31 1940


Uimhir 31 de 1940.


ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN ÁBHAR MAOINE MINEARÁLTA AN STÁIT D'FHORBAIRT AGUS D'OIBRIÚ.

[14adh Mí na Samhna, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Forbairte Minearál, 1940 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “Coimisiún na Talmhan” Coimisiún Talmhan na hÉireann;

cialluíonn an abairt “Acht 1931” Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 (Uimh. 54 de 1931) ;

cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht talamh-cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

foliúonn an focal “cíos” aon íocaíocht tréimhsiúil i bhfuirm chíosa;

cialluíonn an focal “rí-chíos” cíos a háirmhítear do réir caindíochta no praghais no luacha na mianraí do gheibhtear;

nuair a húsáidtear an focal “uachtar” maidir le talamh, foluíonn sé aon fhoirgintí no oibreacha no nithe atá curtha suas no déanta no ag fás ar an talamh san;

nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé na mianraí sin do thochailt, do chuardach, do bhaint, d'fháil. d'árdú, do thógaint, do bhreith chun siúil, do chóireáil, agus d'atharú agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

cialluíonn an abairt “aon-cheart mianadóireachta” ceart oibrithe mianraí ar n-a dhilsiú i nduine ar bith agus sa duine sin amháin:

cialluíonn an abairt “mianra sceidealta” aon tsubstaint a luaidh tear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “cumasc mianrúil” aon tsubstaint a deintear tré aon dá mhianra sceidealta do chumasc go ceimiceach;

cialluíonn an abairt “substaint mhianrúil” aon tsubstaint is cosúil ina nádúir le haon mhianra sceidealta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

“Mianraí”.

3. —San Acht so (lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) cialluíonn an focal “mianraí” gach substaint (seachas uachtar talmhaíochta an tailimh agus seachas móin) sa talamh no air no fé pé aca le hoibriú fé thalamh no le hoibriú ar uachtar tailimh is féidir í fháil, agus foluíonn sé gach mianach, pé aca ar oscailt no á oibriú cheana dhó no nach eadh, agus foluíonn fós an spás cúbach ina bhfuil no ina raibh mianraí agus, chun tuilleadh cinnteachta ach gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, foluíonn an focal san gach mianra sceidealta.

Cearta mianadóireachta Stáit fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

4. —(1) Folóidh gach ceart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so, agus is tuigthe gur fholuigh riamh, ceart chun mianraí sceidealta agus cumaisc mhianrúla agus substaintí mianrúla do réir bhrí an Achta so d'oibriú agus déanfar, san Acht so, an focal “mianraí” do léiriú dá réir sin nuair a húsáidtear é maidir le haon cheart mianadóireachta Stáit den tsórt san.

(2) San alt so, cialluíonn an abairt “ceart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so” aon aon-cheart, chun mianraí do bhaint agus do thógaint agus chun tochailt agus cuardach ag lorg mianraí, den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903, no i bhfo-alt (5) d'alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), agus atá, ar dháta an Achta so do rith, no a thiocfaidh chun bheith, tar éis an dáta san, dílsithe sa Stát de bhuadh an fho-ailt sin (3), ar n-a leasú le halt 2 d'Acht 1931 agus ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú, no de bhuadh an fho-ailt sin (5) ar n-a oiriúnú amhlaidh.

(3) D'ainneoin Acht 1931 d'athghairm leis an Acht so, leanfaidh na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an dara províso a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903,

(b) fo-alt (4) den alt san 13 (chó fada agus a théigheann cirt mhianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so agus chó fada san amháin),

(c) alt 1 den Irish Land Act, 1907, agus

(d) alt 37 den Irish Land Act, 1909,

de bhaint do bheith aca le haon chur ar cíos no léasú no díol no aistriú do rinne Coimisiún na Talmhan, roimh dháta Achta 1931 do rith, ar aon cheart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so.

“Mianraí Stáit”.

5. —Is mianraí Stáit chun crícheanna an Achta so na mianraí agus na haon-chearta mianadóireachta so leanas agus déanfar, san Acht so, an abairt “mianraí Stáit” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) aon mhianraí agus aon aon-cheart mianadóireachta atá, ar dháta an Achta so do rith, ina maoin leis an Stát no leis an bPobal agus dílsithe (fé réir aon léasa ar n-a dheonadh fé Acht 1931) sa Stát no in aon Aire Stáit;

(b) aon mhianraí agus aon aon-cheart mianadóireachta thiocfaidh ar aon tsaghas slí, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, chun bheith ina maoin leis an Stát no leis an bPobal no dílsithe sa chéanna no thiocfaidh chun bheith dílsithe in Aire Stáit, ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaid chun bheith ina maoin den tsórt san no chun bheith dílsithe amhlaidh;

(c) gan dochar do gheneráltacht na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, aon mhianraí no aon aon-cheart mianadóireachta thiocfaidh chun bheith dílsithe san Aire de bhuadh orduithe um mianraí do thógaint a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus ar n-a dhéanamh fé fhorálacha Coda III den Acht so, faid a bheidh na mianraí sin no an t-aon-cheart mianadóireachta san dílsithe amhlaidh;

(d) d'ainneoin éinní atá san Acht Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933) , agus gan dochar do gheneráltacht mhíreanna (a) agus (b) den alt so, aon mhianraí atá ar imeall trágha no fé imeall trágha is leis an Stát do réir bhrí an Achta san, ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú;

(e) gan dochar do gheneráltacht mhíreanna (a) agus (b) den alt so, gach mianach óir no airgid.

“Fo-chearta”.

6. —Is fo-chearta chun crícheanna an Achta so na cearta so leanas agus déanfar, san Acht so, an focal “fo-chearta” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) ceart chun an uachtair d'ísliú, le n-a n-áirmhítear ceart chun sreathanna, anuas ar a chéile no le hais a chéile, chó fada suas leis an uachtar, maraon leis an uachtar féin d'ísliú;

(b) ceart aer-shlí no slí seafta mhianaigh no cead slí ar an uachtar no fé thalamh no ceart eile chun mianraí no meaisínteacht do shroichint no d'iompar no chun mianaigh d'aeriú no do dhréineáil no d'oibriú;

(c) ceart chun bóithre agus bóithre iarainn do dhéanamh agus d'oibriú agus do chothabháil d'fhonn mianraí d'iompar o aon mhianach go dtí aon bhóthar no córas bóthair iarainn atá ann cheana agus fós chun talamh d'úsáid agus do shealbhú agus aon cheart d'fheidhmiú i dtalamh no in uisce no air no in aon bhóthar puiblí no air chun na críche sin;

(d) ceart chun uachtar talmhan d'úsáid agus do shealbhú chun muilte brúighte agus cóirithe, áiteanna nigheacháin, soirn chóc, bóithre iarainn, téad-bhealaighe aerdha, trambhealaighe aerdha, oibreacha fo-thortha, no oibreacha bríceadóireachta no eile do thógáil, no chun áiteanna comhnaithe do thógáil do dhaoine ar fostú maidir le mianraí d'oibriú no maidir le haon oibreacha den tsórt san roimhráite;

(e) ceart chun soláthar d'uisce no de shubstaintí eile maidir le mianraí d'oibriú;

(f) ceart chun uisce no abhar lachtach eile as mianaigh no as aon oibreacha fo-thortha do chur de láimh ar shlí áirithe;

(g) ceart chun dríodar as oibriú mianraí do chur de láimh ar shlí áirithe;

(h) ceart chun aon abha no cúrsa uisce, le n-a n-áirmhítear cúrsa uisce saordha, do dhambáil no do chlaonadh;

(i) ceart chun camraí agus mór-phíopaí uisce agus píopaí do chlaonadh;

(j) ceart chun bóthar no sráid no bealach puiblí, no bealach príobháideach, do chlaonadh agus chun droichead do dhéanamh in ionad sean-droichid agus ar mhalairt láithreáin;

(k) ceart chun bóthar iarainn no trambhealach do chlaonadh;

(l) ceart chun foirgintí do leagadh a chuireann bac le haon mhianraí d'oibriú sa cheart.

CUID II.

Ceart chun Dul Isteach agus Mianrai Neamh-oibrithe do Lorg agus Ceadunaisi Lorgaireachta do Dheonadh.

Dul isteach agus mianraí do lorg.

7. —(1) Pé uair a chífear don Aire mianraí do bheith ar aon talamh no fé agus gan na mianraí san do bheith á n-oibriú no gan iad do bheith á n-oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire, ach an fógra do thabhairt is gá do réir an ailt seo, éinní aca so leanas is rogha leis do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach ar an talamh san agus gach ní do dhéanamh ann is gá no is inmhianuithe dar leis chun a dhéanamh amach cadé saghas no méid no luach na mianraí sin agus, go sonnrách, tuill agus puill do dhéanamh, uisce do ghlanadh as sean-oibrithe, agus caindíochta cuibhe de sna mianraí sin do thógaint agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh;

(b) ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas lorgaireachta san Acht so) den tsórt san a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dheonadh do dhuine ar bith do réir na Coda so den Acht so maidir leis na mianraí sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire, maidir le talamh ar bith, an ceart do bheirtear dó le mír (a) den fho-alt san roimhe seo den alt so ná an chomhacht do bheirtear dó le mír (b) den fho-alt san d'fheidhmiú go ceann mí tar éis dó fógra do sheirbheáil ar shealbhaire an tailimh sin á rá go bhfuil sé chun an chirt sin no na comhachta san, do réir mar a bheidh, d'fheidhmiú.

(3) Féadfar an fógra luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do sheirbheáil leis an bpost cláruithe agus, nuair a bheidh sé á sheirbheáil amhlaidh, féadfar é dhíriú chun an tsealbhaire fé n-a ainm agus fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaighe is eol do bheith aige no fé sheoladh an tailimh le n-a mbainfidh an fógra.

(4) Ní raghaidh an tAire isteach ar aon talamh fé mhír (a) den chéad fho-alt den alt so, ná ní dhéanfaidh ar an talamh san ní ar bith dá n-údaruítear leis an mír sin, gan an tAire Airgeadais do thoiliú chuige sin.

(5) An ceart ionadachta agus lorgaireachta a gairmtear san Acht so den cheart do bheirtear don Aire le mír (a) den chéad fho-alt den alt so.

Ceadúnais lorgaireachta.

8. —(1) Is ar na téarmaí agus na coinníollacha san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas a deonfar gach ceadúnas lorgaireachta.

(2) Nuair a deonfar ceadúnas lorgaireachta dhó íocfaidh an ceadúnaidhe as leis an Aire an chomaoin sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais.

(3) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas lorgaireachta a údarú don cheadúnaidhe, i rith na tréimhse sin a luadhfar sa cheadúnas san agus fé réir forálacha na Coda so den Acht so, dul isteach ar an talamh san a luadhfar sa cheadúnas san agus gach ní do dhéanamh ann a mheasfaidh an ceadúnaidhe is gá no is inmhianuithe chun a dhéanamh amach cadé saghas no méid no luach na mianraí atá ar an talamh san no fé agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san adubhradh agus chun na gcrícheanna adubhradh, tuill agus puill do dhéanamh, uisce do ghlanadh as sean-oibrithe agus caindíochta cuibhe d'aon mhianraí den tsórt san do thógaint agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh.

(4) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta clás slánaíochta tré n-a ndéanfaidh an duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san an tAire do shlánú in aghaidh éilimh no uiriarratais ar bith a déanfar alos an tailimh no na mianraí, le n-a mbainfidh an ceadúnas san, no thiocfaidh ar aon tslí den cheadúnaidhe d'fheidhmiú aon chirt dá dtabharfar dó leis an gceadúnas san.

(5) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta clás á cheangal ar an duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san na cearta do bheirtear dó leis an gceadúnas san d'fheidhmiú i slí ná cuirfidh isteach go neariachtanach ar thaithneamhacht na comhursanachta ina bhfuil an talamh agus na mianraí le n-a mbainfidh an ceadúnas san.

Iarratais ar cheadúnais lorgaireachta.

