19 1930


Uimhir 19 de 1930.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN ÚDARÁS (GO nÉIFEACHT IAR-RÉ) DO THABHAIRT CHUN OIBREACHA DO DHÉANAMH IN IONAD CÚITEAMH D'ÍOC FÉ ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925 , CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH I MION-tSLITHE ÁIRITHE AR FHORÁLACHA AIRGID AN ACHTA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 , CHUN SOCRÚ SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH RÁTAÍ DO GHEARRA AR ÁITREIBH ATÁ I SEILBH BHUIRD SHOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS AGUS AR CHÍOSANNA THAGANN AS NA hÁITREIBH SIN AGUS I dTAOBH FREAGARTHACHTA SA GHEARRA SAN AGUS SAOIRSE UAIDH, CHUN A SHOCRÚ GO nÍOCFAR CÚITEAMH I gCAILLIÚINT FOSTAÍOCHTA LE hAICMÍ ÁIRITHE FOSTAITHE DO BHÍ AG BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS AGUS LE hAICMÍ ÁIRITHE FOSTAITHE DO BHÍ AG GNÓTHAIRÍ ÚDARUITHE AGUS AG GNÓTHAIRÍ EILE, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE EIRGHEAS AS NA NITHE ROIMHRÁITE NO BHAINEAS LEO. [3adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) , agus cialluíonn an abairt “Acht 1929” an t Acht Leictreachais (Airgead), 1929 (Uimh. 26 de 1929) .

An Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú.

2. —Léighfear agus léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so mar aon Acht amháin, agus dá réir sin tá ag abairtí agus ag focail a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear leis sa Phríomh-Acht na brigheanna céanna san Acht so atá acu fé seach sa Phríomh-Acht ach amháin go bhfoluíonn an abairt “údarás áitiúil” san Acht so aon chólucht daoine ag á bhfuil comhacht fé Acht de Pháirlimint na hÉireann no fé aon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no fé aon Acht príobháideach den Oireachtas chun ráta do mheas agus do ghearra ar thalamh no ar dhaoine maidir le talamh do bheith ina seilbh.

Oibreacha do dhéanamh in ionad chúitimh.

3. —(1) I gcás duine do bheith i dteideal cúitimh, láithreach no ar ball, maidir le héinní do rinne an tAire no a bheidh fé a dhéanamh go dleathach fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , féadfaidh an tAire pé oibreacha do dhéanamh ar mhaithe leis an duine sin is dó leis an Aire is ceart agus a aontóidh an duine sin a ghlaca mar shásamh no mar shásamh leathrannach ina éileamh ar an gcúiteamh san.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú go mbeidh ag gabháil le hoibreacha do dhéanamh fén alt so pé téarmaí agus coiníollacha (ar a n-áirítear téarmaí maidir le húnaereacht, le seilbh, agus le cúram na n-oibreacha) ar a gcó-aontóidh an tAire agus an duine gur ar mhaithe leis a déanfar na hoibreacha amhlaidh.

(3) Tuigfear, chun crícheanna Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , oibreacha do dhéanamh fén alt so do bheith ar cheann de sna rudaí go bhfuil údarás ag an Aire le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht san a dhéanamh agus beidh feidhm ag an Acht san dá réir sin.

(4) Aireofar airgead a caithfear in oibreacha do dhéanamh fén alt so ar na suimeanna dá ngairmtear “na roimh-íocanna san” in alt 15 den Phríomh-Acht ach ní bheidh na hoibreacha san mar chuid d'oibreacha na Sionainne do réir bhrí an Phríomh-Achta.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfa sé le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a dhearbhú go mbeidh aon oibreacha áirithe a déanfar fén alt so saor, go buan no go ceann tréimhse teoranta, o ráta dealbhais do ghearra ortha agus fós o aon ráta eile do ghearra ortha a dhéanfaidh údarás áitiúil, agus pé uair a déanfar ordú ar bith den tsórt san beidh na hoibreacha le n-a mbainfidh an t-ordú san saor o rátaí do réir an orduithe sin.

(6) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear éifeacht do bheith aige ón 4adh lá d'Iúl, 1925.

