2 1932


Uimhir 2 de 1932.


ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IOMPAIR PHAISNÉIRÍ DE BHÓTHAR DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH AGUS CHUN ÚDARÁIS DO BHRONNADH AR CHUIDEACHTANA ÁIRITHE PAISNÉIRÍ AGUS EARRAÍ CEANNAÍOCHTA D'IOMPAR DE BHÓTHAR AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [28adh Eanar, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

foluíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” feithicil á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste, ach ní fholuíonn sí inneall, carráiste, ná bhaigín bóthair iarainn, ná tram ná aon fheithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha;

cialluíonn an abairt “iompar ar bhóithre” paisnéirí, bagáiste paisnéirí, earraí ceannaíochta agus postanna, no aon cheann acu san d'iompar de bhóthar ar luach saothair i bhfeithiclí inneallghluaiste;

cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís do phaisnéirí” seirbhís feithicle no feithiclí inneall-ghluaiste théigheann ar fad no nách mór ar fad ar bhóithre puiblí agus iompruíonn paisnéirí (pe'ca iompruítear bagáiste paisnéirí, earraí ceannaíochta agus postanna no aon cheann acu san chó maith no ná hiompruítear) idir puíntí cinn scríbe áirithe no fan chúrsa áirithe ar íocaíocht ar leithligh ar gach paisnéir;

cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís leanúnach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí bhíonn ar siúl gach seachtain sa bhliain pe'ca bhíonn sí ar siúl gach lá de gach seachtain no ná bíonn;

cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís shaosúrach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ná bíonn ar siúl ach gach seachtain de chuid áirithe den bhliain pe'ca bhíonn sí ar siúl gach lá de gach seachtain acu san no ná bíonn;

cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís ócáideach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ná bíonn ar siúl ach ar ócáid no ócáidí áirithe;

foluíonn an abairt “earraí ceannaíochta” earraí, áirnéis, minearáil, agus ainmhithe, ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna;

cialluíonn an abairt “bagáiste paisnéirí” bagáiste pearsanta bhíonn ag paisnéir;

foluíonn an focal “postanna” málaí puist agus pacáidí puist (seachas telegrama) mar a mínítear iad san sa Post Office Act, 1908;

foluíonn an focal “íocaíochta” fiacha turuis, rátaí, agus dleachtanna;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén Acht so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

An lá ceaptha.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh, nách luatha ná trí mhí ná nách déanaí ná sé mhí tar éis an Achta so do rith, chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamb chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní orduithe;

(b) ag ordú éinní go n-údaruítear don Aire leis an Acht so é d'ordú le rialacháin a déanfar fén Acht so.

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

6. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

CUID II.

Bothar-Sheirbhisi do Phaisneiri.

Toirmeasc ar bhótharsheirbhís do phaisnéirí do bheith ar siúl gan ceadúnas.

7. —(1) Ní bheidh bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar siúl ag éinne ar an lá ceaptha ná dá éis sin ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais (dá ngairmtear ceadúnas paisneura san Acht so) a deonadh do fén Acht so.

(2) Gach duine go mbeidh bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Iarrataisí ar cheadúnaisí paisneura.

8. —(1) Féadfaidh éinne a iarraidh ar an Aire ceadúnas paisneura do thabhairt do á údarú dho bóthar-sheirbhís áirithe do phaisnéirí do bheith ar siúl aige.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar cheadúnas phaisneura agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach éinne iarrfaidh ceadúnas paisneura fén alt so déanfa sé, ar n-a cheangal san air don Aire, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le héinní adéarfar in iarratas ar cheadúnas phaisneura no adéarfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ní sin le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an ní adubhradh amhlaidh.

(5) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltaithe bronntar air leis an Acht so, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Cineáil de cheadúnaisí paisneura.

9. —(1) Isé gairmtear san Acht so de cheadúnas phaisneura deonfar maidir le bóthar-sheirbhís leanúnach do phaisnéirí no bóthar-sheirbhís shaosúrach do phaisnéirí ná ceadúnas paisneura bliantúil agus isé gairmtear san Acht so de cheadúnas phaisneura deonfar maidir le bóthar-sheirbhís ócáideach do phaisnéirí ná ceadúnas paisneura ócáideach.

