5 1934


Uimhir 5 de 1934.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN AILT 12 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927 , DO LEASÚ. [8adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , d'athghairm go leathrannach.

1. —Deintear, leis seo, mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), d'athghairm agus san an 1adh lá d'Abrán, 1933, agus ón lá san amach, agus beidh éifeacht ag an alt san, agus tuigfear éifeacht do bheith ag an alt san, dá réir sin an lá san agus ón lá san amach.

Fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , do leasú.

2. —Athghairmtear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1930 (Uimh. 26 de 1930) , agus, in ionad ailt 1 den Acht san, achtuítear leis seo go ndéanfar agus go ndeintear leis seo fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), do leasú agus san an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, agus ón lá san amach, tré sna figiúirí “1938” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeireadh an fho-ailt sin.

Baint ailt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 .

3. —Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), le tithe go ndeineann alt 13 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ), aon fhaoiseamh alos rátaí do thabhairt ina dtaobh.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, den Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931) , den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) agus den Acht so le chéile.