43 1934


Uimhir 43 de 1934.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1934.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1930, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1925 (Uimh. 15 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1930” Acht na hPinsean Seirbhíse Míleata, 1930 (Uimh. 8 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “na Fórsaí” na cóluchtaí míleata so leanas, sé sin le rá:—

(a) Oglaigh na hÉireann (Arm Poblachta na hÉireann),

(b) The Irish Volunteers,

(c) The Irish Citizen Army,

(d) Fianna Éireann,

(e) The Hibernian Rifles,

(f) Cumann na mBan;

cialluíonn an abairt “an chéad dáta cinnteach” an 11adh lá d'Iúl, 1921;

cialluíonn an abairt “an dara dáta cinnteach”—

(a) i gcás duine d'fhónuigh sna Fórsaí an 1adh lá d'Iúl, 1922, an 1adh lá d'Iúl, 1922, agus

(b) i gcás duine nár fhónuigh sna Fórsaí an 1adh lá d'Iúl, 1922, ach d'fhónuigh sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse dar thosach an 2adh lá d'Iúl, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923, an dáta i rith na tréimhse sin ar ar fhónuigh an duine sin sna Fórsaí den chéad uair;

cialluíonn an abairt “deimhniú seirbhíse míleata” deimhniú ar n-a dheonadh fé alt 2 d'Acht 1924;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Seirbhís sna Fórsaí.

2. —(1) Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, duine do bheith ag fónamh sna Fórsaí faid a bhí seirbhís chogúil á tabhairt ag an duine sin in aon cheann de sna cóluchtaí gurb iad na Fórsaí iad agus, i gcás duine d'fhónuigh mar bhall d'Ard-Chomhairle na Irish Volunteers no d'Fhuirinn Ard-Oifige Oglach na hÉireann (Arm Poblachta na hÉireann) no sa Bhrainse Fhaisnéise d'aon cheann de sna cóluchtaí gurb iad na Fórsaí iad, faid a bhí an duine sin ag fónamh amhlaidh.

(2) Ní tuigfear na nithe seo leanas do bheith ina mbearnain i leanúnachas seirbhíse sna Fórsaí chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) gan bheith ar diúité de dheascaibh gabhála, príosúntachta, coinneála no ionnarba fén Defence of the Realm Act, 1914, fén Restoration of Order in Ireland Act, 1920, no fé aon rialacháin do rinneadh fútha san;

(b) gan bheith ar diúité de dheascaibh gabhála, príosúntachta no pian-tseirbhíse mar gheall ar cheannaire, ar thréasan no ar fheleontacht tréasain roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921;

(c) gan bheith ar diúité de dheascaibh dul i mbun dualgaisí ar iarratas no ar son Aireacht an Chéad Dáil Éireann no an Dara Dáil Éireann, dualgaisí nárbh fholáir do dhuine, chun aire do thabhairt dóibh, gan bheith ar diúité;

(d) gan bheith ar diúité faid do bhí fé ghabháil de dheascaibh bheith ag gníomhú mar bhall de sna Fórsaí.

Daoine le n-a mbaineann an tAcht so.

3. —(1) Baineann an tAcht so le gach duine—

(a) d'fhónuigh sna Fórsaí tráth ar bith i rith na seachtaine dar thosach an 23adh lá d'Abrán, 1916, no d'fhónuigh sna Fórsaí go leanúnach ar feadh ceachtar de sna tréimhsí seo leanas, sé sin le rá, an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1920, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1921, agus an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1921, agus dar chríoch an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus

(b) d'fhónuigh sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Iúl, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923, agus

(c) nách duine go mbaineann Acht 1924 leis.

(2) I gcás duine nách duine go mbaineann Acht 1924 leis agus nách duine go mbaineann an tAcht so, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, leis—

(a) d'fhónamh sna Fórsaí tráth ar bith i rith na seachtaine dar thosach an 23adh lá d'Abrán, 1916, no

(b) d'fhónamh sna Fórsaí go leanúnach ar feadh na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1921, agus dar chríoch an 11adh lá d'Iúl, 1921,

bainfidh an tAcht so, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, leis an duine sin, ach san gus an atharú agus fé réir an atharuithe go ndéanfar, maidir leis an duine sin, an abairt ‘an chéad dáta cinnteach' do léiriú mar abairt a chialluíonn an dáta i rith na seachtaine sin no, marar fhónuigh sé i rith na seachtaine sin, an dáta i rith na tréimhse sin, ar ar fhónuigh sé den chéad uair sna Fórsaí an tseachtain sin no sa tréimhse sin (pe'ca aca é) agus go ndéanfar an abairt ‘an dara dáta cinnteach' do léiriú mar abairt a chialluíonn an dáta is túisce sa tréimhse idir an chéad dáta cinnteach maidir leis an duine sin agus an 12adh lá d'Iúl, 1921, ar a raibh an chéim dob aoirde aige i rith na tréimhse sin is déanaí a luaidhtear ag an duine sin sna Fórsaí.

(3) Tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gan Acht 1924 do bhaint le duine le n-a mbaineann an tAcht san le fírinne ach gur deimhin leis an Aire ina thaobh nár iarr an duine sin deimhniú seirbhíse míleata fén Acht san toisc seirbhís do bheith tugtha aige sna Fórsaí no gur diúltuíodh don deimhniú san do thabhairt don duine sin toisc é dhaoradh chun príosúntachta no pian-tseirbhíse alos gnímh do rinne sé i gcólíonadh a dhualgais mar bhall de sna Fórsaí.

Grádanna tuigthe céime.

4. —(1) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gurb iad so leanas na céimeanna sna Fórsaí, sé sin le rá:—

(a) Céim A;

(b) Céim B;

(c) Céim C;

(d) Céim D;

(e) Céim E.

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfear aon ghrád céime luaidhtear in aon mhír den fho-alt deiridh sin roimhe seo do bheith níos aoirde ná aon ghrád céime luaidhtear i mír ina dhiaidh sin den fho-alt san.

