21 1936


Uimhir 21 de 1936.


ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN OSPIDÉIL FHIABHRAIS NUA DO BHUNÚ I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH NO IN AICE LÉI AGUS CHUN AN TIGHE EADARSHLÁINTE AGUS AN OSPIDÉIL FHIABHRAIS, SRÁID CHORCAIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH, DO DHÚNADH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meitheamh, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath, 1936 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Tiarna Méara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “comhairle na cathrach” an chomhairle do bunuíodh do Chathair Bhaile Atha Cliath leis an Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “bord an óspidéil” Bord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath a bunófar fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an bord sláinte” Bord Sláinte Puiblí Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “óspidéal fiabhrais” óspidéal chun othair ar a bhfuil galair thógálacha do chóireáil;

cialluíonn an abairt “teaghlach eadarshláinte” teaghlach chun othair do chóireáil a bheidh ag téarnamh o ghalair thógálacha;

cialluíonn an abairt “an cólucht corpruithe” an cólucht do hionchorpruíodh le cairt do deonadh an 6adh lá de Mheitheamh, 1903, fén ainm House of Recovery and Fever Hospital, Cork Street, Dublin;

cialluíonn an abairt “an seana-choiste” coiste bainistí an chóluchta chorpruithe;

cialluíonn an abairt “an sean-óspidéal” an t-óspidéal fiabhrais, leis an gcólucht chorpruithe, i Sráid Chorcaighe, Baile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an seana-theaghlach” an teaghlach eadarshláinte, leis an gcólucht chorpruithe, ar a dtugtar an Beneavin Convalescent Home;

cialluíonn an abairt “an t-óspidéal fiabhrais nua” an t-óspidéal fiabhrais atá le bunú fé Chuid III den Acht so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén Acht so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so;

foluíonn an abairt “luach saothair” liúntaisí agus sochair (pe'ca híocfar iad in airgead no bhéarfar iad i bhfuirm seachas in airgead) do gheobhaidh oifigeach alos a oifige;

cialluíonn an abairt “bliain toghacháin” bliain a thosnóidh tar éis an lae cheaptha agus ina ndéanfar toghachán de bhaill uile chomhairle na cathrach;

foluíonn an focal “talamh” éasáid no ceart i dtalamh no in uisce, no air no chuige;

cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta.

An lá ceaptha.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Lucht Toghtha Bhord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath (Baill Nea-ghnáthacha).

4. —(1) Ar an dáta (dá ngairmtear an dáta san san alt so) a cheapfaidh an tAire fé Chuid II den Acht so chun an chéad toghacháin do bhaill nea-ghnáthacha do dhéanamh déanfar cólucht (dá ngairmtear lucht toghtha na mball nea-ghnáthach san Acht so) ar a dtabharfar Lucht Toghtha Bhord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath (Baill Nea-ghnáthacha) do bhunú chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Isé is líon do lucht toghtha na mball nea-ghnáthach ná líon is có-ionann leis an líon d'iontaobhaithe bheidh ann don chólucht chorpruithe ar an dáta san.

(3) Isiad a bheidh ina gcéad bhaill de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach ná na daoine is iontaobhaithe don chólucht chorpruithe ar an dáta san.

(4) Tosnóidh téarma oifige na gcéad bhall de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach ar an dáta san, agus tosnóidh téarma oifige gach baill eile ar dháta a thoghtha.

(5) Beidh gach duine is ball de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach i seilbh oifige go n-éagfaidh no go n-eireoidh as, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

(6) Pé uair éagfaidh ball de lucht toghtha na mball neaghnáthach no eireoidh sé as oifig déanfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach, fé cheann trí mhí tar éis éag no eirghe as dó, pé duine is oiriúnach leo do thoghadh chun bheith ina bhall nua de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach in ionad an bhaill d'éag no d'eirigh as amhlaidh, agus mara dtoghtar ball nua amhlaidh féadfaidh an tAire pé duine is oiriúnach leis d'ainmniú chun bheith ina bhall nua de lucht toghtha na mball neaghnáthach agus an duine a hainmeofar amhlaidh tuigfear gurb iad lucht toghtha na mball nea-ghnáthach do thoigh é.

(7) Féadfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina measc.

(8) Féadfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach a nós imeachta féin do rialáil.

(9) Féadfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach duine do cheapadh chun gníomhú mar rúnaí dhóibh.

(10) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, isé bord an óspidéil íocfaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach fén Acht so, agus tuigfear gur cuid de sna costaisí teaghlachais iad.

Fiosrúcháin áitiúla.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, sara ndeinidh aon chomhacht no dualgas a bronntar no cuirtear air leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh, a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil do dhéanamh maidir leis an ní go mbeidh an chomhacht san le feidhmiú no an, dualgas san le cólíonadh ina thaobh.

(2) Beidh feidhm ag fo-airtiogail (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so.

Costaisí an Aire.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Bord Ospideil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath.

Bunú agus Có-dhéanamh Bhord an Ospidéil.

Bord an óspidéil do bhunú.

7. —(1) Déanfar ar an lá ceaptha bord (dá ngairmtear bord an óspidéil san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath do bhunú chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh bord an óspidéil ina gcólucht corpruithe agus síor-chomharbas acu agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fé n-a n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú.

Có-dhéanamh bhord an óspidéil.

8. —Beidh bord an óspidéil có-dhéanta—

(a) de sheacht mbaill (dá ngairmtear baill chathrach san Acht so) a thoghfaidh an Bárdas do réir an Achta so,

(b) de thrí baill (dá ngairmtear baill bhúird sláinte san Acht so) a thoghfaidh an bord sláinte do réir an Achta so,

(c) de sheacht mbaill (dá ngairmtear baill nea-ghnáthacha san Acht so) a thoghfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach do réir an Achta so, agus

(d) de thrí baill (dá ngairmtear baill cheaptha san Acht so) a cheapfaidh an tAire do réir an Achta so.

Cáilíochtaí ballraíochta.

9. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun é do thoghadh mar bhall chathrach maran ball de chomhairle na cathrach é ar dháta a thoghtha.

(2) Ní bheidh duine cáilithe chun é do thoghadh mar bhall bhúird sláinte maran ball den bhord sláinte é ar dháta a thoghtha.

(3) Ní bheidh duine cáilithe chun é do thoghadh mar bhall nea-ghnáthach maran ball de lucht toghtha na mball neaghnáthach é ar dháta a thoghtha.

Toghadh agus téarma oifige ball cathrach.

10. —(1) Déanfar an chéad toghachán do bhaill chathrach pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha agus toghfaidh an Bárdas seacht mbaill chathrach sa toghachán san.