(2) Ní bhainfidh ceadúnas paisneura bliantúil ach le haon bhóthar-sheirbhís amháin do phaisnéirí, pe'ca seirbhís leanúnach no seirbhís shaosúrach í.

(3) Féadfaidh ceadúnas paisneura ócáideach baint do bheith aige le bóthar-sheirbhís no bóthar-sheirbhísí ócáideacha do phaisnéirí no le cineál áirithe de sna seirbhísí sin.

An tslí ina n-oibreoidh ceadúnaisí paisneura.

10. —(1) Déanfar ceadúnas paisneura bliantúil do dheonadh maidir leis an mbóthar-sheirbhís áirithe (leanúnach no saosúrach) do phaisnéirí luadhfar sa cheadúnas san, agus déarfaidh agus déanfa sé a cheadúnú do dhuine ainmnithe an bhóthar-sheirbhís sin do phaisnéirí do bheith ar siúl aige faid a leanfaidh an ceadúnas san no athnuachaint air i bhfeidhm, ach beidh san fé réir forálacha an Achta so agus rialachán a déanfar fé agus fé réir na gcoinníoll a luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Déanfar ceadúnas paisneura ócáideach do dheonadh maidir le bóthar-sheirbhís no bóthar-sheirbhísí ócáideacha áirithe do phaisnéirí, no le cineál áirithe de sna seirbhísí sin, a luadhfar sa cheadúnas san agus déarfaidh agus déanfa sé a cheadúnú do dhuine ainmnithe an bhóthar-sheirbhís no na bóthar-sheirbhísí ócáideacha áirithe do phaisnéirí no an cineál áirithe de sna seirbhísí sin a luadhfar ann do bheith ar siúl aige, ach beidh san fé réir forálacha an Achta so agus rialachán a déanfar fé agus fé réir na gcoinníoll a luadhfar sa cheadúnas san.

Ceadúnaisí paisneura do dheonadh.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo is fén Aire féin a bheidh géilleadh no diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas phaisneura.

(2) Má dheineann duine iarratas go cuibhe do réir an Achta so, ar cheadúnas phaisneura bhliantúil dar tosach feidhme an lá ceaptha, agus má bhí ar siúl ag an duine sin seana-sheirbhís (do réir bhrí an ailt seo) gur mhar a chéile í ar fad no nách mór ar fad agus an bhóthar-sheirbhís phaisneura (dá ngairmtear an tseirbhís bheartuithe sa bhfo-alt so) gur ina taobh a déanfar an t-iarratas san, ní dhiúltóidh an tAire do ghéilleadh don iarratas san ach amháin ar scór éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar an scór gur dóich leis ná raibh an tseana-sheirbhís sin ar siúl go héifeachtúil maidir le cúram cuibhe do dhéanamh de riachtanaisí na puiblíochta;

(b) ar an scór gur dóich leis nár leor an tseana-sheirbhís sin, maidir le mioncacht seirbhíse no maidir le faid laethiúil na seirbhíse no maidir le héinní eile, chun freastail ar riachtanaisí na puiblíochta;

(c) ar an scór gur dóich leis nách féidir do neach déanta an iarratais, leis an saghas có-ghléasta agus feistis atá aige, an tseirbhís bheartuithe do bheith ar siúl aige do réir na gcoinníollacha ba cheart dar leis an Aire a chur sa cheadúnas phaisneura le n-a mbaineann an t-iarratas san;

(d) ar aon scór ar a n-údaruítear go soiléir don Aire, le haon alt eile den Acht so, diúltadh do ghéilleadh don iarratas san.

