14 1940


Uimhir 14 de 1940.


ACHT AIRGEADAIS, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS IONCUIM DHÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEADAIS DO DHÉANAMH. [26adh Meitheamh, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1940-41.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, éileofar cáin ioncuim do réir sé scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna (ar a n-áirmhítear méaduithe deintear leis an Acht so) gur dá réir atá sí á héileamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus cile, uile agus fé seach, a bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1940, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha i dtaobh méaduithe ar na rátaí for-chánach atá san Acht so beidh éifeacht aca, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940.

Rátaí forchánach in aghaidh na bliana 1939-40.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) , agus fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, isiad rátaí gur dá réir a héileofar for cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, ar ioncum aon phearsan is mó ná fiche míle punt, ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh ailt 1 den Acht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , agus gach ráta fé leith aca san méaduithe fiche per cent.

(2) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so, ní raghaidh an méid for-chánach a héileofar air de bhuadh an fho-ailt sin thar suim na méideanna so leanas agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:—

(a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le fiche míle punt gan bheith níos mó ná san, agus

(b) an méid a bheidh de bhreis ag á ioncum ar fiche míle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe.

Alt 20 den Finance Act, 1922, do leasú.

3. —(1) Léireofar alt 20 den Finance Act, 1922, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndeintí mír (b) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus an mhír seo leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“(b) which by virtue of or in consequence of any disposition made, directly or indirectly, by any person (other than a disposition made for valuable and sufficient consideration) is payable to or applicable for the benefit of any other person, but excluding any income which—

(i) arises from capital of which the disponer by the disposition has divested absolutely himself in favour of or for the benefit of the said other person, or

(ii) being payable to a person who is an individual for his own use, is so payable for a period which exceeds or may exceed six years, or

(iii) being applicable for the benefit of a named person who is an individual, is so applicable for a period which exceeds or may exceed six years.”

(2) An leasú deintear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar alt 20 den Finance Act, 1922, beidh feidhm aige maidir le gach riaras do rinneadh an Sadh lá de Bhealtaine, 1940 no do rinneadh no déanfar ina dhiaidh sin (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) agus beidh feidhm aige freisin, ón 6adh lá d'Abrán, 1947, amach, maidir le gach riaras do rinneadh roimh an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ná beidh deireadh le n-a éifeacht an 6adh lá d'Abrán, 1947.

Alt 21 den Finance Act, 1922, do leasú.

4. —Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (6) d'alt 21 den Finance Act, 1922, tré sna focail agus na figiúirí “which has, since the fifth day of April, nineteen hundred and fourteen, been registered under the Companies Acts, 1908 to 1917” atá anois sa mhír sin do scriosadh agus tré sna focail agus na figiúirí “which is a company within the meaning of the Companies (Consolidation) Act, 1908” do chur sa mhír sin in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí scriostar amhlaidh.

Cáin do bhaint as díbhinní.

5. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an príomh-achtachán” Riail 20 de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D agus E den Income Tax, 1918.

(2) Déanfar forálacha an phríomh-achtacháin do léiriú, maidir le díbhinn ar bith d'íoc aon chólucht daoine roimh an Acht so do rith no íocfaid dá éis sin, mar fhorálacha údaruíonn cáin do bhaint as an méid iomlán do híocadh as brabús agus gnóthachan do rinne an cólucht san agus—

(a) do cuireadh fé cháin, no

(b) do bheadh, fé fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncuim, le cur san áireamh nuair a beifí ag déanamh amach dliteacht an chóluchta san maidir le n-a gcáinmheas in aghaidh aon bhliana áirithe dá mba ghá do réir na bhforálacha san í dhéanamh amach do réir bhrabús agus gnóthachan na bliana san agus ní do réir bhrabús agus gnóthachan aon bhliana no tréimhse eile.

(3) Chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim is tuigthe, maidir le méid aon díbhinne d'íoc aon chólucht daoine roimh an Acht so do rith no íocfaid dá éis sin agus as a n-údaruítear leis an bpríomh-achtachán, ar n-a leasú leis na forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, cáin do bhaint, gur ioncum é den mhéid sin a bheadh, tar éis na has-bhainte cánach san a húdaruítear amhlaidh, có-ionann—

(a) i gcás cáin do bhaint as an díbhinn sin, leis an méid glan do fuarthas, agus

(b) i ngach cás eile, leis an méid do fuarthas.

(4) Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), maidir le díbhinní ag féachaint go cuibhe do sna forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Alt 21 den Finance Act, 1920, do leasú.

6. —Leasuítear leis seo alt 21 den Finance Act, 1920, tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(5) Where, for any year of assessment, two or more individuals are or would, but for the provisions of this sub-section, be entitled under this section to relief in respect of the same child, the following provisions shall have effect, that is to say:—

(a) only one deduction under this section shall be allowed in respect of such child;

(b) where such child is maintained by one parent only, that parent only shall be entitled to claim such deduction;

(c) where such child is maintained jointly by both parents, each parent shall be entitled to claim such part of such deduction as is proportionate to the amount expended by him or her on the maintenance of such child;

(d) in ascertaining for the purposes of this sub-section whether a parent maintains a child and, if so, to what extent, any payment made by such parent for or towards the maintenance of such child which such parent is entitled to deduct in computing his or her total income for the purposes of the Income Tax Acts shall be deemed not to be a payment for or towards the maintenance of such child.”

Alt 32 den Finance Act, 1921, do leasú.

7. —Leasuítear leis seo alt 32 den Finance Act, 1921, tré mhír (b) d'fho-alt (3) do scriosadh as agus tríd an mír seo leanas do chur in ionad na míre scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(b)  the fund has for its sole purpose the provision of annuities for all or any of the following persons in the events respectively specified, that is to say, for persons employed in the trade or undertaking, either on retirement at a specified age, or on becoming incapacitated at some earlier age, or for the widows, children, or dependants of persons who are or have been so employed, on the death of those persons.”

Saoirsí agus liúntaisí de dhruim ailt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939.

8. —(1) Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, alos aon ionoighreachta ná beidh curtha ar cíos i bpáirt ná go hiomlán agus a bheidh de bhun fo-ailt (3) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 ( Uimh. 21 de 1939 ), gan rátú.

(2) Má thárlann, le linn luacháil ionoighreachta is muileann no monarcha no áitreabh eile den tsórt san do bheith á dhéanamh amach fé sna hAchtanna Luachála, ná beidh aon áird le tabhairt, de bhun fo-ailt (2) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 ( Uimh. 21 de 1939 ), ar aon tseomra ná cuid eile den ionoighreacht san ná ar aon atharuithe déanmhais no feabhsuithe ar an ionoighreacht san, déanfar méid aon as-bhainte bheidh le lomháil fé Riail 5 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do mhéadú méid is cóionann leis an séú cuid den deifríocht idir luach bliantúil na hionoighreachta san agus luach bliantúil na hionoighreachta san ar n-a mheas ar an bhforas go mbeadh áird le tabhairt ar an seomra no ar an gcuid eile sin no, neachtar aca, ar na hatharuithe déanmhais no na feabhsuithe sin (dó réir mar a bheidh).

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

9. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) I ngach áit ina ndeirtear, gan coinníoll, sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

(4) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá:—pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon carraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar aca no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(5) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha áirithe sa Sceideal san, beidh éifeacht aca, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

Diúité máil ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí.