9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) ag ordú na fuirme agus na slí ina ndéanfar iarratais ar cheadúnais lorgaireachta;

(b) á cheangal go n-íocfar táillí nuair a déanfar iarratais den tsórt san agus ag ordú méideanna na dtáillí sin;

(c) ag luadh na gcoinníoll a bheidh le cólíonadh ag lucht iarrtha ceadúnas lorgaireachta;

(d) á cheangal ar gach duine iarrfaidh ceadúnas lorgaireachta fianaise do sholáthar ar a charachtar, ar a sheasamh i gcúrsaí airgeadais, agus ar a cháilíochta teicniúla agus urrús do thabhairt go gcólíonfaidh go cuibhe na hoblagáidí bheidh air fén gceadúnas san, agus ag ordú gné na fianaise sin agus an urrúis sin fé seach;

(e) ag luadh na dtéarmaí agus na gcoinníoll a bheidh le hionchorparú i gceadúnais lorgaireachta (ar a n-áirmhítear an tréimhse dá ndeonfar an ceadúnas) agus ag luadh na n-oblagáidí forchuirfear ar na daoine is ceadúnaithe fútha.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh aicmí áirithe de cheadúnais lorgaireachta.

(3) Is amhlaidh a déanfar gach iarratas ar cheadúnas lorgaireachta ná do réir an mhéide sin, de sna rialacháin a déanfar fén alt so, a bhainfidh leis an iarratas san.

Cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II.

10. —(1) Pé uair a thiocfaidh damáiste d'uachtar aon tailimh, go díreach no go nea-dhíreach—

(a) den Aire do dhéanamh feidhmithe fén gCuid seo den Acht so ar a cheart ionadachta agus lorgaireachta, no

(b) den cheadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta d'fheidhmiú na gceart a bheidh aige fén gceadúnas san,

dlighfidh an tAire no an ceadúnaidhe sin (do réir mar a bheidh) cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II) d'íoc sa damáiste sin.

(2) Cheal có-aontuithe, déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid II do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

Srian le ceadúnaithe d'oibriú mianraí.

11. —(1) Ní dleathach d'aon duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta aon mhianraí ar an talamh no fén talamh, gur maidir leis do deonadh an ceadúnas san, d'oibriú ná do dhíol ná do chur de láimh ar shlí eile.

(2) Ní choiscfidh éinní atá san alt so duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta ar chaindíochta cuibhe de sna mianraí le n-a mbainfidh an ceadúnas san do thógaint, agus do bhreith chun siúil chun taithbheach no tástáil no triail do dhéanamh.

(3) Má dheineann aon duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas lorgaireachta aon mhianraí d'oibriú no do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Ceadúnais lorgaireachta do cheiliúradh agus d'fhoirceannadh.

12. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas lorgaireachta do cheiliúradh tráth ar bith as a chomhairle féin.

(2) Críochnóidh ceadúnas lorgaireachta, más pearsa an duine is ceadúnaidhe fé, ar éag no ar fhéimeadh don duine sin no, más cólucht corpruithe an ceadúnaidhe sin, ar scur don chólucht san.

(3) Ar cheiliúradh no ar chríochnú ceadúnais lorgaireachta fén alt so—

(a) scuirfidh agus críochnóidh gach ceart agus comhacht is infheidhmithe ag an duine is ceadúnaidhe fé, ach san gan dochar d'aon oblagáid no fiachas a forchuirtear ar an gceadúnaidhe sin leis an Acht so no a forchuirfear air leis an gceadúnas sin;

(b) ní bheidh an ceadúnaidhe sin i dteideal aisíoc d'fháil in aon chuid den chomaoin a bheidh íoctha aige as deonadh an cheadúnais sin.

An tAire dá gheallúint léasanna do dheonadh.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, ar é do dheonadh ceadúnais lorgaireachta no tráth ar bith i rith ré feidhme an cheadúnais sin, a gheallúint don duine is ceadúnaidhe fén gceadúnas san go ndéanfaidh, má thárlann tráth ar bith i rith ré feidhme an cheadúnais sin no ar éag an cheadúnais sin gur deimhin leis an Aire gur rathuigh an lorgaireacht do rinne an ceadúnaidhe sin agus gur coimeádadh agus gur cólíonadh coinníollacha an cheadúnais sin, léas mianadóireachta Stáit do dheonadh don cheadúnaidhe sin fé Chuid IV den Acht so agus éifeacht ag an léas san o pé lá, roimh éag an cheadúnais sin no dá éis sin, a luadhfar sa léas san.

(2) Is sa bhfuirm sin is oiriúnach leis an Aire agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais a bheidh gach geallúint den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus féadfar na téarmaí agus na coinníollacha (más ann dóibh) ar a ndeonfar an léas mianadóireachta Stáit le n-a mbainfidh an gheallúint sin do luadh inti.

(3) Pé uair a gheallfaidh an tAire léas mianadóireachta Stáit do dheonadh fén alt so, is dleathach don Aire an gheallúint sin do chólíonadh do réir téarmaí na geallúna san.

CUID III.

Mianrai Neamh-oibrithe agus Saoraidi Mianadoireachta do Thogaint go hEigeanta.

Orduithe um mianraí do thógaint.

14. —(1) Pé uair a chífear don Aire mianraí do bheith ar aon talamh no fé agus gan na mianraí sin do bheith á n-oibriú no gan iad do bheith á n-oibriú go héifeachtúil agus a mheasfaidh an tAire gurb inmhianuithe ar mhaithe leis an bpuiblíocht, d'fhonn feidhm do bhaint as na mianraí sin, oibriú na mianraí sin do bheith fé urláimh an Stáit, féadfaidh an tAire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, tré ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um mianraí do thógaint) do dhéanamh, na mianraí sin do thógaint go héigeanta no aon-cheart mianadóireachta, alos na mianraí sin, do thógaint go héigeanta, pé aca mheasfaidh do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um mianraí do thógaint, sé sin le rá:—

(a) luadhfar san ordú san gné, suidheamh, agus méid na mianraí le n-a mbainfidh;

(b) féadfar an t-ordú san do dhéanamh i dtaobh na mianraí uile ar aon talamh áirithe no fé no i dtaobh aon mhianra áirithe aca san no aon aicme áirithe de sna mianraí sin;

(c) más mianraí do thógaint a bheidh beartuithe do dhéanamh leis an ordú san, déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san na mianraí sin do dhílsiú san Aire i mbith-dhílse;

(d) mara mbeidh beartuithe ach aon-cheart mianadóireachta do thógaint leis an ordú san déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san an t-aon-cheart mianadóireachta san do dhílsiú san Aire ar feadh an téarma san a luadhfar chuige sin san ordú san;

(e) ní abróidh ná ní dhéanfaidh an t-ordú san uachtar aon tailimh ná aon fho-chearta do dhílsiú san Aire ach, fé réir na teorann san, féadfar gach foráil no aon fhoráil no forálacha, fóirlíontach nó fo-ghabhálach, a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais, do chur san ordú san.

(3) Na mianraí uile tógfar le hordú um mianraí do thógaint agus gach aon-cheart mianadóireachta tógfar amhlaidh is tuigthe, chun crícheanna an Achta so, iad do bheith ina mianraí Stát-tógtha agus déanfar san Acht so an abairt “mianraí Státtógtha” do léiriú dá réir sin.

Foillseacháin agus seirbhísí maidir le horduithe um mianraí do thógaint.

15. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú um mianraí do thógaint, déanfaidh gach ní aca so leanas chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe sin do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) fógra d'fhoillsiú, i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh, san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta san is ceart dar leis;

(b) mapa den líomatáiste ina bhfuil na mianraí le n-a mbaineann an t-ordú san (agus é do réir scála oiriúnaigh agus gach mion-innsint iomchuibhe ar taisbeáint ann) do lóisteáil in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath.

(2) An fógra a horduítear no a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so don Aire d'fhoillsiú, á rá go ndearnadh ordú um mianraí do thógaint, déarfar ann cé aca mianraí no aon-cheart mianadóireachta do tógadh leis an ordú san agus, i gceachtar cás, luadhfar ann, le mion-chruinneas cuibhe, suidheamh, gné agus méid na mianraí le n-a mbaineann an t-ordú san agus féadfar pé eolas eile (más ann dó), is oiriúnach leis an Aire, do chur ann i dtaobh an orduithe sin agus i dtaobh lánas an chéanna.

(3) Gach mapa lóisteálfar in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, de bhun an chéad fho-ailt den alt so, beidh sé ar fáil gach tráth réasúnta chun a iniúchta san oifig sin ag duine ar bith gur mian leis é iniúchadh.

Cúiteamh i mianraí Státtóghta.

16. —(1) Dlighfidh an tAire cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i mianraí Stát-tógtha) d'íoc in aon mhianraí no in aon-cheart mianadóireachta thógfaidh le hordú um mianraí do thógaint.

(2) Cheal có-aontuithe, déanfar cúiteamh i mianraí Stát-tógtha do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

Eilithe ar chúiteamh i mianraí Státtógtha.

17. —(1) Duine ar bith adeir teideal do bheith aige fén gCuid seo den Acht so chun cúitimh i mianraí Stát-tógtha do tógadh le hordú um mianraí do thógaint, féadfaidh éileamh ar an gcúiteamh san do lóisteáil leis an Aire tráth ar bith fé cheann dhá mhí, no fé cheann pé tréimhse, is sia ná san (Ach nach sia ar fad ná dhá mhí dhéag) cheadóidh an tAire in aon-chás áirithe, tar éis fógra do bheith foillsithe san Iris Oifigiúil i dtaobh an orduithe sin do bheith deanta.

(2) Ní bhreithneoidh an tAire aon éileamh, ar chúiteamh i mianraí Stát-tógtha, a lóisteálfar tar éis na tréimhse ceaptar leis an bho-alt san roimhe seo den alt so.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach éileamh ar chúiteamh i mianraí Stát-tógtha, sé sin le rá:—

(a) ní foláir an t-éileamh san do bheith sa bhfuirm orduithe agus é dhéanamh agus é fhíorú sa tslí orduithe;

(b) luadhfar san éileamh san —

(i) cadé leas an iarratasóra sna mianraí Stát-tógtha san,

(ii) suidheamh, gné, agus méid na mianraí le n-a mbaineann an leas san,

(iii) gach éileamh no ualach fé n-a bhfuil an leas san, agus

(iv) na mion-innste eile sin a hordófar;

(c) bhéarfaidh neach déanta an éilimh sin don Aire, má cheanglann an tAire san air, an fhaisnéis sin a theastóidh uaidh chun an éilimh sin do bhreithniú.

(4) Má ceangailtear ar dhuine ar bith fé mhír (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon fhaisnéis do thabhairt don Aire, agus go ndéanfaidh an duine sin go toiliúil no ar nós cumaliom, chun crícheanna an éilimh le n-a mbaineann an fhaisnéis sin, aon ráiteas do thabhairt a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc tábhachtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

An tAire do thabhairt suas aon-chirt mhianadóireachta.

18. —Pé uair a thiocfaidh aon-cheart mianadóireachta chun bheith dílsithe san Aire de bhuadh ordú um mianraí do thógaint, féadfaidh an tAire, ach an tAire Airgeadais do thoiliú chuige, an ceart san do thabhairt suas, le hordú, tráth ar bith le linn an chirt sin do bheith dílsithe amhlaidh.

Talamh agus fo-chearta do thógaint go héigeanta.

19. —(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire gur gá aon talamh áirithe no aon fho-cheart áirithe do thógaint chun feidhm do bhaint go héifeachtúil no go hacarach as aon mhianraí Stáit, féadfaidh an tAire, ach an tAire Airgeadais do thoiliú chuige, an talamh san no an fo-cheart san do thógaint go héigeanta ar feadh seala no go buan le hordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint).

