33 1939


Uimhir 33 de 1939.


ACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1939.


ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CÁIN IONCUIM DO LEASÚ, CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS MÁIL D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, AGUS CHUN RÁTAÍ DIÚITÉTHE ÁIRITHE EILE DEN tSÓRT SAN AGUS RÁTAÍ ÁIRITHE DIÚITÉ ESTÁIT DO MHÉADÚ, AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN.

[14adh Mí na Nodlag, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Asbhaintí cánach ioncuim tar éis an 5adh Abrán, 1940.

1. —(1) Gach suim a híocfar no a hasbhainfear i leith cánach ioncuim fé cheann dhá mhí tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1940, agus gan inti ach íoc no asbhaint a déanfar de bhuadh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, is do réir sé scillinge agus reul sa phunt a háirmheofar í agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 6 maidir léi amhail is gurbh é an ráta san an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach suim a híocfar no a hasbhainfear i leith cánach ioncuim fé cheann dhá mhí tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1940, agus cuid di ina híoc no ina hasbhaint a déanfar i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, agus an chuid eile dhi ina híoc no ina hasbhaint a déanfar, de bhuadh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, sé sin le rá:—

(a) an chuid den tsuim sin is íoc no ashbhaint i leith cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, is do réir chúig scillinge agus reul sa phunt, eadhon, an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain sin, a háirmheofar í;

(b) an chuid den tsuim sin is íoc no asbhaint a déanfar, de bhuadh an ailt sin 6, i leith cánach ioncuim don bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, is do réir sé scillinge agus reul sa phunt a háirmheofar í agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 6 maidir léi amhail is gurbh é an ráta san an ráta caighdeánach cánach ioncuim don bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe ar shiúicre d'atharú.

2. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais atá anois ann i leith siúicre, moláis, glúcóis, agus sacairín, éileofar, gearrfar agus íocfar, ar an siúicre, an molás, an glúcós, agus an sacairín uile a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, na diúitéthe custum a luaidhtear sa dara colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar i leith an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis, agus an tsacairín uile a hiomportálfar amhlaidh na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal san.

(2) In ionad na ndiúitéthe máil, na n-ais-tarraicí agus na liúntas atá anois ann i leith siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, éileofar, agus íocfar, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, ar an siúicre, an molás, an glúcós, agus an sacairín uile do rinneadh sa Stát, na diúitéthe máil a luaidhtear sa tríú colún agus sa cheathrú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus lomhálfar agus íocfar i leith an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín uile do rinneadh amhlaidh na hais-tarraicí agus na liúntaisí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal san.

(3) Bainfidh alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so fé mar a bhaineann an t-alt san leis na diúitéthe luaidhtear ann.

(4) Na forálacha atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , bainfid leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar a bhaineann na forálacha san leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí luaidhtear sa Chéad Sceideal san ach san i dteanta agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gclás 5 cuirfear an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, in ionad an 6adh lá de Bhealtaine, 1925;

(b) i gclás 7 léireofar an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid sin 1925 mar thagairt don alt so.

(5) Bainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar a bhaineann sé leis na diúitéthe, na hais-tarraicí agus na liúntaisí luaidhtear ann.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar na diúitéthe ar earraí do rinneadh de shiúicre no ina mbíonn siúicre, etc.

3. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 9 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir na rátaí seo leanas ar na hearraí uile (ach na cinn a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, agus do rinneadh de shiúicre no d'abhar eile mhilsithe no ina mbeidh a leithéid, sé sin le rá:—

(a) do réir dhá phingin go leith an punt más do réir mheáchainte a horduítear sa liost iomportála oifigiúil an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, agus

(b) do réir dhá scilling agus pingin an galún más do réir tomhais a horduítear sa liost iomportála oifigiúil an earra d'iontráil ar í d'iomportáil.

