23 1936


Uimhir 23 de 1936.


ACHT MÓNA (ÚSÁID AGUS FORBAIRT), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTREO GO mBAINFEAR AGUS GO nDÓGHFAR NÍOS MÓ MÓNA CHUN CRÍCHEANNA TIGHIS AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS NO GHABHAS LEIS AN mBAINT AGUS LEIS AN DÓGHADH SAN AGUS AR A nÁIRMHÍTEAR COMHACHTA DO BHRONNADH AR AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA CHUN TAILIMH DO THÓGAINT AGUS OIBREACHA IOMPAIR DO DHÉANAMH AGUS COMHACHTA DO BHRONNADH AR BHORD NA MÓNA, TEORANTA, I dTAOBH NA NITHE ROIMHRÁITE.

[29adh Meitheamh, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord na Móna, Teoranta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an focal “cigire” oifigeach don Aire ar n-a cheapadh (go generálta no chun críche áirithe) i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina chigire chun críche an Achta so no chun aon chríche áirithe den Acht so;

foluíonn an focal “móin” brícíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de mhóin, ach ní fholuíonn sé easair chaonaigh mhóna;

cialluíonn an focal “gual” gual do baineadh lasmuich de Shaorstát Éireann agus foluíonn sé brícíní bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de ghual den tsórt san no de dheannach de ghual den tsórt san, ach ní fholuíonn sé cóc;

cialluíonn an abairt “mion-díoltóir guail” duine bhíonn ag díol guail ina mhion-choda;

nuair a húsáidtear an focal “clár” gan tcorannú cialluíonn sé clár de mhion-díoltóirí guail a bheidh á choimeád ag an Aire do réir an Achta so;

cialluíonn an abairt “mion-díoltóir guail cláruithe” mion-díoltóir guail a bheidh cláruithe i gclár de mhion-díoltóirí guail a bheidh á choimeád ag an Aire do réir an Achta so, agus nuair a húsáidtear an abairt sin maidir le líomatáiste ceaptha cialluíonn sí mion-díoltóir guail a bheidh cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí guail a bheidh á choimeád amhlaidh alos an líomatáiste cheaptha sin;

foluíonn an focal “seachadadh” san abairt “do dhíol agus do sheachadadh” seachadadh ag áitreabh an mhion-díoltóra ghuail gur ina thaobh a húsáidtear an abairt sin;

cialluíonn an abairt “dóghadh chun crícheanna tighis” dóghadh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-iomlán no aon chuid d'aon fhoirgint no d'aon áit eile do théigheadh a húsáidtear mar thigh chomhnuithe do dhaoine, no mar stábla d'aon tsaghas ainmhí, no mar áit ina ndeineann daoine aon tsaghas oibre, no thaithíonn daoine chun críche ar bith, no

(b) biadh do bhruith, pe'ca do dhaoine no d'ainmhithe é, no

(c) uisce do théigheadh chun aon chríche seachas gal do gheiniúint in inneall gaile.

Soláthraithe ceaduithe chun crícheanna an Achta so.

2. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh gach duine acu so leanas ina sholáthraí cheaduithe maidir le mion-díoltóirí guail d'fháil mhóna, sé sin le rá:—

(a) an Bord;

(b) comhar-chumann a bheidh údaruithe de thurus na huaire ag an mBord chun móin do sholáthar do mhiondíoltóirí guail chun crícheanna na bhforálacha den Acht so bhaineann le móin do cheannach go héigeanta ach ní bheidh ina sholáthraí amhlaidh ach chó fada le méid agus laistigh de theoranta an údaráis sin;

(c) maidir le brícíní móna agus leo san amháin, cuideachta theoranta bheidh ceaduithe chuige seo de thurus na huaire ag an Aire.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “soláthraí ceaduithe” duine is soláthraí ceaduithe de bhuadh an ailt seo, de thurus na huaire, chun crícheanna an Achta so.

Ait ghnótha mhion-díoltóra ghuail.

3. —(1) Chun críche an Achta so tuigfear mion-díoltóir guail do bheith ag déanamh a ghnótha mar mhion-díoltóir guail in aon áit áirithe inar gnáth leis orduithe d'fháil no connartha do dhéanamh chun gual do dhíol agus do sheachadadh (láithreach no tráth éigin ar ball) ina mhion-choda, ach ní tuigfear, chun críche an Achta so, mion-díoltóir guail do bheith ag déanamh an ghnótha san aige in aon áit eile bheidh á úsáid aige chun crícheanna an ghnótha san aige.

(2) Mion-díoltóir guail ná díolann gual ach tré mhangaireacht i mbealaigh phuiblí agus ná fuil aon áit áirithe aige ina ndíolann sé gual de ghnáth tuigfear, chun crícheanna an Achta so, a ghnó mar mhion-díoltóir guail do bheith á dhéanamh aige san áit ina bhfuil comhnaí air.

Líomatáistí ceaptha.

4. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um líomatáiste cheaptha san Acht so), á dhearbhú go mbeidh líomatáiste áirithe a luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san ina líomatáiste cheaptha chun crícheanna an Achta so ar dháta agus o dháta (nach luatha ná mí tar éis dáta an orduithe sin) a luadhfar san ordú san.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith mar is rogha leis, le hordú, ordú um líomatáiste cheaptha do cheiliúradh no do leasú agus, go sonnrách, féadfaidh, le haon ordú leasúcháin den tsórt san, atharú do dhéanamh (tré chur leis no tré bhaint uaidh no tré chur leis agus baint uaidh) go n-éifeacht ar lá agus o lá áirithe, nách luatha ná mí tar éis dáta an orduithe leasúcháin sin, ar an líomatáiste is líomatáiste ceaptha de bhuadh orduithe um líomatáiste cheaptha.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “líomatáiste ceaptha” líomatáiste is líomatáiste ceaptha de thurus na huaire de bhuadh orduithe um líomatáiste cheaptha.

Ordú um líomatáiste cheaptha do chur ar fiunraoi.

5. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san Acht so), aon ordú um líomatáiste cheaptha do chur ar fiunraoi ar dháta agus o dháta (nach luatha ná dáta an orduithe sin) a luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a bheidh an tAire tar éis ordú fiunraíochta do dhéanamh féadfaidh mar is rogha leis, le hordú (dá ngairmtear ordú cealúcháin san alt so), an cur ar fiunraoi deintear leis an ordú fiunraíochta san ar an ordú um líomatáiste cheaptha le n-a mbaineann an t-ordú fiunraíochta san do chealú ar dháta agus o dháta (nach luatha ná dáta an orduithe chealúcháin sin) a luadhfar san ordú chealúcháin sin.