(2) Déanfaidh an Bárdas gach bliain toghacháin seacht mbaill chathrach do thoghadh ag an gcéad chruinniú ráithiúil de chomhairle na cathrach a bheidh ann tar éis an 22adh lá de Mheitheamh an bhliain sin, agus beidh an toghachán san ina chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú ráithiúil den tsórt san.

(3) Is ar an lá ceaptha thosnóidh téarma oifige gach baill chathrach a toghfar ag an gcéad toghachán do bhaill chathrach.

(4) Isé am a thosnóidh téarma oifige gach baill chathrach (seachas ball cathrach a toghfa sa chéad toghachán do bhaill chathrach no duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball cathrach) an lá i ndiaidh lae an chruinnithe ráithiúla de chomhairle na cathrach ag ar toghadh é.

(5) Beidh gach ball cathrach (seachas duine toghfar chun fothfholúntais imeasc na mball cathrach) i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe ráithiúla eile de chomhairle na cathrach ag ar gá don Bhárdas do réir an ailt seo baill chathrach do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhícháilíocht roimhe sin dó.

Toghadh agus téarma oifige ball búird sláinte.

11. —(1) Déanfar an chéad toghachán do bhaill bhúird sláinte pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, agus toghfaidh an bord sláinte trí baill bhúird sláinte sa toghachán san.

(2) Déanfaidh an bord sláinte gach bliain toghacháin trí baill bhúird sláinte do thoghadh ag an gcruinniú bliantúil den bhord sláinte a bheidh ann an bhliain sin, agus beidh an toghachán san ina chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san den bhord sláinte.

(3) Is ar an lá cheaptha thosnóidh téarma oifige gach baill bhúird sláinte toghfar ag an gcéad toghachán do bhaill bhúird sláinte.

(4) Isé am a thosnóidh téarma oifige gach baill bhúird sláinte (seachas ball búird sláinte toghfar sa chéad toghachán do bhaill bhúird sláinte no duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball búird sláinte) an lá i ndiaidh lae an chruinnithe bhliantúla den bhord sláinte ag ar toghadh é.

(5) Beidh gach ball búird sláinte (seachas duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball búird sláinte) i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe bhliantúla eile den bhord sláinte ag ar gá don bhord sláinte do réir an ailt seo bail bhúird sláinte do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

Toghadh agus téarma oifige ball nea-ghnáthach.

12. —(1) Ag cruinniú de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach a bheidh ann pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nach déanaí ná mí roimh an lá ceaptha toghfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach seacht mbaill nea-ghnáthacha as a mbaill féin.

(2) Déanfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach gach bliain toghacháin seacht mbaill nea-ghnáthacha do thoghadh as a mbaill féin ag cruinniú de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach a bheidh ann an bhliain sin ar pé dáta ordóidh an tAire.

(3) Má theipeann ar lucht toghtha na mball nea-ghnáthach seacht mbaill nea-ghnáthacha do thoghadh ar aon ócáid gur gá dhóibh, do réir ceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, seacht mbaill nea-ghnáthacha do thoghadh déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é, an líon san, no pé líon is lugha ná san, agus is gá sa chás, de dhaoine d'ainmniú chun bheith ina mbaill nea-ghnáthacha, agus na daoine a hainmneofar amhlaidh tuigfear iad do thoghadh ar an ócáid sin ag lucht toghtha na mball neaghnáthach mar bhaill nea-ghnáthacha.

(4) Is ar an lá ceaptha thosnóidh téarma oifige gach baill neaghnáthaigh a toghfar ag an gcéad toghachán do bhaill neaghnáthacha.

(5) Isé am a thosnóidh téarma oifige gach baill nea-ghnáthaigh (seachas ball nea-ghnáthach a toghfar ag an gcéad toghachán do bhaill nea-ghnáthacha no duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball nea-ghnáthach) an lá i ndiaidh lae an chruinnithe de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach ag ar toghadh é.

(6) Beidh gach ball nea-ghnáthach (seachas duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball nea-ghnáthach) i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach ag ar gá do lucht toghtha na mball neaghnáthach do réir an ailt seo baill nea-ghnáthacha do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

Ceapadh agus téarma oifige ball ceaptha.

13. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú a déanfar roimh an lá ceaptha, triúr do cheapadh chun bheith ina mbaill cheaptha, agus is ar an lá ceaptha thosnóidh téarma oifige na mball ceaptha sin.

(2) Déanfaidh an tAire, le hordú, triúr do cheapadh gach bliain toghacháin chun bheith ina mbaill cheaptha.

(3) Isé am a thosnóidh téarma oifige gach baill cheaptha (seachas ball ceaptha do ceapadh roimh an lá ceaptha no duine do ceapadh chun foth-fholúntais imeasc na mball ceaptha) an lá tar éis lá déanta an orduithe le n-ar ceapadh é.

(4) Beidh gach ball ceaptha (seachas duine ceapfar chun fothfholúntais imeasc na mball ceaptha) i seilbh oifige go dtí an lá tar éis orduithe do dhéanamh fén alt so ag ceapadh daoine chun bheith ina mbaill cheaptha sa chéad bhliain toghacháin tar éis na bliana ina dtosnóidh a théarma oifige marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

Folúntaisí thiocfaidh roimh an lá ceaptha.

14. —Chun crícheanna an Achta so tuigfear foth-fholúntas do thárlachtaint imeasc ballra bhord an óispidéil i gcás éinne toghfar no ceapfar chun bheith ina bhall den bhord san d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht roimh an lá ceaptha, agus isé am a thosnóidh téarma oifige an duine toghfar no ceapfar chun foth-fholúntais den tsórt san ná an lá ceaptha no an lá i ndiaidh lá a cheaptha no a thoghtha amhlaidh, pé lá aca san is déanaí.

Baill d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht.

15. —(1) Féadfaidh ball de bhord an óspidéil tráth ar bith eirghe as a oifig tré leitir a cuirfear go dtí bord an óspidéil agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe de bhord an óspidéil a bheidh ann tar éis na leitre sin do chur chun an bhúird.

(2) Pé uair a scuirfidh ball cathrach de bheith ina bhall de chomhairle na cathrach beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall chathrach.

(3) Pé uair a scuirfidh ball búird sláinte de bheith ina bhall den bhord sláinte beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall bhúird sláinte.

(4) Pé uair a scuirfidh ball nea-ghnáthach de bheith ina bhall de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall neaghnáthach.

(5) Bainfidh Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, mar a leasuítear san tré aon achtachán ina dhiaidh sin, le bord an óspidéil agus le baill an bhúird sin fé mar a bhaineann sé le comhairle chontae agus le baill de chomhairle chontae.

Foth-fholúntaisí.

16. —(1) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na mball cathrach déanfaidh an Bárdas, chó luath agus a bheidh caothúil, duine bheidh cáilithe chun a thoghtha mar bhall chathrach do thoghadh chun an fholúntais sin.

