níos mó ná dhá chonablach ann agus, gcás muicfheola, ná beidh thar dhá chéad ar fad ina mhór-mheáchaint agus ná beidh níos mó ná aon chonablach amháin ann, ná

(c) le muicfheoil a heasportálfar go Tuaisceart Éireann in aon chnuas no consighneacht amháin nár cuireadh air aon mharc dá mbeidh orduithe leis na rialacháin chun feoil úr do mharcáil agus ná beidh thar dhá thonna ar fad ina mhór-mheáchaint agus nách leis an aon duine amháin níos mó ná ocht gconablaigh dá mbeidh ann, ná

(d) le muicfheoil a heasportálfar agus a consighneofar go dtí leasuitheoir bagúin i dTuaisceart Éireann a bheidh ceaduithe ag an Aire chun na críche sin, ná

(e) le feoil úir a heasportálfar i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfear ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o áit lasmuich de Shaorstát Éireann go dtí áit eile lasmuich de Shaorstát Éireann ach ná bainfear leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann, ná

(f) le feoil úir a heasportálfar fé réim agus do réir cheadúnais speisialta ar n-a dheona fén gCuid seo den Acht so.

Toirmeasc ar chonablaigh d'easportáil laistigh de theoranta áirithe minimum meáchainte.

41. —(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an tAire sásta go ndeineann sé dochar don ghnó eallaigh stuic le n-a mbaineann an scéal conablaigh aon tsaghas áirithe ainmhithe bheidh laistigh de theoranta áirithe meáchainte d'easportáil féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc, faid fhanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, go n-easportálfaí conablaigh an tsaghais sin ainmhithe bheidh laistigh de sna teoranta áirithe sin meáchainte.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, aon ordú do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt san roimhe seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do leasú, d'atharú, no do cheiliúra.

Toirmeasc ar chineála áirithe feola úire d'easportáil.

42. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, a thoirmeasc, faid fhanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, go n-easportálfaí feoil úr no scartach a bheidh ar aon staid áirithe no go mbeidh aon chuid no ball áirithe den ainmhí ar iarraidh uaidh no ar n-a bhaint de no go mbeidh aon leasú áirithe no abhar áirithe eile ar n-a chur air no ná beidh ann ach coda áirithe deighilte no coda d'aon mhéid áirithe no cáilíocht áirithe eile.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, aon ordú do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt san roimhe seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do leasú, d'atharú, no do cheiliúra.

Ceadúnaisí speisialta chun feoil úr agus scartach d'easportáil.

43. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas easportálaí cheadúnuithe ar bith, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas speisialta san Acht so) do dheona don easportálaí sin chun an chonsighneacht d'fheoil úir agus de scartach no d'fheoil úir amháin no de scartach amháin a bheidh luaidhte sa cheadúnas san d'easportáil ar pé bealach agus fé réir pé coiníollacha a bheidh ráite sa cheadúnas san.

(2) Oibreoidh ceadúnas speisialta deonfar fén alt so chun a údarú don té dá ndeonfar é an chonsighneacht d'fheoil úir agus de scartach no d'fheoil úir amháin no de scartach amháin a bheidh luaidhte ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

(3) Féadfaidh an tAire, aon uair sara n-easportálfar dáiríribh consighneacht d'fheoil úir agus de scartach no de cheachtar acu a bheidh luaidhte i gceadúnas speisialta, an ceadúnas speisialta bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúra.

(4) Gach duine dá ndeonfar ceadúnas speisialta fén alt so agus a sháróidh aon téarma no coiníoll dá mbeidh sa cheadúnas san agus gach duine (pe'ca bheidh ceadúnas speisialta aige no ná beidh) do bhéarfaidh le tuisgint go bréagach tré mharc do chur ar aon chonsighneacht d'fheoil úir agus scartach no d'fheoil úir amháin no de scartach amháin go bhfuil an chonsighneacht san á heasportáil fé cheadúnas speisialta ar n-a dheona fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Coiníní marbha agus éanlaithe marbha d'easportáil.

44. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh agus an chaoi ar fad chun coiníní marbha agus éanlaithe marbha do phacáil maraon leis na habhair agus na pacáistí a húsáidfear i gcóir na pacála san,

(b) glaine na n-abhar agus na bpacáistí sin agus a nglana ó shíol ghalair,

(c) teora mheáchainte aon phacáiste aonair de choiníní marbha no d'éanlaithe marbha.

(2) Déanfar na coiníní marbha uile agus na héanlaithe marbha uile a heasportálfar amach as Saorstát Éireann do phacáil do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so.

