5 1937


Uimhir 5 de 1937.


ACHT GÁRDA SÍOCHÁNA, 1937.


ACHT CHUN DLEATHACHTA DO THABHAIRT DO GHLACADH ISTEACH DAOINE ÁIRITHE BHÍ NO ATÁ INA mBAILL DEN GHÁRDA SÍOCHÁNA AGUS DO RINNE GO CUIBHE AN DEARBHÚ DÍLSE BA GHÁ DO RÉIR DLÍ DE THURUS NA hUAIRE DO SNA BAILL SIN DO DHÉANAMH. [26adh Feabhra, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Abairtí áirithe do léiriú.

1. —(1) San Acht so ní fholuíonn an abairt “ball den Ghárda Síochána” oifigeach den Ghárda Síochána.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do dhuine do ghlacadh isteach mar bhall den Ghárda Síochána do léiriú mar thagairtí chialluíonn é liostáil agus é cheapadh mar bhall den Ghárda Síochána.

E bheith dleathach baill den Ghárda Síochána do ghlacadh isteach.

2. —(1) I gcás duine d'fhónuigh mar bhall den Ghárda Síochána tráth ar bith roimh an Acht so do rith (pe'ca tá sé ag fónamh amhlaidh le linn an Achta so do rith no ná fuil)—

(a) do ghlacadh isteach no a thuisgint é do ghlacadh isteach mar bhall den tsórt san sara ndearnadh aon rialacháin fé alt 18 d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 37 de 1923 ), i dtaobh daoine do ghlacadh isteach, do cheapadh agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána no roimh aon rialacháin den tsórt san do rinneadh fén alt san do theacht i bhfeidhm, agus

(b) do dhéanamh agus do shighniú go cuibhe, do réir ailt 6 den Acht san, an dearbhuithe luaidhtear san alt san,

ní bheidh glacadh isteach no glacadh isteach tuigthe an duine sin chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána nea-dhleathach ná ionchonspóide ar an aon scór amháin ná raibh aon rialacháin den tsórt san déanta amhlaidh no ná rabhdar tagtha i bhfeidhm amhlaidh nuair a glacadh an duine sin isteach amhlaidh no a tuigeadh amhlaidh é ghlacadh isteach.

(2) I gcás duine d'fhónuigh mar bhall den Ghárda Síochána tráth ar bith roimh an Acht so do rith (pe'ca tá sé ag fónamh amhlaidh le linn an Achta so do rith no ná fuil)—

(a) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 6 d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) , an dearbhuithe luaidhtear san alt san, no

(b) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 5 d'Acht an Ghárda Síochána. 1924 ( Uimh. 25 de 1924 ), an dearbhuithe luaidhtear san alt san, no

(c) do dhéanamh agus do shighniú, do réir ailt 11 d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) , an dearbhuithe luaidhtear san alt san,

agus san roimh dháta an Achta so do rith, ní bheidh glacadh isteach no glacadh isteach tuigthe an duine sin, chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána, nea-dhleathach ná ionchonspóide ar an aon scór amháin ná raibh ag an duine sin, le linn a ghlactha isteach no a ghlactha isteach tuigthe, na cáilíochta chun duine do ghlacadh isteach mar bhall den Ghárda Síochána a horduíodh leis na rialacháin oiriúnacha, i dtaobh daoine do ghlacadh isteach agus do cheapadh agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána, do rinneadh fé Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 , adubhradh, no do rinneadh no do buanuíodh fé Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1924, adubhradh, agus Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 , adubhradh, no fé cheachtar de sna hAchtanna san, no go raibh a ghlacadh isteach amhlaidh contrárdha do sna rialacháin sin ar shlí eile.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Gárda Síochána, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Gárda Síochána, 1923 go 1937, do ghairm d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) , d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 (Uimh. 25 de 1924) , d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) , agus den Acht so le chéile.