13 1938


Uimhir 13 de 1938.


ACHT UM CHÓ-AONTÚ LEIS AN RÍOCHT AONTUITHE (SUIM CHAIPITIÚIL), 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN CHÓ-AONTUITHE AIRGEADAIS DO RINNEADH AN 25adh LÁ D'ABRÁN, 1938, IDIR AN RIAGHALTAS AGUS RIAGHALTAS NA RÍOCHTA AONTUITHE DO CHUR IN ÉIFEACHT. [16adh Bealtaine, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “an Ríocht Aontuithe” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann.

Deich milleon punt d'íoc le Riaghaltas na Ríochta Aontuithe.

2. —Chun an Chó-aontuithe Airgeadais do rinneadh an 25adh lá d'Abrán, 1938, idir an Riaghaltas agus Riaghaltas na Ríochta Aontuithe do chur in éifeacht, beidh sé dleathach don Aire suim deich milleon punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis agus í d'íoc le Riaghaltas na Ríochta Aontuithe na tráthanna san agus sna tráth-choda san is dóich leis is ceart.

Comhacht an Aire chun airgead d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Chun na n-íocaíocht do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so, féadfaidh an tAire suim ná raghaidh thar deich milleon punt d'fháil ar iasacht.

(2) Chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so, féadfaidh an tAire urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(3) Déanfar an t-airgead go léir a gheobhfar ar iasacht fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

(4) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús go léir do bhéarfar amach fén alt so agus muirear agus íoc na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chó-aontú leis an Ríocht Aontuithe (Suim Chaipitiúil), 1938 , do ghairm den Acht so.