(3) Nuair a bheidh an tAire á bhreithniú ce'ca ba cheart do géilleadh no diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas phaisneura ná baineann an fo-alt san roimhe seo den alt so leis féachfaidh (gan dochar don discréid iomlán a bronntar air leis an gcéad fho-alt den alt so) do sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ce'ca tá no ná fuil an tseirbhís (dá ngairmtear an tseirbhís bheartuithe sa bhfo-alt so) gur ina taobh atá an t-iarratas san á dhéanamh riachtanach ar mhaithe leis an bpuiblíocht ag féachaint do sna bóthar-sheirbhísí do phaisnéirí agus do sna slite eile chun paisnéirí d'iompar atá ar fáil ag an bpuiblíocht ar chúrsa na seirbhíse beartuithe no ina chomhursanacht;

(b) ce'ca is leor no nách leor an tseirbhís bheartuithe maidir le mioncacht seirbhíse, le faid laethiúil seirbhíse, agus le nithe eile, chun freastail ar riachtanaisí na puiblíochta;

(c) ce'ca is leor no nách leor an có-ghléasadh agus an feisteas atá ag neach déanta an iarratais chun a chur ar a chumas an tseirbhís bheartuithe do bheith ar siúl aige do réir na gcoinníollacha ba cheart dar leis an Aire a chur sa cheadúnas phaisneura le n-a mbaineann an t-iarratas san.

(4) San alt so cialluíonn an focal “seana-sheirbhís”:—

(a) i gcás bóthar-sheirbhíse leanúnaighe do phaisnéirí, bóthar sheirbhís do phaisnéirí do bhí ar siúl go leanúnach ar feadh iomlán na bliana dar chríoch an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1931; agus

(b) i gcás bóthar-sheirbhíse saosúraighe do phaisnéirí bóthar-sheirbhís do phaisnéirí do bhí ar siúl go leanúnach ar feadh iomlán coda áirithe den bhliain dar chríoch an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1931.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh neach iarrtha ceadúnais phaisneura dar tosach feidhme an lá ceaptha ina dhuine go raibh scana-sheirbhís ar siúl aige má bhíonn an tseana-sheirbhís sin ar siúl aige ar dháta an iarratais sin agus má bhí an tseanasheirbhís sin, ar feadh iomlán na tréimhse is gá chun í bheith ina seana-sheirbhís agus go dtí dáta an iarratais sin, ar siúl ag an iarratasóir sin no, i ndiaidh a chéile, ag daoine go n-abrann an t-iarratasóir sin teideal do bheith aige uatha no tríotha chun na seirbhíse sin agus ag an iarratasóir sin.

Coinníollacha do chur le ceadúnaisí paisneura.

12. —Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas paisneura féadfa sé coinníollacha do chur leis an gceadúnas san, pé coinníollacha is oiriúnach leis agus a luadhfa sé sa cheadúnas san agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) puíntí cinn scríbe agus cúrsa na bóthar-sheirbhíse do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san;

(b) mioncacht na seirbhíse sin, maraon le hatharuithe ar an mioncacht san ar laetheanta deifriúla no le linn tréimhsí deifriúla de gach lá;

(c) faid laethiúil na seirbhíse sin;

(d) an méid minimum feithiclí coimeádfar ar fáil chun seirbhíse sin d'oibriú;

(e) an saghas feithicle a húsáidfear ar an seirbhís sin;

(f) na feithiclí a húsáidfear ar an seirbhís sin do choinneá do réir chaighdeáin áirithe maidir le hoiriúnacht, le glaine agus le slacht, agus an có-ghléasadh coimeádfar ar fáil chun na bhfeithiclí do choinneáil do réir an chaighdeáin sin;

(g) na comharthaí agus na huimhreacha fé leith, no na dathanna, bheidh ar na feithiclí bheidh in úsáid ar an seirbhís sin do cheapadh no do shrianadh;

(h) cláir ama na seirbhíse sin agus na híocaíochta uirthi d'fhoillsiú, agus na cláir ama agus na híocaíochta san do thaisbeáint sna feithiclí bheidh in úsáid ar an seirbhís sin;

(i) atharuithe i gcláir ama na scirbhíse sin agus sna híocaíochta uirthi do chur in úil don Aire no don phuiblíocht;

(j) có-aontuithe no socruithe dhéanfaidh an ceadúnaí fén gceadúnas san i dtaobh na seirbhíse sin le daoine eile iompruíonn paisnéirí de bhóthar iarainn, de bhóthar no d'uisce no le héinne acu san do chur in úil don Aire agus an tAire dá gceadú;

(k) rátaí páigh agus tráthanna oibre na bhfostaithe agus có-aontuithe no socruithe ina dtaobh in oibriú na bóthar-sheirbhíse do phaisnéirí le n-a mbaineann ceadúnas.