(2) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na mball búird sláinte déanfaidh an bord sláinte, chó luath agus a bheidh caothúil, duine bheidh cáilithe chun a thoghtha mar bhall bhúird sláinte do thoghadh chun an fholúntais sin.

(3) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na mball neaghnáthach déanfaidh lucht toghtha na mball nea-ghnáthach, chó luath agus a bheidh caothúil, duine bheidh cáilithe chun a thoghtha mar bhall nea-ghnáthach do thoghadh chun an fholúntais sin.

(4) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na mball ceaptha déanfaidh an tAire le hordú, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige, duine do cheapadh chun bheith ina bhall cheaptha chun an fholúntais sin do líonadh.

(5) Beidh duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball cathrach i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe ráithiúla eile de chomhairle na cathrach ag ar gá don Bhárdas do réir an Achta so baill chathrach do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(6) Beidh duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball búird sláinte i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe bhliantúla eile den bhord sláinte ag ar gá don bhord sláinte do réir an Achta so baill bhúird sláinte do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(7) Beidh duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball nea-ghnáthach i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe eile de lucht toghtha na mball nea-ghnáthach i mbliain toghacháin ag ar gá do lucht toghtha na mball nea-ghnáthach do réir an Achta so seacht mbaill nea-ghnáthacha do thoghadh marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(8) Beidh duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball ceaptha i seilbh oifige go dtí an lá tar éis orduithe do dhéanamh i mbliain toghacháin ag ceapadh daoine chun bheith ina mbaill cheaptha, ar shlí seachas chun foth-fholúntaisí do líonadh, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

Imeachta Bhord an Ospidéil.

Cruinnithe bhord an óspidéil.

17. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag bord an óspidéil an lá ceaptha pé uair agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Gach bliain a thosnóidh tar éis an lae cheaptha beidh cruinniú ag bord an óspidéil (da ngairmtear cruinniú bliantúil san Acht so) ar pé dáta cheapfaidh an tAire.

(3) Beidh cruinniú amháin ar a laighead ag bord an óspidéil gach mí.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag bord an óspidéil pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a gcomhachta agus a ndualgaisí d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleachbhord an óspidéil.

18. —(1) Déanfaidh bord an óspidéil, ag á gcéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú bliantúil, duine dá mbaill do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar bhord an óspidéil, agus duine eile dá mbaill do thoghadh chun bheith ina leas-chathaoirleach ar bhord an óspidéil.

(2) Beidh gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach ar bhord an óspidéil i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach go dtí go dtoghfar a chomharba marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

(3) Pé uair a thiocfaidh oifig an chathaoirligh no an leaschathaoirligh chun bheith folamh tríd an gcathaoirleach no an leas-chathaoirleach d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht déanfaidh bord an óspidéil, ag an gcéad chruinniú tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint, duine dá mbaill do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach.

(4) Féadfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach bhord an óspidéil tráth ar bith eirghe as a oifig mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach tré leitir a díreofar go dtí bord an óspidéil agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe de bhord an óspidéil a bheidh ann tar éis do bhord an óspidéil an t-eirghe-as san d'fháil.

(5) Pé uair a scuirfidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach bhord an óspidéil, i rith a théarma oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach den tsórt san, de bheith ina bhall de bhord an óspidéil beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach den tsórt san.

(6) Pé uair, agus cathaoirleach bhord an óspidéil á thoghadh, a bheidh có-ionannas vótanna ann do bheirt no níos mó toghfar duine acu san tré chrannchur.

Nós imeachta ag cruinnithe.

19. —(1) Ceathrar is quorum do chruinniú de bhord an óspidéil.

(2) Ag cruinniú de bhord an óspidéil—

(a) má bhíonn cathaoirleach bhord an óspidéil i láthair isé bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mara mbeidh cathaoirleach bhord an óspidéil i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh isé leaschathaoirleach bhord an óspidéil, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(c) más rud é ná beidh cathaoirleach bhord an óspidéil i láthair no go mbeidh oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair no go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh déanfaidh na baill de bhord an óspidéil a bheidh i láthair duine dá líon do cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú de bhord an óspidéil do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótanna bheith roinnte go có-ionann beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair a bheidh an cathaoirleach á thoghadh.

(4) Féadfaidh bord an óspidéil gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntas imeasc a gcuid ball.

(5) I gcás—

(a) an Bárdas, an bord sláinte no lucht toghtha na mball neaghnáthach do thoghadh duine, de dheallramh, mar bhall de bhord an óspidéil, agus

(b) an duine sin do ghníomhú mar bhall den tsórt san, agus

(c) aon neamh-fhuirmeáltacht (ar a n-áirmhítear easba cáilíochta i bpáirt an duine sin) do bheith i dtoghadh deallrathach an duine sin,

ansan, chun crícheanna imeachta bhord an óspidéil ach ní chun aon chríche eile, beidh gníomhartha agus imeachta an duine sin chó dleathach agus chó héifeachtúil agus dá mba ná beadh aon neamh-fhuirmeáltacht den tsórt san ann.

(6) I gcás duine do toghadh go cuibhe mar bhall de bhord an óspidéil do theacht chun bheith dí-cháilithe chun bheith in a bhall de bhord an óspidéil, ansan, chun crícheanna imeachta bhord an óspidéil ach ní chun aon chríche eile, beidh gníomhartha agus imeachta an duine sin, tar éis é theacht chun bheith dí-cháilithe, chó dleathach agus chó héifeachtúil agus dá mba ná tiocfadh sé chun bheith dí-cháilithe amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, nós imeachta agus gnó bhord an óspidéil do rialáil.

(8) Fé réir forálacha an Achta so agus aon rialachán a déanfar fé, déanfaidh bord an óspidéil, le buan-orduithe no ar shlí eile, nós imeachta agus gnó bhord an óspidéil do rialáil.

Séala bhord an óspidéil.

20. —(1) Déanfaidh bord an óspidéil, an túisce bunófar iad, séala do sholáthar dóibh féin.

(2) Déanfar séala bhord an óspidéil do dhílse-dheimhniú le sighniú chathaoirligh bhord an óspidéil no le sighniú baill éigin eile go n-údarás o bhord an óspidéil chun san do dhéanamh agus le sighniú oifigigh do bhord an óspidéil go n-údarás cuibhe o bhord an óspidéil chun san do dhéanamh.

Oifigigh agus Seirbhísigh Bhord an Ospidéil.

An Dochtúir Ceannais Comhnaithe.

21. —(1) Ceapfaidh bord an óspidéil oifigeach ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Dochtúir Ceannais Comhnaithe agus a bheidh ina dhochtúir leighis cuibhe-cháilithe agus féadfaid, fé réir an Aire dá cheadú san, na dualgaisí do cheapadh bheidh le cólíonadh ag an oifigeach san.

