37 1936


Uimhir 37 de 1936.


ACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PINSIN, LIÚNTAISÍ, AGUS AISCÍ D'ÍOC LE DAOINE ÁIRITHE BA BHAILL DEN CHÉAD CHATH DE SNA CONNAUGHT RANGERS NO MAR GHEALL ORTHA AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[8adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

cialluíonn an abairt “an Chúlmhutaireacht” cúlmhutaireacht bhall áirithe den Chéad Chath de sna Connaught Rangers do thárla i mí an Mheithimh agus i mí an Iúil, 1920, i Solon agus i Jullundur san India;

cialluíonn an abairt “an Arm-Chúirt Ghenerálta” an Arm-Chúirt Ghenerálta Bhriotánach do tháinig le chéile i mí Lúnasa, 1920, i nDagshai san India chun baill áirithe den Chéad Chath de sna Connaught Rangers do thriail i gcúiseanna d'eirigh as an gCúlmhutaireacht;

cialluíonn an abairt “seirbhís airm” seirbhís airm Bhriotánach roimh an gCúlmhutaireacht maraon le haon tréimhse do caitheadh i bpríosún no fé choinneáil ag feitheamh le triail ag an Arm-Chúirt Ghenerálta agus aon tréimhse do caitheadh i bpríosún de dheascaibh daortha ag an Arm-Chúirt Ghenerálta;

cialluíonn an abairt “seirbhís fhada” seirbhís airm is sia ná dhá bhliain déag;

cialluíonn an abairt “seirbhís ghearr roimh 1918” seirbhís airm nach sia ná dhá bhliain déag agus do thosnuigh roimh an 18adh lá d'Abrán, 1918;

cialluíonn an abairt “seirbhís ghearr tar éis 1918” seirbhís airm nach sia ná dhá bhliain déag agus do thosnuigh an 18adh lá d'Abrán, 1918, no dá éis sin;

cialluíonn an abairt “tréimhse de sheirbhís tuigthe”, maidir le héinne gur seirbhís fhada a sheirbhís airm, an tréimhse thosnuigh ar a sheirbhís airm do bheith caithte agus a chríochnuigh ar uimhir de laetheanta do bheith caithte is có-ionann leis an uimhir de laetheanta go raibh a sheirbhís airm fé bhun bliain agus fiche;

cialluíonn an focal “créacht” briseadh ar ghnáth-leanúnachas figheacháin an chuirp tré fhoiréigin díreach no nea-dhíreach ach ní fholuíonn sé aon díobháil gur faillí mhór no mí-iompar mór an té dá ndearnadh í is cúis léi;

cialluíonn an focal “díth” díobháil bhuan as ar tháinig lagú feidhme agus gur créacht no galar fé ndeár í agus nach é faillí mhór ná mí-iompar mór an té dá ndearnadh í is cúis léi;

nuair a húsáidtear an abairt “grád díthe” maidir le díth cialluíonn sí an grád díthe ar n-a mheas ag Bord na nArm-Phinsean alos na díthe sin.

“Daoine cáilithe.”

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “duine cáilithe” duine go ndeimhneoidh an tAire ina thaobh—

(a) gur bhall den Chéad Chath de sna Connaught Rangers é, agus

(b) gur ghaibh sé páirt sa Chúlmhutaireacht, agus

(c) go ndearna an Arm-Chúirt Ghenerálta, de bhíthin é do ghabháil páirte amhlaidh, é do dhaoradh chun báis, no chun pian-tseirbhíse, no chun príosúntachta ar feadh téarma ar bith nach giorra na dhá mhí dhéag.

Pinsin seirbhíse.

3. —(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfar pinsean (dá ngairmtear pinsean seirbhíse fada san Acht so) a bheidh iníoctha le n-a shaol do dheonadh do dhuine cháilithe gur seirbhís fhada a sheirbhís airm.

