12 1938


Uimhir 12 de 1938.


ACHT AIRGEADAIS (CÓ-AONTÚ LEIS AN RÍOCHT AONTUITHE), 1938.


ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM, DIÚITÉTHE CUSTUM, AGUS IOMPORTÁIL EARRAÍ DO LEASÚ FÉ MAR IS GÁ CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DON CHÓ-AONTÚ TRÁDÁLA DO RINNEADH AN 25adh LÁ D'ABRÁN, 1938, IDIR AN RIAGHALTAS AGUS RIAGHALTAS NA RÍOCHTA AONTUITHE.

[16adh Bealtaine, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Ríocht Aontuithe” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus Inse Mara nIocht agus Oileán Manann.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so, agus san Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.

Diúitéthe ar shíoda agus ar shíoda shaordha.

3. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir scilling agus reul an tslat chearnach ar gach earra fhighte a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus a bheidh ina gréasán le linn a hiomportála agus ina mbeidh dachad per cent. ar a laighead de shíoda do réir mheáchainte, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus nach fiú níos mó ná scilling agus reul an tslat chearnach.

(2) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir ocht bpingne an tslat chearnach ar gach earra fhighte a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus a bheidh ina gréasán le linn a hiomportála agus ina mbeidh dachad per cent. ar a laighead de shíoda shaordha, no de shíoda agus de shíoda shaordha, do réir mheáchainte, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus nach fiú níos mó ná scilling agus leath-reul an tslat chearnach.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dá dhiúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí do bhí, toisc ráta thosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité agus go mbeadh sa liost san earraí is ionchurtha fé cheachtar de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so.

Diúité ar ghual.

4. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir trí scilling an tonna ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gual, culm, cloch ghuail, bruscar guail, agus cóc, agus

(b) abhar teine soladach is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad de ghual no de dheannach guail.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do táirgeadh no do rinneadh í.

Diúité ar bhrioscaí nea-milsithe gan cócó ionta.

5. —Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir leathreul an punt ar na brioscaí uile a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim iad do bheith déanta de chruithneachtain no de thoradh chruithneachtan no ceachtar acu san do bheith ionta agus gan cócó do bheith ionta ná iad do bheith milsithe.

Rátaí an diúité ar earraí áirithe as an Ríocht Aontuithe no as Ceanada.

6. —(1) An diúité custum is inéilithe, ar aon earra luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, de bhuadh an achtacháin a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra san sa dara colún san, is do réir an ráta luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra san sa dara colún san, in ionad an ráta gur dá réir atá an diúité sin inéilithe fén achtachán san a luaidhtear sa tríú colún san, a héileofar, a gearrfar agus a híocfar é ar gach earra den tsórt san a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh í.

(2) I ngach cás ina luaidhtear percentáiste sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, déanfar an luadh sa cheathrú colún san do léiriú mar ní chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

Rátaí an diúité ar thorthaí áirithe talmhaíochta agus iascaigh as an Ríocht Aontuithe no as Ceanada.

7. —An diúité custum is inéilithe, ar aon earra luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, de bhuadh an achtacháin a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra san sa dara colún san, is do réir an ráta luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra san sa dara colún san, in ionad an ráta gur dá réir atá an diúité sin inéilithe fén achtachán san a luaidhtear sa tríú colún san, a héileofar, a gearrfar agus a híocfar é ar gach earra den tsórt san a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh í.

Alt 22 den. Acht Airgid, 1924 , do leasú.

8. —(1) Ní bheidh sé riachtanach stampa greamuitheach do bheith ar aon fhuirm iontrála chustum do réir ailt 22 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , alos aon chonsighneachta earraí bheidh luaidhte sa bhfuirm iontrála san agus—

(a) a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin, agus

(b) ná beidh inti ach earraí ná híocfar aon diúité custum ortha, agus

(c) ná beidh inti ach earraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh iad.

(2) Is fé réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so léireofar alt 22 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus go sonnrách fo-alt (1) de, agus a bheidh éifeacht ag an gcéanna.

(3) San alt so tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “consighneacht” atá leis in alt 22 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

An diúité minimum do leasú.