(3) Déanfar tagairtí san Acht so don ghrád chéime sna Fórsaí do bhí, ar dháta áirithe, ag duine go mbaineann an tAcht so leis do léiriú mar thagairtí don ghrád chéime tuigtear do bhí ag an duine sin ar an dáta san ar n-a dhéanamh amach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An Réiteoir.

5. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh réiteoir ann (dá ngairmtear an Réiteoir san Acht so).

(2) Déanfaidh an Ard-Chomhairle, chó luath agus is gá san tar éis an Achta so do rith agus ina dhiaidh sin fé mar a theastóidh san, agus ar mholadh an Aire, duine bheidh, ar dháta a cheaptha, ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach no den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda no ina Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige, do cheapadh chun bheith ina Réiteoir, agus duine ar bith a ceapfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Ard-Chomhairle é.

(3) Pé uair a bheidh an Réiteoir, toisc easláinte no leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le dualgaisí a oifige do chólíonadh, féadfaidh an Ard-Chomhairle, ar mholadh an Aire, duine bheidh, ar dháta a cheaptha, ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach no den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda no ina Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige, do cheapadh chun dualgaisí an Réiteora do chólíonadh faid a leanfaidh an mí-chumas san, agus gach duine ceapfar amhlaidh beidh comhachta uile an Réiteora aige faid a leanfaidh an mí-chumas san.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair ar a gcinnfidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an Réiteoir no le duine ar bith a ceapfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(5) Féadfaidh an tAire rialacha do dhéanamh chun nós imeachta an Réiteora do rialáil.

(6) Féadfaidh an Réiteoir, chun na ndualgaisí forchuirtear air leis an Acht so do chólíonadh, gach fiosrú do dhéanamh is dóich leis is gá.

(7) Beidh ag an Réiteoir, chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear do leis seo fínnithe do chur fé mhionn) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair, gach comhacht, ceart agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh an Réiteora ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

(8) Má thárlann d'éinne—

(a) faillí do thabhairt i dteacht i láthair an réiteora agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair do mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Réiteoir air go dlíthiúil a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht agus fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Réiteoir air go dlíthiúil a thabhairt i láthair no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an Réiteoir air go dlíthiúil a fhreagairt, no

(c) éinní eile do dhéanamh ba dhísbeagadh cúirte da mba Chúirt Bhreithiúnais an Réiteoir agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,

féadfaidh an Réiteoir cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an chúirt sin, tar éis pé fiosrú is ceart dar léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú fé is dá mbeadh sé ciontach sa chúirt sin do dhísbeagadh.

Coiste Comhairlitheach.

6. —(1) Déanfar coiste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach (dá ngairmtear an Coiste san alt so) do bhunú chun suidhe in éineacht leis an Réiteoir agus chun cabhruithe leis agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna fén Acht so.

(2) Is ceathrar ball a bheidh ar an gCoiste, sé sin le rá:—

(a) beirt bhall, is daoine ag á raibh céim árd sna Fórsaí roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus a ainmneoidh an Ard-Chomhairle agus a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Ard-Chomhairle é;

(b) ball a ainmneoidh an tAire Airgid agus a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Aire Airgid é; agus

(c) ball a ainmneoidh an tAire agus a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Pé uair a bheidh ball den Choiste, toisc easláinte no leorchúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le n-a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh, féadfaidh údarás ceaptha an bhaill sin duine eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Choiste in ionad an bhaill a bheidh fé mhí-chumas amhlaidh faid a leanfaidh an mí-chumas san.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair ar a gcinnfidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haon bhall den Choiste.

Iarrataisí ar dheimhnithe seirbhíse.

7. —(1) Duine ar bith adeir gur duine é go mbaineann an tAcht so leis féadfaidh iarratas do chur chun an Aire á iarraidh go ndeonfaí deimhniú dho (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse san Acht so) á dheimhniú gur duine é go mbaineann an tAcht so leis.

(2) Déanfar gach iarratas fén alt so laistigh den am orduithe agus beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Iarrataisí do chur chun an Réiteora agus tuarasgabháil ortha.

8. —(1) Cuirfidh an tAire gach iarratas ar dheimhniú sheirbhíse chun an Réiteora agus leis sin déanfaidh an Réiteoir scrúdú ar an iarratas san agus bhéarfaidh tuarasgabháil air don Aire do réir an ailt seo.

(2) Beidh breith-thortha i dtaobh na nithe seo leanas i ngach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Réiteoir uaidh ar iarratas a cuirfear chuige agus le n-a n-iarrfar deimhniú seirbhíse do dheonadh, sé sin le rá:—

(a) ce'ca duine go mbaineann an tAcht so leis an t-iarratasóir no nách eadh;

(b) másé breith-thoradh an Réiteora gur duine go mbaineann an tAcht so leis an t-iarratasóir—

(i) na tréimhsí seirbhíse gur le n-a linn d'fhónuigh an t-iarratasóir sna Fórsaí, an cólucht no na cóluchtaí míleata áirithe (ba chuid de sna Fórsaí) inar fhónuigh sé le linn gach tréimhse seirbhíse fé leith den tsórt san, agus an fhaid i ngach tréimhse fé leith den tsórt san do bhí sé ag fónamh i ngach cólucht fé leith den tsórt san, agus

(ii) an grád céime sna Fórsaí do bhí aige ar an dara dáta cinnteach agus, má bhí sé ag fónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach, an grád céime do bhí aige ar an dáta san, agus

(iii) pé nithe eile bheidh orduithe.

(3) Gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Réiteoir uaidh fén alt so beidh sí sa bhfuirm orduithe.

(4) Is ar an iarratasóir a bheidh cruthúnas do thabhairt os cóir an Réiteora i dtaobh aon chúrsaí fírinne adéarfar in iarratas ar dheimhniú sheirbhíse agus beidh saor-chead ag an iarratasóir pé fianaise do thairisgint is dóich leis is gá chun an chruthúnais sin do thabhairt.

