43 1937


Uimhir 43 de 1937.


ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA), 1937.


ACHT CHUN RIALÁLA DO DHÉANAMH, CHUN CRÍCHE BUNREACHTA NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ, AR THOGHACHÁIN DO SNA COMHALTAÍ TOGHTHA SAN DO SHEANAD ÉIREANN IS GÁ DO RÉIR AN BHUNREACHTA SAN DO THOGHA AS AINMLIOSTAÍ D'IARRTHÓIRÍ, CHUN A MHÍNIÚ CÉ hIAD IS TOGHTHÓIRÍ DO SNA TOGHACHÁIN SIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA TOGHACHÁIN SIN. [21adh Mí na Nodlag, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal le déanaí.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “toghachán Seanaid” an méid sin, d'olltoghachán do chomhaltaí de Sheanad Éireann a comórfar do réir Airteagail 18 den Bhunreacht, a bhaineas le togha na gcomhaltaí sin a ceangailtear leis an Airteagal san 18 do thogha as ainmliostaí;

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán Seanaid” an chéad toghachán Seanaid a comórfar tar éis tosach feidhme an Achta so;

cialluíonn an abairt “toghachán Dála” olltoghachán do chomhaltaí de Dháil Éireann a comórfar de dhruim Dáil Éireann do scur;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Na hAinmliostaí.

4. —(1) San Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “ainmliost” gan coinníoll cialluíonn sé rolla d'iarrthóirí cóireofar do réir fo-ailt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht;

cialluíonn an abairt “an t-ainmliost saoidheachta agus oideachais” an rolla gur gá do réir an fho-ailt sin 1° ainmneacha daoine go n-eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo leanas do bheith air, eadhon, an Ghaedhilg agus an tsaoidheacht náisiúnta, litríocht, ealadhnacht, oideachas agus pé gairmeanna míneofar le dlí chun críche an ainmliosta so;

cialluíonn an abairt “an t-ainmliost talmhaíochta” an rolla gur gá do réir an fho-ailt sin 1° ainmneacha daoine go n-eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo leanas do bheith air, cadhon, talmhaíocht maille le gnóthaí bhaineann léi agus iascaireacht;

cialluíonn an abairt “an t-ainmliost oibreachais” an rolla gur gá do réir an fho-ailt sin 1° ainmneacha daoine go n-eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo leanas do bheith air, eadhon, oibreachas, pe'ca có-eagruithe dhó no nach eadh;

cialluíonn an abairt “an t-ainmliost tionnscail agus tráchtála” an rolla gur gá do réir an fho-ailt sin 1° ainmneacha daoine go n-eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo leanas do bheith air, eadhon, tionnscal agus tráchtáil, le n-a n-áirmhítear bancaeracht, airgeadas, cuntasaíocht, innealltóireacht agus foirgníocht;

cialluíonn an abairt “an t-ainmliost riaracháin” an rolla gur gá do réir an fho-ailt sin 1° ainmneacha daoine go n-eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo leanas do bheith air, eadhon, riarachán puiblí agus seirbhísí códhaonnacha, agus obair chódhaonnach dheontach d'áireamh.

(2) Mínítear leis seo gurb iad is gairmeanna chun crícheanna an ainmliosta shaoidheachta agus oideachais ná—

(a) an dlí, agus

(b) an liaghacht, le n-a n-áirmhítear an mháinliaghacht, an fhiaclóireacht, an tréidliaghacht, agus an cheimíocht chógaiseoireachta.

An ceann cóimhrimh Seanaid.

5. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so agus o am go ham ina dhiaidh sin fé mar is gá é ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun bheith ina cheann chóimhrimh Seanaid chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gceann cóimhrimh Seanaid gach toghachán Seanaid do stiúradh, na vótanna bhéarfar ann do chóimhreamh, a thoradh do dhéanamh amach agus do dhearbhú do réir an Achta so, agus na nithe eile sin do dhéanamh maidir le gach toghachán den tsórt san is gá dhó do réir an Achta so do dhéanamh.

(3) Ullamhóidh an tAire Airgid o am go ham scála d'éilithe maximum don cheann chóimhrimh Seanaid, agus íocfaidh an tAire sin leis an gceann cóimhrimh Seanaid, as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, a chuid éilithe réasúnta alos a sheirbhísí agus a chostaisí maidir le gach toghachán Seanaid, ar a n-áirmhítear ullamhú an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus athchóirithe bliantúla air, ach ní bheid san níos mó in aon chás ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Laetheanta agus uaire do cheapadh.

6. —(1) Roimh gach toghachán Seanaid ceapfaidh an tAire le hordú, chun críche an toghacháin Seanaid sin—

(a) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so an ceann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost) ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse gur le n-a linn a fhéadfaidh an ceann cóimbrimh Seanaid ainmnithe chun na n-ainmliost o chóluchtaí ainmniúcháin do ghlacadh;

(b) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so an ceann aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost) ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse gur le n-a linn a fhéadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainmnithe o chomhaltaí Dháil Éireann chun na n-ainmliost do ghlacadh;

(c) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so an ceann aimsire d'ainmnithe ex-officio) ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse gur le n-a linn a fhéadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainmnithe ex-officio chun an ainmliosta riaracháin do ghlacadh;

(d) an lá shuidhfidh agus an áit ina suidhfidh an ceann cóimhrimh Seanaid chun na n-ainmliost do chríochnú;

(e) an lá (dá ngairmtear san Acht so lá eisithe na bpáipéirí ballóide) do bhéarfar amach agus a postálfar chun toghthóirí na páipéirí ballóide don toghachán Seanaid sin;

(f) an lá agus an uair (dá ngairmtear deireadh na vótaíochta san Acht so) a críochnófar an vótaíocht sa toghachán Seanaid sin;

(g) an seoladh, leis an gceann cóimhrimh Seanaid, chun a bhféadfar iarrataisí ar chlárú, páipéirí ainmniúcháin, agus scríbhinní eile do chur chuige.

(2) I gcás an chéad toghacháin Seanaid déanfar an t-ordú fén alt so chó luath agus a bheidh caoi ann chuige tar éis tosach feidhme an Achta so agus, i gcás gach toghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, déanfar an t-ordú fén alt so fé cheann seacht lá tar éis an scuir ar Dháil Éireann dá dtiocfaidh an toghachán Seanaid sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so ach amháin an t-ordú déanfar amhlaidh chun crícheanna an chéad toghacháin Seanaid, sé sin le rá:—

(a) an lá ceapfar fén alt so ina cheann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost ní bheidh sé níos luatha ná ceithre seachtaine tar éis Dháil Éireann do scur agus, más féidir é, ní bheidh sé níos luatha ná an lá bheidh ceaptha chun Dáil Éireann d'ath-thionól tar éis an scuir sin;

(b) an lá ceapfar fén alt so ina cheann aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost ní bheidh sé níos luatha ná seacht lá tar éis an lae ceapfar fén alt so ina cheann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost agus, más féidir é, beidh sé i ndiaidh an dáta bheidh ceaptha chun Dáil Éireann d'ath-thionól amhlaidh.

(4) An lá ceapfar le hordú fén alt so ina cheann aimsire d'ainmnithe ex-officio beidh sé i gcomhnaí i ndiaidh an lae ceapfar leis an ord céanna ina cheann aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Rialacháin.

7. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fén n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

An Rolla de Choluchtai Ainmniuchain.

An rolla de chóluchtaí ainmniúcháin.

9. —(1) Déanfar rolla (dá ngairmtear an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin san Acht so) de chóluchtaí (dá ngairmtear cóluchtaí ainmniúcháin san Acht so) a bheidh i dteideal daoine d'ainmniú chun na n-ainmliostaí d'iarrthóirí chun crícheanna gach toghacháin Seanaid do bhunú agus do chothabháil do réir an Achta so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, sé sin le rá:—

(a) is sa bhfuirm sin is dóich leis an gceann cóimhrimh Seanaid, le haontú an Aire, do bheith ceart a bheidh an rolla san;

(b) ní bheidh aon chólucht ionchláruithe ar an rolla alos aon ainmliosta áirithe (seachas an t-ainmliost riaracháin) mara mbeidh baint ag á gcuspóirí agus ag á ngníomhachas le ceann no níos mó, no mara mbeidh an cólucht san ionaduitheach do dhaoine bhíonn ag gabháil do cheann no níos mó, de sna gnóthaí agus na seirbhísí luaidhtear i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht maidir leis an ainmliost áirithe sin;

(c) ní hionchláruithe ar an rolla san aon chólucht gurb é cúis, no gur mórchuid de chúis, a mbunuithe no a gcoimeádta ar siúl brabús do dhéanamh no darb aon-fheidhm no prímh-fheidhm aon trádáil no gnó do bheith ar siúl acu chun brabús do dhéanamh;

(d) ní hionchláruithe ar an rolla san aon chólucht a bheidh có-dhéanta ar fad no nach mór ar fad de dhaoine ar fostú ag an Stát no de dhaoine ar fostú ag údaráis áitiúla agus go mbeidh ar a gcuspóirí leas na ndaoine sin, maidir leis an bhfostaíocht san acu, do chur ar aghaidh no do chosaint;

(e) gach cólucht a clárófar ar an rolla san is alos aon ainmliosta amháin agus ní alos níos mó ná san a clárófar amhlaidh iad;

(f) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt so, ní clárófar aon chólucht ar an rolla san ach do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh ag an gcólucht san do réir an Achta so;

(g) beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ainmliost riaracháin, sé sin le rá:—

(i) clárófar Comhairle Ghenerálta Chomhairlí Contae na hÉireann agus Comhlachas Udarásanna Cathardha na hÉireann ar an rolla san alos an ainmliosta san gan aon iarratas chuige sin fén Acht so, agus

(ii) ní clárófar aon chólucht eile ar an rolla san alos an ainmliosta san marab é is cuspóir agus is gníomhachas dóibh, ar fad no de mhórán, ná seirbhísí códhaonnacha deontacha, a bheidh carthannach no déirciúil, do dhéanamh;

(h) an méid cóluchtaí ainmniúcháin a clárófar ar an rolla san alos aon ainmliosta áirithe beidh teora leis i slí nach mó ná deichniúr is fiche an méid daoine ar fad is féidir le cóluchtaí ainmniúcháin d'ainmniú chun an ainmliosta san.

(3) Beidh gach cólucht fé leith acu so leanas, agus ní bheidh aon chólucht eile, ina údarás áitiúil chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair, coimisinéirí baile, bárdas cathrach agus bord caomhnóirí, agus

(b) duine bheidh bunuithe le haon reacht no dá réir chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do chólíonadh, agus

(c) coiste no có-choiste d'aon chólucht no cóluchtaí dá luaidhtear i gceachtar de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so no coiste no có-choiste bheidh ceaptha ag aon chólucht no cóluchtaí acu san.

Iarrataisí ar chlárú ar an rolla.

10. —(1) Aon chólucht gur mian leo go gclárófaí iad ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin alos aon ainmliosta áirithe agus adeir gurb ionchláruithe ar an rolla san iad alos an ainmliosta san, féadfaid san d'iarraidh ar an gceann cóimhrimh Seanaid do réir an ailt seo.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin le linn an rolla san do bheith á ullamhú sa bhliain 1938, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar iarratais sa bhfuirm orduithe chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid ar fáil, a déanfar gach iarratas den tsórt san;

(b) ar n-a iarraidh sin air d'aon chólucht a bheidh ar intinn a iarraidh go gclárófaí iad ar an rolla san, bhéarfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar iarratais chuige sin dóibh in aisce;

(c) déanfar gach iarratas den tsórt san do sheachadadh don cheann chóimhrimh Seanaid no do chur chuige tríd an bpost ina oifig an 24adh lá d'Eanar, 1938, no roimhe sin, agus ní bhacfaidh ná ní bhreithneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid aon iarratas den tsórt san do gheobhfar san oifig sin tar éis an dáta san;

(d) luadhfar i ngach iarratas den tsórt san an t-ainmliost gur ina thaobh is mian leis an iarratasóir go gclárófaí é ar an rolla san agus na forais ar a ndeireann an t-iarratasóir gurb ionchláruithe amhlaidh é;

(e) luadhfar i ngach iarratas den tsórt san freisin gach eolas i dtaobh an iarratasóra a hiarrfar i bhfuirm orduithe an pháipéir iarratais.

Fógra d'fhoillsiú á rá go bhfuil an rolla á ullamhú.

11. —Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so, foillseoidh an ceann cóimhrimh Seanaid, i ngach páipéar nuachta laethúil maidne foillsítear sa Stát agus sna páipéirí nuachta laethúla eile sin (más aon cheann é) is dóich leis, le ceadú an Aire, do bheith ceart, fógra sa bhfuirm orduithe á fhógairt go puiblí go bhfuil an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin á ullamhú, agus ag tabhairt na faisnéise agus na dtreoracha san is dóich leis an Aire do bheith ceart i dtaobh iarrataisí ar chlárú ar an rolla san.

An rolla d'ullamhú.

12. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an 24adh lá d'Eanar, 1938, agus ar aon chuma ar dháta nach déanaí ná an 5adh lá d'Fheabhra, 1938, ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus chuige sin—

(a) scrúdóidh gach iarratas ar chlárú ar an rolla san do gheobhaidh go cuibhe, agus

(b) dí-lomhálfaidh gach iarratas den tsórt san do chífear dó do bheith nea-rialta ina fhuirm agus gach iarratas gur dóich leis ina thaobh gan an t-iarratasóir do bheith ionchláruithe ar an rolla san in aon chor no alos an ainmliosta le n-a mbaineann an t-iarratas, agus

(c) féadfaidh aon iarrataisí do dhí-lomháil a húdaruítear dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt so do dhí-lomháil, agus

(d) lomhálfaidh agus cláróidh ar an rolla san gach iarratas den tsórt san ná dí-lomhálfaidh do réir na bhforálacha san roimhe seo den fho-alt so.

(2) Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid a cheangal ar aon chólucht a bheidh á iarraidh iad do chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin gach faisnéis, i dtaobh clárú an chóluchta san, do thabhairt dó a theastóidh uaidh do réir réasúin chun a chinneadh ce'ca lomhálfaidh no dhí-lomhálfaidh iarratas an chóluchta san, agus féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid iarratas do dhí-lomháil a thiocfaidh o aon chólucht ná déanfaidh no dhiúltóidh aon fhaisnéis áirithe do thabhairt uatha a hiarrfar ortha fén alt so.

(3) Beidh sé dleathach don cheann chóimhrimh Seanaid iarratas, ar chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, do dhí-lomháil a gheobhfar—

(a) o aon chólucht is brainse de chólucht eile, no bheidh có-cheangailte no ag fo-ghabháil le cólucht cile, bheidh cláruithe cheana ar an rolla san no go mbeidh a n-iarratas ar a gclárú amhlaidh lomhálta aige, no

(b) o aon chólucht do chífear dó do bheith ionaduitheach do ghnóthaí agus do sheirbhísí gur leor an méid ionadaíochta deintear dóibh ag cólucht no cóluchtaí bheidh cláruithe cheana ar an rolla san no go mbeidh a n-iarratas ar a gclárú amhlaidh lomhálta aige.

(4) Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, as a chomhairle féin, leigint do chólucht a n-iarratas ar a gclárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin do leasú tráth ar bith no i slí ar bith.

(5) Beidh feidhm agus éifeacht ag an trí fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le gach athscrúdú bliantúil ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin chó maith le céad-ullamhú an rolla san.

(6) Lá nach déanaí ná an 5adh lá d'Fheabhra, 1938, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid tríd an bpost, chun gach cóluchta d'iarr go gclárófaí iad ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin (pe'ca lomháladh no dí-lomháladh a n-iarratas), cóip den rolla san fé mar d'ullamhuigh an ceann cóimhrimh Seanaid é fén alt so.

(7) Pé uair a dhí-lomhálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid iarratas ar chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin déanfaidh, ar n-a iarraidh sin don chólucht do rinne an t-iarratas san, ráiteas ar na cúiseanna bhí aige leis an dí-lomháil sin do thabhairt don chólucht san.