9. —Le linn alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus alt 8 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), fé seach, d'fheidhmiú maidir le consighneachtaí no birt a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus ná beidh ionta ach earraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do fásadh, do táirgeadh no do rinneadh iad, beidh éifeacht ag na hailt sin, no ag an gceann acu is infheidhmithe sa chás, fé is dá gcuirtí an focal “scilling” in ionad na bhfocal “dhá scilling agus reul” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin sna hailt sin no san alt san acu is infheidhmithe sa chás (pe'ca aca é).

An diúité pacáiste do leasú.

10. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach pacáiste a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 22 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh ná fuil ann ach earraí do táirgeadh no do rinneadh sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada, sé sin le rá:—

(a) ceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim an pacáiste sin d'iomportáil gan an diúité sin d'íoc—

(i) má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil sa phacáiste sin ach earraí chun úsáide pearsanta an iomportálaí agus gurb é an t-iomportálaí sin no a sheirbhíseach no duine dá líntighe thug isteach é, no

(ii) más tríd an bpost a hiomportálfar an pacáiste sin agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ach earraí is bronntanaisí chun úsáide an chonsighní, no

(iii) más tríd an bpost a hiomportálfar an pacáiste sin agus ná beidh aon phacáistí inmheánacha ann no ná beidh níos mó ná sé pacáistí inmheánacha ann;

(b) fé réir forálacha na míre sin roimhe seo den fho-alt so, éileofar, gearrfar, agus íocfar an diúité sin ar an bpacáiste sin do réir an ráta san acu so leanas is infheidhmithe sa chás in ionad an ráta luaidhtear san alt san 22, sé sin le rá:—

(i) más do réir mheáchainte a horduítear sa liost oifigiúil iomportála a mbeidh sa phacáiste sin d'iontráil ar é d'iomportáil—do réir pingin an punt no an codán de phunt de mheáchaint an phacáiste sin, agus

(ii) más do réir tomhais a horduítear sa liost oifigiúil iomportála a mbeidh sa phacáiste sin d'iontráil ar é d'iomportáil—do réir pingin an piúnt no an codán de phiúnt dá mbeidh sa phacáiste sin.

(2) San alt so tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “pacáiste” atá leis in alt 22 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

An diúité ar lampaí ribe leictreacha do leasú.

11. —I gcás lampa ribe leictreach is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 45), 1934, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , do bheith ar cheann de roinnt earraí is ionchurtha, i dteanta a chéile, fén diúité forchuirtear le halt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), do réir an ráta luaidhtear ag uimhir thagartha 16 no do réir an ráta luaidhtear ag uimhir thagartha 17 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, beidh an lampa san, más ar an lá ceaptha no dá éis sin a hiomportálfar é, ionchurtha fén diúité sin a forchuirtear leis an Ordú san, agus ní cuirfear luach an lampa san san áireamh nuair a beifear ag déanamh amach an lán-luacha ar a mbeidh méid an diúité sin a forchuirtear leis an alt san 12 inéilithe do réir an ráta roimhráite ar an roinnt earraí sin is ionchurtha fé dhiúité i dteanta a chéile amhlaidh.

Ráta an diúité ghluaisteáin d'atharú.

12. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité gluaisteáin ar gach gluaisteán le n-a mbaineann an t-alt so do réir méid is có-ionann le dó fichead is dhá naoú per cent. de luach an ghluaisteáin in ionad an ráta no na rátaí is infheidhmithe ina thaobh fé alt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus fén gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(2) Baineann an t-alt so le gach gluaisteán—

(a) a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin, agus

(b) nach lugha ná seacht gcéad go leith punt a luach, agus

(c) gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim é bheith lánchóghabhtha, agus

(d) go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do rinneadh é, agus

(e) gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gan é bheith oiriúnach ach chun daoine no daoine maraon le n-a mbagáiste pearsanta d'iompar, agus

(f) gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gan cóiríocht suidhte do bheith ann do níos mó ná seisear gan an tiománaí d'áireamh, agus

(g) go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur gluaisteán é de shaghas a coimeádtar de ghnáth chun úsáide pearsanta an únaera agus daoine dá líntighe no dá theaghlach.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “diúité gluaisteáin” an diúité custum a forchuirtear fén ainm sin le halt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 );

cialluíonn an focal “gluaisteán” feithicil inneall-ghluaiste gheibheann a comhacht tiomána o inneall dóghacháin inmheánaigh no o mhótar leictreach no o inneall agus mótar den tsórt san le chéile agus is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin.

Dual-abhrais do shaoradh o gach diúité custum.