Tosach feidhme agus ré ceadúnaisí paisneura bliantúla.

13. —(1) Luadhfar i ngach ceadúnas paisneura bliantúil an dáta ar a dtosnóidh sé agus tosnóidh gach ceadúnas den tsórt san an lá luadhfar amhlaidh.

(2) Leanfaidh gach ceadúnas paisneura bliantúil i bhfeidhm (mara gceiliúrtar roimhe sin é fén Acht so agus fé réir aon churar-fiunraoi déanfar fén Acht so) go meán oíche an chéad 31adh lá de Dheireadh Fómhair tar éis an dáta ar ar thosnuigh sé agus ragha sé in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén Acht so.

Iarratas ar cheadúnaisí paisneura bliantúla d'athnuachaint.

14. —(1) Gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura bhliantúil a bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh athnuachainte air) féadfa sé, laistigh den aimsir orduithe agus le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas phaisneura bhliantúil d'athnuachaint agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach éinne iarrfaidh fén alt so go ndéanfaí ceadúnas paisneura bliantúil d'athnuachaint déanfa sé, ar n-a cheangal san air don Aire, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le héinní adéarfar in iarratas ar cheadúnas phaisneura d'athnuachaint no adéarfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ní sin le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an ní adubhradh amhlaidh.

(5) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Athnuachaintí ar cheadúnaisí paisneura do dheonadh.

15. —(1) Féadfaidh an tAire diúltadh do ghéilleadh d'iarratas, ar cheadúnas phaisneura bhliantúil d'athnuachaint, ar scór no ar scóranna acu so leanas ach ní har aon scór eile, sé sin le rá:—

(a) ar an scór gur dóich leis ná raibh an bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san ar siúl go héifeachtúil, maidir le cúram cuibhe do dhéanamh de riachtanaisí na puiblíochta, ar feadh ré feidhme an cheadúnais sin no na hathnuachainte deiridh air, pe'ca aca é;

(b) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn na ré sin, coinníoll no coinníollacha dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh;

(c) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, maidir leis an seirbhís sin agus le linn na ré sin, forálacha an Achta so agus na rialacháin do rinneadh fé do bhriseadh no faillí do thabhairt in iad d'fhorchoimeád no do chólíonadh;

(d) ar an scór go ndearnadh, le linn na ré sin, an ceadúnaí fén gceadúnas san do chiontú i gcionta (pe'ca fén Acht so é no fé aon Acht eile) maidir leis an seirbhís sin no leis na feithiclí do bhí in úsáid inti:

ach ní dhiúltóidh an tAire do cheadúnas phaisneura bhliantúil d'athnuachaint ar aon scór dá luaidhtear i míreanna (b) no (c) den fho-alt so mara mbeidh sé sásta an briseadh no an fhaillí, pe'ca aca é, do bheith chó mór san no do thárlachtaint chó minic sin gurbh fhearr go ndiúltódh sé don cheadúnas san d'athnuachaint.

(2) Pé uair a dheonfaidh an tAire athnuachaint ar cheadúnas phaisneura bhliantúil féadfaidh an tAire na coinníollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, fágaint ar lár no atharú é) ar pé slí is oiriúnach leis.

Ré na hathnuachainte déanfar ar cheadúnaisí paisneura.

16. —Tosnóidh gach athnuachaint ar cheadúnas phaisneura bhliantúil díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint deiridh ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfa sí i bhfeidhm, mara gceiliúrtar roimhe sin í fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiun raoi fén Acht so, go meán oíche an chéad 31adh lá de Dheiread Fómhair tar éis an tosnuithe sin.