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) In ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 12 den Phríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1929, féadfaidh méid iomlán na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord aon leathbhliain áirithe fén alt san mar a leasuítear amhlaidh é chun aon chríche, seachas chun glanta an fhiachais agus na gcostaisí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt san mar a leasuítear amhlaidh é, féadfa sé dul thar an teorainn de cheithre chéad míle púnt a forchuirtear le fo-alt san (3) aon leath-bhliain áirithe gurb é tuairim an Aire Airgid ina taobh go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar nithe speisialta bhaineann leis an leath-bhliain sin, dul thar an teorainn sin.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear éifeacht do bheith aige ar an 1adh lá d'Eanar, 1930, agus as san amach.

Alt 13 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Léireofar alt 13 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, fé is—

(a) dá bhfágtaí na focail “am an roimh-íoctha” ar lár i bhfo-alt (1) de; agus

(b) dá gcuirtí an fo-alt so leanas leis, sé sin le rá:—

“(5) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham an ráta gur dá réir a bheidh ús is iníoctha fén alt so le n'íoc d'atharú.”

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham an ráta gur dá réir a bheidh ús is iníoctha fé alt 14 den Phríomh-Acht le n'íoc d'atharú.

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Léireofar alt 15 den Phríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1929, agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear éifeacht do bheith aige ar an 25adh lá de Mhárta, 1929, agus as san amach, fé is—

(a) dá bhfágtaí na focail “an uair a thosnóidh an t-ús san ar rith” atá i bhfo-alt (3) dhe ar lár sa bhfo-alt san; agus

(b) dá bhfágtaí fo-alt (6) dhe ar lár agus an fo-alt so leanas de chur isteach ann in ionad fo-alt san (6), sé sin le rá:—

“(6) An t-ús go léir a bheidh dlite ar na roimhíocanna san no ar aon chuid díobh an uair a thiocfaidh an Bord, fén alt so, fé fhiachas aisíoctha na roimh-íoc san no na coda san díobh íocfar leis an Aire Airgid é laistigh de thréimhse shé mhí no de pé tréimhse is sia ná san ordóidh an tAire sin in aon chás áirithe tar éis an Bord do theacht fé fhiachas an aisíoctha san amhlaidh, agus má theipeann ar an mBord aon ús den tsórt san d'íoc laistigh den tréimhse sin íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús san a bheidh dlite amhlaidh, o dheire na tréimhse sin go dtí go n-íocfar an céanna;” agus

(c) dá gcuirtí an dá fho-alt so leanas leis, sé sin le rá:—

“(10) Féadfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, aon tsuim do shocruigh sé roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so mar chuid chothromúil de sna roimh-íocanna san agus den ús ortha agus go dtiocfaidh an Bord fé fhiachas a n-aisíoctha fén bhfo-alt san d'atharú, ach ní déanfar aon atharú den tsórt san maidir le haon tsuim den tsórt san tar éis an dáta a ceapfar fé fho-alt (4) den alt so chun na híocaíochtaí leath-bhliantúla do thosnú maidir leis an tsuim sin agus pé uair a dhéanfaidh an tAire Airgid aon atharú den tsórt san fén bhfo-alt so déanfa sé pé ceartú ar na híocaíochtaí a rinne no a dhéanfaidh an Bord fé fho-ailt (3) agus (6) den alt so is ceart agus is cothrom dar leis do dhéanamh mar gheall ar an atharú san.

(11) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham an ráta gur dá réir a bheidh aon ús is iníoctha fén alt so le n'íoc d'atharú.”

Alt 96 den Phríomh-Acht do léiriú.

8. —Folóidh an abairt “údarás áitiúil” san áit ina bhfuil sí in alt 96 den Phríomh-Acht aon chólucht daoine ag á bhfuil comhacht fé Acht de Pháirlimint na hÉireann no fé aon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no fé aon Acht príobháideach den Oireachtas chun ráta do mheas agus do ghearra ar thalamh no ar dhaoine maidir le talamh do bheith ina seilbh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tré sna focail “d'fháil ón ngnóthaire údaruithe no ón ngnóthaire reachtúil sin” do chur isteach tar éis na bhfigiúirí “1927.”

