29 1939


Uimhir 29 de 1939.


ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ) (Uimh. 2), 1939.

ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CHUMAINN CHROISE DEIRGE NA hÉIREANN CISTÍ DO CHRUINNIÚ TRÉ SCUAB-GHILL AGUS CRANNCHUIR DHUAISEANNA FÉ ACHTANNA NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933 GO 1939, AGUS CHUN PÁIRTEANNA DE SNA hACHTANNA SAN DO LEASÚ AGUS DO CHUR I mBAINT CHUN NA CRÍCHE SIN, AGUS CHUN AILT 50 DEN ACHT AIRGID, 1932 , DO CHUR I mBAINT LEIS NA SCUAB-GHILL SIN.

[26adh Deireadh Fómhair, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) , ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú.

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so (mara bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) an bhrí bheirtear dó amhlaidh.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Cumann” Cumann Croise Deirge na hÉireann;

cialluíonn an abairt “cumann coigríche” cumann no cóghléasadh i dtír seachas Éire go bhfuil cuspóirí no feidhmeanna aige atá cosúil no ar aon dul le cuspóirí no feidhmeanna an Chumainn;

cialluíonn an abairt “an cogadh so san Eoraip” an coinbhliocht fé airm atá, le linn an Achta so do rith, á thabhairt idir comhachta Eorpacha áirithe.

An Cumann do chur scuab-gheall ar siúl.

3. —(1) Pé uair, le linn an chogaidh seo san Eoraip, is mian leis an gCumann scuab-gheall do chur ar siúl fén bPríomh-Acht ar n-a chur i mbaint tríd an Acht so, féadfaidh an Cumann coiste scuabghill do cheapadh fé fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, agus leis sin beidh feidhm agus éifeacht, fé réir an chéad fho-ailt eile den alt so, ag ailt 1 go 13 (ach amháin fo-alt (6) d'alt 5, mír (a) d'alt 6, fo-alt (1) d'alt 10, agus fo-alt (1) d'alt 12) den Phríomh-Acht.

(2) Chun na bpáirteanna den Phríomh-Acht a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur i mbaint de bhun an fho-ailt sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú agus míniú na bpáirteanna san den Phríomh-Acht ar n-a gcur i mbaint amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an abairt “coiste scuab-ghill” coiste scuab-ghill a cheapfaidh an Cumann de bhuadh an ailt seo;

(b) ciallóidh an focal “bunuitheoirí” an Cumann;

(c) ciallóidh an abairt “an tAcht so” an Príomh-Acht (sa mhéid go gcuirtear i mbaint é tríd an Acht so) agus an tAcht so;

(d) an tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht don méid a híocfar de bhun an ailt sin le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal léireofar í agus beidh éifeacht aici, d'ainneoin éinní atá in Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1938 (Uimh. 21 de 1938) , mar thagairt don méid a híocfar fén Acht so leis an gCumann.

Lánas scéimeanna chuirfidh an Cumann isteach.

4. —Scéim a leagfaidh an Cumann fé bhráid an Aire Dlighidh agus Cirt de bhun ailt 6 den Phríomh-Acht ar n-a chur i mbaint tríd an Acht so, déarfar inti (i dteanta na nithe is gá do réir an ailt sin 6 ar n-a chur i mbaint amhlaidh) go gcoinneoidh an Cumann chun a gcrícheanna féin iomlán an airgid a híocfar leis an gCumann alos an scuab-ghill le n-a mbainfidh an scéim sin no, neachtar acu, ná coinneoid ach cuid den airgead san amhlaidh agus go n-íocfar fuighleach an airgid sin le cumainn choigríche agus, sa chás deiridh sin, déarfar inti freisin cadé an cion den airgead san a coinneofar amhlaidh agus cadé an cion de a híocfar amhlaidh no luadhfar inti cadé an tslí ina ndéanfar amach na ceana san.

Ráitisí ar leabhair ticéadaí.

5. —Beidh ráiteas clóbhuailte go soiléir ar gach leabhar ticéadaí i scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so á rá gur fé Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, atá an scuab-gheall san á chur ar siúl, agus féadfaidh ráiteas bheith clóbhuailte air freisin á rá gur chun sochair don Chumann agus (más amhlaidh bheidh) chun sochair do chumainn choigríche atá an scuabgheall san á chur ar siúl.

Toradh scuabgheall do chur chun críche.

6. —(1) Íocfar leis an gCumann an farasbarr, den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol i scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so, a bheidh fágtha tar éis na nduaiseanna do bhéarfar amach sa scuab-gheall san agus na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl agus aon diúité no cáin is inéilithe alos an fharasbairr sin d'íoc no socrú ina gcóir.

(2) Airgead a híocfar leis an gCumann de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so alos scuab-ghill cuirfidh an Cumann chun críche é do réir na bhforálacha chuige sin a bheidh sa scéim a bheidh ceaduithe ag an Aire Dlighidh agus Cirt i leith an scuab-ghill sin.

(3) Is dleathach don Chumann, má foráltar san leis an scéim a bheidh ceaduithe ag an Aire Dlighidh agus Cirt alos scuab-ghill a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so, cuid den airgead a híocfar de bhun an chéad fho-ailt den alt so leis an gCumann alos an scuab-ghill sin d'íoc le cumainn choigríche do réir na scéime sin.

Feidhm ag achtacháin cháinghearrthacha áirithe.

7. —Is tuigthe, chun crícheanna agus do réir bhrí ailt 41 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so do bheith á chur ar siúl fén bPríomh-Acht, agus dá réir sin bainfidh alt 50 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), le gach scuab-gheall den tsórt san de bhuadh an ailt sin 41.

Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939 , do dhúnadh amach.

8. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1939 (Uimh. 15 de 1939) , maidir le scuab-gheall a chuirfidh an Cumann ar siúl de bhuadh an Achta so.

Gearr-theideal, léiriú agus cóluadh.

9. —(1) Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú) (Uimh. 2), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939, agus an tAcht so le chéile.

(3) Chun crícheanna có-luachainte, folóidh an abairt “Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1939,” an tAcht so.