(8) Nuair a lomhálfaidh no a dhí-lomhálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid aon iarratas ar chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin ní bheidh dul thar a bhreith ach amháin go bhféadfar athchomhare do dhéanamh ina coinnibh mar a foráltar leis an Acht so.

An coiste athchomhairc do thogha.

13. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so agus ar aon chuma ar dháta nach déanaí ná an cúigiú lá shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an tosaigh fheidhme sin toghfaidh Dáil Éireann coiste (dá ngairmtear an coiste athchomhairc san Acht so) ar a mbeidh cúig chomhalta dhéag de Dháil Éireann.

(2) Is le vótanna comhaltaí Dháil Éireann (no le vótanna an méid sin díobh gur mian leo vótáil), agus iad ag vótáil do réir phrínsiobal na hionadaíochta cionmhaire, a toghfar an coiste athchomhairc.

(3) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, isiad Dáil Éireann a rialálfaidh an nós imeachta chun an choiste athchomhairc do thogha.

(4) Naoi gcomhalta agus iad i láthair i bpearsain is quorum do chruinniú den choiste athchomhairc.

(5) Fé réir forálacha follasacha an Achta so, rialálfaidh an coiste athchomhairc a nós imeachta féin.

Athchomhairc chun an choiste athchomhairc.

14. —(1) Aon chólucht iarrfaidh iad do chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus go ndí-lomhálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid a n-iarratas ar a gclárú amhlaidh féadfaid athchomharc do dhéanamh do réir an ailt seo chun an choiste athchomhairc i gcoinnibh na dí-lomhála san.

(2) Aon chólucht iarrfaidh iad do chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin alos aon ainmliosta áirithe (pe'ca bheidh a n-iarratas ar a gclárú amhlaidh lomhálta no dí-lomhálta ag an gceann cóimhrimh Seanaid), féadfaid athchomharc do dhéanamh do réir an ailt seo chun an choiste athchomhairc i gcoinnibh an chinn chóimhrimh Seanaid do lomháil iarratais o aon chólucht cile iarrfaidh iad do chlárú amhlaidh alos an ainmliosta chéanna.

(3) Gach athchomharc a déanfar fén alt so chun an choiste athchomhairc is i scríbhinn a déanfar é agus luadhfar ann na forais ar a mbeidh sé á dhéanamh agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann é no cuirfear chuige tríd an bpost é an 11adh lá d'Fheabhra, 1938, no roimhe sin, agus ní bhacfaidh ná ní bhreithneoidh an coiste athchomhairc aon athchomharc den tsórt san do gheobhaidh Cléireach Dháil Éireann tar éis an dáta san.

(4) Beidh gach athchomharc fén alt so ar fáil chun a iniúchta ag an gceann cóimhrimh Seanaid gach tráth réasúnta.

An coiste athchomhairc do thabhairt breithe ar athchomhairc.

15. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an 11adh lá d'Fheabhra, 1938, agus tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an gceann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost sa chéad toghachán Seanaid breithneoidh an coiste athchomhaire gach athchomharc a déanfar chúcha go cuibhe fén Acht so agus déanfaid, maidir le gach athchomharc fé leith den tsórt san, an bhreith ón gceann cóimhrimh Seanaid gur ina coinnibh a bheidh an t-athchomharc á dhéanamh do chlaochlódh no an t-athchomharc do dhí-lomháil.

(2) Ní chlaochlóidh an coiste athchomhairc aon bhreith ón gceann cóimhrimh Seanaid mara vótálaidh naoi gcomhalta ar a laighead den choiste sin i bhfábhar í chlaochlódh amhlaidh.

(3) Mara dtugtar breith ar athchomhare chun an choiste athchomhairc an ceathrú lá no roimh an gceathrú lá roimh an gceann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost sa chéad toghachán Seanaid, tuigfear gur dhí-lomháil an coiste athchomhairc an t-athchomharc san agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mbreith ón gceann cóimhrimh Seanaid gur ina coinnibh do rinneadh an t-athchomharc san.

(4) Bhéarfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid don choiste athchomhairc pé faisnéis agus congnamh réasúnta iarrfaidh an coiste sin air.

(5) Beidh an ceann cóimhrimh Seanaid i dteideal éisteacht d'fháil, más mian leis é, ón gcoiste athchomhairc maidir le gach athchomharc a bhreithneoidh an coiste sin do réir an ailt seo.

(6) Ní bheidh dul thar breith an choiste athchomhairc ar aon athchomharc a déanfar chun an choiste sin fén Acht so.

An rolla do chríochnú agus d'fholllsiú.

16. —(1) Mara ndeintear aon athchomharc go cuibhe chun an choiste athchomhairc cuirfidh Cléireach Dháil Éireann an méid sin in úil don cheann chóimhrimh Seanaid an 12adh lá d'Fheabhra, 1938, agus leis sin sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus foillseoidh san Iris Oifigiúil an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin d'ullamhuigh sé fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so.

(2) Má deintear aon athchomharc go cuibhe chun an choiste athchomhairc cuirfidh an coiste sin in úil don cheann chóimhrimh Seanaid an bhreith (más ann di) do thugadar ar gach athchomharc den tsórt san agus leis sin déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin d'ullamhuigh sé fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so, an leasú san (más aon leasú é) is gá chun éifeacht do thabhairt don bhreith sin agus, nuair a bheidh breith tugtha ar gach athchomharc fé leith den tsórt san no bheidh sé tuigthe iad a bheith dí-lomhálta agus a bheidh na breitheanna (más ann dóibh) ar an gcéanna curtha in úil don cheann chóimhrimh Seanaid agus a bheidh deighleálta aige-sean leo, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, an tríú lá no roimh an tríú lá roimh an gceann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost sa chéad toghachán Seanaid, an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin mar d'ullamhuigh agus do leasuigh (má leasuigh in aon chor) é mar adubhradh do shighniú agus foillseoidh san Iris Oifigiúil é chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin.

(3) Ní bheidh dul thar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin mar a foillseofar san Iris Oifigiúil do réir an ailt seo é ná ní bheidh sé ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith agus beidh sé i bhfeidhm don chéad toghachán Seanaid agus do gach toghachán Seanaid ina dhiaidh sin, ach san fé réir an athscrúduithe bhliantúil a foráltar leis an Acht so agus fé n-a réir sin amháin.

Athscrúdú bliantúil ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin.

17. —(1) Foillseoidh an ceann cóimhrimh Seanaid an 1adh lá, no aon lá ina dhiaidh sin nach déanaí ná an 15adh lá, d'Eanar sa bhliain 1939 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, i ngach páipéar laethúil maidne foillsítear sa Stát agus sna páipéirí nuachta laethúla eile sin (más aon cheann é) is dóich leis an oifigeach san, le ceadú an Aire, do bheith ceart, fógra sa bhfuirm orduithe á fhógairt go puiblí go dtosnóidh an ceann cóimhrimh Seanaid, an 15adh lá d'Fheabhra díreach ina dhiaidh sin no, más Domhnach an lá san, an 16adh lá d'Fheabhra díreach ina dhiaidh sin, ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin d'athscrúdú, agus ag tabhairt na faisnéise agus na dtreoracha san is dóich leis an Aire is ceart i dtaobh iarrataisí ar iontrála do chur isteach sa rolla san no do scriosadh amach as no do leasú ann.

(2) Aon chólucht ná beidh cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus gur mian leo go gclárófaí iad ar an rolla san agus adeir go bhfuilid ionchláruithe amhlaidh agus aon chólucht a bheidh cláruithe ar an rolla san agus gur mian leo go mbainfí dhe iad no go leasófaí in aon tslí an iontráil ina dtaobh ar an gclár san, féadfaid a iarraidh ar an gceann cóimhrimh Seanaid i scríbhinn i rith na tréimhse dar tosach an 15adh lá d'Eanar agus dar críoch an 15adh lá d'Fheabhra sa bhliain 1939 no in aon bhliain ina dhiaidh sin an clárú no an scriosadh amach no an leasú san, do réir mar a bheidh, do dhéanamh.

(3) Ar an 15adh lá d'Fheabhra no, más Domhnach an lá san, ar an 16adh lá d'Fheabhra sa bhliain 1939 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid athscrúdú (dá ngairmtear athscrúdú bliantúil san Acht so) ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus—

(a) lomhálfaidh agus cláróidh ar an rolla san gach cólucht go mbeidh iarrtha acu go cuibhe fén alt so iad do chlárú amhlaidh le linn an athscrúduithe bhliantúil sin agus ná dí-lomhálfa sé a n-iarratas, agus

(b) scriosfaidh den rolla san clárú gach cóluchta go bhfeicfear dó iad do bheith tar éis scur de bheith ann no tar éis scur de bheith ionchláruithe amhlaidh no go bhfeicfear dó gur gá agus gur ceart a gclárú do scriosadh den rolla san toisc gur lomháladh iarratas o chólucht eile ar chlárú amhlaidh no chun go bhféadfaí an t-iarratas san do lomháil, agus

(c) déanfaidh gach leasú ar an rolla san do chífear dó do bheith riachtanach no ceart de bhíthin iarrataisí fén alt so no eile.

(4) Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na fiosruithe sin is ceart dar leis do dhéanamh chun críche aon athscrúduithe bhliantúil ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus féadfaidh, le linn aon athscrúduithe bhliantúil, na nithe sin do scriosadh den rolla de chóluchtaí ainmniúcháin agus na leasuithe sin do dhéanamh air do chífear dó do bheith riachtanach no ceart de bhíthin na bhfiosruithe sin, ach ní dhéanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid aon scriosadh amach ná leasú den tsórt san gan fógra ina thaobh do thabhairt don chólucht le n-a mbainfidh ná gan caoi réasúnta do thabhairt don chólucht san ar chúis do phlé ina thaobh.

(5) Aon uair a lomhálfaidh no a dhí-lomhálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid aon iarratas fén alt so ar chólucht do chlárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin no do scriosadh dhe no ar an rolla san do leasú no a dhéanfaidh, le linn athscrúduithe bhliantúil, éinní do scriosadh den rolla san no an rolla san do leasú de bharr ruda seachas iarratas fén alt so, ní bheidh aon dul thar a bhreith ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh mar a foráltar leis an Acht so.

Athchomhairc chun an choiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil.

18. —(1) Lá nach déanaí ná an 1adh lá de Mhárta sa bhliain 1939 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid mar leanas:—

(a) cuirfidh in úil do gach cólucht d'iarr go gclárófaí iad ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin no go scriosfaí dhe iad no go leasófaí é le linn an athscrúduithe bhliantúil sa bhliain sin ce'ca lomháil no dhí-lomháil sé an t-iarratas san agus, má dhí-lomháil sé é, cadiad na cúiseanna bhí aige leis, agus

(b) bhéarfaidh, do gach cólucht le n-a mbainfidh aon scriosadh amach do rinne sé sa rolla de chóluchtaí ainmniúcháin no aon leasú do rinne sé air le linn an athscrúduithe bhliantúil sa bhliain sin de bharr ruda seachas iarratas ón gcólucht san, mion-innste ar an scriosadh amach no ar an leasú san agus na cúiseanna bhí aige leis.

(2) Féadfaidh aon duine acu so leanas athchomharc do dhéanamh chun an choiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil i gcoinnibh na mbreitheanna san ón gceann cóimhrimh Seanaid a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé in le rá:—

(a) i gcás iarratas do dhí-lomháil, an cólucht do rinne an t-iarratas san,

(b) i gcás iarratas ar chlárú do lomháil, aon chólucht ainmniúcháin a bheidh cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, agus aon chólucht d'iarr, le linn an athscrúduithe bhliantúil sin, go gclárófaí iad ar an rolla san pe'ca lomháladh no dí-lomháladh an t-iarratas san,

(c) i gcás an chinn chóimhrimh Seanaid do scriosadh éinní den rolla san no do dhéanamh leasuithe air de bharr ruda seachas iarratas fén Acht so, an cólucht le n-a mbainfidh an scriosadh no an leasú san.

(3) Gach athchomharc a déanfar fén alt so chun coiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil is i scríbhinn a déanfar é agus luadhfar ann na forais ar a mbeidh sé á dhéanamh agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann é no cuirfear chuige tríd an bpost é an 15adh lá no roimh an 15adh lá de Mhárta sa bhliain inar tugadh an bhreith go mbeifear ag athchomharc ina coinnibh.

(4) Beidh gach athchomharc fén alt so ar fáil chun a iniúchta ag an gceann cóimhrimh Seanaid gach tráth réasúnta.

An t-athscrúdú bliantúil do chríochnú.

19. —(1) Má gheibheann Cléireach Dháil Éireann, in aon bhliain áirithe, athchomharc chun an choiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil fé cheann na haimsire luaidhtear chuige sin san Acht so toghfaidh Dáil Éireann, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, coiste (dá ngairmtear coiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil san Acht so) ar a mbeidh cúig chomhalta dhéag de Dháil Éireann.

(2) Na forálacha den Acht so bhaineann le togha, le quorum agus le nós imeachta an choiste athchomhairc agus leis an gcoiste sin d'éisteacht athchomharc agus le breitheanna an choiste sin bainfid le togha, le quorum agus le nós imeachta gach coiste athchomhairc um athscrúdú bhlaintúil agus le gach coiste den tsórt san d'éisteacht athchomharc agus le breitheanna gach coiste den tsórt san sa mhéid ná fuil na forálacha san buiniscionn leis na forálacha follasacha den Acht so bhaineann le coistí athchomhairc um athscrúdú bhliantúil.

(3) Lá nach déanaí ná an 20adh lá de Mhárta sa bhliain 1939 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin athscrúdóidh an ceann cóimhrimh Seanaid an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin sa tslí sin is gá chun éifeacht do thabhairt do gach breith do thug sé uaidh le linn an athscrúduithe bhliantúil sa bhliain sin agus ná dearnadh aon athchomharc ina coinnibh chun an choiste um athscrúdú bhliantúil fé cheann na haimsire luaidhtear chuige sin san Acht so, agus gach athscrúdú déanfar amhlaidh tiocfaidh i bhfeidhm an 21adh lá de Mhárta sa bhliain ina ndéanfar é.

(4) Cuirfidh Cléireach Dháil Éireann in úil don cheann chóimhrimh Seanaid gach breith do bhearfaidh coiste um athscrúdú bhliantúil ar athchomharc a déanfar chun an choiste sin fén Acht so agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach an t-athscrúdú san (más aon athscrúdú é) ar an rolla de chóluchtaí ainmiúcháin is gá chun éifeacht do thabhairt don bhreith sin agus tiocfaidh gach athscrúdú den tsórt san i bhfeidhm an lá i ndiaidh lae a dhéanta.

(5) Chó luath agus a bheidh aon athscrúdú bliantúil ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin críochnuithe do réir na Coda so den Acht so sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus foillseoidh san Iris Oifigiúil an rolla san mar do hathscrúduíodh le linn an athscrúduithe bhliantúil sin é agus beidh an rolla san, mar a foillseofar amhlaidh é, ina fhianaise dho-chlaoite ar na hatharuithe do rinneadh ar an rolla san le linn an athscrúduithe bhliantúil sin.

Táille d'íoc ar athchomharc.

20. —(1) Gach colúcht a dhéanfaidh athchomharc chun an choiste athchomhairc no chun coiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil íocfaid táille fiche punt le Cléireach Dháil Éireann agus beidh sé ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-athchomharc san ag an gcoiste athchomhairc no ag an gcoiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil, do réir mar a bheidh, an táille sin d'íoc fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun an athchomhairc sin do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann no do sheachadadh dhó.

(2) Gach táillc a híocfar le Cléireach Dháil Éireann do réir an ailt seo coinneoidh sé í go dtí go mbeidh breith tugtha, ar an athchomharc gur ina thaobh a híocadh an táille sin, ag an gcoiste athchomhairc no ag an gcoiste athchomhairc um athscrúdú bhliantúil (do réir mar a bheidh) agus—

(a) má chlaochluíonn an coiste sin an bhreith ón gceann cóimhrimh Seanaid go mbeifear ag athchomharc ina coinnibh no, i gcás athchomhairc chun an choiste athchomhairc, mara dtugaidh an coiste sin breith ar an athchomharc fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an Acht so, aisíocfaidh Cléireach Dháil Éireann an táille sin láithreach leis an athchomhareach d'íoc leis í, agus

(b) i ngach cás eile déanfaidh Cléireach Dháil Éireann an táille sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le táillí is iníoctha fén alt so.