(5) I gcás tuarasgabháil do bheith tugtha ag an Réiteoir fén alt so ar iarratas ar dheimhniú sheirbhíse, féadfaidh an tAire, ar an scór go bhfuil fianaise ar fáil o tugadh an tuarasgabháil sin ná raibh ar fáil sarar tugadh í, a iarraidh ar an Réiteoir an tuarasgabháil sin d'athscrúdú, agus leis sin athscrúdóidh an Réiteoir an tuarasgabháil sin agus, tar éis do breithniú do dhéanamh ar an bhfianaise bhreise sin agus ar aon fhianaise thairgfidh an duine le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin, féadfaidh an tuarasgabháil sin do dhaingniú no d'atharú, pe'ca aca is dóich leis is ceart.

(6) Má iarrann an tAire ar an Réiteoir tuarasgabháil d'athscrúdú fén alt so ar an scór go bhfuil fianaise ar fáil o tugadh an tuarasgabháil sin ná raibh ar fáil sarar tugadh í, cuirfe sé in úil don duine le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin go bhfuil san á iarraidh aige agus, mararbh é an duine sin fé ndeár san d'iarraidh, bhéarfaidh ráiteas ar an bhfianaise sin do.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “tuarasgabháil fén Acht so” tuarasgabháil ar n-a tabhairt ag an Réiteoir fé fho-alt (1) den alt so, go pé atharuithe (más aon cheann é) uirthi bheidh déanta fé fho-alt (5) den alt so.

(8) Chun crícheanna an ailt seo is tréimhse sheirbhíse gach tréimhse fé leith dá luaidhtear sa dara colún den Fho-scríbhinn a ghabhann le Riail 1 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Ní bheidh dul thar tuarasgabháil an Réiteora.

9. —Na breith-thortha ón Réiteoir mar a bheid leagtha amach i dtuarasgabháil fén Acht so beid, fé réir aon athscrúduithe ar an tuarasgabháil sin a dhéanfaidh an Réiteoir fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so, ina mbreith-thortha ná beidh aon dul thársa agus ina gceangal ar gach duine agus ar gach bínse.

Deimhnithe seirbhíse do dheonadh.

10. —(1) Más léir o thuarasgabháil fén Acht so nách duine go mbaineann an tAcht so leis an duine gur ina thaobh a tugadh an tuarasgabháil sin, diúltóidh an tAire do dheimhniú sheirbhíse do dheonadh don duine sin.

(2) Más léir o thuarasgabháil fén Acht so gur duine go mbaineann an tAcht so leis an duine gur ina thaobh a tugadh an tuarasgabháil sin, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, deimhniú seirbhíse do dheonadh don duine sin.

(3) Féadfaidh an tAire, más rogha leis féin é, diúltú do dheimhniú sheirbhíse do dheonadh d'éinne iarrfaidh deimhniú seirbhíse agus go ndearna cúirt dlighinse inniúla i Saorstát Éireann no in áit eile é dhaoradh chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma ar bith is sia na trí mhí no chun aon téarma pian-tseirbhíse.

Pinsean do dheonadh.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid agus fé réir forálacha an Achta so, pinsean do dheonadh do dhuine ar bith dá mbeidh deimhniú seirbhíse deonta, pinsean a bheidh, fé réir forálacha an Achta so, iníoctha le n-a shaol.

(2) Gach pinsean a deonfar fén Acht so tosnóidh sé ar bheith iníoctha an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1934, agus beidh sé iníoctha an lá san dá éis.

(3) Ní bhfuighidh duine ar bith pinsean fén Acht so mara mbeidh airgead vótálta ag an Oireachtas chun an phinsin sin d'íoc.

(4) Isé slí ina n-áirmheofar méid pinsin a deonfar do dhuine ar bith fén Acht so ná do réir na rialacha bhaineann le cás an duine sin agus atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An Ard-Chomhairle do cheiliúradh pinsin fén Acht so.

12. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, pinsean ar bith a bheidh deonta fén Acht so do cheiliúradh ar réasúin a luadhfar san ordú san.

(2) Ní ceiliúrfar aon phinsean den tsórt san amhlaidh mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar réasúin an cheiliúrtha bheartuithe sin do chur in úil i scríbhinn don té bheidh ag fáil an phinsin agus caoi réasúnta do thabhairt don duine sin chun pé míniú, freagra no cás eile is dóich leis is ceart i dtaobh an cheiliúrtha bheartuithe sin no i dtaobh réasún an cheiliúrtha san do chur in úil don Ard-Chomhairle.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

An tAire do cheiliúradh agus do laigheadú pinsean fé Acht 1924 agus fén Acht so.

13. —(1) I gcás—

(a) deimhniú seirbhíse míleata do dheonadh de dhruim tuarasgabhála fé Acht 1924, no

(b) deimhniú seirbhíse do dheonadh de dhruim tuarasgabhála fén Acht so,

féadfaidh an tAire, ar an scór go bhfuil fianaise ar fáil o tugadh an tuarasgabháil sin ná raibh ar fáil sarar tugadh í, a iarraidh ar an Réiteoir tráth ar bith an tuarasgabháil sin d'athscrúdú, agus leis sin athscrúdóidh an Réiteoir an tuarasgabháil sin agus, tar éis do an fhianaise bhreise sin agus aon fhianaise thairgfidh an duine le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin d'éisteacht féadfaidh an tuarasgabháil sin do dhaingniú no d'atharú, pe'ca aca is dóich leis is ceart.

(2) Má iarrann an tAire ar an Réiteoir tuarasgabháil fé Acht 1924 no tuarasgabháil fén Acht so d'athscrúdú fén alt so ar an scór go bhfuil fianaise ar fáil o tugadh an tuarasgabháil sin ná raibh ar fáil sarar tugadh í cuirfe sé in úil don duine le n-a mbaineann an tuarasgabháil sin go bhfuil san á iarraidh aige agus bhéarfaidh ráiteas ar an bhfianaise sin do.