(2) Is mar leanas a bheidh pinsean seirbhíse fada bheidh iníoctha le duine ar bith, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan céim shubstainteach cheannairc no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san do bheith ag an duine sin ar dháta na Cúlmhutaireachta, isé bheidh sa phinsean san ná liúntas do réir dhá scilling agus seacht bpingne go leith sa ló;

(b) i gcás céim shubstainteach cheannaire do bheith ag an duine sin ar dháta na Cúlmhutaireachta, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas do réir dhá scilling agus seacht bpingne go leith sa ló, agus

(ii) liúntas breise do réir leath-phingne sa ló in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin go raibh céim shubstainteach cheannaire aige;

(c) i gcás céim shubstainteach sháirsint no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san do bheith ag an duine sin ar dháta na Cúlmhutaireachta, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas do réir dhá scilling agus seacht bpingne go leith sa ló, agus

(ii) liúntas breise do réir pingne sa ló in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin go raibh céim shubstainteach sháirsint no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san aige, agus

(iii) liúntas breise do réir leath-phingne sa ló in aghaidh gach bliana iomláine (más ann di) dá sheirbhís Airm Bhriotánaigh roimh an gCúlmhutaireacht go raibh céim shubstainteach cheannaire aige.

(3) Chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so—

(a) isé tuigfear is seirbhís inphinsin dhuine ná a sheirbhís airm agus a thréimhse de sheirbhís tuigthe le chéile;

(b) duine ag á raibh aon chéim shubstainteach nea-choimisiúnta ar dháta na Cúlmhutaireachta tuigfear é do leanúint den chéim sin do bheith aige i rith na tréimhse dar thosach dáta na Cúlmhutaireachta agus dár chríoch deireadh a thréimhse de sheirbhís tuigthe;

(c) i gcás duine ag á raibh céim shubstainteach cheannaire ar dháta na Cúlmhutaireachta tuigfear gurb í uimhir na mblian iomlán go raibh céim shubstainteach cheannaire aige ná an toradh do gheobhfar tré uimhir is có-ionann leis an uimhir de laetheanta go raibh an chéim shubstainteach san aige no céim shubstainteach neachoimisiúnta is aoirde ná san do roinnt ar thrí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán;

(d) i gcás duine ag á raibh, ar dháta na Cúlmhutaireachta, céim shubstainteach sháirsint no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san—

(i) tuigfear gurbh í uimhir na mblian iomlán go raibh céim shubstainteach sháirsint no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san aige ná an toradh do gheobhfar tré uimhir is có-ionann leis an uimhir de laetheanta go raibh céim shubstainteach sháirsint no céim shubstainteach nea-choimisiúnta is aoirde ná san aige do roinnt ar thrí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán, agus

(ii) tuigfear gurbh í uimhir na mblian iomlán (más ann dóibh) go raibh céim shubstainteach cheannaire aige ná an toradh do gheobhfar tré uimhir is có-ionann leis an uimhir de laetheanta go raibh céim shubstainteach cheannaire aige do roinnt ar thrí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán.

(4) Fé réir forálacha an Achta so féadfar pinsean (dá ngairmtear pinsean seirbhíse gearr san alt so) a bheidh iníoctha le n-a shaol do réir deich scillinge agus sé pingne sa tseachtain do dheonadh do dhuine cháilithe gur seirbhís ghearr roimh 1918 a sheirbhís airm.

(5) Pé áit ina bhfuil an abairt “pinsean seirbhíse” sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so léireofar í mar abairt is có-ionann leis na focail “pinsean seirbhíse fada no pinsean seirbhíse gearr”.

Aiscí seirbhíse.

4. —Fé réir forálacha an Achta so féadfar aisce (dá ngairmtear aisce sheirbhíse san Acht so) de pé méid (nach mó ná céad agus caoga púnt) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do dheonadh do dhuine cháilithe gur seirbhís gearr tar éis 1918 a sheirbhís airm.

Pinsin agus aiscí créachta.

5. —(1) I gcás duine cáilithe do bheith fé dhíth gurb é fé ndeár í ná créacht a dheimhneoidh an tAire do bheith ionchurtha i leith na Cúlmhutaireachta no i leith nithe d'eirigh go díreach as an gCúlmhutaireacht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) maran lugha ná fiche per cent. grád na díthe sin ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean féadfar, i dteanta pinsin seirbhíse no aisce seirbhíse, pinsean (dá ngairmtear pinsean créachta san Acht so) a bheidh iníoctha le n-a shaol do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa dara colún den Sceideal san más seirbhís fhada a sheirbhís airm no, más seirbhís ghearr roimh 1918 a sheirbhís airm, do réir an ráta luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa dara colún san no, más seirbhís ghearr tar éis 1918 a sheirbhís airm, do réir an ráta luaidhtear sa chúigiú colún den Sceideal san os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa dara colún san;

(b) más lugha ná fiche per cent. grád na díthe sin ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean féadfar, i dteanta pinsin seirbhíse no aisce seirbhíse, aisce (dá ngairmtear aisce chréachta san Acht so) de pé méid (nach mó ná triocha púnt) a dhéanfaidh an tAire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, a chinneadh, le toiliú an Aire Airgid, do dheonadh don duine sin.