Ceadúnaisí paisneura do cheiliúradh.

17. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas paisneura do cheiliúradh ar iarratas an té is ceadúnaí fé

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas paisneura bliantúil do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is oiriúnach leis ar aon scór ar a n-údaruítear do leis an Acht so diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar an gceadúnas san d'athnuachaint.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas paisneura ócáideach do cheiliúradh.

Ceadúnaisí paisneura d'aistriú.

18. —(1) Ní fhéadfaidh an ceadúnaí, ná ní féadfar tré oibriú dlí, ceadúnas paisneura d'aistriú chun éinne eile.

(2) Pé uair a déanfar únaereacht bhóthar-sheirbhíse do phaisnéirí d'aistriú, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón té is ceadúnaí fén gceadúnas paisneura a bhaineann leis an seirbhís sin chun duine eile, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis san do dhéanamh ar iarratas an duine sin, an ceadúnas paisneura san d'aistriú chun an duine sin.

(3) Na forálacha den Acht so bhaineann le ceadúnas paisneura d'iarraidh agus do dheonadh bainfid, sa mhéid gur féidir san, le haistrithe ar cheadúnaisí paisneura d'iarraidh agus do dheonadh.

Ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura d'fháil bháis.

19. —(1) Pé uair a gheobhaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura bhliantúil bás beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfar an bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá, promháid uachta no leitreacha riaracháin estáit phearsanta an cheadúnaí sin do dheonadh, no an ceadúnas san do dhul in éag, no mí do bheith caithte ón am do fuair an ceadúnaí sin bás;

(b) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, an bhótharsheirbhís sin do phaisnéirí do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go ceann trí mhí ón am do fuair an ceadúnaí sin bás no go dtí go raghaidh an ceadúnas san in éag, pé ní acu san is túisce thárlóidh;

(c) beidh teideal ag ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin athnuachaint no aistriú chuige féin (pe'ca aca is gá sa chás) ar an gceadúnas san d'iarraidh agus an athnuachaint no an t-aistriú san d'fháil más oiriúnach leis an Aire san do dheonadh.

(2) Pé uair a gheobhaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura ócáideach bás éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí go n-údaruítear leis an gceadúnas san í do bheith ar siúl ar ócáid nách déanaí ná mí tar éis bháis an cheadúnaí sin féadfar í do chur ar siúl fén gceadúnas san in ainneoin bháis an cheadúnaí sin.

(b) aon bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí go n-údaruítear leis an gceadúnas san í do bheith ar siúl ar ócáid is déanaí ná mí tar éis bháis an cheadúnaí sin féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin í do chur ar siúl fén gceadúnas san.

Táillí ar cheadúnaisí paisneura do dheonadh, etc.

20. —(1) Íocfar leis an Aire ar gach deonadh, ar gach athnuachaint agus ar gach aistriú déanfar ar cheadúnas paisneura táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

(2) Féadfar táillí deifriúla do shocrú maidir le deonta, le hathnuachaintí agus le haistrithe, fé seach, a déanfar ar cheadúnaisí paisneura no ar shaghsanna deifriúla ceadúnaisí paisneura agus féadfaidh na táillí sin bheith de mhéid shocruithe no de mhéid a déanfar amach do réir scála bhaineann le saghasanna deifriúla bóthar-sheirbhísí do phaisnéirí.

(3) Déanfar gach táille is iníoctha fén alt so do bhailiú agus cuntas do thabhairt uirthi i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Déantúisí agus saothar Shaorstáit Éireann d'úsáid.

21. —(1) Nuair a bheidh an tAire á bhreithniú ce'ca ba cheart do géilleadh no diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas phaisneura no d'iarratas ar cheadúnas phaisneura d'athnuachaint féachfaidh, maidir leis na feithiclí a húsáidtear no atá beartuithe d'úsáid ar an mbóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an t-iarratas san, don mhéid atáid no bheid (ar fad no i bpáirt) de dhéantús Shaorstáit Éireann agus fós don mhéid de shaothar daoine i Saorstát Éireann a húsáidtear no a húsáidfear chun na bhfeithiclí sin do choimeád fé dheisiú.