CUID III.

Na hAinmliostai do Dheanamh.

Ceart ag comhaltaí de Dháil Éireann chun daoine d'ainmniú chun ainmliostaí.

21. —(1) I ngach toghachán Seanaid féadfaidh uimhir de chomhaltaí de Dháil Éireann nach lugha ná dhá chomhalta duine ar bith d'ainmniú do réir an Achta so chun aon ainmliosta dá mbunófar don toghachán san.

(2) Ní bheidh aon chomhalta de Dháil Éireann páirteach in ainmniú níos mó ná éinne amháin fén alt so in aon toghachán Seanaid áirithe.

Ceart ag cóluchtaí ainmniúcháin cláruithe chun daoine d'ainmniú chun ainmliostaí.

22. —(1) I ngach toghachán Seanaid beidh sé de theideal ag gach cólucht ainmniúcháin a bheidh cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin alos aon ainmliosta áirithe pé méid daoine socruítear chuige sin leis an alt so d'ainmniú chun an ainmliosta san.

(2) Na cóluchtaí ainmniúcháin uile agus fé seach a bheidh i dteideal daoine d'ainmniú chun ainmliosta áirithe beidh gach cólucht fé leith acu i dteideal an uimhir chéanna de dhaoine d'ainmniú chun an ainmliosta san agus is mar leanas a déanfar amach an uimhir sin, sé sin le rá:—

(a) maran lugha an uimhir de chóluchtaí ainmniúcháin a bheidh i dteideal daoine d'ainmniú chun an ainmliosta san ná an uimhir de chomhaltaí de Sheanad Éireann a bheidh le togha as daoine ainmneoidh cóluchtaí ainmniúcháin chun an ainmliosta san, beidh gach cólucht ainmniúcháin fé leith acu san i dteideal beirt d'ainmniú chun an ainmliosta san;

(b) maran lugha an uimhir de chóluchtaí ainmniúcháin a bheidh i dteideal daoine d'ainmniú mar adubhradh ná leath na huimhreach de chomhaltaí de Sheanad Éireann a bheidh le togha mar adubhradh ach gur lugha í ná an uimhir iomlán de sna comhaltaí sin, beidh gach cólucht ainmniúcháin fé leith acu san i dteideal triúr d'ainmniú chun an ainmliosta san;

(c) más mó ná aon chólucht amháin an uimhir de chóluchtaí ainmniúcháin a bheidh i dteideal daoine d'ainmniú mar adubhradh ach gur lugha í ná leath na huimhreach de chomhaltaí de Sheanad Éireann a bheidh le togha mar adubhradh, beidh gach cólucht ainmniúcháin fé leith acu san i dteideal ceathrar d'ainmniú chun an ainmliosta san;

(d) mara mbeidh ach aon chólucht ainmniúcháin amháin i dteideal daoine d'ainmniú mar adubhradh, beidh an cólucht ainmniúcháin sin i dteideal uimhir de dhaoine d'ainmniú chun an ainmliosta san a bheidh có-ionann le dhá oiread na huimhreach de chomhaltaí de Sheanad Éireann a bheidh le togha mar adubhradh.

An modh ar a ndéanfaidh cóluchtaí ainmniúcháin ainmniú.

23. —(1) Ar na tráthanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) chó luath agus is féidir é tar éis an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus

(b) fé cheann deich lá tar éis gach uair a scuirfidh Dáil Éireann,

cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid tríd an bpost, go dtí gach cólucht ainmniúcháin a bheidh cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, fuirm pháipéir ainmniúcháin maraon le fógra sa bhfuirm orduithe á innsint don chólucht san é bheith de cheart acu daoine d'ainmniú chun ainmliosta áirithe agus cadé an méid daoine bheidh an cólucht san i dteideal d'ainmniú amhlaidh agus ag tabhairt na faisnéise agus na dtreoracha san don chólucht san, i dtaobh an ainmnithe do dhéanamh, is dóich leis an Aire is ceart d'ordú.

(2) Is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar na hainmnithe uile dhéanfaidh cólucht ainmniúcháin chun ainmliosta, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn agus ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm orduithe déanfar na hainmnithe sin;

(b) is leis an aon pháipéar ainmniúcháin amháin ainmneoidh gach cólucht ainmniúcháin fé leith na daoine uile bheid i dteideal d'ainmniú;

(c) beidh i ngach páipéar ainmniúcháin na mion-innste is gá, do réir fuirm orduithe an pháipéir ainmniúcháin, do luadh ann (agus ortha san ráiteas ar cháilíochta gach duine fé leith a hainmneofar leis i gcóir an ainmliosta chun a n-ainmneofar é) agus caithfe sé bheith sighnithe ag an gcólucht ainmniúcháin a bheidh ag déanamh ainmnithe leis;

(d) más cólucht corpruithe an cólucht ainmniúcháin isé slí ina sighneoidh an cólucht san an páipéar ainmniúcháin ná tré shéala an chóluchta san do chur ar an bpáipéar san sa tslí agus maille leis na contra-shighnithe is gá do réir chóirithe, airteagal comhlachais no rialachán eile an chóluchta san;

(e) maran cólucht corpruithe an cólucht ainmniúcháin déanfaidh duine éigin go n-údarás aige chuige an páipéar ainmniúcháin do shighniú in ainm an chóluchta.

(3) I gcás Comhairle Ghenerálta Chomhairlí Contae na hÉireann agus i gcás Comhlachas Udarásanna Cathardha na hÉireann isiad a roghnóidh na daoine bheidh le hainmniú chun an ainmliosta riaracháin ag na coluchtaí sin fé seach ná comhaltaí an chóluchta san agus iad ag vótáil do réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aon-vóta ionaistrithe.

(4) Gach páipéar ainmniúcháin do bhéarfaidh le tuisgint é bheith séaluithe le séala cóluchta chorpruithe is cólucht ainmniúcháin agus é bheith contra-shighnithe tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é bheith séaluithe amhlaidh sa tslí, agus maille leis na contrashighnithe, is gá do réir chóirithe, airteagal comhlachais no rialachán eile an chóluchta san.

(5) Gach páipéar ainmniúcháin do bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe in ainm chóluchta neamh-ionchorpruithe is cólucht ainmniúcháin tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é bheith sighnithe amhlaidh ag duine go n-údarás aige chun a shighnithe in ainm an chóluchta san.

(6) Má bheireann cólucht ainmniúcháin le tuisgint níos mó no níos lugha daoine do bheith á n-ainmniú acu le páipéar ainmniúcháin chun ainmliosta ná mar a bheidh an cólucht ainmniúcháin sin i dteideal d'ainmniú amhlaidh beidh an páipéar ainmniúcháin sin gan brí ar bith.

(7) Ar n-a iarraidh sin air bhéarfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid saor in aisce do gach cólucht ainmniúcháin an méid sin d'fhuirmeacha de pháipéar ainmniúcháin (de bhreis ar an bhfuirm is gá dhó do réir an chéad fho-ailt den alt so do chur chun an chóluchta san) a theastóidh ón gcólucht san do réir réasúin.

Ainmliostai sealadacha d'ullamhú.

24. —(1) Déanfar páipéirí ainmniúcháin le n-a mbeidh daoine á n-ainmniú chun ainmliosta ag cólucht ainmniúcháin do sheachadadh don cheann chóimhrimh Seanaid no do chur chuige tríd an bpost.

(2) Láithreach tar éis an chinn aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid, maidir le gach ainmliost fé leith, ainmliost sealadach ar a mbeidh ainmneacha na ndaoine uile go bhfuair sé ina dtaobh roimh an gceann aimsire sin, ainmnithe do rinne cóluchtaí ainmniúcháin chun an ainmliosta san.

(3) Beidh gach ainmliost sealadach sa bhfuirm chéanna (agus é roinnte ina dhá fho-ainmliost ar an gcuma gcéanna) agus beidh na mion-innste céanna ann a horduítear leis an Acht so no a hordófar fé alos na n-ainmliost deiridh.

(4) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an chinn aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid go dtí Cléireach Dháil Éireann cóip de gach ainmliost sealadach maraon leis an méid sin d'fhuirmeacha de pháipéar ainmniúcháin, do chomhaltaí de Dháil Éireann, a theastóidh o Chléireach Dháil Éireann do réir réasúin.

An modh ar a ndéanfaidh comhaltaí de Dháil Éireann ainmniú

25. —(1) Gach uair a dhéanfaidh comhaltaí de Dháil Éireann duine d'ainmniú chun ainmliosta is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar é, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn agus ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm orduithe déanfar an t-ainmniú san;

(b) beidh i ngach páipéar ainmniúcháin den tsórt san na mioninnste is gá, do réir fuirme orduithe an pháipéir ainmniúcháin, do luadh ann agus go sonnrách ráiteas ar cháilíochta an duine a hainmneofar leis i gcóir an ainmliosta chun a n-ainmneofar amhlaidh é;

(c) caithfidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san bheith sighnithe ag gach duine de sna comhaltaí de Dháil Éireann a bheidh ag déanamh ainmnithe leis;

(d) seachadfar gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san don cheann chóimhrimh Seanaid no cuirfear chuige tríd an bpost é.

(2) Má dheineann comhalta de Dháil Éireann dhá pháipéar ainmniúcháin no níos mó do shighniú mar ainmnitheoir beidh gach ceann de sna páipéirí ainmniúcháin sin gan brí ar bith.

(3) Díreach tar éis an chinn aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid isteach sna háiteanna oiriúnacha i ngach ainmliost sealadach fé leith ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine (más ann dóibh) a bheidh ainmnithe ag comhaltaí de Dháil Éireann roimh an gceann aimsire sin chun an ainmliosta le n-a mbainfidh an t-ainmliost sealadach san.

Ainmnithe ex-officio chun an ainmliosta riaracháin.

26. —(1) I ngach toghachán Seanaid—

(a) beidh an Taoiseach i dteideal an méid sin daoine, nach mó ná beirt, is oiriúnach leis d'ainmniú chun an ainmliosta riaracháin, agus

(b) beidh duine ar bith (seachas an té is Taoiseach de thurus na huaire) do bhí tráth i seilbh oifige mar Thaoiseach no mar Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann no i seilbh an dá oifig sin i dteideal an méid sin daoine, nach mó ná beirt, is oiriúnach leis d'ainmniú chun an ainmliosta riaracháin.

(2) Gach ainmniú déanfar fén alt so is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar é, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn agus ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm orduithe déanfar an t-ainmniú san;

(b) duine ar bith ainmneoidh beirt fén alt so is leis an aon pháipéar ainmniúcháin amháin ainmneoidh sé an bheirt sin;

(c) beidh i ngach páipéar ainmniúcháin na mion-innste is gá, do réir fuirm orduithe an pháipéir ainmniúcháin, do luadh ann (agus ortha san ráiteas ar cháilíochta gach duine fé leith a hainmneofar leis i gcóir an ainmliosta chun a n-ainmneofar amhlaidh é) agus caithfe sé bheith sighnithe ag an té bheidh ag déanamh ainmnithe leis;

(d) seachadfar an páipéar ainmniúcháin don cheann chóimhrimh Seanaid no cuirfear chuige tríd an bpost é.

(3) Má bheireann duine le tuisgint níos mó ná beirt do bheith á n-ainmniú aige le páipéar ainmniúcháin fén alt so beidh an páipéar ainmniúcháin sin gan brí ar bith.

(4) Díreach tar éis an chinn aimsire d'ainmnithe ex-officio cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid isteach san ainmliost sealadach a bhainfidh leis an ainmliost riaracháin ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine (más ann dóibh) a bheidh ainmnithe fén alt so chun an ainmliosta san roimh an gceann aimsire sin.

(5) Duine ar bith a bheidh i dteideal ainmniú do dhéanamh fén alt so chun an ainmliosta riaracháin beidh sé i dteideal gach ceann no aon cheann de sna hainmliostaí sealadacha d'iniúchadh tráth ar bith tar éis an chinn aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost agus roimh an gceann aimsire d'ainmnithe ex-officio.

(6) Ainmnithe ex-officio do bheirtear san Acht so ar ainmnithe fén alt so chun an ainmliosta riaracháin.

An ceann cóimhrimh Seanaid d'fholllsiú páipéirí ainmniúcháin.

27. —Pé uair do gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ainmniúcháin (seachas páipéar ainmniúcháin a dearbhuítear leis an Acht so do bheith gan brí ar bith no páipéar ainmniúcháin do gheobhaidh tar éis na haimsire ceaptar leis an Acht so chun é ghlacadh) cuirfidh suas láithreach, san áit phuiblí sin i gcontaebhuirg Bhaile Atha Cliath is dóich leis is oiriúnaighe, fógra á rá go bhfuair sé an páipéar ainmniúcháin sin agus ag tabhairt ainm agus seoladh agus tuairisc an duine bheirtear le tuisgint do bheith á ainmniú leis an bpáipéar ainmniúcháin sin (fé mar a bheid curtha síos sa pháipéar ainmniúcháin sin) agus ag luadh an ainmliosta go dtugtar le tuisgint an duine sin do bheith á ainmniú chuige.

Na hainmliostaí do chríochnú.

28. —(1) Ar a dó dhéag a chlog meán lac an lá chun na n-ainmliostaí do chríochnú beidh an ceann cóimhrimh Seanaid san áit cheaptha agus comórfaidh suidhe ann (dá ngairmtear críochnú na n-ainmliost san Acht so) agus déanfaidh sa tsuidhe sin gach ní is gá dhó, do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so, do dhéanamh ann.

(2) Nuair a bheidh na hainmliostaí sealadacha á n-ullamhú aige do réir na bhforálacha san roimhe seo den Acht so ní chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid ar aon ainmliost sealadach ainm aon duine do bheirtear le tuisgint do bheith á ainmniú le páipéar ainmniúcháin a dearbhuítear leis an Acht so do bheith gan brí ar bith ná do gheobha sé tar éis na haimsire bheidh ceaptha sa chás chun ainmnithe do ghlacadh, ach, lasmuich de sna heisceachtaí sin, ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid na hainmliostaí sealadacha gan breithniú ná fiosrú do dhéanamh i dtaobh dleathachta aon pháipéir ainmniúcháin ná an ainmnithe do bheirtear le tuisgint do bheith á dhéanamh leis agus gan áird do thabhairt ar aon ath-iontrálanna thárlóidh de chionn duine d'ainmniú le níos mó ná aon pháipéar ainmniúcháin amháin pe'ca chun an aon ainmliosta amháin no chun ainmliostaí deifriúla é.

(3) Le linn críochnú na n-ainmliost dó geobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid chuige na hainmliostaí sealadacha uile agus fé seach i ndiaidh a chéile agus ina gceann agus ina gceann agus, maidir le gach ainmliost sealadach fé leith—

(a) scrúdóidh gach páipéar ainmniúcháin gur hiontráladh duine ar an ainmliost sealadach san dá réir agus bhéarfaidh breith i dtaobh dleathachta no nea-dhleathachta gach páipéir ainmniúcháin fé leith acu san agus i dtaobh dleathachta no nea-dhleathachta an ainmnithe bheirtear le tuisgint do bheith á dhéanamh leis agus scriosfaidh den ainmliost sealadach san gach iontráil do rinneadh ann do réir pháipéir ainmniúcháin no do réir ainmnithe chinnfe sé do bheith nea-dhleathach, agus

(b) scrúdóidh ansan cáilíochta gach duine fé leith go mbeidh a ainm fós ar an ainmliost sealadach san tar éis an scriosadh amach san do bheith déanta agus scriosfaidh den ainmliost sealadach san ainm gach duine den tsórt san nach deimhin leis do bheith cáilithe fé fho-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht chun bheith ar an ainmliost le n-a mbaineann an t-ainmliost sealadach san, agus

(c) iontrálfaidh san ainmliost sealadach a bhaineann leis an ainmliost san, maidir le gach duine chinnfe sé do bheith cáilithe chun bheith ar an ainmliost san, ráiteas sa bhfuirm sin is dóich leis is ceart ar na cáilíochta go gcinnfidh gurb iad na cáilíochta iad atá ag an duine sin chun bheith ar an ainmliost san, agus

(d) scriosfaidh amach ansan gach ath-iontráil a bheidh fós ar an ainmliost sealadach san agus chuige sin bhéarfaidh tosach d'ainmniú o chólucht ainmniúcháin ar aon ainmniú eile agus, i gcás an ainmliosta riaracháin, bhéarfaidh tosach d'ainmniú o chomhaltaí de Dháil Éireann ar ainmniú ex-officio.