(3) Má dheineann an Réiteoir tuarasgabháil fé Acht 1924 d'atharú fén alt so, déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (6) d'alt 3 d'Acht 1924, mar atá san leasuithe le halt 2 d'Acht 1930, do bhreith-thortha an bhúird mheastóirí fé mar a bheid leagtha amach sa tuarasgabháil sin do léiriú mar thagairt do sna breith-thortha san fé mar a bheid leagtha amach sa tuarasgabháil sin agus í atharuithe amhlaidh.

(4) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an Réiteoir, ar athscrúdú do dhéanamh fén alt so ar thuarasgabháil fé Acht 1924 no ar thuarasgabháil fén Acht so, an tuarasgabháil sin d'atharú, agus

(b) gur léir ón tuarasgabháil sin agus í atharuithe, más tuarasgabháil fé Acht 1924 í, nách duine go mbaineann an tAcht san leis an duine gur ina thaobh a tugadh an tuarasgabháil sin no, más tuarasgabháil fén Acht so í, nách duine le n-a mbaineann an tAcht so an duine sin;

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) más tuarasgabháil fé Acht 1924 an tuarasgabháil sin, ceiliúrfaidh an tAire an deimhniú seirbhíse do deonadh don duine sin agus déanfaidh, le hordú, i gcás pinsin fé Acht 1924 do bheith deonta don duine sin, an pinsean san do cheiliúradh o dháta nách túisce ná dáta an orduithe sin, agus

(ii) más tuarasgabháil fén Acht so an tuarasgabháil sin, ceiliúrfaidh an tAire an deimhniú seirbhíse do deonadh don duine sin agus déanfaidh, le hordú, i gcás pinsin fén Acht so do bheith deonta don duine sin, an pinsean san do cheiliúradh o dháta nách túisce ná dáta an orduithe sin.

(5) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an Réiteoir, ar athscrúdú do dhéanamh fén alt so ar thuarasgabháil fé Acht 1924, an tuarasgabháil sin d'atharú, agus

(b) gur léir ón tuarasgabháil sin agus í atharuithe gur duine le n-a mbaineann Acht 1924 an duine gur ina thaobh a tugadh an tuarasgabháil sin,

déanfaidh an tAire an deimhniú seirbhíse míleata do deonadh don duine sin d'atharú is slí go mbeidh sé do réir na tuarasgabhála san agus í atharuithe amhlaidh, agus más rud é gur deonadh pinsean fé Acht 1924 don duine sin agus nár ceiliúradh an pinsean san fé Acht 1925 agus gur mó méid an phinsin sin ná an méid a deonfaí dá mba mhar a chéile téarmaí na tuarasgabhála san mar do tugadh i dtosach í agus téarmaí na tuarasgabhála san agus í atharuithe déanfaidh le hordú an pinsean san do laigheadú, o dháta nách túisce ná dáta an orduithe sin, go dtí an méid gurbh é méid ceart an phinsin sin é fé Acht 1924 dá mba mhar a chéile téarmaí na tuarasgabhála san mar do tugadh i dtosach í agus téarmaí na tuarasgabhála san tar éis an atharuithe sin.

(6) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an Réiteoir, ar athscrúdú do dhéanamh fén alt so ar thuarasgabháil fén Acht so, an tuarasgabháil sin d'atharú, agus

(b) gur léir ón tuarasgabháil sin agus í atharuithe gur duine le n-a mbaineann an tAcht so an duine gur ina thaobh a tugadh an tuarasgabháil sin,

déanfaidh an tAire an deimhniú seirbhíse do deonadh don duine sin d'atharú i slí go mbeidh sé do réir na tuarasgabhála san agus í atharuithe amhlaidh, agus más rud é gur deonadh pinsean fén Acht so don duine sin agus nár ceiliúradh an pinsean san fén Acht so agus gur mó méid an phinsin sin ná an méid a deonfaí dá mba mhar a chéile téarmaí na tuarasgabhála san mar do tugadh i dtosach í agus téarmaí na tuarasgabhála san agus í atharuithe déanfaidh le hordú an pinsean san do laigheadú, o dháta nách túisce ná dáta an orduithe sin, go dtí an méid gurbh é méid ceart an phinsin sin é fén Acht so dá mba mhar a chéile téarmaí na tuarasgabhála san mar do tugadh i dtosach í agus téarmaí na tuarasgabhála san tar éis an atharuithe sin.

(7) San alt so—

cialluíonn an abairt “tuarasgabháil fé Acht 1924” tuarasgabháil (le n-a n-áirmhítear tuarasgabháil ar bith ar n-a hatharú fé fho-alt (6) d'alt 3 d'Acht 1924) do thug an bord meastóirí uatha fé Acht 1924 ar iarratas ar dheimhniú sheirbhíse míleata.

Deimhnithe seirbhíse míleata agus deimhnithe seirbhíse do sheachadadh don tAire.

14. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh deimhniú seirbhíse míleata no deimhniú seirbhíse tugtha amach do dhuine ar bith, agus

(b) gur gá don Aire do réir an ailt deiridh sin roimhe seo an deimhniú san do cheiliúradh no do leasú,

cuirfidh an tAire fógra tríd an bpost cláruithe fé ainm an duine sin agus fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige á cheangal ar an duine sin an deimhniú san do chur chun an Aire laistigh de pé am tar éis an fhógra san do sheirbheáil a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so déanamh do réir an fhógra san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Toirmeasc ar phinsin do shannadh, etc.

15. —(1) Gach sannadh déanfar agus gach muirear a cuirfear ar aon phinsean fén acht so, agus gach có-aontú chun aon phinsin den tsórt san do shannadh no do chur fé mhuirear, beid gan bhrí gan éifeacht ach amháin sa mhéid go mbeid údaruithe le hAcht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní féadfar aon phinsean a deonfar fén Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar shlí eile le dlí chun aon fhiacha no fiachaisí d'íoc a bheidh ar an té dá mbeidh an pinsean san deonta fén Acht so.