10. —(1) Déanfar, amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach, diúité máil (dá ngairmtear diúité leanna ubhall san alt so) do réir scilling an galún d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an lionn ubhall no piorraí uile do rinneadh sa Stát agus a díolfar no a coimeádfar chun a dhíolta sa Stát.

(2) Ní déanfar diúité leanna ubhall d'éileamh ná do ghearradh ar aon lionn ubhall no piorraí—

(a) ba chuid de stoc duine ar bith (seachas déantóir an leanna ubhall no piorraí sin) um meán oíche an Sadh lá de Bhealtaine, 1940, no

(b) go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim é bheith easportálta no loingsithe chun é úsáid mar stóras luinge.

(3) Déanfar, amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach, diúité máil (dá ngairmtear diúité ceadúnais leanna ubhall san alt so) de dheich scillinge d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar cheadúnas a bheidh le tógaint amach go bliantúil ag gach duine dheineann lionn ubhall no piorraí chun a dhíolta.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon duine (dá ngairmtear duine saortha san alt so) do shaoradh o n-a bheith d'oblagáid air ceadúnas do thógaint amach fé fho-alt (3) den alt so má chuireann ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é a phrímh-shlí mhartha talamh do shaothrú chun brabúis dó féin agus ná bíonn díol leanna ubhall no phiorraí ar siúl aige de ghnáth mar ghnó.

(5) Má dheineann duine ar bith, nach duine saortha ná sealbhóir ar cheadúnas fé fho-alt (3) den alt so, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, lionn ubhall no piorraí chun a dhíolta, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur maidir léi do rinneadh an cionta san.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun diúité leanna ubhall agus diúité ceadúnais leanna ubhall d'áirithiú agus do bhailiú agus, go sonnrách—

(a) chun a cheangal go dtabharfaí mion-innste ar tháirgeacht, ar stuic, agus ar dhíol leanna ubhall no phiorraí agus chun na mion-innste sin d'fhíorú,

(b) chun daoine dheineann no dhíolann agus áitreabhacha ina ndeintear no ina ndíoltar lionn ubhall no piorraí do chlárú,

(c) chun na saoráidí sin do chur ar fáil is gá no is inmhianuithe maidir le lionn ubhall no piorraí do bhuidéaladh no d'ath-bhuidéaladh no le lionn ubhall no piorraí do dhíol le deighleálaithe,

(d) chun eisiúint, ré, agus athnuachaint na gceadúnas ar a mbeidh diúité ceadúnais leanna ubhall iníoctha do rialáil, agus

(e) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon diúité mháil no i dtaobh daoine bheidh ag seoladh aon trádála bheidh fé réir an dlí mháil de thurus na huaire do chur i mbaint leis an diúité leanna ubhall no leis an diúité ceadúnais leanna ubhall agus le lionn ubhall no piorraí do dhéanamh, do dhíol, no do sheachadadh.

(7) Má sháruíonn duine ar bith (le gníomh no le faillí) aon rialachán a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur maidir léi do rinneadh an cionta san.

(8) Féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí Ioncuim dul isteach aon tráth réasúnta in aon áitreabh no in áit, ina ndeintear no ina ndíoltar lionn ubhall no piorraí no ina gcoimeádtar é chun a dhíolta, féachaint a bhfuiltear ag cólíonadh na bhforálacha den alt so bhaineann le diúité lionn ubhall no ag cólíonadh aon rialachán a bheidh déanta de bhun na bhforálacha san agus, má dheineann duine ar bith an dul-isteach san do chosc no do bhac, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil d'fhiche punt do chur air.

Diúité custum ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí.

11. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum atá anois ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an lionn ubhall agus ar an lionn piorraí uile a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, diúité custum do réir chúig scillinge an galún.

(2) Aon earra ar a n-éileofar agus ar a n-íocfar an diúité forchuirtear leis an alt so ní bheidh sí ionchurtha fé dhiúité freisin mar gheall ar aon tsiúicre no abhar mílsithe eile bheidh inti.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 6 den Acht Airgcadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus go mbeadh an t-alt so luaidhte sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san agus go mbeadh ráta de thrí scillinge an galún luaidhte sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san.

Diúité ar cheadúnaisí easportála bradán agus breac.

12. —(1) Gach duine thógfaidh amach no athnuafaidh, de bhun ailt 44 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, ceadúnas chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diúité máil de phunt in aghaidh gach ceadúnais fé leith a thógfaidh amach no a athnuafaidh amhlaidh.

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so alos aon cheadúnais áirithe is le linn an cheadúnais sin do thógaint amach, agus fós gach uair a hathnuafar an ceadúnas san, a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar é.

(3) An diúité forchuirtear leis an alt so alos aon cheadúnais is le stampaí chomharthuíonn méid an diúité sin, ar n-a múnlú ar an gceadúnas san, a híocfar agus a baileofar é agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité sin agus leis na stampaí sin.

(4) Ní dleathach ceadúnas do thabhairt amach go mbeidh an diúité forchuirtear leis an alt so iníoctha ina thaobh mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas san stampálta go cuibhe fén alt so alos an diúité sin, agus gach duine bhéarfaidh ceadúnas amach contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig púint do chur air.

Deireadh leis an diúité ar im.

13. —An diúité custum ar im do forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 ( Uimh. 14 de 1931 ), agus gur méaduíodh a ráta le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1934 ( Uimh. 18 de 1934 ), ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon im a hiomportálfar an 5adh lá de Mheitheamh, 1940, no dá éis sin.

Alt 16 den Acht Airgid, 1932 , do leasú.

14. —An diúité forchuirtear le halt 16 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon carra is cinematograf no is gabhálas no compáirt de chinematograf.

Alt 41 den Acht Airgid, 1932 , do leasú.

15. —Beidh éifeacht ag alt 41 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le beoir a grúdófar sa bhliain dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1940, agus maidir le beoir a grúdófar in aon bhliain dar tosach aon 1adh lá d'Iúl ina dhiaidh sin fé is dá mba thagairt do ráta de dheich scillinge an bairille caighdeánach an tagairt atá anois san alt san do ráta de chúig scillinge an bairille caighdeánach.

An diúité ar áitreabhacha cláruithe gcallghlacadóireachta.

16. —(1) I gcás an diúité máil d'fhiche punt a forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus is iníoctha dá bhuadh san ar aon áitreabh do chlárú, agus fós gach uair a hathnuaitear a chlárú, sa chlár d'oifigí geall-ghlacadóireachta choimeádann na Coimisinéirí Ioncuim de bhun an Achta um Gheall-Chur 1931 ( Uimh. 27 de 1931 ), do bheith íoctha maidir le haon áitreabh do chlárú no a chlárú d'athnuachaint sa chlár san in aghaidh aon bhliana áirithe, ní héileofar ná ní gearrfar an diúité máil sin aon uair ina dhiaidh sin a déanfar sa chlár san clárú ar an áitreabh san a raghaidh in éifeacht sa bhliain sin.

(2) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá de Mhí na Nodlag.

Lacáiste ar thobac chruadhfháiscthe.

17. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “tobac cruadhfháiscthe” tobac den tsaghas ar a dtugtar tobac cruadh-fháiscthe de ghnáth agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo—

(a) foluíonn an abairt sin tobac de sna saghsanna ar a dtugtar, de ghnáth, pluga, cornóg, casnóg, cuailleog, agus barra, agus

(b) ní fholuíonn an abairt sin tobac de sna saghsanna ar a dtugtar, de ghnáth, pluga gearrtha, calóga, agus meascáin.