(2) I gcás duine do bheith fé aon cheann de sna díthe luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so isé is grád do dhíth an duine sin, chun crícheanna an ailt so, ná an grád atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne na díthe fé n-a bhfuil an duine sin.

(3) I gcás duine atá fé dhíth, gur créacht fé ndeár í, ná luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, isé is grád do dhíth an duine sin, chun crícheanna an ailt seo, ná an grád a mheasfaidh Bord na nArm-Phinsean chuige sin.

Pinsin mhí-ábaltachta.

6. —I gcás duine cáilithe do bheith fé dhíth gur galar, a dheimhneoidh an tAire is ionchurtha i leith na Cúlmhutaireachta no i leith nithe d'eirigh go díreach as an gCúlmhutaireacht, fé ndeár í agus nach lugha ná ochtó per cent. grád na díthe sin ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean féadfar, i dteanta pinsin seirbhíse no aisce seirbhíse, pinsean (dá ngairmtear pinsean mí-ábaltachta san Acht so) a bheidh iníoctha le n-a shaol do dheonadh don duine sin do réir an ráta luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san más seirbhís fhada a sheirbhís airm no, más seirbhís ghearr roimh 1918 a sheirbhís airm, do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an ghráid oiriúnagh díthe luaidhtear sa chéad cholún san no, más seirbhís ghearr tar éis 1918 a sheirbhís airm, do réir an ráta luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe luaidhtear sa chéad cholún san.

Díth dhúbalta.

7. —I gcás—

(a) duine do bheith fé dhíth (dá ngairmtear an ghalar-dhíth san alt so) gur galar fé ndeár í agus gur lugha a grád ná ochtó per cent. agus go bhféadfaí do réir chúrsaí an cháis pinsean mí-ábaltachta do dheonadh don duine sin mar gheall ar an ngalar-dhíth dá mbeadh grád na díthe có-ionann le hochtó per cent. no níos mó ná san, agus

(b) an duine sin do bheith, freisin, fé dhíth (dá ngairmtear an chréacht-díth san alt so), gur créacht fé ndeár í, 'na bhféadfaí pinsean créachta do dheonadh dho mar gheall uirthi, no 'na bhféadfaí, dá mbeadh grád na díthe có-ionann le fiche per cent. no níos mó ná san, pinsean créachta do dheonadh dho mar gheall uirthi,

ansan, chun crícheanna an dá alt deiridh sin roimhe seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) isé is grád dá dhíth ná suim iomlán grád na galardhíthe agus grád na créacht-díthe,

(ii) más mó ná céad per cent. an tsuim iomlán san áirmheofar grád na díthe mar chéad per cent.,

(iii) tuigfear gurb í an chréacht fé ndeár iomlán a dhíthe.

Liúntaisí cleithiúnaithe.

8. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfar, de bhíthin duine ar bith le n-a mbaineann an t-alt so d'fháil bháis, na liúntaisí seo leanas do dheonadh, sé sin le rá:—

(a) do bhaintrigh an duine sin, liúntas (dá ngairmtear liúntas cleithiúnaí san Acht so) a bheidh iníoctha le linn a baintreachais do réir deich scillinge sa tseachtain;

(b) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an duine sin fé bhun sé bliana déag d'aois—

(i) don duine is sine de sna leanbhaí sin, liúntas (dá ngairmtear freisin liúntas cleithiúnaí san Acht so) do réir chúig scillinge sa tseachtain,

(ii) i gcás triúr leanbh no níos mó den tsórt san do bheith ann, do gach leanbh acu san (seachas an té is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, don té is óige de sna leanbhaí sin, liúntas (dá ngairmtear freisin liúntas cleithiúnaí san Acht so) do réir trí scillinge sa tseachtain;

(c) mara mbeidh ach leanbh amháin leis an duine sin fé bhun sé bliana déag d'aois agus faid a bheidh sé fé bhun na haoise sin, liúntas (dá ngairmtear freisin liúntas cleithiúnaí san Acht so) don leanbh san do réir chúig scillinge sa tseachtain.