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear éifeacht do bheith achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

Freagarthacht ghenerálta an Bhúird maidir le rátaí.

10. —(1) Chun deire do chur le hamhrus dearbhuítear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) chun freagarthacht an Bhúird do shocrú maidir le haon ráta is inghearrtha ag údarás áitiúil d'íoc ní hionann agus níorbh ionann riamh aon ionoighreachta, tionóntachán no áitreabh do bheadh ionchurtha fé ráta mara mbeadh san do bheith á úsáid no i seilbh ag an mBord agus an ionoighreachta, an tionóntachán no an t-áitreabh san do bheith á úsáid no i seilbh ag an Stát no ag Roinn Stáit agus ní bhronnann an úsáid ná an sealbh san agus níor bhronnadar riamh na saoirsí a ghabhann le húsáid no le seilbh ag an Stát; agus

(b) ní hionann ionoighreachta, tionóntachán, no áitreabh do bheith á úsáid no i seilbh ag an mBord agus é bheith in úsáid no i seilbh de shaghas puiblí no chun críche puiblí do réir bhrí alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, no do réir bhrí alt 16 den Valuation (Ireland) Act, 1852, no do réir bhrí alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, no do réir aon achtacháin eile (ach amháin alt 96 den Phríomh-Acht) a bhronnann saoirse o ráta is inghearrtha ag údaráis áitiúla go generálta no ag aon údarás áitiúil áirithe no saghas áirithe údarásanna áitiúla.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so an tsaoirse o rátaí a bronntar ar an mBord le halt 96 den Phríomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so do chur ar ceal ná dochar ná deifir do dhéanamh di.

An Bord do rátú maidir le gnóthaí do tógadh.

11. —(1) Chun crícheanna aon ráta is inghearrtha ag údarás áitiúil do mheas agus do ghearra tuigfear gurb ionann luacháil aon ionoighreachta no tionóntacháin is ionchurtha fén ráta san agus a thiocfaidh chun bheith dílsithe sa Bhord de bhua ordú dílsiúcháin a rinneadh no a déanfar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé alt 39 den Phríomh-Acht no de bhua leithlithe a rinneadh no a déanfar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) do réir có-aontú a rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht, tuigfear gurb ionann an luacháil sin, faid fhanfaidh an ionoighreachta no an tionóntachán san i seilbh an Bhúird, agus pé ceann de sna luachála so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) i gcás an t-ordú dílsiúcháin no an leithliú gur dá bhua tháinig an ionoighreachta no an tionóntachán san chun bheith dílsithe sa Bhord do dhéanamh roimh an Acht so do rith, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála a bhí i bhfeidhm maidir leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san ar dháta an ordú dílsiúcháin no an leithlithe sin (pe'ca aca é); agus

(b) i gcás an t-ordú dílsiúcháin no an leithliú le n-a dtiocfaidh an ionoighreachta no an tionóntachán san chun bheith dílsithe sa Bhord do dhéanamh tar éis an Acht so do rith, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála a bhí i bhfeidhm maidir leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san in aghaidh na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929.

(2) Pé uair a scuirfidh aon ionoighreachta no tionóntachán a thagann chun bheith dílsithe sa Bhord de bhua ordú dílsiúcháin a rinneadh no a déanfar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé alt 39 den Phríomh-Acht no de bhua leithlithe a rinneadh no a déanfar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) do réir có-aontú a rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht do bheith i seilbh an Bhúird, déanfaidh an Bord ón gcéad 1adh lá d'Abrán tar éis an scurtha san blianacht shíorraí d'íoc le gach údarás áitiúil a rinne rátaí do ghearra maidir leis an áitreabh san in aghaidh na bliana bhí ag rith an uair sin a bheidh có-mhéid leis na rátaí do ghearr an t-údarás áitiúil sin ar an ionoighreachta no ar an tionóntachán san in aghaidh na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta roimh dháta an scurtha san, agus beidh gach blianacht den tsórt san iníoctha ina híocaíochtaí có-ionanna leathbhliantúla roimh ré ar gach 1adh lá d'Abrán agus ar gach 1adh lá de Dheire Fomhair agus féadfaidh an t-údarás áitiúil sin iad do bhaint den Bhord mar fhiacha síbhialta.

