24 1939


Uimhir 24 de 1939.


ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN AN TRÁCHTA CHUARTAÍOCHTA DO CHUR AR AGHAIDH AGUS D'FHORBAIRT, AGUS CHUIGE SIN CHUN BORD DO BHUNÚ AG A mBEIDH COMHACHTA RIALÁLA, CLÁRUITHE AGUS STIÚRTHA I gCÚRSAÍ BHAINEAS LEIS AN TRÁCHT CUARTAÍOCHTA AGUS, GO SONNRÁCH, AN CHÓIRÍOCHT AGUS NA TAITHNEAMHACHTAÍ BHÍONN AR FÁIL AG CUAIRTEOIRÍ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN BHUIRD SIN D'ÉILEAMH TÁILLÍ ALOS CLÁR A BHEIDH A gCOIMEÁD ACU, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [27adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Cuartaíochta na hÉireann a bunófar de bhun an Achta so;

cialluíonn rud do bheith orduithe no le hordú é bheith orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfaidh an Bord fén Acht so.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

CUID II.

Bord Cuartaiochta na hÉireann do Bhunu agus a gComhachta Generalta.

Códhéanamh Bhord Cuartaíochta na hÉireann.

4. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bunófar do réir an Achta so bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord Cuartaíochta na hÉireann chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina gcólucht corparuithe go síor-chomharbas agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fé n-a n-ainm chorparuithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur dá láimh.

(3) Isiad a bheidh ar an mbord an méid sin ball (nach mó ná cúigear) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais o am go ham.

(4) Isé an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh baill an Bhúird agus gach duine ceapfar amhlaidh ina bhall den Bhord beidh sé i seilbh oifige (marab éag no eirghe as no teacht fé dhícháilíocht roimhe sin dó) go ceann na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le linn an duine sin do cheapadh agus beidh gach duine den tsórt san ion-athcheaptha i gcionn a théarma oifige.

(5) O am go ham ceapfaidh an tAire ball den Bhord ina Chathaoirleach ar an mBord.

(6) Íocfar le gach ball den Bhord, as na cistí bheidh ar a gcur ag an mBord, an luach saothair sin agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le linn an ball san do cheapadh.

Baill den Bhord do bheith dícháilithe chun bheith ina gcomhaltaí den Oireachtas.

5. —Beidh gach ball den Bhord, faid a bheidh i seilbh oifige mar bhall den tsórt san, dí-cháilithe chun a ainmnithe no a thoghtha agus chun suidhe no íocaíocht d'fháil mar chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann.

Có-shéala an Bhúird.

6. —(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord có-shéala, agus déanfar an séala san do dhílse-dheimhniú le sighniú chathaoirleach an Bhúird no baill éigin eile dhe go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin agus le sighniú oifigigh don Bhord go n-údarás cuibhe aige ón mBord chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala an Bhúird i gcúrsaí breithiúnais agus gach scríbhinn a bhéarfaidh le tuigsint gur ordú no ionstruim eile í do rinne an Bord agus go bhfuil sí séaluithe le séala an Bhúird (agus an séala san á thabhairt le tuigsint é bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo) glacfar i bhfianaise í agus is tuigthe gurb í an t-ordú no an ionstruim sin í gan a thuilleadh cruthúnais mara gcruthuítear a mhalairt.

Baill den Bhord do chur as oifig.

7. —Pé uair is ceart san dar leis féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ball no baill no gach ball den Bhord do chur as oifig.

Baill den Bhord d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht.

8. —(1) Féadfaidh ball den Bhord aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun an Aire.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go mbreithiúnófar ball den Bord ina fhéimhí, no go ndéanfaidh socrú no réiteach le n-a chreidmheasóirí, no go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla chun príosúntachta no pian-tseirbhíse é, no go scuirfidh de bheith ina ghnáth-chomhnaí in Éirinn, beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh de bheith i seilbh oifige mar bhall den Bhord.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhúird.

9. —(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe, agus san pé tráthanna, is gá chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh sa cheart.

(2) Triúr is quorum d'aon chruinniú den Bhord.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, rialáfaidh an Bord le buan-orduithe no eile an nós imeachta bheidh le leanúint agus an gnó bheidh le déanamh ag á gcruinnithe.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a mball.

Cuntaisí agus iniúchadh.

10. —(1) Coimeádfaidh an Bord, sa bhfuirm a cheadóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar gach airgead do gheobhaid no chaithfid agus go sonnrách coimeádfaid sa bhfuirm sin adubhradh gach cuntas speisialta ordóidh an tAire uaidh féin no ar iarratas an Aire Airgeadais o am go ham.

(2) Iniúchfar cuntaisí an Bhúird in aghaidh gach bliana fé leith fé cheann nócha lá, no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tar éis deireadh na bliana san agus scríobhfar tuarasgabháil ortha ag iniúchóirí cuibhe-cháilithe a cheapfaidh an tAire chuige sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgeadais agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus costaisí generálta na n-iniúchta san.

(3) Díreach tar éis gach iniúchta déanfar fén alt so ar chuntaisí an Bhúird cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheid rithte ag na hiniúchóirí maraon le cóip de thuarasgabháil na n-iniúchóirí, agus leagfaidh an tAire cóipeanna de sna scríbhinní sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus fós foillseoidh agus cuirfidh ar díol na scríbhinní sin.

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

11. —(1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid oifigeach agus seirbhíseach a mheasfaid o am go ham do bheith ceart.

(2) Íocfaidh an Bord le n-a n-oifigigh agus le n-a seirbhísigh an luach saothair agus na liúntaisí a chinnfidh an Bord.

(3) Más oiriúnach leo é féadfaidh an Bord, chun duine do cheapadh chun post do líonadh i seirbhís an Bhúird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mholadh dhóibh chun a cheaptha chun an phuist sin agus, ar fháil an iarratais sin dóibh, déanfaidh na Coimisinéirí sin, fé réim agus do réir Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), duine do roghnú agus do mholadh don Bhord chun a cheaptha chun an phuist sin agus, más ceart san dar leo, roghnóid agus molfaid beirt no níos mó don Bhord le haghaidh an cheaptha sin, agus, ar fháil an mholta san o sna Coimisinéirí sin, ceapfaidh an Bord chun an phuist sin an duine bheidh molta ag na Coimisinéirí amhlaidh no, má bhíonn níos mó ná duine amháin molta amhlaidh, an duine sin den mhuintir a bheidh molta amhlaidh is ceart dar leis an mBord.

(4) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí bheidh ar a gcur, na costaisí sin a ceapfar tré chó-aontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgeadais, no a cheapfaidh an tAire Airgeadais cheal có-aontuithe den tsórt san, i dtaobh na gCoimisinéirí sin do roghnú agus do mholadh daoine fén alt so chun postanna i seirbhís an Bhúird do líonadh.

(5) Gach suim do gheobhaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is tuigthe, chun crícheanna míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , gur táille í do híocadh leis na Coimisinéirí sin fén Acht san.

An Bord d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna tré n-a n-oifigigh.

12. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so féadfaidh an Bord aon chomhacht no feidhm dá mbronntar no dá bhforchuirtear ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh tré éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh go n-údarás aige chuige sin ón mBord.

Leas i gconnradh do nochtadh.

13. —Ball den Bhord ag á mbeidh leas ar bith in aon chuideachtain no gnóthas go mbeidh an Bord chun aon chonnradh do dhéanadh leo no ag á mbeidh leas ar bith sa chonnradh san, nochtfaidh don Bhord an leas san do bheith aige agus cadé an saghas é, agus ní thógfaidh an ball san aon pháirt in aon bhreithniú no cinneadh dhéanfaidh an Bord i dtaobh an chonnartha san agus breacfar an nochtadh san i miontuairiscí an Bhúird.

Comhachta generálta an Bhúird.

14. —I dteanta na gcomhacht sonnrách a bronntar ar an mBord leis an Acht so agus na ndualgas a forchuirtear ar an mBord leis an Acht so, is dleathach don Bhord gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sá sin le rá:—

(a) congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chun cóiríocht do chuairteoirí do chur ar fáil no do mhéadú no d'fheabhsú;

(b) tithe ósta, tithe aoidheachta, brughanna saoire, teagh laigh shaoire, brughanna ógraidh agus campaí saoire do thógáil, do bhunú, do ghléasadh, no d'oibriú no congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chun iad do thógáil, do bhunú, do ghléasadh, no d'oibriú;

(c) seirbhísí, spórtanna, caitheamh aimsire no saoráidí eile is dóich leis an mBord d'fheabhsódh trácht cuartaíochta do chur ar fáil no congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chuige sin;

(d) na taithneamhachtaí agus na coinníollacha is dóich leis an mBord do dhéanfadh deifir don trácht cuartaíochta d'fheabhsú agus do chothabháil;

(e) aon tsaghas fógraíochta do dhéanamh maidir le trácht cuartaíochta;

(f) aon tsaghas gníomhaireachta do bhunú maidir le trácht cuartaíochta no cabhrú chun é bhunú;

(g) scéimeanna do cheapadh chun daoine do thréineáil chun obair do dhéanamh a bhaineann ar fad no go furmhór le trácht cuartaíochta no cabhrú chun a gceaptha;

(h) leabhair eolais, pleananna turuis, am-chláir, agus foillseacháin eile d'ullamhú agus d'fhoillsiú chun tairbhe no mar chongnamh do chuairteoirí.

Deontas neamhionaisíoctha don Bhord.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar n-a mholadh san don Aire, na suimeanna theastóidh ón mBord o am go ham agus nach mó le chéile ná cúig mhíle ceathrachad punt in aon bhliain airgeadais áirithe d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Ní bheidh suimeanna a híocfar fén alt so leis an mBord ionaisíoctha.

Roimh-íocanna ionaisíoctha don Bhord.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar n-a mholadh san don Aire, na suimeanna theastóidh ón mBord o am go ham agus nach mó le chéile ná sé chéad míle punt do roimh-íoc leis an mBord as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.

(2) Lasmuich de chás ina n-údaróidh an tAire Airgeadais a mhalairt ar n-a mholadh san don Aire, ní chaithfidh an Bord suimeanna roimh-íocfar fén alt so leis an mBord ach ar oibreacha, ar shuncála, no ar iasachtaí fén Acht so de shórt do bheireann brabús.

(3) Na suimeanna roimh-íocfar leis an mBord fén alt so beid ionaisíoctha maraon le hús mar a foráltar leis na forálacha ina dhiaidh seo den Acht so, ach d'ainneoin éinní atá sna forálacha san is dleathach don Aire Airgeadais tráth ar bith, ar n-a mholadh san don Aire, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aisíoc aon tsuime no coda d'aon tsuim do roimh-íocadh amhlaidh, no aisíoc aon tráthchoda d'aon tsuim den tsórt san no aon choda d'aon tráthchuid den tsórt san, do mhaitheamh ar fad no do chur ar athló go ceann aon aimsire is dóich leis is ceart,

(b) íoc úis ar aon tsuim no ar aon chuid d'aon tsuim do roimhíocadh amhlaidh do mhaitheamh ar fad no do chur ar athló go ceann aon aimsire is dóich leis is ceart.

(4) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgeadais na suimeanna is gá chuige sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phrímh-Chiste no a thoradh fáis agus, chun críche na hiasachta san, féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach fé pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, maidir le haisíoc, fuascailt, no eile, is oiriúnach leis agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile do bhéarfar amach fén alt so.

Us d'íoc ar roimh-íocanna ionaisíoctha.

17. —(1) Íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus is ionaisíoctha, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham i leith na suime sin, agus is ina íocaíochtaí leath-bhliantúla, ar na laetheanta san i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham, a híocfar an t-ús san amhlaidh.

(2) Má fhaillíonn an Bord aon ús is iníoctha acu fén alt so d'íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús, do réir an ráta cheapfaidh an tAire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh ón tráth a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna.

(3) An t-ús uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire sin.

Roimh-íocanna ionaisíoctha d'aisíoc.

18. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bhúird d'aisíoc na roimh-íocanna déanfar leo as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus is ionaisíoctha, déanfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais íocaíochtaí leath-bhliantúla, ag tosnú ar pé dáta agus ag leanúint go ceann pé uimhir blian agus iad de pé méideanna agus iníoctha pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blian, méideanna agus tráthanna deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh i leith codanna deifriúla de sna roimh-íocanna san.

(2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a bheidh le déanamh ag an mBord leis an Aire Airgeadais fén alt so cuirfidh an tAire sin iad ina gcistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodanna uile agus fé seach de sna roimh-íocanna gur ina n-aghaidh a déanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san agus nuair a bheidh lán-uimhir na n-íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh ceaptha fén alt so in aghaidh aon choda áirithe de sna roimh-íocanna san íoctha ag an mBord leis an Aire sin (maraon le haon ús a bheidh tagtha chun bheith iníoctha fén alt so i leith aon íocaíochta leath-bhliantúla acu san) is tuigthe an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith lán-aisíoctha ag an mBord, gan dochar d'fhiachas an Bhúird i leith aon úis a bheidh gan íoc an tráth san i leith na coda san de sna roimh-íocanna san.

(3) Má fhaillíonn an Bord aon íocaíocht leath-bhliantúil áirithe no cuid áirithe d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha acu leis an Aire Airgeadais fén alt so d'íoc leis an Aire sin an tráth a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ar an íocaíocht leath-bhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil ús, do réir an ráta cheapfaidh an tAire sin o am go ham ina leith, ón tráth a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so in aisíoc roimh-íocanna.

(5) Na suimeanna uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so ar scór úis déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stat-Chiste sa tslí ordóidh an tAire sin.

An Bord do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

19. —(1) San alt so foluíonn an focal “talamh” talamh fé uisce agus foluíonn fós éasáidí, ceadanna slí, cirt uisce, cirt iascaireachta, cirt spóirt, agus cirt eile ar aon talamh no uisce no maidir leis.

(2) Más dóich agus pé uair is dóich leis an mBord gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta chun aon chomhacht dá mbronntar ortha no aon dualgas no feidhm dá gcuirtear ortha leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh, féadfaidh an Bord, le hordú, a dhearbhú go bhfuilid ar intinn an talamh san do thógaint amhlaidh agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do bhronnadh ar an mBord chun an tailimh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo.

(3) Pé uair a bheidh an Bord chun ordú do dhéanamh fén alt so chun aon talamh do thógaint cuirfid an méid sin in úil do Choimisiún Talmhan na hÉireann agus má chuireann an Coimisiún san in úil don Bhord, fé cheann trí mhí tar éis an eolais sin d'fháil, go bhfuil an Coimisiún san ar tí an tailimh sin do thógaint chun a gcrícheanna féin fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ní dhéanfaidh an Bord an t-ordú san.

(4) Roimh ordú do dhéanamh dóibh fén alt so, déanfaidh an Bord—

(a) pé pleananna áirmheachtaí, agus scríbhinní eile a thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir cadé an talamh a beifear ar intinn a thógaint de bhuadh an orduithe do lóisteáil agus do choimeád ar fáil chun a n-iniúchta ina bpríomh-oifig no in áit oiriúnach éigin eile, agus

(b) fógra do thabhairt, sa tslí is dóich leo is fearr chun eolas do thabhairt do dhaoine gur dócha go ndéanfaidh an t-ordú san deifir dóibh, i dtaobh an Bord do bheith ar intinn a bhreithniú an ceart é dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúis do phlé agus agóidí do dhéanamh i dtaobh an orduithe, agus

(c) más oiriúnach leo é, fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh an orduithe do dhéanamh.

(5) Pé uair a thógfaidh an Bord fén alt so aon talamh a bheidh, go haonaránach no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh, no fé shuim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin iníoctha ach ar an talamh a tógfar amhlaidh, féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann a cheangal ar an mBord an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin d'fhuascailt;

(b) más ar an talamh a tógfar amhlaidh agus ar thalamh eile bheidh an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin iníoctha féadfaidh an Coimisiún san an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin do chionroinnt ar an talamh a tógfar amhlaidh agus an talamh eile sin, agus féadfaid a cheangal ar an mBord an cion den bhlianacht cheannaigh no den tsuim bhliantúil sin a leagfar de dhruim na cionroinnte sin ar an talamh a tógfar amhlaidh d'fhuascailt;

(c) pé uair a cheanglóidh an Coimisiún san ar an mBord amhlaidh aon bhlianacht cheannaigh no suim bhliantúil den tsórt san no an cion san di a leagfar amhlaidh d'fhuascailt, déanfaidh an Bord an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin no an cion san di a leagfar amhlaidh (do réir mar a bheidh) d'fhuascailt láithreach fé réim agus do réir na nAchtanna Talamh-Cheannaigh.

(6) Íocfaidh an Bord cúiteamh, i dtalamh a tógfar go héigeanta de bhuadh ordú fén alt so, leis na daoine uile agus fé seach ag á mbeidh teideal chuige no estáit no leasanna ann agus, cheal có-aontuithe, ceapfar an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(7) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus le haon talamh a tógfar go héigeanta de bhuadh ordú fén alt so do leithliú chun an Bhúird agus chun na críche sin is tuigthe gurb é an Bord bunuitheoir an ghnóthais.

(8) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí déanfar fén alt so—

(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh;

(b) údaruítear leis seo don duine sin daoine bheidh ina bhfínnéithe sa bhfiosrúchán san do chur fé mhionn;

(c) aon duine le n-a mbainfidh abhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair é féin no tré abhcóide no atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Rialacháin.

20. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.

An Bord do thabhairt eolais don Aire.

21. —Bhéarfaidh an Bord don Aire pé colas a theastóidh uaidh o am go ham maidir leis an mBord d'fheidhmiú a gcomhacht agus do chólíonadh a ndualgas.

Tuarasgabháil bhliantúil, staitistíocht agus tuairisceáin.

22. —(1) Bhéarfaidh an Bord don Aire gach bliain, ar an dáta agus sa bhfuirm a ordóidh an tAire, tuarasgabháil ar a n-imeachta fén Acht so i rith na bliana roimhe sin.

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, pé tráthanna agus i pé fuirm agus slí ordóidh an tAire, an staitistíocht agus na tuairisceáin sin a theastóidh ón Aire.

(3) Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é cóip de gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Bord dó fén alt so.

CUID III.

Aitreabhacha do Chlaru.

Mínithe chun crícheanna Coda III.

23. —Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “clár” gan coinníoll cialluíonn sé clár a bheidh á choimeád fén gCuid seo den Acht so;

nuair a húsáidtear an focal “clárú” gan coinníoll cialluíonn sé clárú i gclár;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine bheidh iontrálta i gclár mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san.

Na cláir agus a lánas.

24. —(1) Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis an Bhúird do bhunú bunóidh an Bord agus cothabhálfaidh agus coimeádfaidh ina dhiaidh sin na cláir seo leanas, sé sin le rá:—

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de thithe ósta;

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de thithe aoidheachta;

(c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de bhrughanna saoire;

(d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de bhrughanna ógraidh;

(e) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de champaí saoire.

(2) Iontrálfar sna cláir uile agus fé seach na nithe seo leanas i dtaobh gach áitreibh a clárófar ionta, sé sin le rá:—

(a) ainm iomlán, seoladh agus tuairisc dhílseánach an áitreibh;

(b) ainm an áitreibh, agus a sheoladh no a shuidheamh;

(c) pé mion-innste eile a bheidh orduithe de thurus na huaire.

(3) Aitreabh a bheidh cláruithe in aon cheann de sna cláir ní féadfar, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, é chlárú in aon cheann eile de sna cláir.

An saghas áitreabhacha is ionchláruithe sna cláir uile agus fé seach.

25. —Ordóidh an Bord, le rialacháin a dhéanfaid fén Acht so, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de thithe ósta;

(b) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de thithe aoidheachta;

(c) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de bhrughanna saoire;

(d) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de bhrughanna ógraidh;

(e) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de champaí saoire.

Iarrataisí ar chlárú.

26. —(1) Féadfaidh dílseánach aon áitreibh a iarraidh ar an mBord an t-áitreabh san do chlárú sa chlár is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh ina iarratas.

(2) Maidir le gach iarratas fén alt so á iarraidh go ndéanfaí aon áitreabh do chlárú—

(a) is i scríbhinn, agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, a déanfar é;

(b) beidh na mion-innste orduithe ann;

(c) beidh ina theanta an táille sin, nach mó ná dhá phunt, a bheidh orduithe, agus

(d) beidh ina theanta, freisin, ráiteas (dá ngairmtear scála d'éilithe san Acht so) sa bhfuirm orduithe ar na héilithe bheidh beartuithe ag an iarratasóir a éileamh ar sheomraí, ar bhéilí, agus ar sheirbhísí bheidh ar fáil san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse idir an clárú san (má deontar é) agus an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin.

Aitreabhacha do chlárú.

27. —(1) Pé uair a hiarrfar go cuibhe ar an mBord áitreabh do chlárú i gclár, cuirfidh an Bord an t-áitreabh san dá iniúchadh ag oifigeach don Bhord.

(2) Pé uair a déanfar iniúchadh fé fho-alt (1) den alt so ar áitreabh gur hiarradh go cuibhe ar an mBord é do chlárú i gclár agus a bheidh an Bord ar an tuairim an t-áitreabh san do bheith ionchláruithe sa chlár san, cuirfidh an Bord in úil don iarratasóir go gclárófar an t-áitreabh san aige sa chlár san ar an táille orduithe oiriúnach d'íoc leis an mBord.

(3) Pé uair a déanfar iniúchadh fé fho-alt (1) den alt so ar áitreabh gur hiarradh go cuibhe ar an mBord é do chlárú i gclár agus a bheidh an Bord ar an tuairim gan an t-áitreabh san do bheith ionchláruithe sa chlár san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an iarratasóir á rá gurb é tuairim an Bhúird gan an t-áitreabh san do bheith ionchláruithe sa chlár san agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir cúis do phlé i scríbhinn leis an mBord fé cheann cheithre lá déag tar éis dáta seirbheála an fhógra d'fhonn a thaisbeáint go bhfuil an t-áitreabh san ionchláruithe sa chlár san;

(b) mara bhfuighidh an Bord aon phlé cúise den tsórt san i scríbhinn i rith na gceithre lá déag san diúltóidh an Bord don iarratas san;

(c) má gheibheann an Bord plé cúise den tsórt san i scríbhinn i rith na gceithre lá déag san, cuirfidh an Bord an t-áitreabh san dá ath-iniúchadh ag oifigeach eile don Bhord;

(d) má thárlann, d'ainneoin an ath-iniúchta san agus tar éis breithniú do dhéanamh ar an bplé cúise sin i scríbhinn a fuarthas mar adubhradh, gurb é tuairim an Bhúird i gcomhnaí gan an t-áitreabh san do bheith ionchláruithe sa chlár san, diúltóidh an Bord don iarratas san;

(e) másé tuairim an Bhúird, de thoradh an ath-iniúchta san agus tar éis breithniú do dhéanamh ar an bplé cúise sin i scríbhinn a fuarthas mar adubhradh, an t-áitreabh san do bheith ionchláruithe sa chlár san, cuirfidh an Bord in úil don iarratasóir go gclárófar an t-áitreabh san aige sa chlár san ar an táille orduithe oiriúnach d'íoc leis an mBord.

(4) Aon duine a bheidh á iarraidh go gclárófaí áitreabh i gclár agus 'na gcuirfidh an Bord in úil dó go gclárófar an t-áitreabh san sa chlár san ar an táille orduithe oiriúnach d'íoc leis an mBord, féadfa sé an táille sin d'íoc leis an mBord agus, air sin, cláróidh an Bord an t-áitreabh san sa chlár san.

(5) Na tagairtí atá san alt so don Bhord do bheith ar an tuairim gan áitreabh áirithe do bheith ionchláruithe in aon chlár áirithe léireofar iad mar thagairtí don Bhord féin do theacht ar an tuairim sin agus ní don Bhord do theacht ar an tuairim sin ag gníomhú dhóibh tré aon oifigeach no seirbhíseach leis an mBord.

(6) Na táillí a hordófar chun crícheanna an ailt seo féadfar iad d'ordú amhlaidh i slí go n-atharóid ina méid do réir an chláir ina mbeidh an t-áitreabh a bheidh i gceist le clárú agus do réir aon nithe eile is ceart dar leis an mBord.

Ré an chláruithe.

28. —(1) Leanfaidh gach clárú áitreibh i gclár i bhfeidhm go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin (mara bhfoirceanntar é roimhe sin fén Acht so) agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear fén Acht so é.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so féadfar clárú aon áitreibh i gclár (pe'ca bun-chlárú é no clárú i bhfuirm athnuachainte) d'athnuachaint amhail ón 31adh lá de Mhí na Nodlag ar a raghadh sé in éag mara mbeadh an athnuachaint sin.

(3) Pé uair a déanfar clárú aon áitreibh i gclár d'athnuachaint fén Acht so leanfaidh clárú an áitreibh sin sa chlár san go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an lae ar a dtosnóidh an athnuachaint sin (mara bhfoirceanntar é roimhe sin fén Acht so) agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear arís é fén Acht so.

Iarrataisí um chlárú d'athnuachaint.

29. —(1) Féadfaidh dílseánach cláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe i gclár a iarraidh ar an mBord i mí Dheireadh Fómhair no, le toiliú an Bhúird, i mí na Samhna bliain ar bith clárú an áitreibh sin d'athnuachaint amhail ón gcéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin.

(2) Maidir le gach iarratas fén alt so á iarraidh go ndéanfaí clárú aon áitreibh d'athnuachaint—

(a) is i scríbhinn, agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, a déanfar é,

(b) beidh na mion-innste orduithe ann,

(c) beidh an táille orduithe ina theanta, agus

(d) beidh ina theanta freisin ráiteas (dá ngairmtear scála d'éilithe san Acht so) sa bhfuirm orduithe ar na héilithe bheidh beartuithe ag an iarratasóir a éileamh ar sheomraí, ar bhéilí, agus ar sheirbhísí bheidh ar fáil san áitreabh san i rith na tréimhse bheidh an clárú san, má hathnuaitear é, i bhfeidhm de bhuadh na hathnuachainte sin.

(3) Na táillí a hordófar chun crícheanna an ailt seo féadfar iad d'ordú amhlaidh i slí go n-atharóid ina méid do réir an chláir ina mbeidh an t-áitreabh a bheidh i gceist cláruithe agus do réir aon nithe eile is ceart dar leis an mBord.

Clárú d'athnuachaint.

30. —(1) Pé uair a hiarrfar go cuibhe ar an mBord clárú áitreibh i gclár d'athnuachaint déanfaidh an Bord, má bhíd ar an tuairim ná fuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san, clárú an áitreibh sin sa chlár san d'athnuachaint roimh an gcéad 31adh lá de Mhí na Nodlag i ndiaidh dáta an iarratais sin.

(2) Pé uair a hiarrfar go cuibhe ar an mBord clárú áitreibh i gclár d'athnuachaint agus a bheidh an Bord ar an tuairim go bhfuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san cuirfidh an Bord an t-áitreabh san á iniúchadh ag oifigeach don Bhord.

(3) Pé uair a déanfar iniúchadh fé fho-alt (2) den alt so ar áitreabh gur hiarradh go cuibhe ar an mBord a chlárú i gclár d'athnuachaint agus a bheidh an Bord, de thoradh an iniúchta san, ar an tuairim ná fuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san, déanfaidh an Bord, roimh an gcéad 31adh lá de Mhí na Nodlag i ndiaidh dáta an iarratais sin, clárú an áitreibh sin sa chlár san d'athnuachaint.

(4) Pé uair a déanfar iniúchadh fé fho-alt (2) den alt so ar áitreabh gur hiarradh go cuibhe ar an mBord a chlárú i gclár d'athnuachaint agus a bheidh an Bord ar an tuairim i gcomhnaí, d'ainneoin an iniúchta san, go bhfuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an iarratasóir á rá gurb é tuairim an Bhúird go bhfuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir, fé cheann cheithre lá déag tar éis dáta seirbheála an fhógra san, cúis do phlé i scríbhinn leis an mBord d'fhonn a thaisbeáint ná fuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san;

(b) mara bhfuighidh an Bord aon phlé cúise den tsórt san i scríbhinn i rith na gceithre lá déag san diúltóidh an Bord don iarratas san;

(c) má gheibheann an Bórd plé cúise den tsórt san i scríbhinn i rith na gceithre lá déag san cuirfidh an Bord an t-áitreabh san dá ath-iniúchadh ag oifigeach eile don Bhord;

(d) má thárlann, d'ainneoin an ath-iniúchta san agus tar éis breithniú do dhéanamh ar an bplé cúise i scríbhinn do fuarthas mar adubhradh, gurb é tuairim an Bhúird i gcomhnaí go bhfuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san diúltóidh an Bord don iarratas san;

(e) má thárlann, de thoradh an ath-iniúchta san agus tar éis breithniú do dhéanamh ar an bplé cúise i scríbhinn do fuarthas mar adubhradh, gurb é tuairim an Bhúird ná fuil scurtha ag an áitreabh san de bheith ionchláruithe sa chlár san déanfaidh an Bord, roimh an gcéad 31adh lá de Mhí na Nodlag i ndiaidh dáta an iarratais sin, clárú an áitreibh sin sa chlár san d'athnuachaint.

(5) D'ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an Bord diúltú d'iarratas a déanfar go cuibhe chun an Bhúird a d'iarraidh athnuachainte ar chlárú aon áitreibh áirithe másé tuairim an Bhúird—

(a) i gcás gurb é an t-iarratas san an chéad iarratas a d'iarraidh athnuachainte ar an gclárú san, gur fhailligh an t-iarratasóir, i rith na tréimhse idir dháta an chláruithe sin agus dáta an iarratais sin ar athnuachaint agus gan cead ón mBord, claoi le héilithe nach mó ná na héilithe do luadhadh sa scála d'éilithe do chuir sé isteach i dteanta a iarratais ar an gclárú san, no

(b) i gcás nach é an t-iarratas san an chéad iarratas a d'iarraidh athnuachainte ar an gclárú san, gur fhailligh an t-iarratasóir, i rith na bliana a bheidh á caitheamh an uair sin agus gan cead ón mBord, claoi le héilithe nach mó ná na héilithe do luadhadh sa scála d'éilithe do chuir sé isteach i dteanta an iarratais dheiridh roimhe sin uaidh a d'iarraidh athnuachainte ar an gclárú san.

(6) Na tagairtí atá san alt so don Bhord do bheith ar an tuairim go bhfuil scurtha ag áitreabh áirithe de bheith ionchláruithe in aon chlár áirithe no gur fhailligh iarratasóir claoi le haon éilithe áirithe, léireofar iad mar thagairtí don Bhord féin do theacht ar an tuairim sin agus ní don Bhord do theacht ar an tuairim sin ag gníomhú dhóibh tré aon oifigeach no seirbhíseach leis an mBord.

Deimhnithe clárathachta.

31. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord aon áitreabh áirithe do chlárú no a chlárú d'athnuachaint, bhéarfaidh an Bord deimhniú (dá ngairmtear deimhniú clárathachta san Acht so) i dtaobh an chláruithe sin don dílseánach cláruithe in aisce.

(2) Má chuireann dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe ina luighe ar an mBord go ndearnadh an deimhniú clárathachta do bhí i bhfeidhm de thurus na huaire alos an áitreibh sin do dhíthiú tré thionóisc féadfaidh an Bord deimhniú clárathachta nua do thabhairt amach don dílseánach cláruithe sin in ionad an deimhnithe do díthíodh amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach deimhniú clárathachta, sé sin le rá:—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh an deimhniú san agus beidh ann ráiteas ar an áitreabh le n-a mbainfidh, ainm dhílseánaigh chláruithe an áitreibh sin, an dáta ar a raghaidh clárú no athnuachaint ar chlárú an áitreibh sin in éag agus pé nithe eile is gá do réir na fuirme orduithe;

(b) beidh an deimhniú san sighnithe ag oifigeach don Bhord go n-údarás aige chuige sin ón mBord;

(c) beidh an deimhniú san, ach amháin i rith aon tréimhse bheidh sé curtha thar n-ais chun an Bhúird do réir an Achta so, ar taisbeáint in áit fheiceálach ag an bprímhshlí isteach san áitreabh san no ina haice ar feadh ré an chláruithe no na hathnuachainte ar chlárú bheidh deimhnithe leis;

(d) bhéarfar an deimhniú san thar n-ais don Bhord díreach ar dhul in éag dó.

(4) Pé uair a fhailleoidh dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe an deimhniú clárathachta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an áitreibh sin do thaisbeáint do réir míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

(5) Pé uair ná tabharfar deimhniú clárathachta thar n-ais don Bhord díreach ar dhul in éag dó beidh an té dar tugadh an deimhniú san ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Clár do leasú i gcásanna áirithe.

32. —Féadfaidh an Bord, uatha féin no ar iarratas ón dílseánach cláruithe, clárú aon áitreibh do leasú maidir le héinní go bhfeicfear don Bhord an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach ina thaobh agus féadfaid, i gcás san do bheith oiriúnach, an deimhniú clárathachta i dtaobh an áitreibh sin do leasú dá réir sin.

Srian le tigh ósta do ghairm d'áitreabh.

33. —(1) Ní dleathach do dhílseánach aon áitreibh tigh ósta do ghairm den áitreabh san ná a thabhairt le tuigsint gur tigh ósta é, ná a cheadú do dhuine ar bith san do dhéanamh, mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe sa chlár de thithe ósta agus go mbeidh an dílseánach san cláruithe sa chlár san mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Srian le tigh aoidheachta do ghairm d'áitreabh.

34. —(1) Ní dleathach do dhílseánach aon áitreibh tigh aoidheachta do ghairm den áitreabh san ná a thabhairt le tuigsint gur tigh aoidheachta é, ná a cheadú do dhuine ar bith san do dhéanamh, mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe sa chlár de thithe aoidheachta agus go mbeidh an dílseánach san cláruithe sa chlár san mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Srian le brugh saoire, etc., do ghairm d'áitreabh.

35. —(1) Ní dleathach do dhílseánach aon áitreibh brugh saoire ná teaghlach saoire do ghairm den áitreabh san ná a thabhairt le tuigsint gur brugh saoire no teaghlach saoire é, ná a cheadú do dhuine ar bith san do dhéanamh, mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe sa chlár de bhrughanna saoire agus go mbeidh an dílseánach san cláruithe sa chlár san mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Srian le brugh ógraidh do ghairm d'áitreabh.

36. —(1) Ní dleathach do dhílseánach aon áitreibh brughógraidh do ghairm den áitreabh san ná a thabhairt le tuigsint gur brugh ógraidh é, ná a cheadú do dhuine ar bith san do dhéanamh, mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe sa chlár de bhrughanna ógraidh agus go mbeidh an dílseánach san cláruithe sa chlár san mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Srian le campa saoire do ghairm d'áitreabh.

37. —(1) Ní dleathach do dhílseánach aon áitreibh campa saoire do ghairm den áitreabh san ná a thabhairt le tuigsint gur campa saoire é, ná a cheadú do dhuine ar bith san do dhéanamh, mara mbeidh an t-áitreabh san cláruithe sa chlár de champaí saoire agus go mbeidh an dílseánach san cláruithe sa chlár san mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Eisceachtaí.

38. —(1) Más deimhin leis an mBord aon áitreabh áirithe do bheith á sheoladh ag cóghléasadh carthannachta, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é ar a gcomhairle féin, a dhearbhú le hordú aon cheann áirithe de sna ceithre hailt sin roimhe seo do bheith gan feidhm maidir leis an áitreabh san agus, faid a bheidh an t-ordú san i ngníomh, ní bheidh feidhm ag an alt san maidir leis an áitreabh san.

(2) Féadfaidh an Bord aon ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh le hordú.

Grádanna.

39. —(1) Féadfaidh an Bord o am go ham na háitreabhacha bheidh cláruithe in aon chlár do ghrádáil ar pé slí is ceart dar leo.

(2) Má bhíonn na háitreabhacha bheidh cláruithe in aon chlár grádálta fén alt so féadfaidh an Bord tráth ar bith, más ceart san dar leo, an grád a bheidh dáilithe an tráth san d'aon áitreabh acu san do tharrac siar agus grád eile do dháiliú dhó.

(3) Má bhíonn na háitreabhacha bheidh cláruithe in aon chlár grádálta fén alt so, ní dleathach do dhílseánach chláruithe aon áitreibh acu san a rá ná a thabhairt le tuigsint an t-áitreabh san do bheith de ghrád seachas an grád a bheidh dáilithe dhó de thurus na huaire.

(4) Má dheineann dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe éinní contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Aitreabh cláruithe do thuitim no d'aistriú chun duine eile.