(4) Má gheibhtear, nuair a bheidh forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so cólíonta maidir leis na hainmliostaí sealadacha uile, go bhfuil duine ar bith iontrálta i dhá n-ainmliost shealadacha no níos mó beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fágfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainm an duine sin ar an gceann san de sna hainmliostaí sealadacha san is rogha leis an duine sin no le n-a ghníomhaire;

(b) má dhiúltann no má fhaillíonn an duine sin no a ghníomhaire (do réir mar a bheidh) an rogha san do dhéanamh no mara mbeidh an duine sin ná a ghníomhaire i láthair ná ar fáil go saoráideach fágfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainm an duine sin ar an gceann san de sna hainmliostaí sealadacha san ar a gcinnfidh an ceann cóimhrimh Seanaid le crannchur;

(c) scriosfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainm an duine sin de sna hainmliostaí sealadacha san uile ach amháin an t-ainmliost sealadach gur gá dhó, do réir pé míre de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so bhaineann leis an gcás, ainm an duine sin d'fhágaint air.

(5) Nuair a bheidh an ceann cóimhrimh Seanaid ag cólíonadh na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na himeachta le linn críochnú na n-ainmlíost, féachfaidh go cuibhe do gach breith ón réiteoir breithiúntais ar cheisteanna do chuir an ceann cóimhrimh Seanaid fé n-a bhráid fén Acht so.

(6) Ní bheidh dul thar aon bhreith dá dtabharfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid le linn críochnú na n-ainmliost, ach amháin go bhféadfar ceisteanna do chur fé bhráid an réiteora bhreichiúntais mar a foráltar leis an Acht so.

Ainmnithe ón Taoiseach chun na bhfo-ainmliost do chríochnú.

29. —(1) Má thárlann, nuair a bheidh forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo cólíonta, ná beidh iontrálta in aon fho-ainmliost áirithe d'ainmliost sealadach beirt ar a laighead de bhreis ar an méid comhaltaí de Sheanad Éireann is gá, do réir an Achta so, do thogha as an bhfo-ainmliost san, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid ar athló, go dtí lá agus uair a bheidh caothúil, an chuid eile de sna himeachta bhaineann le críochnú na n-ainmliost agus tuairisceoidh don Taoiseach an t-casnamh san do bheith ar an bhfo-ainmliost san agus bhéarfaidh don Taoiseach cóip de sna hainmliostaí sealadacha mar a bheid socair díreach roimh an gcuid sin de sna himeachta do chur ar athló.

(2) Nuair do gheobhaidh an Taoiseach tuairisc den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ainmneoidh sé chun gach fo-ainmliosta go bhfuighe sé tuairisc den tsórt san ina thaobh an méid sin daoine is leor chun go mbeidh ar an bhfo-ainmliost san beirt (ach ní níos mó ná san) de bhreis ar an méid comhaltaí de Sheanad Éireann is gá, do réir an Achta so, do thogha as an bhfo-ainmliost san.

(3) Pé uair is gá don Taoiseach, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, daoine d'ainmniú chun fo-ainmliosta beidh sé dleathach dó daoine d'ainmniú chun an fho-ainmliosta san de bhreis ar an méid daoine is gá, do réir an fho-ailt sin, d'ainmniú, ach ní bheidh sna hainmnithe breise sin ach ainmnithe malartacha agus ní bheidh feidhm acu ach amháin más gá san agus sa mhéid gur gá san de dheascaibh ceann amháin no níos mó de sna hainmnithe eile bheidh déanta ag an Taoiseach fén alt so chun an ainmliosta san do bheith nea-dhleathach.

(4) Is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar gach ainmniú dhéanfaidh an Taoiseach fén alt so, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn agus ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm (agus í atharuithe mar is gá) a bheidh orduithe le haghaidh ainmnithe ex-officio déanfar an t-ainmniú san;

(b) is le páipéar ainmniúcháin fé leith a déanfar gach ainmniú fé leith den tsórt san;

(c) luadhfar i ngach páipéar ainmniúcháin fé leith an fo-ainmliost gur ina thaobh a bheidh an t-ainmniú á dhéanamh agus beidh ann freisin na mion-innste is gá, do réir fuirm orduithe sin an pháipéir ainmniúcháin, do luadh ann (agus ortha san ráiteas ar cháilíochta an duine a hainmneofar leis i gcóir an ainmliosta chun a n-ainmneofar amhlaidh é) agus caithfe sé bheith sighnithe ag an Taoiseach;

(d) seachadfar gach páipéar ainmniúcháin don cheann chóimhrimh Seanaid no cuirfear chuige é, agus seachadfar dó no cuirfear chuige é i slí go bhfuighidh an ceann cóimhrimh Seanaid é roimh an am chun ar cuireadh críochnú na n-ainmliost ar athló fén gcéad fho-alt den alt so.

(5) Nuair a hath-chromfar ar chríochnú na n-ainmliost tar éis é chur ar athló fén gcéad fho-alt den alt so breithneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid na hainmnithe bheidh déanta ag an Taoiseach fén alt so agus bhéarfaidh breith ortha (ar a n-áirmhítear scrúdú do dhéanamh agus breith do thabhairt ar cháilíochta gach duine fé leith a bheidh ainmnithe amhlaidh i gcóir an ainmliosta chun a mbeidh sé ainmnithe amhlaidh) agus iontrálfaidh ina n-ionad ceart ar an ainmliost sealadach ceart ainm agus seoladh agus tuairisc gach duine fé leith a gheobha sé bheith ainmnithe amhlaidh go dleathach maraon le ráiteas, sa bhfuirm sin is dóich leis is ceart, ar na cáilíochta go gcinnfidh gurb iad na cáilíochta iad atá ag an duine sin chun bheith ar an ainmliost san.

An réiteoir breithiúntais.

30. —(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte, no breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt ainmneoidh seisean, i láthair le linn críochnú na n-ainmliost agus suidhfidh agus gníomhóidh ansan ina réiteoir bhreithiúntais chun na gcrícheanna luaidhtear san Acht so.

(2) Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid uaidh féin agus déanfaidh, ar iarratas o aon duine go mbeidh a ainm ar an ainmliost sealadach a bheidh á bhreithniú de thurus na huaire no o ghníomhaire aon duine den tsórt san, aon cheist do chur fé bhráid an réiteora bhreithiúntais a eireoidh le linn críochnú na n-ainmliost maidir le haon pháipéar ainmniúcháin, le hainmniú aon duine chun ainmliosta, le cáilíochta aon duine i gcóir ainmliosta, le ráiteas an chinn chóimhrimh Seanaid ar na cáilíochta san no le héinní eile bhainfidh leis na hainmliostaí sealadacha.

(3) San áit agus san am san cinnfidh agus craolfaidh an réiteoir breithiúntais a bhreith ar gach ceist a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid fé n-a bhráid fén alt so.

(4) Ní bheidh dul thar breith an réiteora bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid fé n-a bhráid fén alt so agus ní bheidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith.

(5) Féadfar ceist do chur fé bhráid an réiteora bhreithiúntais fén alt so pe'ca bheidh breith tugtha uirthi ag an gceann cóimhrimh Seanaid féin no ná beidh.

Ceisteanna féadfar a tharrac anuas le linn críochnú na n-ainmliost.

31. —(1) Le linn críochnú na n-ainmliost féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid no duine ar bith go mbeidh a ainm ar an ainmliost sealadach a bheidh á bhreithniú de thurus na huaire no gníomhaire aon duine den tsórt san ceist ar bith do tharrac anuas a bhaineann le duine d'ainmniú chun ainmliosta, agus leis sin áirmhítear dleathacht pháipéirí ainmniúcháin, dóthanacht no cruinneas aon ráitis i bpáipéar ainmniúcháin, dleathacht aon ainmnithe, agus cáilíochta aon duine i gcóir aon ainmliosta áirithe.

(2) Mara mbeidh amhras ar bith i dtaobh cé hé an duine do bheirtear le tuisgint do bheith á ainmniú le páipéar ainmniúcháin ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin sin, ná ní dearbhófar é bheith nea-dhleathach, de bhíthin ainm no seoladh no tuairisc an duine sin do bheith curtha síos ann go nea-chruinn no go neamh-iomlán agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Chun breith do thabhairt ar aon cheist a bheidh ann le linn críochnú na n-ainmliost féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus an réiteoir breithiúntais, gach duine ar leith acu, fianaise, o bhéal no i scríbhinn, a tairgfear dó ag aon duine no thar ceann aon duine le n-a mbainfidh an cheist sin do ghlacadh agus gníomhú dá réir agus féadfaidh, más ceart san dar leis, a chur de cheangal an fhianaise sin do thabhairt fé mhionn agus féadfaidh chuige sin daoine do chur fé mhionn.

Na daoine dar ceaduithe bheith i láthair le linn críochnú na n-ainmliost.

32. —Beidh na daoine seo leanas agus ní bheidh éinne eile i láthair le linn críochnú na n-ainmliost, sé sin le rá:—

(a) an ceann cóimhrimh Seanaid agus a chongantóirí;

(b) an réiteoir breithiúntais agus duine amháin do bhéarfaidh leis chun freastal air;

(c) duine ar bith go mbeidh a ainm ar ainmliost sealadach;

(d) gníomhaire amháin do gach duine fé leith go mbeidh a ainm ar ainmliost sealadach;

(e) fínnithe ag tabhairt fianaise o bhéal, ach ní bheidh siad san i láthair ach faid a bheid ag tabhairt na fianaise sin;

(f) pé daoine eile is dóich leis an gceann cóimhrimh Seanaid is ceart do leigint isteach.

Na himeachta bhaineann le críochnú na n-ainmliost do bheith leanúnach.

33. —(1) Sa mhéid gur féidir é raghfar ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta bhainfidh le críochnú na n-ainmliost ach féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid iad do chur ar fiunraoi tráth ar bith le toiliú an réiteora bhreithiúntais go ceann pé tréimhse is dóich leis an gceann cóimhrimh Seanaid is ceart chun bia no deoch do chaitheamh no mar gheall ar an oíche no ar aon chúis eile chífear dó is leor.

(2) Pé uair a cuirfear ar fiunraoi fén alt so na himeachta bhaineann le críochnú na n-ainmliost déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ní is gá chun na bpáipéirí ainmniúcháin, na n-ainmliostaí sealadacha, agus na scríbhinní eile bhainfidh leis an scéal do choimeád sábhálta.

Iarrthóir d'fháil bháis no do theacht fé dhí-cháilíocht.

34. —(1) Má chuireann cólucht ainmniúcháin ina luighe ar an gceann cóimhrimh Seanaid, roimh an gceann aimsire d'ainmnithe generálta chun na n-ainmliost, go bhfuil duine d'ainmnigh an cólucht ainmniúcháin sin chun ainmliosta tar éis bháis no tar éis teacht chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann cealóidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainmniú an duine sin láithreach agus leis sin tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gan an ceann cóimhrimh Seanaid d'fháil an ainmnithe sin riamh agus beidh sé dleathach don chólucht ainmniúcháin sin duine d'ainmniú chun an ainmliosta san do réir an Achta so in ionad an duine do fuair bás no do tháinig chun bheith dí-cháilithe amhlaidh.

(2) Más deimhin leis an gceann cóimhrimh Seanaid, roimh an gceann aimsire d'ainmnithe o chomhaltaí Dála chun na n-ainmliost, duine d'ainmnigh comhaltaí de Dháil Éireann chun ainmliosta do bheith tar éis bháis no tar éis teacht chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann cealóidh an ceann cóimhrimh Seanaid an t-ainmniú san láithreach agus leis sin tuigfear ná dearnadh an t-ainmniú san riamh.

(3) Nuair a beifear ag cóimhreamh na vótanna tugadh i dtoghachán Seanaid ní tabharfar áird ar aon rogha dar breacadh d'iarrthóir go mbeidh a ainm ar ainmliost agus gur deimhin leis an gceann cóimhrimh Seanaid, roimh chríochnú na vótaíochta, do bheith marbh (pe'ca roimh chríochnú an ainmliosta san d'éag sé no dá éis sin) agus ina ionad san féachfar do sna céad roghna eile bheidh ar fáil.

(4) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, má gheibheann iarrthóir go mbeidh a ainm ar ainmliost bás no má thagann chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann (pe'ca roimh chríochnú an ainmliosta san no dá éis sin é no roimh chríochnú na vótaíochta no dá éis sin é) ní thiocfaidh de sin an t-ainmliost san no ainmniú an iarrthóra san chuige no aon roghna breacfar dó do bheith nea-dhleathach ná dochar do dhéanamh don chéanna, agus má toghtar é ní bheidh a thogha nea-dhleathach de bhíthin é d'fháil bháis no é theacht chun bheith dí-cháilithe amhlaidh ach tuigfear é d'eirge as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann díreach tar éis é thogha chuige.

Na hainmliostaí d'ullamhú agus d'fhoillsiú.

35. —(1) Nuair a déanfar, le linn críochnú na n-ainmliost, na himeachta dá bhforáltar sna hailt sin roimhe seo den Acht so do chríochnú ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid an cúig ainmliost agus isé bheidh i ngach ceann fé leith acu ná liost (agus é socair do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) de sna daoine gheobhfar do bheith ainmnithe go dleathach chuige.

(2) Beidh gach ceann fé leith de sna hanmliostaí ina dhá roinn (dá ngairmtear fo-ainmliostaí san Acht so), agus isé bheidh i roinn acu san (dá ngairmtear san Acht so fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin) ná liost de sna daoine bheidh ainmnithe chúichi ag cóluchtaí ainmniúcháin agus isé bheidh sa roinn eile (dá ngairmtear san Acht so fo-ainmliost na Dála) ná liost de sna daoine bheidh ainmnithe chúichi ag comhaltaí de Dháil Éireann no, i gcás an ainmliosta riaracháin, ag comhaltaí den tsórt san no tré ainmnithe ex-officio.

(3) Isé tuairisc do bhéarfar in ainmliost ar na daoine bheidh luaidhte san ainmliost san ná a n-ainm, a seoladh agus a dtuairisc mar a bheid ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach agus cuirfear le tuairisc gach duine acu san ráiteas ar na cáilíochta atá aige i gcóir an ainmliosta san mar a bheid iontrálta ar an ainmliost sealadach oiriúnach do réir na bhforálacha san roimhe seo den Acht so.

(4) Déanfar na daoine bheidh luaidhte i roinn d'ainmliost do shocrú sa roinn sin in ord aibítre a sloinnte agus, más mar a chéile aon dá shloinne no níos mó, in ord aibítre a n-ainmneacha eile.

(5) Nuair a bheidh an cúig ainmliost ullamh ag an gceann cóimhrimh Seanaid foillseoidh sé iad san Iris Oifigiúil.

(6) Na hainmliostaí uile agus fé seach mar ullamhóidh agus mar fhoillseoidh an ceann cóimhrimh Seanaid iad do réir an ailt seo ní bheidh aon dul thársa ná ní bheid ion-athscrúduithe ag Cúirt ar bith.

CUID IV.

An Votaiocht.

An toghlucht.