(2) Gan dochar d'aon chomhacht a bronntar ar an Aire le haon alt eile den Acht so chun coinníollacha do chur le ceadúnaisí paisneura, féadfaidh an tAire a chur mar choinníoll le haon cheadúnas paisneura gur feithiclí do rinneadh ar fad no i bpáirt i Saorstát Éireann a húsáidfear (ar fad no chó fada le méid áirithe) ar an mbóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san.

Cuntaisí agus tuairiscí o cheadúnaithe fé cheadúnaisí paisneura.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so. a ordú cadiad na cuntaisí choimeádfaidh gach duine go mbeidh bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar siúl aige fé cheadúnas phaisneura agus fós cadiad na ráitisí cuntas, na breacacháin i dtaobh tráchta agus na tuairiscí eile do bhéarfaidh gach duine den tsórt san don Aire go tréimhsiúil agus cadiad na tráthanna agus na hócáidí ar a dtabharfar na tuairiscí sin do amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear le ceadúnas paisncura, a cheangal ar an gceadúnaí fén gceadúnas san cuntaisí do choimeád no tuairiscí do thabhairt uaidh a bheidh deifriúil (pe'ca tré chur-leis no fágaint ar lár no atharú é) leis na cuntaisí no leis na tuairiscí bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén Acht so agus má bhíonn aon choinníoll den tsórt san ag gabháil le ceadúnas paisneura beidh éifeacht ag na rialacháin sin, maidir leis an gceadúnaí fén gceadúnas san, fé réir an choinníll sin.

(3) Féadfaidh an tAire gach tuairisc no aon tuairisc do bhéarfar do fén alt so, agus fós staitistíocht a chuirfe sé le chéile o sna tuairiscí sin, d'fhoillsiú fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(4) Gach duine go dteipfidh air na cuntaisí do choimeád no na tuairiscí do thabhairt uaidh a ceanglófar air, le rialacháin a déanfar fén Acht so no le coinníoll a cuirfear le ceadúnas paisneura, a choimeád no a thabhairt uaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fós, í gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Iocaíochta ar son iompair ar bhótharsheirbhísí do phaisnéirí do rialáil.

23. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, scála d'íocaíochta maximum, ar son paisnéirí, bagáiste paisnéirí, agus (i gcás ina mbeidh san ceaduithe) earraí ceannaíochta d'iompar ar bhóthar-sheirbhísí do phaisnéirí, d'ordú agus fós an tslí ina gcuirfear aon scála den tsórt san i mbaint le haon bhóthar-sheirbhís áirithe do phaisnéirí, agus féadfaidh an tAire scálaí deifriúla d'íocaíochta maximum agus slite deifriúla chun a gcurtha i mbaint d'ordú amhlaidh i gcóir bóthar-sheirbhísí deifriúla do phaisnéirí maidir le cúrsa no cineál na seirbhísí sin no maidir leis an gceanntar ar a mbeidh na seirbhísí sin ag freastal.

(2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear le ceadúnas paisneura, íocaíochta maximum a bheidh deifriúil leis na híocaíochta maximum a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén Acht so do cheapadh don bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaincann an ceadúnas san agus má bhíonn aon choinníoll den tsórt san ag gabháil le ceadúnas paisneura beidh éifeacht ag na rialacháin sin, maidir leis an mbóthar-sheirbhís sin do phaisnéirí, fé réir an choinníll sin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén alt so ná le coinníollacha cuirfear le ceadúnaisí paisneura, íocaíochta maximum deifriúla do cheapadh ná d'ordú maidir le bótharsheirbhísí deifriúla do phaisnéirí más den aon chineál amháin na seirbhísí sin agus más ar an aon chúrsa amháin no nách mór ar an aon chúrsa amháin a bheid ar siúl.