13. —Earraí is dual-abhrais agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de líon agus a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do rinneadh iad, beid saor o gach diúité custum.

Diúitéthe do bhaint d'earraí as an Ríocht Aontuithe no as Ceanada.

14. —(1) Ní déanfar aon diúité custum dá luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a gabhann leis an Acht so d'éileamh ná do ghearradh ar earra ar bith a hiomportálfar an lá ceaptha no dá éis sin agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh í.

(2) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun gurb usa na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir maidir le haon mhion-innsint dá luaidhtear sa dara colún san do léiriú ná ní dhéanfaidh a hoibriú do theorannú ná do leathnú.

Atharú ar fhorálacha ceadúnúcháin a bhaineann le diúitéthe custum.

15. —I gcás foráil do bheith i reacht no in ordú reachtúil (pe'ca ritheadh no rinneadh é roimh an Acht so do rith no rithfear no déanfar é dá éis sin) sa chéill go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más dóich leis an Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle le hAire eile san do bheith ceart, go bhféadfaid, le ceadúnas, a údarú do dhuine earraí is ionchurtha fén diúité le n-a mbaineann an fhoráil sin d'iomportáil gan an diúité sin d'íoc no ar an diúité sin d'íoc do réir ráta is lugha ná an ráta is inéilithe de ghnáth, is fé réir na n-atharuithe seo leanas a bheidh éifeacht ag an bhforáil sin maidir le ceadúnaisí do bhéarfar amach fúithi an lá ceaptha no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) nuair a bheidh na comhachta bronntar air leis an bhforáil sin á bhfeidhmiú ag an Aire Airgeadais, féachfaidh d'Airteagal 7 den Chó-aontú Trádála do rinneadh an 25adh lá d'Abrán, 1938, idir an Riaghaltas agus Riaghaltas na Ríochta Aontuithe;

(b) nuair a bheidh na comhachta san á bhfeidhmiú ag an Aire Airgeadais, féadfaidh an dá ní seo leanas no ceachtar acu do dhéanamh, fé mar is dóich leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile luaidhtear sa bhforáil sin, is ceart chun an Airteagail sin 7 do chólíonadh, sé sin le rá:—

(i) aon cheadúnas do bhéarfar amach fén bhforáil sin, agus le n-a n-údarófar iomportáil do dhéanamh gan an diúité le n-a mbaineann an fhoráil sin d'íoc, do theorannú i slí ná bainfidh ach le hearraí do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh sa Ríocht Aontuithe no i dTiarnas Cheanada, no

(ii) a chur de cheangal gur do réir ráta áirithe déanfar an diúité le n-a mbaineann an fhoráil sin d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar earraí do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh i dtír áirithe (seachas an Ríocht Aontuithe agus Tiarnas Cheanada) agus a hiomportálfar fé cheadúnas do bhéarfar amach fén bhforáil sin.

Rialacháin i dtaobh cad as d'earraí déanta.

16. —(1) Beidh sé dleathach don Aire Tionnscail agus Tráchtála rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an cion de luach earra nach foláir a theacht de thoradh saothair i dtír áirithe chun go bhféadfar an earra san d'áireamh chun críche an Achta so mar earra do rinneadh sa tír sin.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir le haicmí no saghsanna deifriúla earraí.

(3) Ní háirmheofar chun críche an Achta so earra do bheith ina hearra do rinneadh i dtír áirithe ach amháin i gcás an cion san dá luach a hordófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so do theacht de thoradh saothair sa tír áirithe sin.

Cúram agus bainistí diúitéthe.

17. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe custum a forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

18. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.

CEAD SCEIDEAL.

Ratai Diuite ar Earrai Airithe as an Riocht Aontuithe no as Ceanada.

Uimh. Thag.

Na hcarraí is ionchurtha fén diúité

Na hachtacháin fé n-a bhfuil an diúité inéilithe

An ráta gur dá réir a héileofar an diúité

1

Subhanna, marmaláidí. agus geiléthe tortha.

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Ceithre pingne an punt.

2

Brioscaí milsithe (gan cócó ionta).

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Trí pingne go leith an punt.

3

Milseoga (seachas brioscaí, subhanna, marmaláidí agus geiléthe tortha) a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh an céanna agus ná beidh cócó ionta.

Alt 12 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 1 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Reul an punt.

4

Gréasáin lin-éadaigh.

