11 1934


Uimhir 11 de 1934.


ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE DO DHÉANAMH CHUN BANNAÍ TALMHAN DO BHUNÚ AGUS DO THABHAIRT AMACH CHUN AIRGID CHEANNAIGH D'ÍOC AGUS ROIMH-IOCANNA DO DHÉANAMH FÉ SNA hACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN ÚIS D'ÍOC AR NA BANNAÍ TALMHAN SAN AGUS IAD SAN D'FHUASCAILT AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [23adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) , agus, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar í mar abairt a thagrann don Acht san fé mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin.

Airgead ceannaigh d'íoc i mbannaí talmhan.

2. —(1) Déanfar an t-airgead ceannaigh go léir (seachas airgead ceannaigh is gá, do réir Achta na mBannaí Talmhan, 1933 ( Uimh. 33 de 1933 ), d'íoc tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht san agus seachas airgead ceannaigh a roimh-íocfar ar shlí eile seachas tré bhannaí talmhan ar n-a dtabhairt amach fé Acht do ritheadh roimh an Acht so), a bheidh iníoctha ag Coimisiún na Talmhan tar éis an Achta so do rith le díoltóirí, d'íoc tré bhannaí talmhan, ar n-a mbunú fén Acht so agus is có-ionann in ainm-mhéid leis an airgead ceannaigh sin, do thabhairt amach fén Acht so.

(2) I gcás airgid cheannaigh do bheith iníoctha, fén alt so, tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach, déanfaidh an díoltóir dá dtabharfar amach iad, déanfaidh, i gcúrsaí idir é féin agus Coimisiún na Talmhan, na bannaí talmhan san do ghlacadh mar chothrom an mhéide chó-réire d'airgead ceannaigh, agus éinne ag á mbeidh comhacht chun díola fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh, cé nách únaer amuich is amach é, connradh ceannaigh déanach do dhéanamh bíodh gur i mbannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so a bheidh an t-airgead ceannaigh le n'íoc, fén alt so agus nách in airgead.

(3) Bainfidh alt 3 den Phríomh-Acht, mar atá san leasuithe le halt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 ( Uimh. 25 de 1925 ), le gach éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh (mar a mínítear san san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh) nuair is i mbannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so bheidh an t-airgead ceannaigh sin iníoctha, fén alt so, fé mar a bhaineann sé leis na héilithe luaidhtear san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí do bhannaí talmhan, san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí do bhannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt. amach fén Acht so.

Roimh-íocanna do dhéanamh i mbannaí talmhan.

3. —(1) Gach roimh-íoc (seachas roimh-íocanna is gá, do réir Achta na mBannaí Talmhan, 1933 ( Uimh. 33 de 1933 ), do dhéanamh tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht san) a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta, tar éis an Achta so do rith, is tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach fén Acht so a déanfar é.

(2) Na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann le Coimisiún na Talmhan do dhéanamh roimh-íocanna chun crícheanna an Phríomh-Achta, agus le hús ar na roimhíocanna san d'íoc agus le colann na roimh-íocanna san d'aisíoc tré bhlianachtaí ceannaigh no ar shlí eile, agus leis an íocaíocht agus an aisíocaíocht san d'urrú, bainfid le roimh-íocanna déanfar fén alt so tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach díreach fé mar a bhainid le roimh-íocanna do rinne Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta roimh an Acht so do rith.

Bannaí talmhan do bhunú le hordú.

4. —(1) D'fhonn soláthair do chur ar fáil chun roimh-íocanna do dhéanamh agus chun airgid cheannaigh d'íoc is gá do réir an Achta so do dhéanamh no d'íoc tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so, féadfaidh an tAire Airgid, o am go ham do réir mar is gá ach fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh, le hordú, sreath bannaí talmhan do bhunú de pé méid iomlán agus de pé ainm-luachanna (nách lugha in aon chás ná púnt) agus ar a mbeidh ús do réir pé ráta (nách lugha ná trí per cent. agus nách mó ná ceathair per cent. per annum) agus a bheidh fé réir pé coinníollacha maidir le clárú no le hinscríobhadh is dóich leis an Aire sin is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Ordófar le gach ordú déanfar fén alt so ná tabharfar amach bannaí talmhan den tsreath bunófar leis an ordú san ach chun roimh-íocanna do dhéanamh agus chun airgid cheannaigh d'íoc go gcó-aontófar ar a méideanna no go gceapfar a méideanna i rith tréimhse áirithe.

