6 1934


Uimhir 6 de 1934.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA IS FÉIDIR DO ROIMH-ÍOC LE BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS FÉN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1931 , DO MHÉADÚ.

[8adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An teora bheidh le roimh-íocanna déanfar fén Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 .

1. —Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ), agus alt 4 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1932 ( Uimh. 15 de 1932 ), agus achtuítear leis seo, ina n-ionad san, ná raghaidh méid iomlán na suimeanna roimh-íocfar le Bord Soláthair an Leictreachais fén alt san 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 , adubhradh, thar suim thrí milleon cúig céad agus cúig míle fichead púnt.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1932, agus den Acht so le chéile.