(2) Má chuireann aon déantóir ceadúnuithe tobac ina iuighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearna, an 1adh lá de Lúnasa, 1940, no dá éis sin, aon tobac cruadh-fháiscthe, do rinne sé de thobac nea-dhéanta ar ar híocadh diúité, do dhíol agus do chur amach chun é úsáid sa Stát, beidh an déantóir sin i dteideal lacáiste do réir scilling agus tuistiún an punt d'fháil alos an tobac chruadh-fháiscthe sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh tré n-a gcuirfear forálacha an ailt seo in éifeacht agus, go sonnrách, tré n-a socrófar i dtaobh lacáistí fén alt so d'aisíoc agus do choigeartú i gcás ais-tarrac ar an tobac a bheidh i gceist d'éileamh agus do lomháil no an tobac san do chur thar n-ais go háitreabh an déantóra do rinne é no go háitreabh déantóra eile.

(4) Má dheineann duine ar bith, d'fhonn lacáiste fén alt so d'fháil dó féin no do dhuine eile, ráiteas do thabhairt no cúis d'aithris (i dtuairisceán i dtaobh an lacáiste sin no ar shlí eile seachas in aon tuairisceán den tsórt san) agus a fhios aige an céanna bheith bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

Alt 21 den Acht Airgid, 1935 , do leasú.

18. —Leasuítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), ar na slite seo leanas agus léircofar é agus beidh éifeacht aige, dá déir sin, sé sin le rá:—

(a) tré fho-alt (11) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(11) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an ailt seo agus, go sonnrách—

(a) chun eisiúint, ré, agus athnuachaint na gceadúnas ar a mbeidh an diúité ceadúnais sin iníoctha do rialáil,

(b) chun díol, seachadadh, stóráil, agus úsáid íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin do rialú,

(c) chun a cheangal ar dhuine is sealbhóir ar cheadúnas do tógadh amach fén alt so no a stórálann, a dhíolann, no a úsáideann aon íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin cuntaisí agus breacacháin áirithe i dtaobh na híle hídrocarbóin sin do choimeád i slí áirithe, agus gach leabhar agus scríbhinn, i dtaobh é do cheannach agus d'fháil agus do dhíol íle hídrocarbóin den tsórt san agus dá cur dá láimh, do choimeád go ceann tréimhse áirithe agus fós leigint d'aon oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim na cuntaisí, na breacacháin, na leabhair, agus na scríbhinní sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh,

(d) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon diúité mháil no chustum no daoine sheolann aon trádáil a bheidh fé réir dhlí an mháil de thurus na huaire do chur i mbaint leis an diúité custum san, leis an diúité máil sin, agus leis an diúité ceadúnais sin no le haon cheann no cinn aca agus le díol, le seachadadh, le stóráil, agus le húsáid íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin.”

(b) tré fho-alt (12) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(12) Má dheineann duine ar bith—

(a) aon fhoráil den alt so do shárú le gníomh no le faillí, no

(b) deimhniú fé fho-alt (7) den alt so do sheachadadh agus a fhios aige é bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc tábhachtach, no

(c) coinníoll a forchuirfear no rialachán a déanfar ag na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so do shárú le gníomh no le faillí, no

(d) bac no cur-isteach ar bhall den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta bheirtear don bhall san leis an alt so, no

(e) bac no cur-isteach ar oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim agus é ag feidhmiú aon chomhachta bheirtear don oifigeach san leis an alt so no bhéarfar dó le haon rialachán a déanfar fén alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, fé mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, pionós is có-ionann le trí oiread luach na híle hídrocarbóin (agus an diúité uirthi d'áireamh) gur ina taobh do rinneadh an cionta, no pionós céad punt, do chur air fén dlí bhaineann le custuim no fén dlí bhaineann le mál (do réir mar a bheidh) agus ina theanta san geallbhruidfear an íle sin.”

(c) tríd an míniú ar mhótar-fheithicil atá anois i bhfo-alt (15) den alt san do scriosadh as an bhfo-alt san agus tríd an míniú so leanas do chur ann in ionad an mhínithe sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“cialluíonn an abairt ‘mótar-fheithicil’ feithicil inneall-ghluaiste bhíonn ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun í úsáid ar bhóithre agus a gheibheann a comhacht tiomána o inneall dóghcháin inmheánaigh, ach ní fholuíonn tarraingire bhíonn déanta no ceaptha chun í úsáid chun crícheanna talmhaíochta nach gá chucha roinnt mhaith úsáide ar bhóthar phuiblí agus do bhí agus atá á húsáid chun na gcrícheanna san amháin”.

Leasuithe ar Achtanna Airgid áirithe.

19. —(1) Gach Acht a luaidhtear i gceann Coda den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh sé leasuithe mar leanas, sé sin le rá, gach alt no sceideal no uimhir thagartha den Acht san no ann a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san beidh sé leasuithe sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Sceideal san os coinne luadh an ailt no an sceidil no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san.

(2) Gach leasú luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun a urasú na diúitéthe fé seach dá ndeintear deifir leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo no an Sceidil sin ná ní oibreoidh chun méid ná éifeacht aon leasuithe luaidhtear sa Sceideal san do leathnú ná do theorannú ná do rialú.

Ceadúnaisí chun earraí d'iomportáil gan diúitéthe áirithe custum d'íoc.

20. —(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim a údarú d'aon duine áirithe le ceadúnas, fé réir cólíonadh na gcoinníoll san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear le hachtachán a luaidhtear sa Dara Colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar aca, no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is ceart dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Tríú Sceideal san chun a urasú na diúitéthe uile agus fé seach a forchuirtear leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir do léiriú an ailt seo no an Tríú Sceidil sin.

Deireadh le diúitéthe custum áirithe.

21. —(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san, ní héileofar ná ní gearrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin.

(2) D'ainneoin éinní atá in alt 16 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), no san alt so no ag uimhir thagartha 7 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, leanfar den diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc fé mar a deintí díreach roimh an 9adh lá de Bhealtaine, 1940.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun a urasú na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an dara colúin agus an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh a n-oibriú do theorannú ná do rialú.

Comhachta ball de sna Fórsaí Cosanta.

22. —Gach ball de sna Fórsaí Cosanta dá n-údaróidh na Coimisinéirí Ioncuim gníomhú mar oifigeach custum agus máil fén alt so, beidh aige agus sealbhóidh na comhachta agus na húdaráis agus na príbhléidí deintear no déanfar do thabhairt d'oifigeach custum agus máil no do dhílsiú ann leis an Customs Consolidation Act, 1876, no le haon Acht eile atá i bhfeidhm anois no a rithfear ina dhiaidh seo i dtaobh na gcustum, agus fós féadfaidh an céanna d'úsáid agus d'fheidhmiú, ach san sa mhéid sin amháin go mbaineann na comhachta no na húdaráis no na príbhléidí sin le haon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) dul ar bord aon árthaigh, báid, mótar-fheithicle, aerárthaigh, cairte, carráiste, no córach iompair eile no an céanna do chuardach, do scrúdú, do ghabháil, no do chur fé choinneáil;

(b) daoine gheobhfar in aon chóir iompair den tsórt san do chuardach no a cheangal ar aon duine gheobhfar amhlaidh scríbhinní agus páipéirí do thaisbeáint;

(c) árthaigh no báid a bhíonn ag cosc smuglaerachta do tharraing i dtír no d'fheistiú;

(d) aon chuid den chósta no de phuirt agus de bhruacha aon abhann no góilín no crompáin no aon bhóthar iarainn do phatróladh no gabháil gan chosc fan an chéanna no air;

(e) earraí do ghabháil no do chur fé choinneáil;

(f) daoine amhrusuithe do chuardach no do cheistiú no do ghabháil;

(g) daoine ar a líomhnófar ciontaí do chúiseamh.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Alt 2 (1) den Finance Act, 1894, do leasú.