(2) Beidh an Dochtúir Ceannais Comhnaithe freagarthach do bhord an óspidéil i riaradh inmheánach gach óspidéil fhiabhrais agus gach teaghlaigh eadarshláinte bheidh á mbainistí agus á rialú ag bord an óspidéil agus, ag cólíonadh a dhualgas dó, glacfaidh chuige agus cuirfidh in éifeacht, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, aon mholta dhéanfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

(3) Nuair a bheidh an t-óspidéal fiabhrais nua bunuithe is ann a chomhnóidh an Dochtúir Ceannais Comhnaithe mara gceaduighidh bord an óspidéil dó, le toiliú an Aire, bheith ina chomhnaí in áit eile.

Oifigigh eile do bhord an óspidéil.

22. —Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, pé oifigigh agus pé méid oifigeach (seachas an Dochtúir Ceannais Comhnaithe) do cheapadh a mheasfaidh bord an óspidéil o am go ham do bheith ceart, chun na ndualgas san do chólíonadh a cheapfaidh bord an óspidéil dóibh o am go ham.

Luach saothair oifigeach.

23. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, luach saothair aon oifigigh do bhord an óspidéil do cheapadh.

(2) Fé réir forálacha aon orduithe déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, luach saothair gach oifigigh do bhord an óspidéil do cheapadh.

(3) Beidh gach oifigeach do bhord an óspidéil i dteideal an luach saothair a ceapfar fén alt so d'fháil o bhord an óspidéil.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le hoifigigh.

24. —(1) Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, aon oifigeach do bhord an óspidéil do chur as oifig.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon oifigeach do bhord an óspidéil do chur as oifig.

(3) Tuigfear bord an óspidéil do bheith ina údarás áitiúil do réir bhrí Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), agus chuige sin ciallóidh an abairt “an tAire” san Acht san, maidir le bord an óspidéil, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(4) Tuigfear bord an óspidéil do bheith ina gcólucht áitiúil do réir bhrí Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear í le hAcht 1927, agus bainfidh Cuid IV d'Acht 1925, agus í leasuithe amhlaidh, le bord an óspidéil agus le hoifigigh bhord an óspidéil dá réir sin.

(5) I gcás aon oifigigh don chólucht chorpruithe a thiocfaidh, de bhuadh Coda IV den Acht so, chun bheith ina oifigeach do bhord an óspidéil déanfar, chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear í le hAcht 1927 agus mar a bheirtear feidhm di leis an alt so, seirbhís an oifigigh sin fén gcólucht corpruithe d'áireamh mar sheirbhís mar oifigeach do bhord an óspidéil.

(6) Déanfar tagairtí san alt so d'oifigeach do bhord an óspidéil do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'oifigeach don chólucht chorpruithe a haistreofar go dtí bord an óspidéil fé Chuid IV den Acht so.

(7) Má eiríonn aon cheist fén Acht so i dtaobh duine atá no bhí i seirbhís bhord an óspidéil do bheith ina oifigeach no gan a bheith cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Ospidéil agus Teaghlaigh Eadarshláinte do Bhainistí agus Othair do Leigint Isteach.

Rialacha maidir le hóspidéil fhiabhrais agus teaghlaigh eadarshláinte do bhainistí agus do rialú.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le bord an óspidéil, rialacha do dhéanamh ag ordú na gcoinníollacha bheidh le cólíonadh sara bhféadfar aon othar, a bheidh tar éis cóireáil d'fháil in aon óspidéal fiabhrais no in aon teaghlach eadarshláinte bheidh á rialú agus á bhainistí ag bord an óspidéil de thurus na huaire, do leigint amach as an óspidéal agus as an teaghlach san, agus déanfaidh bord an óspidéil agus oifigigh bhord an óspidéil do réir na rialacha san.

(2) Fé réir aon rialacha déanfar fén bhfó-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh bord an óspidéil o am go ham, le ceadú an Aire, gach riail do dhéanamh is gá chun rialú agus bainistí do dhéanamh ar aon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte bheidh de thurus na huaire fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil agus ar na hothair ann.

Othair do leigint isteach in óspidéil fhiabhrais agus i dteaghlaigh eadarshláinte.

26. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh bord an óspidéil o am go ham, le ceadú an Aire, rialacha do dhéanamh chun othair do leigint isteach in aon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire.

(2) Féadfar, le rialacha déanfar fén alt so, nós imeachta d'ordú gur dá réir a dhéanfaidh daoine ordóidh othair do leigint isteach in aon óspidéal fiabhrais a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire, agus féadfar a shocrú leis na rialacha san othair do leigint isteach in aon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte, a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil, ar théarmaí speisialta maidir le híocaíocht agus cóiríocht.

(3) Sa mhéid go lomhálfaidh an chóiríocht é glacfaidh bord an óspidéil isteach in aon óspidéal fiabhrais a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire aon othair ar a mbeidh galair thógálacha agus a cuirfear go dtí an t-óspidéal fiabhrais sin ar ordú—

(a) ón bpríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, no

(b) o aon dochtúir oifigiúil sláinte conganta do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, no

(c) o aon dochtúir oifigiúil sláinte do cheanntar íclainne i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath,

agus cialluíonn an abairt “othair chathrach” san Acht so othair a glacfar isteach in aon óspidéal fiabhrais den tsórt san fén bhfo-alt so.

(4) Sa mhéid go lomhálfaidh an chóiríocht é glacfaidh bord an óspidéil isteach in aon óspidéal fiabhrais a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire aon othair ar a mbeidh galair thógálacha agus a cuirfear go dtí an t-óspidéal fiabhrais sin ar ordú—

(a) ón dochtúir oifigiúil sláinte contae do chontae Bhaile Atha Cliath agus é ag gníomhú mar phríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte d'aon cheanntar sláintíochta sa chontae sin, no

(b) o aon dochtúir oifigiúil sláinte contae conganta do Cheanntar Sláinte Chontae Bhaile Atha Cliath, no

(c) o aon dochtúir oifigiúil sláinte do cheanntar íclainne i gcontae Bhaile Atha Cliath,

agus cialluíonn an abairt “othair chontae” san Acht so othair a glacfar isteach in aon óspidéal fiabhrais den tsórt san fén bhfo-alt so.

(5) Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, có-aontú do dhéanamh le húdarás sláintíochta aon cheanntair shláintíochta ná beidh suidhte i gcontae no i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath chun áitreabhaigh ó cheanntar sláintíochta an údaráis sin ar a mbeidh galair thógálacha do ghlacadh isteach, ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar, in aon óspidéal fiabhrais a bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire.

Cosaint maidir le hothair do dhí cháiliú.