(2) Féadfar, mar gheall ar bhás dhuine ar bith le n-a mbaineann an t-alt so de bhuadh fo-ailt (4) den alt so, liúntas (dá ngairmtear liúntas cleithiúnaí san Acht so) do dheonadh d'athair an duine sin a bheidh iníoctha le n-a shaol do réir deich scillinge sa tseachtain.

(3) Baineann an t-alt so le gach duine go ndeimhneoidh an tAire—

(a) gur bhall den Chéad Chath de sna Connaught Rangers é, agus

(b) gur ghaibh sé páirt sa Chúlmhutaireacht, agus

(c) gur marbhadh é sa Chúlmhutaireacht.

(4) Baineann an t-alt so freisin le gach duine go ndeimhneoidh an tAire—

(a) gur bhall den Chéad Chath de sna Connaught Rangers é, agus

(b) gur ghaibh sé páirt sa Chúlmhutaireacht, agus

(c) gur cuireadh chun báis é do réir daortha ón Arm-Chúirt Ghenerálta.

(5) Baineann an t-alt so freisin le gach duine—

(a) go ndeimhneoidh an tAire—

(i) gur bhall den Chéad Chath de sna Connaught Rangers é, agus

(ii) gur gaibh sé páirt sa Chúlmhutaireacht, agus

(iii) go ndearna an Arm-Chúirt Ghenerálta, de bhíthin é do ghabháil páirte amhlaidh, é do dhaoradh chun báis no chun pian-tseirbhíse no chun príosúntachta ar feadh téarma ar bith nach giorra ná dhá mhí dhéag, agus

(b) a fuair bás roimh dháta an Achta so do rith, agus

(c) go ndeimhneoidh an tAire a bhás do bheith ionchurtha i leith créachta no galair d'eirigh as an gCúlmhutaireacht.

(6) Ní deonfar aon liúntas cleithiúnaí fén alt so do bhaintrigh dhuine le n-a mbaineann an t-alt so, de bhuadh fo-ailt (5) den alt so, más tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1920, do rinneadh an pósadh.

(7) Ní deonfar aon liúntas cleithiúnaí fén alt so do leanbh dhuine le n-a mbaineann an t-alt so, de bhuadh fo-ailt (5) den alt so, más tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1920, do phós an duine sin máthair an leinbh sin.

Iarrataisí ar phinsean, etc.

9. —(1) Is ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, a déanfar gach iarratas ar phinsean, ar aisce no ar liúntas cleithiúnaí fén Acht so.

(2) Gach iarratas ar phinsean, ar aisce no ar liúntas cleithiúnaí fén Acht so déanfar é chun an Aire sa bhfuirm sin ordóidh an tAire agus beidh na mion-innste sin ann éileoidh an tAire.

(3) Gach duine iarrfaidh pinsean, aisce, no liúntas cleithiúnaí fén Acht so déanfaidh, ar an Aire dá cheangal san air, an t-eolas san uile do chur chun an Aire éileoidh an tAire chun an iarratais do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar phinsean no ar aisce no ar liúntas cleithiúnaí fén Acht so no déanfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, go bhfíorófaí an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar na réada bheidh ann.

Iarrataisí ar phinsin chréachta, ar aiscí créachta, ar phinsin mhí-ábaltachta agus ar liúntaisí cleithiúnaithe do chur fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean.

10. —(1) Gach iarratas ar phinsean chréachta, ar aisce chréachta, ar phinsean mhí-ábaltachta no ar liúntas chleithiúnaí cuirfidh an tAire fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean é.

(2) Pé uair a cuirfear iarratas fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean fén alt so, cuirfid tuarasgabháil chun an Aire i dtaobh na nithe sin eireoidh ar an iarratas san go n-iarrfaidh an tAire ortha tuairisciú ina dtaobh agus, chun crícheanna na tuarasgabhála san, cuirfid fé ndeár an t-iarratas san d'fhiosrú sa tslí sin ordóidh an tAire.