23. —(1) San alt so—

foluíonn an focal “riaras” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú;

foluíonn an focal “abhar” aon íocaíocht, bliantúil no tréimhsiúil, a deintear no is iníoctha fé réim no de bhuadh an riarais gur maidir leis a húsáidtear an focal san;

cialluíonn an abairt “maoin do tháinig ón duine marbh” aon mhaoin—

(a) dob abhar do riaras do rinne an duine marbh, ina aonar no i gcomhar, no tré shocrú, le haon duine eile, ar shlí eile seachas ar lán-chomaoin in airgead no i luach airgid ar n-a íoc leis chun a úsáide no a thairbhe féin, no

(b) do sheasaimh d'aon chuid d'abhar riarais den tsórt san, pé aca go díreach no go nea-dhíreach é agus pé aca de bhuadh riarais no riaraisí idirmheánacha é agus pé aca ar lán-chomaoin no ar pháirt-chomaoin do rinneadh aon riaras idirmheánach den tsórt san no nach eadh.

(2) Beidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, maidir le blianacht no leas eile do ceannuíodh no do soláthruíodh i bpáirt no go hiomlán ag duine ar bith do bhí uair ar bith i dteideal aon mhaoine, no gur chuid dá acfuinn uair ar bith aon mhaoin, do tháinig ón duine marbh—

(a) fé is dá mb'é an duine marbh do sholáthródh an bhlianacht no an leas eile sin chó fada le n-a mhéid achtúil, no

(b) i gcás ina gcruthófar, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim, nár leor chun iomlán na blianachta no an leasa eile sin do sholáthar an mhaoin uile do tháinig ón duine marbh dá gcuirtí chuige sin í, amhail is—

(i) gurbh é an duine marbh do sholáthródh an bhlianacht no an leas eile sin, agus

(ii) gurbh é méid na blianachta no an leasa eile sin ná a mhéid achtúil ar n-a laigheadú oiread agus ba chionmhar le méid na nea-dhóthanachta cruthófar mar adubhradh.

(3) Le linn feidhm do thabhairt don fho-alt san roimhe seo den alt so, eisceofar ón maoin do tháinig ón duine marbh aon chuid di a gcruthófar ina taobh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim nach maidir le ceannach no soláthar na blianachta no an leasa eile no le haisíoc costais an chéanna in aon tslí, ná fós d'fhonn go bhféadfaí no gurbh usaide éinní dhíobh san do dhéanamh, do rinneadh an riaras darbh abhar í féin no an mhaoin dar sheasaimh sí.

(4) Chun críche ailt 4 den Finance Act, 1894, is tuigthe go raibh leas ag an duine marbh in aon mhaoin a háirmheofar, de bhuadh an ailt seo, ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine mhairbh.

(5) Na forálacha atá san alt so beidh éifeacht aca maidir le gach cás inar thárla bás an duine mhairbh an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin.

Alt 2 (2) den Finance Act, 1894, do leasú.

24. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an príomh-fho-alt” fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ar n-a leasú le halt 32 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

(2) I gcás aon duine d'éag an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, ní bheidh an tsaoirse o dhiúité estáit, is ionfhálta de bhuadh an phríomh-fho-ailt alos maoine soghluaiste socruithe lasmuich den Stát, le fáil alos aon mhaoine den tsórt san d'aistrigh no aistreoidh ar éag don duine sin más rud é, ar dháta an riaras fé n-ar aistrigh no fé n-a n-aistrcoidh an mhaoin do dhul in éifeacht (pé aca dáta roimh an Acht so do rith é no dáta dá éis sin), go raibh an riarasaidhe dómusta sa Stát no sa líomatáiste atá sa Stát anois no má rinneadh an riaras san, go díreach no go nea-dhíreach, thar ceann no ar chostas duine, no as cistí do sholáthruigh duine, bhí dómusta san áit sin adubhradh ar an dáta san.

(3) D'ainneoin na bhforálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, is tuigthe an tsaoirse o dhiúité estáit is ionfhálta de bhuadh an phríomh-fho-ailt alos maoine soghluaiste socruithe lasmuich den Stát do bheith ionfhálta maidir le bás an riarasaidhe (ach ní maidir le bás aon duine eile) más rud é—

(a) gur le linn é bheith dómusta lasmuich den Stát d'éag an riarasaidhe, agus

(b) go mbeidh an riaras ina bhronntanas láithreach inter vivos ar n-a dhéanamh ag an riarasaidhe laistigh de thrí bliana roimh dháta a éaga no ina bhronntanas maoine (pé uair do rinneadh) ná dearna an té ar ar bronnadh í a seilbh agus a húsáid bona fide do ghlacadh chuige láithreach agus do choimeád as san amach i gcaoi do ghearrfadh amach an riarasaidhe no aon tairbhe do bheadh dó de bharr connartha no eile, agus

(c) go mbeadh diúité estáit, ag féachaint do sna forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, inéilithe ar éag an riarasaidhe.

Alt 7 den Finance Act, 1894, do leasú.

25. —(1) San alt so—

foluíonn an focal “riaras” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú;

foluíonn an focal “abhar” aon íocaíocht, bliantúil no tréimhsiúil, a deintear no is iníoctha fé réim no de bhuadh an riarais gur maidir leis a húsáidtear an focal san,

cialluíonn an abairt “maoin do tháinig ón duine marbh” aon maidir leis a húsáidtear an focal san;

(a) dob abhar do riaras do rinne an duine marbh, ina aonar no i gcomhar, no tré shocrú, le haon duine eile, ar shlí eile seachas ar lán-chomaoin in airgead no i luach airigid ar n-a íoc leis chun a úsáide no a thairbhe féin, no

(b) do sheasaimh d'aon chuid d'abhar riarais den tsórt san, pé aca go díreach no go nea-dhíreach é agus pé aca de bhuadh riarais no riaraisí idirmheánacha é, agus pé aca ar lán-chomaoin no ar pháirt-chomaoin do rinneadh aon riaras idirmheánach den tsórt san no nach eadh.

(2) Aon liúntas a lomhálfaí fé fho-alt (1) d'alt 7 den Finance Act, 1894, mara mbeadh an fo-alt so, in aghaidh fiacha do bheadh curtha suas ag an duine marbh mar a luaidhtear i mír (a) den fho-alt san (1) no in agaidh ualaigh do bheadh bunuithe le riaras do bheadh déanta ag an duine marbh mar a luaidhtear sa mhír sin, beidh sé fé réir a laigheaduithe oiread agus is cionmhar le luach aon chomaoine dar tugadh air agus—

(a) ba mhaoin do tháinig ón duine marbh, no

(b) ba chomaoin (seachas maoin do tháinig ón duine marbh) do thug duine ar bith do bhí aon uair i dteideal aon mhaoine do tháinig ón duine marbh no gur chuid dá acfuinn aon uair aon mhaoin den tsórt san.