36. —Isiad is toghlucht i ngach toghachán Seanaid ná—

(a) i gcás an chéad toghacháin Seanaid, na comhaltaí de Dháil Éireann a luaidhtear in Airteagal 54 den Bhunreacht no, i gcás gach toghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, na comhaltaí de Dháil Éireann a toghfar sa toghachán Dála bheidh ann de dhruim an scuir sin ar Dháil Éireann dá dtiocfaidh an toghachán Seanaid sin, agus

(b) na daoine toghfar chuige sin ag comhairlí contae no contae-bhuirge no ag na seana-chomhaltaí de chomhairlí den tsórt san do réir na bhforálacha atá san Acht so chuige sin.

Comhairlí do thogha toghthóirí.

37. —(1) Ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá d'Eanar, 1938, i gcás an chéad toghacháin Seanaid no, i gcás gach toghacháin Seanaid in dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná mí tar éis an scuir sin ar Dháil Éireann dá dtiocfaidh an toghachán Seanaid sin toghfaidh gach comhairle chontae no chontae-bhuirge, do réir an ailt seo agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé, seachtar (dá ngairmtear toghthóirí san alt so) chun an toghluchta don toghachán Seanaid sin agus, más togha comórtasach a bheidh sa togha san, tionólfaid cruinniú den chomhairle sin agus déanfar an togha san ag an gcruinniú san.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghthóirí do thogha do réir an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) gach duine fé leith a bheidh á iarraidh go dtoghfaí ina thoghthóir é caithfe sé bheith ainmnithe i scríbhinn ag dhá chomhalta den chomhairle (dá ngairmtear an chomhairle thoghthach san alt so) a bheidh ag déanamh an toghtha san;

(b) ní bheidh éinne iontoghtha mar thoghthóir maran comhalta den chomhairle thoghthach é;

(c) maran togha comórtasach a bheidh sa togha san cuirfidh rúnaí na comhairle toghthaighe chun an chinn chóimhrimh Seanaid, díreach tar éis críochnú na n-ainmnithe, ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na dtoghthóirí do hainmníodh amhlaidh go cuibhe;

(d) más togha comórtasach a bheidh sa togha san toghfar na toghthóirí ag na comhaltaí den chomhairle sin a bheidh ar an gcruinniú san (no ag an méid sin díobh gur mian leo vótáil) agus iad ag vótáil tré rún-bhallóid do réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aon-vóta ionaistrithe;

(e) chó luath agus is féidir é tar éis na vótála san do bheith críochnuithe cuirfidh rúnaí na comhairle sin chun an chinn chóimhrimh Seanaid na páipéirí ballóide uile le n-ar tugadh vótanna sa togha san agus cóimhreoidh an ceann cóimhrimh Seanaid na vótanna san ina oifig no in áit chaothúil eile agus déanfaidh amach uatha toradh an toghtha;

(f) chó luath agus a bheidh tortha na dtoghtha uile déanfar do réir an ailt seo déanta amach ag an gceann cóimhrimh Seanaid amhlaidh, ullamhóidh agus sighneoidh agus foillseoidh san Iris Oifigiúil liost de sna daoine do toghadh sna toghtha san agus na daoine do toghadh ag gach comhairle thoghthach fé leith á dtaisbeáint ar leithligh air, agus beidh an ráiteas san, mar a foillseofar amhlaidh é, ina dhearbhú ná beidh aon dul thairis ar thoradh gach toghtha den tsórt san;

(g) na costaisí bhainfidh le gach togha déanfar do réir an ailt seo (seachas na costaisí bhainfidh le nithe gur gá don cheann chóimhrimh Seanaid do réir an fho-ailt seo iad do dhéanamh) is ar an gcomhairle thoghthach a bheid agus isé slí ina gcruinneofar iad ná, i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán agus, i gcás contae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Luimnigh, tríd an ráta cathardha agus, i gcás contae-bhuirgí Chorcaighe agus Phortláirge, tríd an ráta dealbhais no an ráta eile sin ordóidh an tAire.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach comhairle chontae no chontae-bhuirge bheidh scurtha de thurus na huaire fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), sé sin le rá:—

(a) na daoine bheidh ar marthain (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so na seana-chomhaltaí den chomhairle sin) agus ba chomhaltaí den chomhairle sin díreach roimh í scur amhlaidh agus nár tháinig, o am an scurtha san, fé bhreithiúntas féimhíoctha ná fé chiontú i gcoir ná i gcionta do chuirfeadh deireadh le n-a mbeith ina gcomhaltaí den chomhairle sin mara scuirtí amhlaidh í toghfaid as a measc féin na toghthóirí gur ghá don chomhairle sin, do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, iad do thogha mara scuirtí an chomhairle sin amhlaidh no toghfar na toghthóirí sin amhlaidh ag an méid sin de sna daoine sin gur mian leo bheith páirteach sa togha san;

(b) gach duine fé leith a bheidh á iarraidh go dtoghfaí sa togha san é caithfe sé bheith ainmnithe i scríbhinn ag beirt de sna seana-chomhaltaí den chomhairle sin;

(c) más togha comórtasach a bheidh sa togha san, gairmfear cruinniú de sna seana-chomhaltaí den chomhairle sin agus déanfar an togha ar an gcruinniú san ag na seanachomhaltaí den chomhairle sin a bheidh ar an gcruinniú san (no ag an méid sin díobh gur mian leo vótáil) agus iad ag vótáil tré rún-bhallóid do réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aon-vóta ionaistrithe;

(d) sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis na forálacha san roimhe seo den alt so beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo gus na hatharuithe sin is gá no bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.

(4) Mara ndeinidh comhairle no na seana-chomhaltaí de chomhairle scurtha togha do réir an ailt seo no má thoghann comhairle no na seana-chomhaltaí de chomhairle scurtha níos lugha ná seacht dtoghthóirí, ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do dhleathacht na dtoghtha dhéanfaidh comhairlí eile no na seana-chomhaltaí de chomhairlí eile do réir an ailt seo ná do dhleathach ná do dhosháruitheacht an rolla de thoghthóirí ná, más lugha ná seacht dtoghthóirí toghfar amhlaidh, do dhleathacht toghtha an mhéide sin toghthóirí toghfar amhlaidh.

(5) Déanfaidh an tAire pé rialacháin agus féadfaidh pé treoracha do thabhairt uaidh is dóich leis is ceart chun an ailt seo do chur in éifeacht (agus leis sin áirmhítear aimsir theoranta do cheapadh chun aon ghníomh no ní do dhéanamh), agus beidh sé de dhualgas ar gach comhairle chontae no chontae-bhuirge agus ar oifigigh gach comhairle den tsórt san (ar a n-áirmhítear oifigigh an té bheidh ag cólíonadh dualgaisí comhairle scurtha) déanamh do réir gach rialacháin agus treorach acu san.

An rolla de thoghthóirí.

38. —(1) Ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá d'Eanar, 1938, i gcás an chéad toghacháin Seanaid no, i gcás gach toghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, fé cheann trí lá tar éis na bhfreagraí uile ar riteacha an toghacháin Dála bheidh i gceist d'fháil dó, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann chun an chinn chóimhrimh Seanaid ráiteas ar ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí de Dháil Éireann a bheidh i dteideal fén Acht so bheith ina gcomhaltaí den toghlucht sa toghachán Seanaid sin.

(2) Chó luath agus gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid o Chléireach Dháil Éireann an ráiteas, maidir le toghachán Seanaid, a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus a dhéanfaidh amach toradh gach toghtha toghthóirí bheidh déanta go cuibhe do réir an Achta so ag comhairlí contae no contae-bhuirge (ar a n-áirmhítear aon toghtha bheidh déanta ag seana-chomhaltaí d'aon chomhairle den tsórt san a bheidh scurtha de thurus na huaire) maidir leis an toghachán Seanaid sin, ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid don toghachán Seanaid sin rolla de thoghthóirí ar a mbeidh ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine uile go bhfeicfear ón ráiteas san agus o sna torthaí sin gurb iad is toghlucht don toghachán Seanaid sin.

(3) Má bhíonn duine ina bhall den toghlucht do thoghachán Seanaid de bhuadh níos mó ná aon cháilíocht amháin ní déanfar, dá ainneoin sin, a ainm do chur ar an rolla de thoghthóirí don toghachán Seanaid sin ach aon uair amháin.

(4) Beidh sé dleathach don cheann chóimhrimh Seanaid pé fiosrú agus pé nithe eile do dhéanamh is dóich leis is ceart chun teacht ar ainm agus seoladh agus tuairisc cheart gach duine gur gá a ainm do chur ar rolla de thoghthóirí ach ní bheidh aon rolla de thoghthóirí nea-dhleathach de dheascaibh ainm no seoladh no tuairisc aon duine do bheith curtha síos go nea-chruinn ar an rolla san de thoghthóirí.

(5) Déanfar na daoine go gcuirfear a n-ainmneacha ar rolla de thoghthóirí do chóiriú ar an rolla san in ord aibítre a sloinnte agus, más mar a chéile aon dá shloinne no níos mó, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus uimhreofar go leanúnach san ord san iad.

(6) Ní bheidh dul thar aon rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so ná ní bheidh sé ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith agus na daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar aon rolla den tsórt san de thoghthóirí beidh siad-san, agus ní bheidh éinne eile, i dteideal vótáil sa toghachán Seanaid le n-a mbainfidh an rolla san de thoghthóirí.

(7) Má éagann duine go mbeidh a ainm ar rolla de thoghthóirí ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do dhleathacht ná d'oibriú an rolla san de thoghthóirí, pe'ca roimh an rolla san de thoghthóirí d'ullamhú no dá éis sin éagfaidh an duine sin.

Cóip de sna hainmliostaí do thabhairt amach do gach toghthóir.

39. —Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú an rolla de thoghthóirí no foillsiú na n-ainmliost san Iris Oifigiúil (pe'ca aca san is déanaí thárlóidh) agus ar aon chuma roimh an lá bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid tríd an bpost chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí, go dtí a sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ar an rolla de thoghthóirí, cóip den chúig ainmliost mar a bheid foillsithe san Iris Oifigiúil, ach go luadhfar sa chóip sin, maidir le gach duine bheidh ar aon ainmliost, an cólucht no an duine no na daoine gur de bharr ainmnithe uaidh no uatha cuireadh ar an ainmliost san é.

Na páipéirí ballóide.

40. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid, sé sin le rá:—

(a) beidh i ngach páipéar ballóide ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na n-iarrthóirí uile bheidh luaidhte sna hainmliostaí iomdha agus iad socair in ord aibítre a sloinnte agus, más mar a chéile aon dá shloinne no níos mó, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus san in aon cholún leanúnach amháin no i dhá cholún no níos mó fé mar is dóich leis an gceann cóimhrimh Seanaid, le toiliú an Aire, is caothúla;

(b) luadhfar i ngach páipéar ballóide freisin, maidir le gach iarrthóir a bheidh luaidhte ann, an t-ainmliost agus an fo-ainmliost ina mbeidh sé luaidhte mar iarrthóir;

(c) beidh sloinnte na n-iarrthóirí uile agus fé seach clóbhuailte ar na páipéirí ballóide i litreacha móra agus beidh a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí clóbhuailte i litreacha beaga, ach más mar a chéile sloinnte dhá iarrthóir no níos mó beidh ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin (chó maith le n-a sloinnte) clóbhuailte i litreacha móra agus fós oiread de sheoladh no de thuairisc, no de sheoladh agus de thuairisc, gach iarrthóra fé leith acu san agus a dhéanfaidh idirdhealú éifeachtúil eatorra dar leis an gceann cóimhrimh Seanaid.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so is sa bhfuirm orduithe bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide fé leith agus beidh có-dhuille ag gabháil leis agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar aghaidh an chó-dhuille sin agus le linn gach páipéar ballóide fé leith do thabhairt amach marcálfar gach taobh de le marc oifigiúil a stampálfar air no tollfar ann.

An modh chun vótanna do mharcáil ar na páipéirí ballóide.

41. —(1) Caithfidh toghthóir agus é ag tabhairt a vóta an figiúir 1 do chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfaidh ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3 agus 4 agus mar sin de do chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a rogha.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor no ná beidh sé curtha air i slí go dtaisbeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, no

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha, curtha os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóir amháin, no

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha, maraon le huimhir éigin eile curtha os coinne ainm an aon iarrthóra amháin, no

(e) ar a mbeidh éinní, ach an uimhir ar an gcúl, scríobhtha no marcálta tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé gan bhrí agus ní cóimhreofar é.

Páipéirí ballóide do chur chun na dtoghthóirí.

42. —(1) An lá bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach i dtoghachán Seanaid déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ballóide maraon le fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san, go dtí an seoladh bheidh luaidhte ar an rolla san de thoghthóirí.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine gur cheart páipéar ballóide do thoghachán Seanaid do chur chuige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so a chur in úil don cheann chóimhrimh Seanaid i scríbhinn go bhfuil níos mó ná ceithre huaire fichead a chluig imithe ón am ba cheart an páipéar ballóide sin do sheachadadh dhó i ngnáth-chúrsa an phuist agus ná fuair sé an páipéar ballóide sin agus gur mian leis go dtabharfaí amach dó páipéar ballóide dúbláideach agus dearbhú céannachta dúbláideach, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach, má gheibheann an scríbhinn sin am nach déanaí ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, no féadfaidh, má gheibheann an scríbhinn sin níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, páipéar ballóide agus dearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin, go dtí an seoladh luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, agus é soiléir ortha araon, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipéar ar dhath ar leithligh no tré shlí eile, gur dúbláidí iad den pháipéar bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do céad-chuireadh chun an duine sin fén alt so.

(3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach dearbhú céannachta.

(4) Nuair a bheidh an ceann cóimhrimh Seanaid ag cur amach páipéirí ballóide do réir an ailt seo cólíonfaidh na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An modh vótála.

43. —(1) Gach duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán Seanaid is sa tslí seo leanas agus ní hin aon tslí eile bheidh sé i dteideal vótáil sa toghachán san, sé sin le rá, tríd an bpáipéar ballóide cuirfear chuige fén alt so do mharcáil agus do chur chun an chinn chóimhrimh Seanaid tríd an bpost cláruithe no tríd an ngnáth-phost maraon leis an bhfuirm dhearbhú céannachta cuirfear chuige amhlaidh i dteanta an pháipéir bhallóide sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán Seanaid a chur in úil don cheann chóimhrimh Seanaid i scríbhinn gur chuir sé thar n-ais chun an chinn chóimhrimh Seanaid go cuibhe, tríd an bpost cláruithe, an páipéar ballóide agus an fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige fén alt so agus ná dearnadh, do réir dheallraimh, iad do sheachadadh don cheann chóimhrimh Seanaid agus gur mian leis go dtabharfaí amach dó páipéar ballóide dúbláideach agus dearbhú céannachta dúbláideach, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach, má gheibheann an scríbhinn sin am nach déanaí ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, no féadfaidh, má gheibheann an scríbhinn sin níos lugha ná ocht n-uaire is dachad a chluig roimh chríochnú na vótaíochta sa toghachán san, páipéar ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin, go dtí n-a sheoladh mar a bheidh san luaidhte ar an rolla de thoghthóirí, agus é soiléir ortha araon, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipéar ar dhath ar leithligh no tré shlí eile, gur dúbláidí iad den pháipéar bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do céad-chuireadh chun an duine sin fén alt so.

(3) Ag glacadh na bpáipéirí ballóide dhó i dtoghachán Seanaid agus ag deighleáil leo ar gach slí eile dhó cólíonfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Na comhaltaí do roinnt ar na hainmliostaí.

44. —Isiad so leanas na huimhreacha de chomhaltaí de Sheanad Éireann a toghfar as gach ceann fé leith de sna hainmliostaí, sé sin le rá:—

(a) toghfar cúig chomhalta as an ainmliost saoidheachta agus oideachais, eadhon, duine as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus ceathrar as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(b) toghfar aon chomhalta dhéag as an ainmliost talmhaíochta, eadhon, seisear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus cúigear as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(c) toghfar aon chomhalta dhéag as an ainmliost oibreachais, eadhon, seisear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus cúigear as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(d) toghfar naoi gcomhalta as an ainmliost tionnscail agus tráchtála, eadhon, cúigear as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus ceathrar as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san;

(e) toghfar seacht gcomhalta as an ainmliost riaracháin, eadhon, ceathrar as fo-ainmliost na Dála den ainmliost san agus triúr as fo-ainmliost na gcólucht ainmniúcháin den ainmliost san.