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon earra acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) beoir,

(b) lionn ubhall,

(c) ullamhóidí cócó,

(d) bainne tiughtha lán-uachtair,

(e) torthaí i sioróip agus iad i gcannaí no i stáin séaluithe,

(f) glúcós,

(g) luibh-bheoir,

(h) mil, le n-a n-áirmhítear mil shaordha,

(i) molás (le n-a n-áirmhítear siúicre iompála agus gach siúicre eile agus gach eastóscán as siúicre nach féidir a lántástáil leis an bpólariscóip),

(j) lionn pioraí,

(k) ullamhóidí chun snasuithe,

(l) annlainn no tarsainn ullamhuithe ina bhfliucháin no ina quasi-fhliucháin,

(m) sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí den tsaghas no chun na húsáide céanna),

(n) galúnach agus púdair ghalúnaighe agus gach saghas galúnaighe tacair,

(o) súpanna,

(p) biotáille,

(q) siúicre,

(r) earraí is ionchurtha fé dhiúité mar mhilseoga siúicre,

(s) uiscí búird,

(t) tobac,

(u) ullamhóidí maiseacháin,

(v) fíon,

(w) bainne tiormuithe no púdaruithe,

(x) earraí déanta ar fad no go leathrannach de bhainne thiormuithe no phúdaruithe.

(3) An diúité forchuirtear leis an alt so is breis é ar aon diúité is inéilithe ar aon bhiotáille do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú ach beidh sé in ionad aon diúité dob inéilithe, mara mbeadh so, ar aon táthchuid eile do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

(4) Bainfidh alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), leis an diúité forchuirtear leis an alt so fé mar a bhaineann an t-alt san leis na diúitéthe luaidhtear ann.

Atharú ar rátaí an diúité ar thobac.

4. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar é, maidir le tobac a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 9 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) .

(2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar é, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear i gCuid II agus i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 9 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) .

(3) Bainfidh fo-ailt (2) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , le tobac is ionchurta fén diúité máil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II no i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, chun na críche sin, déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (5) den alt san 19 do Choda I agus II fé seach den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Choda II agus III fé seach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe custum ar bheoir.

5. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 5 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir na rátaí seo leanas ar gach mum, beoir dhubh no spriúis, fionn-bheoir Bherlíneach agus ullamhóidí eile (brachuithe no nea-mbrachuithe) den chinéal chéanna a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis, sé sin le rá:—

(a) dhá phunt fhichead agus deich scillinge ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús nach mó ná míle, dhá chéad, agus cúig grádanna déag;

(b) sé púint fhichead agus ocht scillinge ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús is mó ná míle, dhá chéad, agus cúig grádanna déag.

(2) In ionad an diúité chustum a forchuirtear le fo-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an mbeoir uile de shaghas ar bith (seachas beoir is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so) a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, diúité custum do réir chúig púint, dhá scilling déag, agus reul ar gach sé galúin tríochad de bheoir go mbeidh a foirt, no go rabhadar roimh an mbrachú, ar sandlús de mhíle agus cúig grádanna caogad.

(3) Nuair a déanfar beoir iomportálta d'easportáil no í loingsiú chun úsáide mar stóranna agus a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh an diúité forchuirtear le ceachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, lomhálfar agus íocfar, in ionad an ais-tarraic is iníoctha fé fho-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1920, ais-tarrac a háirmheofar do réir sandlúis bhunaidh na beorach san, eadhon, ais-tarrac de chúig púint, dhá scilling déag agus leath-reul ar gach sé galúin tríochad de bheoir gur míle agus cúig grádanna caogad ba shandlús bunaidh di.

(4) I gcás beorach is ionchurtha fén diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so no i gcás beorach ar a mbeidh ais-tarrac fé fho-alt (3) den alt so iníoctha, má bhíonn sandlús na beorach san deifriúil leis an sandlús a luaidhtear sa bhfo-alt san (2) no sa bhfo-alt san (3) (pé acu bhaineann leis an gcás) atharófar go cothromúil an diúité sin no an t-aistarrac san (pé acu é).