(3) Le linn feidhm do thabhairt d'fho-alt (2) den alt so maidir le cás ina raibh an chomaoin no cuid den chomaoin do tugadh ina comaoin den tsórt a luaidhtear i mír (b) den fho-alt san (2) agus a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur mhó luach na comaoine tugadh no na coda san di (pé aca é) ná an méid dob fhéidir a chur ar fáil tríd an maoin uile do tháinig ón duine marbh d'úsáid (ach amháin pé méid, más aon mhéid, den mhaoin sin is cuid den chomaoin do tugadh no a gcruthófar ina taobh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim nach maidir le soláthar na comaoine no le haisíoc costais an chéanna in aon tslí, ná fós d'fhonn go bhféadfaí no gurbh usaide éinní aca san do dhéanamh, do rinneadh an riaras darbh abhar í féin no an mhaoin dar sheasaimh sí), ní déanfar aon laigheadú in aghaidh na breise.

(4) An mhaoin seo leanas, sé sin le rá, airgead no luach airgid d'íoc no d'úsáid an duine marbh laistigh de thrí bliana roimh éag dó—

(a) chun no mar chabhair chun íoctha no glanta fiacha no eire a mbeadh éifeacht ag fo-alt (2) den alt so ina leith ar éag don duine sin dá mbeadh na fiacha no an t-eire gan íoc no gan glanadh, no

(b) chun laigheaduithe fiacha no eire a mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt san (2) ina leith ar éag don duine sin. áirmheofar í ina maoin is tuigthe do bheith ina cuid den mhaoin d'aistrigh, ar éag don duine sin, de bhuadh míre (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, agus d'ainneoin éinní in alt 3 den Acht san beidh diúité estáit iníoctha uirthi dá réir sin.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha atá san alt so maidir le gach cás inar éag an duine marbh an Sadh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin.

As bhaint as an diúité estáit i gcásanna áirithe.

26. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndearnadh, fé fhorálacha ailt 38 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear sa tír sin an Finance Act, 1924, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit dob iníoctha sa Bhreatain Mhóir de bhíthin éag an duine sin do thabhairt alos maoine atá sa Bhreatain Mhóir agus d'aistrigh ar éag an duine sin, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteanta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, go mbainfí as an diúité estáit sin fé n-a gcúram agus a mbainistighe is iníoctha de bhíthin an éaga san agus alos na maoine sin oiread agus do bheadh ionbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndearnadh, fé fhorálacha ailt 9 den achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear san áit sin an Finance Act (Northern Ireland), 1924, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha i dTuaisceart Éireann de bhíthin éag an duine sin do thabhairt alos maoine atá i dTuaisceart Éireann agus d'aistrigh ar éag an duine sin, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteanta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, go mbainfí as an diúité estáit sin fé n-a gcúram agus a mbainistighe is iníoctha de bhíthin an éaga san agus alos na maoine sin oiread agus do bheadh ionbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

27. —D'fhonn airgead do sholáthar chun muirir ghenerálta d'íoc a thuitfidh ar an bPrímh-Chiste, déanfar céad go leith míle punt d'aistriú ón Ród-Chiste agus d'íoc as chun an Phrímh-Chiste agus leis pé tráth no tráthanna sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Breithiúntais chun cáin no diúité do bhaint amach.

28. —(1) Má rinneadh no má deintear in aon imeachta (ar n-a mbunú roimh an Acht so do rith no dá éis sin) chun cáin no diúité fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim do bhaint amach, breithiúntas do thabhairt (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aghaidh an duine gur ina aghaidh do bunuíodh na himeachta san agus má fhorálann an breithiúntas san an duine sin do ghabháil agus do chur i bpríosún agus má glacadh no má glactar suim (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar cuntas no in íoc leathrannach an mhéide inar tugadh an breithiúntas san,—

(a) ní choiscfidh ná ní dhocharóidh an glacadh san an t-iarmhéid a bheidh gan íoc den mhéid sin do bhaint amach fén mbreithiúntas san, agus

(b) féadfar an breithiúntas san d'fheidhmiú agus d'fhoirfheidhmiú alos an iarmhéide sin chó hiomlán agus fhéadfaí, agus leis na meáin chéanna lena bhféadfaí, san do dhéanamh dá mb'é an méid inar tugadh an breithiúntas san an t-iarmhéid sin, agus

(c) an dlí bhaineann le feidhmiú agus foirfheidhmiú an bhreithiúntais sin beidh feidhm agus éifeacht aige i dtaobh an iarmhéide sin dá réir sin, agus

(d) chun na gcrícheanna bhaineann le feidhmiú agus foirfheidhmiú an bhreithiúntais sin is fianaise dho-chlaoite ar mhéid an iarmhéide sin deimhniú o rúnaidhe no o rúnaidhe chonganta do sna Coimisinéirí Ioncuim ag luadh méid an iarmhéide sin.

(2) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne.

Banc Taisce Oifig an Phuist.

29. —(1) Go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt, na reachta agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla do bhí i bhfeidhm díreach roimh bhunú Shaorstáit Éireann maidir le Banc Taisce Phost-Oifig Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann tráth (banc dá ngairmtear san alt so Banc Taisce na Post-Oifige Briotáinighe), bainfid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) agus is tuigthe gur bhaineadar riamh, gus na hatharuithe is gá déanta ortha (ar a n-áirmhítear go sonnrách an tAire Airgeadais do chur in ionad na National Debt Commissioners i ngach áit ina bhfuil san oiriúnach), le Banc Taisce Oifig an Phuist (dá ngairmtear san alt so Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann) do bhí á sheoladh tráth ag Riaghaltas Shaorstáit Éireann no fé n-a n-údarás agus atá á sheoladh, o achtú an Bhunreachta, ag an Riaghaltas no fé n-a n-údarás.

(2) D'ainneoin éinní sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so is tuigthe, i dtaobh atharuithe do rinneadh o bunuíodh Saorstát Éireann ar riaradh Bhanc Taisce Phost-Oifig na hÉireann agus go sonnrách atharuithe maidir le teoranta le méideanna taiscí no maidir le tarraing-amach airgid, no maidir le taiscí tré stampaí postais agus stampaí coigiltis, go bhfuilid agus go rabhadar riamh dleathach agus bailidhe d'ainneoin go mba fhéidir nár húdaruíodh na hatharuithe sin leis na reachta, na horduithe, agus na rialacháin dá dtugtar feidhm leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no go mba fhéidir ná dearnadh iad sa tslí a horduítear leis na reachta, na horduithe, agus na rialacháin sin.

(3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun a chur d'oblagáid ar Bhanc Taisce Phost-Oifig na hÉireann seirbhísí do thabhairt no gnó do ghabháil de láimh d'aon tsaghas do bheireadh Banc Taisce na Post-Oifige Briotáinighe no do ghabhadh de láimh roimh bhunú Shaorstáit Éireann ach nár thug Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann no nár ghaibh de láimh roimhe seo.

Cairteacha coigiltis.