(3) Ní chuirfidh éinní san alt so cosc le haon airgead a bheidh dlite, ar dhuine le n-a mbeidh pinsean iníoctha fén Acht so, ag aon Aire is ceann ar Roinn Stáit no ag aon roinn phuiblí de Rialtas Shaorstáit Éireann no bheidh ag dul uaidh d'aon Aire no Roinn den tsórt san do bhaint as an bpinsean san.

Alt 4 d'Acht 1924 do leasú.

16. —I gcás deimhniú seirbhíse míleata do dheonadh do dhuine ar bith tar éis dáta an Achta so do rith agus pinsean fé Acht 1924 do dheonadh don duine sin, tosnóidh an pinsean san, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1924, ar bheith iníoctha ón 1adh lá de Dheire Fómhair, 1934, no o lá a scurtha o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pe'ca dáta acu san is déanaí.

Alt 5 d'Acht 1924 do leasú.

17. —Léireofar alt 5 d'Acht 1924 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “ag aon Aire is ceann ar Roinn Stáit no ag aon roinn phuiblí de Rialtas Shaorstáit Éireann” do chur i bhfo-alt (3) den alt san in ionad na bhfocal “ag an Aire” atá anois sa bhfo-alt san.

Geallbhruideadh pinsean.

18. —(1) Más rud é go ndéanfaidh cúirt dlighinse inniúla i Saorstát Éireann éinne dá ndeonfar pinsean fén Acht so do chiontú in aon choir no cionta le linn an phinsin sin do bheith aige agus go ndaorfaidh an Chúirt sin é, mar gheall ar an gcoir no ar an gcionta san, chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh aon téarma is sia ná trí mhí, no chun piantseirbhíse ar feadh téarma ar bith, beidh an pinsean a bheidh deonta amhlaidh don duine sin i ngeallbhruid o dháta an chiontuithe sin.

(2) Má cuirtear aon chiontú agus daoradh den tsórt san roimhráite ar nea-mbrí no ar neamh-ní, tuigfear an gheallbhruid ina mbeidh pinsean fén Acht so de dheascaibh an chiontuithe agus an daortha san do bheith curtha ar nea-mbrí agus ar neamh-ní freisin, agus leis sin beidh an pinsean san in éifeacht arís agus é iníoctha maraon le gach riaráiste air a bheidh fásta o dháta an chiontuithe sin.

Ciontaí.

19. —(1) Má dheineann éinne, d'fhonn deonadh no íoc pinsin d'fháil do féin no d'éinne eile fén Acht so, aon dearbhú, iarratas no ráiteas scríobhtha eile do chur le chéile, do shighniú, no d'úsáid agus a fhios aige an céanna do bheith bréagach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má bhíonn éinne, a ciontófar amhlaidh mar adubhradh, ag fáil pinsin de bharr an dearbhuithe, an iarratais, no an ráitis scríobhtha eile sin do bhí bréagach beidh an pinsean san i ngeallbhruid air o dháta an chiontuithe sin.

(3) Chun crícheanna imeachta mar gheall ar chionta ar bith fén alt so, tuigfear an cionta do dhéanamh san áit ina ndearnadh é dáiríribh no san áit ina dtárlóidh don chiontathóir bheith.

Pinsin do chur ar fiunraoi agus toirmeasc ar phinsin dúbalta.

20. —(1) Má bhíonn éinne le n-a mbeidh pinsean iníoctha fén Acht so, aon uair le linn an phinsin sin do bheith aige, ag fáil aon luach saothair, pinsin, no liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí, pe'ca ar n-a sholáthar ag an Oireachtas do no amach as an bPrímh-Chiste no tríd an ráta dealbhais no aon ráta eile ar n-a ghearradh ag údarás áitiúil, déanfar an pinsean is iníoctha leis an duine sin fén Acht so do chur ar fiunraoi i méid a háirmheofar do réir na bhforálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so faid a bheidh sé ag fáil an luach saothair, an phinsin, no an liúntais sin mar adubhradh.

(2) Ní bheidh duine i dteideal an t-aon tréimhse amháin aimsire d'áireamh chun críche pinsin fén Acht so agus fós chun críche aois-liúntais fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, no chun críche pinsin no liúntais fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 ( Uimh. 34 de 1923 ), mar atá san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, ach féadfaidh aon duine den tsórt san, más mian leis é, a phinsean fén Acht so do thabhairt suas agus áireamh do dhéanamh, i gcóir an aois-liúntais, an phinsin no an liúntais sin agus ar an slí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ar aon tréimhse aimsire d'fhéadfadh sé d'áireamh chun an dá chríoch roimhráite mara mbeadh an t-alt so.

(3) An abairt “tréimhse aimsire” atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, folóidh sí, maidir le duine dar deonadh no dá ndeonfar ina dhiaidh seo pinsean no liúntas fé alt 5 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , mar atá san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, aon tréimhse, pe'ca dáiríribh no tuigthe dhi, atá no bheidh an duine sin i dteideal a áireamh chun méid an phinsin no an liúntais sin do dhéanamh amach.

Rialacháin.

21. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud orduithe.

Costaisí.

22. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deintear aon tsocrú eile ina dtaobh san Acht so.

Gearr-theideal agus luadh.

23. —Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1934, do ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1930 agus den Acht so le chéile.

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha chun a Chinneadh cadiad na Gradanna Tuigthe Ceime sna Forsai bhi ag Daoine bhi ag Fonamh sna Forsai.

1.—(1) Einne do bhí ar dháta ar bith ina Cheann Fuirinne, ina Leas-Cheann Fuirinne, ina Aidiútant Generálta, ina Oifigeach Roinne i gCeannas, no ina Cheathrú-mháistir Generálta tuigfear Céim A do bheith aige ar an dáta san.