Toradh an toghacháin do dhéanamh amach.

45. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach ar leithligh, i bhfianaise na n-iarrthóirí bheidh i láthair agus do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, toradh an toghacháin maidir le gach ainmliost fé leith agus dearbhóidh na hiarrthóirí sin do bheith toghtha as an ainmliost san a déanfar amach amhlaidh do bheith toghtha.

(2) Ní bheidh dul thar breith an chinn chóimhrimh Seanaid ar aon cheist eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide no na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid ná ar aon chúrsa eile eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide do thabhairt amach no d'fháil no i dtaobh na vótanna do chóimhreamh, ach beidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt a thrialfaidh achuinghe toghacháin maidir leis an toghachán.

Rún do choimeád ar an vótáil.

46. —(1) Déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu leis na páipéirí ballóide do thabhairt amach no d'fháil no leis na vótanna do chóimhreamh i dtoghachán Seanaid agus gach iarrthóir a bheidh i láthair le linn na tabhartha amach no na fála no an chóimhrimh sin, rún do choimeád agus cabhrú chun rún do choimeád ar an vótáil sa toghachán san agus ní thabharfaid uatha roimh chríochnú an toghacháin, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe sa toghachán san no nár vótáil, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní thabharfaid d'éinne uair ar bith aon eolas, do gheobhfar le linn no i gcúrsa na tabhartha amach no na fála no an chóimhrimh sin, i dtaobh cé hé an t-iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir áirithe ná i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe no nár vótáil ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra áirithe.

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis é dá mharcáil, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm aon iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipéar ballóide sin.

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí do chur air.

Achuingheacha toghacháin i dtaobh toghacháin Seanaid.

47. —Na hachtacháin a bhaineann le tíolacadh agus le triail achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha bainfid le toghacháin Seanaid ach san gus na hatharuithe seo leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) an chúirt a bheidh ag triail achuinghe toghacháin i dtaobh toghacháin Seanaid ní bheidh comhacht aici a dhearbhú an toghachán uile do bheith gan bhrí ach féadfaidh a dhearbhú togha aon iarrthóra áirithe no níos mó do tuairiscíodh do toghadh sa toghacháin do bheith gan bhrí no do bheith dleathach do réir mar is gá do réir chirt;

(b) má dhearbhuíonn an chúirt sin amhlaidh togha aon iarrthóra áirithe do bheith gan bhrí dearbhóidh an chúirt gur toghadh an duine sin is gá do réir chirt de sna hiarrthóirí nár tuairiscíodh do bheith toghtha;

(c) beidh comhacht ag an gcúirt sin na leasuithe sin, is gá chun éifeacht do thabhairt dá breitheanna, do dhéanamh ar dheimhniú an chinn chóimhrimh Seanaid ar thoradh an toghacháin;

(d) ní bheidh sé d'fhiachaibh ar an gcúirt sin athchóimhreamh do chur á dhéanamh ar na vótanna tugadh do sna hiarrthóirí, ná scrúdú do dhéanamh ar an vótáil ná ar chóimhreamh na vótanna maidir leis na hiarrthóirí, ar ainmliost gur deimhin leis an gcúirt sin ina thaobh gan an vótáil do rinneadh maidir leis na hiarrthóirí air do bheith i gceist san achuinghe sin;

(e) léireofar mar thagairtí do Sheanad Éireann tagairtí do Dháil Éireann (ar a n-áirmhítear tagairtí deintear tré oiriúnú) agus léireofar mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanad Éireann tagairtí do Cathaoirleach no do Cheann Chomhairle Dháil Éireann (ar a n-áirmhítear tagairtí deintear tré oiriúnú).

(2) Ní déanfar, in aon imeachta dlí chun togha no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do dhiospóid, a cheangal ar dhuine ar bith do vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

Rialacha d'fhágaint gan cólíonadh.

48. —Ní dearbhófar togha aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do bheith gan bhrí de bhíthin na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith fágtha gan cólíonadh ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirmeacha bheidh orduithe fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bprínsiobal atá leagtha amach i gcorp an Achta so agus ná dearna an nea-chólíonadh no an dearmhad san deifir do thoradh an toghacháin.

Seirbhísí puist.

49. —Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirmhítear na seirbhísí clárathachta go léir) a déanfar ar fad laistigh d'Éirinn maidir le páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ina dtaobh do roimh-íoc leis agus tuigfear gur cuid de chostaisí an chinn chóimhrimh Seanaid gach éileamh den tsórt san agus íocfar iad dá réir sin.

CUID V.

Ilghneitheach.

Eirghe as comhaltas Sheanad Éireann.

50. —(1) Féadfaidh comhalta de Sheanad Éireann a toghfar fén Acht so eirghe as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann dá dheoin féin tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus craolfaidh seisean an t-eirghe-as san do Sheanad Éireann ag an gcéad chruinniú eile bheidh acu.

(2) Má eiríonn comhalta de Sheanad Éireann as fén alt so beidh éifeacht ag an eirghe-as san díreach ar Chathaoirleach Sheanad Éireann do chraoladh an chéanna do réir an ailt seo.

Duine do thogha mar chomhalta ollscoile agus mar chomhalta ainmliosta.

51. —Pé uair a thárlóidh, in olltoghachán do chomhaltaí de Sheanad Éireann, go dtoghfaidh ollscoil duine mar chomhalta de Sheanad Éireann (dá ngairmtear comhalta ollscoile san alt so) agus go dtoghfar an duine sin fén Acht so freisin mar chomhalta de Sheanad Éireann (dá ngairmtear comhalta ainmliosta san alt so), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an duine sin, tré scríbhinn fé n-a láimh a seachadfar do Chléireach Sheanad Éireann roimh a shuidheachán do thógaint i gceachtar feadhmannas a dhearbú ce'ca mar chomhalta ollscoile no mar chomhalta ainmliosta shuidhfidh i Seanad Éireann:

(b) mara ndeinidh an duine sin, laistigh de mhí tar éis an chéad chruinnithe bheidh ag Seanad Éireann tar éis an olltoghacháin sin, an dearbhú san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do sheachadadh do Chléireach Sheanad Éireann do réir na míre sin, tuigfear gur dhearbhuigh an duine sin i ndeireadh an mhí sin gur mar chomhalta ollscoile do shuidhfeadh i Seanad Éireann;

(c) chó luath agus a dhearbhóidh an duine sin no a tuigfear gur dhearbhuigh ce'ca de sna feadhmannaisí sin ina suidhfidh i Seanad Éireann, tuigfear é d'eirghe as a shuidheachán i Seanad Éireann mar chomhalta den chéanna sa bhfeadhmannas eile acu san.

CEAD SCEIDEAL.

An Toghachan do Stiuradh.

Na páipéirí ballóide do thabhairt amach.

1. An lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach i dtoghachán Seanaid, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, sa tslí a horduítear sna Rialacha so leanas, páipéar ballóide do thabhairt amach do gach toghthóir a bheidh luaidhte ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san.

Iarrthóirí do bheith i láthair.

2. Beidh gach iarrthóir i dtoghachán Seanaid i dteideal bheith i láthair le linn na bpáipéirí ballóide bheith á dtabhairt amach i gcóir an toghacháin sin agus, ar n-a iarraidh sin air d'aon iarrthóir den tsórt san, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid in úil don iarrthóir sin cathain do bhéarfar agus cá háit ina dtabharfar na páipéirí ballóide sin amach.

Na daoine bheidh i láthair le linn páipéirí ballóide bheith á dtabhairt amach.

3. Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus a chongantóirí, agus aon iarrthóir agus aon ghníomhaire bheidh ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh éinne eile ach amháin le cead an chinn chóimhrimh Seanaid, bheith i láthair le linn na bpáipéirí ballóide bheith á dtabhairt amach.

An modh chun páipéirí ballóide do thabhairt amach.

4. Bhéarfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ballóide amach do gach toghthóir fé leith tré sna nithe seo leanas do dhéanamh no a chur fé ndeár iad do dhéanamh maidir leis an toghthóir sin san ord so leanas, sé sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, seoladh agus tuairisc an toghthóra mar a bheid san luaidhte ar an rolla de thoghthóirí;

(b) marcálfar uimhir sin an toghthóra ar chó-dhuille an pháipéir bhallóide bheidh le cur chuige;

(c) cuirfear mare ar an rolla de thoghthóirí os coinne ainm an iarrthóra air chun a thaisbeáint gur tugadh amach páipéar ballóide don toghthóir sin gan a nochtadh cadé an páipéar ballóide é;

(d) marcálfar an páipéar ballóide ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil;

(e) déanfar an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide do mharcáil ar fhuirm dhearbhú céannachta agus ar chlúdach (dá ngairmtear an clúdach páipéir bhallóide anso feasta) a bheidh sa bhfuirm orduithe;

(f) cuirfear na scríbhinní seo leanas i gclúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anso feasta) a bheidh sa bhfuirm orduithe agus é dírithe chun an toghthóra ag á sheoladh mar a bheidh san luaidhte ar an rolla de thoghthóirí, sé sin le rá:—

(i) páipéar ballóide, agus

(ii) an fhuirm dhearbhú céannachta san, agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an clúdach clúdacháin anso feasta) a bheidh sa bhfuirm orduithe agus é dírithe chun an chinn chóimhrimh Seanaid, agus

(iv) an clúdach páipéir bhallóide sin;

(g) dúnfar an forchlúdach go héifeachtúil;

(h) nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den Riail seo cólíonta maidir leis na toghthóirí uile go mbeidh a n-ainmneacha ar an rolla de thoghthóirí, baileofar, cóimhreofar agus postálfar na forchlúdaigh dhúnta san go léir.

Páipéirí ballóide dúbláideacha do thabhairt amach.

5. Gach iarratas ar pháipear ballóide dúbláideach do thabhairt amach a gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid cúl-scríobhfaidh air, ar é fháil dó, an lá agus an uair do fuair agus fós uimhir leanúnach, agus gach páipéar ballóide dúbláideach do bhéarfar amach do bhun aon iarratais den tsórt san bhéarfar amach é do réir forálacha na Rialach san roimhe seo sa mhéid go mbainfid leis an gcás ach amháin go marcálfar ar chó-dhuille an pháipéir bhallóide sin, in ionad na huimhreach a bheidh ar an rolla de thoghthóirí, an uimhir leanúnach do cúl-scríobhadh ar an iarratas gur dá bhun a bheidh an páipéar ballóide sin á thabhairt amach agus, nuair a bheidh an páipéar ballóide sin tugtha amach, go ndéanfar leis an iarratas san fé mar is gá do réir na Rialacha so déanamh leis an gcóip mharcálta den rolla de thoghthóirí.

Páipéirí ballóide do phostáil.

6. Postálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na forchlúdaigh dhúnta san tré sna forchlúdaigh sin do sheachadadh don cheannoifig phuist is goire dhó, no do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceann-mháistir puist, agus stampálfaidh an máistir puist san oifig sin, leis an dát-stampa post-oifige, fuirm admhála thíolacfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus an méid forchlúdach do seachadadh amhlaidh luaidhte ann, agus cuirfidh na forchlúdaigh sin ar aghaidh láithreach tríd an bpost cláruithe chun a seachadtha do sna daoine chun a mbeid dírithe.

An rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí do choimeád.

7. Chó luath agus is féidir é tar éis tabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe agus i bhfianaise na n-iarrthóirí agus na ngníomhairí sin a bheidh i láthair déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid pacáidí ar leithligh den chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus séalófar na pacáidí sin le n-a shéala féin agus le séalaí an mhéide sin de sna hiarrthóirí no de sna gníomhairí sin gur mian leo a séalaí do chur ortha.

Bosca ballóide an tSeanaid.

8. Cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid bosca ballóide ar fáil, agus “Bosca ballóide an tSeanaid” marcálta air, chun na gclúdach clúdacháin do chur isteach ann nuair a chuirfidh na vótálaithe thar n-ais iad, agus ar thabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe taisbeánfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid an bosca ballóide sin, ar oscailt agus folamh, do sna hiarrthóirí agus do sna gníomhairí (más ann dóibh) a bheidh i láthair, agus séalóidh an bosca ballóide sin le n-a shéala agus déanfaidh socrú chun an bhosca bhallóide sin do choimeád slán sábhálta.

An ní déanfar leis na clúdaigh chlúdacháin ar iad d'fháil.

9. Gach clúdach clúdacháin do gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid roimh chríochnú na vótaíochta, cuirfidh láithreach, gan oscailt, isteach i mbosca ballóide an tSeanaid é, agus na clúdaigh chlúdacháin uile do gheobhaidh tar éis críochnú na vótaíochta, cuirfidh, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala iad, agus fós na forchlúdaigh uile cuirfear thar n-ais chuige mar rudaí nár seachadadh, cuirfidh, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala iad.

Fógra i dtaobh cóimhreamh na vótanna.

10. Trí lá ar a laighead roimh chríochnú na vótaíochta cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid tríd an bpost chun gach iarrthóra, go dtí n-a sheoladh mar a bheidh san luaidhte sna hainmliostaí d'iarrthóirí, fógra i scríbhinn i dtaobh an ama dhéanfaidh agus na háite ina ndéanfaidh bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt agus na vótanna do chóimhreamh.

Bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

11. Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis críochnú na vótaíochta osclóidh an ceann cóimhrimh Seanaid bosca ballóide an tSeanaid agus cóimhreoidh na vótanna.

Na daoine bheidh i láthair le linn cóimhreamh na vótanna.

12. Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus a chongantóirí. agus aon iarrthóir agus aon ghníomhaire bheidh ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh éinne eile ach amháin le cead an chinn chóimhrimh Seanaid, bheith i láthair le linn bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt no le linn na vótanna bheith á gcóimhreamh.

An nós imeachta leanfar nuair a hosclófar bosca ballóide an tSeanaid.

13. Nuair a hosclófar bosca ballóide an tSeanaid déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na clúdaigh chlúdacháin uile do thógaint amach as bosca ballóide an tSeanaid agus iad do chóimhreamh agus a líon do nótú;

(b) gach clúdach clúdacháin acu san d'oscailt agus aon cheann de sna clúdaigh sin ina mbeidh dearbhú céannachta tugadh amach mar dhúbláid d'fhuirm dhearbhú céannachta do chur ar leithligh;

(c) gach ceann fé leith de sna clúdaigh chlúdacháin sin nár cuireadh ar leithligh amhlaidh do thógaint ina aonar agus an dearbhú céannachta ann do scrúdú agus an uimhir ar an dearbhú san do chur i gcompráid leis an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide sa chlúdach chlúdacháin sin;

(d) más mar a chéile na huimhreacha san agus go bhfaighfear an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe, cuirfidh an dearbhú céannachta agus clúdach an pháipéir bhallóide i dhá ngabhadán ar leithligh;

(e) maran deimhin leis an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe cúl-scríobhfaidh “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh clúdach an pháipéir bhallóide dhe gan an clúdach san d'oscailt no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh an páipéar ballóide dhe;

(f) má gheibheann sé nach mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide, no mara mbeidh aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh an clúdach agus, más mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh an páipéar ballóide sa ghabhadán speisialta bheidh curtha ar fáil aige i gcóir páipéirí ballóide;

(g) maran mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfe sé an páipéar ballóide thar n-ais ina chlúdach, más ann dó, ceanglóidh an clúdach no an páipéar ballóide sin (do réir mar a bheidh) den dearbhú chéannachta, agus cúlscríobhfaidh “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta;

(h) má dheallruíonn sé ná fuil dearbhú céannachta i dteanta clúdach an pháipéir bhallóide, osclóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide, agus má gheibhtear an dearbhú céannachta do bheith ann déanfaidh leis an dearbhú agus leis an gclúdach páipéir bhallóide sin do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo;

(i) marcálfa sé an focal “diúltuithe” ar gach dearbhú céannachta ná beidh páipéar ballóide ina theanta agus ar gach páipéar ballóide ná beidh dearbhú céannachta ina theanta;

(j) nuair a bheidh deighleálta fé sna forálacha san roimhe seo den Riail seo leis na clúdaigh chlúdacháin sin uile nár cuireadh ar leithligh amhlaidh, déanfa sé gach ceann fé leith de sna clúdaigh chlúdacháin sin do cuireadh ar leithligh toisc go raibh dearbhú céannachta ionta tugadh amach mar dhúbláid de dhearbhú chéannachta do thógaint ina aonar agus an dearbhú céannachta bheidh ann (dá ngairmtear an dearbhú dúbláideach anso feasta) do scrúdú agus féachaint a ndearnadh roimhe sin dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna do scrúdú fén Riail seo no ná dearnadh;

(k) má scrúduíodh dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna roimhe sin fén Riail seo marcálfá sé “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú dúbláideach agus ceanglóidh clúdach an pháipéir bhallóide dhe gan an clúdach san d'oscailt no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh an páipéar ballóide dhe;

(l) marar scrúduíodh dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna roimhe sin fén Riail seo déanfa sé leis an dearbhú dúbláideach, agus fós le clúdach an pháipéir bhallóide agus leis an bpáipéar ballóide bheidh i dteanta an dearbhuithe sin, do réir na bhforálacha san roimhe seo den Riail seo ach amháin an dá mhír dheiridh sin roimhe seo dhi.