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 131), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

20%

5

Ciarsúirí bheidh déanta ar fad de lín éadach.

Alt 7 den Acht Airgid 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 5 agus 31 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

30%

6

Earraí bheidh déanta ar fad de lín-éadach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun úsáide pearsanta no chun úsáide tighis no tighe agus nach baill éadaigh ná cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité ach amháin fén achtachán a luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha so.

Alt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, mar a leasuítear san leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 133), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

25%

7

Snáth a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de líon.

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 76), 1935, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

40%

8

Léinte

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 1 agus 25 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fe leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—30% no scilling an earra.

9

Bónaí léine.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimreacha tagartha 2 agus 26 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—30% no dhá phingin an earra.

10

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta d'aon tsaghas acu so leanas agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn agus a bheidh cniotálta ar fad no nach mór ar fad no déanta de dhéantús chniotálta, sé sin le rá:—

(a) stocaí agus gearrastocaí,

(b) fo-éadaighe (gan léinte agus bónaí léine d'áireamh),

(c) cairdiogáin forionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhreacha tagartha 13, 21, 22 agus 23 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

11

Lámhainní is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn agus a bheidh cniotálta ar fad no nach mór ar fad no déanta de dhéantús chniotálta.

Alt 7 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 4 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

12

Plaincéadaí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'olainn.

Alt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 132), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

25%

13

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is téad, rópa, no sreangán.

Alt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

14

Earraí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'adhmad agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus uimhir thagartha 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 5 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 10 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 8 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 6 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

331/3%

15

Málaí bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus uimhir thagartha 6 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

16

Boscaí, cártáin, agus earraí dá samhail a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar no de chairt-chlár, de phaist-chlár, de phaistchlár úctha, de thuighechlár, no d'abhar dá samhail sin agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus uimhir thagartha 38 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

25%

17

Páipéar ná beidh éinní ná aon phátrún clóbhuailte air agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is páipéar manilla no páipéar pacála no páipéar fillteála (pe'ca de mhanilla no d'aon tsaghas eile dhó) agus, i gceachtar cás, is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus uimhir thagartha 34 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

331/3%

18

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún, sé sin le rá:—

(a) clúdaigh, páipéar leitreach, agus bluic de pháipéar scríbhneoireachta;

(b) páipéarachas tráchtála ceangailte no nea-cheangailte;

(c) duillíní agus teaigeanna (seachas duillíní agus teaigeanna d'abhair fhighte) a hiomportálfar ina mór-choda;

(d) clár-liostaí trádála (seachas clár-liostaí ná beidh ionta ach somplaí de pháipéar falla) a hiomportálfar ina mór-choda;

(e) ticéadaí clóbhuailte a hiomportálfar ina mór-choda;

(f) cártaí puist, cártaí cuarda, cártaí gnótha, cártaí beannachta, cártaí cuiridh, cártaí deigh-mhéinne, agus cártaí menu.

Alt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus uimhir thagartha 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 10 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus mar a leasuítear é tuilleadh ag uimhir thagartha 8 Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

25%

19

Earraí fighte (seachas clúdaigh urláir) a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an achtachán a luaidhtear sa tríú colún.

Alt 11 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ).

Ar earraí gur mó a luach ná scilling agus trí pingne an tslat chearnach—15%; ar earraí nach mó a luach ná scilling agus trí pingne an tslat chearnach—10%.

20

Bróga agus bróga ísle go mbeidh a n-uachtair déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile.

Alt 9 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), mar a leasuítear san le hAlt 22 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

20%

21

Galúnach, púdair ghalúnaighe, agus gach cineál abhar a húsáidtear in ionad galúnaighe.

Alt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

15%

22

Coinnle, ar a n-áirmhítear geatairí agus soillse oíche.

Alt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus uimhir thagartha 22 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

10%

DARA SCEIDEAL.

Ratai Diuite ar Thorthai Airithe Talmhaiochta agus Iascaigh as an Riocht Aontuithe no as Ceanada.

Uimh. Thag.

Na hearraí is ionchurtha fén diúité

Na hachtacháin fé n-a bhfuil an diúité inéilithe

An ráta gur dá réir a héileofar an diúité

1

Iasc dí-chnámhuithe agus coda d'iasc den tsórt san.

Alt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus uimhir thagartha 45 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pingin a n punt.

2

Iasc leasuithe deatuithe.