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le ceachtar de sna diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe máil ar bheoir.

6. —(1) In ionad an diúité mháil a forchuirtear le halt 6 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an mbeoir uile grúdófar sa Stát an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, diúité máil do réir chúig púint agus dhá scilling déag ar gach sé galúin tríochad d'fhoirt de shandlús míle agus cúig grádanna caogad.

(2) Nuair a heasportálfar beoir mar earra cheannaíochta no chun úsáide mar stóranna luinge agus a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh an diúité máil a forchuirtear leis an alt so, lomhálfar agus íocfar, in ionad an ais-tarraic is iníoctha fé alt 6 den Finance Act, 1920, ais-tarrac a háirmheofar do réir sandlúis bhunaidh na beoradh san, eadhon, ais-tarrac de chúig púint dhá scilling déag agus leath-reul ar gach sé galúin tríochad gur míle agus cúig grádanna caogad ba shandlús bunaidh di.

(3) Maidir le beoir go mbeidh a sandlús deifriúil leis an sandlús a luaidhtear sa bhfo-alt san den alt so bhaineann leis an gcás, atharófar go cothromúil an diúité is inéilithe no an t-ais-tarrac is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Atharú ar rátaí na ndiúitéthe ar bhiotáille.

7. —(1) Leasófar mar leanas an Finance Act, 1920, maidir le hearraí a hiomportálfar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, no dá éis sin, agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so cuirfear é sa Finance Act, 1920, sin in ionad Coda I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san;

(b) déanfar na tagairtí i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, sin do Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san do léiriú, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí don Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) An diúité máil a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, éileofar, gearrfar, agus íocfar é, amhail ar an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus as san amach, do réir cheithre púint, dhá scilling agus reul an galún (ar n-a áireamh do réir phromhtha) in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (2).

(3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun biotáille neamh-aibidh do shaoradh o sna diúitéthe custum breise no ón diúité máil breise forchuirtear uirthi le halt 9 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), ná chun dochar ná deifir do dhéanamh do sna diúitéthe sin.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Méadú ar rátaí áirithe diúité estáit.

8. —(1) I gcás daoine éagfaidh tar éis an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1939, déanfar na rátaí diúité estáit atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , do mhéadú fé seach mar leanas sa mhéid go mbainfid le hestáit gur mó a luach colna ná deich míle punt, sé sin le rá:—

(a) sa mhéid go mbaineann na rátaí sin le hestáit gur mó ná deich míle punt agus nach mó ná caoga míle punt a luach colna méadófar gach ráta fé leith acu an deichiú cuid dá mhéid féin, agus

(b) sa mhéid go mbaineann na rátaí sin le hestáit gur mó ná caoga míle punt a luach colna méadófar gach ráta fé leith acu an cúigiú cuid dá mhéid féin.

(2) Má díoladh no má morgáistíodh bona fide roimh an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1939, ar lán-chomaoin airgid no luacha airgid, leas feitheamhach do réir bhrí Coda I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (seachas maoin is tuigthe do dhul, ar éag do dhuine, chun duine eile de bhuadh ailt 26 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a leasú le hailt 29 agus 30 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ), ansan, ar thuitim i seilbh don leas san, ní bheidh aon diúité iníoctha ar an maoin sin, ag an gceannuitheoir no ag an morgáistí, seachas mar do bheadh iníoctha dá mba ná hachtófaí an t-alt so agus, i gcás morgáiste, áirmheofar ina mhuirear i ndiaidh mhuirear an mhorgáistí aon diúité níos aoirde is iníoctha ag an morgáisteoir.

CUID IV.

Generalta.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

9. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na reacht a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

CEAD SCEIDEAL.

SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN—RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

CUID I.—DIUITETHE.