40. —(1) Má éagann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh éag an dílseánaigh chláruithe sin ann féin deireadh do chur le clárú an áitreibh sin;

(b) beidh ionadaí pearsanta an dílseánaigh chláruithe éagtha san no, le toiliú an ionadaí phearsanta san, aon duine eile i dteideal, ar n-a iarraidh san sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ar an mBord, go gclárófaí é mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

(c) o éag an dílseánaigh chláruithe éagtha san go dtí clárú duine eile mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san, is tuigthe gurb é an té bheidh ag coimeád an áitreibh sin ar siúl is dílseánach cláruithe air chun crícheanna an mhéide sin den Acht so bhainfidh le nithe bheidh le déanamh san áitreabh san no le linn an áitreibh sin do choimeád ar siúl mar adubhradh.

(2) Má dheineann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe (dá ngairmtear an t-aistritheoir sa bhfo-alt so) an t-áitreabh san agus an gnó bheidh á dhéanamh ann d'aistriú, ar díol no eile, chun duine eile (dá ngairmtear an t-aistrí sa bhfo-alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar é dá iarraidh san sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ar an mBord agus ar é dá chur ina luighe ar an mBord go bhfuil sé tagtha chun bheith ina dhílseánach ar an áitreabh san, beidh an t-aistrí i dteideal go gclárófaí é mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

(b) ar é chlárú mar adubhradh beidh teideal ag an aistrí chun tairbhe aon iarratais do rinne an t-aistritheoir chun an Bhúird i dtaobh an áitreibh sin agus a bheidh ar feitheamh an uair sin agus beidh sé i dteideal dul ar aghaidh leis an iarratas san amhail is gurbh é féin do dhéanfadh é;

(c) go dtí go gclárófar an t-aistrí mar adubhradh leanfaidh an t-aistritheoir, d'ainneoin an aistrithe sin, de bheith ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san chun crícheanna uile an Achta so.

(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i ngach cás ina raghaidh glacadóir no bainisteoir, ar n-a cheapadh ag cúirt, no morgáistí i seilbh áitreibh chláruithe amhail is go mbeadh dílseánach cláruithe an áitreibh sin tar éis an áitreibh sin d'aistriú chun an ghlacadóra no an bhainisteora no an mhorgáistí sin (do réir mar a bheidh).

Iniúchadh.

41. —(1) Beidh cigire i dteideal gach tráth réasúnta (ach é do thaisbeáint a cheapacháin i scríbhinn mar chigire má hiarrtar air é) dul isteach in aon áitreabh chláruithe no in aon áitreabh go mbeifear tar éis a iarraidh é chlárú agus an t-áitreabh san d'iniúchadh agus a cheangal ar an dílseánach cláruithe no ar neach iarrtha an chláruithe (do réir mar a bheidh) no ar dhuine ar bith ar fostú san áitreabh san an t-eolas san i dtaobh an áitreibh sin do thabhairt don chigire sin is gá, do réir réasúin, chun na gcrícheanna bhaineann leis an Acht so do riaradh.

(2) Gach duine—

(a) a bhacfaidh no a choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, no

(b) a fhailleoidh no a dhiúltóidh aon eolas do thabhairt do chigire air san d'éileamh is eolas a bheidh an cigire sin i dteideal a éileamh fén alt so, no

(c) do bhéarfaidh do chigire go toiliúil no go neamh-aireach eolas a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” oifigeach don Bhord ar n-a cheapadh ag an mBord chun bheith ina chigire chun crícheanna an ailt seo.

Fianaise ar lánas na gclár.

42. —(1) Maidir le gach clár—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Bhúird no aon oifigigh don Bhord go n-údarás chuige sin ón mBord, agus

(b) beidh sé ionghlactha i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil i gclár ar bith do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair do bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin ón mBord agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin ón mBord agus é á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh a bheidh luaidhte sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a bheidh luaidhte sa deimhniú san beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár d'iniúchadh ar íoc na táille sin, nach mó ná scilling an t-iniúchadh, a bheidh orduithe;

(b) cóip, a bheidh deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár d'fháil ar íoc táille reulach an fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe, d'fháil ar íoc táille dhá scilling agus reul an deimhniú.

Eilithe do thaisbeáint.

43. —(1) Féadfaidh an Bord a cheangal ar dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe go gcoimeádfa sé ar taisbeáint, i pé áiteanna san áitreabh san is dóich leo is ceart, pé liosta so-léighte agus pé méid liosta so-léighte is dóich leo is ceart de sna héilithe a bheidh á n-éileamh de thurus na huaire ar sheomraí, ar bhéilí, no ar sheirbhísí eile bheidh ar fáil san áitreabh san.

(2) Má fhaillíonn dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe éinní do dhéanamh a ceanglófar air fén alt so do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Comharthaí lasmuich.

44. —(1) Féadfaidh an Bord comhartha do thabhairt do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe, comhartha bheidh oiriúnach le bheith ar taisbeáint ar an taobh amuich den áitreabh san agus, leis sin, coimeádfaidh an dílseánach cláruithe sin an comhartha san ar taisbeáint in áit fheiceálach ar an taobh amuich den áitreabh san agus ag an bprímh-shlí isteach ann no ina haice.

(2) Má fhaillíonn dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe dá dtabharfaidh an Bord comhartha fén alt so an comhartha san do choimeád ar taisbeáint in áit fheiceálach ar an taobh amuich den áitreabh san agus ag an bprímh-shlí isteach ann no ina haice, beidh an dílseánach cláruithe sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpúint do chur air.

(3) Ní dleathach do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe, ach amháin le toiliú an Bhúird i scríbhinn, aon chomhartha á chur in úil cad is caighdeán don áitreabh san do chur ar taisbeáint ar an taobh amuich den áitreabh san seachas comhartha do bhéarfaidh an Bord dó fén alt so.

(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpúint do chur air.

(5) Féadfaidh comhartha do bhéarfar do dhílseánach chláruithe fén alt so bheith i pé fuirm, agus féadfaidh pé eolas do bheith ann i dtaobh an áitreibh le n-a mbainfidh, is dóich leis an mBord is ceart.

Liost bliantúil d'áitreabhacha cláruithe.

45. —(1) Foillseoidh an Bord no cuirfid fé ndeár go bhfoillseofar, uair amháin ar a laighead gach bliain, liost d'áitreabhacha cláruithe ar n-a chóiriú i slí go dtaisbeánfar ar leithligh áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de thithe ósta, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de thithe aoidheachta, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de bhrughanna saoire, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de bhrughanna ógraidh, agus áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de champaí saoire.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, má iarrann dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe ar an mBord an t-áitreabh san d'fhágaint ar lár as an liost fén alt so i leith aon bhliana áirithe féadfaidh an Bord an t-áitreabh san d'fhágaint ar lár as an liost san más dóich leo gur ceart é ag féachaint do chúrsaí uile an cháis.

(3) Féadfar an t-eolas san is ceart dar leis an mBord i dtaobh caighdeáin aon áitreibh a luadhfar i liost fén alt so agus i dtaobh na n-éilithe bheidh á n-éileamh ann agus i dtaobh éinní eile ina mbeadh suim ag cuairteoirí do chur sa liost san alos an áitreibh sin.

Fógraí do sheirbheáil.

46. —(1) I gcás inar gá do réir na Coda so den Acht so fógra do sheirbheáil ar aon iarratasóir ar chlárú no athnuachaint chláruithe, seirbheálfar an fógra i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfógra do sheachadadh don iarratasóir,

(b) tríd an bhfógra do sheachadadh do dhuine ar bith, nach lugha ná sé bliana déag d'aois, a bheidh ar fostú ag an iarratasóir, agus

(c) tríd an bhfógra do chur tríd an bpost i leitir roimh-íoctha a bheidh dírithe, i gcás iarratasóir ar chlárú, chun na háite ina mbíonn gnó ar siúl aige no chun na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige nó, i gcás iarratasóir ar athnuachaint chláruithe, chun an áitreibh le na mbainfidh an t-iarratas.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe gnó do bheith ar siúl ina oifig chláruithe ag cólucht corparuithe a bheidh cláruithe sa Stát fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gnó do bheith ar siúl ina phríomh-oifig no áit ghnótha sa Stát ag gach cólucht corparuithe eile agus ag gach cólucht neamh-ionchorparuithe.

Ciontaí.

47. —(1) Féadfaidh an Bord no féadfar ar agra an Bhúird, mar chúisitheoir, aon chionta fé aon alt den Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

(2) Má dheineann cólucht corparuithe cionta fé aon alt den Acht so agus so gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne no gur hurasuíodh a dhéanamh le haon fhaillí i bpáirt éinne is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorparuithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó is tuigthe an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san freisin, agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

CUID IV.

Liomataisti Speisialta do Bhunu.

Liomatáistí le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht seo.

48. —Ar n-a iarraidh sin air don Bhord féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, a dhearbhú le hordú go mbeidh aon líomatáiste áirithe ina líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

Comhachta do bhronnadh ar an mBord maidir le líomatáistí le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

49. —(1) Pé uair a dhearbhóidh an tAire, le hordú, go mbeidh líomatáiste ina líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so féadfaidh o am go ham ar iarratas an Bhúird, más ceart san dar leis, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) a údarú don Bhord na cláir sin do choimeád maidir leis an líomatáiste sin, is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san, de gach grúpa no d'aon ghrúpa no grúpaí acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) tithe bordála agus saghsanna eile cóiríochta comhnaithe,

(ii) ionaid champála,

(iii) tithe bídh, caiféanna, agus bunúcháin dá samhail,

(iv) cinemaí, amharclanna, faithchí spóirt, promnáidí bannaí ceoil, áitreabhacha ina mbíonn cluichí no siamsa ar fáil ag an bpuiblíocht agus áiteanna siamsa phuiblí dá samhail, agus

(v) seirbhísí iompair áitiúla;

(b) na cinn sin is ceart dar leis d'fhorálacha Coda III den Acht so do chur i mbaint le haon chlár a húdarófar amhlaidh don Bhord do choimeád agus na forálacha san do chur i mbaint leis an gcéanna go n-atharú no gan atharú;

(c) na comhachta san do bhronnadh ar an mBord is ceart dar leis chun taithneamhachtaí an líomatáiste sin do bhuanchoimeád;

(d) na comhachta san do bhronnadh ar an mBord is ceart dar leis maidir le treoraithe, gárdaí trágha, agus freastalaithe in áiteanna suidhte do chur ar fáil agus do rialú (le n-a n-áirmhítear ceadúnú) sa líomatáiste sin;

(e) na forálacha san (ar a n-áirmhítear forálacha le n-a mbunófar ciontaí agus le n-a socrófar i dtaobh ciontuitheoirí do chúiseamh agus do phionósú) do dhéanamh is forálacha gheobhaidh le coimeád no leanfaidh as coimeád aon chláir a húdarófar amhlaidh don Bhord do choimeád no gheobhaidh le feidhmiú no leanfaidh as feidhmiú aon chomhachta bronnfar ar an mBord amhlaidh.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire fén alt so comhachta do thabhairt don Bhord chun buan-choimeád do dhéanamh ar thaithneamhachtaí líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so agus a thárlóidh gurb ionann an líomatáiste sin no aon chuid de agus an líomatáiste no cuid den líomatáiste le n-a mbainfidh scéim pleanála fén Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934) , féachfaidh an tAire d'fhorálacha na scéime pleanála san.

Orduithe do leasú agus do cheiliúradh fén gCuid seo den Acht so.

50. —Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú bheidh déanta aige fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ordú fén alt so) do leasú no do cheiliúradh.

Orduithe fén gCuid seo den Acht so do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

51. —Déanfar gach ordú fén gCuid seo den Acht so do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

CUID V.

Acht Tracht na gCuairteoiri (Feabhsu), 1931 , do Leasu.

Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 , do leasú.

52. —(1) Déanfar alt 3 d'Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 ( Uimh. 15 de 1931 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is—

(i) go mbeadh, maidir le fo-alt (3) dhe do bhaint le comhairle chontae-bhuirge, an tagairt atá i mír (a) den fho-alt san (3) do ráta phingne fén bpunt ar luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin ina tagairt do ráta trí pingne fén bpunt ar an luach ionrátuithe sin, agus

(ii) go mbeadh an tagairt atá i bhfo-alt (8) de don Aire ina tagairt do Bhord Cuartaíochta na hÉireann.

(2) Ar n-a iarraidh sin d'aon chólucht reachtúil féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, go mbeidh an cólucht san ina n-údarás áitiúil chun crícheanna Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 , agus leis sin beidh an cólucht san ina n-údarás áitiúil chun crícheanna an Achta san agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht san dá réir sin.