(2) Einne do bhí ar dháta ar bith—

(a) ina Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta ag gníomhú mar Stiúrthóir ar aon tseirbhís acu so leanas, eadhon, Có-ghléasadh, Faisnéis, Innealltóireacht agus Muinisin, no

(b) ina Oifigeach Briogáide i gCeannas nár lugha ná míle líon a bhriogáide ar an dáta san,

tuigfear Céim B do bheith aige ar an dáta san.

(3) Einne do bhí ar dháta ar bith—

(a) ina Oifigeach Briogáide i gCeannas gur lugha ná míle líon a bhriogáide ar an dáta san, no

(b) ina Leas-Oifigeach Roinne i gCeannas, no

(c) ina Aidiútant Roinne, no

(d) ina Cheathrú-mháistir Roinne, no

(e) ina Cheannphort Catha nár lugha ná trí chéad líon a chatha ar an dáta san, no

(f) ina Leas-Oifigeach Briogáide i gCeannas nár lugha ná míle líon a bhriogáide ar an dáta san, no

(g) ina Aidiútant Briogáide nár lugha ná míle líon a bhriogáide ar an dáta san, no

(h) ina Cheathrú-mháistir Briogáide nár lugha ná míle líon a bhriogáide ar an dáta san, no

(i) ina Cheannasaí Colúin nár lugha ná triocha líon a cholúin ar an dáta san, no

(j) ina Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta do bhí, ar an dáta san, ag gníomhú mar Stiúrthóir Seirbhísí Leighis, no

(k) ina Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta do bhí, ar an dáta san, ag gníomhú mar Stiúrthóir aon tSeirbhíse, seachas mar Stiúrthóir Seirbhísí Leighis no Seirbhíse dá luaidhtear i bhfo-mhír (a) den mhír dheiridh sin roimhe seo,

tuigfear Céim C do bheith aige ar an dáta san.

(4) Duine do bhí ar dháta ar bith—

(a) ina Cheannphort Catha gur lugha ná trí chéad líon a chatha ar an dáta san, no

(b) ina Chaptaen Complachta nár lugha ná seasca líon a chomplachta ar an dáta san, no

(c) ina Chaptaen, ar an dáta san, ar Fhuirinn na Ceann-Cheathrún Generálta no ar Fhuirinn Roinne, no

(d) i gcás complachta nár lugha ná céad agus fiche a líon ar an dáta san, má ba chomplacht aon Lefteanaint amháin í ar an dáta san, ina Lefteanant ar an gcomplacht san no, má ba chomplacht í gan ach dhá Lefteanant aici ar an dáta san, ar dhuine den dá Lefteanant san nó, má ba chomplacht trí Lefteanant no níos mó í ar an dáta san, ar dhuine den dá Lefteanant ba dhara fear agus tríú fear fé seach i gceannas ar an dáta san, no

(e) i gcás complachta gur lugha ná céad agus fiche ach nár lugha ná céad a líon ar an dáta san, má ba chomplacht aon Lefteanaint amháin í ar an dáta san, ina Lefteanant ar an gcomplacht san no, má ba chomplacht dhá Lefteanant no níos mó í ar an dáta san, ina Lefteanant ba dhara fear i gceannas ar an dáta san, no

(f) ina Oifigeach Briogáide, seachas Oifigeach Briogáide go dtuigtear de bhuadh míre (2) no (3) den Riail seo Céim B no Céim C do bheith aige ar an dáta san, no

(g) ina Leas-Oifigeach Catha i gCeannas nár lugha ná céad líon a chatha ar an dáta san, no

(h) ina Aidiútant Catha nár lugha ná céad líon a chatha ar an dáta san, no

(i) ina Cheathrú-Mháistir Catha nár lugha ná céad líon a chatha ar an dáta san, no

(j) ina Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta seachas Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta do bhí, ar an dáta san, ag gníomhú mar Stiúrthóir Seirbhíse ar bith, no

(k) ina Oifigeach Roinne seachas Oifigeach Roinne i gCeannas, Leas-Oifigeach Roinne i gCeannas, Aidiútant Roinne no Ceathrú-mháistir Roinne, no

(l) ina Cheannasaí Colúin gur lugha ná triocha líon a cholúin ar an dáta san, no

(m) ina Dhochtúir Oifigiúil seachas Oifigeach Ceann-cheathrún Generálta do bhí ag gníomhú, ar an dáta san, mar Stiúrthóir Seirbhísí Leighis,

tuigfear Céim D do bheith aige ar an dáta san.

(5) Einne bheidh do réir na gcoinníollacha so leanas, eadhon—

(a) do bhí ina oifigeach ar dháta ar bith, agus

(b) ná tuigtear, de bhuadh aon mhíre acu san roimhe seo den Riail seo, aon ghrád céime do bheith aige ar an dáta san,

tuigfear chun crícheanna an Achta so Céim E do bheith aige ar an dáta san.

(6) Duine ar bith ag á raibh céim oifigeach nea-choimisiúnta no céim shaighdiúra shingil ar dháta ar bith tuigfear Céim E do bheith aige ar an dáta san.

(7) Ní bhainfidh aon fhoráil acu san roimhe seo den Riail seo le héinne do bhí ar dháta ar bith ina bhall d'Fhianna Éireann no de Chumann na mBan agus ná raibh ar dháta ar bith ina bhall d'Óglaigh na hÉireann (Arm Poblachta na hÉireann) ná de sna Irish Volunteers, agus ina ionad san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon duine den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) éinne do bhí ar dháta ar bith—

(i) ina bhall d'fhuirinn cheann-cheathrún no d'árdchoiste Fhianna Éireann no Chumann na mBan, no

(ii) ina oifigeach d'Fhianna Éireann no de Chumann na mBan a bhí i gceannas céad ball no níos mó de cheachtar cólucht acu san, no

(iii) ina oifigeach d'Fhianna Éireann no de Chumann na mBan dob aoirde céim ná oifigeach de cheachtar cólucht acu san do bhí i gceannas céad ball no níos mó de cheachtar cólucht acu san

tuigfear Céim D do bheith aige ar an dáta san, agus

(b) duine ar bith do bhí ar dháta ar bith ina bhall d'Fhianna Éireann no de Chumann na mBan agus ná tuigtear de bhuadh na fo-mhíre (a) roimhe seo den mhír seo Céim D do bheith aige tuigfear Céim E do bheith aige ar an dáta san.