30. —(1) Chun deireadh do chur le hamhruis dearbhuítear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, do rinne an tAire Airgeadais an 3adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, bailidhe agus éifeachtúil, agus tuigfear go rabhadar amhlaidh riamh;

(b) na Cairteacha uile den chéad eisiúint do tugadh amach fé sna Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, no gur tuigthe do réir na Rialacha san iad do thabhairt amach fén gcéanna, tuigfear gur go dleathach do tugadh amach iad, agus tuigfear na faidithe do rinne an tAire Airgeadais sna blianta 1928 agus 1933 fé seach ar shaol na gCairteacha san do bheith dleathach agus éifeachtúil;

(c) tuigfear é bheith dleathach an tAire Airgeadais do thabhairt isteach an dara heisiúint de Chairteacha sa bhliain 1931 agus na Cairteacha san do thabhairt amach an bhliain sin agus ina dhiaidh sin, agus tuigfear go mbaineann na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, agus gur bhaineadar riamh, ar n-a n-atharú amhlaidh, leis na Cairteacha san;

(d) tuigfear é bheith dleathach an tAire Airgeadais do thabhairt isteach an tríú eisiúint de Chairteacha sa bhliain 1933 agus na Cairteacha san do thabhairt amach an bhliain sin agus ina dhiaidh sin go dtí am an Achta so do rith, agus tuigfear go mbaineann na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, agus gur bhaineadar riamh, ar n-a n-atharú amhlaidh, leis na Cairteacha san;

(e) is dleathach don Aire Airgeadais leanúint, tar éis am an Achta so do rith, de Chairteacha den tríú eisiúint do thabhairt amach, agus bainfidh na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, leis na Cairteacha uile den tsórt san do bhéarfar amach amhlaidh;

(f) an laigheadú do rinne an tAire Airgeadais sa bhliain 1933 ar an seilbh mhaximum de Chairteacha Coigiltis, ag laigheadú na seilbhe sin, o chúig céad aonad-Chairt go dtí trí chéad agus caoga aonad-Chairt, beidh sé, agus tuigfear go raibh sé riamh, bailidhe agus éifeachtúil agus tuigfear é do dhéanamh mar leasú ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, pé uair is ceart san dar leis, rialacha (mar bhreis ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926) do dhéanamh i dtaobh Cairteacha Coigiltis do thabhairt amach, agus féadfaidh, leis na rialacha san, socrú do dhéanamh i dtaobh aon ní no ruda bhaineann le Cairteacha Coigiltis agus go bhfeicfear dó é bheith oiriúnach socrú do dhéanamh ina thaobh le rialacha agus, go sonnrách, féadfaidh, leis na rialacha san, leasú no atharú no ceiliúradh (i bpáirt no go hiomlán) do dhéanamh ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le diospóidí idir an tAire Puist agus Telegrafa agus sealbhóir Cairte Coigiltis. no duine adeir é bheith i dteideal an chéanna, alos únaeracht na Cairte sin no alos an mhéide is ionaisíoctha ina thaobh, sé sin le rá:—

(a) cuirfear gach diospóid den tsórt san fé bhráid Chlárathóir na gCara-Chumann agus bhéarfaidh scisean breith uirthi;

(b) ar aon diospóid den tsórt san do chur fé bhráid an Chlárathóra san, féadfaidh dul ar aghaidh leis an gcúrsa cx parte ach é do thabhairt fógra i scríbhinn don Aire Puist agus Telegrafa á rá go bhfuil sé ar intinn san do dhéanamh;

(c) ar aon diospóid den tsórt san do bheith á héisteacht aige, beidh an Clárathóir sin i dteideal fianaise (o bhéal no i scríbhinn) do ghlacadh, fínnéithe do chur fé mhionn, fínnéithe do ghairm, a chur mar cheangal scríbhinní do thabhairt ar áird, agus na scríbhinní uile do bhéarfar ar áird do réir an cheanglais sin do léigheamh agus do scrúdú;

(d) beidh breith an Chlárathóra san ar aon diospóid den tsórt san ina breith ná beidh aon dul tháirsi agus ina ceangal ar gach páirtí;

(e) ní bheidh aon bhreith do bhéarfaidh an Clárathóir sin ar dhiospóid ar bith den tsórt san ionchurtha fé aon diúité stampa;

(f) féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, a ordú le hordú go ndéanfaidh an Clárathóir sin táille no táillí d'éileamh alos gach diospóide den tsórt san éistfe sé agus ar a dtabharfaidh breith, agus féadfaidh an tAire sin, le haon ordú den tsórt san, a ordú cadé méid na dtáillí sin agus cé íocfaidh iad agus conus a baileofar agus a híocfar iad;

(g) féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, tráth ar bith, ar aon ordú bheidh déanta aige fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so no fén mír seo;

(h) gach táille a híocfar de bhun ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén bhfo-alt so, déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin, agus ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táille den tsórt san.

Bancanna taisce iontaobhais.

31. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais lá do cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo agus déanfar tagairtí san alt so don lá cheaptha do léiriú mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “Coimisinéirí na bhFiach Náisiúnta” an cólucht a ghníomhuíonn i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann agus ar a dtugtar the Commissioners for the Reduction of the National Debt;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais.

(3) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá sna Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an lá ceaptha agus dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh iontaobhaithe gach bainc thaisce iontaobhais isteach i mBanc na hÉireann, chun creidiúna cuntais speisialta bheidh in ainm an Aire, an t-airgead uile do bheadh ortha, mara mbeadh an t-alt so, d'íoc isteach i mBanc na hÉireann in ainmneacha Choimisinéirí na bhFiach Náisiúnta de bhuadh na Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920;

(b) féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun an cuntas speisialta san d'oscailt ina ainm i mBanc na hÉireann, agus féadfaidh rialacháin do dhéanamh maidir le hairgead d'íoc isteach sa chuntas speisialta san de bhun an ailt seo agus maidir le hairgead do tharraing amach as agus maidir le hairgead a bheidh chun creidiúna an chuntais speisialta san do shuncáil agus, go generálta, maidir leis an gcuntas speisialta san do bhainistighe;

(c) scuirfidh alt 3 den Savings Bank Act, 1880, d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith aige maidir le bancanna taisce iontaobhais;

(d) déanfar ús, do réir an ráta san (nach mó ná dó go seacht n-ochtú per cent. per annum) is ceart dar leis an Aire, d'íoc le hiontaobhaithe gach bainc thaisce iontaobhais ar an airgead a bheidh íoctha ag na hiontaobhaithe sin isteach sa chuntas speisialta san;

(e) féadfaidh an tAire na nithe sin agus an socrú san do dhéanamh is ceart dar leis chun daoine, ar n-a n-ainmniú aige, d'iniúchadh leabhar agus cuntas gach bainc thaisce iontaobhais agus do scrúdú modha ghnótha gach bainc aca san, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais gach saoráid is gá, chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh, do thabhairt uatha;

(f) féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén alt so, a chur mar cheangal na tuairisceáin sin agus na cuntaisí sin a luadhfar sna rialacháin sin do thabhairt don Aire, i dtaobh gach bainc thaisce iontaobhais, na tráthanna san a luadhfar sna rialacháin sin, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais déanamh do réir na rialachán san;

(g) beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais déanamh do réir na n-ordachán agus na dtreoracha san, i dtaobh bainistighe inmheánaighe an bhaine sin agus stiúrtha ghencrálta a ghnótha, is ceart dar leis an Aire do leagadh amach chun a áirithiú go ndéanfar an banc san do bhainistighe agus do stiúradh do réir an dlí bhainfidh leis.