(4) Pé uair a héilcofar, ar son paisnéirí, bagáiste paisnéirí, no carraí ceannaíochta d'iompar ar bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí, aon tsuim is mó ná an íocaíocht mhaximum a bheidh orduithe no ceaptha fén alt so maidir leis an iompar san, beidh an ceadúnaí fén gceadúnas paisneura bhaineann leis an mbóthar-sheirbhís sin do phaisnéirí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmcasc ar carraí ceannaíochta agus postanna d'iompar ar bhótharsheirbhís do phaisnéirí.

24. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so ní bheidh sé dleathach aon carraí ceannaíochta ná postanna d'iompar ar bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí.

(2) Féadfaidh an tAire, le coinníoll a cuirfear le ceadúnas paisneura, a údarú no a chur mar cheangal go ndéanfar earraí ceannaíochta (i gcoitinne no de chineál no de mhéid áirithe) no postanna, no na hearraí ceannaíochta agus na postanna san, d'iompar ar an mbóthar-sheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san agus má bhíonn coinníoll den tsórt san ag gabháil le ceadúnas paisneura ní sárú ar an alt so earraí no postanna (pe'ca aca é) d'iompar do réir an cheadúnais sin ar an mbótharsheirbhís do phaisnéirí le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire a údarú ná a chur mar cheangal fén alt so postanna d'iompar ar bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí ach amháin ar iarratas an Aire Puist agus Telegrafa no tar éis do dul i gcomhairle leis sin.

(4) Pé uair a hiomprófar aon carraí ceannaíochta no postanna ar bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí contrárdha don alt so, beidh an ceadúnaí fén gceadúnas paisneura maidir leis an mbótharsheirbhís sin do phaisnéirí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise de thrí púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

An Public Roads (Ireland) Act, 1911, do leasú.

25. —Ní tuigfear gur meáchaint ró-mhór ná gur trácht neachoitianta do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 1 den Public Roads (Ireland) Act, 1911, aon bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí bheidh ar siúl fé cheadúnas phaisneura agus ní luighfidh aon aicsean fén bhfo-alt san mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aon tseirbhís den tsórt san.

CUID III.

Cuideachtana Airithe do dheanamh Iompair ar Bhoithre.

Mínithe sa Chuid seo den Acht so.

26. —Sa Chuid seo den Acht so—

foluíonn an focal “cuideachta” có-choiste de dhá chuideachtain no níos mó;

cialluíonn an abairt “reacht speisialta” Acht áitiúil no pearsanta do rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe no Acht príobháideach do rith an tOireachtas;

cialluíonn an abairt “ordú reachtúil” ordú do rinneadh fé údarás reachta, pe'ca daingníodh an t-ordú san le reacht no nár daingníodh.

Cuideachtana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

27. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach cuideachtain a dheineann, le linn an Achta so do rith, paisnéirí agus earraí ceannaíochta no ceachtar acu d'iompar ar luach saothar (ar aon tslí seachas tré iompar ar bhóithre no de mhuir) i Saorstát Éireann fé chairt ríoga, reacht, reacht speisialta, no ordú reachtúil, pe'ca dheincann an chuideachta san ina theanta san iompar ar bhóithre no iompar de mhuir no aon ghnó eile no ná deineann.

Comhacht do chuideachtana áirithe chun iompair ar bhóithre do dhéanamh.

28. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh gach cuideachta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gach brainse no aon bhrainse d'iompar ar bhóithre (mar a léirítear é maidir leis an gcuideachtain sin do réir an ailt seo) do dhéanamh no do bheith ar siúl acu in aon pháirt de Shaorstát Éireann ach san do bheith fé réir forálacha an Achta so i gcás bóthar-sheirbhísí do phaisnéirí;

(b) iomlán aon iompair ar bhóithre bhíonn ar siúl ag éinne eile (le n-a n-áirmhítear aon ghnó dheineann an duine sin agus is gnó cabhartha no fo-ghnó ghabhann leis an iompar ar bhóithre sin) no aon chuid den iompar san no aon scair no leas ann do cheannach maraon leis an maoin agus leis na sócmhainní a húsáidtear sa tseirbhís no sa ghnó san no maidir leis;