2. I gcás oifigigh go bhfuil a ghrád céime ar dháta ar bith le cinneadh, fé Riail 1 den Sceideal so, do réir na céime do bhí aige dáiríribh sna Fórsaí agus fós do réir líon an aonaid le n-ar bhain sé ar an dáta san, agus i gcás an oifigigh sin do bheith, ar an dáta san, as láthair o dhiúité de dheascaibh príosúntachta mar gheall ar a ghníomhartha mar bhall de sna Fórsaí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, chun crícheanna na Rialach san 1, maidir leis an oifigeach san, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gurb é céim sna Fórsaí do bhí ag an oifigeach san ar an dáta san ná an chéim do bhí aige ar dháta a ghabhála, agus

(b) tuigfear an líon céanna do bheith san aonad san ar an dáta san do bhí ann nuair do gabhadh an t-oifigeach san.

3. I gcás gan forálacha Rialach 1 den Sceideal so do bhaint le cás duine áirithe, féadfaidh an Réiteoir a chinneadh cadé an grád áirithe céime tuigfear do bheith ag an duine sin ar dháta ar bith, agus le linn san do bheith á chinneadh aige féachfaidh an Réiteoir do sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an ceapachán do bhí ag an duine sin,

(b) na seirbhísí do rinne an duine sin,

(c) na treoracha grádála atá leagtha amach sa Riail sin 1.

4. I gcás duine ar bith, go mbaineann forálacha Rialach 1 den Sceideal so le n-a chás mar a bhí san ar dháta áirithe, do bheith ag gabháil do sheirbhís de chineál speisialta ar an dáta san, féadfaidh an Réiteoir, nuair a bheidh a thuarasgabháil fén Acht so maidir leis an ngrád céime do bhí ag an duine sin ar an dáta san á tabhairt uaidh aige, a thuairisciú i dtaobh an ghráid chéime do bhí aige ar an dáta san gur grád céime é is aoirde ná an grád ba ghrád céime dho ar an dáta san mara mbeadh an Riail seo.

DARA SCEIDEAL.

Rialacha chun Meid Pinsean fen Acht so d'Aireamh.

1.—(1) Chun crícheanna na Rialach so—

(a) beidh gach tréimhse fé leith dá bhfuil leagtha amach sa dara colún den Fho-scríbhinn a ghabhann leis an Riail seo ina tréimhse sheirbhíse, agus

(b) isé bheidh mar sheirbhís inphinsin oiriúnach in aghaidh tréimhse seirbhíse ar bith ná an fhaid aimsire atá leagtha amach sa tríú colún den Fho-scríbhinn sin os coinne luadh na tréimhse seirbhíse sin.

(2) Chun crícheanna Rialach 3 den Sceideal so is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar seirbhís inphinsin duine d'áireamh, sé sin le rá:—

(a) fé réir fo-mhíre (c) den mhír seo, bhéarfar creidiúint don duine sin, alos gach tréimhse seirbhíse gur fhónuigh an duine sin san Fórsaí ar a feadh go léir, sa tréimhse inphinsin oiriúnach in aghaidh na tréimhse seirbhíse sin,

(b) fé réir fo-mhíre (c) den mhír seo, bhéarfar creidiúint don duine sin, alos gach tréimhse seirbhíse nár fhónuigh an duine sin sna Fórsaí ach ar feadh coda dhi, sa bhfaid sin de sheirbhís inphinsin go mbeidh idir í agus an tseirbhís inphinsin oiriúnach in aghaidh na tréimhse sin an coibhneas céanna bheidh idir faid a sheirbhíse sna Fórsaí i rith na tréimhse seirbhíse sin agus faid na tréimhse seirbhíse sin,

(c) i gcás gan duine d'fhónamh sna Fórsaí i rith coda ar bith den tréimhse sheirbhíse luaidhtear ag Uimh. thagartha 1 sa bhFo-scríbhinn a ghabhann leis an Riail seo, ach é d'fhónamh ar feadh iomláine na tréimhse seirbhíse no i rith coda den tréimhse sheirbhíse luaidhtear ag Uimh. thagartha 2 sa bhFo-scríbhinn sin, tuigfear, chun crícheanna an dá fho-mhír dheiridh sin roimhe seo, gan an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse seirbhíse is déanaí luaidhtear,

(d) isé is seirbhís inphinsin don duine sin ná suim na bhfaidcanna uile agus fé seach de sheirbhís inphinsin ina mbeidh creidiúint le tabhairt don duine sin do réir na bhfo-mhíreanna san roimhe seo den mhír seo.

Fo-Scribhinn.

Uimh. Thag.

Tréimhse Sheirbhíse

Seirbhís Inphinsin Oiriúnach

(1)

(2)

(3)

1

An tseachtain dar thosach an 23adh lá d'Abrán, 1916.

4 bliana.

2

An tréimhse gurb é atá inti ná:—

(a) an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1916, agus dar chríoch an 22adh lá d'Abrán, 1916, agus

(b) an tréimhse dar thosach an 30adh lá d'Abrán, 1916, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1917.

bliain.

3

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1917, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1918.

½ bhliain.

4

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1918, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1919.

½ bhliain.

5

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1919, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1920.

bliain.

6

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1920, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1921.

2 bhliain.

7

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1921, agus dar chríoch an 11adh lá d'Iúl, 1921.

bliain.

8

An tréimhse dar thosach an 12adh lá d'Iúl, 1921, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1922.

bliain.

9

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Iúl, 1922, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1923.