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, sin sé le rá:—

(a) i gcás talamh do thógaint leis an ordú san, luadhfar ann achar agus suidheamh an tailimh sin agus gné agus faid ré an leasa sa talamh san a dílseofar san Aire leis an ordú san;

(b) i gcás fo-cheart do thógaint leis an ordú san, luadhfar ann gné an chirt sin, suidheamh aon mhaoine dá ndeineann feidhmiú an chirt sin deifir agus gné agus faid ré an leasa sa cheart san a dílseofar san Aire leis an ordú san;

(c) féadfar na forálacha san uile, fóirlíontach no fo-ghabhálach, do chur san ordú san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais;

(d) féadfar foráil do chur san ordú san á cheangal ar gach duine ar a mbeidh cúram a fheidhmithe áird chuibhe do thabhairt, le linn an orduithe sin do chur in éifeacht, ar thaithneamhacht na comharsanachta ina bhfuil an talamh no an fo-cheart a tógfar leis an ordú san;

(e) déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san an talamh no an fo-cheart a tógfar leis do dhílsiú san Aire go ceann na tréimhse sin agus sa tslí sin a luadhfar san ordú san.

Fógraí i dtaobh orduithe um shaordáidí mianadóireachta do thógaint.

20. —(1) Pé uair a bheartóidh an tAire ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint do dhéanamh, cólíonfaidh pé foráil aca so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:—

(a) i gcás an tAire dá bheartú aon talamh áirithe do thógaint leis an ordú san, déanfaidh, mí ar a laighead no, má bhíonn tigh comhnaithe gabhtha ar an talamh san, trí mhí ar a laighead roimh an ordú san do dhéanamh, fógra do sheirbheáil ar gach duine go bhfeicfear dó leas do bheith aige sa talamh san á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú san do dhéanamh agus fógra den tsórt chéanna, i dtaobh san do bheith ar intinn aige, d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomharsanacht an tailimh sin;

(b) i gcás an tAire dó bheartú fo-cheart do thógaint leis an ordú san, déanfaidh, mí ar a laighead roimh an ordú san do dhéanamh, fógra do sheirbheáil ar gach duine go bhfeicfear dó leas do bheith aige in aon mhaoin dá ndéanfadh feidhmiú an chirt sin deifir, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú san do dhéanamh agus fós fógra den tsórt chéanna, i dtaobh san do bheith ar intinn aige, d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gcomhursanacht aon mhaoine den tsórt san.

(2) I ngach fógra is gá, do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, do sheirbheáil no d'fhoillsiú—

(a) luadhfar, i gcás an fógra san do bhaint le talamh do thógaint, suidheamh agus achar an tailimh sin chó mion-chruinn agus is gá chun go bhfeadfaí an talamh san d'aithint go réidh agus fós gné agus faid ré an leasa bheidh beartuithe do thógaint sa talamh san, no

(b) luadhfar, i gcás an fógra san do bhaint le fo-cheart do thógaint, gné an chirt sin agus fós an talamh no an mhaoin eile gur maidir leis a bheidh beartuithe an ceart san do thógaint, agus an tréimhse gur ar a feadh a bheidh beartuithe an ceart san do thógaint.

(4) Aon fhógra is gá, do réir an ailt seo, do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é sheirbheáil tríd an bpost cláruithe agus, má seirbheáltar amhlaidh é, féadfar é dhíriú chun an duine sin fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaighe is eol do bheith aige.

Cúiteamh i saoráidí mianadóireachta.

21. —(1) Dlighfidh an tAire cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i saoráidí mianadóireachta) d'íoc in aon talamh no focheart a thógfaidh fé ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint.

(2) Cheal có-aontuithe, déanfar cúiteamh i saoráidí mianadóireachta do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

(3) Is cead gach éileamh ar chúiteamh i saoráidí mianadóireachta alos aon tailimh no fo-chirt a thógfaidh an tAire fé ordú um shaoráidí mianadóireachta do thógaint do dhéanamh tráth ar bith fé cheann dhá mhí, no fé cheann tréimhse, is sia ná san (ach nach sia ar fad ná ceithre mhí), a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tar éis dáta an orduithe sin agus ní breithneofar aon éileamh den tsórt san ná deanfar laistigh den tréimhse sin.

Ceadúnais alos mianraí Státtógtha.

22. —(1) Pé uair a thógfaidh an tAire aon mhianraí le hordú um mianraí do thógaint, féadfaidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas mianraí Stát-tógtha) do dheonadh do dhuine ar bith chun na mianraí sin d'oibriú.

(2) Pé uair a bheidh aon-cheart mianadóireachta dílsithe san Aire de bhuadh orduithe um mianraí do thógaint, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear freisin san Acht so ceadúnas mianraí Stát-tógtha) do dheonadh do dhuine ar bith chun an aon-chirt mhianadóireachta san d'fheidhmiú agus chun na mianraí le n-ar bhain an ceart san d'oibriú de bhuadh an chirt sin.

(3) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas mianraí Státtógtha (dá ngairmtear an prímh-cheadúnas sa bhfo-alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má thárlann, am deonta an phrímh-cheadúnais no tráth ar bith ina dhiaidh sin i rith ré feidhme an phrímhcheadúnais, go mbeidh aon talamh dílsithe san Aire, de bhuadh orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, chun na mianraí d'oibriú no chun an aonchirt mhianadóireachta d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímh-cheadúnas, féadfaidh an tAire fo-cheadúnas (dé ngairmtear san Acht so ceadúnas saoráidí mianadóireachta) do dheonadh don duine is ceadúnaidhe fén bprímh-cheadúnas chun an talamh, no aon chuid áirithe den talamh, a bheidh dílsithe amhlaidh san Aire d'úsáid chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin;

(b) má thárlann, am deonta an phrímh-cheadúnais no tráth ar bith ina dhiaidh sin i rith ré feidhme an phrímhcheadúnais, go mbeidh aon fho-cheart no fo-chearta dílsithe san Aire, de bhuadh orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint, chun na mianraí d'oibriú no chun an aon-chirt mhianadóireachta d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímhcheadúnas, féadfaidh an tAire fo-cheadúnas (dá ngairmtear freisin san Acht so ceadúnas saoráidí mianadóireachta) do dheonadh don duine is ceadúnaidhe fén bprímh-cheadúnas chun an fo-cheart, no gach ceann no aon cheann no cinn áirithe de sna fo-chearta, a bheidh dílsithe amhlaidh san Aire d'fheidhmiú chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin;

(c) pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas mianraí Státtógtha agus ceadúnas no ceadúnaisí saoráidí mianadóireachta do dheonadh don aon duine amháin alos na mianraí gcéanna no an aon-chirt mhianadóireachta chéanna, féadfar, má lomhálann cúrsaí an cháis é, au ceadúnas no na ceadúnaisí mianadóireachta san do chur sa cheadúnas mianraí Stát-tógtha san;

(d) pé uair a dhéanfaidh an tAire dhá cheadúnas saoráidí mianadóireachta do dheonadh don aon duine amháin alos na mianraí gcéanna no an aon-chirt mhianadóireachta chéanna agus ná beidh na ceadúnais sin curtha isteach i gceadúnas mianraí Stát-tógtha féadfar, má lomhálann cúrsaí an cháis é, an dá cheadúnas saoráidí mianadóireachta san do chur in aon cheadúnas amháin den tsórt san.

Iarratais ar cheadúnais alos mianraí Státtógtha.

23. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) ag ordú na fuirme agus na slí ina n-iarfar ceadúnas mianraí Stát-tógtha no ceadúnas saoráidí mianadóireachta;

(b) á cheangal go n-íocfar táillí nuair a déanfar iarratais den tsórt san agus ag ordú méideanna na dtáillí sin;

(c) ag luadh na gcoinníoll a bheidh le cólíonadh ag lucht iarrtha aon cheadúnais den tsórt san;

(d) ag luadh na dtéarmaí agus na gcoinníoll a bheidh le hionchorparú i gceadúnais den tsórt san (ar a n-áirmhítear an tréimhse dá ndeonfar an ceadúnas) agus ag luadh na n-oblagáidí forchuirfear le ceadúnais den tsórt san ar na daoine is ceadúnaithe fútha agus, go sonnrách, á cheangal ar an té is ceadúnaidhe fé aon cheadúnas den tsórt san áird chuibhe do thabhairt, le linn na gceart do bhéarfar dó leis an gcéanna do bheith a bhfeidhmiú aige, do thaithneamhachtaí na comhursanachta ina mbeidh an ní le n-a mbainfidh an ceadúnas san;

(e) á cheangal ar gach duine iarrfaidh ceadúnas mianraí Stát-tógtha fianaise do sholáthar ar a charachtar, ar a sheasamh i gcúrsaí airgeadais, agus ar a cháilíochta teicniúla agus urrús do thabhairt go gcólíonfaidh go cuibhe na hoblagáidí bheidh air fén gceadúnas san, agus ag ordú gné na fianaise sin agus an urrúis sin fé seach.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh aicmí áirithe ceadúnas.

(3) Is amhlaidh a déanfar gach iarratas ar cheadúnas mianraí Stát-tógtha no ar cheadúnas saoráidí mianadóireachta ná do réir an mhéide sin, de sna rialacháin a déanfar fén alt so, a bhainfidh leis an iarratas san.

Fuirm agus lánas ceadúnas alos mianraí Státtógtha.

24. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ceadúnas mianraí Stát-tógtha agus gach ceadúnas saoráidí mianadóireachta, sé sin le rá:—

(a) is ar na téarmaí agus na coinníollacha san a mheasfaidh an tAire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san a deonfar an ceadúnas san, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha deifriúla do luadh amhlaidh i dtaobh ceadúnas mianraí Stat-tógtha agus i dtaobh ceadúnas saoráidí mianadóireachta;

(b) nuair a deonfar an ceadúnas san déanfaidh an ceadúnaidhe an chomaoin sin a chinnfidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais d'íoc leis an Aire ar an gceadúnas san.

(2) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas mianraí Státtógtha ceart do thabhairt don cheadúnaidhe, ar feadh na tréimhse sin a luadhfar sa cheadúnas, chun pé ní aca so leanas a luadhfar sa cheadúnas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) na mianraí luadhfar sa cheadúnas d'oibriú;

(b) an t-aon-cheart mianadóireachta luadhfar sa cheadúnas d'fheidhmiú agus, de bhuadh an chirt sin, na mianraí luadhfar sa cheadúnas d'oibriú.

(3) I gcás ceadúnas saoráidí mianadóireachta (dá ngairmtear an fo-cheadúnas sa bhfo-alt so) do dheonadh mar fho-cheadúnas don duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas mianraí Stát-tógtha (dá ngairmtear an prímh-cheadúnas sa bhfo-alt so) déarfaidh agus déanfaidh an fo-cheadúnas ceart do thabhairt don cheadúnaidhe sin, ar feadh na tréimhse sin a luadhfar sa bhfo-cheadúnas, chun pé ní aca so leanas a luadhfar sa bhfo-cheadúnas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) an talamh a luadhfar sa bhfo-cheadúnas d'úsáid chun oibrithe na mianraí no chun feidhmithe an aon-chirt mhianadóireachta (fé mar a bheidh) le n-a mbainfidh an prímh-cheadúnas agus san do réir an orduithe um shaoráidí mianadóireachta do thógaint is iomchuibhe;

(b) an fo-cheart san no gach ceann no aon cheann no cinn áirithe de sna fo-chearta san a luadhfar sa bhfocheadúnas d'fheidhmiú chun na críche roimhráite agus do réir an orduithe sin.

Cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III.

25. —(1) Pé uair a déanfar damáiste d'uachtar aon tailimh, go díreach no go nea-dhíreach, tríd an gceadúnaidhe fé cheadúnas mianraí Stát-tógtha no fé cheadúnas saoráidí mianadóireachta d'fheidhmiú na gceart a bheidh aige fén gceadúnas san, dlighfidh an ceadúnaidhe sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III) d'íoc sa damáiste sin.

(2) Cheal có-aontuithe, déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid III do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

CUID IV.

Mianrai Stait.

Léasanna mianadóireachta Stáit.

26. —(1) Más dóich leis an Aire gurb é leas na puiblíochta aon mhianraí Stáit do dheonadh do dhuine ar bith tré léas féadfaidh an tAire na mianraí sin d'aistriú chun an duine sin tré léas (dá ngairmtear san Acht so léas mianadóireachta Stáit) ar feadh an téarma san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach léas mianadóireachta Stáit, sé sin le rá:—

(a) maran rud é gur dóich leis an Aire, le haontú an Aire Airgeadais, gur ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht an léas san do thabhairt saor o íoc, bhéarfar an léas san fé réir an choinníll go n-íocfar leis an Aire, mar fhíneáil no roimh-íoc no mar chíos (agus rí-chíos d'áireamh) no ar gach slí no aon tslí aca san, an t-airgead san a mheasfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart agus ar a gcó-aontóidh leis an léasaidhe;

(b) beidh sa léas san na cumhnanta agus na coinníollacha agus na fo-chó-aontuithe sin (más aon cheann é), i bpáirt an Aire no an léasaidhe, a mheasfaidh an tAire do bheith ceart no inmhianuithe ar mhaithe leis an bpuiblíocht agus ar a gcó-aontóidh leis an léasaidhe;

(c) féadfaidh clás do bheith sa léas san á fhoráil go ndéanfar athnuachaint no athnuachaintí as a chéile air gan coinníoll no ar na coinníollacha san a luadhfar sa léas san;

(d) beidh an tAire Airgeadais ina pháirtidhe sa léas san.

(3) I e linn bheith ag feidhmiú na gcomhacht fé seach a bheirtear dóibh leis an alt so agus, go sonnrách, le linn bheith á chin neadh cadé an íocaíocht (más aon cheann é) ba cheart don léasaí fé léas mhianadóireachta Stáit do dhéanamh leis an Aire agus cadiad na cumhnanta no na coinníollacha (más aon cheann é) ba cheart do bheith sa léas san, féadfaidh an tAire agus an tAire Airgeadais áird do thabhairt ar na buntáistí generálta is dócha thiocfadh don Stát de sna mianraí Stáit a haistreofar leis an léas san d'fhorbairt agus fós a mhéid is inmhianuithe, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, aon chuid de sna mianraí bainfear fén léas san do choiméad chun iad d'úsáid sa Stát mar amh-abhair do thionnscail atá no bheidh bunuithe sa Stát.

Léasaithe fé léasanna mianadóireachta Stáit do thabhairt faisnéise.

27. —(1) Gach duine is léasaidhe fé léas mhianadóireachta Stáit bhéarfaidh don Aire fé cheann ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air é dhéanamh pé faisnéis a theastóidh ón Aire aon uair i dtaobh na mianraí a haistrítear leis an léas san no i dtaobh oibriú na mianraí sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh maidir le léasaithe fé léasanna mianadóireachta Stáit do thabhairt faisnéise i dtaobh na mianraí no oibriú na mianraí a haistrítear leis na léasanna san agus féadfar a cheangal leis na rialacháin sin an fhaisnéis sin do thabhairt i dteannta na faisnéise, agus gan dochar don fhaisnéis, is gá do thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin romhe seo den alt so.

(3) Duine ar bith dar gá, do réir an ailt seo no do réir aon rialacháin a déanfar fé, aon fhaisnéis do thabhairt don Aire agus—

(a) a fhailleoidh no dhiúltóidh an fhaisnéis sin do thabhairt, no

(b) a bhéarfaidh go bhfios dó aon fhaisnéis den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc tábhachtach, no

(c) a bhéarfaidh faillighe ar aon tslí eile i gcólíonadh forálacha an ailt seo no aon rialacháin déanfar fé,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Ceadanna mianadóireachta Stáit do dheonadh.

28. —(1) I gcás—

(a) aon tsubstaintí le n-a mbaineann an t-alt so do bheith i bhfoslach de mhianraí Stáit, agus

(b) a bheith de mhian ag aon duine cead d'fháil aon cheann no cinn de sna substaintí sin d'oibriú ina gcaindíochta beaga, agus

(c) an duine sin dá chur ina luighe ar an Aire, toisc laighead luach no caindíocht na substaintí is mian leis d'oibriú no toisc giorracht na tréimhse is main leis do thabhairt á n-oibriú no toisc éinní eile, gur fíor-bheag le rá an cead a theastuíonn agus gur beag an deifir a dhéanfaidh don fhoslach san de mhianraí Stáit,

féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin don duine sin do réir an ailt seo, ceart (dá ngairmtear san Acht so cead mianadóireachta Stáit) do dheonadh don duine sin chun na substaintí sin d'oibriú ina gcaindíochta beaga.

(2) Gach cead mianadóireachta Stáit a deonfar fén alt so beidh sé i scríbhinn agus déanfaidh agus déarfaidh ceart do thabhairt don duine dá ndeontar é chun na cinn a luaidhtear ann de sna substantí le n-a mbaineann an t-alt so d'oibriú agus chun éinní do dhéanamh a ghabhann le hoibriú na substaintí sin, ach san fé réir na srian san, maidir leis an gcaindíocht de mhianraí a hoibreofar agus le faid ré an oibrithe agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníoll eile a luadhfar amhlaidh.

(3) Féadfar cead mianadóireachta Stáit do thabhairt (fé mar is oiriúnach leis an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais) saor o íoc no fé réir an choinníll go n-íocfaidh an duine dá ndeonfar é, leis an Aire, mar fhíneáil no roimh-íoc no mar chíos (pé aca marbh-chíos no rí-chíos é) no ar gach slí no aon tslí aca san, an t-airgead san is dóich leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, do bheith ceart.

(4) Ní oibreoidh cead mianadóireachta Stáit chun aon-cheart mianadóireachta. maidir leis na mianraí le n-a mbaineann an cead san, do thabhairt don duine dá ndeonfar an cead san.

(5) Baineann an t-alt so le gach mianra sceidealta agus le gach cumasc mianrúil agus gach substaint mhianrúil agus, san alt so, léireofar dá réir sin an abairt “substaint le n-a mbaineann an t-alt so”.

Cosaint maidir le tailte Stáit.

29. —Ní dheonfaidh an tAire léas mianadóireachta Stáit ná cead mianadóireachta Stáit maidir le mianraí ar thalamh no fé thalamh a bheidh dílsithe in aon Aire Stáit eile no ar seilbh aige ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire sin.

Ceart an Aire chun mianraí Stáit d'oibriú no do chur dá láimh.

30. —(1) Le toiliú an Aire Airgeadais is dleathach don Aire aon uair, fé réir téarmaí aon léasa, ceadúnais no ceada dheonfa sé fén Acht so, mianraí Stáit, pé áit ina mbeid, d'oibriú agus na mianraí do gheobhfar leis an oibriú san do dhíol no do chur dá láimh ar aon tslí eile.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire mianraí do dhíol no do chur dá láimh fén alt so déanfar sochar an díola san no an churtha de láimh sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Ceart ionadachta agus úsáide tailimh ina mbeidh mianraí Stáit.

31. —(1) I gcás mianraí Stáit do bheith ar aon talamh no fé, is dleathach don Aire aon uair, fé réir téarmaí aon léasa, ceadúnais, no ceada bheidh deonta aige fén Acht so, dul isteach ar an talamh san agus é d'úsáid ar pé slí is gá do réir réasúin chun na mianraí sin d'oibriú no chun aon chríche ghabhann leis sin.

(2) Má bhíonn mianraí Stáit ar na mianraí le n-a mbainfidh aon léas mianadóireachta Stáit no cead mianadóireachta Stáit féadfaidh léasaidhe an léasa san no sealbhóir an cheadúnais sin (pé aca é), le linn ré an léasa no an cheadúnais sin, dul isteach ar an talamh ar a bhfuil no fé n-a bhfuil na mianraí sin agus an talamh san d'úsáid ar pé slí is gá do réir réasúin chun na mianraí sin d'oibriú no chun aon chríche ghabhann leis sin.

(3) Pé uair a déanfar damáiste d'uachtar aon tailimh go díreach no go nea-dhíreach—

(a) tré mhianraí Stáit d'oibriú no tré éinní do dhéanamh a ghabhann leis sin, no

(b) tré cheart ionadachta agus úsáide tailimh do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú,

dlighfidh neach déanta an damáiste sin, pé aca an tAire no léasaidhe léasa mhianadóireachta Stáit no sealbhóir ceada mhianadóireachta Stáit é, cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid IV) d'íoc sa damáiste sin.

(4) Cheal có-aontuithe déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid IV do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

Mianraí Stáit tréigthe d'fhálú.

32. —(1) I gcás oibriú aon mhianraí Stáit do thréigean no do stad roimh an Acht so do rith no dá éis sin, féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar barr no ionadacht gach seafta no slí amach a húsáidtear i ndáil leis an oibriú san do thimpeallú le déanmhas buan is leor chun tionóiscí do chosc agus féadfaidh dul isteach ar aon talamh chun san do dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ar bith i scríbhinn na comhachta bheirtear don Aire leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'fheidhmiú don Aire agus thar a cheann agus, pé uair údaróidh an tAire amhlaidh do dhuine ar bith, féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear gníomhaire don Aire san alt so) na comhachta san d'fheidhmiú don Aire agus in ainm agus thar ceann an Aire.

(3) Má dheineann aon duine bac no cur isteach ar ghníomhaire don Aire agus an gníomhaire sin ag feidhmiú na gcomhacht do bhéarfar dó de bhuadh na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha alos ná de dheascaibh feidhmiú na gcomhacht do bheirtear don Aire leis an alt so no do bhéarfar do ghníomhaire don Aire.

(5) Ní shaorfaidh éinní san alt so duine ar bith o aon fhiachas a bheidh air fé aon Acht eile no ar aon tslí eile.

CUID V.

An Bord Mianadoireachta.

An Bord Mianadóireachta do bhunú.

33. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar an Bord Mianadóireachta (dá ngairmtear “an Bord” san Acht so) agus ar a mbeidh cathaoirleach agus dhá ghnáth-bhall chun na bhfeidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Isé bheidh ina chathaoirleach ar an mBord abhcóide bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige no atúrnae bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige agus isiad a bheidh ina ngnáthbhaill duine is ball den phaineul d'eadrascánaithe oifigiúla do ceapadh fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht Chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , agus duine is oifigeach don Aire.

(3) Ceapfaidh an tAire gach ball den Bhord go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis agus féadfaidh an tAire é do chur as oifig agus féadfaidh an ball féin eirghe as a oifig aon uair.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair eile agus pé costaisí chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc le ball ar bith den Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Más rud é, ar chúis ar bith, go mbeidh aon bhall den Bhord ar feadh sealaid gan bheith ábalta ar fhreastal ar shuidheanna an Bhúird féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú mar bhall den Bhord ar feadh an tsealaid sin, ach ní ceapfar éinne chun gníomhú mar bhall den Bhord fén bhfo-alt so mara mbeidh na cáilíochta aige is gá do réir fo-ailt (2) den alt so do bheith ag an mball den Bhord gur ina ionad a ceapfar an duine sin go sealadach amhlaidh.

Rialacháin i gcóir imeachta i láthair an Bhúird.

34. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) uaireanna agus áiteanna suidheanna an Bhúird;

(b) na daoine dá dtabharfar agus na huaireanna agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhúird;

(c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhúird no do dhúnadh amach uatha;

(d) pé nithe eile i dtaobh cleachtadh agus nós imeachta an Bhúird a cheapfaidh an tAire do bheith riachtanach no oiriúnach chun gnó an Bhúird do dhéanamh sa cheart.

Comhachta an Bhúird.

35. —(1) Chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhord fínnithe do chur fé mhionn) no ar aon tslí eile agus chun a chur d'fhiachaibh ar dhaoine scríbhinní do thabhairt ar áird, beidh ag an mBord gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag aon bhall no baill den Bhord ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmiúil do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur d'fhiachaibh ar dhaoine scríbhinní do thabhairt ar áird (pé aca é).

(2) Má dheineann éinne—

(a) faillighe i dteacht i láthair an Bhúird agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt ar áird no d'aon cheist do fhreagairt a bhféadfadh an Bord a cheangal air go dlíthiúil í d'fhreagairt, no

(c) éinní ba dhísbeagadh Cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Bord agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh Cúirte,

féadfaidh an Bord cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Bhúird chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

An Bord no oifigigh don Bhord do dhul isteach ar thalamh.