(3) Chun na ndualgas a cuirtear ortha leis an Acht so d'fheidhmiú féadfaidh Bord na nArm-Phinsean na fiosruithe sin uile do dhéanamh, na fínnéithe sin uile do ghairm agus an fhianaise sin do ghlacadh fé mhionn (agus údaruítear leis seo do bhall ar bith daoine do chur fé mhionn) no ar shlí eile is dóich leo is gá.

Grád na mí-ábaltachta do mheas.

11. —(1) Pé uair a thuairisceoidh Bord na nArm-Phinsean go bhfuil duine, is iarratasóir ar phinsean mhí-ábaltachta, fé dhíth gur galar fé ndeár é déanfaid grád na díthe fé n-a bhfuil an duine sin do mheas agus do chur síos sa tuarasgabháil sin.

(2) Is do réir phercentáiste a déanfar gach meas fén alt so ar ghrád díthe agus is céad per cent. a measfar do dhíth iomláin, agus is mar phercentáiste de dhíth iomláin a measfar gach díth is lugha ná díth iomlán.

Deonadh agus tosnú pinsean, etc.

12. —(1) Gach pinsean, aisce, no liúntas cleithiúnaí a deonfar fén Acht so isé an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a dheonfaidh é.

(2) Is ón 1adh lá de Dheire Fómhair, 1934, a thosnóidh gach pinsean agus liúntas cleithiúnaí fén Acht so agus beid iníoctha in aghaidh an mhí i riaráiste.

Pinsin, etc., do chur chun críche i gcásanna áirithe.

13. —(1) Más deimhin leis an Aire duine ar bith a bheidh ag fáil pinsin seirbhíse, pinsin chréachta no pinsin mhí-ábaltachta do bheith fé oblagáid dleathach a bhean agus a chlann no éinne acu do chothú agus é do bheith ag tabhairt faillí i gcólíonadh na hoblagáide sin, ansan, má orduíonn agus pé uair agus faid ordóidh an tAire amhlaidh, féadfar, in ionad an phinsin sin d'íoc leis an duine sin, é d'íoc le n-a mhnaoi no do chur chun sochair dá leanbh no dá leanbhaí i pé slí is oiriúnach leis an Aire.

(2) Beidh liúntas cleithiúnaí is iníoctha le leanbh fé bhun sé bliana déag d'aois nach dílleachtaí iníoctha le máthair an leinbh sin ach féadfaidh an tAire, o am go ham, a ordú go ndéanfar, in ionad an liúntais sin d'íoc le máthair an leinbh sin, é d'íoc le duine éigin eile chun sochair an leinbh.

(3) Déanfar liúntas cleithiúnaí is iníoctha le leanbh dílleachtach fé bhun sé bliana déag d'aois d'íoc, chun sochair an leinbh, leis an duine sin ordóidh an tAire o am go ham.

Ciontaí.

14. —(1) Má dheineann no má shighníonn no má úsáideann duine ar bith, d'fhonn deonadh no íoc aon phinsin no aisce no liúntais chleithiúnaí d'fháil do féin no d'éinne eile fén Acht so, aon dearbhú, iarratas no ráiteas scríobhtha eile. agus a fhios aige an céanna bheith bréagach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má bhíonn duine ar bith a ciontófar i gcionta fén alt so ag fáil aon phinsin no liúntais chleithiúnaí de bharr aon dearbhuithe no iarratais no ráitis scríobhtha bhréagaigh eile den tsórt san geallbhruidfe sé an pinsean no an liúntas san ar dháta agus o dháta an chiontuithe sin.

(3) Chun crícheanna imeachta mar gheall ar chionta fén alt so, tuigfear an cionta do dhéanamh san áit ina ndearnadh é no in aon áit ina dtárlóidh don chiontathóir a bheith.

(4) In ainneoin éinní atá in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar cúiseamh alos cionta fén alt so do bhunú laistigh de shé mhí tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire fianaise chun an chúisimh do shuidheamh agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, ní bheidh dul thar deimhniú fé láimh an Aire i dtaobh an dáta ar a bhfuair sé fianaise chun an chúisimh sin do shuidheamh.

Pinsin agus liúntaisí do cheiliúradh.

15. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, aon phinsean no liúntas cleithiúnaí a deonfar fén Acht so do cheiliúradh toisc réasún a luadhfar san ordú san.

(2) Ní déanfar aon phinsean ná liúntas cleithiúnaí fén Acht so do cheiliúradh amhlaidh mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar réasúin an cheiliúrtha san do chur in úil i scríbhinn don té bheidh ag fáil an phinsin no an liúntais sin agus caoi réasúnta do thabhairt don duine sin chun pé míniú no freagra no eile is dóich leis is ceart i dtaobh an cheiliúrtha bheartuithe sin no i dtaobh réasún an cheiliúrtha san do chur chun na hArd-Chomhairle.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Pinsin agus liúntaisí cleithiúnaithe do gheallbhruideadh.

16. —Má dheineann cúirt dlighinse inniúla i Saorstát Éireann duine ar bith dá ndeonfar pinsean no liúntas cleithiúnaí fén Acht so do chiontú in aon choir no cionta le linn an phinsin no an liúntais sin do bheith aige agus go ndaorfaidh an chúirt sin é, mar gheall ar an gcoir no ar an gcionta san, chun príosúntachta i dteanta no d'éamuis daor-oibre ar feadh aon téarma is sia ná trí mhí, no chun pian-tseirbhíse ar feadh téarma ar bith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) geallbhruidfear an pinsean no an liúntas cleithiúnaí sin ar dháta an chiontuithe sin agus ón dáta san amach;

(b) má cuirtear an cionta agus an daoradh san ar neamh-ní no ar nea-mbrí tuigfear an geallbhruideadh de dheascaibh an chiontuithe agus an daortha san do bheith curtha ar neamh-ní no ar nea-mbrí freisin, agus leis sin beidh an pinsean san no an liúntas cleithiúnaí sin ar marthain arís agus iníoctha maraon le gach riaráiste air d'fhás o dháta an chiontuithe sin.

Cosc ar phinsin, ar aiscí agus ar liúntaisí cleithiúnaithe do shannadh, etc.

17. —(1) Gach sannadh déanfar agus gach muirear a cuirfear ar aon phinsean, aisce no liúntas cleithiúnaí fén Acht so, agus gach có-aontú chun san do shannadh no do chur fé mhuirear, beid gan bhrí gan éifeacht ach amháin sa mhéid go mbeid údaruithe le hAcht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní bheidh aon phinsean ná aisce ná liúntas cleithiúnaí fén Acht so ion-tógtha i bhfeidhmiúchán ná ion-aistrithe ar shlí eile le hoibriú dlí chun íoctha aon fhiacha no fiachaisí de chuid an duine dar deonadh an pinsean no an aisce no an liúntas cleithiúnaí sin.

(3) Ní chuirfidh éinní san alt so cosc le haon airgead a bheidh dlite agus ag dul d'aon Aire, is ceann ar Roinn Stáit, no d'aon Roinn phuiblí de Rialtas Shaorstáit Éireann ón duine le n-a mbeidh pinsean no aisce no liúntas cleithiúnaí iníoctha fén Acht so do bhaint as an bpinsean no as an aisce no as an liúntas cleithiúnaí sin.

Pinsin dúbalta do chur ar fiunraoi agus do chosc.

18. —(1) I gcás duine ar bith le n-a mbeidh pinsean seirbhíse iníoctha fén Acht so do bheith, aon uair le linn an phinsin sin do bheith aige, ag fáil aon luach saothair no pinsin (seachas pinsean créachta no pinsean mí-ábaltachta is iníoctha fén Acht so) no liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí, pe'ca ar n-a sholáthar ag an Oireachtas do no amach as an bPrímh-Chiste no tríd an ráta dealbhais no tré aon ráta eile ar n-a ghearradh ag údarás áitiúil, déanfar, faid a bheidh an duine sin ag fáil an luach saothair no an phinsin no an liúntais sin, an pinsean seirbhíse sin do chur ar fiunraoi i méid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) I gcás—

(a) duine do bheith i dteideal pinsin seirbhíse fada, agus

(b) gur giorra ná bliain agus fiche seirbhís airm an duine sin, agus

(c) an duine sin d'fhónamh i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann ar feadh aon tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse de stát-sheirbhís sa bhfo-alt so) a tháinig laistigh dá thréimhse de sheirbhís tuigthe,

ní bheidh an duine sin i dteideal an tréimhse de stát-sheirbhís d'áireamh chun crícheanna aois-liúntais fé sna hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1923, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, mara dtuga sé suas cuid den phinsean seirbhíse fada san go mbeidh idir í agus iomlán an phinsin seirbhíse fada san an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse de stát-sheirbhís agus bliain agus fiche.

