4 1931


Uimhir 4 de 1931.


ACHT IASCAIGH MHARA, 1931


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN MAOIN ÁIRITHE ATÁ DÍLSITHE SAN AIRE TAILTE AGUS IASCAIGH FÉ LÁTHAIR D'ÚSÁID AGUS DO RIARA CHUN TAIRBHE DO GHNÓ IASCAIGH MHARA SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS CHUN SOCRÚ BREISE AGUS FEABHSA DO DHÉANAMH GO GENERÁLTA I dTAOBH AN GHNÓTHA SAN. [24adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

cialluíonn an abairt “an Cumann” an Cumann do cláruíodh fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, fén ainm no fén teideal “The Sea Fisheries Association of Saorstát Éireann, Limited”;

cialluíonn an abairt “iascach mara” iascach in uiscí nách uiscí intíre;

foluíonn an abairt “bád iascaigh mhara” árthach ar bith a húsáidtear chun iascaigh mhara;

foluíonn an focal “iasc” “iasc sliogáin”;

cialluíonn an abairt “iasc úr” iasc nár sailleadh, nár deatuíodh, ná nár leasuíodh ar aon tslí neamh-aicionta eile, ach foluíonn sí iasc do leasuíodh le reodha amháin agus foluíonn sí, leis, iasc sliogáin do hullamhuíodh tré n-a bhruith;

cialluíonn an abairt “leac éisc” seilp, leac no bord a húsáidtear chun iasc a tairgtear no a cimeádtar chun a dhíolta do thaisbeaint;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

CUID II.

Foralacha i dTaobh an Chumainn.

Maoin áirithe d'aistriú chun an Chumainn.

2. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgid—

(a) aon bháid iascaigh mhara, no aon áirnéis a húsáidtear in iascach mhara, a bheidh dílsithe san Aire de thurus na huaire le reacht, díntiuir, connra no ar aon tslí eile;

(b) aon airgead a bheidh dlite don Aire de thurus na huaire alos iasachtaí do tugadh chun báid iascaigh mhara no áirnéis a húsáidtear in iascach mhara do cheannach agus aon urrúis a bheidh i seilbh an Aire alos an airgid sin;

do dhílsiú sa Chumann ar pé téarmaí agus coinníollacha luadhfar san ordú san.

(2) Maoin ar bith a dílseofar sa Chumann le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so tiocfa sí chun bheith agus beidh sí dílsithe sa Chumann fén ordú san agus dá bhua, gan gá le haon leithliú ná sanna eile in aon chor ach go gclárófar sa chlár de loingeas í más báid iascaigh mhara chláruithe í, chun an estáit, an téarma agus an leasa go léir no chun na n-estát, na dtéarma, agus na leas fé seach chun a raibh sí dílsithe san Aire no ar seilbh aige díreach roimh an ordú san, ach beidh san fé réir pé iontaobhaisí agus cothromaí (más ann dóibh) a bhainfidh leis an maoin sin le linn an orduithe sin do dhéanamh agus a bheidh ann agus ionchurtha in éifeacht an uair sin do réir dlí.

(3) Féadfaidh an Cumann, fé n-a n-ainm féin, dul chun dlí i dtaobh gach rud ar fiunraoi dílseofar sa Chumann le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm agus ní gá don Chumann fógra i dtaobh an dílsithe do rinne an t-ordú san do thabhairt don té bheidh fé cheangal ag an rud san ar fiunraoi.

Baill den Chumann do bhrise connartha áirithe.

3. —Má dheineann an Cumann aon bhád iascaigh mhara no aon ghléas no fearas do bhád iascaigh mhara no aon líonta iascaigh do sholáthar d'aon bhall den Chumann no do dheisiú no d'athnuachaint d'aon bhall den tsórt san, agus go ndéanfar idir an Cumann agus an ball san connra tré n-a gcó-aontóidh an ball san leis an gCumann costas an tsoláthruithe no an deisithe no na hathnuachainte sin d'íoc leis an gCumann i slí áirithe luadhfar sa chonnra san, agus go ndéanfaidh an ball san gníomh no faillí ar bith is sárú ar an gcó-aontú san, beidh an ball san ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear (gan dochar d'aon imeachta síbhialta i dtaobh an ghnímh no na fáillí sin) fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar seasca púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

CUID III.