(3) Pé uair a bheidh an tAire tar éis ordú fiunraíochta do dhéanamh beidh an tordú um líomatáiste cheaptha le n-a mbaineann an t-ordú fiunraíochta san ar fiunraoi ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú fiunraíochta san agus leanfaidh de bheith ar fiunraoi amhlaidh go dtí an dáta gur air agus uaidh a cealófar an fhiunraíocht san le hordú cealúcháin.

(4) Pé uair a cuirfear ordú um líomatáiste cheaptha ar fiunraoi fén alt so, scuirfidh an líomatáiste ceaptha le na mbainfidh an t-ordú san de bheith ina líomatáiste cheaptha chun crícheanna an Achta so díreach i dtosach feidhme na fiunraíochta san, ach tiocfaidh chun bheith agus beidh arís ina líomatáiste cheaptha chun na gcrícheanna san ar an dáta gur air agus uaidh a cealófar an t-ordú fiunraíochta san.

(5) Pé uair a cuirfear ordú um líomatáiste cheaptha ar fiunraoi fén alt so déanfaidh an tAire, le linn na fiunraíochta san, an clár de mhion-díoltóirí guail a bunófar do réir an Achta so alos an líomatáiste cheaptha le n-a mbaineann an t-ordú san do choinneáil ar bun agus do choimeád do réir an Achta so ach ní chuirfidh éinní sa bhfo-alt so d'oblagáid ar dhuine ar bith é bheith cláruithe sa chlár san le linn na fiunraíochta san.

Forálacha de bhíthin líomatáiste ceaptha do scur de bheith ina líomatáiste cheaptha.

6. —Pé uair a scuirfidh líomatáiste ceaptha no cuid de líomatáiste cheaptha, de bhuadh orduithe fén Acht so ag ceiliúradh no ag leasú orduithe um líomatáiste cheaptha no de bhuadh orduithe fhiunraíochta, de bheith ina líomatáiste cheaptha no ina cuid de líomatáiste cheaptha (do réir mar bheidh) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an scur san deifir—

(i) d'oibriú an Achta so roimhe sin sa líomatáiste cheaptha sin no sa chuid sin de líomatáiste cheaptha (do réir mar bheidh) ná d'éinní do rinneadh no do fulaingeadh fén Acht so sa líomatáiste sin no sa chuid sin; ná

(ii) d'aon cheart, príbhléid, oblagáid no freagarthacht do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén Acht so sa líomatáiste cheaptha sin no sa chuid sin de líomatáiste cheaptha (do réir mar bheidh); ná

(iii) d'aon phionós, geallbhruid, no peannaid fé n-a ndeachthas fén Acht so; ná

(iv) d'aon fhiosrúchán, imeacht dlí no leigheas alos aon chirt, príbhléide, oblagáide, pionóis, geallbhruide no peannaide den tsórt san roimhráite; agus

(b) aon chionta fé aon alt den Acht so do rinneadh roimh an scur san féadfar é d'fhiosrú, do chúiseamh, do thriail agus do phionósú tar éis an scurtha san agus dá ainneoin fé is dá mba ná tárlódh an scur san.

Cláir de mhiondíoltóiri guail.

7. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú um líomatáiste cheaptha bunóidh sé láithreach agus coinneoidh ar bun agus coimeádfaidh ina dhiaidh sin clár de dhaoine a bheidh ag déanamh gnótha mar mhion-díoltóirí guail sa líomatáiste a dearbhófar leis an ordú san do bheith ina líomatáiste cheaptha.

(2) I ngach clár a bheidh á choinneáil ar bun do réir an ailt seo iontrálfar, alos gach duine clárófar sa chlár san, na mion-innste seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ainm agus sloinneadh agus tuairisc iomlán an duine sin; agus

(b) tuairisc (is leor chun an áitreibh agus chun suidheamh agus teoranta an chéanna d'aithint) ar an áitreabh no ar gach áitreabh de sna háitreabhacha ar leithligh (do réir mar bheidh) ina mbíonn díol guail ina mhion-choda ar siúl ag an duine sin sa líomatáiste cheaptha le n-a mbaineann an clár san.

Iarrataisí ar chlárú agus ceart chun cláruithe i gclár.

8. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so beidh gach duine go mbíonn díol guail ina mhion-choda ar siúl aige no go mbeidh beartuithe aige san do bheith ar siúl aige i líomatáiste cheaptha beidh sé i dteideal, ar iarratas do dhéanamh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar an táille orduithe d'íoc, é do chlárú sa chlár alos an áitreibh sa líomatáiste cheaptha sin ina ndeineann sé an gnó san no ina mbeidh beartuithe aige an gnó san a dhéanamh.

(2) Má dheineann duine go mbeidh beartuithe aige gnó do dhéanamh mar mhion-díoltóir guail sa líomatáiste cheaptha le n-a mbaineann clár áirithe iarratas ar chlárú sa chlár san ní thiocfaidh clárú an duine sin, do réir an iarratais sin, in éifeacht go dtí go dtosnóidh an duine sin ar an ngnó san do dhéanamh.

(3) Féadfar iarratas ar chlárú i gclár do dhéanamh tráth ar bith tar éis dáta an orduithe um líomatáiste cheaptha bhaineann leis an gcás, pe'ca roimh an lá ar a raghaidh an dearbhú déanfar leis an ordú san ag dearbhú líomatáiste cheaptha in éifeacht no dá éis sin é, agus dá réir sin foluíonn an abairt “líomatáiste ceaptha” sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so líomatáiste bheidh dearbhuithe le hordú um líomatáiste cheaptha do bheith ina líomatáiste cheaptha ar dháta ina dhiaidh sin agus ón dáta san amach.

(4) In ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, diúltú d'iarratas o dhuine ar bith ar chlárú i gclár más rud é go raibh an duine sin, roimh an iarratas san, cláruithe so chlár san no in aon chlár eile agus go ndearnadh an clárú san roimhe sin do chealú.

Cláir do leasú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin, clár do leasú tré aon earráid shoiléir a bheidh ann do cheartú.

(2) Déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith bheidh cláruithe i gclár, an clár san do leasú tré cheartú do dhéanamh ar aon earráid sa tuairisc sa chlár san ar an duine sin no ar an áitreabh no aon cheann de sna háitreabhacha gur ina thaobh no ina dtaobh a bheidh sé cláruithe amhlaidh, no tré iontráil do dhéanamh sa chlár san ar atharú in únaeracht an ghnótha gur ina thaobh a bheidh an duine sin cláruithe amhlaidh no ar atharú (pe'ca tré chur leis, laigheadú, no aistriú iomlán é) san áitreabh no in aon cheann de sna háitreabhacha ina mbeidh an gnó san á dhéanamh.