Nithe áirithe do chinneadh.

19. —Gach ceist eireoidh fén Acht so maidir le héinní acu so leanas sé sin le rá:—

(a) tréimhse sheirbhíse airm dhuine cháilithe agus dáta tosnuithe na seirbhíse sin,

(b) an chéim shubstainteach nea-choimisiúnta (más ann di) do bhí ag duine cáilithe ar dháta na Cúlmhutaireachta,

(c) i gcás duine cháilithe ag á raibh céim shubstainteach neachoimisiúnta áirithe ar dháta na Cúlmhutaireachta, an tréimhse no na tréimhsí gur le n-a linn a bhí an chéim nea-choimisiúnta san, no aon chéim shubstainteach neachoimisiúnta is ísle no is aoirde ná san, aige roimh dháta na Cúlmhutaireachta,

(d) tréimhse sheirbhíse tuigthe dhuine cháilithe gur seirbhís fhada a sheirbhís airm, isé an tAire do bhéarfaidh breith uirthi, agus beidh breith an Aire ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi agus ina ceangal ar gach duine agus bínse ar bith.

Costaisí taistil agus cothú.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé fho-alt (2) den alt so, íocaíochtaí in aghaidh costaisí taistil agus liúntais chothuithe d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le lucht iarrtha pinsean créachta, aiscí créachta agus pinsean mí-ábaltachta nuair a thiocfaid i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath chun dul fé scrúdú dhoctúra le hordú Bhord na nArm-Phinsean agus le daoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar fhínnéithe os cóir Bhord na nArm-Phinsean do réir gairme o Bhord na nArm-Phinsean.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh le hordú á ordú cadiad méideanna na n-íocaíocht a féadfar a íoc in aghaidh costaisí taistil agus liúntais chothuithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus cadiad na cúrsaí ina bhféadfar agus na coinníollacha fé n-a bhféadfar na híocaíochtaí sin d'íoc.

Costaisí.

21. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach pinsean, aisce agus liúntas cleithiúnaí is iníoctha fén Acht so.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas eile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

22. —Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936, do ghairm den Acht so.

CEAD SCEIDEAL.

SCALA NA bPINSEAN CREACHTA DO DHAOINE CAILITHE.

Grád na Díthe

Scala an Phinsin

An díobháil do rinneadh

Daoine gur seirbhís fhada a seirbhís airm

Daoine gur seirbhís ghearr roimh 1918 a seirbhís airm

Daoine gur seirbhís ghearr tar éis 1918 a seirbhís airm

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

per cent.

sa tseachtain

sa tseachtain

sa tseachtain

Díth dá ghéag no breis     ..

100

10s.

15s.

20s.

Díth an dá lámh no díth méireanna agus ordóga uile na lámh     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Díth iomlán radharc na súl     ..     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Créachta, díobhála, no a dtortha a fhágann duine mí-ábalta nach féidir leis corruighe as a leabaidh

,,

,,

,,

,,

Créachta in orgáin inmheánacha, uchta no builg no díobhála dhóibh a fhágann duine ina bhuanmhairtíneach ar fad     ..

,,

,,

,,

,,

Pairilis orgánach iomlán o chréachta no o dhíobhála don inchinn no do shnáth an droma     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Díth géige láimhe agus súile     ..     ..     ..

90

9s.

13s. 6d.

18s.

Díth géige coise agus súile

,,

,,

,,

,,

Díth láimhe agus coise     ..

,,

,,

,,

,,

Díth géige láimhe ón ngualainn     ..     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Díth an dá chos     ..     ..

80

8s.

12s.

16s.

Teasca géige coise ag an gcromán no fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir; teasca na lámh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na lámh-ghéige clé ón ngualainn     ..     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Teasca géige coise fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa is sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir, agus ná téigheann fé bhun lár na ceathrún; teasca na lámh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na lámh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná sé órlach, má tomhastar é o bharr an acrómíon, ón uilinn, no fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin     ..     ..