Páipéar ballóide agus dearbhú céannachta ná beidh sna clúdaigh chearta.

14. Más in éineacht do gheobhfar páipéar ballóide agus dearbhú céannachta agus gur mar a chéile na huimhreacha ar an bpáipéar ballóide sin agus ar an dearbhú céannachta san, ní diúltófar don pháipéar bhallóide sin mara mbeidh d'fhoras leis sin ach go raibh an páipéar ballóide sin agus an dearbhú céannachta san gan bheith sna clúdaigh chearta no go raibh aon chlúdach acu san gan bheith daingnithe.

Dearbhuithe céannachta do dhiúltú.

15. Taisbeánfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid do sna hiarrthóirí agus do sna gníomhairí (más ann dóibh) a bheidh i láthair aon dearbhú céannachta go mbeidh sé chun diúltú dhó ar an scór nár críochnuíodh agus ná dearnadh sa cheart é agus má chuireann aon iarrthóir no gníomhaire acu san i gcoinnibh na breithe sin uaidh cuirfidh leis an gcúl-scríbhinn na focail “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Dearbhuithe dá ndiúltófar do choimeád ar deighilt.

16. Déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na dearbhuithe uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh no leis na páipéirí ballóide, do réir mar a bheidh, a bheidh ceangailte dhíobh, do choimeád ar deighilt o scríbhinní eile.

Clúdaigh pháipéirí ballóide d'oscailt.

17. Nuair a bheidh na clúdaigh chlúdacháin uile i mbosca ballóide an tSeanaid oscailte agus a bheidh deighleálta fé sna Rialacha san roimhe seo le n-a mbeidh ionta, osclóidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach clúdach páipéir bhallóide ná beidh oscailte agus cuirfidh an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus, más mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide, cuirfidh an páipéar ballóide isteach sa ghabhadán speisialta bheidh curtha ar fáil aige i gcóir páipéirí ballóide ach, maran mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide, ceanglóidh an ceann cóimhrimh Seanaid an páipéar ballóide sin agus an clúdach san dá chéile agus marcálfaidh “diúltuithe” ortha.

Dearbhuithe, páipéirí ballóide, etc., do choimeád.

18. Chó luath agus a bheidh na páipéirí ballóide uile curtha isteach sa ghabhadán speisialta san ag an gceann cóimhrimh Seanaid cuirfidh i bpacáidí ar leithligh fé shéala (1) na dearbhuithe céannachta bhí i dteanta aon pháipéiri ballóide le n-ar glacadh go cuibhe; (2) aon dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh; agus (3) aon pháipéirí ballóide dar diúltuíodh; agus, sa dá chás deiridh sin, na clúdaigh (más ann dóibh) a bheidh ceangailte dhíobh.

Na vótanna do chóimhreamh.

19. Nuair a bheidh na Rialacha san roimhe seo den Sceideal so cólíonta ag an gceann cóimhrimh Seanaid meascfaidh go maith ar a chéile na páipéirí ballóide bheidh sa ghabhadán speisialta san a bheidh curtha ar fáil aige i gcóir páipéirí ballóide agus cóimhreoidh, do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótanna do breacadh ar na páipéirí ballóide sin.

Páipéirí ballóide bheidh gan bhrí do dhiúltú.

20. Cúl-scríobhfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid “diúltuithe” ar aon pháipéar ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipéar gan bhrí agus má chuireann aon iarrthóir no gníomhaire i gcoinnibh na breithe sin uaidh le n-ar dhiúltuigh don pháipéar bhallóide cuirfidh leis an gcúl-scríbhinn sin “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Na himeachta fén Sceideal so do bheith leanúnach.

21. Sa mhéid gur féidir é déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na himeachta fén Sceideal so tar éis an bhosca bhallóide d'oscailt agus fós cóimhreamh na vótanna do choimeád ar siúl gan sos ach féadfaidh tráth ar bith, na himeachta no an cóimhreamh san do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is ceart, dar leis, chun bia no deoch do chaitheamh no mar gheall ar an oíche no ar aon réasún eile chífear dó is leor, agus pé uair a chuirfidh na himeachta san no an cóimhreamh san ar fiunraoi amhlaidh glacfaidh gach réamh-chúram is cóir chun na bpáipéirí ballóide, na gclúdach, na vótanna, agus na scríbhinní eile bhainfidh leis an toghachán do choimeád sábhálta.

Dearbhú seicréideachta.

22. Déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus gach éinne dá chongantóirí thógfaidh páirt in aon cheann de sna himeachta fén Sceideal so no i gcóimhreamh na vótanna agus gach iarrthóir agus gníomhaire bheidh i láthair le linn aon imeachta dhíobh san no le linn an chóimhrimh sin geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú, sara dtógfaid páirt amhlaidh no sara mbeid i láthair amhlaidh, go gcoimeádfaid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thoradh na vótaíochta.

23. Chó luath agus a bheidh cóimhreamh na vótanna críochnuithe ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid i ndúbláid maidir le gach ainmliost fé leith deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh as an ainmliost san, uimhir iomlán na vótanna do tugadh do gach iarrthóir fé leith (pe'ca toghadh é no nár toghadh), gach aistriú fiúntaisí do rinneadh fén Acht so agus an fiúntas iomlán do bhí creidiúnuithe do gach iarrthóir fé leith i ndeireadh an chóimhrimh ina ndearnadh gach aistriú fé leith den tsórt san, agus pé nithe eile bheidh orduithe, agus sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid an deimhniú dúbláideach san ansan agus cuirfidh ceann de sna dúbláidí sin go dtí Cléireach Dháil Éireann agus (ach amháin i gcás an chéad toghacháin Seanaid) an ceann eile de sna dúbláidí sin go dtí Cléireach Sheanad Éireann.

I gcás gach deimhniú a hullamhófar fén Riail seo maidir leis an gcéad toghachán Seanaid, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, tar éis dó dúbláid amháin den deimhniú san do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann, an dúbláid eile den deimhniú san do choimeád agus cuirfidh an dúbláid eile sin go dtí Cléireach Sheanad Éireann no seachadfaidh dó é chó luath agus is féidir é tar éis an Chléirigh sin do bheith ceaptha.

Toradh an toghacháin d'fhoillsiú.

24. Ullamhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid freisin agus foillseoidh san Iris Oifigiúil ráiteas sa bhfuirm orduithe ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh as gach ainmliost fé leith.

Páipéiri ballóide do choimeád.

25. Ar chríochnú chóimhreamh na vótanna dhó cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid i bpacáidí ar leithligh fé shéala na páipéirí ballóide cóimhrithe agus na páipéirí ballóide dar diúltuíodh mar pháipéirí gan bhrí.

An ceann cóimhrimh do choinneáil scríbhinní.

26. Coinneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid go ceann sé mhí tar éis críochnú na vótaíochta na pacáidí uile agus fé seach a bheidh fé shéala agus ina mbeidh an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí, có-dhuillí na bpáipéirí ballóide, na clúdaigh chlúdacháin do fuarthas tar éis críochnú na vótaíochta, na forchlúdaigh do cuireadh thar n-ais mar rudaí nár seachadadh, na dearbhuithe céannachta le n-ar glacadh, na dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide cóimhrithe, agus na páipéirí ballóide gan bhrí agus i gcionn na tréimhse sin de sé mhí dítheoidh na pacáidí séaluithe sin uile mara mbeidh a mhalairt orduithe ag bínse toghacháin.

Pacáidí séaluithe d'iniúchadh.

27. Ní leigfear do dhuine ar bith iniúchadh do dhéanamh ar aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin a choinneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid ná ar éinní dá mbeidh ionta ach amháin fé ordú bhínse thoghacháin agus dá réir sin.

Údarás chun pacáidí séaluithe d'iniúchadh.

28. Féadfaidh bínse toghacháin a údarú do dhuine ar bith iniúchadh do dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin ar ar gá do réir chirt san do dhéanamh ach nuair a bheidh aon iniúchadh den tsórt san á dhéanamh bhéarfar aire ná déanfar an tslí in ar vótáil aon toghthóir áirithe d'fháil amach go dtí go mbeidh cruthuithe chun sástachta bhínse thoghacháin gur vótáil an toghthóir sin agus go mbeidh dearbhuithe ag an mbínse sin a vóta do bheith gan bhrí.

Orduithe bínse thoghacháin do chólíonadh.

29. Cólíonfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ordú a dhéanfaidh bínse toghacháin i dtaobh na bpacáidí séaluithe sin d'iniúchadh agus do thabhairt i láthair agus i dtaobh cad déanfar leo.

Tabhairt-i-láthair ag an gceann cóimhrimh Seanaid do bheith ina fianaise dho-chlaoite.

30. Má orduíonn bínse toghacháin don cheann chóimhrimh Seanaid aon scríbhinn no pacáid scríbhinní ina sheilbh a bhainfidh le toghachán áirithe do thabhairt i láthair agus má dheineann an ceann cóimhrimh Seanaid an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin do thabhairt i láthair do réir an orduithe sin beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise dho-chlaoite go mbaineann an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin leis an toghachán áirithe sin, agus an chúl-scríbhinn a bheidh curtha ag an gceann cóimhrimh Seanaid do réir an Sceidil seo ar aon scríbhinn no pacáid scríbhinní den tsórt san beidh sí ina fianaise dho-chlaoite gurb é ní an scríbhinn no an phacáid sin ná an ní go ndeirtear sa chúlscríbhinn sin gurb í é.

Fianaise ar vótáil.

31. Má dheineann an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ballóide do thabhairt i láthair a bhéarfaidh le tuisgint gur húsáideadh é in aon toghachán agus có-dhuille go mbeidh an uimhir chlóbhuailte chéanna marcálta air agus go mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn air, beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an duine do vótáil leis an bpáipéar ballóide sin agus an duine gur mar a chéile a uimhir ar an rolla de thoghthóirí bhainfidh leis an toghachán san agus an uimhir a bheidh marcálta amhlaidh ar an gcó-dhuille sin.

An ceann cóimhrimh Seanaid do chur cúl-scríbhinne ar phacáidí.

32. Pé uair is gá don cheann chóimhrimh Seanaid, do réir an Sceidil seo, aon scríbhinní do chur i bpacáid ar leithligh fé shéala cúl-scríobhfaidh ar an bpacáid sin ráiteas ina luadhfar líon agus cineál na scríbhinní sin agus an toghachán le n-a mbainid.

Bínse toghacháin.

33. Sa Sceideal so cialluíonn an abairt “bínse toghacháin” cúirt ag á mbeidh údarás go dleathach chun deighleáil le hachuingheacha ag gearán mar gheall ar thuairisciú neachuibhe no ar thogha nea-chuibhe i dtoghachán Seanaid.

DARA SCEIDEAL.

Coimhreamh na Votanna.

Páipéirí ballóide gan bhrí do dhiúltú.

1. Diúltóidh an ceann cóimhrimh Seanaid d'aon pháipéirí ballóide bheidh gan bhrí.

An t-ord rogha.

2. Déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach ansan cadé an uimhir de chéad-roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide do gach iarrthóir fé leith, agus ansan cóireoidh na hiarrthóirí ar liost (dá ngairmtear “an t-ord rogha” anso feasta) in ord na huimhreach de chéad-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith ag tosnú leis an iarrthóir dar breacadh an uimhir is mó de chéad-roghna. Más có-mhéid an uimhir de chéad-roghna do breacadh d'aon dá iarrthóir no níos mó (dá ngairmtear “iarrthóirí có-ionannacha” anso feasta) déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach eadé an uimhir de dhara roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarr thóirí có-ionannacha agus cóireoidh na hiarrthóirí có-ionannacha ar an ord rogha, in eagar eatorra féin, in ord na ndara roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith acu, ag tosnú leis an iarrthóir dar breacadh an uimhir is mó de dhara roghna. Más có-mhéid an uimhir de chéad-roghna agus de dhara roghna do breacadh d'aon dá iarrthóir chó-ionannacha no níos mó déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach sa tslí chéanna cadé an uimhir de threas roghna do breacadh ar na páipéirí ballóide uile do gach duine fé leith de sna hiarrthóirí có-ionannacha san is déanaí luaidhtear agus cóireoidh na hiarrthóirí sin ar an ord rogha dá réir sin, agus mar sin de go mbeidh na hiarrthóirí uile cóirithe in ord ar an ord rogha. Más có-mhéid an uimhir de chéad-roghna, de dhara roghna, de threas roghna agus de sna roghna eile go léir do breacadh d'aon dá iarrthóir chó-ionannacha no níos mó cinnfidh an ceann cóimhrimh Seanaid le crann-chur an t-ord ina mbeidh na hiarrthóirí sin le cóiriú ar an ord rogha.

Na páipéirí ballóide do shocrú ina mbeartáin.

3. Socróidh an ceann cóimhrimh Seanaid ansan na páipéirí ballóide dleathacha ina mbeartáin do réir na gcéad-roghna do breacadh do gach iarrthóir fé leith.

Fiúntas gach páipéir bhallóide fé leith.

4. Chun gurb usa déanfar an obair a horduítear leis na Rialacha so tuigfear gur fiú míle gach páipéar ballóide dleathach fé leith

Fiúntaisí céad-roghna do chreidiúnú.

5. Cóimhreoidh an ceann cóimhrimh Seanaid ansan an méid páipéirí ballóide bheidh i ngach beartán fé leith agus, do réir na Rialach san roimhe seo, creidiúnóidh do gach iarrthóir fé leith fiúntas na bpáipéirí ballóide dleathacha ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin.

An quota do dhéanamh amach.

6. Ansan cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid le chéile fiúntaisí na mbeartán uile agus roinnfidh an fiúntas iomlán ar uimhir go mbeidh aon de bhreis aici ar an uimhir d'fholúntaisí bheidh le líonadh. A thoradh san, ach aon do chur leis agus gan áird do thabhairt ar aon iarmhar briste, an fiúntas is leor chun iarrthóir do thogha. An “quota” gairmtear den fhiúntas so sa Sceideal so.

Tuigfear iarrthóirí fuair an quota do bheith toghtha.

7. Más có-ionann leis an quota no más mó ná an quota an fiúntas a bheidh creidiúnuithe d'iarrthóir i ndeireadh aon chóimhrimh no i ndeireadh aistriú aon bheartáin no fo-bheartáin le hiarrthóir do dúnadh amach no le hiarrthóir go dtuigfear nach iarrthóir leanúnach é, tuigfear, fé réir forálacha na Rialacha ina dhiaidh seo, an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

larrthóirí ar an aon fho-ainmliost amháin agus an quota acu.

