|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 27 de 1936. | ||
[EN] |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ) (Uimh. 2), 1936. | |
ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 1932 GO 1936, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. | ||
[3adh Iúl, 1936.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) . |
[EN] |
Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú. |
2. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1938, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h), agus (i); | |
[EN] | (b) cuirfear mír nua mar leanas i ndeireadh an fho-ailt sin (1), sé sin le rá:— | |
[EN] | “(k) d'aon duine no cumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so i mbaile-líomatáiste, deontas nach mó ná cúig púint is dachad— | |
[EN] | (i) má tosnuítear ar an tigh sin do dhéanamh an 1adh lá d'Iúl, 1936, no dá éis sin agus go gcríochnófar é an 1adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1938 ; agus | |
[EN] | (ii) má bhíonn achar urláir an tighe sin agus é thomhas ar an slí orduithe 500 troigh chearnach ar a laighead agus 800 troigh chearnach ar a mhéid”; | |
[EN] | agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir. | |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo mír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 ( Uimh. 30 de 1934 ). | |
[EN] |
Méid iomlán na ndeontas fén bPríomh-Acht do mhéadú. |
3. —Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936 ( Uimh. 13 de 1936 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo nach mó ná dhá mhilleon agus ocht gcéad míle punt méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fé alt 5 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 (Uimh. 30 de 1934) agus le hAcht san na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1936 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) chun crícheanna có-luadhchainte folóidh an abairt “Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1936” an tAcht so. |