Ceadunaisi chun Eisc Uir do Dhiol.

Ceanntar le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aon líomatáiste áirithe i Saorstát Éireann ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus leis sin beidh an líomatáiste sin, ar an lá san agus ón lá san amach agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúra no do leasú le hordú.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Ceadúnaisí díolta éisc.

5. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díolta éisc sa Chuid seo den Acht so) chun éisc úir do dhíol ar ceant no chun gníomhú mar ghníomhaire chun éisc úir do dhíol i mórchoda no chun an dá ní sin do dhéanamh do dheona do dhuine ar bith—

(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus

(b) a chuirfidh ina luighe ar an Aire gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnas díolta éisc do bheith aige, agus

(c) nách duine gnó-bhriste neamh-fhuascailte é, agus

(d) ná beidh ar fostú i ngnó an iascaigh mhara ná ag gabháil do ná ná beidh baint aige leis in aon tslí eile.

(2) Maidir le gach ceadúnas díolta éisc—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

(b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun éisc úir do dhíol ar ceant agus chun gníomhú mar ghníomhaire chun éisc úir do dhíol i mórchoda, agus

(c) deonfar é agus déarfa sé go ndeontar é ar an gcoinníoll (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so an coinníoll reachtúil) ná beidh baint ag an té ag a mbeidh sé, go díreach ná go nea-dhíreach, le haon ghnó bhaineann le hiasc úr do cheannach no do dhíol, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, ach amháin fén gceadúnas san agus dá réir.

(3) Má bhíonn ceadúnas díolta éisc ag duine ní shaorfaidh san é o n-a bheith d'oblagáid air ceadúnas máil do bheith aige chun gníomhú mar cheantálaí in aon chás ina mbeadh an oblagáid sin air dá mba ná rithfí an tAcht so.

Buaine na gceadúnas.

6. —Mara gceiliúrtar é roimhe sin fén gCuid seo den Acht so fanfaidh gach ceadúnas díolta éisc i bhfeidhm go ceann bliana ó dháta an cheadúnais sin agus ragha sé in éag ansan.

Táillí ar cheadúnaisí.

7. —Íocfar ar dheona gach ceadúnais díolta éisc pé táille is gá do réir dlí agus ní foláir an táille sin d'íoc sara ndeonfar an ceadúnas san.

An coinníoll reachtúil do bhrise.

8. —(1) Má theipeann ar dhuine ar bith ag a mbeidh ceadúnas díolta éisc an coinníoll reachtúil do chólíona beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(2) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an tAire an ceadúnas díolta éisc a bheidh ag an duine sin do cheiliúra.

Toirmeasc ar iasc úr do dhíol gan ceadúnas.

9. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith i gceanntar ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aon iasc úr do dhíol ar ceant ná gníomhú mar ghníomhaire chun aon éisc úir do dhíol i mórchoda mara mbeidh ceadúnas díolta éisc aige bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Gach duine ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le duine ar bith a bheidh de thurus na huaire ina ghníomhaire no ina ionadaí cheart-údaruithe don Chumann.

Clár de cheadúnaisí.

10. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár clár do chimeád ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de cheadúnaisí díolta éisc agus ina n-iontrálfar mion-innste ar gach ceadúnas díolta éisc a deonfar fén gCuid seo den Acht so.

(2) Féadfaidh duine ar bith an clár de cheadúnaisí díolta éisc d'iniúcha ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling.

Fianaise ná fuil ceadúnas ag duine.