27. —Ní bheidh duine dí-cháilithe chun é do thoghadh mar bhall no chun bheith ina bhall de bhord an óspidéil no d'aon chólucht puiblí eile de bhíthin é féin no éinne dá líntighe do leigint isteach agus do chothabháil in aon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte bheidh fé bhainistí agus fé rialú bhord an óspidéil.

Dochtúirí oifigiúla sláinteáirithe d'iniúchadhóspidéal fiabhrais.

28. —Beidh an príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath agus an dochtúir oifigiúil sláinte contae do chontae Bhaile Atha Cliath i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon fhundúireacht (is óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte) a bheidh fé bhainistí agus fé rialú bhord an óspidéil de thurus na huaire agus an fhundúireacht san d'iniúchadh maraon leis an socrú bheidh déanta chun aire do thabhairt do sna hothair a bheidh ann agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Dochtúir Ceannais Comhnaithe, na hothair chathrach agus na hothair chontae bheidh sa bhfundúireacht san d'iniúchadh agus do scrúdú, fé seach, agus beidh gach duine fé leith de sna hoifigigh sin i dteideal, freisin, bheith ag gabháil d'obair thaighdthe in aon fhundúireacht den tsórt san, i gcomhairle leis an Dochtúir Ceannais Comhnaithe, maidir le galair thógálacha do chosc agus do chóireáil.

Forálacha Airgeadais.

“Costaisí teaghlachais”agus “costaisí othar.”

29. —(1) Chun crícheanna an Achta so is costaisí teaghlachais aon chostaisí (seachas costaisí othar) fé n-a raghaidh bord an óspidéil fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so is costaisí othar na costaisí uile seo leanas fé n-a raghaidh bord an óspidéil fén Acht so, eadhon—

(a) an costas a bhainfidh le haon othar d'iompar go dtí aon fhundúireacht no o aon fhundúireacht (is óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte) a bheidh fé bhainistí agus fé rialú bhord an óspidéil de thurus na huaire,

(b) an costas a bhainfidh le haon othar a bheidh ina chomhnaí in aon fhundúireacht den tsórt san no éadach agus éifeachtaí aon othair den tsórt san do dhí-ghalrú, agus an costas a bhainfidh le cúiteamh in aon damáiste dhéanfaidh an dí-ghalrú san don éadach no do sna héifeachtaí sin,

(c) an costas a bhainfidh le haon othar éagfaidh in aon fhundúireacht den tsórt san d'adhlacadh,

(d) costas an bhídh agus na gcógaisí soláthrófar d'aon othar a bheidh ina chomhnaí ina chomhnaí in aon fhundúireacht den tsórt san,

(e) costas éinní eile soláthrófar d'aon othar ar leith a bheidh ina chomhnaí in aon fhundúireacht den tsórt san.

(3) Má eiríonn aon cheist fén Acht so i dtaobh ce'ca costaisí teaghlachais no costaisí othar aon chostaisí áirithe bheidh ar bhord an óspidéil cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Costaisí bhord an óspidéil.

30. —(1) Na costaisí uile fé n-a raghaidh bord an óspidéil fén Acht so déanfaidh bord an óspidéil, sa chéad dul síos, iad d'íoc amach as ciste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste Ospidéil Fhiabrais Bhaile Atha Cliath, agus déanfar gach suim do gheobhaidh bord an óspidéil no bhainfid amach d'íoc isteach sa chiste sin agus do chur sa chuntas oiriúnach den chiste sin.

(2) I gCiste Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath déanfar cuntaisí ar leithligh (dá ngairmtear cuntas na gcostaisí teaghlachais agus cuntas costaisí na n-othar, fé seach, san Acht so) do choimeád ar chostaisí teaghlachais agus ar chostaisí othar, agus i gcás costaisí othar coimeádfar cuntas ar leithligh don Bhárdas alos othar cathrach agus don bhord sláinte alos othar contae.

(3) An t-airgead is gá chun na gcostaisí teaghlachais agus costaisí na n-othar d'íoc alos othar cathrach agus othar contae cuirfidh an Bárdas agus an bord sláinte é ar fáil ar bhord an óspidéil do dhéanamh an éilimh orduithe agus beidh an t-airgead a héileofar amhlaidh ina fhiacha bheidh dlite ar an mBárdas no ar an mbord sláinte.

(4) An t-éileamh a déanfar fén alt so ar an mBárdas agus ar an mbord sláinte beidh sé ina éileamh ar an gcion, is iníoctha fén gCuid seo den Acht so, ag an mBárdas agus ag an mbord sláinte fé seach, den airgead is gá amhlaidh.

(5) Cuirfear i gcuntas na gcostaisí teaghlachais an t-airgead uile do gheobhaidh bord an óspidéil alos othar (seachas othair chathrach agus othair chontae).

(6) Aon airgead is gá chun aon easnamh i gcuntas costaisí na n-othar do shlánú aistreofar é go dtí cuntas costaisí na n-othar o chuntas na gcostaisí teaghlachais.

(7) Cuirfear i gcuntas na gcostaisí teaghlachais na deontaisí uile deonfar do bhord an óspidéil fé alt 25 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ).

An Bárdas agus an bord sláinte d'íoc ranniocanna.

31. —(1) Déanfaidh an Bárdas agus an bord sláinte méid aon easnaimh a bheidh i gcuntas na gcostaisí teaghlachais d'íoc o am go ham tré rann-íocanna bheidh có-riarach le luachála fé seach chontae-bhuirg agus chontae Bhaile Atha Cliath fé sna hAchtanna Luachála.

(2) Bhéarfaidh an Bárdas uatha mar chabhair le haghaidh costaisí na n-othar na suimeanna bheidh i leabhair bhord an óspidéil mar shuimeanna is inéilithe alos othar cathrach.

(3) Bhéarfaidh an bord sláinte uatha mar chabhair le haghaidh costaisí na n-othar na suimeanna bheidh i leabhair bhord an óspidéil mar shuimeanna is inéilithe alos othar contae.

(4) Déanfar méid aon rann-íoca is iníoctha ag an mBárdas fén alt so d'íoc amach as an gciste cathardha, agus déanfar méid aon rann-íoca is iníoctha ag an mbord sláinte fén alt so do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

Bord an óspidéil d'fháil iasachta.