(c) scaireanna in aon chuideachtain go mbíonn iompar ar bhóithre ar siúl acu do cheannach, do choimeád, d'aistriú, agus do dhíol;

(d) airgead do thabhairt ar iasacht d'éinne go mbíonn iompar ar bhóithre ar siúl aige agus urrús do ghlacadh, tré mhorgáiste no eile, ar an airgead san d'aisíoc;

(e) feithiclí, meaisíneacht, gléasra agus abhar do dhéanamh, do dheisiú, agus do choimeád i dtreo dhóibh féin no d'éinne eile chun iad d'úsáid in iompar ar bhóithre no chuige sin;

(f) connartha do dhéanamh maidir le hiompar ar bhóithre pe'ca ag an gcuideachtain sin no ag duine eile bhíonn sé ar siúl;

(g) a gcuid airgid agus a gcuid cistí d'úsáid chun éinní do dhéanamh a húdaruítear dóibh leis an alt so do dhéanamh, agus go sonnrách aon airgead atá ar láimh acu le linn an Achta so do rith d'úsáid chun na críche sin agus fós aon airgead do cruinníodh fé chomhacht reachtúil roimh an Acht so do rith agus nách gá chun na críche chun ar cruinníodh an t-airgead san amhlaidh;

(h) éinní chabhruíonn no bhaineann le héinní a húdaruítear leis na míreanna san roimhe seo den fho-alt so.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so léireofar an abairt “iompar ar bhóithre”—

(a) maidir le cuideachtana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ach ná bíonn ag iompar carraí ceannaíochta ar luach saothair le linn an Achta so do rith, mar abairt ná foluíonn carraí ceannaíochta d'iompar, agus

(b) maidir le cuideachtana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ach ná bíonn ag iompar paisnéirí ar luach saothair le linn an Achta so do rith, mar abairt ná foluíonn paisnéirí d'iompar,

agus dá réir sin ní oibreoidh éinní san alt so chun a údarú do chuideachtain, ná bíonn ag iompar earraí ceannaíochta ar luach saothair le linn an Achta so do rith, earraí ceannaíochta d'iompar ná chun a údarú do chuideachtain, ná bíonn ag iompar paisnéirí ar luach saothair le linn an Achta so do rith, paisnéirí d'iompar.

Comhacht do chuideachtana áirithe chun airgid do chruinniú.

29. —Féadfaidh aon chuideachta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aon airgead a theastóidh uatha, chun éinní do dhéanamh a húdaruítear dóibh leis an Acht so do dhéanamh, do chruinniú le toiliú an Aire tré iasacht d'fháil no tré stoc nua do bhunú no do thabhairt amach mar chaipitail bhreise no eile.

Postanna d'iompar.

30. —(1) Bainfidh alt 2 den Conveyance of Mails Act, 1893, le gach bóthar-sheirbhís do phaisnéirí bheidh ar siúl ag cuideachtain le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so fé is dá mba chuideachta thrambhealaigh an chuideachta san agus fé is dá mba thrambhealach an bhóthar-sheirbhís sin do phaisnéirí.

(2) Chun an ailt sin 2 den Conveyance of Mails Act, 1893, do chur i mbaint fén alt so le bóthar-sheirbhísí do phaisnéirí agus chuige sin amháin is tar éis na n-atharú so leanas do dhéanamh air agus fé réir na n-atharú san a bheidh éifeacht ag an alt san 2, sé sin le rá:—

(a) folóidh an abairt “tramway company” aon chuideachta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so;

(b) folóidh an focal “tramway” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí;

(c) folóidh an focal “carriage” feithicil inneall-ghluaiste;

(d) déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (2) den alt san 2 do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach do léiriú mar thagairt don Bhínsc Bhóthair Iarainn.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimhir agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 1 (Príobháideach) de 1925.

Acht Trambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (Seirbhísí Omnibus), 1925.

Ailt 3 agus 8.

Uimh. 17 de 1927 .

Acht na mBóthar Iarainn (Seirbhísí Gluaisteáin ar Bhóithre), 1927 .

An tAcht iomlán.