Maoin áirithe is leis an mBord do shaora o rátaí.

12. —(1) Bainfidh alt (2) den Valuation (Ireland) Act, 1854, le hionoighreachtaí agus le tionóntacháin le n-a mbaineann an t-alt so agus leis na cíosa bliantúla a gheobhfar asta díreach fé is dá n-áirítí na hionoighreachtaí agus na tionóntacháin sin ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin a luaidhtear in alt san 2.

(2) Baineann an t-alt so le gach ionoighreachta no tionóntachán a bheidh de thurus na huaire—

(a) gan bheith ina chuid d'oibreacha na Sionainne; agus

(b) in aon-tseilbh an Bhúird; agus

(c) á úsáid ar fad mar stáisiún geiniúna no mar chóir iompair no mar chuid de chóir iompair no mar chóir roinneacháin no mar chuid de chóir roinneacháin; agus

(d) gan bheith tagtha chun bheith dílsithe sa Bhord (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) de bhua ordú dílsiúcháin do rinneadh no a déanfar fé alt 39 den Phríomh-Acht no de bhua leithlithe do rinneadh no a déanfar do réir có-aontú do rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht.

Cúiteamh d'fhostaithe an Bhúird i stáisiúin gheiniúna.

13. —(1) Pé uair a scuirfidh an Bord no inar scuir sé, roimh an Acht so do rith, ar fad no go leathrannach d'aon stáisiún geiniúna a tháinig chun bheith dílsithe ann (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) de bhua ordú dílsiúcháin do rinneadh fé alt 39 den Phríomh-Acht no de bhua leithlithe do rinneadh do réir có-aontú do rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht d'úsáid mar stáisiún geiniúna bainfidh an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus (más roimh an Acht so do rith do thárla an scur san) tuigfear gur bhain sé riamh le gach duine bhí ar fostú ag an mBord sa stáisiún geiniúna san ar dháta an scurtha san.

(2) Chun crícheanna an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur i mbaint le daoine le n-a mbaineann an Sceideal san de bhua an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur gnóthaire údaruithe an Bord, agus

(b) tuigfear gur do réir ordú, do rinneadh fén bPríomh-Acht an lá do thárla an scur, á éileamh ar an mBord scur (ar fad no go leathrannach pe'ca aca is gá sa chás) den stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna do scuir an Bord (pe'ca ar fad é no go leathrannach) den stáisiún geiniúna san d'úsáid mar stáisiún geiniúna, agus

(c) déanfar tagairtí sa Sceideal san do scur de stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna do léiriú mar thagairtí fholuíonn gan scur ach go leathrannach de stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna.

Cúiteamh d'fhostaithe gnóthairí i stáisiúin gheiniúna.

14. —(1) Pé uair a scuirfidh gnóthaire údaruithe, gnóthaire reachtúil, no gnóthaire ceaduithe no inar scuir sé roimh an Acht so do rith, ar fad no go leathrannach de stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna toisc soláthar leictreachais d'fháil ón mBord bainfidh an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus (más roimh an Acht so do rith do thárla an scur san) tuigfear gur bhain sé riamh le gach duine bhí ar fostú ag aon ghnóthaire den tsórt san sa stáisiún geiniúna san ar dháta an scurtha san.

(2) Chun crícheanna an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur i mbaint le daoine le n-a mbaineann an Sceideal san de bhua an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur do réir ordú, do rinneadh fén bPríomh-Acht an lá do tharla an scur, á éileamh ar an ngnóthaire scur (ar fad no go leathrannach pe'ca aca is gá sa chás) den stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna do scuir an gnóthaire sin (pe'ca ar fad é no go leathrannach) den stáisiún geiniúna san d'úsáid mar stáisiún geiniúna, agus

(b) déanfar tagairtí sa Sceideal san do scur de stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna do léiriú mar thagairtí fholuíonn gan scur ach go leathrannach do stáisiún geiniúna d'úsáid mar stáisiún geiniúna.

Gearr-theideal agus luadh.

15. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar). 1927 go 1930, do ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1929, agus den Acht so le chéile.