(3) Nuair a bheidh an ráta úis a bheidh ar aon tsreath de bhannaí talmhan á cheapadh ag an Aire Airgid fén alt so, féachfaidh do sna praghsanna ar a mbeidh an Iasacht Náisiúnta is déanaí bheidh tugtha amach agus bannaí talmhan a bheith tugtha amach roimhe sin fén Acht so no fé Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933) , á luadh ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath, d'fhonn an ráta úis a ceapfar amhlaidh do bheith (laistigh de sna teoranta forchuirtear leis an alt so) de mhéid a chuirfidh in áirithe margadh-phraghas bannaí talmhan den tsreath san do bheith ar par no in aice par ar feadh ama réasúnta tar éis an tsreatha san do bhunú.

(4) I gcás gurb ionann an ráta úis is iníoctha ar shreath de bhannaí talmhan a bunófar le hordú fén alt so agus an ráta úis is iníoctha ar shreath de bhannaí talmhan a bheidh bunuithe le hordú roimhe sin fén alt so, féadfar, leis an ordú ag bunú an tsreatha san de bhannaí talmhan a céad-luaidhtear, an céanna do chó-dhlúthú leis an sreath san roimhe sin de bhannaí talmhan.

(5) Ceapfar le gach ordú déanfar fén alt so na suimeanna cuirfear i leathtaoibh i gCiste na mBannaí Talmhan i ndeireadh gach leath-bhliana dar críoch an 1adh lá de Bhealtaine agus an 1adh lá de Mhí na Samhna chun fuascailte do dhéanamh ar an sreath de bhannaí talmhan a bunófar leis an ordú san, agus ceapfar leis fós ráta an úis agus an chiste fhiach-laigheaduithe íocfaidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan ar na suimeanna uile a roimh-íocfar agus a híocfar tré bhannaí talmhan den tsreath san do thabhairt amach agus ná beidh deimhnithe ag an Aire Airgid do bheith aisíoctha.

(6) Ceapfar le gach ordú déanfar fén alt so, no socrófar ann go gceapfaidh an tAire Airgid, ráta na mblianachtaí ceannaigh agus na suimeanna bliantúla eile is iníoctha chun aisíoca do dhéanamh in airgead ceannaigh a bheidh íoctha agus i roimhíocanna bheidh déanta tré bhannaí talmhan den tsreath a bunófar leis an ordú san do thabhairt amach.

(7) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Bannaí talmhan a bunófar fén Acht so do thabhairt amach.

5. —(1) Chun roimh-íoca do dhéanamh no chun aon airgid cheannaigh d'íoc is gá do réir an Achta so do dhéanamh no d'íoc tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so bhéarfar amach, fé mar agus nuair is gá san, an méid sin den tsreath de bhannaí talmhan, ar n-a mbunú fén Acht so agus a bheidh ionchurtha chun na críche sin, a bheidh ag teastáil.

(2) Chun méid na mbannaí talmhan a bhéarfar amach fén alt so in aon chás áirithe d'áireamh, déanfar an t-airgead ceannaigh go léir agus gach íocaíocht a bheidh le n'íoc as airgead ceannaigh d'áireamh go dtí an méid púnt slán is giorra don toradh chruinn.

Teoranta le bannaí talmhan do bhunú agus do thabhairt amach fén Acht so.

6. —(1) Ní raghaidh méid iomlán na mbannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so thar deich milleoin púnt.