(3) Gach duine dhéanfaidh no thabharfaidh fé aon choiníní marbha no aon éanlaithe marbha d'easportáil agus gan iad do réir na gcoiníollacha go léir a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Gach duine a iompróidh de thír no de mhuir no d'aer, ar luach saothair, aon choiníní marbha no éanlaithe marbha bheidh á n-easportáil no go mbeifear ar intinn a n-easportáil contrárdha don alt so beidh sé, más le linn no chun na coiníní marbha no na héanlaithe marbha san d'easportáil a déanfar an t-iompar san, ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige, agus nárbh fhéidir go réasúnta go mbeadh a fhios aige, go raibh na coiníní marbha no na héanlaithe marbha san á n-easportáil contrárdha don alt so.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Feoil úr, scartach, coiníní marbha agus éanlaithe marbha d'iniúcha, etc.

45. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh—

(a) in aon áitreabh cláruithe, agus

(b) in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair, agus

(c) in aon stóras no áitreabh eile le héinne stórálann earraí atá le heasportáil no á n-easportáil, agus

(d) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga, agus

(e) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithcil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfaidh cigire ar bith iniúcha do dhéanamh ar aon fheoil úir, scartach, coiníní marbha, agus éanlaithe marbha, no ar aon phacáiste do gheobhar in aon áit go mbeidh aige fén alt so teideal chun dul isteach ann no saorchead istigh no ar no in aon áit phuiblí, agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san d'oscailt go gcreideann sé le réasún no go bhfuil amhras réasúnta aige feoil úr, scartach, coiníní marbha, no éanlaithe marbha do bheith ann agus féadfa sé na nithe seo leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc asta—

(a) samplaí réasúnta d'fheoil úir no de scartach ar bith do gheobhfar in aon áit den tsórt san pe'ca i bpacáiste don fheoil úir agus don scartach san no nách eadh, agus

(b) samplaí réasúnta d'aon abhair phacála ina bpacáltar aon fheoil úr, scartach, coiníní marbha, no éanlaithe marbha den tsórt san, agus

(c) aon phacáiste áirithe is consighneacht no is cuid de chonsighneacht d'fheoil úir no de scartach do gheobhfar in aon áit den tsórt san.

(3) Má dheineann éinne—

(a) cosc no bac do chur ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné no d'únaer feola úire, scartaigh, coiníní marbha, no éanlaithe marbha ar bith no pacáiste ar bith go bhfuil cigire i dteideal a n-iniúchta fén alt so, no eolas aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúlta don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire sin, no

(c) aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-theórach, ar aon chonsighneoir, consighné, no únaer den tsórt san do thabhairt don chigire sin go toiliúil no ar nós cumaliom,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus pionós ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Má thógann cigire sampla no pacáiste ar bith fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no gur féidir do go réasúnta iad d'fháil amach) gur thóg sé an sampla no an pacáiste sin.

(5) Má chítear don Aire, ar phacáiste ar bith a tógfar fén alt so do scrúdú, go ndeárnadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin do rinneadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste féadfar an pacáiste do gheallbhruide don Aire, agus mara ngeallbhruidtear amhlaidh é agus in aon chás eile deighleálfar leis an bpacáiste do réir orduithe an chonsighneora, no mara dtuga sé orduithe uaidh díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

(6) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

(7) Le linn cigire do bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, in no ar áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis, déanfa sé do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

Comhachta oifigeacha Custum agus Máil.

46. —Beidh ag Oifigigh Chustum agus Máil, maidir le haon chonsighneachtaí agus pacáistí go dtoirmeascthar no go sriantar leis an Acht so iad d'easportáil, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin do réir dlí maidir le hearraí eile go dtoirmeascthar no go sriantar le dlí iad d'easportáil.

Cuid V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Comhachta agus dualgaisí cigirí sréidliaghachta.

47. —Beidh ag cigire sréidliaghachta na comhachta uile bronntar ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so agus, má éilíonn an tAire air san do dhéanamh, cólíonfa sé na dualgaisí uile forchuirtear ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so no pé cinn acu ordóidh an tAire.

Seilbh neadhleathach ar mharcanna agus ar dheimhnithe.

48. —(1) Gach gléas chun feoil úr na scartach do mharcáil do réir an Achta so agus do réir na rialachán chun feoil úr do mharcáil beidh sé do réir pé fuirme agus pátrúin agus déanta de pé abhar a hordófar leis na rialacháin sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil, ná aon ghléas le n-a bhféadfaí marc orduithe no aithris dheabharthach ar a leithéid do chur ar fheoil úir no ar scartach, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige, ná gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil do chur ar nea-mbrí ná fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta, ná aon aithris dheabharthach ar a leithéid, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, d'oifigeach don Stát agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, do bheith ina sheilbh aige, no do chur ar nea-mbrí no fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ina sheilbh aige, ná d'éinne aon ghléas den tsórt san no aon fhuirm den tsórt san do dhéanamh, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige do réir ordú thug aon oifigeach den tsórt san go dleathach no do réir connra rinne sé go dleathach.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil no aon ghléas le n-a bhféadfaí marc orduithe no aithris dheabharthach ar a leithéid do chur ar fheoil úir no ar scartach, no a chuirfidh ar nea-mbrí, contrárdha don alt so, gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil, no a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh, no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta no aithris dheabharthach ar a leithéid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Comhachta fé Achtanna eile.