36. —(1) Chun aon chríche bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna ceaptar don Bhord leis an Acht so féadfaidh aon bhall den Bhord agus aon duine go n-údarás chuige sin ón mBord dul isteach ar aon talamh agus pé taigheadh do dhéanamh ann is dóich leis an mBord is gá chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon bhall den Bhord no le haon duine go n-údarás ón mBord agus é ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear don bhall no don duine sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Fuireann an Bhúird.

37. —(1) Ceapfaidh an tAire rúnaidhe don Bhord, agus féadfaidh pé oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord do cheapadh is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBord chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú, fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú le líon na ndaoine sin.

(2) Beidh rúnaidhe agus oifigigh agus seirbhísigh eile an Bhúird i seilbh oifige ar na téarmaí agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir na rátaí agus ar an slí cheadóidh an tAire Airgeadais.

CUID VI.

Saoraidi chun Mianrai Unaeri Priobhaideacha d'Fhorbairt agus Srian do Chur le hOibriu Mianrai is ga chun Talamh no Foirginti do Thacu.

Iarratais ar cheadúnais mhianraí neamhoibrithe.

38. —(1) Duine ar bith le n-ar mian go bhfuigheadh fén Acht so ceadúnas (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas mianraí neamhoibrithe) chun aon mhianraí áirithe d'oibriú, féadfaidh a iarraidh i scríbhinn ar an Aire ceadúnas mianraí neamh-oibrithe do dheonadh dhó maidir leis na mianraí sin.

(2) Is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe agus beidh sé fíoruithe sa tslí orduithe agus na mion-innste sin ann is gá do réir na fuirme orduithe sin agus ortha san ráiteas ar na fíorais ar a seasuíonn an t-iarratasóir chun neartú le n-a iarratas.

(3) Fé cheann na haimsire orduithe tar éis iarratas do dhéanamh fén alt so seirbheálfaidh an t-iarratasóir cóip den iarratas san sa tslí orduithe ar gach duine de sna daoine orduithe.

(4) Duine ar bith ar a seirbheálfar, de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, cóip d'iarratas do rinneadh fén alt so féadfaidh, más oiriúnach leis é, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an iarratais sin aon uair laistigh den tréimhse sin a hordófar agus nach giorra ná trí seachtaine tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air.

Srian le ceadúnais mhianraí neamhoibrithe do dheonadh.

39. —(1) Ní deonfar ceadúnas mianraí neamh-oibrithe mara gcólíontar gach coinníoll aca so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so), sé sin le rá:—

(a) na mianraí gur maidir leo bheidh an ceadúnas san á iarraidh, ná fuilid á n-oibriú no ná fuilid á n-oibriú go héifeachtúil;

(b) gur mian le neach iarrtha an cheadúnais sin na mianraí sin d'oibriú agus go bhfuil an acfuinn teicniúil agus an acfuinn airgeadais aige is gá chun na mianraí sin d'oibriú sa cheart agus go héifeachtúil, agus

(c) gur ró-dheacair don iarratasóir sin ceart d'fháil, le socrú príobháidheach, chun na mianraí sin d'oibriú.

(2) Ní deonfar ceadúnas mianraí neamh-oibrithe maidir le mianraí Stáit mara mbaineann léas mianadóireachta Stáit leo agus má deontar ceadúnas den tsórt san maidir le mianraí le n-a mbaineann léas den tsórt san ní sia bheidh ré an ceadúnais sin ná a mbeidh gan caitheamh fós den téarma deontar leis an léas san.

Iarratais ar cheadúnais fho-cheart.

40. —(1) Duine ar bith le n-ar mian go bhfuigheadh fén Acht so ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas fó-cheart san Acht so) chun fo-cheart d'fheidhmiú maidir le hoibriú mianraí a bhfuil teideal aige (seachas fé léas mhianadóireachta Stáit no fé cheadúnas mhianraí Stát-tóghta) chun iad d'oibriú, féadfaidh a iarraidh i scríbhinn ar an Aire ceadúnas fo-cheart do dheonadh dhó maidir leis na mianraí sin d'oibriú.

(2) Is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar cheadúnas fho-cheart agus beidh sé fíoruithe sa tslí orduithe agus na míon-innste sin ann is gá do réir na fuirme orduithe sin agus ortha san ráiteas ar na fíorais ar a seasuíonn an t-iarratasóir chun neartú le n-a iarratas.

(3) Fé cheann na haimsire orduithe tar éis iarratas do dhéanamh fén alt so, seirbheálfaidh an t-iarratasóir cóip den iarratas san sa tslí orduithe ar gach duine de sna daoine orduithe.

(4) Duine ar bith ar a seirbheálfar, de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, cóip d'iarratas do rinneadh fén alt so, féadfaidh, más oiriúnach leis é, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an iarratais sin aon uair laistigh den trémhse sin a hordófar agus nach giorra ná trí seachtaine tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air:

Srian le ceadúnais fhocheart do dheonadh.

41. —(1) Ní deonfar ceadúnas fo-cheart mara gcólíontar gach coinníoll aca so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so), sé sin le rá:—

(a) na mianraí gur maidir leo bheidh an ceadúnas san á iarraidh, go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal iad d'oibriú, agus

(b) an fo-cheart gur maidir leis a bheidh an ceadúnas san á iarraidh, gur gá don iarratasóir sin é chun na mianraí sin d'oibriú, agus

(c) gur ró-dheacair don iarratasóir sin an fo-cheart san d'fháil le socrú príobháideach.

(2) Ní deonfar ceadúnas fo-cheart maidir le hoibriú mianraí Stáit mara mbaineann léas mianadóireachta Stáit leo agus má deontar ceadúnas den tsórt san maidir le hoibriú mianraí Stáit le n-a mbaineann léas den tsórt san ní sia bheidh ré an cheadúnais sin ná a mbeidh gan caitheamh fós den téarma deontar leis an léas san.

Iarratais ar orduithe buanchoimeádta taca íochta

42. —(1) Duine ar bith ag á mbeidh leas i dtalamh agus le n-ar mian go bhfuigheadh fén Acht so, d'fhonn leor-thacaíocht d'áirithiú d'fhoirgint a bheidh tógtha no le tógáil ar an talamh san, ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú buanchoimeádta tacaíochta) ag cur sriain le mianadóireacht fén talamh san no fé thalamh ina aice, féadfaidh ordú buanchoimeádta tacaíochta d'iarraidh i scríbhinn ar an Aire maidir leis an talamh san agus le talamh ina aice.

(2) Is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta agus beidh sé fíoruithe sa tslí orduithe agus na mion-innste sin ann is gá do réir na fuirme orduithe sin agus ortha san ráiteas ar na fíorais ar a seasuíonn an t-iarratasóir chun neartú le n-a iarratas.

(3) Fé cheann na haimsire orduithe tar éis iarratas do dhéanamh fén alt so, seirbheálfaidh an t-iarratasóir cóip den iarratas san ar gach duine de sna daoine orduithe.

(4) Duine ar bith ar a seirbheálfar, de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, cóip d'iarratas do rinneadh fén alt so, féadfaidh, más oiriúnach leis é, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an iarratais sin aon uair laistigh den tréimhse sin a hordófar agus nach giorra ná trí seachtaine tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air.

(5) Sa chuid seo den Acht so foluíonn an focal “foirgint” gach saghas tógála no déanmhais no oibre saordha ar thalamh, pé aca os cionn an uachtair ar fad dó, no go leathrannach os cionn an uachtair agus go leathrannach fé, no fén uachtar ar fad, agus fós foluíonn aon rud nádúrtha is séadchomhartha náisiúnta do réir bhrí Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930) .

(6) I gcás foirginte is séadchomhartha náisiúnta do réir bhrí Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 , agus a bheidh, de bhuadh an Achta san, fé chaomhnóireacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no údaráis áitiúil do réir bhrí an Achta san is tuigthe na Coimisinéirí sin no an t-údarás áitiúil sin, pé aca é, do bheith ina nduine go leas sa talamh ar a bhfuil no ina bhfuil an fhoirgint sin.

Srian le horduithe buanchoimeádta tacaíochta do dheonadh.

43. —(1) Ní deonfar ordú buanchoimeádta tacaíochta mara gcólíontar gach coinníoll aca so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so), sé sin le rá:—

(a) oibrithe mianadóireachta bhainfidh o chobhsaíocht na foirginte gur maidir léi bheidh an t-ordú á iarraidh, go bhfuilid no gur réasúnta a mheas go mbeid á ndéanamh fén talamh ar a bhfuil no ina bhfuil an fhoirgint sin no fé thalamh in aice an tailimh sin, agus

(b) go gcuirfidh neach iarrtha an orduithe sin ina luighe ar an Ard-Aighne ná fuil teideal dlí aige chun cirt tacaíochta i leith na foirginte sin tré n-a bhfeadfadh faoiseamh d'fháil i gcúirt dlí maidir leis na hoibrithe mianadóireachta san, agus

(c) gur ró-dheacair don iarratasóir sin ceart d'fháil, le socrú príobháideach, chun tacaíocht do bhuanchoimeádfadh cobhsaíocht na foirginte sin go héifeachtúil.

(2) Féadfar i gcás inar ceart é, ordú buanchoimeádta tacaíochta do dhéanamh maidir le hoibriú mianraí Stáit.

Iarratais do bhreithniú roimh ré, agus a gcur fé bhráid an Bhúird.

44. —Pé uair a gheobhaidh an tAire iarratas ar cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe, ar cheadúnas fho-cheart, no ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta, déanfaidh an tAire na nithe seo leanas no pé ní no nithe aca bheidh oiriúnach, i gceann na haimsire orduithe inar cead do dhaoine ar ar seirbheádladh cóip de sna hiarratais sin de bhun na Coda so den Acht so cúis do phlé, sé sin le rá:—

(a) breithneoidh an t-iarratas san;

(b) breithneoidh freisin gach cúis den tsórt san roimhráite (más aon cheann é) do pléidheadh fé cheann na haimsire orduithe;

(c) maran deimhin leis an Aire gur suidheadh cás prima facie chun an cheadúnais no an orduithe do hiarradh do dheonadh, diúltóidh don iarratas;

(d) mara ndiúltuighidh an tAire don iarratas de bhun an míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt só, cuirfidh an t-iarratas fé bhráid an Bhúird.

Taillí ar íarratais.

45. —Gach duine iarrfaidh ceadúnas mianraí neamh-oibrithe, ceadúnas fo-cheart. no ordú buanchoimeádta tacaíochta, íocfaidh leis an Aire an táille bheidh orduithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais agus ní breithneofar an t-iarratas go n-íoctar an táille sin.

An Bord do dhéanamh fiosrúcháin agus do thabhairt tuarasgabhála i dtaobh iarratas.

46. —(1) Pé uair a chuirfidh an tAire iarratas ar cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe, ar cheadúnas fho-cheart, no ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta fé bhráid an Bhúird breithneoidh an Bord an t-iarratas san agus chuige sin comórfaid fiorsúchán ag á mbeidh na daoine seo leanas i dteideal éisteacht d'fháil, i bpear sain no tré atúrnae no abhcóide, agus fianaise do thabhairt ar áird, sé sin le rá:—

(a) an t-iarratasóir;

(b) an tAire;

(c) aon duine adeir go bhfuil estát no leas aige in aon mhianraí le n-a mbaineann an t-iarratas san;

(d) aon duine eile go bhfeicfear don Bhord go ndéanfadh sé deifir mhór dó dá ngéilltí don iarratas.

(2) Tar éis don Bhord aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bhreithniú do réir an fho-ailt sin, bhéarfaidh an Bord tuarasgabháil air don Aire agus tráchtfar sa tuarasgabháil sin ar gach taobh iomchuibhe den chúrsa agus go sonnrách ar cé aca cólíonadh no nár cólíonadh na coinníollacha reachtúla iomchuibhe agus, mara dtuairiscighidh an Bord in aghaidh géilleadh don iarratas, luadhfar inti an duine no na daoine le n-ar cheart don iarratasóir cúiteamh d'íoc agus na coinníollacha ba cheart do luadh sa cheadúnas no san ordú.

(3) Má cuirtear fé bhráid an Bhuird dhá iarratas ar leithligh, no níos mó, o dhaoine ar leithligh ar cheadúnais mhianraí neamhoibrithe maidir leis an aon roinn amháin mianraí, féadhfaidh an Bord, má mheasaid gur ceart é, na hiarratais sin uile do bhreithniú fara a chéile agus fiosrúchán amháin do chomóradh agus tuarasgabháil amháin do thabhairt i dtaobh na n-iarratas san uile agus féadfaid fós. má mheasaid gur ceart é, tuairisciú i bhfábhar ceadúnaisí mianraí neamh-oibrithe do thabhairt amach do dhaoine ar leithligh de sna hiarratasóirí maidir le páirteanna ar leithligh de sna mianraí sin.

An tAire do ghéilleadh d'iarratais.

47. —(1) Tar éis don Aire tuarasgabháil an Bhúird i dtaobh iarratais ar cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe no ar cheadúnas fho-cheart no ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta d'fháil, déanfaidh pé ní aca so leanas is dóich leis is ceart ag féachaint don tuarasgabháil sin agus do chúrsaí uile an cháis agus do sna nithe uile (más aon cheann é) a gceanglann an tAcht so air féachaint dóibh, eadhon, diúltú don iarratas san no géilleadh dhó agus an ceadúnas no an t-ordú le n-a mbaineann an t-iarratas san do thabhairt amach no do dhéanamh.

(2) D'ainneoin éinní sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ní ghéillfidh an tAire d'aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san maran deimhin leis gur cólíonadh na coinníollacha reachtúla iomchuibhe.

(3) I gcás iarratais ar cheadúnas fho-cheart, más ceart chun uachtar aon tailimh agus na sreathanna forshuidhte no foigseacha aníos go dtí an t-uachtar san d'ísliú an ceart le n-a mbaineann an t-iarratas, agus fós i gcás aon iarratais ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta, déanfaidh an tAire, le linn a chinneadh cé aca ba cheart géilleadh don iarratas san no nár cheart,—

(a) má bhíonn foirgintí ar an talamh no fén talamh le n-a mbaineann an t-iarratas san no má bítear bona fide chun foirgintí do thógáil ar an talamh san—féachaint do luach na bhfoirgint sin i gcomparáid le luach na mianraí do b' éigean do choimeád fén talamh san chun na bhfoirgint sin do thacú agus don tábhacht do bhainfeadh le buanchoimeád tacaíochta do sna foirgintí sin agus le hoibriú na mianraí sin, seachas a chéile, o thaobh an leasa phuiblí, no

(b) mara mbeidh aon fhoirgintí ar an talamh san nó ann agus ná beifear bona fide chun a léithéidí do thógáil air no ann—féachaint do n-a mhéid do dhocharódh ísliú uachtar an tailimh sin an úsáid a deintear no bheidh beartuithe do dhéanamh den talamh san agus don tábhacht do bhainfeadh le leanúint den úsáid sin agus le hoibriú na mianraí sin, seachas a chéile, o thaobh an leasa phuiblí.

Fuirm agus oibriú ceadúnas mianraí neamh-oibrithe.

48. —(1) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas mianraí neamhoibrithe ceart do thabhairt don cheadúnaidhe chun na mianraí luadhfar sa cheadúnas san d'oibriú ar feadh na tréimhse agus fé réir na gcoinníoll a luadhfar amhlaidh agus fós fé réir an chúitimh sin a ceapfar do réir an Achta so d'íoc leis an duine sin a luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Is dleathach go gcuirfeadh an tAire le ceadúnas mianraí neamh-oibrithe na coinníollacha uile (más aon cheann é) is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

Fuirm agus oibriú ceadúnas fo-cheart.

49. —(1) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas fo-cheart an focheart a luadhfar sa cheadúnas san do thabhairt don cheadúnaidhe ar feadh na tréimhse agus chun na críche agus fé réir na gcoinníoll a luadhfar sa cheadúnas san agus fós fé réir an chúitimh sin a ceapfar do réir an Achta so d'íoc leis an duine sin a luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Is dleathach go gcuirfeadh an tAire le ceadúnas fo-cheart na coinníollacha uile (más aon cheann é) is dóich leis is ceart agus a luaidhfaidh sa cheadúnas san.

Fuirm agus oibriú orduithe buanchoimeádta tacaíochta.

50. —(1) Déarfaidh agus déanfaidh ordú buanchoimeádta tacaíochta na srianta san a luadhfar san ordú san do chur le hoibriú na mianraí sin fén talamh san a luadhfar amhlaidh agus ceart dlí is ionfhoirfheidhmithe in aon chúirt dlighinse inniúla do thabhairt do sna daoine a luadhfar amhlaidh chun na srian a forchuirfear amhlaidh d'fhoirfheidhmiú.

(2) Is dleathach go gcuirfeadh an tAire le hordú buanchoimeádta tacaíochta na coinníollacha uile (más aon cheann é) is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

Teora le héifeacht cheadúnaisí agus orduithe.

51. —(1) Ní oibreoidh ceadúnas mianraí neamh-oibrithe ná ceadúnas fo-cheart i slí—

(a) go dtabharfadh sé don ceadúnaidhe aon chomhacht is mó ná an chomhacht ná seachas an chomhacht do bhéarfaí dhó leis an gceadúnas san dá ndeontaí dhó é o dhuine do bheadh sé i dteideal do réir dlí (ar shlí eile seachas fén Acht so) é dheonadh dhó, no

(b) go saorfadh sé an ceadúnaidhe sin o aon oblagáid no fiachas fé n-a mbeadh dá mb' aon duine eile den tsórt san adubhradh do dheonfadh an ceadúnas san dó.

(2) Ní oibreoidh ordú buachoimeádta tacaíochta i slí—

(a) go dtabharfadh sé don duine (dá ngairmtear an deonaidhe sa bhfo-alt so), dá ndeontar an ceart dlí chun na srian a forchuirtear leis d'fhoirfheidhmiú, aon chomhacht is mó ná an chomhacht no seachas an chomhacht do bheadh sé i dteideal d'fheidhmiú dá ndeontaí ceart foirfheidhmithe na srian san dó dhuine do bheadh i dteideal (ar shlí eile seachas fén Acht so) an céanna do dheonadh dhó, no

(b) go saorfadh sé an deonaidhe o aon oblagáid no fiachas fé n-a mbeadh dá mba dhuine do bheadh i dteideal do réir dlí mar adubhradh do dheonfadh dó an ceart san foirfheidhmithe na srian san.

Ceadúnais agus orduithe do dheonadh do dhaoine i bhfeadhmannas iontaobhais.

52. —(1) Féadfar a rá i gceadúnas mianraí neamh-oibrithe no i gceadúnas fo-cheart gur mar thionónta saoil do bheirtear é don duine is ceadúnaidhe fé no mar dhuine go gcomhacht tionónta shaoil fé shocrú no mar ionadaidhe pearsanta do dhuine mharbh no mar iontaobhaidhe no mar dhuine eile i bhfeadhmannas iontaobhais agus má deirtear san in aon cheadúnas den tsórt san is tuigthe gur sa bhfeadhmannas iontaobhais sin dó agus mar chuid den mhaoin atá dílsithe ann sa bhfeadhmannas san dó atá sochar an cheadúnais sin ar seilbh ag an duine is ceadúnaidhe fé.

(2) Féadfar a fhoráil le hordú buanchoimeádta tacaíochta, i dtaobh na gceart do bheirtear leis d'aon duine áirithe, gur mar thionónta saoil do bheirtear dó iad no mar dhuine go gcomhacht tionónta shaoil fé shocrú no mar ionadaidhe pearsanta do dhuine mharbh no mar iontaobhaidhe no mar dhuine eile i bhfeadhmannas iontaobhais agus má foráltar san le haon ordú den tsórt san is tuigthe, i dtaobh na gceart do bheirtear leis don duine sin, gur sa bhfeadhmannas san dó agus mar chuid den mhaoin atá dílsithe ann sa bhfeadhmannas san dó atá na cirt sin dílsithe ann.

Cúiteamh fé Chuid VI.

53. —(1) Gach duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe no fé cheadúnas fho-cheart, íocfaidh cúiteamh leis an duine no na daoine luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Pé uair dhéanfaidh an tAire ordú buanchoimeádta tacaíochta déanfaidh an duine gur ar iarratas uaidh a déanfar an t-ordú san cúiteamh d'íoc leis an duine no na daoine luadhfar san ordú san.

(3) Cheal có-aontuithe idir na páirtithe le n-a mbainfidh, déanfar cúiteamh is iníoctha fén alt so (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh fé Chuid VI) do cheapadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar choinníoll le ceadúnas mianraí neamh-oibrithe no le ceadúnas fo-cheart no le hordú buanchoimeádta tacaíochta gan an ceadúnas no an t-ordú san do theacht i ngníomh go gceaptar an cúiteamh is iníoctha ina thaobh fén alt so agus, más cnap-shuim no sa mhéid gur cnap-shuim an cúiteamh san, go n-íoctar é no go dtugtar urrús chun sástacht an Aire go n-íocfar é.

Costais an Bhúird maidir le fiosrúcháin.

54. —(1) Má chuireann an tAire fé bhráid an Bhúird iarratas ar cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe no ar cheadúnas fho-cheart no ar ordú bhuanchoimeádta tacaíochta féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart é, agus déanfaidh, má orduíonn an tAire Airgeadais é, a cheangal ar an iarratasóir, le hordú ar n-a dhéanamh le linn an churtha-fé-bhráid sin no aon uair dá éis sin, go n-íocfadh leis an Aire na costais fé n-a ndeachaidh no fé n-a raghaidh an Bord chun no i dtaobh an iarratais sin do bhreithniú.

(2) Má bhíonn ordú á dhéanamh no déanta ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, deimhneoidh leis an ordú céanna no le hordú ina dhiaidh sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, méid na gcostas is iníoctha fén ordú san a bheidh á dhéanamh no déanta fén bhfo-alt san roimhe seo agus má dheimhníonn an tAire méid na gcostas san amhlaidh beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar mhéid na gcostas san.

(3) Na costais uile is iníoctha ag duine ar bith fé ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so, féadfaidh an tAire iad do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla agus nuair a bheid íoctha leis an Aire no bainte amach aige déanfaidh an tAire iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Costais na bpáirtithe ag fiosrúcháin.

55. —(1) Na costais a bhainfidh le fiosrúchán a chomórfaidh an Bord fén gCuid seo den Acht so agus fé n-a raghaidh aon pháirtidhe bheidh ag an bhfiosrúchán san, is ar an bpáirtidhe sin a bheid mara measaidh an Bord go n-iarrann an ceart go n-íocfaí na costais sin no aon chuid díobh ag páirtidhe éigin eile bhí ag an bhfiosrúchán san, agus sa chás san féadfaid moladh sa chéill sin do chur ina dtuarasgabháil chun an Aire.

(2) Luadhfar i ngach moladh dhéanfaidh an Bord fén alt so an méid costas (dá ngairmtear an méid luaidhte san alt so) a mheasfaid ba cheart d'íoc agus an páirtidhe mheasaid do bheith i dteideal na gcostas san agus an páirtidhe mheasfaid a dhligeann an céanna d'íoc.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Bord moladh fén alt so, breithneoidh an tAire an moladh san agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, a fhoráil, le hordú, maidir leis an suim chostas (nach mó ná an méid luaidhte) is dóich leis is ceart, go ndéanfaidh an páirtidhe mheasfaidh an Bord a dhligheann na costais sin d'íoc an tsuim sin d'íoc leis an bpáirtidhe mheasfaid do bheith i dteideal na gcostas san.

(4) Suim ar bith a forálfar d'íoc le hordú ón Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfar, mara n-íoctar é, í bhaint amach mar fhiacha ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) Chun crícheanna an ailt seo is cuid de chostais fiosrúcháin na táillí agus na héilithe agus na caiteachais a bhaineann no a ghabhann leis an bhfiosrúchán san.

Ceadúnaithe do thabhairt eolais don Aire.

56. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is dóich leis gur ceart é, a cheangal i scríbhinn ar aon duine is ceadúnaidhe fé cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe an t-eolas san do thabhairt don Aire a theastóidh ón Aire agus a luadhfaidh sa cheangal san, i dtaobh na mianraí le n-a mbaineann an ceadúnas san agus i dtaobh oibriú na mianraí sin.

(2) Gach duine ar a gceanglóidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so aon eolas do thabhairt don Aire, bhéarfaidh an t-eolas san amhlaidh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe lá nach déanaighe ná an t-ochtú lá fichead tar éis an cheangail sin d'fháil dó agus má fhaillíonn no má dhiúltuíonn aon duine den tsórt san an t-eolas san do thabhairt amhlaidh no má bheireann aon eolas den tsórt san is col dó bheith bréagach no mí-threorach i bpunc tábhachtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, ina theannta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíncáil eile ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

CUID VII.

Cuiteamh.

Mínithe chun crícheanna Coda VII.

57. —Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “cúiteamh” gan coinníoll, foluíonn gach saghas cúitimh is iníoctha fén Acht so;

foluíonn an abairt “cúiteamh alos tailimh” cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II, cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III, cúiteamh i ndamáiste fé Chuid IV, agus cúiteamh i saoráidí mianadóireachta, no aon chúiteamh den tsórt san agus mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn tagairtí do “thalamh” tagairtí d'fho-chirt.

Méid an chúitimh do shocrú.

58. —(1) Cheal có-aontuithe socróidh an Bord méid an chúitimh do réir forálacha na Coda so den Acht so.

(2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag an Aire fén Acht so ní dhéanfa sé aon chó-aontú ag socrú a mhéide gan an tAire Airgeadais do thoiliú chuige.

Iarratais ar chúiteamh alos tailimh.

59. —(1) I gcás cúiteamh alos tailimh do bheith iníoctha féadfaidh na daoine seo leanas, eadhon—

(a) an tAire,

(b) má bhíonn an talamh le n-a mbaineann an cúiteamh san fé bhlianacht talamh-cheannaigh, Coimisiún na Talmhan,

(c) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin, a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

(2) Fe réir forálacha na Coda so den Acht so bainfidh forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, le méid an chúitimh alos tailimh do shocrú.

Cúiteamh alos tailimh fé bhlianacht talamhcheannaigh ar n-a shocrú le có-aontú.

60. —Má socruítear méid an chúitimh alos tailimh le có-aontú agus go mbeidh blianacht cheannaigh ar an talamh a mbeidh an cúiteamh san iníoctha as a los, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh Coimisiún na Talmhan ina bpáirtidhe sa chó-aontú san;

(b) nuair do gheobhaidh Coimisiún na Talmhan an cúiteamh san no an méid de is iníoctha leo fén gcó-aontú san cuirfid chun críche é do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht agus nach mó ná an riaráiste sin an méid is iníoctha amhlaidh le Coimisiún na Talmhan agus dá ngairmtear sa mhír seo an méid adubhradh, chun no mar chabhair chun an riaráiste sin do ghlanadh,

(ii) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht agus gur mó an méid adubhradh ná an riaráiste sin—

(I) cuirfear chun an riaráiste sin do ghlanadh cothrom an riaráiste sin den mhéid adubhradh, agus

(II) cuirfear iarmhéid an mhéide adubhradh chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt,

(iii) mara mbeidh aon riaráiste ar an mblianacht san, chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt;

(c) maran páirtidhe sa chó-aontú san Coimisiún na Talmhan ní dhéanfaidh íoc méid an chúitimh a socrófar leis an gcó-aontú an té íocfaidh é do shaoradh o n-a bheith air an cúiteamh san d'íoc.

Iarratais ar chúiteamh i mianraí Státtógtha.

61. —Chó luath agus is féidir é tar éis tréimhse dhá mhí no pé tréimhse, níos sia ná san (ach nach sia ar fad ná dhá mhí dhéag), a lomhálfaidh an tAire in aon chás áirithe ón lá foillseofar aon ordú áirithe tógtha mianraí san Iris Oifigiúil, déanfaidh an tAire, cheal có-aontuithe, a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh is iníoctha aige sna mianraí Stát-tógtha do tógadh leis an ordú san do shocrú.

(2) Cuirfear na scríbhinní seo leanas i dteannta gach iarratais a dhéanfaidh an tAire chun an Bhúird i dtaobh cúitimh i mianraí Stát-tógtha fén alt so, sé sin le rá:—

(a) leor-uimhir chóipeanna den ordó tógtha mianraí iomchuibhe;

(b) ráiteas ina mbeidh mion-innste ar aon éilithe ar an gcúiteamh san do lóisteáladh leis an Aire fé Chuid III den Acht so;

(c) má bhí idir an tAire agus aon duine bheidh ag éileamh an chúitimh sin aon chó-fhreagarthas i dtaobh méid an chúitimh sin, cóipeanna den chó-fhreagarthas san.

(3) Ina suidhe go puiblí dhóibh éistfidh an Bord gach iarratas ar mhéid aon chúitimh i mianraí Stát-tógtha do shocrú agus, mara n-orduighidh an Bord a mhalairt, ní lomhálfar níos mó ná aon fhínné saineolach amháin thar ceann gach páirtidhe fé leith a thiocfaidh os cóir an Bhúird.

Iarratais ar chúiteamh fé Chuid VI.

62. —I gcás cúiteamh fé Chuid VI do bheith iníoctha féadfaidh aon duine aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin, no

(b) aon duine ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha, no

(c) an tAire,

a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

Táillí ar iarratais ar chúiteamh.

63. —Pé uair iarrfaidh aon duine seachas an tAire no Coimisiún na Talmhan ar an mBord cúiteamh do shocrú fén Acht so íocfaidh an duine sin leis an mBord alos an iarratais sin an táille ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais.

Ceart chun éisteacht d'fháil agus iarratas á éisteacht ag an mBord.

64. —Nuair a bheidh aon iarratas ar chúiteamh á éisteacht, beidh na daoine seo leanas, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt ar áird os cóir an Bhúird, sé sin le rá:—

(a) an tAire;

(b) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin;

(c) aon duine adeir go bhfuil estát no leas aige sna mianraí no sa talamh a bhfuil an cúiteamh san á éileamh as a los;

(d) más cúiteamh i dtalamh a bheidh á éileamh, aon duine adeir go bhfuil leas aige talamh san;

(e) más cúiteamh alos tailimh a bheidh á éileamh agus go mbeidh an talamh san fé bhlianacht talamh-cheannaigh, Coimisiún na Talmhan;

(f) aon duine dhligheann fé fhorálacha an Achta so an cúiteamh san d'íoc.

Cúiteamh do dheonadh.

65. —(1) Scrúdóidh an Bord gach iarratas fén Acht so agus tar éis dóibh san do dhéanamh bhéarfaid a mbreith air.

(2) Beidh na nithe seo leanas i ngach breith (dá ngairmtear breith sa Chuid seo den Acht so) do bhéarfaidh an Bórd fén alt so—

(a) ráiteas ar ghné agus ar mhéid an chúitimh a bheidh le n'íoc (más ann do);

(b) ainm an té ar a mbeidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) ainm an té le n-a mbeidh an cúiteamh san le n'íoc;

(d) más le beirt no níos mó bheidh an cúiteamh le n-íoc, an cion den chúiteamh san a bheidh le n'íoc le gach duine acu san;

(e) más i dtaobh aon tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire measfar an cúiteamh no aon chuid de, na nithe is gá do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo do chur sa bhreith sin.

(3) Sighneoidh gach ball den Bhord gach breith.

(4) Beidh gach breith ina fianaise dho-chlaoite ar gach ní bheireann sí le tuisgint do bheith á dheimhniú inti.

(5) Aon tsuim a hordófar le breith do bheith iníoctha ag duine le duine eile beidh sí ina fiacha bheidh iníoctha ag an gcéad duine sin luaidhtear leis an duine eile sin agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(6) Deimhniú bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe ag rúnaidhe an Bhúird agus ina mbeidh ráiteas ar na nithe seo leanas, eadhon:—

(a) an Bord do thabhairt bhreithe,

(b) gné agus méid an chúitimh is iníoctha fén mbreith sin,

(c) an duine le n-a bhfuil an cúiteamh san iníoctha,

(d) an duine ag á bhfuil an cúiteamh san iníoctha,

glacfar leis i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie, ar na nithe deimhnítear amhlaidh, gan cruthúnas ar shighniú an té bheireann an deimhniú san le tuisgint do dheimhnigh é ná ar é bheith ina rúnaidhe don Bhord.

Breitheanna cúitimh alos tailimh fé bhlianacht talamhcheannaigh.

66. —(1) I gcás an Bord do mheas cúitimh alos tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire. féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, a iarraidh ar an mBord—

(a) má bhíonn méid an chúitimh sin có-ionann le praghas fuascailte na blianachta san agus riaráiste na blianachta san (más ann dó) no más lugha ná san é. a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún na Talmhan iomlán an chúitimh sin no an méid de iarrfaidh Coimisiún na Talmhan, no

(b) más mó méid an chúitimh sin ná praghas fuascailte na blianachta san agus riaráiste na blianachta san (más ann dó), a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún na Talmhan an tsuim sin iarrfaidh Coimisiún na Talmhan agus nach mó ná méid an praghais fhuascailte sin agus an riaráiste sin (más ann dó).

agus géillfidh an Bord don iarratas san.

(2) Má socruítear le haon bhreith do bhéarfar i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talmhan cuirfidh Coimisiún na Talmhan an t-airgead san, ar n-a fháil dóibh, chun críche do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht san agus nach mó méid an airgid sin ná an riaráiste sin, chun no mar chabhair chun an riaráiste sin do ghlanadh,

(b) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht san agus gur mó méid an airgid sin ná an riaráiste sin—

(i) cuirfear chun an riaráiste sin do ghlanadh cothrom an riaráiste sin den airgead san, agus

(ii) cuirfear iarmhéid an airgid sin chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt,

(c) mara mbeidh aon riaráiste ar an mblianacht san, chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt.

An tslí chun cúiteamh alos mianraí agus fo-cheart do mheas.

67. —(1) I gcás cúiteamh i mianraí Stát-tógtha do bheith iníoctha alos mianraí Stát-tógtha no cúiteamh i saoráidí mianadóireachta do bheith iníoctha alos fo-cheart, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun méid an chúitimh sin do shocrú, se sin le rá:—

(a) measfaidh an Bord an cúiteamh san do réir mar do bheadh cothrom agus réasúnta mar chomaoin alos margaidh idir deontóir toilteanach-agus deonaidhe toilteanach;

(b) chun críche na míre sin roimhe seo féachfaidh an Bord do sna coinníollacha fé n-a raibh na mianraí Stát-tógtha no na fo-chirt, is abhar don chúiteamh san, ar seilbh sarar thóg an Stát iad fén ordú tógtha mianraí no fén ordú tógtha saoráidí mianadóireachta (pé aca é) bheidh i gceist, agus fós do sna coinníollacha fé n-ar tógadh agus don tréimhse gur ina cóir do tógadh amhlaidh iad fé sna horduithe sin.

(2) I gcás cúiteamh fé Chuid VI do bheith iníoctha alos aon mhianraí do deonadh fé cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe no alos aon fho-chirt do deonadh fé cheadúnas fho-cheart beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun méid an chúitimh sin do shocrú, sé sin le rá:—

(a) measfaidh an Bord an cúiteamh san do réir mar do bheadh cothrom agus réasúnta mar chomaoin alos margaidh idir deontóir toilteanach agus deonaidhe toilteanach;

(b) chun críche na míre sin roimhe seo féachfaidh an Bord do sna coinníollacha fé n-a raibh na mianraí no na fo-chirt sin ar seilbh sarar deonadh iad fén gceadúnas mianraí neamh-oibrithe no fén gceadúnas fo-cheart san (pé aca é) agus fós do sna coinníollacha, más ann dóibh) fé n-ar deonadh agus don tréimhse gur ina cóir do deonadh amhlaidh iad.