70

7s.

10s. 6d.

14s.

Teasca géige coise fé lár na ceathrún, ón nglúin, no fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná ceithre órlach; teasca na lámh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon, ón uilinn, no fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin; no teasca na lámh-ghéige deise fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin

60

6s.

9s.

12s.

Teasca géige coise fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa is sia ná ceithre órlach; no teasca na láimhe clé fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin     ..     ..     ..

50

5s.

7s. 6d.

10s.

Díth súile, de dheascaibh créachta grán-ghunna no díobhála     ..     ..     ..

40

4s.

6s.

8s.

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe deise     ..     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe clé no díth trí méireanna ar an láimh dheis     ..     ..

30

3s.

4s. 6d.

6s.

Obráid Lisfranc ar chois     ..

,,

,,

,,

,,

Díth méireanna uile an dá chos     ..     ..     ..

,,

,,

,,

,,

Díth dhá mhéir, ar láimh     ..

20

2s.

3s.

4s.

Díth méireanna uile aon choise amháin     ..     ..

20

,,

,,

,,

Nota.— I gcás fear a deimhnítear a bheith ina gciotóga beidh an cúiteamh as díth lámh-ghéige clé, etc., có-ionann leis an gcúiteamh a híocfar as díth lámh-ghéige deise, láimhe deise, etc., agus vice versa.

DARA SCEIDEAL.

SCALA NA bPINSEAN MI-ABALTACHTA DO DHAOINE CAILITHE.

Grád na Díthe

Scala an Phinsin

Daoine gur sheirbhís fhada a seirbhís airm

Daoine gur seirbhís ghearr roimh 1918 a seirbhís airm

Daoine gur seirbhís ghearr tar éis 1918 a seirbhís airm

(1)

(2)

(3)

(4)

Per cent.

Sa tseachtain

Sa tseachtain

Sa tseachtain

100

10s.

15s.

20s.

90

9s.

13s. 6d.

18s.

80

8s.

12s.

16s.

TRIU SCEIDEAL.

RIALACHA CHUN AN MEID DE PHINSIN SEIRBHISE A CUIRFEAR AR FIUNRAOI D'AIREAMH.

1. Fé réir forálacha Rialach 2 den Sceideal so, is mar leanas a bheidh an méid ina gcuirfear íoc pinsin seirbhíse ar fiunraoi fé Alt 18 den Acht so, i gcás an duine bheidh ag fáil an phinsin sin do bheith ag fáil aon luach saothair, pinsin (seachas pinsean créachta no pinsean mí-ábaltachta) no liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí:—

I gcás méid bliantúil an luach saothair, an phinsin, no an liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí do bheith—

A. Gan bheith thar

£100       ..       ..       ..       ..

..

..

..

5%

B.            ,,

£150 ach do bheith thar £100

..

..

..

10%

C.            ,,

£200           ,,                £150

..

..

..

20%

D.            ,,

£250           ,,                £200

..

..

..

30%

E.            ,,

£300           ,,                £250

..

..

..

40%

F.            ,,

£350           ,,                £300

..

..

..

50%

G.            ,,

£400           ,,                £350

..

..

..

60%

H.            ,,

£450           ,,                £400

..

..

..

70%

I.             ,,

£500           ,,                £450

..

..

..

80%

J.             ,,

£550           ,,                £500

..

..

..

90%

K. Thar

£550       ..       ..       ..       ..

..

..

..

100%

2. I gcás iomlán an mhéid is iníoctha le duine ar bith amach as airgead puiblí agus an mhéid is iníoctha leis an duine sin alos pinsin seirbhíse laistigh de sna teoranta luaidhtear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, no K. de Riail 1 den Sceideal so do bheith níos lugha, fé théarmaí na Rialach san, ná an méid do gheobhadh an duine sin i gcás an mhéid is iníoctha leis amach as airgead puiblí do bheith có-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san déanfar an méid dá phinsean seirbhíse cuirfear ar fiunraoi do laigheadú i dtreo ná beidh iomlán an mhéid is iníoctha leis amach as airgead puiblí agus a phinsin seirbhíse níos lugha ná an t-iomlán do gheobhadh sé dá mbeadh an méid is iníoctha amach as airgead puiblí có-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin.