23 1939


Uimhir 23 de 1939.


ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939.


ACHT CHUN MÉID AN DEONTAIS TALMHAÍOCHTA DÁ dTAGARTAR IN ALT 48 DEN LOCAL GOVERNMENT (IRELAND) ACT, 1898, DO MHÉADÚ TUILLEADH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN DEONTAIS SIN AGUS É MÉADUITHE AMHLAIDH DO CHUR CHUN CRÍCHE AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE FAOISEAMH Ó RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA. [27adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) Cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg;

cialluíonn an abairt “Acht 1898” an Local Government (Ireland) Act, 1898, ar n-a oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 (Uimh. 35 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1931” an t Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1931 (Uimh. 28 de 1931) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1934-1935” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1935 (Uimh. 1 de 1935) ;

foluíonn an abairt “bliain airgeadais” bliain airgeadais áitiúil;

nuair a húsáidtear an focal “luacháil” gan coinníoll cialluíonn sé luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn an abairt “líomatáiste rátúcháin”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le comhairle chontae, an chontae sin gan aon bhailecheanntair inti d'áireamh mar chuid di, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le comhairle bhailecheanntair, an bailecheanntar san;

ní fholuíonn an abairt “talamh talmhaíochta” aon talamh is cuid de bhóthar iarainn no de chanáil ná aon talamh i mbailecheanntar do bhí, le linn Acht 1898 do rith, suidhte i mbailecheanntar sláintíochta ach, fé réir na n-eisceacht san agus fé réir aon dearbhuithe déanfar fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, foluíonn sí gach talamh atá iontrálta mar thalamh sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála agus atá suidhte i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae no bailecheanntair;

cialluíonn an abairt “tionóntachán tailimh thalmhaíochta” ionoighreacht no tionóntachán ionrátuithe is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán;

lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt cialluíonn an abairt “an deontas talmhaíochta” suim na ndeontas so leanas alos na bliana airgeadais gur ina taobh a húsáidtear an abairt, sé sin le rá:—

(a) an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898, agus

(b) an deontas breise fé Acht 1925, agus

(c) an deontas breise nua fé Acht 1931, agus

(d) an deontas (más ann dó) a dheonfaidh an tAire Airgeadais fén Acht so.

(2) Féadfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair, más ceart san dar leo, a dhearbhú nach talamh talmhaíochta chun crícheanna an Achta so ná chun crícheanna Achta 1898, mar a bheirtear feidhm dó no mar a deintear deifir dó leis an Acht so, an talamh is clós do thigh chomhnaithe áirithe i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin, agus leis sin ní bheidh an talamh san ina thalamh thalmhaíochta chun na gcrícheanna san.

An luacháil áirithe d'fháil amach.

2. —(1) Gheobhfar amach an luacháil áirithe bheidh ar aon talamh talmhaíochta in aon chontae áirithe chun crícheanna an Achta so do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) I gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionón acháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus nach mó ná fiche punt luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná a luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

(b) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus nach mó ná fiche punt méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán fé leith acu san ná a luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

(c) i gcás duine do bheith rátuithe fén Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , mar únaer alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán fé leith acu san ná a luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

(d) i gcás gan Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus gur mó ná fiche punt luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná fiche punt;

(e) i gcás Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus gur mó ná fiche punt méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán fé leith acu san ná a luacháil fé sna hAchtanna Luachála no fiche punt, pe'ca aca san is lugha i ngach cás;

(f) beidh feidhm ag an bhforáil seo leanas i gcás gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den alt so agus sa chás san amháin, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta sa tionóntachán san ná fiche punt, agus

(ii) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionón tachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur aon tionóntachán tailimh thalmhaíochta amháin na tionóntacháin sin le chéile, agus isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san aon tionóntachán amháin sin ná fiche punt.

(2) San alt so léireofar an focal “contae” mar fhocal a chialluíonn an chontae agus gach bailecheanntar sa chontae sin d'áireamh mar chuid di.

Tionóntacháin i seilbh iontaobhaí.

3. —I gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionontachán tailimh thalmhaíochta no níos mó san aon chontae amháin agus gur deimhin leis an Aire ceann no níos mó ach gan gach ceann de sna tionóntacháin sin (dá ngairmtear an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais san alt so) do bheith ar seilbh ag an duine sin mar iontaobhaí fé iontaobhas ná baineann leis na cinn no leis an gceann eile de sna tionóntacháin sin agus fé ná faghann an duine sin tairbhe ar bith no ná faghann sé ach tairbhe leathrannach as an seilbh sin féadfaidh an tAire, más dóich leis é bheith réasúnta san do dhéanamh ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, a dhearbhú an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais do bheith ar seilbh ar leithligh o sna cinn eile no ón gceann eile de sna tionóntacháin sin, agus leis sin agus ina dhiaidh sin faid a bheidh an t-iontaobhas san ar marthain maidir leis an ngabháltas no leis na gabháltaisí iontaobhais, agus gan bheith ar marthain maidir le haon chinn no ceann eile de sna tionóntacháin sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis na tionóntacháin sin uile fé is dá mbeadh an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais agus na cinn no an ceann eile de sna tionóntacháin sin ar seilbh fé seach ag daoine deifriúla.

An deontas talmhaíochta do mhéadú.

4. —(1) Má sholáthruíonn an tOireachtas airgead chun an deontais talmhaíochta in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe do mhéadú fén alt so deonfaidh an tAire Airgeadais, as an airgead a soláthrófar amhlaidh, deontas in aghaidh na bliana airgeadais sin is có-mhéid leis an airgead a soláthrófar amhlaidh.

(2) Gach deontas (más ann dó) a dheonfaidh an tAire Airgeadais fén alt so in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe deonfaidh an tAire sin é i bhfuirm méaduithe (de bhreis ar an deontas breise fé Acht 1925 agus ar an deontas breise nua fé Acht 1931) ar an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898 in aghaidh na bliana airgeadais sin agus tuigfear, chun crícheanna na n-achtachán uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, é bheith ina chuid den deontas tailmhaíochta san dá dtagartar san alt san 48 agus, go sonnrách, beidh sé fé réir forálacha ailt 40 den Irish Land Act, 1903.

(3) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an tOireachtas airgead do sholáthar chun na críche luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más trí chéad agus seachtó míle punt méid an airgid a soláthrófar amhlaidh, íocfar le comhairle gach contae, as an deontas talmhaíochta gur chun a mhéaduithe soláthrófar an t-airgead san amhlaidh, an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae mar a bhfuil sí sa chéad cholún den Sceideal san;

(b) más mó no más lugha ná trí chéad agus seachtó míle punt méid an airgid a soláthrófar amhlaidh, roinnfidh agus dáileoidh an Riaghaltas le hordú, ar na contaethe uile agus fé seach, an deontas talmhaíochta gur chun a mhéaduithe soláthrófar an t-airgead san amhlaidh agus íocfar le comhairle gach contae, as an deontas talmhaíochta san, an tsuim a dáileofar leis an ordú san ar an gcontae sin.

(4) Gach suim a híocfar le comhairle, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, as deontas talmhaíochta tuigfear gurb í an tsuim í bheidh deimhnithe fé alt 48 d'Acht 1898 do bheith iníoctha leis an gcomhairle sin i rith na bliana airgeadais gur ina haghaidh a deonfar an deontas talmhaíochta san agus, dá réir sin, gach achtachán a bhainfidh leis an suim a bheidh deimhnithe amhlaidh do bheith iníoctha le comhairle (pe'ca roimh an suim sin do thabhairt amach no dá éis sin a bhainfe sé léi amhlaidh), bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, leis an suim is iníoctha leis an gcomhairle sin do bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo.

(5) Má deintear agus pé uair a déanfar an deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe do dháiliú leis an Acht so no fé, beidh an dáiliú san ina dháiliú iomlán ar an deontas talmhaíochta san agus beidh éifeacht aige d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile.

(6) Is sé chéad déad agus ochtó punt, trí scillinge déag agus sé pingne an tsuim is iníoctha as an deontas talmhaíochta in aon bhliain airgeadais áirithe le hArd-Mhéara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Chathair Bhaile Atha Cliath fé alt 50 d'Acht 1898 mar a bheirtear feidhm dó le halt 26 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ).

(7) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.

Coigeartú de dhruim teoranta, etc., d'atharú.

5. —(1) Pé uair a déanfar, de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh tráth ar bith tar éis an Achta so do rith, bailecheanntar nua do bhunú no teoranta seana-bhailecheanntair no buirge nach contaebhuirg do leathnú agus a thiocfaidh aon talamh talmhaíochta áirithe i gcontae chun bheith, de bhuadh an orduithe sin, laistigh de theoranta an bhailecheanntair nua san, an tseana-bhailecheanntair sin no na buirge sin (do réir mar a bheidh), isé cion den deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana thosnóidh an dáta thiocfaidh an t-ordú san i ngníomh no aon tráth ina dhiaidh sin a bheidh, fé alt 50 d'Acht 1898, le húsáid ag comhairle na contae sin chun faoiseamh o rátaí do thabhairt don talamh talmhaíochta san ná an cion san a cheapfaidh an tAire in ionad na suime luaidhtear san alt san 50.

(2) Pé uair a déanfar, de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire tráth ar bith tar éis an Achta so do rith, teoranta contaebhuirge do leathnú i slí go mbeidh sa chontae-bhuirg sin talamh talmhaíochta ba chuid de chontae díreach roimh an leathnú san, isé cion den deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana thosnóidh an dáta thiocfaidh an t-ordú san i ngníomh no aon tráth ina dhiaidh sin a bheidh, fé alt 50 d'Acht 1898 (mar a bheirtear feidhm dó le haon achtachán eile), iníoctha le comhairle no le bárdas na contaebhuirge sin ná an cion san a cheapfaidh an tAire leis an ordú san in ionad na suime luaidhtear san alt san 50, agus an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae sin mar a bhfuil sí sa chéad cholún den Sceideal san déanfar, maidir leis an Sceideal san do bhaint leis an deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana airgeadais den tsórt san roimhráite, í do laigheadú suim is có-mhéid leis an gcion den deontas talmhaíochta cheapfaidh an tAire amhlaidh.

Ráta an liúntais phríomhdha.

6. —San Acht so cialluíonn an abairt “ráta an liúntais phríomhdha” maidir le contae ar bith an ráta gurbh é ráta an liúntais phríomhdha é do réir bhrí agus chun chrícheanna Achta 1934-1935 maidir leis an gcontae sin.

An liúntas príomhdha.

7. —Lomhálfaidh gach comhairle contae i ngach bliain airgeadais, do réir an Achta so, do gach duine bheidh rátuithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta (is ionoighreacht no tionóntachán is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán agus é suidhte laistigh de líomatáiste rátúcháin na comhairle sin) liúntas (dá ngairmtear an liúntas príomhdha san Acht so) a háirmheofar—

(a) do réir ráta an liúntais phríomhdha, agus

(b) ar pé luacháil acu so leanas is lugha, sé sin le rá, luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta bheidh sa tionóntachán san no luacháil an mhéide sin den talamh thalmhaíochta san a bheidh suidhte laistigh de líomatáiste rátúcháin na comhairle sin.

An liúntas fostaíochta.

8. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tréimhse cháilitheach” an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag díreach roimh thosach na bliana airgeadais gur ina taobh a húsáidtear an abairt, agus cialluíonn an abairt “oibrí fásta” duine fireann ná raibh, le linn tosach na tréimhse cáilithighe gur ina taobh a húsáidtear an abairt, fé bhun seacht mbliana déag d'aois ná os cionn seachtó bliain d'aois agus nár shealbhaire rátuithe é féin ná a bhean chéile, aon tráth i rith na tréimhse cáilithighe, ar thalamh thalmhaíochta gur chúig púint no níos mó a luacháil no suim a luachálanna i rith na tréimhse cáilithighe.

(2) I gcás—

(a) oibrí fásta, no gach duine de dhá oibrí fhásta no níos mó, do bheith ag obair ar feadh iomlán na tréimhse cáilithighe in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe ar aon talamh talmhaíochta (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an talamh talmhaíochta a céad-luaidhtear) i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae; agus

(b) luacháil an tailimh thalmhaíochta a céad-luaidhtear do bheith níos mó an bhliain airgeadais sin ná luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán gur cuid de an talamh talmhaíochta a céad-luaidhtear; agus

(c) an duine bheidh rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin alos an tionóntacháin sin d'éileamh an liúntais a luaidhtear anso ina dhiaidh seo ar an gcomhairle sin fé réim agus do réir an ailt seo,

lomhálfaidh an chomhairle sin don duine sin, do réir an Achta so, alos gach oibrí fásta fé leith den tsórt san liúntas (dá ngairmtear an liúntas fostaíochta san Acht so) in aghaidh na bliana airgeadais sin a háirmheofar do réir ráta an liúntais phríomhdha agus ar an mbreis a bheidh (an bhliain airgeadais sin) ag luacháil an tailimh thalmhaíochta a céad-luaidhtear ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán gur cuid de an talamh talmhaíochta a céad-luaidhtear, ach san fé réir na teorann sáruithighe nach ceaduithe an méid ar a n-áirmheofar an liúntas fostaíochta amhlaidh do dhul in aon chás thar an suim do gheobhfar tré shuim dhá phunt déag agus deich scillinge do mhéadú fén uimhir d'oibrithe fásta bhí ag obair ar an talamh talmhaíochta a céadluaidhtear ar feadh iomlán na tréimhse cáilithighe sin.

(3) I gcás dhá oibrí fhásta no níos mó do bheith ag obair i ndiaidh a chéile ar aon talamh talmhaíochta i rith na tréimhse cáilithighe in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe agus na tréimhsí fé seach gur ar a bhfeadh a bhí na hoibrithe fásta san fé seach ag obair amhlaidh do bheith as a chéile i slí ná raibh aon tráth den tréimhse cháilithigh sin ná raibh duine amháin ar a laighead de sna hoibrithe fásta san ag obair ar an talamh talmhaíochta san agus ná raibh aon oibrí fásta den tsórt san ag obair amhlaidh ar feadh iomláin na tréimhse cáilithighe sin, ansan agus sa chás san (pe'ca bhí aon dá cheann no níos mó de sna tréimhsí sin fé seach ag rith isteach ar a chéile no ná raibh) tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur aon oibrí fásta amháin do bhí ag obair ar an talamh talmhaíochta san ar feadh iomláin na tréimhse cáilithighe sin an dá oibrí fhásta san no níos mó.

(4) I gcás oibrí fásta do bheith ag obair, ar feadh iomláin na tréimhse cáilithighe in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe, go leathrannach ar thalamh thalmhaíochta i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae áirithe agus go leathrannach ar thalamh thalmhaíochta i gcontae eile agus an t-éinne amháin do bheith rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin alos an tailimh thalmhaíochta san go léir, féadfaidh an chomhairle sin liúntas fostaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin do dheonadh don duine sin alos an oibrí fhásta san fé is dá mbeadh an t-oibrí fásta san, ar feadh iomláin na tréimhse cáilithighe sin, ag obair ar an talamh talmhaíochta i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin agus ar an talamh san amháin más rud é, agus amháin más rud é, nár dheon aon chomhairle eile liúntas fostaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin don duine sin alos an oibrí fhásta san.

(5) Gach éileamh ar liúntas fostaíochta fén alt so in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe déanfar é i scríbhinn ar an gcomhairle gur ina líomatáiste rátúcháin a bheidh an talamh talmhaíochta le n-a mbainfidh an t-éileamh san agus beidh sé sa bhfuirm sin iarrfaidh an chomhairle sin agus cuirfear chun na comhairle sin é an tráth san agus sa tslí sin a bhéarfaidh go bhfuighidh an chomhairle sin é ar no roimh an 31adh lá de Mhárta, sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin, no an dáta san ina dhiaidh sin (roimh an ráta do bhualadh gur ina thaobh a bheidh an liúntas fostaíochta san á éileamh) a cheapfaidh an chomhairle sin le toiliú an Aire.

(6) Gach duine bheidh ag éileamh liúntais fhostaíochta fén alt so bhéarfaidh don chomhairle ar a mbeidh an t-éileamh san á dhéanamh, i dteanta an eolais agus na mion-innste san éileamh san, gach eolas agus mion-innsint bhreise no eile éileoidh an chomhairle sin no aon bhailitheoir ráta dhealbhais no oifigeach eile don chomhairle sin air chun cruinneas agus dleathacht an éilimh sin do phromhadh.

(7) Beidh sé de dhualgas ar gach bailitheoir ráta dhealbhais, má dheineann agus nuair a dhéanfaidh an chomhairle chontae ag á mbeidh sé ar fostú san do cheangal air, scrúdú agus promhadh do dhéanamh ar gach éileamh a déanfar ar an gcomhairle sin ar liúntas fostaíochta fén alt so alos tailimh thalmhaíochta a bheidh, i bpáirt no go hiomlán, sa líomatáiste dá mbeidh sé ina bhailitheoir ráta den tsórt san agus na fiosruithe sin do dhéanamh is gá chun críche an scrúduithe agus an phromhtha san agus tuarasgabháil do thabhairt don chomhairle sin i dtaobh cruinnis agus dleathachta gach éilimh den tsórt san.

(8) Isé bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas eireoidh i dtaobh éilimh fén alt so ar liúntas fostaíochta no i dtaobh duine do bheith ina oibrí fhásta do réir bhrí an ailt seo no gan a bheith no i dtaobh duine do bheith ag obair ar aon talamh áirithe no gan a bheith no i dtaobh na tréimhse bhí sé ag obair amhlaidh ná an chomhairle ar a mbeidh an t-éileamh san á dhéanamh agus ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an chomhairle sin ar an amhrus, ar an gceist no ar an aighneas san.

larmhar an deontais talmhaíochta do chur chun críche.

9. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an luacháil iarmhair,” maidir le tionóntachán tailimh thalmhaíochta (is ionoighreacht no tionóntachán is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an talamh talmhaíochta a céad-luaidhtear) agus é suidhte i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae), an bhreis (más ann di) a bheidh ag luacháil an tailimh thalmhaíochta a céadluaidhtear—

(a) ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san mara dtugtar aon liúntas fostaíochta fén Acht so alos an tailimh thalmhaíochta a céad-luaidhtear, no

(b) ar shuim luachála áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san agus na luachála ar ar háirmhíodh an liúntas fostaíochta má bheirtear aon liúntas fostaíochta fén Acht so alos an tailimh thalmhaíochta a céadluaidhtear.

(2) Más mó an cion den deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe is iníoctha le haon chomhairle chontae áirithe ná an méid is gá chun gach liúntas príomhdha agus liúntas fostaíochta do lomháil is gá don chomhairle sin do réir an Achta so do lomháil in aghaidh na bliana airgeadais sin agus chun na n-íocaíocht (más ann dóibh) d'íoc is gá don chomhairle sin do réir an Achta so no do réir ailt 50 d'Acht 1898, mar do bheirtear feidhm dó leis an Acht so, d'íoc in aghaidh na bliana airgeadais sin le comhairlí bailecheanntar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an chomhairle sin cion réasúnta den bhreis sin do chur i leataoibh mar sholáthar i gcóir méaduithe ar mhéideanna liúntaisí príomhdha no liúntaisí fostaíochta thárlóidh de dhruim leasú do dhéanamh fén Acht so ar aon ráta no cáinmheas ar thionóntachán tailimh thalmhaíochta le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin;

(b) aon tsuim a chuirfidh an chomhairle sin i leataoibh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so as an gcion den deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin is iníoctha leis an gcomhairle sin agus nach gá chun na gcrícheanna chun a gcuirfear i leataoibh í amhlaidh féadfar í thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus, má bheirtear ar aghaidh í amhlaidh, féadfar—

(i) deighleáil léi fé is dá gcuirtí i leathaoibh í fén mír dheiridh sin roimhe seo as an gcion den deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin ina dhiaidh sin is iníoctha leis an gcomhairle sin, no

(ii) í do chur leis an mbreis roimhráite agus deighleáil léi mar chuid den bhreis roimhráite in aghaidh na bliana airgeadais sin ina dhiaidh sin no í do chur leis an gcion agus deighleáil léi mar chuid den chion den bhreis sin ná cuirfear i leataoibh fén mír dheiridh sin roimhe seo (do réir mar a bheidh);

(c) déanfaidh an chomhairle sin an bhreis sin, no an méid sin di ná beidh curtha i leataoibh fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so, d'úsáid chun liúntas (dá ngairmtear liúntas breise san Acht so) do lomháil, do réir an Achta so, do gach duine bheidh rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta a bheidh suidhte i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin agus ar a mbeidh luacháil iarmhair, liúntas a háirmheofar ar an luacháil iarmhair sin agus do réir pé ráta acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(i) ráta an liúntais phríomhdha, no

(ii) an ráta fén bpunt, ar mhéid iomlán luachálanna iarmhair na dtionóntachán uile den tsórt san roimhráite ar a mbeidh luacháil iarmhair, le n-ar có-mhéid an bhreis sin no an méid sin di ná beidh curtha i leataoibh mar adubhradh (do réir mar a bheidh).

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire go ndearna comhairle chontae, tré earráid no dearmhad bona fide, méid an liúntais bhreise do bhí le lomháil ag an gcomhairle sin fén alt so do cheapadh go neachruinn, féadfaidh an tAire a údarú an liúntas breise sin do lomháil do réir an ráta do ceapadh go hearráideach amhlaidh, agus leis sin, d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht so, lomhálfar an liúntas breise sin do réir an ráta do ceapadh go hearráideach amhlaidh.

Iarmhéid neamhúsáidthe an deontais talmhaíochta do chur de láimh.

10. —Má thárlann, le linn tosach aon bhliana airgeadais áirithe, go mbeidh ar láimh ag comhairle chontae no bhailecheanntair cion den deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais díreach roimhe sin ná deintear aon tsocrú le haon alt eile den Acht so chun é chur de láimh, déanfaidh an chomhairle sin an méid sin den chion san den deontas talmhaíochta san ná beidh ag teastáil ón gcomhairle sin, chun críche na lascainí is gá do réir reachta do lomháil sna rátaí is iníoctha leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin díreach roimhe sin, do roinnt ar an talamh talmhaíochta uile i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin do réir luachálanna áirithe uile agus fé seach an tailimh sin, agus an méid a dáileofar, fé aon roinnt den tsórt san, ar aon talamh talmhaíochta áirithe lomhálfar é do réir an Achta so mar lascaine i méid an ráta dhealbhais, le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin a bheidh ag tosnú an uair sin, do gearradh ar an talamh talmhaíochta san no ar an tionóntachán gur cuid de an talamh talmhaíochta san.

Forálacha i dtaobh bailecheanntar.

11. —(1) Más gá do chomhairle chontae de bhuadh ailt 50 d'Acht 1898 cion den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an gcomhairle sin d'úsáid chun faoiseamh o rátaí do thabhairt do thalamh thalmhaíochta i mbailecheanntar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní hatharófar méid an cheana san den deontas talmhaíochta san toisc méid an deontais sin do mhéadú de bhuadh an Achta so;

(b) déanfaidh an chomhairle sin, d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá in alt 50 d'Acht 1898, an cion san den deontas talmhaíochta san d'íoc díreach le comhairle an bhailecheanntair sin;

(c) déanfaidh comhairle an bhailecheanntair sin an tsuim a híocfar leo amhlaidh do roinnt ar an talamh talmhaíochta uile sa bhailecheanntar san do réir luachálanna uile agus fé seach an tailimh sin agus déanfaidh an méid a dáileofar, fén roinnt sin, ar aon talamh talmhaíochta áirithe do lomháil mar lascaine i méid an ráta dhealbhais do gearradh le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais oiriúnaighe ar an talamh talmhaíochta san no ar an tionóntachán gur cuid de an talamh talmhaíochta san;

(d) más lugha ráta na lascaine (dá ngairmtear an gnáth-ráta lascaine san alt so a lomhálfar i mbailecheanntar ar bith do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so ná ráta an liúntais phríomhdha sa chontae ina mbeidh an bailecheanntar san lomhálfaidh comhairle an bhailecheanntair sin (fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so) an bhliain airgeadais oiriúnach do réir an Achta so, do gach duine bheidh rátuithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta sa bhailecheanntar san, liúntas (dá ngairmtear liúntas nua san Acht so) a háirmheofar ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta san agus do réir ráta is có-mhéid leis an deifríocht idir an gnáth-ráta lascaine sin agus ráta san an liúntais phríomhdha;

(e) más gá do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so liúntas nua do lomháil alos aon tailimh thalmhaíochta áirithe, déanfaidh comhairle an bhailecheanntair an liúntas nua do laigheadú no, i gcás ina mbeidh san riachtanach, é d'fhágaint gan lomháil in aon chor má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé riachtanach déanamh amhlaidh chun a chur in áirithe ná beidh an deifríocht idir an gnáth-ráta ar thalamh (mar a mínítear san anso ina dhiaidh seo) sa bhailecheanntar san agus ráta fén bpunt an liúntais nua san níos lugha ná an ceathrú cuid den ghnáth-ráta san ar thalamh;

(f) san alt so cialluíonn an abairt “gnáth-ráta ar thalamh”, maidir le haon bhailecheanntar áirithe, an deifríocht idir ráta iomlán fén bpunt na rátaí uile (agus rátaí seachas an ráta dealbhais d'áireamh) is iníoctha an bhliain airgeadais oiriúnach alos tailimh thalmhaíochta sa bhailecheanntar san agus an gnáth-ráta lascaine sa bhailecheanntar san;

(g) íocfaidh comhairle na contae ina mbeidh bailecheanntar, le comhairle an bhailecheanntair sin, as an deontas talmhaíochta, méid na liúntaisí nua uile is gá do chomhairle an bhailecheanntair sin do réir an Achta so do lomháil do bhun an ailt seo;

(h) pé uair is mó no is lugha an tsuim a híocfar an bhliain airgeadais oiriúnach le comhairle chontae alos deontais talmhaíochta ná an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis an gcontae sin, déanfar an méid iomlán is iníoctha de bhuadh an ailt seo ag comhairle na contae sin le haon chomhairle bhailecheanntair sa chontae sin as an deontas talmhaíochta do mhéadú no do laigheadú go cothromúil, fé mar is gá sa chás, do réir an mhéide is mó no is lugha an tsuim sin a híocfar amhlaidh mar adubhradh ná an tsuim sin a luaidhtear amhlaidh sa dara colún san.

(2) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas eireoidh i dtaobh méide an ghnáth-ráta ar thalamh in aon bhailecheanntar áirithe agus ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar an amhrus, ar an gceist no ar an aighneas san.

Tionóntacháin atá go leathrannach i mbailecheanntar.

12. —Má tuigtear chun crícheanna an Achta so dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó do bheith le chéile ina n-aon tionóntachán amháin (dá ngairmtear an tionóntachán compáirteach san alt so) agus go mbeidh cuid (dá ngairmtear cuid na contae san alt so) den tionóntachán chompáirteach san i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae agus cuid eile (dá ngairmtear cuid an bhaile san alt so) den tionóntachán chompáirteach san i líomatáiste rátúcháin chomhairle bailecheanntair, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn luacháil choda na contae có-mhéid le luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh no níos mó ná í, ansan agus sa chás san, chun an liúntais phríomhdha d'áireamh a bheidh le lomháil don duine, bheidh rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, ag comhairle na contae ina mbeidh cuid na contae agus chun an liúntais nua d'áireamh a bheidh le lomháil don duine sin ag comhairle an bhailecheanntair ina mbeidh cuid an bhaile, tuigfear luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh do bheith ar fad laistigh de líomatáiste rátúcháin chomhairle na contae sin agus ar fad lasmuich de líomatáiste rátúsháin chomhairle an bhailecheanntair sin;

(b) má bhíonn luacháil choda na contae níos lugha ná luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh, ansan agus sa chás san, chun an liúntais phríomhdha d'áireamh a bheidh le lomháil don duine, bheidh rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, ag comhairle na contae ina mbeidh cuid na contae agus chun an liúntais nua d'áireamh a bheidh le lomháil don duine sin ag comhairle an bhailecheanntair ina mbeidh cuid an bhaile, tuigfear iomlán coda na contae do bheith ina luacháil áirithe agus ní bheidh cuid ar bith de chuid an bhaile ná ní tuigfear í bheith ina luacháil áirithe;

(c) má dheineann comhairle an bhailecheanntair ina mbeidh cuid an bhaile liúntaisí nua do lomháil in aon chás den tsaghas a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so lomhálfaidh comhairle na contae ina mbeidh cuid na contae, don duine bheidh rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, liúntas (i dteanta gach liúntais eile a lomhálfaidh an chomhairle sin don duine sin fén Acht so) a háirmheofar do réir an ráta gur dá réir a lomhálfar na liúntaisí nua san amhlaidh mar adubhradh agus ar luacháil choda an bhaile, ach san fé réir na teorann sáruithighe nach ceaduithe an luacháil ar a n-áirmheofar an liúntas san no, i gcás níos mó ná aon liúntas amháin den tsórt san do lomháil don éinne amháin, suim na luachálanna ar a n-áirmheofar na liúntaisí sin do dhul thar an deifríocht idir luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh agus luacháil choda na contae.

An liúntas talmhaíochta do bheith neadhóthanach.

13. —(1) Más lugha an cion den deontas talmhaíochta in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe is iníoctha fén Acht so le haon chomhairle chontae áirithe ná an méid (dá ngairmtear san alt so an méid riachtanach san) is gá chun gach liúntas príomhdha agus liúntas fostaíochta do lomháil is gá don chomhairle sin do réir an Achta so do lomháil in aghaidh na bliana airgeadais sin agus chun na n-íocaíocht (más ann dóibh) d'íoc is gá don chomhairle sin do réir an Achta so no do réir ailt 50 d'Acht 1898, mar a bheirtear feidhm dó leis an Acht so, d'íoc in aghaidh na bliana airgeadais sin le comhairlí bailecheanntar, déanfar gach liúntas príomhdha den tsórt san agus gach liúntas fostaíochta den tsórt san agus gach liúntas nua (más ann dó) is gá do réir an Achta so do chomhairle bhailecheanntair sa chontae sin do lomháil in aghaidh na bliana airgeadais sin do laigheadú go cothromúil an méid sin a bhéarfaidh go mbeidh suim iomlán na laigheaduithe uile sin có-mhéid leis an méid is lugha an cion san den deontas talmhaíochta ná an méid riachtanach san.

(2) Is fé réir forálacha an ailt seo a bheidh éifeacht ag na forálacha uile agus fé seach den Acht so (seachas an t-alt so) bhaineann le méid aon liúntais phríomhdha, liúntais fhostaíochta, no liúntais nua d'áireamh agus, pé uair a bheidh aon liúntas den tsórt san le laigheadú de bhuadh an ailt seo, déanfar méid an liúntais sin d'áireamh do réir an Achta so (seachas an t-alt so) agus déanfar an méid a háirmheofar amhlaidh do laigheadú ansan do réir an ailt seo.

Liúntaisí i bhfuirm lascaine.

14. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so isé slí ina lomhálfar an liúntas no na liúntaisí is gá do chomhairle chontae no bhailecheanntair do réir an Achta so do lomháil do dhuine ar bith ná tré lascaine (is có-mhéid le méid an liúntais sin no le hiomlán na liúntaisí sin, do réir mar a bheidh) sna rátaí do bheadh, mara mbeadh an lascaine sin, iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais oiriúnaighe.

(2) Gach lascaine lomhálfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair do dhuine ar bith do réir an ailt seo, is do réir na rialacha so leanas a lomhálfar í, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan an duine sin do bheith rátuithe ag an gcomhairle sin ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin, is sna rátaí is iníoctha ag an duine sin alos an tionóntacháin sin a lomhálfar an lascaine;

(b) i gcás an duine sin do bheith rátuithe ag an gcomhairle sin alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó, lomhálfar an lascaine, fé mar is rogha leis an gcomhairle sin—

(i) sna rátaí is iníoctha ag an duine sin alos an chinn sin de sna tionóntacháin sin ordóidh an chomhairle sin, no

(ii) do réir na gcionúireacht san, ordóidh an chomhairle sin, sna rátaí fé seach is iníoctha ag an duine sin alos na dtionóntachán san uile agus fé seach;

(c) i ngach cás (lasmuich de chás ina lomhálfar an lascaine tré nóta creidmheasa do thabhairt amach) déanfar an lascaine lomhálfar i rátaí ar bith do thaisbeáint ar nóta éilithe na rátaí sin.