(4) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so alos an chuntais speisialta luaidhtear sa bhfo-alt san, a fhoráil gur cead airgead a bheidh chun creidiúna an chuntais speisialta san do shuncáil tré n-a thaisciú i mBanc Taisce na Post-Oifige agus má foráltar amhlaidh leis na rialacháin sin féadfaidh na forálacha eile sin do bheith ionta is gá chun Banc Taisce na Post-Oifige d'íoc úis ar airgead a bheidh taiscithe amhlaidh, do réir an ráta san agus in aghaidh na dtréimhsí sin is gá no is oiriúnach dar leis an Aire chun na bhforálacha iomchuibhe den alt so, agus na rialachán a bheidh déanta fútha, do riaradh go héifeachtúil.

(5) Má deintear forálacha do chur, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sna rialacháin a luaidhtear sa bhfo-alt san, beidh éifeacht ag na forálacha san d'ainneoin san do bheith contrárdha d'éinní, no buiniscionn le héinní, atá in aon achtachán dá gcuireann an tAcht so i mbaint le Banc Taisce na Post-Oifige.

Cúram agus bainistighe cánach agus diúitéthe.

32. —Deintear leis seo na cánacha agus na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so do chur fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

33. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í mar éinní amháin leis na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt ann go soiléir, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1940, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An saghas earra is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

Forálacha speisialta

1

Earraí tighe no tighis is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no go furmhór de chré agus curtha fé oibriú glónrachta no gloiníochta ach gan earraí d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí sin do bheith ina mbréagáin no ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar dhaingneáin no mar fheistisí.

(a) Ar earraí is dóich leis na Coimisinéiri Ioncuim is gréithre buird (lasmuich de photaí té agus potaí caifé agus fós earraí bheidh, le linn a n-iomportála, gléasta ar fhrámaí miotail no gréasta le miotal)— reul an earra;

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 34 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus in ionad an diúité forchuirtear le halt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 29 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Baineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Ar photaí té agus ar photaí caifé (pé aca go n-a gclúdaigh no gan iad a hiomportálfar iad)—pé ráta aca so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 75 per cent. no scilling is trí pingne an earra:

(c) Ar gach earra eile— cúig scilling is dachad an céadmeáchaint.

2

Earraí, gloinithe no neaghloinithe, d'aon tsaghas aca so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no go furmhór de chré agus neaghlónruithe, sé sin le rá:—

(a) briceanna agus bluic,

(b) líneála múchán,

(c) píopaí agus ceangail,

(d) tíleacha urláir,

(e) potaí simné,

(f) potaí, bodhlaí, agus vásanna do bhláthanna agus criadha eile garnóireachta,

75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 6 i gCuid I den Chéad Sceidcal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 108), 1936, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinncach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , agus ag uimhir thagartha 7 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) .

(g) gabhadáin bhrioscaí, ach gan earrí d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí is inmheáin, cúil, taobhanna no íochtair do ghrátaí, do ráinsí, do stóbhanna, no do mhatal-chomhlaí tighe.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an gcéad uimhir thagartha eile sa Sceideal so.

Baineann forálacha ailt S den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

3

Píopaí glónruithe no gloinithe ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de cbré no de chriadha, agus ceangail ghlónruithe no ghloinithe (do phíopaí de shaghas ar bith) ar n-a ndéanamh ar fad no go furmhór de chré no de chriadha.

Ceithre scillinge an céadmeáchaint.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 108), 1939, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach amháin go gcuirfear an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí gur cuireadh ráta scilling is reul i mbaint leo mar ráta thosaíochta agus go gcuirfí sa liost san na hearraí is ionchurtha fén diúité sin.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

4

Tíleacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no go leathrannach de chré agus glónruithe.

Pé ráta aca so leanas gur as do gheobhfar, alos gach earra fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—75 per cent. no tuistiún agus leathphingin an tíl.

An diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 11 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

5

Aon earra (nach eilimint no cumasc ceimiceach aonair agus é substainteach glan) is dóich leis an Coimisinéirí Ioncuim a húsáidtear de ghnáth mar dhí-ghalrán, cuilnimh, mílnimh, cnuimhnimh no múiscnimh agus oiriúnach chun i úsáid amhlaidh gan aon oibriú ullmhúcháin do dhéanamh uirthi no gan ach uisce do chur léi.

331/3%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 12 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 121), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , sa mhéid go bhfuil an diúité deiridh sin inéilithe ar na hearraí luaidhtear i mír (a) sa dara colún den Sceideal san ag an uimhir thagartha san.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra aca so leanas, sé sin le rá, formaldehíd, formailín, cuilghabhálaithe agus síolchóirithe.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

Aon earra aca so leanas is barraí no gearrtha d'iarann no de chruaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith d'aon tsaghas aca so leanas agus gan iad ullamh ar fad le húsáid, sé sin le rá:—

(a) slata (agus ortha san dhá shlait no níos mó casta le chéile) a hiomportálfar ina gcúinní no ina bhfaideanna (díreach no eile) agus nach lugha ná trí séú-cuiddéag d'orlach agus nach mó ná orlach is trí ochtú ina dtras-tomhas,

37½%

An diúité luaidhtear, ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 16 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ).

Baineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) cearnacha (agus ortha san dhá chearnach no níos mó casta le chéile) a hiomportálfar ina gcúinní no ina bhfaideanna (díreach no eile) agus nach lugha ná ceathrú orlach agus nach mó ná orlach is ceathrú ar raimhre ar gach taobh;

(c) barraí leacuithe a hiomportálfar in a bhfaideanna (díreach no eile) agus nach lugha ná orlach agus nach mó ná trí orlach ar leithead agus nach lugha ná trí séú-cuiddéag d'orlach agus nach mó ná orlach ar raimhre;

(d) uillinneacha có-ionanna nach lugha ná trí cheathrú d'orlach fé thrí cheathrú d'orlach agus nach mó ná dhá orlach fé dhá orlach.

7

Páipéar, gan aon abhar ná deara clóbhuailte air, is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is pár bréige (le n-a n-áirmhítear páipéar páruithe) agus gur mó ná aon phunt déag agus nach mó ná nócha punt meáchaint gach réam de ina mbeidh ceithre chéad is ochtó leathán coróinndúbalta tríocha orlach ar faid agus fiche orlach ar leithead.

50%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é i dteannta, agus ní diúité é in ionad, an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 15 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra bheidh déanta de pháipéar is ionchurtha fén diúité sin ná ar aon pháipéar a bheidh, le linn a iomportála, á úsáid mar abhar pacála no fillteála d'earra eile.

Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha reachtúla so leanas sa tslí luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

(a) beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 6 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, agus go luadhfaí an tAcht so agus an uimhir thagartha so sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san, agus go luadhfaí ráta ba chómhéid le trí tríochad is trian per cent. sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 16 den Acht san, agus ag na rialacháin do rinneadh fén alt san, chun crícheanna an ailt sin 6 amhail bheirtear feidhm dó mar adubhradh.

Bainceann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

8

Gallúnacha agus púdair ghallúnaighe agus gach eineál abhar a húsáidtear in ionad gallúnaighe (agus ortha san táirgthe gallúnuithe as alcólanna), ach gan carbonáid naitre, siliocáid naitre, sóid loiscneach, carbonáid chail, potás loiscneach, amóin ná bórás d'áireamh nuair a hiomportálfar na substaintí sin seachas mar chuid no mar tháthchuid d'aon earra no ullamhóid.