(3) I gcás duine bheidh cláruithe i gclár d'éag déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air d'ionadaí phearsanta an duine sin, an clár san do leasú tríd an éag san d'iontráil ann agus an t-ionadaí pearsanta san d'iontráil ann mar dhuine chláruithe in ionad an duine d'éag amhlaidh.

Clárú do chealú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, clárú dhuine ar bith i gclár do chealú, ar n-a iarraidh sin i scríbhinn don duine sin no, i gcás pearsan, dá ionadaí phearsanta no, i gcás cóluchta chorpruithe, do shocruitheoir an chóluchta chorpruithe sin.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, clárú dhuine ar bith i gclár do chealú más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc (pe'ca neamhurchóideach no calaoiseach di) do fuarthas an clárú san; no

(b) gur scuir an gnó gur ina thaobh a cláruíodh an duine sin amhlaidh de bheith á dhéanamh; no

(c) gur thárla don duine sin, más pearsa é, é d'éag no, más cólucht corpruithe é, é do scur, agus ná dearnadh i gceachtar cás, laistigh de thrí mhí tar éis an éaga no an scurtha san, duine ar bith eile do chlárú in ionad an duine d'éag no do scuir amhlaidh; no

(d) gur tugadh de bhreith ar an duine sin gur duine gnóbhriste é; no

(e) gur ciontuíodh an duine sin i sárú (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé.

(3) Sara ndeinidh an tAire cealú fén alt so (ar shlí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) ar chlárú dhuine ar bith i gclár bhéarfaidh fógra mí ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí pearsanta (más ann do) no dá shocruitheoir (do réir mar bheidh) á rá go bhfuil sé ar intinn an clárú san do chealú amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus breithneoidh aon chúiseanna dhéanfaidh an duine cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (do réir mar bheidh) a phlé leis laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(4) Féadfar fógra i dtaobh an Aire do bheith ar intinn clárú do chealú do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine sin ag an áit chomhnuithe is déanaí is eol do bheith aige no ag an áit is déanaí is eol an gnó gur ina thaobh a bheidh beartuithe an clárú do chealú do bheith á dhéanamh aige.

Deimhnithe clárathachta do thabhairt amach agus do thaisbeáint.

11. —(1) Pé uair a chláróidh an tAire duine i gclár bhéarfaidh an tAire amach láithreach don duine sin deimhniú sa bhfuirm orduithe i dtaobh an chláruithe sin agus, i gcás an duine sin do bheith cláruithe amhlaidh alos dhá áitreabh no níos mó ar leithligh, bhéarfaidh amach amhlaidh don duine sin deimhniú ar leithligh den tsórt san alos gach áitreibh ar leithligh acu san.

(2) Gach duine dá dtabharfaidh an tAire deimhniú clárathachta amach fén alt so cuirfe sé fé ndeár an deimhniú san do bheith ar taisbeáint go feiceálach le linn uaireanna gnótha san áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san.

(3) Gach mion-díoltóir guail go dteipfidh air déanamh do réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmeasc ar dhaoine neachláruithe gual do dhíol ina mhion-choda.

12. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith gual do dhíol ina mhion-choda i líomatáiste cheaptha mara mbeidh sé cláruithe sa chlár a bheidh á choimeád do réir an Achta so alos an líomatáiste cheaptha sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith gnó do bheith ar siúl aige, i líomatáiste cheaptha, ag díol guail ina mhion-choda in aon áitreabh no áit sa líomatáiste cheaptha sin seachas áitreabh gur ina thaobh a bheidh sé cláruithe sa chlár a bheidh á choimeád do réir an Achta so alos an líomatáiste cheaptha sin.

(3) Gach duine dhíolfaidh gual ina mhion-choda contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Toirmeasc ar ghual do cheannach o mhion-díoltóir guail neachláruithe.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ghual do cheannach, i líomatáiste cheaptha, o mhion-díoltóir guail a bheidh ag díol guail ina mhion-choda sa líomatáiste cheaptha sin mara mbeidh an mion-díoltóir guail sin cláruithe sa chlár a bheidh á choimeád do réir an Achta so alos an líomatáiste cheaptha sin.

(2) Gach duine cheannóidh aon ghual contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna guail a cheannóidh sé amhlaidh.

E bheith éigeanta móin do cheannach.

14. —(1) Pé uair a dhéanfaidh mion-díoltóir guail níos mó ná dhá chéadmeáchaint ghuail do dhíol le ceannuitheoir agus do sheachadadh do cheannuitheoir (pe'ca i líomatáiste cheaptha é no nach cadh) chun a dhóighte chun crícheanna tighis i líomatáiste cheaptha agus ná beidh an ceannuitheoir sin i dteideal tairbhe saoirse fén Acht so alos an díola agus an tseachadtha san déanfaidh an miondíoltóir guail sin freisin, le linn an díola agus an tseachadtha san, an chaindíocht orduithe de mhóin (ar n-a fáil o sholáthraí cheaduithe) is oiriúnach do chaindíocht an ghuail a díolfar agus a seachadfar amhlaidh agus don-líomatáiste cheaptha gur chun é dhóghadh ann a díolfar agus a seachadfar an gual san amhlaidh, déanfa sé san do dhíol leis an gceannuitheoir sin agus do sheachadadh dho agus déanfaidh an ceannuitheoir sin, le linn an ama san, an céanna do cheannach agus do thógaint ón mion-díoltóir guail sin.

(2) Pé uair, ar mhion-díoltóir guail do dhíol guail le ceannuitheoir agus dá sheachadadh dhó, a theipfidh ar an mion-díoltóir guail sin an chaindíocht de mhóin (ar n-a fáil o sholáthraí cheaduithe) a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do dhíol leis an gceannuitheoir sin agus do sheachadadh dhó le linn an ghuail sin do dhíol agus do sheachadadh agus is sárú ar an bhfo-alt san roimhe seo an teip sin, beidh an mion-díoltóir guail sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna guail a díolfar agus a seachadfar amhlaidh.

(3) Pé uair, ar mhion-díoltóir guail do dhíol guail le ceannuitheoir agus dá sheachadadh dhó, a theipfidh ar an gceannuitheoir sin an chaindíocht de mhóin a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do cheannach agus do thógaint ón mion-díoltóir guail sin le linn an ghuail sin do dhíol agus do sheachadadh agus is sárú ar an gcéad fho-alt san an teip sin, beidh an ceannuitheoir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna guail a díolfar agus a seachadfar amhlaidh.

(4) San Act so gairmtear den alt so na forálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, agus féadfar tagairt don alt so sa tslí chéanna in aon ordú, rialachán, saoirse no ionstruim eile déanfar fén Acht so.