8. (1) Más có-ionann leis an quota no más mó ná an quota an fiúntas a bheidh creidiúnuithe d'aon iarrthóir áirithe no níos mó i ndeireadh cóimhrimh agus gur ar an aon fho-ainmliost amháin do sna hiarrthóirí sin (má bhíonn níos mó ná éinne amháin acu ann) agus gur có-ionann leis an méid iarrthóirí bheidh creidiúnuithe amhlaidh an méid folúntaisí bheidh le líonadh fós as an bhfo-ainmliost san, tuigfear na hiarrthóirí sin uile do bheith toghtha agus, sara ndéanfar aon iarrthóir eile do dhúnadh amach no barrachas aon iarrthóra eile d'aistriú, déanfar páipéirí na n-iarrthóirí (más aon iarrthóir é) a bheidh fágtha ar an bhfo-ainmliost san d'aistriú do réir na bhforálacha de sna Rialacha so bhaineann le hiarrthóirí do dhúnadh amach ach amháin gurb iad páipéirí an iarrthóra dá mbeidh an fiúntas is mó creidiúnuithe is túisce a haistreofar agus mar sin de, agus leis sin tuigfear, chun críche na Rialacha so, nach iarrthóirí leanúnacha na hiarrthóirí sin a bheidh fágtha.

(2) Má thárlann, i ndeireadh cóimhrimh, an méid iarrthóirí ar fho-ainmliost a bheidh creidiúnuithe le fiúntas is mó ná an quota no is có-ionann leis do bheith níos mó ná an méid folúntaisí bheidh le líonadh fós as an bhfo-ainmliost san, ní tuigfear a bheith toghtha ach an méid sin de sna hiarrthóirí sin is có-ionann leis an méid folúntaisí bheidh le líonadh fós amhlaidh. Isiad na hiarrthóirí tuigfear amhlaidh do bheith toghtha ná na hiarrthóirí ag á mbeidh na barrachaisí is mó. Más có-ionann barrachas do gach duine de dhá iarrthóir no níos mó acu san tuigfear an t-iarrthóir dá raibh an fiúntas ba mhó creidiúnuithe sa chéad chóimhreamh nár chó-ionann na fiúntaisí bhí creidiúnuithe do sna hiarrthóirí sin, no (má ba chó-ionann i ngach cóimhreamh na fiúntaisí bhí creidiúnuithe amhlaidh) an t-iarrthóir is aoirde san ord rogha, do bheith toghtha. Tuigfear nach iarrthóirí leanúnacha no hiarrthóirí bheidh fágtha ar an bhfo-ainmliost san agus, sara ndéanfar aon iarrthóir eile do dhúnadh amach no barrachas aon iarrthóra eile d'aistriú, aistreofar a bpáipéirí (pe'ca is mó no is lugha ná an quota, no is có-ionann leis. na fiúntaisí bheidh creidiúnuithe dhóibh fé seach) sa tslí chéanna in ar gá fé sna Rialacha so páipéirí iarrthóra do dúnadh amach d'aistriú ach amháin gurb iad páipéirí an iarrthóra dá mbeidh an fiúntas is mó creidiúnuithe is túisce a haistreofar agus mar sin de.

(3) Tuigfear chun críche na Rialach so barrachas do bheith ag iarrthóir a bheidh creidiúnuithe le fiúntas is có-ionann leis an quota.

(4) Má thárlann, i ndeireadh aon chóimhrimh, gur gá do réir na Rialacha so a thuisgint i dtaobh dhá iarrthóir no níos mó nach iarrthóirí leanúnacha iad, agus ná beidh na hiarrthóirí sin uile ar an aon fho-ainmliost amháin, isiad páipéirí an iarrthóra dá mbeidh an fiúntas is mó creidiúnuithe an uair sin is túisce a haistreofar. Má bhíonn dhá iarrthóir no níos mó acu san creidiúnuithe leis an aon fhiúntas amháin isiad páipéirí an iarrthóra dá raibh an fiúntas ba mhó creidiúnuithe sa chéad chóimhreamh nár chó-ionann na fiúntaisí bhí creidiúnuithe dhóibh, no (má ba chó-ionann i ngach cóimhreamh na fiúntaisí bhí creidiúnuithe amhlaidh) páipéirí an iarrthóra is aoirde ar an ord rogha, is túisce a haistreofar.

Barrachas d'aistriú.

9. Má thárlann, i ndeireadh aon chóimhrimh, gur mó ná an quota an fiúntas a bheidh creidiúnuithe d'iarrthóir (dá ngairmtear an t-iarrthóir toghtha sa Riail seo) aistreofar an barrachas chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha bheidh curtha in úil ar na páipéirí vótála i mbeartán no i bhfo-bheartán an iarrthóra thoghtha do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha, agus bainfidh na forálacha so leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) más as bun-vótanna amháin a tháinig an fiúntas a bheidh creidiúnuithe don iarrthóir toghtha, scrúdóidh an ceann cóimhrimh Seanaid na páipéirí ballóide uile i mbeartán an iarrthóra thoghtha agus socróidh na páipéirí ionaistrithe bheidh ann ina bhfo-bheartáin do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(b) más as bun-vótanna agus as vótanna aistrithe, no as vótanna aistrithe amháin, a tháinig an fiúntas a bheidh creidiúnuithe don iarrthóir toghtha, scrúdóidh an ceann cóimhrimh Seanaid na páipéirí ballóide bheidh sa bhfobheartán is déanaí fuair an t-iarrthóir toghtha agus socróidh na páipéirí ionaistrithe bheidh ann ina bhfobheartáin eile do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe;

(c) i gceachtar de sna cásanna dá dtagartar sna míreanna san roimhe seo (a) agus (b) déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach cadé an méid páipéirí ballóide agus cad is fiúntas iomlán do sna páipéirí ballóide bheidh i ngach fo-bheartán fé leith de pháipéirí ionaistrithe agus sa bhfo-bheartán de pháipéirí neamh-ionaistrithe;

(d) más có-ionann leis an mbarrachas san, no más lugha ná é, fiúntas iomlán na bpáipéirí sna fo-bheartáin uile de pháipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach fo-bheartán fé leith de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh go mbeidh curtha in úil ortha gurb é céad rogha infheadhma eile an vótálaí é, agus is ar an bhfiúntas ar a bhfuair an t-iarrthóir toghtha é a haistreofar gach páipéar fé leith, agus (más lugha ná an barrachas san an fiúntas iomlán san) cuirfear na páipéirí neamh-ionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí neamh-éifeachtacha, ar fhiúntas is có-ionann leis an deifríocht idir an barrachas san agus an fiúntas iomlán san;

(e) más mó ná an barrachas san fiúntas iomlán na bpáipéirí sna fo-bheartáin uile de pháipéirí ionaistrithe déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach páipéar fé leith sa bhfo-bheartán san de pháipéirí ionaistrithe d'aistriú chun an iarrthóra leanúnaigh go mbeidh curtha in úil air gurb é céad rogha infheadhma eile an vótálaí é, agus isé slí ina ndéanfar amach an fiúntas ar a n-aistreofar gach páipéar fé leith ná tríd an mbarrachas do roinnt ar an uimhir iomlán de pháipéirí ionaistrithe, gan áird do thabhairt ar iarmhair bhriste ach amháin go gcuirfear síos ar leathán an tortha an fiúntas a caillfear dá dhruim sin;

(f) barrachas a thiocfaidh de bharr aon chóimhrimh áirithe is túisce deighleálfar leis ná mar a deighleálfar le barrachas a thiocfaidh de bharr cóimhrimh a déanfar ina dhiaidh;

(g) má thagann dhá bharrachas no níos mó de bharr an aon chóimhrimh amháin is leis an gceann is mó is túisce deighleálfar agus is in ord a méide deighleálfar leis na cinn eile;

(h) má bhíonn ag dhá iarrthóir no níos mó barrachas có-ionann a thiocfaidh de bharr an aon chóimhrimh amháin is le barrachas an iarrthóra dá raibh an fiúntas ba mhó creidiúnuithe sa chéad chóimhreamh nár chó-ionann na fiúntaisí bhí creidiúnuithe do sna hiarrthóirí sin is túisce deighleálfar, agus má ba chóionann i ngach cóimhreamh na fiúntaisí bhí creidiúnuithe do sna hiarrthóirí sin is le barrachas an iarrthóra is aoirde san ord rogha is túisce dheighleálfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid.

Iarrthóirí do dhúnadh amach.

10. Má thárlann, i ndeireadh aon chóimhrimh, gan barrachas do bheith ag iarrthóir ar bith agus folúntas no folúntaisí do bheith gan líonadh dúnfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid amach an t-iarrthóir (dá ngairmtear sa Riail seo an t-iarrthóir do dúnadh amach) dá mbeidh an fiúntas is lugha creidiúnuithe an uair sin agus aistreoidh a pháipéirí chun na n-iarrthóirí leanúnacha fé seach go mbeidh curtha in úil ar na páipéirí ballóide i mbeartán no i bhfo-bheartáin an iarrthóra do dúnadh amach gurb iad cead rogha infheadhma eile an vótálaí iad agus creidiúnóidh na hiarrthóirí leanúnacha san le fiúntas na bpáipéirí a haistreofar amhlaidh, agus bainfidh na rialacha so leanas leis an aistriú san do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) isé an beartán ina mbeidh bun-vótanna is túisce a haistreofar, agus is míle is fiúntas do gach páipéar fé leith le linn é aistriú;

(b) déanfar ansan na fo-bheartáin ina mbeidh vótanna aistrithe d'aistriú san ord ina bhfuair agus ar an bhfiúntas ar a bhfuair an t-iarrthóir do dúnadh amach iad;

(c) chun a chinneadh ce'ca iarrthóir leanúnach iarrthóir áirithe no nach eadh áirmheofar aistriú gach beartáin no fo-bheartáin fé leith mar chóimhreamh ar leithligh;

(d) le linn gach beartán no fo-bheartán fé leith d'aistriú déanfar fo-bheartán fé leith de sna páipéirí neamhionaistrithe agus cuirfear i leataoibh iad ar an bhfiúntas ar a bhfuair an t-iarrthóir do dúnadh amach iad;

(e) más rud é, nuair is gá iarrthóir do dhúnadh amach fén Riail seo, gur có-ionann an fiúntas a bheidh creidiúnuithe an uair sin do gach duine fé leith de dhá iarrthóir no níos mó agus gurb iad is ísle féachfar don fhiúntas iomlán de bhun-vótanna bheidh creidiúnuithe do gach iarrthóir fé leith acu san agus dúnfar amach an t-iarrthóir is lugha fiúntas iomlán den tsórt san, agus más có-ionann na fiúntaisí iomlána san féachfar don fhiúntas iomlán de vótanna do bhí creidiúnuithe do gach iarrthóir fé leith acu san sa chéad chóimhreamh nár chó-ionann na fiúntaisí bhí acu, agus dúnfar amach an t-iarrthóir ba lugha fiúntas iomlán den tsórt san sa chóimhreamh san, agus má ba chó-ionann an fiúntas iomlán de vótanna bhí creidiúnuithe do gach iarrthóir fé leith acu san i ngach cóimhreamh dúnfar amach an t-iarrthóir acu san is ísle san ord rogha;

(f) más có-ionann an méid iarrthóirí leanúnacha ar fho-ainmliost agus an méid folúntaisí bheidh le líonadh fós as an bhfo-ainmliost san, scuirfidh an Riail seo de bhaint leis na hiarrthóirí leanúnacha san.

An ní déanfar leis na páipéirí ar iad d'aistriú.

11. Ar gach aistriú fé leith do dhéanamh fén Riail seo, déanfar gach fo-bheartán fé leith de pháipéirí a haistreofar do chur ar bharr an bheartáin no an fho-bheartáin (más ann dó) de pháipéirí an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú agus creidiúnófar don iarrthóir sin fiúntas na bpáipéar a haistreofar chuige amhlaidh, ar n-a dhéanamh amach do réir na Rialacha so.

Có-ionannas folúntaisí agus iarrthóirí.

12. Más rud é, nuair ná beidh aon bharrachas le haistriú agus toisc an méid iarrthóirí bheidh dúnta amach cheana, gur có-ionann an méid folúntas a bheidh le líonadh fós o gach fo-ainmliost fé leith agus an méid iarrthóirí leanúnacha bheidh ar na fo-ainmliostaí sin fé seach, tuigfear leis sin na hiarrthóirí leanúnacha san uile bheith toghtha.

Leathán an tortha.

13. I ndeireadh gach cóimhrimh breacfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid ar leathán tortha bheidh so bhfuirm orduithe iomlán na bhfiúntas a bheidh creidiúnuithe do gach iarrthóir fé leith i ndeireadh an chóimhrimh sin agus fós fiúntas na bpáipéirí neamh-ionaistrithe ná raibh éifeachtach sa chóimhreamh san agus an fiúntas do cailleadh sa chóimhreamh san de dheascaibh gan áird do thabhairt ar chodáin.

Réamh-chúram chun seicréideachta.

14. Faid a bheidh na vótanna á gcóimhreamh coimeádfar na páipéirí ballóide ar a mbéal in áirde sa mhéid gur féidir é agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ní is ceart chun ná féadfar na huimhreacha ar chúl na bpáipéirí ballóide d'fheiscint.

Mínithe.

15. Sna Rialacha so—

(1) cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfear a bheith toghtha agus ná beidh dúnta amach;

(2) cialluíonn an focal “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar, cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i leanúntas an fhigiúra “1”, agus cialluíonn an abairt “treas rogha” an figiúir “3” ina aonar i leanúntas na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainme aon iarrthóra, agus mar sin de;

(3) cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin ar n-a bhreacadh in ord uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile do réir úird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a tuigfear a bheith toghtha no beidh dúnta amach cheana;

(4) cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh, i ndiaidh céad-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha in ord uimhreach d'iarrthóir leanúnach;

(5) cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar ballóide—

(a) ná beidh aon dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach, no

(b) ar a mbeidh ainmneacha dhá iarrthóir no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nach cadh) marcálta leis an aon uimhir amháin, agus iad ina gcéad iarrthóirí eile in ord rogha, no

(c) ar a mbeidh ainm an chéad iarrthóra cile in ord rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nach eadh) marcálta le huimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide no le dhá uimhir no níos mó, no

(d) a bheidh gan bhrí toisc nea-chinnteachta;

(6) cialluíonn an focal “bun-vóta,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh céad-rogha breactha don iarrthóir sin;

(7) cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin;

(8) cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota a bheidh fiúntas iomlán na vótanna, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a bheidh creidiúnuithe d'aon iarrthóir;

(9) cialluíonn an focal “cóimhreamh” (do réir mar is gá sa chóthéacs)—

(a) gach oibriú is gá do dhéanamh chun na gcéad-roghna bheidh breactha d'iarrthóirí do chóimhreamh, no

(b) gach oibriú is gá do dhéanamh chun barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú, no

(c) gach oibriú is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra do dúnadh amach d'aistriú, no

(d) páipéirí iarrthóra go dtuigfear gan é bheith ina iarrthóir leanúnach d'aistriú do bhun na Rialacha so;

(10) cialluíonn an abairt “tuigfear a bheith toghtha” tuigfear a bheith toghtha chun na críche bhaineann le cóimhreamh do dhéanamh, ach beidh san gan dochar do thoradh an toghacháin do dhearbhú;

(11) cialluíonn an abairt “cinneadh le crannchur” cinneadh do réir na dtreoracha so leanas, sé sin le rá:—

tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbainfidh do scríobhadh ar bhlúirí páipéir có-chosúla agus na blúirí d'fhilleadh i slí ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheascadh agus do tharrac gan ordú gan eagar, déanfar na hiarrthóirí le n-a mbainfidh do shocrú eatorra féin ar an ord rogha san ord ina dtarraiceofar na blúirí páipéir ar a mbeidh a n-ainmneacha, ag tosnú leis an iarrthóir go mbeidh a ainm ar an gcéad bhlúire páipéir a tarraiceofar.