|
||||
|
[EN] | ||
SAORSTÁT ÉIREANN. | ||
Uimhir 19 de 1937. | ||
[EN] |
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1937. | |
[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.] |
ACHT CHUN RÉ CEADÚNAISÍ ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , D'FHAIDIÚ TUILLEADH. [4adh Meitheamh, 1937.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Ceadúnaisí fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 , d'fhaidiú. |
1. —Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), agus a bhí i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1937, de bhuadh ailt 8 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 (Uimh. 34 de 1934) , tuigfear é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí am an Achta so do rith agus, má bhíonn an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe le linn an Achta so do rith sa chlár d'easportálaithe déantóireachta atá á choimeád fé alt 14 den Acht Tora Déiríochta, 1924 . adubhradh, fanfa sé i bhfeidhm faid a leanfaidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe amhlaidh, ach féadfaidh an tAire Talmhaíochta an ceadúnas san do cheiliúradh tráth ar bith. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
2. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, agus den Acht so le chéile. |