Alt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus uimhir thagartha 44 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Scilling a n chloch.

3

Plumaí amha (ar a n-áirmhítear daimsíní, dulóisí, agus glas-phlumaí) a hiomportálfar aon 1adh lá de Lúnasa no dá éis sin agus roimh an 31adh lá de Dheire Fómhair díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

Fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus uimhir thagartha 3 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pingin an punt.

4

Sugha talmhan amha a hiomportálfar aon 15adh lá de Mheitheamh no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

Fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus uimhir thagartha 5 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pingin an punt.

5

Fíon-chaora a hiomportálfar aon 1adh lá de Mheán Fhómhair no dá éis sin agus roimh an 24adh lá de Dheire Fómhair díreach ina dhiaidh sin no an lá san agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fíon-chaora tighe ghloine.

Alt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus uimhir thagartha 31 as Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Pingin an punt.

6

Crainn, tuim agus tuir (agus stoca d'áireamh ach gan tuir róis ná stoca róis d'áireamh).

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 49), 1934, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Deich scillinge an céadmeáchaint.

7

Tuir róis, gan stoca róis d'áireamh.

Alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ).

Leath - reul an tor.

8

Bláthanna gearrtha, bláthanna bheidh ceangailte de bhleibíní, plandaí fé bhláth, agus duilliúr.

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 117), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Reul a n punt.

9

(a) Planndaí (agus gearrthacha agus buinneoga d'áireamh) nach fé bhláth dhóibh agus nach ionchurtha fé dhiúité mar chrainn, tuim, tuir no stoca;

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 49), 1934, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Leath - reul an punt.

(b) préamhacha (gan bleibíní ná cuirm d'áireamh) de phlanndaí bláthacha (seachas crainn, tuim, agus tuir) ná beidh idir ghas agus duilliúr fásta ortha.

TRIU SCEIDEAL.

Diuitethe Baintear d'Earrai as an Riocht Aontuithe no as Ceanada.

Uimh. Thag.

Mion-innste ar an Diúité

Na hEarraí is Abhar don Diúité

1

An diúité forchuirtear le halt 6 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar bhainne go n-a chuid uachtair a hiomportáltar ina mhórchoda.

Bainne úr go n-a chuid uachtair.

2

An diúité forchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 3 san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar éanlaithe clóis marbha.

Eanlaithe clóis marbha.

3

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid, (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 1 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar bhagún agus ar ghambúin.

Bagún agus gambúin.

4

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 3 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Caoirigh, ar a n-áirmhítear, reithí, fóisceacha muilt, agus uain.

5

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 6 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Uibhe fé n-a bplaosca.

6

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear i mír (f) sa dara colún ag uimhir thagartha 9 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar thomátaí agus fé réir an leasuithe air a deintear le halt 13 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ).

Tomátaí.

7

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 10 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil sé inéilithe ar phónairí stalctha soya, cúibeanna pónaire soya, caora pónaire soya, calóga pónaire soya, no min phónairí stalctha soya.

Pónairí stalctha soya, cúibeanna, caora, agus calóga pónaire soya agus min phónairí stalctha soya.

8

An diúité forchuirtear le halt 2 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ).

Síol féir.

9

An diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil sé inéilithe ar stoca róis.

Stoca róis.

10

An diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 29 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Eanlaithe tighis, turcaithe, géanna agus lachain agus iad ina mbeathaidh.

11

An diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 32 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Ainmhithe de chineál na bó

12

An diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 44 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil sé inéilithe ar iasc atá leasuithe no deatuithe agus ná fuil leasuithe agus deatuithe.

Iasc leasuithe no deatuithe.

13

An diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 11 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Fion-chaora.

14

An diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 12 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Piseáin tiormuithe.

15

An diúité forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil sé inéilithe ar phiorraí amha (a hiomportáltar tráth ar bith) no ar phlumaí (ar a n-áirmhítear daimsíní, dulóisí, agus glasphlumaí) a hiomportáltar aon 1adh lá de Mhí na Samhna no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

Piorraí amha agus plumaí.

16

An diúité forchuirtear le fo-alt (4) d'alt 14 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ).

Laoidhean no sugh torthaí áirithe.

17

An diúité forchuirtear leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 50), 1934, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Coiníní agus girrfhiadhacha marbha.

18

An diúité forchuirtear leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 126), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Muca ina mbeathaidh.