(2) D'ainneoin éinní atá in alt ar bith eile den Acht so, isé ús a bheidh ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so chun roimh-íoca do dhéanamh no chun aon airgid cheannaigh d'íoc go gcó-aontófar i dtaobh a mhéide no go gceapfar a mhéid an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, no roimhe sin ná ús do réir ceathair per cent. per annum ar ainm-luach na mbannaí talmhan san.

An t-ús a bheidh ar bhannaí talmhan agus fuascailt bhannaí talmhan.

7. —(1) Beidh ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so ús do réir pé ráta luadhfar in ordú a mbunuithe agus beidh an t-ús san iníoctha ina thráth-choda cóionannacha leath-bhliantúla pé tráthanna gach bliain a cheapfaidh an tAire Airgid san ordú san no le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so.

(2) Beidh bannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so ionfhuascailte ar par maraon le híoc gach riaráiste úis, agus déanfaidh an tAire Airgid, tríd an ordú ag bunú na mbannaí talmhan no tré rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, socrú chun iad d'fhuascailt tré tharraicí tréimhsiúla.

(3) Déanfaidh an tAire Airgid, tríd an ordú ag bunú na mbannaí talmhan no tré rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, socrú chun fuascailte do dhéanamh láithreach ar bhannaí talmhan, ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, a haistreofar le hordú ón gCoimisinéir Breithiúntais i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh is muirear ar thailte bheidh tógtha ag Coimisiún na Talmhan chúcha fén bPríomh-Acht.

(4) Aon uair tar éis deich mbliana fichead do bheith caithte o am an Achta so do rith, féadfar gach banna talmhan no aon bhanna talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus ná beidh fuascailte roimhe sin d'fhuascailt ar par pé tráth no tráthanna ordóidh, agus le tarraicí no ar shlí eile fé mar ordóidh, an tAire Airgid.

(5) Is amach as Ciste na mBannaí Talmhan a híocfar an t-ús ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus na suimeanna bheidh ag teastáil chun na mbannaí talmhan san d'fhuascailt fén alt so agus, maran leor an Ciste sin chun na críche sin, beidh a muirear agus a n-íoc san ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis mar chéad-mhuirear ar an gcéanna i ndiaidh na muirearacha do bunuíodh roimh an Acht so do rith.

(6) Déanfar an t-airgead go léir a híocfar amach as an bPrímh-Chiste le Ciste na mBannaí Talmhan fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'áireamh mar roimh-íoc sealadach le Ciste na mBannaí Talmhan agus, fé réir forálacha ailt 27 den Acht Talmhan, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , déanfar suas é as an gCiste Urraíochta.

Forálacha bhaineann leis an gciste costaisí d'oiriúnú.

8. —Chun ailt 5 den Phríomh-Acht do chur i mbaint le cásanna ina ndéanfar an t-airgead ceannaigh do roimh-íoc tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach, déanfar gach tagairt san alt san 5 do Bhannaí Talmhan 4½ per cent. do léiriú mar thagairt do bhannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so agus, chun crícheanna na bainte sin, beidh éifeacht ag an alt san 5 dá réir sin.

Cuntaisí Chiste na mBannaí Talmhan.

9. —Déanfaidh an tAire Airgid, sna cuntaisí choimeádfaidh ar na gnóthaí alos Ciste na mBannaí Talmhan, dealú idir ghnóthaí alos bannaí talmhan do tugadh amach fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do rith agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht do híocadh tré sna bannaí talmhan san do thabhairt amach, ar thaobh, agus gnóthaí alos bannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht a híocfar tré sna bannaí talmhan san do thabhairt amach, ar an taobh eile, agus déanfaidh an tAire sin dealú fós sna cuntaisí sin idir ghnóthaí alos gach sreatha fé leith de bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht a híocfar tré bhannaí talmhan de gach sreath fé leith den tsórt san do thabhairt amach.

Rialacháin.

10. —Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus féadfaidh leis na rialacháin sin aon fhoráil a bhaineann le hairgead talamhcheannaigh agus atá in Acht ar bith do ritheadh roimh an Acht so do rith d'oiriúnú chun crícheanna an Achta so.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

11. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.