75%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú ag uimhir thagartha 21 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , agus leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 191), 1939, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, is diúité é i dteannta aon diúité is inéilithe alos biotáille no sacairín a bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú, ach is diúité é in ionad acn diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile.

An diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ). agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha reachtúla so leanas sa tslí luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

(a) beidh feidhm agus éifeacht ag alt 6 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, agus go luadhfaí an tAcht so agus an uimhir thagartha so sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san, agus go luadhfaí ráta ba chómhéid le caoga per cent sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 16 den Acht san, agus ag na rialacháin do rinneadh fén alt san, chun crícheanna an ailt sin 6 amhail bheirtear feidhm dó mar adubhradh.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

9

(a) Abhar go gclúdach uigeach no dá éamais, ar n-a dhéanamh ar fad no go furmhór de chadás, agus is olann chadáis no ascart olna cadáis no ascart eile;

(b) earraí bheidh déanta ar fad no go furmhór d'aon abhar den tsórt a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith d'aon tsaghas aca so leanas, sé sin le rá:—

(i) peadanna no cuaichíní táilliúra,

(ii) peadanna no cuaichíní bainne,

(iii) peadanna no cuaichíní scagaire,

(iv) peadanna no cuaichíní deannaigh,

(v) peadanna no cuaichíní análaire,

(vi) seaicéidí pneumonia,

(vii) cóirithe ascairt,

(viii) peadra cléithe,

(ix) braithlíní luighe seola.

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon abhar no earra do miodhachuíodh.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon abhar no earra is ionchurtha fé aon diúité aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 21 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san,

(b) an diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 3 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san,

(c) an diúité forchuirtear le halt 5 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 4 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Baineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

DARA SCEIDEAL.

Leasuithe ar Achtanna Airgeadais Airithe.

Cuid I.

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Alt 22

Mír (g) d'fho-alt (7) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach sa bhfo-alt san le halt 6 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), agus atá leagtha amach ag uimhir thagartha 4 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 121), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) ), beidh sí scriosta agus beidh an mhír seo leanas ina hionad, sé sin le rá:—

“(g) aon earra (nach eilimint ná cumasc ceimiceach aonair agus é substainteach glan) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim a húsáidtear de ghnáth mar dhí-ghalrán, cuilnimh, mílnimh, cnuimhnimh no múiscnimh agus atá ciriúnach chun í úsáid amhlaidh gan oibriú ullmhúcháin do dhéanamh uirthi no gan ach uisce do chur léi, ach gan aon earra aca so leanas d'áireamh, sé sin le rá, formaldehíd, formailín, cuil-ghabhálaithe, agus síol-chóirithe.”

An diúité ar phacáistí.

Cuid II.

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 28

I mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 28, beidh na focail “leatháin agus leacacha cuirc” curtha i ndiaidh an fhocail “comhlaí”.

An diúité ar fhearas cuisníochta.

TRIU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum go mBeidh feidhm ag Forail Cheadunuchain maidir leo.

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear an Diúité

Tuairisc Ghenerálta an Diúité

1

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , alt 11 agus uimhir thagartha 6 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

An diúité ar mhálaí áirithe páipéir.

2

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , alt 11 agus uimhir thagartha 9 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 7 sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

An diúité ar chuilteanna agus ar chlúdaigh áirithe.

3

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , alt 11 agus uimhir thagartha 26 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar chúisíní, etc., áirithe.

4

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , alt 1 agus uimhir thagartha 4 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 3 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

An diúité ar spriongaí áirithe.

5

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , alt 1 agus uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar leatháin luadha agus ar phíopaí luadha.

6

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , alt 3.

An diúité ar ghréisc bhealála.

7

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 2 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar abhair áirithe do scuaba no do scuaba urláir.

8

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 3 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar thochtaí áirithe agus ar chompáirteanna áirithe de thochtaí.

9

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 4 i gCuid I den Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 3 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1938 (Uimh. 25 de 1938) .

An diúité ar dhéanmhas mhiotail agus ar mhiotal leathnuithe áirithe.

10

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 10 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar dhalláin áirithe do bhuidéil.

11

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 17 i gCuid I den Chéad Sceideal, ar n-a leasú ag uimhir thagartha 13 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

An diúité ar abhar áirithe fáladóireachta.

12

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 21 i gCuid I den Chéad Sceideal.

An diúité ar pheadanna sláintíochta súghacha.

13

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 6 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar thiormathóirí áirithe ina bhfliuchán

14

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 1 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar choimeádáin do pháipéar no do shreangán a bhíonn in úsáid agus compáirteanna dá leithéidi.

15

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 3 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar ghréasanna comhrann déanta de mhiotal.

16

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 11 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar chriathra, etc., áirithe.

17

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

An diúité ar chóir áirithe leapan.

18

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar úirlisi, etc., áirithe.

19

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 1 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar chúlfhriotháin áirithe.

20

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 167), 1938, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité ar fheilt, etc., áirithe.

21

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 6 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar thimpealláin, ar theinteáin, etc., áirithe.

22

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 20 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar strapaí, etc., áirithe.

23

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 7 agus uimhir thagartha 10 sa Chéad Sceideal.

An diúité ar fhiarfháithim, etc., áirithe.

CEATHRU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum a Foirceanntar.

Uimh. Thag.

Na hAchtacháin le n-a bhForchuirtear no le n-a Mínítear an Diúité

Mion-innste ar an Diúité

Tuairisc Ghenerálta an Diúité

1

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 6 i gCuid I den Chéad Sceideal, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 108), 1936, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) , agus ag uimhir thagartha 7 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) .

An diúité sin a luaidhtear ag an uimhir thagartha san 6 ar n-a leasú leis an Ordú san agus ag an uimhir thagartha san 7.

An diúité ar earraí neaghlónruithe áirithe de chré.

2

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 13 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san ar n-a leasú ag uimhir thagartha 21 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , agus leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 191), 1939, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité sin a luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13 ar n-a leasú ag an uimhir thagartha san 21 agus leis an Ordú san.

An diúité ar ghallúnaigh, ar phúdair ghallúnaighe agus ar abhair a húsáidtear in ionad gallúnaighe.

3

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 12 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 121), 1937, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 12 ar n-a leasú leis an Ordú san, ach sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar na hearraí luaidhtear i mir (a) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 12.

An diúité ar dhí-ghalráin, etc.

4

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 34 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 34.

An diúité ar earraí glónruithe áirithe de chré.

5

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 7 agus uimhir thagartha 29 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 29.

An diúité ar earraí glónruithe áirithe de chré.

6

An tAcht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , alt 5 agus uimhir thagartha 27 sa Chéad Sceideal, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 168), 1939, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité sin a luaidhtear ag an uimhir thagartha san 27 ar n-a leasú leis an Ordú san.

An diúité ar phíopaí glónruithe agus ar chuingí glónruithe áirithe.

7

An tAcht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , alt 16, ar n-a leasú leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 163), 1938, agus leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 179), 1939, agus leis an Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 201), 1939, do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

An diúité forchuirtear leis an alt san 16 ar n-a leasú leis na hOrduithe sin.

An diúité ar earraí áirithe d'iarann no de chruaidh.