Rialacháin ag ordú na caindíochta orduithe de mhóin.

15. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, a ordú cadé an chaindíocht de mhóin a dhíolfaidh mion-díoltóir guail le ceannuitheoir agus a sheachadfaidh dó agus a cheannóidh agus a thógfaidh an ceannuitheoir sin ón mion-díoltóir guail sin do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, féadfaidh an tAire rialacháin deifriúla ar leith den tsórt san do dhéanamh alos líomatáistí deifriúla ceaptha agus féadfaidh, le haon rialacháin den tsórt san, caindíochtaí deifriúla de mhóin d'ordú alos líomatáistí ceaptha deifriúla no alos codanna deifriúla den líomatáiste cheaptha chéanna agus féadfaidh, le haon rialacháin den tsórt san, aon chaindíocht den tsórt san de mhóin do cheapadh do réir gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá, an tráth den bhliain a díolfar an gual san amhlaidh, an chaindíocht de ghual a bheidh in aon díol ar leithligh, an praghas ar a ndíolfar an gual san amhlaidh, agus an áit ina seachadfar an gual san.

E bheith d'oblagáid móin do chur ar fáil do gheobhfar o sholáthraí cheaduithe.

16. —(1) An mhóin uile dhíolfaidh agus a sheachadfaidh miondíoltóir guail do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, sé bheidh inti ná móin do gheobhaidh an mion-díoltóir guail sin o sholáthraí cheaduithe, agus má dheineann mion-díoltóir guail móin do gheobhfar o dhuine nách soláthraí ceaduithe de thurus na huaire do dhíol agus do sheachadadh ní bheidh san ina dhíol ná ina sheachadadh, ná ní háirmheofar é mar dhíol ná mar sheachadadh, do réir na bhforálacha san den Acht so.

(2) Gach mion-díoltóir guail a dhéanfaidh, ag dúmas déanamh do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, aon mhóin do dhíol le ceannuitheoir agus do sheachadadh dhó, nach móin do fuair an mion-díoltóir guail sin o sholáthraí cheaduithe, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar suim púint do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna móna díolfar agus a seachadfar amhlaidh.

(3) Gach duine dhéanfaidh, ag dúmas déanamh do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, aon mhóin do cheannach agus do thógaint o mhiondíoltóir guail agus a fhios ag an duine sin nach móin í do fuair an mion-díoltóir guail sin o sholáthraí cheaduithe, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna móna ceannófar agus a tógfar amhlaidh.

(4) Ní oibreoidh éinní san alt so chun aon oblagáid a chur ar dhuine cheannóidh móin o mhion-díoltóir guail do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach fiosrú do dhéanamh maidir leis an soláthraí o n-a bhfuair an mion-díoltóir guail sin an mhóin sin ná ní oibreoidh sé chun fógra iontuigthe no eile i dtaobh an tsoláthraí sin do chur i leith an cheannuitheora san.

Comhacht chun a chur fhiachaint ar mhiondíoltóir guail móin d'fháil.

17. —(1) Pé uair a bheidh an chaindíocht de mhóin do gheobhaidh mion-díoltóir guail o sholáthraithe ceaduithe i rith aon tréimhse áirithe nách giorra ná dhá mhí, maraon leis an gcaindíocht (más ann di) de mhóin do fuarthas o sholáthraithe ceaduithe agus a bhí i seilbh an mhion-díoltóra ghuail sin i dtosach na tréimhse sin, níos lugha ná an chaindíocht de mhóin do dhíol agus do sheachaid an mion-díoltóir guail sin no ba cheart dó a dhíol agus a sheachadadh, do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, i rith na tréimhse sin, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an mion-díoltóir guail sin—

(a) ina luadhfar—

(i) an tréimhse áirithe roimhráite le n-a mbaineann an fógra san, agus

(ii) an chaindíocht de mhóin do fuair an mion-díoltóir guail sin mar adubhradh, agus

(iii) an chaindíocht (más ann di) de mhóin do bhí i seilbh an mhion-díoltóra ghuail sin, mar adubhradh, agus

(iv) an chaindíocht de mhóin do dhíol agus do sheachaid an mion-díoltoir guail sin, no ba cheart dó a dhíol agus a sheachadadh, mar adubhradh, agus

(b) á cheangal ar an mion-díoltóir guail sin caindíocht áirithe de mhóin d'fháil laistigh d'am áirithe (nách giorra ná ceithre lá déag o dháta an fhógra san do sheirbheáil) o sholáthraí no o sholáthraithe éigin ceaduithe, caindíocht ná raghaidh thar an méid a bheidh an chaindíocht de mhóin do fuair an miondíoltóir guail sin, mar adubhradh, maraon leis an gcaindíocht (más aon chaindíocht é) de mhóin a bhí i seilbh an mhion-díoltóra ghuail sin mar adubhradh, fé bhun na caindíochta de mhóin do dhíol agus do sheachaid an mion-díoltóir guail sin no ba cheart do a dhíol agus a sheachadadh, mar adubhradh, agus

(c) á cheangal ar an mion-díoltóir guail sin, laistigh de dhá lá tar éis déanamh do réir na n-éilithe sin roimhe seo den fhógra san, ráiteas do chur chun an Aire, sa tslí luadhfar sa bhfógra san, á rá cadé an chaindíocht no cadiad na caindíochtaí uile agus fé seach de mhóin do fuair an mion-díoltóir guail sin do réir an fhógra san agus cé hé an soláthraí o n-a bhfuarthas agus cadé an dáta ar a bhfuarthas an chaindíocht san no gach caindíocht fé leith den tsórt san de mhóin.

(2) Gach mion-díoltóir guail ar a seirbheálfar fógra fén alt so déanfaidh, laistigh den am a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san, an chaindíocht de mhóin a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san d'fháil o sholáthraí no o sholáthraithe éigin ceaduithe, agus má theipeann ar an mion-díoltóir guail sin an chaindíocht san do mhóin d'fhail amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach tonna no coda de thonna móna do ceangladh air leis an bhfógra san d'fháil amhlaidh no, má bhíonn sé tar éis cuid den chaindíocht de mhóin d'fháil go cuibhe do ceangladh air amhlaidh d'fháil, fíneáil ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach tonna no coda de thonna a bheidh an chuid sin den chaindíocht san de mhóin fé bhun méid iomlán na caindíochta san de mhóin.

