5 1933


Uimhir 5 de 1933.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1933.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE hOIFIGIGH AGUS LE SEIRBHÍSIGH ÚDARÁS ÁITIÚIL DO CHEAPADH AGUS LE N-A dTUARASTAIL AGUS LE N-A bPINSIN AGUS CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH MAIDIR LE hOIFIGIGH AGUS LE SEIRBHÍSIGH ÁIRITHE ÚDARÁS ÁITIÚIL. [13adh Abrán, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

nuair is coiste oideachais ghairme beatha an t-údarás áitiúil le n-a mbaineann an abairt “an tAire” cialluíonn sí an tAire Oideachais, agus nuair is coiste talmhaíochta an t-údarás áitiúil le n-a mbaineann sí cialluíonn sí an tAire Talmhaíochta, agus i ngach cás eile cialluíonn sí an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so tá ag gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht tá acu san Acht so an brí tugtar dóibh amhlaidh.

(2) Beidh na cóluchtaí seo leanas ina n-údaráis n-áitiúla chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) na cóluchtaí uile is údaráis áitiúla do réir bhrí an Phríomh-Achta;

(b) coistí oideachais ghairme beatha;

(c) coistí talmhaíochta.

Alt 71 den Phríomh-Acht d'athghairm.

2. —(1) Athghairmtear leis seo alt 71 den Phríomh-Acht.

(2) An athghairm a deintear leis an alt so ar alt 71 den Phríomh-Acht beidh sí fé mar do bheadh éifeacht aice agus tuigfear éifeacht do bheith aice an 9adh lá de Mhárta, 1932, agus ón lá san amach, agus dá réir sin má rinne údarás áitiúil, an 9adh lá d'Fheabhra, 1932, no dá éis sin, agus roimh an Acht so do rith, aon rún do rith den tsaghas a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 71 ní oibreoidh an t-alt san agus tuigfear nár oibrigh sé riamh chun an rúin sin do chur ar nea-mbrí ná chun teacht i bhfeidhm an rúin sin do chur ar ath-ló tar éis an 9adh lá san de Mhárta, 1932.

Rúin áirithe do dhéanamh dleathach.

3. —Pé uair a rinne údarás áitiúil, roimh an 9adh lá de Mhárta, 1932, rún do rith ag méadú tuarastail no sochair oifige oifigigh don údarás áitiúil sin agus a tháinig an rún san, roimh an 9adh lá san de Mhárta, 1932, chun bheith ar nea-mbrí fé alt 71 den Phríomh-Acht de dheascaibh é do theip ar an oifigeach san an dearbhú a héilítear leis an alt san do thabhairt agus do shighniú do réir an ailt sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) beidh ag an rún san agus tuigfear go raibh riamh aige an dleathacht agus an éifeacht chéanna (más ann di) do bheadh aige dá mba ná hachtófaí an t-alt san 71 den Phríomh-Acht;

(b) má ba ghá do réir dlí go ndéanfadh an tAire an méadú tuarastail no sochair oifige a luaidhtear sa rún san do cheadú no do dhaingniú, féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh agus in ainneoin aon diúltuithe roimhe sin don cheadú no don daingniú san do dhéanamh no in ainneoin aon deonta roimhe sin ar an gcéanna nár tháinig in éifeacht, féadfaidh an ceadú san no an daingniú san do dhéanamh aon uair tar éis an Achta so do rith, agus leis sin beidh an ceadú no an daingniú san fé mar do bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige pé dáta agus o pé dáta (nách luaithe ná dáta rithte an rúin sin) a luadhfaidh an tAire chuige sin;

(c) beidh iníoctha leis an oifigeach san no le n-a ionadaí pearsanta de bhuadh an ailt seo méid iomlán an tuarastail agus an tsochair oifige bhreise (ar n-a n-áireamh ón dáta ar a dtuigfear de bhuadh an ailt seo an méadú tuarastail no sochair oifige luaidhtear sa rún san do theacht in éifeacht) do bheadh sé i dteideal d'fháil de bhuadh an rúin sin dá dtagadh an méadú san in éifeacht an dáta san;

(d) má haistríodh an t-oifigeach san tré reacht no ar aon tslí eile go seirbhís fé údarás áitiúil seachas an t-údarás áitiúil do rith an rún san no má scuir an t-údarás áitiúil do rith an rún san de bheith ann ní oibreoidh san chun an oifigigh sin no a ionadaí phearsanta do chur as teideal do bheith aige chun na híocaíochta luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den fho-alt so;