Liúntaisí i bhfuirm nótaí creidmheasa.

15. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, más oiriúnach leo é, cinneadh ar an gcion a luaidhtear anso ina dhiaidh seo de gach liúntas príomhdha in aghaidh aon bhliana airgeadais áirithe do lomháil tré nóta creidmheasa do thabhairt amach ina dhá chuid ar leithligh do gach duine bheidh i dteideal an liúntais phríomhdha san agus gach cuid ar leithligh acu á dhearbhú an duine sin do bheith i dteideal creidmheas d'fháil, i suim is có-mhéid le leath den chion a luaidhtear anso ina dhiaidh seo den liúntas phríomhdha chun a mbeidh teideal aige amhlaidh, i gcoinnibh na rátaí is iníoctha aige leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin.

(2) An cion de liúntas phríomhdha dá ngairmtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an cion a luaidhtear anso ina dhiaidh seo isé rud é ná an méid sin den liúntas phríomhdha san go mbeidh idir é agus iomlán an liúntais phríomhdha san an cothrom céanna bheidh idir an ráta gheobhaidh an tAire amach agus a dheimhneoidh sé do réir míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1934-1935 maidir leis an gcontae sin agus ráta an liúntais phríomhdha sa chontae sin.

(3) Gach duine go dtabharfaidh comhairle chontae nóta creidmheasa amach dó fén alt so beidh sé—

(a) ar é do dhéanamh íoca, ar no roimh an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, an bhliain airgeadais oiriúnach, no an dáta san ina dhiaidh sin, roimh an 1adh lá d'Fheabhra an bhliain airgeadais sin, a cheapfaidh an chomhairle sin, sa chéad leath de sna rátaí go ndearbhóidh an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus in aon riaráiste rátaí bheidh dlite air ag an gcomhairle sin agus ar é do sheachadadh na céad choda den nóta chreidmheasa san don chomhairle sin— i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndearbhóidh an chuid sin den nóta chreidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh, agus

(b) ar é do dhéanamh íoca, roimh dheireadh na bliana airgeadais oiriúnaighe no an dáta san ina dhiaidh sin (nách déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana airgeadais sin) a cheapfaidh an chomhairle sin, sa dara leath de sna rátaí go ndearbhóidh an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus ar é do sheachadadh na dara coda den nóta chreidmheasa san don chomhairle sin—i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndearbhóidh an chuid sin den nóta chreidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh.

Nótaí creidmheasa le haghaidh rátaí baile.

16. —(1) I gcás—

(a) duine do bheith rátuithe le haghaidh seirbhíse bliana airgeadais áirithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta a bheidh i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae, agus

(b) é bheith le tuigsint an tionóntachán san agus tionóntachán tailimh thalmhaíochta a bheidh i líomatáiste rátúcháin chomhairle bailecheanntair do bheith ina n-aon tionóntachán amháin chun crícheanna an Achta so, agus

(c) suim na liúntaisí is gá do chomhairle na contae sin do réir an Achta so do lomháil don duine sin do bheith níos mó ná méid na rátaí is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin,

déanfaidh comhairle na contae sin an méid sin de sna liúntaisí sin is có-mhéid leis an mbreis sin a bheidh ag na liúntaisí sin ar na rátaí sin do lomháil tré nóta creidmheasa do thabhairt amach don duine sin á dhearbhú é bheith i dteideal creidmheas d'fháil i méid na breise sin i gcoinnibh na rátaí is iníoctha aige le comhairle an bhailecheanntair sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin agus íocfaidh comhairle na contae sin le comhairle an bhailecheanntair sin méid gach nóta chreidmheasa den tsórt san a seachadfar go cuibhe do chomhairle an bhailecheanntair sin ag an duine dar thug comhairle na contae sin amach é.

(2) Gach duine dá dtabharfar amach nóta creidmheasa fén alt so beidh sé, ar é do dhéanamh íoca sna rátaí uile go ndearbhóidh an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus in aon riaráiste rátaí bheidh dlite air ag an gcomhairle le n-a raibh na rátaí sin iníoctha agus ar é do sheachadadh an nóta chreidmheasa san don chomhairle sin, i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndearbhóidh an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh.

Nótaí creidmheasa do thabhairt amach.

17. —Féadfaidh comhairle nóta creidmheasa do thabhairt amach i gceachtar slí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an nóta creidmheasa san do sheachadadh don duine no do ghníomhaire dhlí-údaruithe an duine bheidh i dteideal an liúntais a bheidh á lomháil (pe'ca i bpáirt no go hiomlán é) tríd an nóta creidmheasa san do thabhairt amach, no

(b) tríd an nóta creidmheasa san do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh a bheidh i leabhair na comhairle sin chun éilithe ar rátaí déanfar ar an duine sin alos an tionóntacháin le n-a mbainfidh an nóta creidmheasa san do sheirbheáil.

Feidhm an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

18. —(1) Chun crícheanna ailt 6 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) (dá ngairmtear san alt so an tAcht san), agus chun crícheanna an ailt sin mar do bheirtear feidhm dó le halt 9 den Acht san, tuigfear gurb é is méid d'aon ráta le n-a mbainfidh an tAcht san agus a gearrfar ar dhuine bheidh i dteideal liúntais no liúntaisí fén Acht so alos an ráta san ná an deifríocht idir méid achtúil an ráta san agus méid an liúntais sin no suim na liúntaisí sin, do réir mar a bheidh.