(3) Gach mion-díoltóir guail ar a seirbheálfar fógra fén alt so cuirfidh chun an Aire do réir an fhógra san ar gach slí, laistigh den am a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san, an ráiteas san a ceanglófar air leis an bhfógra san a chur chun an Aire amhlaidh agus má theipeann air an ráiteas san do chur chun an Aire amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le miondíoltóir guail do chúiseamh i gcionta fé fho-alt ar bith den alt so, sé sin le rá:—

(a) an fógra fén alt so gur ina thaobh adeirtear do rinneadh an cionta san beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, i dtaobh na réad uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa bhfógra san alos na gcaindíochtaí de mhóin do fuair an mion-díoltóir guail sin, no do bhí ar seilbh aige, no do dhíol agus do sheachaid sé no ba cheart do a dhíol agus a sheachadadh;

(b) ní dhéanfaidh earráid sa ráiteas i dtaobh gach ceann no aon cheann de sna réada san sa bhfógra san an fógra san nea-dhleathach maran mó an chaindíocht de mhóin a ceanglófar ar an mion-díoltóir guail sin leis an bhfógra san d'fháil ná an chaindíocht de mhóin a féadfaí go dleathach a cheangal air amhlaidh d'fháil dá mbeadh gach réad acu san luaidhte i gceart sa bhfógra san;

(c) féadfaidh an Chúirt, más dóich léi san do bheith ceart, ar n-a iarraidh sin don chúisitheoir no don mhiondíoltóir guail sin, leasú do dhéanamh ar an ráiteas sa bhfógra san i dtaobh aon cheann de sna réada san no i dtaobh na caindíochta de mhóin a ceangaltar ar an mion-díoltóir guail sin leis an bhfógra san d'fháil agus, má leasuíonn an Chúirt an fógra san amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra san agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige, chun gach críche, mar a leasófar é amhlaidh;

(d) gach breacachán a bheidh á choimeád ag an miondíoltóir guail sin do réir an Achta so beidh sé ionghlactha ina fhianaise ar iarratas an chúisitheora no an mhion-díoltóra ghuail sin, agus féadfaidh an Chuirt, más ceart san dar léi ar n-a iarraidh sin don chúisitheoir, a chur fhiachaint ar an mion-díoltóir guail sin aon bhreacachán den tsort san do thabhairt i láthair agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a bheidh i seilbh an mhiondíoltóra ghuail sin agus is gá, dar leis an gCúirt, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no chun a chruthú no a mhíniú cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as;

(e) gach tuairisceán a bhéarfaidh an mion-díoltóir guail sin don Aire do réir an Achta so beidh sé ionghlactha ina fhianaise ar iarratas an chúisitheora no an mhiondíoltóra ghuail sin agus féadfaidh an Chúirt, más ceart san dar léi ar n-a iarraidh sin don mhion-díoltóir ghuail sin, a chur fhiachaint ar an Aire aon tuairisceán den tsórt san do thabhairt i láthair.

Saoirse o n-a bheith éigeanta móin do cheannach.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis é bheith ceart san do dhéanamh, saoirse o sna forálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach do dheonadh do dhuine ar bith.

(2) Gach saoirse deonfar fén alt so—

(a) beidh sí sa bhfuirm orduithe, agus

(b) féadfar í dheonadh in aghaidh tréimhse teoranta no gan aon teora ama, agus

(c) féadfar í dheonadh fé réir pé teoranta (más aon cheann é) (a luadhfar sa tsaoirse sin) is dóich leis an Aire is ceart maidir leis an ngual le n-a mbaineann an tsaoirse, pe'ca alos caindíochta no cáilíochta an ghuail sin é no alos áite a cheannuithe no áite no críche a úsáidthe no alos éinní eile bhaineann leis an ngual san, agus

(d) déarfaidh agus déanfaidh an duine dá ndeonfar í d'fhuascailt o n-a bheith air déanamh do réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach i rith na tréimhse luadhfar chuige sin sa tsaoirse no, i gcás gan aon tréimhse den tsórt san do luadh amhlaidh, gan teora ama, ach san fé réir pé teoranta (más aon cheann é) a húdaruítear leis an bhfo-alt so agus a luadhfar sa tsaoirse.

(3) Féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, saoirse deonfar fén alt so do cheiliúradh tráth ar bith.

Saoirse alos móna ceannófar on mBord.

19. —(1) Pé uair a cheannóidh duine caindíocht áirithe de mhóin o sholáthraí cheaduithe agus is deimhin leis an mBord no leis an gcumann no leis an gcuideachtain, gurb é an soláthraí ceaduithe sin é, go bhfuil an mhóin sin á ceannach chun an duine sin á dóghadh chun crícheanna tighis i líomatáiste cheaptha áirithe, déanfaidh an Bord no an cumann no an chuideachta san (do réir mar bheidh), má cheanglann an duine sin ortha é, deimhniú bheidh contra-shighnithe ag oifigeach don Aire do thabhairt don duine sin á dheimhniú gur cheannuigh an duine sin an chaindíocht san de mhóin ón soláthraí cheaduithe sin chun an duine sin á dóghadh chun crícheanna tighis sa líomatáiste cheaptha sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine, ag á mbeidh deimhniú neachaithte do thug an Bord no cumann no cuideachta is soláthraí ceaduithe amach dó fén alt so, gual do cheannach o mhion-díoltóir guail chun a dóighte chun crícheanna tighis sa líomatáiste cheaptha bheidh luaidhte sa deimhniú san agus a bheidh ag na forálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach feidhm maidir leis an gceannach guail sin tuigfear an ceannach móna o sholáthraí cheaduithe is abhar don deimhniú san do bheith ina chólíonadh ar na forálacha san den Acht so, sa mhéid go mbaineann an céanna leis an gceannach guail sin, ach ní hi méid is mó ná an chaindíocht de mhóin gur ina taobh a bheidh éifeacht ag an deimhniú san tráth an cheannaigh ghuail sin.

(3) Pé uair a cheannóidh duine ar bith gual o mhion-díoltóir guail agus a dhéanfaidh an duine sin deimhniú do tugadh amach fén alt so d'úsáid mar chólíonadh, alos an cheannaigh ghuail sin, ar na forálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, cúlscríobhfaidh an mion-díoltóir guail sin ar an deimhniú san na mion-innste orduithe i dtaobh an cheannaigh ghuail sin, ar a n-áirmhítear an chaindíocht de mhóin ba ghá, do réir na bhforálacha san den Acht so, don duine sin do cheannach alos an cheannaigh ghuail sin mara mbeadh an deimhniú san.