32. —(1) Chun íoctha aon chostaisí fé n-a ndeachadar no fé n-a raghaid fén Acht so i ndéanamh aon bhuan-oibreacha no i ndéanamh aon oibreacha gur cheart dar leis an Aire a gcostas do roinnt ar uimhir de bhlianta no chun glanta aon iasachtaí bheidh faighte acu fén bhfo-alt so chun costaisí d'íoc fé n-a ndeachadar i ndéanamh aon oibreacha den tsórt san, féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, aon tsuimeanna airgid is gá chun íoctha na gcostaisí sin a céad-luaidhtear no chun glanta aon iasachtaí den tsórt san d'fháil no d'áth-fháil ar iasacht agus do thógaint ar ús, agus féadfaid na suimeanna sin d'fháil no d'athfháil ar iasacht ar urraíocht Chiste Ospidéil Fhiabrais Bhaile Atha Cliath agus, chun aisíoc na suimeanna do gheobhfar ar iasacht agus an úis ortha d'urrú, féadfaid an ciste sin do mhorgáistiú.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le haon achtacháin ina dhiaidh sin, maidir le feidhmiú na gcomhacht chun iasachtaí d'fháil a bronntar ar bhord an óspidéil leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) léireofar tagairtí don údarás sláintíochta mar thagairtí do bhord an óspidéil,

(b) ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt san 238.

(3) Beidh na comhachta céanna ag bord an óspidéil chun iasachtaí d'fháil a bronntar ar údarás áitiúil le halt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, mar a leasuítear san le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 ( Uimh. 13 de 1924 ).

Cuntaisí bhord an óspidéil.

33. —(1) Cuirfidh bord an óspidéil fé ndeár na cuntaisí ar fháltaisí agus ar íocaíochtaí bhord an óspidéil do choimeád i pé fuirm ordóidh an tAire.

(2) Déanfar suas cuntaisí bhord an óspidéil go bliantúil go deireadh gach bliana airgeadais áitiúla.

(3) Déanfaidh iniúchóir a cheapfaidh an tAire cuntaisí bhord an óspidéil d'iniúchadh agus bainfidh na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, ailt 12 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, mar a leasuítear no a hoiriúnuítear iad tré aon achtachán ina dhiaidh sin no fé, le hiniúchadh agus le hiniúchóir cuntaisí bhord an óspidéil fé mar a bhaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúchadh agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí luaidhtear ionta.

(4) Déanfaidh an tAire, o am go ham fé mar is gá é, a fháil amach agus a chinneadh cadé an cion den tuarastal, a bheidh á íoc leis an iniúchóir a ceapfar chun cuntaisí bhord an óspidéil d'iniúchadh, a héileofar alos an iniúchta san agus íocfaidh bord an óspidéil méid an cheana san den tuarastal san leis an Aire.

Rialacháin.

34. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas:—

(a) chun rialáil do dhéanamh maidir le bord an óspidéil dá chur in úil don Bhárdas agus don bhord sláinte cadiad na méideanna fé seach a bheidh le n'íoc ag an mBárdas agus ag an mbord sláinte i ngach bliain airgeadais áitiúil no in aon chuid di,

(b) chun rialáil do dhéanamh maidir leis na meastacháin a bheidh le déanamh ag bord an óspidéil ar a bhfáltaisí agus ar a gcaiteachas i ngach bliain airgeadais áitiúil,

(c) chun rialáil do dhéanamh maidir le modh áirmhithe an méid de chostaisí othar a bheidh le cur i gcoinnibh an Bhárdais agus an bhúird sláinte,

(d) chun rialáil do dhéanamh maidir leis an slí ina gcoimeád. far cuntaisí agus breacacháin bhord an óspidéil.

Bord an Ospidéil do Thógaint Tailimh agus do Chur Tailimh de Láimh.

Comhacht chun tailte do thógaint.

35. —(1) Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, aon talamh do cheannach no do thógaint ar léas chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas.

(2) Chun na gcrícheanna bhaineann le bord an óspidéil do thógaint tailimh chúcha beidh feidhm ag ailt 203, 214 agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 d'Acht 1925, fé is dá ndeintí anso iad d'achtú agus do chur i mbaint le bord an óspidéil gus an atharú go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an mí ina dhiaidh sin.

Talamh barrachais do dhíol.

36. —(1) Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, aon talamh a bheidh dílsithe ionta, agus ná beidh ag teastáil chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas, do dhíol no do chur ar cíos.

(2) Cuirfear i gcuntas na gcostaisí teaghlachais aon airgead do gheobhaidh bord an óspidéil ar thalamh do dhíol no do chur ar cíos fén alt so.

Forálacha Ilghnéitheacha.

Connartha.

37. —(1) Féadfaidh bord an óspidéil gach connradh do dhéanamh is gá chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh feidhm ag alt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le connartha dhéanfaidh bord an óspidéil fén alt so fé is dá mb'údarás sláintíochta bord an óspidéil agus gur chonnartha déanfaí fén Acht san na connartha san.

Achtacháin áirithe do bhaint le bord an óspidéil.

38. —(1) Chun crícheanna Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925) , agus Achtanna na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 go 1935, tuigfear gur údarás áitiúil bord an óspidéil.

(2) Tuigfear bord an óspidéil do bheith ina n-údarás áitiúil do réir bhrí ailt 60 d'Acht 1925, mar a leasuítear san le halt 13 d'Acht 1927, agus alt 61, 62 agus 70 d'Acht 1925, agus ailt 72 d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hactacháin ina dhiaidh sin. agus bainfidh na hailt sin 60 (agus é leasuithe amhlaidh), 61 62, 70 agus 72 (agus é leasuithe amhlaidh) le bord an óspidéil agus le n-a mbaill agus le n-a n-oifigigh dá réir sin.

(3) Tuigfear bord an óspidéil do bheith ina n-údarás áitiúil do réir bhrí alt 4 agus 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) , agus bainfidh na hailt sin 4 agus 5 le bord an óspidéil agus le n-a n-oifigigh dá réir sin.

Bronntanais do ghlacadh.

39. —Beidh comhacht ag bord an óspidéil chun aon mhaoin, réalta no pearsanta, do ghlacadh mar bronntanas go generálta no ar iontaobhas chun aon chrícheanna bhainfidh le haon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte bheidh fé rialú agus fé bhainistí bhord an óspidéil de thurus na huaire.

Comhachta generálta bhord an óspidéil.

40. —(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh bord an óspidéil, maidir le haon óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte bheidh fé bhainistí agus fé rialú acu de thurus na huaire, gach ní do dhéanamh a bhíonn údaruithe de ghnáth do chólucht rialúcháin óspidéil a dhéanamh maidir le haon óspidéal fé rialú an chóluchta rialúcháin sin.

(2) Féadfaidh bord an óspidéil, gan dochar do gheneráltacht aon chomhacht eile bronntar ortha leis an Acht so, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) más rud é, i gcás aon othair éagfaidh in aon fhundúireacht (is óspidéal fiabhrais no teaghlach eadarshláinte) a bheidh fé bainistí agus fé rialú bhord an óspidéil de thurus na huaire, nach fios cé hiad a ghaolta no, toisc iad do bheith ar iarraidh no ró-bhocht no eile, nach féidir leo socrú do dhéanamh chun an othair mhairbh sin do chur, gach costas ceart riachtanach d'íoc fé n-a raghfar chun an othair mhairbh sin do chur;

(b) baill éadaigh agus éifeachtaí othar in aon fhundúireacht den tsórt san do dhí-ghalrú agus cúiteamh d'íoc no do thabhairt in aon damáiste dhéanfaidh san do sna baill éadaigh no do sna héifeachtaí sin;

(c) má bhíonn gá le baill éadaigh d'fhonn othar in aon fhundúireacht den tsórt san do chóireáil no do chosaint sa cheart agus go mbeidh an t-othar san ró-bhocht chun na mball éadaigh sin do sholáthar, na baill éadaigh sin do sholáthar.