(2) Pé uair a bheidh údarás rátúcháin, mar a mínítear san leis an Acht san, ina n-únaer ar thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta san, bainfidh an tAcht so leis an údarás rátúcháin sin maidir leis an tigh comhnaithe beag san fé is dá mba dhuine an t-údarás rátúcháin sin ar a ngearrfadh an t-údarás rátúcháin sin ráta alos an tighe chomhnaithe bhig sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais oiriúnaighe agus go n-íocfadh an t-údarás rátúcháin sin, i ndeireadh na bliana airgeadais sin no roimhe sin, na rátaí tuigfear amhlaidh do gearradh.

(3) Má lomháltar liúntas do dhuine ar bith fén Acht so ní chuirfidh san é o theideal do bheith aige chun tairbhe forálacha fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht san má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh na forálacha san leis.

Rátaí do leasú.

19. —(1) Féadfaidh rúnaí comhairle contae no baile-chléireach bailecheanntair o am go ham ráta no cáinmheas ar bith a bheidh gearrtha no déanta ar aon tionóntachán tailimh thalmhaíochta do leasú in aon leabhar rátaí bheidh á choimeád ag an gcomhairle sin tré ainm dhuine ar bith ba cheart a bheith rátuithe do chur isteach sa leabhar rátaí sin no tríd an suim a bheidh rátuithe ar dhuine do mhéadú no do laigheadú sa leabhar rátaí sin no tré mhéid liúntais ar bith a bheidh lomhálta fén Acht so d'atharú sa leabhar rátaí sin no tríd an leasú eile sin do dhéanamh sa leabhar rátaí sin do bhéarfaidh an ráta no an cáinmheas san do bheith do réir forálacha aon Achta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an ráta no an cáinmheas san do ghearradh no do dhéanamh.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh leasú déanfar fén alt so ar aon ráta no cáinmheas beidh an ceart céanna aige chun athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an leasuithe sin do bheadh aige dá mbeadh a ainm curtha isteach o thosach sa ráta no sa cháinmheas san agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san air, agus maidir leis an duine sin tuigfear an ráta do ghearradh an tráth do fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe sin.

Orduithe agus treoracha ón Aire.

20. —(1) Féadfaidh an tAire na horduithe no na treoracha san, generálta no áirithe, maidir leis an Acht so do chur i bhfeidhm a chífear don Aire is gá no is ceart chun feidhmiú an Achta so do chur in áirithe no in usacht do thabhairt do chomhairlí contae agus do chomhairlí bailecheanntair no d'aon chomhairle den tsórt san.

(2) Gach ordú no treoir do thug an tAire uaidh roimh an Acht so do rith, agus a bheadh údaruithe leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so dá mba tar éis an Achta so do rith do bhéarfaí é, tuigfear é thabhairt fé údarás an fho-ailt sin.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle chontae no bhailecheanntair gach ordú agus treoir do chólíonadh bhéarfaidh an tAire uaidh no tuigfear do bheith tugtha uaidh ag an Aire fén alt so don chomhairle sin, agus gach gníomh do rinne aon chomhairle den tsórt san roimh an Acht so do rith no dhéanfaid dá éis sin do bhun aon orduithe no treorach den tsórt san tuigfear é do dhéanamh fé údarás an Achta so agus beidh éifeacht ag an ngníomh san agus (más gníomh é do rinneadh roimh an Acht so do rith) tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

(4) Gach gníomh do rinne comhairle chontae no bhailecheanntair sarar ritheadh, agus ag brath air go rithfí, an tAcht so beidh aige agus tuigfear go raibh riamh aige an dleathacht agus an éifeacht san uile (más ann dóibh) do bheadh aige dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair do rinneadh an gníomh san.

Liúntaisí d'áireamh.

21. —Nuair a bheidh méid aon liúntais á áireamh chun crícheanna an Achta so ní tabharfar áird ar aon chodán de phingin is lugha ná leath-phingin agus áirmheofar mar phingin aon chodán de phingin is có-mhéid le leath-phingin no is mó ná leath-phingin.

Ciontaí maidir le lascainí agus liúntaisí.

22. —(1) Gach duine dhéanfaidh, tar éis an Achta so do rith, éinní is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do rá in éileamh no maidir le héileamh uaidh féin no o dhuine eile ar aon lascaine no liúntas, i rátaí no i gcoinnibh rátaí, ar n-a dheonadh leis an Acht so no fé i bhfuirm faoisimh o rátaí ar thalamh thalmhaíochta, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag mír 4 d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, maidir le cionta fén alt so.

Costaisí an Aire.

23. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Athghairm.

24. —Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 6 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), d'athghairm.

Gearr-theideal.

25. —Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Dailiu an Deontais Talmhaiochta.

Comhairle Chontae.

Méid an Deontais.

£

Ceatharlach

31,265

An Cabhán

61,401

An Clár

87,645

Corcaigh

226,740

Dún na nGall

79,082

Baile Atha Cliath

54,550 6s. 6d.

Gaillimh

112,943

Ciarraighe

91,389

Cill Dara

45,431

Cill Choinnigh

71,579

Laoighis

47,496

Liathdrúim

38,242

Luimneach

109,266

Longphort

33,091

Lughbhaidh

39,470

Muigheo

92,828

An Mhidhe

74,610

Muineachán

50,286

Uí Fáilghe

47,189

Ros Comán

65,598

Sligeach

50,111

Tiobraid Arann, an Trian Thuaidh

56,531

Tiobraid Arann, an Trian Theas

77,225

Portláirge

52,852

An Iarmhidhe

51,251

Loch Garman

77,417

Cill Mantan

42,831