2 1937


Uimhir 2 de 1937.


ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1937.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CÓLUCHTAÍ AR A bhFUIL SÉ DE CHÚRAM FÓIRITHIN NA mBOCHT DO RIARADH CONGNAMH DO THABHAIRT DO SHAGHSANNA ÁIRITHE CUMANN A DHEINEANN FÓIRITHIN AR DHAOINE BOCHTA, AGUS CHUN DLEATHACHTA DO THABHAIRT DO CHONGNAMH DO THUG CÓLUCHTAÍ DEN tSÓRT SAN AMHLAIDH ROIMH AN ACHT SO DO RITH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [26adh Feabhra, 1937].

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “údarás conganta puiblí” cólucht ar a bhfuil sé de chúram, do réir dlí, fóirithin na mbocht do riaradh;

cialluíonn an abairt “cumann chun fóirithin ar dhaoine bochta” cólucht daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, gurb é a gcuspóir no ceann dá gcuspóirí fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta.

Congnamh do chumainn chun fóirithin ar dhaoine bochta.

2. —Pé uair is deimhin le húdarás conganta puiblí go ndeineann cumann chun fóirithin ar dhaoine bochta, no go bhfuil beartuithe acu, fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta tré bhiadh agus lóistín do chur ar fáil do dhaoine den tsórt san in áitreabh fé chúram an chumainn sin i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin agus go dtugann no go dtabharfaidh an cumann san, tré dhéanamh amhlaidh, cabhair úsáideach uatha chun fóirithin na mbocht do riaradh sa líomatáiste feidhmiúcháin sin, féadfaidh an t-údarás conganta puiblí sin, le toiliú an Aire agus fé réir na dteorann agus na gcoinníoll san a fhorchuirfidh an tAire, congnamh do thabhairt don chumann san in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré chabhair airgid do thabhairt chun íoctha na gcostas fé n-a dtéigheann no fé n-a raghaidh an cumann san chun fóirithin do thabhairt do dhaoine bochta sa tslí roimhráite, no

(b) tré abhar teine, abhar solais, biadh, uisce no earra eile do thabhairt don chumann san chun an chumainn sin á úsáid chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta, no

(c) tré n-a cheadú don chumann san úsáid do dhéanamh, chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta, d'áitreabh i seilbh an údaráis chonganta phuiblí sin agus, i gcás inar gá san, tré atharú agus deisiú do dhéanamh ar an áitreabh san agus tré throscán agus feistisí dhó do chur ar fáil chun é dhéanamh oiriúnach chun é d'úsáid chun na críche sin, no

(d) tré áitreabh do chur ar fáil (maraon leis an dtroscán agus leis na feistisí uile is gá) chun an chumainn sin á úsáid chun fóirithin do thabhairt amhlaidh do dhaoine bochta.

Congnamh do tugadh go dtí so do dhleathú.

3. —Más rud é—

(a) go ndearna údarás conganta puiblí, tráth ar bith laistigh de dheich mbliana roimh an Acht so do rith, aon chongnamh do thabhairt do chumann chun fóirithin ar dhaoine bochta a fhéadfadh an t-údarás conganta puiblí sin, le toiliú an Aire, do thabhairt go dleathach don chumann san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin, agus

(b) go ndeimhneoidh an tAire, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith, go raibh sé réasúnta agus chun leasa na puiblíochta an congnamh san do thabhairt,

beidh tabhairt an chonganta san do thug an t-údarás conganta puiblí sin don chumann san agus an t-íoc do rinne an t-údarás san sa chostas do bhain leis an gcongnamh san do thabhairt amhlaidh (le n-a n-áirmhítear an t-údarás san d'fháil aon airgid ar iasacht chun an íoca san do dhéanamh) beid san agus tuigfear go rabhadar riamh chó dlíthiúil agus chó dleathach agus do bheidís dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an uair sin agus gur le toiliú an Aire do bhéarfaí an congnamh san amhlaidh agus do gheobhfaí an t-airgead san ar iasacht (má fuarthas).

Costaisí údarás conganta puiblí.

4. —Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás conganta puiblí fén Acht so do chruinniú agus d'íoc mar chuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás san chun fóirithin na mbocht do riaradh.

Údaráis chonganta phuiblí d'fháil airgid ar iasacht.

5. —Féadfaidh údarás conganta puiblí, le toiliú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh fén Acht so, sé sin le rá, áitreabhacha do chur ar fáil, atharú no deisiú do dhéanamh ar áitreabhacha no troscán agus feistisí do sholáthar no do chur ar fáil d'áitreabhacha.

Gearr-theideal agus léiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914.