(e) má scuir an t-oifigeach san de bheith ina oifigeach d'údarás áitiúil agus má deonadh pinsean do no má híocadh aisce leis ar é do scur amhlaidh, beidh an t-oifigeach san no a ionadaí pearsanta i dteideal go ndéanfadh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí méid an phinsin no na haisce sin d'athbhreithniú agus, más dóich leis an Aire sin gur ceart san do dhéanamh, go ndéanfaí é do mhéadú pé méid ordóidh an tAire sin;

(f) isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist no aighneas eireoidh le linn an ailt seo do chur in éifeacht, agus, go sonnrách, ar gach amhras, ceist no aighneas maidir leis an údarás áitiúil no leis na húdaráis áitiúla íocfaidh aon airgead is iníoctha leis an oifigeach san no le n-a ionadaí pearsanta de bhuadh an ailt seo, agus ní bheidh dul thar breith an Aire sin ar an gcéanna, ach más coiste oideachais ghairme beatha no coiste talmhaíochta an t-údarás áitiúil gur ina thaobh eireoidh aon amhras, ceist no aighneas den tsórt san raghaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí i gcomhairle leis an Aire Oideachais no leis an Aire Talmhaíochta (fé mar is gá sa chás) sara dtugaidh breith ar an amhras, ar an gceist no ar an aighneas san.

Údarás áitiúil do cheapadh daoine do cuireadh as oifig no as fostaíocht no dar diúltadh oifig no fostaíocht roimhe sin.

4. —(1) In ainneoin éinní atá in Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , beidh sé dleathach d'aon údarás áitiúil, laistigh de thréimhse chúig mblian o am an Achta so do rith, duine ar bith do cheapadh le ceadú ón Aire chun aon oifige no fostaíochta fén údarás áitiúil sin más dóich leis an Aire gur thárla, mar gheall ar oibriú ailt 71 den Phríomh-Acht no de dhruim chúiseanna poilitíochta, an duine sin do chur as an oifig no as an bhfostaíocht san no diúltadh d'é do cheapadh no gan é do cheapadh chúiche sin no an duine sin do chur as aon oifig no fostaíocht den tsaghas san, pe'ca fén údarás áitiúil sin é no fé údarás áitiúil eile i Saorstát Éireann, no diúltadh d'é do cheapadh no gan é do cheapadh chun an chéanna, no duine ar bith do cheapadh amhlaidh más dóich leis an Aire gur thárla, de dhruim chúiseanna poilitíochta, an duine sin do chur as oifig no fostaíocht den tsaghas san fé údarás áitiúil in aon pháirt d'Éirinn lasmuich de Shaorstát Éireann.

(2) Duine ar bith ceapfar, fé fho-alt (1) den alt so, chun oifige no fostaíochta féadfar, nuair a ceapfar é amhlaidh, é do chur ar an scála tuarastail is dóich leis an Aire do bheadh sroichte aige an uair sin dá mba ná tárlódh ina thaobh aon chur as oifig no diúltadh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san.

Seirbhís inphinsin aicmí áirithe oifigeach.

5. —(1) Má eirigh no má briseadh oifigeach d'údarás áitiúil as seirbhís an údaráis áitiúla san tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1922, agus roimh an 9adh lá de Mhárta, 1932, agus má rinne an t-údarás áitiúil sin, aon uair tar éis é d'eirghe as no é do bhriseadh amhlaidh, é do cheapadh (pe'ca tré thógaint thar n-ais no tré cheapachán nua é) chun na hoifige inphinsin chéanna no chun oifige inphinsin eile agus é d'fhostú san oifig sin, no má rinne údarás áitiúil eile é do cheapadh chun oifige inphinsin agus é d'fhostú san oifig sin, agus má dheineann an tAire, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an cheapacháin sin no tar éis an Achta so do rith, pe'ca aca san is déanaí, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur de dhruim chúiseanna poilitíochta d'eirigh no do briseadh an t-oifigeach san as an seirbhís sin amhlaidh, ansan, chun méid aon phinsin d'áireamh go dtiocfaidh an t-oifigeach san chun bheith ina theideal fén bPríomh-Acht no fé aon achtachán eile, beidh an t-oifigeach san i dteideal—

(a) an tréimhse idir an dáta ’nar eirigh sé no gur briseadh é (pe'ca aca é) as an seirbhís sin amhlaidh agus an dáta ’nar cheap údarás áitiúil é amhlaidh ina dhiaidh sin mar adubhradh d'áireamh mar sheirbhís inphinsin, agus

(b) má ba sheirbhís fé údarás áitiúil gur lasmuich den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é a bhí a líomatáiste feidhmiúcháin a sheirbhís sarar eirigh sé no sarar briseadh é as an seirbhís sin amhlaidh agus má ba sheirbhís í bheadh ina seirbhís inphinsin dá mba laistigh de Shaorstát Éireann a bheadh líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san, an tseirbhís sin d'áireamh mar sheirbhís inphinsin, agus

(c) na tréimhsí seo leanas d'áireamh mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnaigh inphinsin, sé sin le rá, a sheirbhís inphinsin sarar eirigh sé no sarar briseadh é (pe'ca aca é) as an seirbhís sin amhlaidh, an tréimhse sin a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so, agus a sheirbhís inphinsin tar éis na tréimhse sin.

(2) Má thagann oifigeach, de bhuadh an ailt seo, chun bheith i dteideal tréimhse idir é d'eirghe no do bhriseadh as seirbhís údaráis áitiúla agus údarás áitiúil eile dá cheapadh chun oifige inphinsin d'áireamh mar sheirbhís inphinsin, ansan, chun a shocrú cé air a bheidh aon phinsean d'íoc go dtiocfaidh an t-oifigeach san chun bheith ina theideal fén bPríomh-Acht, tuigfear pé cion den tréimhse sin ordóidh an tAire do bheith ina sheirbhís fén údarás áitiúil gur as a sheirbhís d'eirigh no do briseadh an t-oifigeach san amhlaidh, agus tuigfear an chuid eile den tréimhse sin do bheith ina seirbhís fén údarás áitiúil do cheap é amhlaidh ar an tréimhse sin do bheith caithte.

(3) Má thagann oifigeach, de bhuadh an ailt seo, chun bheith i dteideal tréimhse seirbhíse fé údarás áitiúil gur lasmuich den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é a bhí a líomatáiste feidhmiúcháin d'áireamh mar chuid de thréimhse de sheirbhís leanúnaigh inphinsin (pe'ca fholuíonn an tréimhse sin de sheirbhís leanúnaigh inphinsin, freisin, de bhuadh an ailt seo, tréimhse idir deireadh na seirbhíse sin agus an t-am do ceapadh é chun oifige inphinsin fé údarás áitiúil eile no ná foluíonn) agus má moltar pinsean no aisce don oifigeach san, déanfaidh an tAire pé cion den phinsean no den aisce sin a chinnfidh, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ionchurtha i leith seirbhíse an oifigigh sin fé údarás áitiúil gur lasmuich den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é a bhí a líomatáiste feidhmiúcháin déanfaidh é d'aisíoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an údarás áitiúil a íocfaidh an pinsean no an aisce sin, agus sa chás san ní bheidh feidhm ag alt 47 den Phríomh-Acht ná ag fo-alt (2) den alt so.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire Oideachais aon deimhniú chun crícheanna an ailt seo do thabhairt uaidh gan toiliú an Aire Airgid.

(5) San alt so—

(a) déanfar an abairt “údarás áitiúil,” maidir le haon ghníomh, ní, no rud do rinneadh no do thárla roimh an 30adh lá d'Abrán, 1923, do léiriú mar abairt a fholuíonn aon údarás áitiúil gur in aon áit in Éirinn a bhí a líomatáiste feidhmiúcháin an uair sin, agus

(b) léireofar tagairtí do dhuine d'eirghe as seirbhís mar thagairtí fholuíonn an duine sin d'fhágaint na seirbhíse sin ar shlí eile seachas tré é do bhriseadh aiste, agus

(c) tá ag gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 42 den Phríomh-Acht an brí tugtar dóibh amhlaidh.

Iocaíochtaí áirithe do dhéanamh dlíthiúil.

6. —(1) Má rinne duine seirbhísí agus dualgaisí oifigigh no seirbhísigh d'údarás áitiúil d'fheidhmiú agus do chólíonadh faid a bhí sé, de bhíthin oibrithe ailt 71 den Phríomh-Acht, gan bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don údarás áitiúil sin no faid a bhí sé, de bhíthin breithe ón údarás áitiúil sin no orduithe tugadh dóibh sin agus mar gheall ar a ghníomhartha poiliticiúla, gan luach saothair d'fháil ón údarás áitiúil sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin no aon údarás áitiúil eile dar haistríodh feidhmeanna, dualgaisí, agus comhachta an údaráis áitiúla san a céad-luaidhtear ar an údarás áitiúil sin a céad-luaidhtear do scur, féadfaid, le ceadú ón Aire, aon tsuim no suimeanna airgid d'íoc mar luach saothair leis an duine sin no le n-a ionadaí pearsanta alos na tréimhse ’na raibh an duine sin ag feidhmiú agus ag cólíonadh seirbhísí agus dualgaisí an oifigigh no an tseirbhísigh sin amhlaidh, suim no suimeanna ná raghaidh ar fad thar méid an luach saothair go mbeadh an duine sin ina theideal alos na tréimhse sin dá mb'é an t-oifigeach no an seirbhíseach san é dáiríribh.

(2) Aon íocaíocht d'íoc údarás áitiúil roimh an Acht so do rith agus ná raibh dleathach nuair do híocadh í ach do bheadh dleathach de bhuadh an ailt seo dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, tuigfear gur fén alt so do híocadh í agus go bhfuil sí agus go raibh sí riamh dleathach.

uach saothair áirithe do coimeádadh siar d'íoc.

7. —(1) Féadfaidh aon údarás áitiúil, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith agus le ceadú ón Aire, íoc do dhéanamh le héinne no le hionadaí pearsanta éinne dob oifigeach no ba sheirbhíseach don údarás áitiúil sin ar feadh iomlán na tréimhse no ar feadh aon choda den tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Iúl, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá d'Abrán, 1923, agus ’nar cuireadh isteach ar a sheirbhís mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san le linn aon choda den tréimhse sin de bhíthin é do bheith i bpríosún no fé choinneáil no as láthair o n-a dhiúitéthe ar aon tslí eile ar feadh na coda san den tréimhse sin mar gheall ar a ghníomhartha poiliticiúla, íoc do dhéanamh amhlaidh in iomlán no in aon chuid d'aon tuarastal, págh no luach saothair, alos na coda san den tréimhse sin, ’nar choimeád an t-údarás áitiúil sin a íoc siar uaidh mar gheall ar é bheith i bpríosún no fé choinneáil amhlaidh no as láthair amhlaidh o n-a dhiúitéthe ar aon tslí eile.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so no chun crícheanna an fho-ailt sin, sé sin le rá :—

(a) féadfar íocaíocht d'íoc le duine fén alt so pe'ca bheidh sé, le linn na híocaíochta san d'íoc, ina oifigeach no ina sheirbhíseach don údarás áitiúil a bheidh ag íoc na híocaíochta san no ná beidh;

(b) más scurtha de bheith ann don údarás áitiúil do rinne íoc tuarastail, páigh no luach saothair do choimeád siar, ansan, aon fheidhmiú d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh, dá mbeadh an t-údarás áitiúil sin ann fós, ar na comhachta bronntar leis an alt so, féadfaidh an t-údarás áitiúil dar haistríodh feidhmeanna, comhachta agus dualgaisí an údaráis áitiúla san a céad-luaidhtear é do dhéanamh ;

(c) aon íocaíocht a híocfar fén alt so le duine ar bith déanfar í d'íoc amach as an ráta no as an gciste gur amach as a íocann an t-údarás áitiúil a bheidh ag íoc na híocaíochta san tuarastal, págh, no luach saothair an duine sin no, maran oifigeach no seirbhíseach don údarás áitiúil sin é, amach as an ráta no as an gciste gur amach as a íocfadh an t-údarás áitiúil sin a thuarastal, a phágh, no a luach saothair dá mb'oifigeach no seirbhíseach don údarás áitiúil sin é ;

(d) is é an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist no aighneas eireoidh le linn an ailt seo do chur in éifeacht agus ní bheidh dul thar a bhreith sin ar an gcéanna.

Teora le méid na rátaí.

8. —Chun críche aon teorann le méid an ráta gur amach as a híocfar íocaíocht fén Acht so ní háirmheofar mar chuid den ráta san an méid sin de a gearrfar chun na híocaíochta san d'íoc.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1931, agus den Acht so le chéile.