2 bhliain.

10

An tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923.

bliain.

2. Chun crícheanna na rialacha so isé ráta per annum is oiriúnach d'aon ghrád céime luaidhtear sa chéad cholún den Fho scríbhinn a ghabhann leis an Riail seo ná an ráta per annum atá leagtha amach sa dara colún den Fho-scríbhinn sin os coinne luadh an ghráid chéime sin.

Fo-Scribhinn.

Grád Ceime

Ráta Oiriúnach per Annum

(1)

(2)

Céim A.

...

...

...

...

£25

per annum.

Céim B.

...

...

...

...

£20

per annum.

Céim C.

...

...

...

...

£15

per annum.

Céim D.

...

...

...

...

£10

per annum.

Céim E.

...

...

...

...

£5

per annum.

3. Is mar leanas a bheidh méid an phinsin a bheidh íníoctha le duine go mbeidh deimhniú seirbhíse tugtha amach ina thaobh:—

(a) i gcás an duine sin do bheith ina bhall d'Ard-choiste na Irish Volunteers tráth ar bith roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, méid a háirmheofar do réir cúig púint fhichead per annum in aghaidh gach bliana no coda de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(b) i gcás gan an mhír sin roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus i gcás an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus ar an dara dáta cinnteach agus Céim C do bheith ag an duine sin, ar dháta acu san, de bhuadh fo-mhíre (j) de mhír (3) de Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus gan grád céime is aoirde ná Céim B do bheith aige ar an dáta eile acu san, méid a háirmheofar do réir fiche púnt per annum in aghaidh gach bliana no coda de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(c) i gcás gan ceachtar den dá mhír sin roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus gan an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus i gcás Céim C do bheith ag an duine sin, ar an dara dáta cinnteach, de bhuadh fo-mhíre (j) de mhír (3) de Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, méid a háirmheofar do réir fiche púnt per annum in aghaidh gach bliana no coda de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(d) i gcás gan mír ar bith acu san roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus i gcás an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus ar an dara dáta cinnteach agus Céim D do bheith aige, ar dháta acu san, de bhuadh fo-mhíre (m) de mhír (4) de Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach gan grád céime is aoirde ná Céim C do bheith aige ar an dáta eile acu san, méid a háirmheofar do réir cúig púint déag per annum in aghaidh gach bliana no coda de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(e) i gcás gan mír ar bith acu san roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus gan an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus i gcás Céim D do bheith ag an duine sin, ar an dara dáta cinnteach, de bhuadh fo-mhíre (m) de mhír (4) de Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, méid a háirmheofar do réir cúig púint déag per annum in aghaidh gach bliana no coda de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(f) i gcás gan mír ar bith acu san roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus i gcás an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus ar an dara dáta cinnteach agus an grád céanna céime do bheith aige ar an dá dháta san, méid a háirmheofar do réir an ráta per annum, gurb é an ráta per annum é is oiriúnach don ghrád chéime sin, in aghaidh gach bliana fé leith no coda fé leith de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(g) i gcás gan mír ar bith acu san roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus i gcás an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach agus ar an dara dáta cinnteach agus grád céime fé leith do bheith aige ar gach dáta acu san, méid a háirmheofar do réir an ráta per annum, gurb é an ráta per annum é is oiriúnach don ghrád céime is aoirde acu san, in aghaidh gach bliana fé leith no coda fé leith de bhliain dá sheirbhís inphinsin;

(h) i gcás gan mír ar bith acu san roimhe seo do bhaint leis an duine sin agus gan an duine sin d'fhónamh sna Fórsaí ar an gcéad dáta cinnteach, méid a háirmheofar do réir an ráta per annum, gurb é an ráta per annum é is oiriúnach don ghrád céime do bhí aige ar an dara dáta cinnteach, in aghaidh gach bliana fé leith no coda fé leith de bhliain dá sheirbhís inphinsin.

TRIU SCEIDEAL.

An Meid den Phinsean a Cuirfear ar Fiunraoi d'Aireamh.

1. Is mar leanas a bheidh an méid ina gcuirfear íoc pinsin fén Acht so ar fiunraoi fé alt 20 (alt a bhaineann le pinsin do chur ar fiunraoi agus le toirmeasc ar phinsin dúbalta) den Acht so, sé sin le rá:—

I gcás méid bliantúil an luach saothair, an phinsin, no an liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí do bheith—

A.—Fé bhun £100

...

...

...

...

...

5%

B.—Thar £100 gan dul thar £150

...

...

...

10%

C.—Thar £150 gan dul thar £200

...

...

...

20%

D.—Thar £200 gan dul thar £250

...

...

...

30%

E.—Thar £250 gan dul thar £300

...

...

...

40%

F.—Thar £300 gan dul thar £350

...

...

...

50%

G.—Thar £350 gan dul thar £400

...

...

...

60%

H.—Thar £400 gan dul thar £450

...

...

...

70%

I.—Thar £450 gan dul thar £500

...

...

...

80%

J.—Thar £500 gan dul thar £550

...

...

...

90%

K.—Thar £550

...

...

...

...

...

...

100%

2. I gcás iomlán na méideanna is iníoctha le duine ar bith amach as airgead puiblí mar adubhradh agus an méid is iníoctha leis an duine sin fén Acht so laistigh de sna teoranta luaidhtear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, no K de mhír 1 den Sceideal so do bheith níos lugha, fé théarmaí na mire sin, ná an méid do gheobhadh an duine sin i gcás an méid is iníoctha leis amach as airgead puiblí mar adubhradh do bheith có-mhéid le maximum na teorann oíreach roimhe sin; ansan agus i ngach cás den tsórt san déanfar an meid dá phinsean seirbhíse míleata cuirfear ar fiunraoi do laigheadú i dtreo ná beidh iomlán an mhéide roimhráite agus a phinsin níos lugha ná an t-iomlán do gheobhadh sé dá mbeadh an méid roimhráite có-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin.