22 1932


Uimhir 22 de 1932.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (UIMH. 3), 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉ CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLEADH FORÁLACHA A I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [29adh Deireadh Fómhair, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Diúité ar phlúr chruithneachtan agus ar mhin chruithneachtan.

1. —(1) Déanfar diúité custum do réir cúig scillinge an dá chéad agus ochtó púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hearraí go léir d'aon tsaghas acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá d'Iúl, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá, plúr cruithneachtan, min chruithneachtan gur cruithneacht an t-abhar ar fad no nách mór ar fad as ar meileadh í, agus ullmhóidí (seachas arán, brioscaí, buillíní agus cácaí) go ndearnadh plúr cruithneachtan, no min chruithneachtan gur cruithneacht an t-abhar ar fad no nách mór ar fad as ar meileadh í, d'úsáid chun iad do dhéanamh.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, nách leor an méid plúir chruithneachtan, no an méid mine cruithneachtan gur cruithneacht an t-abhar ar fad no nách mór ar fad as ar meileadh í, atá ar fáil o dhéantóirí i Saorstát Éireann, no ná fuil an méid atá ar fáil amhlaidh oiriúnach, no ná fuil aon phlúr cruithneachtan, no min chruithneachtan den tsaghas san, ar fáil amhlaidh, no pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle amhlaidh mar adubhradh, gur mhaith an rud san do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leo d'fhorchur, an mhin chruithneachtan no an plúr cruithneachtan san adubhradh d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha uirthe no air, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll a bheidh forchurtha ag an Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós caogad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar na hearraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.

Cúram agus bainistí an diúité.

2. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo an diúité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 3), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.