(4) Ní dhéanfaidh deimhniú do bhéarfar amach fén alt so an duine dá dtabharfar amach é d'fhuascailt o n-a bheith air déanamh do réir na bhorálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach mara ndeintear go cuibhe an chúlscríbhinn a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur ar an deimhniú san ar gach ócáid a húsáidfear é mar chólíonadh ar na forálacha san den Acht so.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) tuigfear deimhniú do bhéarfar amach fén alt so do bheith nea-chaithte faid ná raghaidh an chaindíocht iomlán de mhóin, a bheidh luaidhte sna cúlscríbhinní déanfar ar an deimhniú san do réir an ailt seo, thar an gcaindíocht de mhóin a deimhneofar leis an deimhniú san a bheith ceannuithe o sholáthraí cheaduithe, agus

(b) tuigfear deimhniú do bhéarfar amach fén alt so do bheith éifeachtach aon tráth áirithe alos na caindíochta de mhóin a bheidh de bhreis ag an gcaindíocht de mhóin a bheidh deimhnithe leis an deimhniú san a bheith ceannuithe o sholáthraí cheaduithe ar an gcaindíocht iomláin de mhóin a bheidh luaidhte sna cúlscríbhinní bheidh déanta ar an deimhniú san do réir an ailt seo.

Baint an Achta so le caindíochtaí guail de dhá chéadmeáchaint no níos lugha do dhíol.

20. —I gcás duine (dá ngairmtear fo-mhion-díoltóir san alt so) do cheannach guail o dhuine eile (dá ngairmtear ceannaí san alt so) agus do mhion-díol an ghuail sin ina chaindíochtaí nach mó ná dhá chéadmeáchaint (pe'ca íocfaidh an fo-mhion-díoltóir sin leis an gceannaí sin an praghas mion-díola iomlán ar an ngual san no ná híocfaidh agus pe'ca dhéanfaidh an fo-mhion-díoltóir sin freisin an gual san do dhíol ina chaindíochtaí is mó ná dhá chéadmeáchaint no ná déanfaidh), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ngual uile cheannóidh an fo-mhion-díoltóir sin ón gceannaí sin agus a mhion-díolfaidh an fo-mhion-díoltóir sin ina chaindíochta nach mó ná dhá chéadmeáchaint chun a dhóighte chun crícheanna tighis i líomatáiste cheaptha, sé sin le rá:—

(a) tuigfear, chun crícheanna an Achta so, an fo-mhiondíoltóir sin do cheannach an ghuail sin ón gceannaí sin chun a dhóighte chun crícheanna tighis i líomatáiste cheaptha, agus

(b) tuigfear, chun crícheanna an Achta so, an ceannaí sin do mhion-díol an ghuail sin leis an bhfo-mhion-díoltóir sin chun a dhóighte chun crícheanna tighis i líomatáiste cheaptha, agus

(c) bainfidh an tAcht so agus, go sonnrách, na forálacha den Acht so i dtaobh é bheith éigeanta móin do cheannach, leis an bhfo-mhion-díoltóir sin agus leis an gceannaí sin dá réir sin.

Comhacht don Aire chun talamh do cheannach don Bhord o Choimisiún Talmhan na hÉireann.

21. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart ar mholadh an Bhúird, aon talamh do cheannach o Choimisiún Talmhan na hÉireann don Bhord agus thar a gceann a bheidh dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann agus a bheidh ag teastáil on mBord chun gach chríche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá, móin do bhaint no d'ullamhú chun a díolta no do stóráil no aon chríoch a ghabhas leis an mbaint no leis an ullamhú no leis an stóráil sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an Aire do cheannach tailimh o Choimisiún Talmhan na hÉireann fén alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfar an talamh san do cheannach amhlaidh ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coinníollacha eile ar a gcó-aontóidh an tAire agus Coimisiún Talmhan na hÉireann, fé réir an tsrianta ná déanfar, agus an praghas san á mheas, aon áird do thabhairt ar aon fheabhsúcháin ná aon mhéadú praghais do lomháil mar gheall ar aon fheabhsúcháin do rinneadh ar an talamh san le hairgead do híocadh no do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste no amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas;

(b) déanfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann an talamh san do leithliú chun an Bhúird;

(c) isé an Bord a sholáthróidh agus a íocfaidh an praghas a bheidh le n'íoc ag an Aire le Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san;

(d) íocfaidh an Bord costaisí agus caiteachaisí uile an Aire agus Choimisiúin Talmhan na hÉireann maidir leis an gceannach san no ina thaobh.

(3) San alt so (ach amháin an fo-alt so) foluíonn an focal “talamh” aon éasáid, profit á prendre, no ceart eile ar aon talamh no maidir leis agus an chomhacht cheannaigh a bronntar leis an alt so bainfidh le haon ceart den tsórt san do cheannach pe'ca i dteanta talamh do cheannach no gan talamh do cheannach a ceannófar é.

Comhacht generálta don Aire chun talamh do cheannach don Bhord.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart ar mholadh an Bhúird, aon talamh do cheannach o dhuine ar bith, tré chó-aontú no go héigeanta, don Bhord agus thar a gceann a bheidh ag teastáil ón mBord chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá, móin do bhaint no d'ullamhú chun a díolta no do stóráil, no aon chríoch a ghabhas leis an mbaint no leis an ullamhú no leis an stóráil sin.

(2) Gach oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire údaruítear agus tugtar comhacht dó leis seo dul isteach ar aon talamh a bheidh ag teastáil ón mBord fén alt so chun aon fhiosrú, lorgaireacht no scrúdú do dhéanamh ann roimh an Aire do cheannach an tailimh sin no ina thaobh san.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an Aire do cheannach tailimh (pe'ca tré chó-aontú no go héigeanta é) fén alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfar, cheal có-aontuithe, an praghas a bheidh le n'íoc ag an Aire ar an talamh san do mheas fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir;

(b) nuair a beifear ag meas an praghais sin (pe'ca tré chó-aontú no fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so é) ní déanfar aon áird do thabhairt ar aon fheabhsúcháin ná aon mhéadú praghais do lomháil mar gheall ar aon fheabhsúcháin do rinneadh ar an talamh san le hairgead do híocadh no do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste no amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas;

(c) déanfar an talamh san do leithliú chun an Bhúird;

(d) beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas san agus le leithliú an tailimh sin chun an Bhúird agus, chun críche na feidhme sin, tuigfear gurb é an tAire bunuitheoir an ghnótha;

(e) isé an Bord a sholáthróidh agus a íocfaidh an praghas san;

(f) aon tráth roimh an bpraghas san do mheas no roimh an talamh san do leithliú chun an Bhúird, ach fé réir fógra nách giorra ná mí no, i gcás tighe chomhnuithe ghabhtha, nách giorra ná trí mhí do thabhairt roimh ré i scríbhinn do shealbhaire an tailimh sin, féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, dul isteach ar an talamh san agus seilbh do thógaint air, ach i ngach cás den tsórt san íocfaidh an Bord leis an sealbhaire sin ús ar mhéid an phraghais sin, nuair a measfar é, do réir ceathair per cent. per annum ón dáta raghfar isteach amhlaidh go dtí an dáta a híocfar an praghas san;

(g) íocfaidh an Bord costaisí agus caiteachaisí uile an Aire maidir leis an gceannach san no ina thaobh, ar a n-áirmhítear costaisí agus caiteachaisí uile dhíoltóra an tailimh sin is iníoctha go dleathach ag an Aire.