11. —Deimhniú thugann le tuigsint bheith fé láimh oifigigh don Aire 'na mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire, á dheimhniú ná raibh ag an té atá ainmnithe sa deimhniú san ceadúnas díolta éisc ar dháta áirithe no le linn tréimhse áirithe beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

CUID IV.

Siopai Miondiolta Eisc.

Coinníollacha um oiriúnacht agus glaine siopaí miondíolta éisc.

12. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith gnó miondíolta éisc úir do bheith ar siúl aige in aon áitreabh mara mbeidh an t-áitreabh san do réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coinníollacha um oiriúnacht agus glaine), sé sin le rá:—

(a) an t-áitreabh san agus an chóir oibre, na feistisí, agus na fearaistí ann do bheith glan, agus

(b) pé leor-sholáthar d'uisce ghlan fholláin is gá do réir réasúin do bheith ar fáil san áitreabh san, agus

(c) leac éisc do bheith san áitreabh san, agus

(d) gach seilp, leac, no bord, a húsáidtear mar leac éisc, no chun éisc do ghearra, d'fheanna no do dhí-chnámhú, do bheith suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht ortha, agus

(e) cimeádán do bheith san áitreabh san agus é suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air.

(2) Má bhíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl ag duine ar bith in aon áitreabh ná beidh do réir na gcoinníoll uile um oiriúnacht agus glaine beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Na coinníollacha bhainfidh le hiasc do dhíol i siopaí miondíolta eisc.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith iasc úr ar bith do thairisgint ná do bheith aige chun a dhíolta in aon áitreabh ina mbíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl mara mbeidh gach coinníoll acu so leanas á chólíona le linn an éisc sin do thairisgint no do bheith aige amhlaidh chun a dhíolta, sé sin le rá:—

(a) an t-iasc úr go léir san áitreabh san a bheidh á thairisgint no ceaptha chun a dhíolta, agus a bheidh ar taisbeaint chun a dhíolta, do bheith ar taisbeaint amhlaidh tré n-a bheith ar crocha in áirde i slí ná teangmhóidh aon abhar truaillíochta leis no tré n-a bheith leagtha ar lie éisc a bheidh suidthe agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air, agus

(b) an t-iasc úr go léir san áitreabh san a bheidh á thairisgint no ceaptha chun a dhíolta, agus ná beidh ar taisbeaint chun a dhíolta, do bheith i gcimeád i gcimeádán ná húsáidtear ach amháin chun éisc úir do stóráil agus a bheidh suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air, agus

(c) gan aon scartach do bheith san áitreabh san uair ar bith lá ar bith do baineadh as iasc aon lá roimhe sin.

(2) Má thairgeann duine ar bith iasc úr ar bith chun a dhíolta no má bhíonn sé aige chun a dhíolta in aon áitreabh contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Comhachta cigire.

14. —(1) Beidh teideal ag cigire gach tráth réasúnta dul isteach in áitreabh ar bith ina mbíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl agus pé iniúcha do dhéanamh ann is gá chun a dheimhnithe dho go bhfuil na forálacha atá sa Chuid seo den Acht so maidir leis an áitreabh san á gcólíona.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le cigire ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) San alt so foluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn (pe'ca go generálta é no chun críche speisialta) ón Aire chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú agus chun gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtear ar chigire leis an alt so.

Cosaint do chomhachta an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

15. —Ní dhéanfaidh éinní sa Chuid seo den Acht so srian ná teora do chur leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.

CUID V.

Ilghneitheach.

Ciontaí do chúiseamh.

16. —(1) Ní dhéanfaidh éinne imeachta do bhunú mar gheall ar chionta fén Acht so ach an tAire no duine eile le toiliú an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fén Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

17. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

18. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so in éifeacht.

(2) Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so íocfar isteach iad sa Stát-Chiste no cuirfear iad chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Gearr-theideal.

19. —Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara, 1931 , do ghairm den Acht so.