26 1930


Uimhir 26 de 1930.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN FO-ALT (3) D'ALT 12 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927 , DO LEASÚ. [8adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , do leasú.

1. —Leasuítear leis seo alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), tré sna figiúirí “1933” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeire fo-alt (3) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1930, do ghairm den Acht so agus de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, le chéile.