(4) San alt so (ach amháin an fo-alt so) foluíonn an focal “talamh” aon éasáid, profit á prendre, no ceart eile ar aon talamh no maidir leis, agus na comhachta, chun talamh do cheannach agus chun dul isteach ann agus chun seilbh do thógaint air, a bronntar leis an alt so bainfid le haon cheart den tsórt san do cheannach (pe'ca i dteanta talamh do cheannach no gan talamh do cheannach a ceannófar é) agus leis an gceart san d'fheidhmiú agus, chun na críche sin, folóidh tagairtí do shealbhaire an tailimh sin únaer an chirt sin.

Breacacháin a choimeádfaidh mion-díoltóirí guail cláruithe.

23. —(1) Coimeádfaidh gach mion-díoltóir guail cláruithe, no cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar, na breachacháin orduithe sa bhfuirm orduithe i dtaobh an ghuail go léir agus na móna go léir a cheannóidh, a gheobhaidh, a dhíolfaidh no a sheachadfaidh agus, tráth nach déanaí ná an chéad lá, nach Domhnach ná lá saoire baine, i ndiaidh an cheannaigh, na fála, an díola no an tseachadtha san, déanfaidh no cuirfidh fé ndeár go ndéanfar na hiontrála orduithe ina thaobh san do chur i ngach breacachán den tsórt san.

(2) Féadfar a cheangal le rialacháin a déanfar fén Acht so, ag ordú na mbreacachán a coimeádfar do réir an ailt seo, go ndéanfaidh mion-díoltóir guail cláruithe bheidh cláruithe alos dhá áitreabh no níos mó ar leithligh breacacháin ar leithligh den tsórt san do choimeád alos gach áitreibh ar leithligh den tsórt san.

(3) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh cigire no oifigeach don Bhord, go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire, no ball den Ghárda Síochána é d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire, an t-oifigeach no an ball san é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire, an t-oifigeach no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(4) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san is gá dhó do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) go dteipfidh air aon iontráil áirithe do chur no a chur fé ndeár í chur sa bhreacachán san laistigh den am a ceaptar leis an alt so is iontráil is gá dhó do réir an ailt seo a chur sa bhreacachán san; no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire no oifigeach don Bhord, go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire, no ball den Ghárda Síochána é, is gá dhó do réir an ailt seo do thaisbeáint chun an iniúchta san, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire no le haon oifigeach no ball den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa breacachán san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur iarr cigire, oifigeach don Bhord no ball den Ghárda Síochána go cuibhe fén alt so breacachán no scríbhinn do thaisbeáint, chun a iniúchta, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san no an breacachán le n-a mbaineann an scríbhinn sin (pe'ca aca é) do choimeád má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh san ar phearsain ar bith ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán no scríbhinn do thaisbeáint chun a iniúchta fén alt so agus más san áitreabh ina mbeidh an breacachán no an scríbhinn sin á choimeád a thárlóidh san agus más do phearsain ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint a thárlóidh sé, tuigfear gurb é an duine sin do dhiúltuigh no gurb air do theip; agus

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

(i) maidir le haon lá (nach Domhnach ná lá saoire bainc ná fós lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh le n-a mbaineann; agus

(ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog um thráthnóna bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh le n-a mbaineann.

Tuairisceáin a chuirfidh mion-díoltóirí guail cláruithe chun an Aire.

24. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á cheangal ar mhion-díoltóirí guail cláruithe tuairisceáin tréimhsiúla do chur chun an Aire ina dtaisbeánfar na caindíochtaí de ghual agus de mhóin do cheannuíodar, na caindíochtaí de ghual agus de mhóin do dhíoladar agus pé nithe eile maidir le ceannach no le díol an ghuail sin no na móna san is dóich leis an Aire is ceart do luadh sna rialacháin sin, agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, a ordú cé hiad na daoine bhéarfaidh na tuairisceán sin uatha, agus cadiad na tráthanna do bhéarfar agus cadé an fhuirm agus an tslí ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na ríalachán san ar gach slí no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Comhacht chun a cheangal ar mhion-díoltóirí guail neachláruithe tuairisceáin do thabhairt uatha.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is dóich leis san do bheith ceart, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon mhion-díoltóir guail (pe'ca i líomatáiste cheaptha no lasmuich dhe bheidh gnó á dhéanamh aige) nach mion-díoltóir guail cláruithe, fógra á cheangal ar an mion-díoltóir guail sin, laistigh d'am áirithe nach luatha ná seacht lá o lá seirbheálta an fhógra san, tuairisceán do chur chun an Aire ina dtaisbeánfar an chaindíocht de ghual agus de mhóin do cheannuigh an mion-díoltóir guail sin i rith tréimhse áirithe, an chaindíocht de ghual agus de mhóin do dhíol an miondíoltóir guail sin i rith na tréimhse sin, agus pé nithe eile maidir le ceannach no le díol an ghuail sin agus na móna san is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa bhfógra san.

(2) Gach mion-díoltóir guail ar a seirbheálfar fógra fén alt so déanfaidh, laistigh den am a luadhfar chuige sin sa bhfógra san, an tuairisceán san do chur chun an Aire is gá dhó do réir an fhógra san do chur chuige agus má theipeann ar an mion-díoltóir guail sin an tuairisceán san do chur chun an Aire no má chuireann chuige aon tuairisceán den tsórt san a bheidh bréagach no míthreorach in aon phone táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Cláir, tuairisceáin agus staitistíocht d'fhoillsiú.

26. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní no éinní bheidh iontrálta i gclár d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis agus féadfaidh fós fógra á rá go ndearna sé cealú no atharú ar chlarú éinne bhí cláruithe i gclár d'fhoillsiú amhlaidh.

(2) Ní déanfar aon tuairisceán áirithe ná aon chuid áirithe de thuairisceán do bhéarfar do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin don Bhord no chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire, o am ga ham, pé colas staitistíochta (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir an Achta so) is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú maidir le héinní le n-a mbaineann an tAcht so ach, chó fada agus is féidir é do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar amhlaidh mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur mion-innste bhaineann le haon duine no gnó no cúram áirithe na mion-innste sin.