CUID III.

Ospideal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath.

Scéim do chur fé bhráid an Aire chun óspidéal fiabhrais nua do bhunú.

41. —Chó luath agus a bheidh bord an óspidéil tar éis a gcéad chruinniú do bheith acu do réir an Achta so déanfaid, an túisce bheidh san caothúil, scéim d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire chun óspidéal fiabhrais nua (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do bhunú i gCathair Bhaile Atha Cliath no in aice léi, scéim ina leagfar amach na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-ionad a bheidh beartuithe don óspidéal,

(b) pleananna agus áirmheachtaí an óspidéil bheartuithe (le n-a n-áirmhítear an chóiríocht dá fhuirinn),

(c) meastachán ar an méid a chosnóidh sé an scéim do thabhairt chun críche.

Nós imeachta tar éis scéim do chur fé bhráid an Aire.

42. —(1) Nuair a chuirfidh bord an óspidéil scéim fé bhráid an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo chun a cheadú d'fháil féadfaidh an tAire le hordú (do réir mar is dóich leis is ceart) an scéim sin do cheadú gan atharú, no an scéim sin d'atharú i pé slí (pe'ca tré chur leis, fágaint ar lár no atharú é) is dóich leis is ceart agus an scéim sin do cheadú mar a bheidh sí atharuithe amhlaidh, no a chur mar cheangal ar bhord an óspidéil scéim nua do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid.

(2) Má cheanglann an tAire ar bhord an óspidéil fén alt so scéim nua do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid beidh sé de dhualgas ar bhord an óspidéil scéim nua do dhéanamh dá réir sin an túisce bheidh san caothúil agus an scéim nua san do chur fé bhráid an Aire chun a cheadú d'fháil, agus beidh éifeacht ag forálacha na Coda so den Acht so fé is dá mb'í an scéim nua san an chéad scéim do dhéanfadh bord an óspidéil agus do chuirfidís fé bhráid an Aire do réir na Coda so den Acht so.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an scéim” an scéim a cheadóidh an tAire fén alt so.

(4) Nuair a bheidh an scéim ceaduithe ag an Aire ceapfaidh an tAire, le hordú, tréimhse gur laistigh di tógfar agus a bunófar óspidéal fiabhrais nua do réir na scéime.

An scéim d'atharú tar éis í do cheadú.

43. —Aon tráth tar éis an Aire do cheadú na scéime féadfaidh an tAire, le hordú a déanfar ar n-a iarraidh sin air do bhord an óspidéil, an scéim d'atharú i pé slí (pe'ca tré chur leis, fágaint ar lár no atharú é) is dóich leis is ceart agus, ón dáta agus tar éis an dáta ar a ndéanfar ordú fén alt so ag atharú na scéime, beidh éifeacht ag an scéim fé is dá mbeadh sí atharuithe amhlaidh an tráth do cheaduigh an tAire í.

Costaisí maidir leis an scéim d'ullamhú.

44. —Chun crícheanna an Achta so tuigfear gur costaisí teaghlachais na costaisí uile fé n-a raghaidh bord an óspidéil maidir leis an scéim d'ullamhú no d'atharú.

Ospidéal fiabhrais nua do thógáil agus do bhunú.

45. —(1) Tar éis don Aire an scéim do cheadú cromfaidh bord an óspidéil ar óspidéal fiabhrais ar a dtabharfar Ospidéal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear an t-óspidéal fiabhrais nua san Acht so) do thógáil agus do bhunú laistigh den tréimhse a cheapfaidh an tAire fén Acht so agus cuirfid ar fáil an gléasra uile is gá i gcóir an óspidéil sin.

(2) Déanfaidh bord an óspidéil do réir forálacha na scéime agus an t-óspidéal fiabhrais nua á thógáil agus á bhunú acu.

An t-óspidéal fiabhrais nua do bhainistí agus do rialú.

46. —Isé bord an óspidéil a dhéanfaidh an t-óspidéal fiabhrais nua do rialú agus do bhainistí agus déanfaidh bord an óspidéil, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha déanfar fén Acht so), gach ní is gá chuige sin.

An t-óspidéal fiabhrais nua do leathnú, etc.

47. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, an t-óspidéal fiabhrais nua do leathnú, d'atharú, do mhéadú no d'fheabhsú ar shlí eile.

Teaghlach eadarshláinte nua do thógáil agus do bhunú.

48. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire agus do réir phleananna cheadóidh an tAire, teaghlach eadarshláinte nua do thógáil agus do bhunú.

Teaghlach eadarshláinte nua do leathnú, etc.

49. —Féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, aon teaghlach eadarshláinte nua bhunóid fén gCuid seo den Acht so do leathnú, d'atharú, do mhéadú no d'fheabhsú ar shlí eile.

Teaghlach eadarshláinte nua do bhainistí agus do rialú.

50. —Isé bord an óspidéil a bhainisteoidh agus a rialóidh aon teaghlach eadarshláinte nua bhunóidh bord an óspidéil fén gCuid seo den Acht so agus, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha déanfar fén Acht so), déanfaidh bord an óspidéil gach ní is gá chuige sin.

CUID IV.

An Colucht Corpruithe ar a dtugtar an Tigh Eadarshlainte agus an tOspideal Fiabhrais, Sraid Chorcaighe, Baile Atha Cliath, do scur agus a maoin, a bhfiachaisi agus a n-oifigigh d'aistriu go dti Bord Ospideil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath.

An cólucht corpruithe agus an seana-choiste do scur.

51. —Ar an lá ceaptha scuirfidh an cólucht corpruithe agus an seana-choiste, agus beidh deireadh leo, de bhuadh an ailt seo.

Maoin d'aistriú.

52. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht chorpruithe no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhaineann no ghabhann le haon mhaoin den tsórt san tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan más gá san, dílsithe i mbord an óspidéil no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a rabhadar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht chorpruithe no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan in ainm an chóluchta chorpruithe, aistreoidh an banc no an chorpráid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm bhord an óspidéil ar n-a iarraidh sin do bhord an óspidéil an lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh sin.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so ón gcólucht corpruithe go dtí bord an óspidéil féadfaidh bord an óspidéil, an lá ceaptha agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá do bhord an óspidéil fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

(4) Má bhíonn aon chistí a haistrítear go dtí bord an óspidéil leis an alt so i seilbh ar iontaoibh don chólucht chorpruithe ag éinne seachas iontaobhaithe an chóluchta chorpruithe díreach roimh an lá ceaptha, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so, ach gan dochar do cheart bhord an óspidéil chun íoc d'éileamh agus d'fháil san ioncum ghlan a thagann as na cistí sin, ní bheidh bord an óspidéil i dteideal a cheangal ar na daoine is iontaobhaithe do sna cistí sin de thurus na huaire na cistí sin d'aistriú chúcha.