Diúitéthe Máil

Earraí

Diúitéthe

Custum

Siúicre agus Molás do rinneadh ar fad as Biatas do fásadh in Éirinn

Gach Earra Eile

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Siúicre thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngráid nóchad ar n-a thástáil leis an bpólariscóip     ...     ...     ...     ...

an cmt.

23

4

8

2

23

4

Siúicre de phólarú nach mó ná sé gráid sheachtód     ...     ...

,,

11

2

3

11

11

2

Siúicre de ghrád phólaruithe:—

Is mó ná

76

agus nach mó ná

77

,,

11

6.8

4

0.6

11

6.8

,,

77

,,

78

,,

11

11.3

4

2.1

11

11.3

,,

78

,,

79

,,

12

3.8

4

3.7

12

3.8

,,

79

,,

80

,,

12

8.3

4

5.3

12

8.3

,,

80

,,

81

,,

13

0.8

4

6.8

13

0.8

,,

81

,,

82

,,

13

5.2

4

8.4

13

5.2

,,

82

,,

83

,,

13

9.7

4

10.0

13

9.7

,,

83

,,

84

,,

14

2.8

4

11.7

14

2.8

,,

84

,,

85

,,

14

7.8

5

1.5

14

7.8

,,

85

,,

86

,,

15

0.8

5

3.3

15

0.8

,,

86

,,

87

,,

15

5.9

5

5.0

15

5.9

,,

87

,,

88

,,

15

11.5

5

7.0

15

11.5

,,

88

,,

89

,,

16

5.1

5

8.9

16

5.1

,,

89

,,

90

,,

16

11.8

5

11.3

16

11.8

Is mó ná

90

agus nach mó ná

91

an cmt.

17

6.5

6

1.6

17

6.5

,,

91

,,

92

,,

18

1.2

6

4.0

18

1.2

,,

92

,,

93

,,

18

8.0

6

6.4

18

8.0

,,

93

,,

94

,,

19

2.7

6

8.7

19

2.7

,,

94

,,

95

,,

19

9.4

6

11.1

19

9.4

,,

95

,,

96

,,

20

4.1

7

1.4

20

4.1

,,

96

,,

97

,,

20

10.8

7

3.8

20

10.8

,,

97

,,

98

,,

21

5.6

7

6.1

21

5.6

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilléir ceadúnuithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nach féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná héilítear diúité air go speisialta do réir na bhforálacha eile den Chuid seo den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar mhilsithe ionta     ...     ...     ...

an cmt.

15

5

15

Má bhíonn níos lugha ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar mhilsithe ionta  ...     ...     ...

,,

11

3

11 

11

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar mhilsithe ionta     ...     ...     ...

,,

5

2

5

Is tuigthe an t-abhar milsithe do bheith có-mhéid le hiomlán an tsiúicre san earra mar a déanfar san amach le hainilís sa tslí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim

Glúcós:—

Soladach     ...     ...     ...

an cmt.

15

--

15

Ina fhliuchán     ...     ...     ...

,,

11

--

11

Sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí den tsaghas no chun na húsáide céanna) ...     ...

an t-unsa

7

--

7

CUID II.—AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

A.—CUSTUIM.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirmhítear siúicre no molás do rinneadh as siúicre no as molás ar ar híocadh diúité) agus do ghaibh tré mhonarcha shiúicre in Éirinn d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbannastórás chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis do rinneadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh agus, in aon chás eile, suim is có-mhéid leis an diúité do bheadh inéilithe nuair do hiomportálfaí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbannastóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar an siúicre no ar an nglúcós.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar no cuirfear ar bord luinge no lóisteálfar i mbannastóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú in Éirinn aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité is inéilithe ar an méid den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is deimhin leis Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí no, i gcás déantúisí fuighligh, is deimhin leo atá sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh in Éirinn, as siúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilléir cheadúnuithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...

an cmt.

s.

5

d.

7

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás uár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh in Éirinn as siúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an cmt.

s.