Coimeád na gclár agus fianaise ar a mbeidh ionta.

27. —(1) Maidir le gach clár—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha ina fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád gceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála i gclár do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair do bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Beidh deimhniú do bheireann le tuisgint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á rá go bhfuil duine ar bith luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe in aon chlár áirithe, beidh san, in aon chúirt no imeachta dlí, ina fhianaise prima facie ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) cóip, agus í deimhnithe mar chóip dhílis sa tslí luaidhtear anso roimhe seo, d'aon iontráil i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so d'fháil ar tháille reulach ar gach folió de dhá fhocal sheachtód den chóip d'íoc leis an Aire;

(b) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gclár no i gcláir áirithe bheidh á gcoimeád do réir an Achta so, d'fháil ar tháille scillinge ar gach deimhniú den tsórt san d'íoc leis an Aire.

Comhachta chun iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh.

28. —(1) Udaruítear agus bheirtear comhacht leis seo do gach cigire agus do gach oifigeach don Bhord, go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire, agus do gach ball den Ghárda Síochána gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta in aon áitreabh chláruithe no in aon áitreabh nea-chláruithe ina mbíonn gual no móin, no ina gcreidfear gual no móin do bheith, á dhíol no ar coimeád no ar taisbeáint no ar stóráil chun a dhíolta, no in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair, no in aon bhád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(b) scrúdú do dhéanamh ar an ngual go léir agus ar an móin go léir a gheobhfar in aon áitreabh, bád no feithicil go mbeidh cead aige bheith istigh ann de bhuadh an ailt seo agus, chuige sin, aon mhála, sac no pacáid eile d'oscailt a gheobhfar san áit sin agus ina mbeidh gual no móin no ina gcreidfear gual no móin do bheith;

(c) pé ceisteanna is dóich leis an gcigire, leis an oifigeach no leis an mball san is ceart, i dtaobh aon ghuail no móna gheobhfar le linn feidhmithe aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so do chur, aon tráth no in aon áit, chun duine ar bith ag á mbeidh, no ag á raibh tráth ar bith, coimeád no seilbh an ghuail no na móna san agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint agus fós ainm agus seoladh únaera no chonsighné an ghuail no na móna san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh;

(d) a éileamh, aon tráth no in aon áit, ar dhuine ar bith ag á mbeidh, no ag á raibh tráth ar bith, coimeád no seilbh aon ghuail no móna gheobhfar le linn feidhmithe aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so gach breacachán, billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a bhaineann leis an ngual no leis an móin sin do thaisbeáint agus cóipeanna do dhéanamh d'aon scríbhinní den tsórt san (ar a n-áirmhítear cóipeanna den chéanna mar adubhradh) agus sleachta do thógaint asta.

(2) Nuair a bheidh na comhachta bronntar air leis an alt so á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan loingis no bóthair iarainn déanfaidh gach cigire agus gach oifigeach don Bhord agus gach ball den Ghárda Síochána do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

(3) Gach éinne—

(a) a bhacfaidh no a choiscfidh aon chigire no aon oifigeach don Bhord no aon bhall den Ghárda Síochána agus an cigire, an t-oifigeach, no an ball san ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh an cigire, an t-oifigeach no an ball san chuige i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is eol dó a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) ar éileamh a ainme no a sheolta no aon ainme no seolta eile air d'aon chigire, oifigeach no ball den tsórt san i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, go dteipfidh air no dhiúltóidh an seoladh san do thabhairt uaidh no do bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach, no

(e) go dteipfidh air no dhiúltóidh aon scríbhinn do thaisbeáint a éileoidh aon chigire, oifigeach no ball den tsórt san air go dleathach i bhfeidhmiú aon chomhachta bronntar chuige sin leis an alt so a thaisbeáint, no go dteipfidh air no dhiúltóidh leigint d'aon chigire, oifigeach no ball den tsórt san cóipeanna do dhéanamh d'aon scríbhinn den tsórt san no sleachta do thógaint aisti,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Deimhnithe ceapacháin chigirí.

29. —Beidh ag gach cigire deimhniú sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuil sé ceaptha mar chigire den tsórt san agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire leis an Acht so no fé, déanfaidh, má héilítear san air, an deimhniú san do thaisbeáint do dhuine ar bith le n-a mbaineann.

Fógraí do theistiú agus do sheirbheáil.

30. —(1) Gach fógra seirbheálfar fén Acht so ar mhion-díoltóir guail beidh sé, má dearbhuítear leis an Acht so gur cionta teip i ndéanamh do réir an fhógra san, séaluithe le séala oifigiúil an Aire.

(2) Gach fógra a ceangaltar no a húdaruítear leis an Acht so a sheirbheáil ar mhion-díoltóir guail féadfar é sheirbheáil amhlaidh—

(a) tríd an bhfógra san do sheachadadh don mhion-díoltóir guail sin, no

(b) tríd an bhfógra san do sheachadadh, in aon áit ina mbíonn gnó mar mhion-díoltóir guail á dhéanamh ag an miondíoltóir guail sin, do dhuine bheidh sé bliana déag d'aois no os a chionn san agus a bheidh ar fostú ag an mion-díoltóir guail sin maidir leis an ngnó san, no

(c) tríd an bhfógra san do chur tríd an bpost cláruithe roimhíoctha agus é dírithe chun an mhion-díoltóra ghuail sin, más mion-díoltóir guail cláruithe é, ag aon áitreabh go mbeidh sé cláruithe ina thaobh i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so no, maran mion-díoltóir guail cláruithe é, ag aon áit ina mbeidh a ghnó mar mhiondíoltóir guail á dhéanamh aige.

(3) Gach fógra seirbheálfar fén Acht so ar mhion-díoltóir guail féadfar, in aon chúiseamh i gcoinnibh an mhion-díoltóra ghuail sin i dtaobh é do theip air déanamh do réir an fhógra san, é do chruthú tré chóip den fhógra san do thaisbeáint a bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire agus deimhniú, fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, cúlscríobhtha uirthi á dheimhniú gur cóip dhílis den fhógra do seirbheáladh amhlaidh ar an miondíoltóir guail sin an chóip sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den tsórt san adubradh é ná go raibh an t-údarás san aige adubhradh.

Rialacháin.

31. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun éinní no aon ruda d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méid táillí ná i dtaobh a mbailithe gan toiliú an Aire Airgid.

Costaisí.

32. —Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

33. —(1) Déanfar na táillí uile glacfar fén Acht so do bhailiú in airgead agus do ghlacadh i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

Gearr-theideal.

34. —Féadfar an tAcht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 , do ghairm den Acht so.