(5) Cuirfear i gcuntas na gcostaisí teaghlachais an t-airgead uile a haistrítear go dtí bord an óspidéil leis an alt so agus an t-ioncum uile thagann as aon chistí le n-a mbaineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo agus an t-airgead uile thiocfaidh as díol aon mhaoine a haistrítear go dtí bord an óspidéil leis an alt so agus an t-ioncum uile thiocfaidh as an maoin sin.

Fiachaisí d'aistriú.

53. —(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an gcólucht corpruithe agus gan íoc acu no curtha suas agus gan glanadh acu tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachas ar bhord an óspidéil agus íocfaidh no glanfaidh bord an óspidéil iad agus féadfar iad do bhaint díobh no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh da réir sin.

(2) Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur costaisí teaghlachais aon chostaisí fé n-a raghaidh bord an óspidéil de bhuadh an ailt seo.

Connartha leanúnacha do bhuan-choimeád.

54. —Gach banna, urraíocht no urrús eile de shaghas leanúnach do thug an cólucht corpruithe do dhuine ar bith no do thug duine ar bith don chólucht chorpruithe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta idir an cólucht corpruithe agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis in ainneoin an chóluchta chorpruithe agus an tseana-choiste do scur, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm bhord an óspidéil ann in ionad ainm an chóluchta chorpruithe agus beidh an t-urrús, an connradh, no an có-aontú san ionfhoirfheidhmithe ag bord an óspidéil no ina gcoinnibh dá réir sin.

Imeachta dlí bheidh ar feitheamh do choimeád ar siúl.

55. —I ngach aicsean, agra, no imeacht a bheidh ar feitheamh an lá ceaptha in aon chúirt no bínse agus ina mbeidh an cólucht corpruithe ina bpáirtí tiocfaidh bord an óspidéil chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bpáirtí in ionad an chóluchta chorpruithe agus coimeádfar an imeacht san ar siúl idir bord an óspidéil agus na páirtithe eile san imeacht san dá réir sin agus ní raghaidh aon imeacht den tsórt san ar ceal ná ní déanfar dochar di de bhíthin an chóluchta chorpruithe no an tseanachoiste do scur.

Oifigigh d'aistriú.

56. —(1) Gach duine is oifigeach íoctha don chólucht chorpruithe an lá roimh an lá ceaptha aistreofar do dtí bord an óspidéil é, agus tiocfa sé chun bheith ina oifigeach do bhord an óspidéil, ar an lá ceaptha agus fé réir forálacha an ailt seo.

(2) Gach duine a haistrítear leis an alt so cólíonfa sé, fé réir forálacha an ailt seo, i bhfostaíocht bhord an óspidéil, dualgaisí bheidh cosúil leo san do bhí á gcólíonadh aige i bhfostaíocht an chóluchta chorpruithe roimh é d'aistriú.

(3) Gan é féin do thoiliú chuige, ní bhfuighidh duine ar bith a haistrítear leis an alt so luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige, ná ní bheidh sé fé choinníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé, i bhfostaíocht an chóluchta chorpruithe.

(4) Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, na dualgaisí bheidh le cólíonadh ag oifigigh a haistrítear chúcha leis an alt so d'athroinnt no d'athshocrú agus beidh sé de cheangal ar gach oifigeach den tsórt san na dualgaisí do chólíonadh ceapfar dó ar aon athroinnt no athshocrú den tsórt san do dhéanamh agus ní tuigfear gur cur as oifig no deireadh do chur le hoifig chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm di leis an Acht so, aon athroinnt no athshocrú den tsórt san.

(5) Féadfaidh bord an óspidéil, le ceadú an Aire, agus déanfaid, nuair ordóidh an tAire dhóibh é, deireadh do chur le hoifig aon oifigigh a haistrítear chúcha leis an alt so agus, chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm di leis an Acht so, tuigfear maidir le gach oifigeach go gcuirfear deireadh le n-a oifig amhlaidh gur ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas do chuir bord an óspidéil as oifig é.

(6) Chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm di leis an Acht so, tuigfear oifigeach a haistrítear leis an alt so agus go gcuirfear deireadh le n-a oifig fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do bheith ina oifigeach inphinsin do bhord an óspidéil d'ainneoin gan é do thabhairt a chuid aimsire uile i seirbhís bhord an óspidéil.

(7) Má eiríonn aon cheist fé fho-alt (3) den alt so maidir le duine ar bith a haistrítear leis an alt so cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.

Connartha seirbhíse do bhuan-choimeád.

57. —Gach connradh seirbhíse, ráite no iontuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir an cólucht corpruithe agus duine ar bith nach oifigeach don chólucht chorpruithe leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí bord an óspidéil ann in ionad an chóluchta chorpruithe agus beidh gach connradh den tsórt san ionfhoirfheidhmithe ag bord an óspidéil no ina gcoinnibh dá réir sin.

CUID V.

Foralacha Diombuana maidir leis an Ospideal Fiabhrais i Sraid Chorcaighe, Baile Atha Cliath, agus le Teaghlach Eadarshlainte Beneavin.

An sean-óspidéal agus an seana-theaghlach do bhainistí agus do rialú.

58. —An lá ceaptha agus dá éis déanfaidh bord an óspidéil an sean-óspidéal agus an seana-theaghlach do bhainistí agus do rialú agus, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha déanfar fén Acht so), déanfaid gach ní is gá chuige sin.

An sean-óspidéal no an seanatheaghlach dodhúnadh.

59. —(1) Aon tráth tar éis an óspidéil fhiabhrais nua do thógáil agus do bhunú féadfaidh bord an óspidéil, le toiliú an Aire, an sean-óspidéal no an seana-theaghlach no, neachtar acu, an seanóspidéal agus an seana-theaghlach do dhúnadh.

(2) Chun an tsean-óspidéil do dhúnadh do réir an ailt seo féadfaidh bord an óspidéil othair d'aistriú chun an óspidéil fhiabhrais nua.

Srian le leathnú, etc., an tseanóspidéil agus an tseanatheaghlaigh.

60. —Ní dhéanfaidh bord an óspidéil, gan toiliú an Aire, aon airgead do chaitheamh ar an sean-óspidéal no ar an seanatheaghlach do leathnú no do mhéadú no d'fheabhsú.