49. —(1) Na comhachta bronntar ar an Aire leis an Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, ná d'údaráis áitiúla seamlas d'fheidhmiú a gcomhacht reachtúil maidir leis na seamlaisí d'iniúcha mar údaráis den tsórt san ná d'údaráis sláintíochta áitiúla d'fheidhmiú na gcomhacht a bhaineann le seamlaisí no a bhaineann le nithe bheidh ceaptha mar bhia don duine agus a bronntar ortha leis na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar a leasuítear iad le Cuid II. den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , no a bronntar ortha le haon Acht áitiúil no pearsanta.

(2) Aitreabh ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár de sheamlaisí beidh sé saor, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, o oblagáid a chláruithe no a cheadúnuithe fé aon achtachán eile bhaineann le seamlaisí do chlárú no do cheadúnú agus beidh sé saor chó maith o sna forálacha reachtúla uile (ar a n-áirítear orduithe, rialacháin, rialacha, agus fo-dhlithe) a bhainfidh le seamlaisí de thora an chláruithe no an cheadúnuithe sin.

(3) Ní bhainfidh alt 50 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, leis an scéal maidir le seamlaisí cláruithe.

Ciontaí.

50. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin ghenerálta.

51. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar.

(2) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint do bheith acu le nithe iomdha go mbronntar le hailt deifriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Cad déanfar le táillí do gheobhaidh an tAire.

52. —Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so íocfar isteach iad sa Stát-Chiste no cuirfear iad chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí

53. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.

SCEIDEAL.

Rialacha chun Tailli Leath-Bhliana Easportalai d'Aireamh.

1. San Sceideal so cialluíonn an abairt “céad leath-bhliain” leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Iúl agus cialluíonn an abairt “dara leath-bhliain” leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Eanar.

2. Chun crícheanna an Sceidil seo—

(a) scilling an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí mhairtfheola, agus

(b) trí pingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola, agus

(c) trí leath-phingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola, agus

(d) scilling an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí feola capaill, agus

(e) trí leath-phingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí feola gabhair.

3. Chun crícheanna an Sceidil seo—

(a) suim chaoga púnt an táille mhinimum maidir le ceadúnas easportálaí mhairtfheola no le ceadúnas easportálaí mhuicfheola, agus suim chúig púint fhichead an táille mhinimum maidir le haon cheadúnas eile, agus

(b) suim chúig púint sheachtód an chó-tháille mhinimum maidir le dhá cheadúnas no níos mó le chéile i gcás ceadúnas easportálaí mhairtfheola no ceadúnas easportálaí mhuicfheola, no an dá shaghas ceadúnais sin, do bheith ar na ceadúnaisí sin agus suim chaoga púnt i ngach cás eile.

4. (1) Maidir le gach seamlas cláruithe gheobhfar amach in aghaidh gach leath-bhliana sa tslí orduithe—

(a) i dtaobh gach duine go raibh ceadúnas easportálaí agus gan ach ceadúnas amháin den tsaghas san aige maidir leis an áitreabh san ar feadh iomlán na leath-bhliana san no aon choda dhi an líon (dá ngairmtear an líon oiriúnach sa Sceideal so) d'ainmhithe do taisbeánadh do scrúdóir shréidliaghachta fén gceadúnas san chun a scrúduithe san áitreabh san i rith na leath-bhliana san, agus

(b) i dtaobh gach duine go raibh dhá cheadúnas easportálaí no níos mó aige maidir leis an áitreabh san ar feadh iomlán na leath-bhliana san no aon choda dhi, gach líon fé leith (dá ngairmtear an líon oiriúnach sa Sceideal so) d'ainmhithe do taisbeánadh do scrúdóir shréidliaghachta fé gach ceadúnas fé leith acu san fé seach chun a scrúduithe san áitreabh san i rith na leath-bhliana san.

(2) Pé uair a thárlóidh ná déanfar, in aon leath-bhliain áirithe 'na mbeidh ceadúnas easportálaí áirithe i bhfeidhm le n-a linn no le linn aon choda dhi, ainmhithe ar bith do thaisbeáint fén gceadúnas san do scrúdóir shréidliaghachta chun a scrúduithe sa tseamlas chláruithe le n-a mbaineann an ceadúnas san, isé bheidh mar líon oiriúnach don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san ná náid.

(3) Chun críche na rialach so—

(a) gamhain ná beidh níos mó ná céad púnt de mheáchaint ann, agus é feannta agus na hinní bainte as, ní háireofar é ach mar an gceathrú cuid d'ainmhí, agus

(b) muc ná beidh aon chuid di le heasportáil ach an scartach ní háireofar í ach mar leath d'ainmhí.

5. (1) Chó luath agus gheobhar amach fén riail sin roimhe seo líon oiriúnach maidir le ceadúnas easportálaí, déanfar an tsuim oiriúnach ar an gceadúnas san d'iolrú fén líon oiriúnach san agus isé tora an iolraithe sin a bheidh mar bhun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san chun crícheanna an Sceidil seo.

(2) Nuair is náid is líon oiriúnach do cheadúnas easportálaí in aghaidh aon leath-bhliana áirithe is náid a bheidh mar bhunfhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san leis.

6. (1) Isí táille leath-bhliana easportálaí bheidh iníoctha ag duine maidir le haon tseamlas cláruithe in aghaidh na céad leathbhliana d'aon bhliain ná—

(a) i gcás ná raibh ach aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san—an bun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san, no

(b) i gcás ina raibh ní ba mhó ná aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san—suim iomlán bunfhigiúirí uile agus fé seach na gceadúnas san fé seach in aghaidh na leath-bhliana san.

(2) Pé uair a déanfar an t-aon cheadúnas easportálaí amháin no gach ceadúnas easportálaí (pe'ca aca é) a bheidh ag duine maidir le háitreabh chláruithe áirithe do cheiliúra i rith no i ndeire céad leath-bhliana agus gur lú an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin, maidir leis an áitreabh san in aghaidh na leath-bhliana san, mar a háireofar í fén mír sin roimhe seo den riail seo, ná an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san no an chó-tháille mhinimum maidir leis na ceadúnaisí easportálaí uile do bhí ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san (pe'ca aca é) ansan, d'ainneoin éinní atá sa mhír sin roimhe seo den riail seo, isé méid a bheidh sa táille sin is iníoctha amhlaidh in aghaidh na leath-bhliana san ná méid na táille minimum san no na có-tháille minimum san (pe'ca aca é).

7. Isí táille leath-bhliana easportálaí bheidh iníoctha ag duine maidir le haon tseamlas cláruithe in aghaidh na dara leathbhliana d'aon bhliain ná—

(a) i gcás ná raibh ach aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair sa leath-bhliain sin—an bun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san maraon leis—

(i) an méid (más ann do) a theastóidh ón mbunfhigiúir sin cun é dhéanamh chó mór leis an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san mara raibh an ceadúnas san i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana díreach roimhe sin, no

(ii) an méid (más ann do) a theastóidh o iomlán an bhun-fhigiúra san agus bhun-fhigiúra an cheadúnais sin in aghaidh na leath-bhliana san díreach roimhe sin chun é dhéanamh chó mór leis an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san má bhí an ceadúnas san i bhfeidhm aon uair i rith na leathbhliana san díreach roimhe sin, no

(b) i gcás ina raibh ní ba mhó ná aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair sa leath-bhliain sin—iomlán na mbun-fhigiúirí uile agus fé seach do sna ceadúnaisí sin fé seach in aghaidh na leath-bhliana san maraon leis—

(i) an méid (más ann do) a theastóidh ón iomlán san na mbun-fhigiúirí sin uile agus fé seach chun é dhéanamh chó mór leis an gcó-tháille mhinimum a bhaineann leis na ceadúnaisí sin go léir mara raibh aon cheann de sna ceadúnaisí sin i bhfeidhm i rith na leath-bhliana díreach roimhe sin, no

(ii) an méid (más ann do) a theastóidh o shuim an iomláin sin na mbun-fhigiúirí sin uile agus fé seach agus iomláin na mbun-fhigiúirí uile agus fé seach in aghaidh na leath-bhliana san díreach roimhe sin do pé cinn de sna ceadúnaisí sin do bhí i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana san díreach roimhe sin chun í dhéanamh chó mór leis an gcó-tháille mhinimum a bhaineann leis na ceadúnaisí sin go léir má bhí gach ceann no aon cheann de sna ceadúnaisí sin i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana san díreach roimhe sin.

8. Pé uair a déanfar an t-aon cheadúnas easportálaí amháin no gach ceadúnas easportálaí (pe'ca aca é) a bheidh ag duine maidir le háitreabh chláruithe áirithe do cheiliúra i rith leath-bhliana agus an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin maidir leis an áitreabh san in aghaidh na leath-bhliana san d'áireamh díreach tar éis an cheiliúrtha san, tuigfear, chun crícheanna an Sceidil seo, an chuid den leath-bhliain sin a bheidh caithte ar dháta an cheiliúrtha san do bheith ina leath-bhliain agus (do réir mar is gá sa chás) ina céad leath-bhliain no ina dara leath-bhliain.