43 1931


Uimhir 43 de 1931.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (UIMH. 4), 1931.


ACHT CHUN DIÚITÉ CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[15adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúité ar íleacha éadtroma híodrocarbóin mhinearáil.

1. —(1) In ionad an diúité custum atá fé láthair ar íleacha éadtroma híodrocarbóin mhinearáil éileofar, gearrfar agus íocfar an 6adh lá de Mhí na Samhna, 1931, agus dá éis sin, diúité custum do réir dhá thuistiún an galún ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 6adh lá de Mhí na Samhna, 1931, no dá éis sin, agus ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an 6adh lá de Mhí na Samhna, 1931, agus do cuireadh i dtír i Saorstát Éireann an lá san no dá éis.

(2) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta go dteastuíonn aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil chun iad d'úsáid mar tháthchuid i ndéanamh earraí nách de chineál íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil no nách earraí ná fuil ionta ach meascán no cumasc de sna híleacha san go dtáthchuid éigin ar nós abhair dhaithte no gan a leithéid féadfaid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'ordú, a cheadú go ndéanfar na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar aon choinníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós de chaoga púnt in aghaidh gach cionta agus geallbhruidfear aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil gur ina taobh do rinneadh an sárú san.

(4) Má bhíonn aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil mar chuid no mar tháthchuid d'aon earraí déanta a hiomportálfar no d'aon earraí ullmhuithe a hiomportálfar, agus gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc d'íleacha éadtroma híodrocarbóin is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach ná ná teastuíd chun iad d'úsáid in ionad aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin ná chun an chéanna do bhaint asta ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle no na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a bheidh sna hearraí sin.

(5) Ar aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil d'easportáil o Shaorstát Éireann no iad do chur ar bord luinge no i dtaisce i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge agus ar aon íleacha den tsórt san do chur ar bord aon aer-árthaigh le húsáid ar thurus go háit lasmuich de Shaorstát Éireann lomhálfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim do bheith íoctha ar na hearraí sin.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité forchuirtear agus leis an ais-tarrac a lomháltar leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) na forálacha d'alt 98 den Customs Consolidation Act, 1876, a bhaineann le diúité d'éileamh ar mhéid na n-earraí mar a gheobhfar amach é do réir a meáchainte, a dtomhais no a nirt le linn a seachadtha, bainfid le híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil nuair a tógfar amach as stóras iad le húsáid sa bhaile fé mar a bhainid leis na hearraí a heiscítear go speisialta agus a luaidhtear san alt san 98;

(b) fé réir pé coinníollacha do chólíonadh fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh urrúis do thabhairt ar na hearraí d'ath-easportáil, ní bheidh an diúité inéilithe ar íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a hiomportálfar chun iad d'easportáil tar éis turuis tré Shaorstát Éireann no tré n-a n-aistriú o luing go luing eile;

(c) más rud é, chun aon aisíoca sa diúité d'fháil, go ndéanfaidh éinne no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon ráiteas no aon chúis do phlé bheidh neamh-fhíor in aon phonc táchtach, dlighfear pionós custum is cóionann le trí oiread luach na n-earraí (agus an diúité d'áireamh) no pionós custum de chéad púnt do chur air, pe'ca aca is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus geallbhruidfear na hearraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta.

(7) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íleacha éadtroma híodrocarbóin” íleacha híodrocarbóin go stillíonn caoga per cent. ar a laighead do réir toirte dhíobh fé theas nách mó ná 185 gráid chentigráid, no go stillíonn cúig nóchad per cent. ar a laighead do réir toirte dhíobh fé theas nách mó ná 240 grád centigráid, no go n-eiríonn gal so-lasta asta fé theas is lugha ná 22.8 de ghráid chentigráid nuair a tástáltar iad sa tslí foráltar leis na hAchtanna bhaineann le petróleum.

Is do réir mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh an modh chun íleacha do thástáil féachaint a bhfuilid do réir na bhforálacha den fho-alt so bhaineann le toirt áirithe dhíobh do stilleadh fé theas áirithe.

Cúram agus bainistí an diúité.

2. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo an diúité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.