26 1932


Uimhir 26 de 1932.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN SCÉIMEANNA DO CHUR LE CHÉILE AGUS DO CHUR I nGNÍOMH CHUN PÁIGH FHÁGÁLA, PINSEAN NO AISCÍ DO CHUR AR FÁIL I gCÓIR NO ALOS BALL D'FHÓRSAÍ ARMTHA SHAORSTÁIT ÉIREANN, AGUS SEANA-BHALL ÁIRITHE DE SNA FÓRSAÍ SIN ATÁ AG TABHAIRT SEIRBHÍSE UATHA ANOIS I STÁT-SHEIRBHÍS SHAORSTÁIT ÉIREANN NO SA GHÁRDA SÍOCHÁNA, AGUS BALL DE SHEIRBHÍS BHANALTRAIS AN AIRM. [16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “na Fórsaí” na fórsaí do bunuíodh fé Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “an tArm Náisiúnta” na fórsaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na fórsaí armtha bhí fé smacht an Aire Cosanta i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Fheabhra, 1922, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1922, agus

(b) na fórsaí armtha bhí á gcoinneáil suas ag an Rialtas Sealadach, agus

(c) na fórsaí armtha bhí á gcoinneáil suas ag Rialtas Shaorstáit Éireann go dtí an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, agus an lá san d'áireamh, agus

(d) na Fórsaí.

ach ní fholuíonn sí Scirbhís Bhanaltrais an Airm;

cialluíonn an abairt “seirbhís mhileata” seirbhís mhileata san Arm Náisiúnta. ach ní fholuíonn sí seirbhís sa Chúltaca do bunuíodh fé Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 ;

cialluíonn an abairt “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann;

foluíonn an abairt “oifigeach de sna Fórsaí” duine do bhí ina oifigeach den Arm Náisiúnta tráth agus, faid a bhí sé ina oifigeach den tsórt san no laistigh de cheithre mhí tar éis do scur de bheith ina oifigeach den tsórt san, do ceapadh chun puist inphinsin sa Stát-Sheirbhís no chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána agus, le linn an Achta so do rith, atá i seilbh an phuist chéanna no puist inphinsin eile sa Stát-Sheirbhís no is ball den Ghárda Síochána;

cialluíonn an abairt “seirbhís bhanaltrais” seirbhís mar bhall de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm, agus foluíonn sí seirbhís leis an Arm Náisiúnta mar bhanaltrain.

Scéimeanna pinsin d'ullamhú agus do chur i bhfeidhm.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Cosanta, le toiliú an Aire Airgid. scéim (dá ngairmtear scéim phinsin san Acht so) d'ullamhú—

(a) chun páigh fhágála, pinsean agus aiscí i gcóir no alos na n-oifigeach de sna Fórsaí le n-a mbaineann an scéim sin; agus

(b) chun pinsean agus aiscí i gcóir no alos na n-oifigeach neachoimisiúnta agus na bhfear de sna Fórsaí le n-a mbaineann an scéim sin; agus

(c) chun pinsean agus aiscí i gcóir na mball de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm le n-a mbaineann an scéim sin;

do chur ar fáil agus (fé réir a daingnithe fén Acht so) an scéim sin do chur i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an tAire Cosanta scéimeanna deifriúla pinsin d'ullamhú agus, fé réir a ndaingnithe mar adubhradh, iad do chur i bhfeidhm maidir le hoifigigh de sna Fórsaí, le hoifigigh neachoimisiúnta agus le fir de sna Fórsaí agus le baill de Sheirbhís Bhanaltrais an Airm.

(3) Chun méid aon pháigh fhágála, pinsin no aisce a cuirfear ar fáil fé scéim phinsin do dhéanamh amach cuirfear san áireamh (i dteanta pé nithe eile bheidh orduithe leis an scéim phinsin sin) i gcás oifigigh, oifigigh nea-choimisiúnta no fir de sna Fórsaí. seirbhís mhileata an oifigigh, an oifigigh nea-choimisiúnta no an fhir sin no, i gcás baill den tSeirbhís Bhanaltrais. seirbhís bhanaltrais an bhaill sin.

Cad a bheidh i scéim phinsin.

3. —Féadfar a shocrú le scéim phinsin—

(a) págh fágála, pinsin, agus aiscí d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas leis na daoine le n-a mbaineann an scéim sin no alos na ndaoine sin do réir pé rátaí, ar pé slí agus ar pé am agus fé réir pé coinníollacha agus srianta (ar a n-áirmhítear srianta ar aistriú) a hordófar leis an scéim sin;

(b) i gcás oifigeach de sna Fórsaí atá ar seirbhís le linn an Achta so do rith agus do bhí díreach sara ndeachadar san Arm Náisiúnta ag tabhairt seirbhíse uatha i bpost inphinsin sa Stát-Sheirbhís agus a bhí tar éis seirbhíse do thabhairt uatha amhlaidh ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana fichead, seirbhís uile coda de sna hoifigigh sin no na n-oifigeach san go léir sa phost inphinsin sin d'áireamh, fé réir pé coinníollacha luadhfar sa scéim sin, mar sheirbhís mhileata chun crícheanna an Achta so agus na scéime sin;

(c) pionóisí do bheith ag gabháil le hiompar chalaoiseach maidir le haon phágh fágála, pinsean, no aisce d'iarraidh.

Dhá Thigh an Oireachtais do dhaingniú scéime pinsin.

4. —Ní thiocfaidh aon scéim phinsin i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar í do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus í do dhaingniú le rún o gach Tigh acu san.

Scéim phinsin do leasú agus do cheiliúradh.

5. —Feadfar scéim phinsin do leasú no do cheiliúradh le scéim phinsin ina dhiaidh sin ar n-a déanamh agus ar n-a daingniú sa tslí chéanna ina ndearnadh agus inar daingníodh an scéim bhunaigh.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 , do ghairm den Acht so.