5

d.

7

B.—MAL.—SIUICRE AGUS MOLAS DO RINNEADH AR FAD AS BIATAS DO FASADH IN ÉIRINN.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac ar shiúicre no molás ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac, nuair a lóisteálfar i mbannastóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar an siúicre.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge no a lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú in Éirinn aon tsiúicre no molás ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar an méid den tsiúicre no den mholás is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh in Éirinn as siúicre ar ar híocadh an diúité máil agus do seachadadh do stilléir cheadúnuithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an cmt.

s.

2

d

0

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh in Éirinn as siúicre ar ar híocadh an diúité máil     ...     ...     ...

an cmt.

s.

2

d.

0

C.—MAL.—GACH EARRA EILE.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbannastóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge no a lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú in Éirinn aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar an méid den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh in Éirinn as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha agus do seachadadh do stilléir cheadúnuithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ...

an cmt.

s.

5

d.

7

(5) Ais-tarrac ar ghlúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stóras a bheidh ceaduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fé Alt 2 den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an ais-tarrac do bheadh iníoctha ar an nglúcós d'easportáil.

(6) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh in Éirinn as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an cmt.

s.

5

d.

7

DARA SCEIDEAL.

DIÚITÉTHE AR THOBAC.

CUSTUIM.

CUID I.

Tobac Nea-Dhéanta:—

Má bhíonn sé scúite no dí-loirgnithe:—

s.

d.

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

13

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

14

10½

Má bhíonn sé gan bheith scúite ná dí-loirgnithe:—

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

13

4

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

14

10

An Ráta Iomlán

An Ráta Tosaíochta

Tobac Déanta, eadhon:—

s.

d.

s.

d.

Todóga     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

25

5

21

2⅙

Toitíní     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

20

6

17

1

Cavendish no Negrohead     ...     ...     ...     ...

,,

19

6

16

3

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ...

,,

16

11

14

1⅙

Tobac Déanta eile     ...     ...     ...     ...     ...

,,

16

11

14

1⅙

Snaois agus níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ...     ...     ...     ...

,,

16

1

13

4⅚

Snaois agus gan níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ...     ...     ...

,,

19

6

16

3

MAL.

CUID II.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

12

6

Go mbeidh níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

13

10

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ...     ...

,,

16

3

CUID III.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

11

4

Go mbeidh níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

12

7

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ...     ...

,,

14

8

TRIU SCEIDEAL.

BIOTAILLE (RATAI AN GHNATH-DHIUITE CHUSTUM).

Tuairisc na Biotállle

Rátaí Tosaíochta

Lán-Rátaí

I gCasg

I mBuidéal

I gCasg

I mBuidéal

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún, ar n-a áireamh do réir phromhtha, dhíobh so—

Branda no rum     ...     ...

4

2

10

4

3

10

4

5

4

4

6

4

Rum tacair no geinéibh     ...

4

2

11

4

3

11

4

5

5

4

6

5

Biotáille nea-milsithe seachas na saghsanna do luadhadh cheana     ...     ...     ...

4

2

11

4

2

11

4

5

5

4

5

5

Ar gach galún de bhiotáille chumhruithe     ...     ...

6

12

0

6

13

0

6

16

0

6

17

0

Ar gach galún de licéirí, de chóirdil, de mheascáin agus d'ullamhóidí eile, i mbuidéal, a hiontrálfar i slí thaisbeánfaidh ná fuil an neart le tástáil     ...

--

5

12

7

--

5

15

11

Ar gach galún, ar n-a áireamh do réir phromhtha, d'aon tsaghas biotáille nár luadhadh cheana, le n-a n-áirmhítear naphta agus alcól meitleach do glanadh chun go mbeidís ionóil, agus meascáin agus ullamhóidí ina bhfuil biotáille     ...     ...     ...

4

2

11

4

3

11

4

5

5

4

6

5