(3) Chun críche an mhargaidh bharúlaigh a luaidhtear sa dá fho-alt sin roimhe seo den alt so, is tuigthe lán-fhógra do bheith, le linn a margaidh, ag an deontóir agus ag an deonaidhe luaidhtear ionta i dtaobh gach eolais ba chead don phuiblíocht d'iniúchadh in Oifig na Suirbhéireachta Geolaighe, Baile Atha Cliath, ar ghné, luach, méid agus suidheamh na mianraí no na bhfo-cheart is abhar don chúiteamh a luaidhtear sna fo-ailt sin.

An fhuirm ina ndeonfar cúiteamh i mianraí Státtógtha agus alos ccadúnas mianraí neamhoibrithe.

68. —Nuair a bheidh an Bord ag deonadh cúitimh i mianraí Stát-tógtha no cúitimh fe Chuid VI alos ceadúnas mianraí neamhoibrithe do dheonadh, is i bhfuirm rí-chíosa dhéonfaid an cúiteamh san mara dtárluighidh, maidir leis na mianraí Státtógtha san no na mianraí is abhar don cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe sin—

(a) gur fé mharbh-chíos no fé íocaíocht bhliantúil cheaptha eile bhíodar ar seilbh ag á n-únaerí lá a dtógtha no a ndeonta fé seach (fé mar a bheidh), no

(b) gur cheannuigh a n-únaerí iad ar chomaoin luachmhair laistigh de thréimhse fiche blian roimh lá an Achta so do rith,

agus i gceachtar cás aca san féadfaidh an Bord an cúiteamh san do dheonadh i bhfuirm íocaíochta cnap-shuime no marbh-chíosa no rí-chíosa no in aon dá fhuirm aca san no i ngach fuirm aca fé mar is rogha leo.

Cúiteamh maidir le daoine nach féidir teacht ortha

69. —(1) Pé uair is dóich leis an mBord go bhfuil cúiteamh fé Chuid VI iníoctha le haon duine áirithe agus nach féidir teacht ar an duine sin no a fháil amach cé hé, féadfaidh an Bord, fé mar is rogha leo, aon ní no nithe no gach ní aca so leanas do dhéanamh san ord is oiriúnach leo, sé sin le rá:—

(a) a ordú go ndéanfar na nithe ordóid do dhéanamh chun teacht ar an duine sin no a fháil amach cé hé;

(b) a ordú go n-íocfar méid an chúitimh sin isteach san Ard-Chúirt sa tslí forálfar le rialacha cúirte;

(c) a ordú, mara dtagtar ar an duine sin no mara bhfaghtar amach cé hé fé cheann na tréimhse a luadhfar, go mbeidh gach éileamh ar an gcúiteamh san múchta ar bheith caithte don tréimhse sin.

(2) Bainfidh ailt 69 go 80 den Land Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh den tsórt san a luaidhtear i mír (b) den fho-alt san roimhe seo, fé réir aon atharuithe agus oiriúnuithe déanfar ar na hailt sin leis na rialacha cúirte déanfar fén mír sin.

(3) Pé uair ordóidh an Bord fé mhír (c) d'fho-alt (1) den alt so go mbeidh gach éileamh ar chúiteamh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san múchta ar bheith caithte do thréimhse luadhfar, beidh gach éileamh den tsórt san múchta amhlaidh dá réir sin.

Ní bheidh dul thar breitheanna an Bhúird ar cheisteanna fíorais.

70. —An bhreith do bhéarfaidh an Bord ar aon cheist fíorais eireoidh le linn imeachta fén gCuid seo den Acht so, ni bheidh dul thairsi agus ní féadfar athchomharc ina coinnibh agus beidh an bhreith sin ina ceangal ar pháirtithe uile na n-imeacht san agus ar a rannpháirtithe sin amhail is gur bhreithiúnas in personam í.

Cúiseanna d'aithris ar cheisteanna dlí.

71. —(1) Más oiriúnach leo ó féadfaidh an Bord, as a gcomhairle féin no ar iarratas aon pháirtidhe in imeachta fén gCuid seo den Acht so agus le linn aon chéime de sna himeachta san aon cheist dlí eireoidh le linn na n-imeacht san do chur i bhfuirm chúise aithriste chun na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi agus féadfaid fógairt a mbreithe féin do chur ar athló no go dtugtar an bhreith sin.

(2) In ionad cúis d'aithris le linn imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo féadfaidh an Bord, má bhíonn ceist dlí le socrú sna himeachta san, a mbreith no aon chuid di d'aithris i bhfuirm cúise speisialta chun go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breith uirthi.

(3) Aon pháirtidhe, in imeachta bheidh os cóir an Bhúird, ar a ngoillfe sé an Bord do dhiúltú do chúis d'aithris ar cheist dlí fén alt so, féadfaidh, tar éis don Bhord a mbreith do thabhairt no roimhe sin, ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair á ordú don Bhord cúis d'aithris chun go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breith ar an gceist sin agus nuair a déanfar an t-iarratas san féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú san do dhéanamh agus, má dheineann, cólíonfaidh an Bord téarmaí an orduithe sin d'ainneoin a mbreith do bheith tugtha cheana féin ag an mBord.

(4) An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt ar aon chúis aithriste fén alt so, ní bheidh dul thairsi agus ní bheidh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe.

(5) Na costais agus na fo-chostais a bhainfidh le héinní do chur fé bhráid na hArd-Chúirte, beid mar is rogha leis an gCúirt sin.

Fiacha bheidh dlite ag an Stát do bhaint as cúiteamh.

72. —Má socruítear le breith méid aon chúitimh is iníoctha ag an Aire fén Acht so le haon duine áirithe agus go neosfar don Aire sara n-íoctar an cúiteamh san go bhfuil fiacha ag aon Aire Stáit no ag an bPrímh-Chiste ar an duine sin, féadfaidh an tAire méid na bhfiach do bhaint as an gcúiteamh san agus féadfaidh a ordú an méid do hasbhaineadh amhlaidh d'íoc leis an Aire Stáit iomchuibhe no (másé is gá sa chás) d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Costais do dheonadh.

73. —(1) Is do réir mar is rogha leis an mBord a bheidh costais na bpáirtithe in aon imeachta fén gCuid seo den Acht so (seachas na costais agus na fo-chostais a bhainfidh le ní do chur fé bhráid na hArd-Chúirte) agus féadfaidh an Bord, le n-a mbreith, a ordú cé íocfaidh agus cé leis go n-íocfar agus an tslí ina n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh, agus féadfaidh an Bord, in aon chás áirithe, costas abhcóide do dhí-lomháil.

(2) Féadfaidh an Bord féin méid na gcostas a hordófar d'íoc d'uirmheas no a ordú conus a huirmheasfar iad.

(3) Má orduíonn an Bord do neach iarrtha cúitimh fén Acht so costas no cuid de chostais an duine ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha d'íoc, féadfaidh an duine sin méid na gcostas san do bhaint de mhéid an chúitimh sin.

(4) Chun críche an ailt seo foluíonn costais aon táillí, éilithe agus caiteachais a bhainfidh leis an gcúiteamh do dheonadh.

CUID VIII.

Ilghneitheach agus Generalta.

Toirmeasc ar mhianraí d'oibriú gan údarás dleathach.

74. —(1) Gach duine gan údarás dleathach a dhéanfaidh no a thriailfidh aon mhianraí d'oibriú no a dhéanfaidh éinní chun a n-oibrithe, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus ina theannta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar céad punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) I gcúiseamh i gcionta fén alt so—

(a) beidh dlighinse ag an gCúirt Dúithche chun an chionta san do thriail d'ainneoin go dtabharfaí anuas ceist teidil, agus

(b) is ar an gcosantóir a bheidh a chruthú go raibh údarás dleathach aige.

Fógra do thabhairt don Aire i dtaobh seaftaí agus tolltán.

75. —(1) Má bhíonn duine chun seafta no tolltán do dhéanamh a bheidh le dul níos sia síos ná fiche troigh ón uachtar, déanfaidh, sara dtosnóidh ar an obair sin, fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire go bhfuil sé chun na hoibre sin do dhéanamh.

(2) Gach duine dhéanfaidh seafta no tolltán bheidh le dul níos sia síos ná fiche troigh ón uachtar, coimeádfaidh irisleabhar ina thaobh agus coinneoidh go ceann tréimhse nach giorra ná sé mhí, no go ceann pé tréimhse is sia ná san ordóidh an tAire, na somplaí sin, pé aca mealltracha no blodhtracha iad, de sna strata tré n-a raghfar, a gheobhfar le linn an seafta no an tolltán do dhéanamh.

(3) Beidh teideal ag cigire gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh gach tráth réasúnta, sé sin le rá:—

(a) dul gan cosc go dtí aon tseafta, tolltán no meall den tsórt san;

(b) irisleabhair na seaftaí no na dtolltán san d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh;

(c) gach sompla gheobhfar agus a coinneofar amhlaidh d'iniúchadh;

(d) somplaí meánacha d'aon tsomplaí den tsórt san do thógaint.

(4) Má dheineann éinne bheidh ag déanamh aon tseafta no tolltáin den tsórt san roimhráite fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire á iarraidh air aon chóipeanna d'irisleabhar no somplaí de strata no de mhealltracha thógfaidh cigire fén bhfo-alt san roimhe seo do choimeád fé rún, ní dhéanfaidh an tAire, maran dóich leis an t-iarratas san do bheith mí-réasúnta, a cheadú na cóipeanna no na somplaí sin do thaisbeáint d'éinne nách oifigeach don Aire ach amháin le toiliú an chéad duine sin a luaidhtear.

(5) Má thárlann d'éinne bheidh ag déanamh aon tseafta no tolltáin—

(a) go dteipfidh air na hoblagáidí forchuirtear leis an alt so do chólíonadh, no

(b) go gcuirfidh bac no cosc le cigire agus é sin ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(6) San alt so agus sa chéad alt eile cialluíonn an focal “cigire” duine cheapfaidh an tAire i scríbhinn (go generálta no le haghaidh ócáide áirithe) chun bheith ina chigire chun crícheanna na n-alt san.

Comhachta cigirí.

76. —(1) Leigfidh gach únaer, gníomhaire no bainisteoir mianaigh do chigire ar bith dul síos gan cosc go dtí gach oibriú fé thalamh no oibriú eile gach tráth réasúnta agus taisbeánfaidh irisleabhar na dtolluithe do chigire ar bith agus bhéarfaidh dó pé eolas agus pé somplaí, d'uamanna no de strata tré n-ar tolladh no do hoscladh ag an mianach, a héileofar air do réir réasúin.

(2) Má fhágann aon únaer, gníomhaire, no bainisteoir den tsórt san an t-alt so gan cólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Tuarasgabhála leath-bhliantúla do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

77. —Chó luath agus is féidir é tar éis gach 30adh lá de Mheitheamh agus gach 31adh lá de Mhí na Nodlag bhéarfaidh an tAire go leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil leathbhliantúil ina mbeidh, in aghaidh na tréimhse de shé mhí dar críoch an 30adh lá san de Mheitheamh no an 31adh lá san de Mhí na Nodlag, na nithe uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) mion-innste ar gach léas mianadóireachta Stáit, gach cead mianadóireachta Stáit, gach ceadúnas lorgaireachta, gach ceadúnas mianraí Stát-tógtha, agus gach ceadúnas mianraí neamh-oibrithe do rinne no do dheon fén Acht so agus a bheidh ag rith de thurus na huaire;

(b) méid iomlán an airgid uile do bhailigh an tAire, i bhfuirm fíneála no íocaíochta cnap-shuime no cíosa, fé réim no de bhuadh aon léasa no ceada no ceadúnais den tsórt san;

(c) mion-innste ar gach ordú tógtha mianraí do rinneadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus mion-innste ar na mianraí Stát-tógtha uile do tógadh leis;

(d) éinní eile, i dtaobh mianraí no forbairt agus oibriú mianraí, is dóich leis an Aire is ceart do chur sa tuarasgabháil sin.

An t-airgead do gheobhfar mar chomaoin do chur de láimh.

78. —An t-airgead uile gheobhaidh an tAire (i bhfuirm fíneála no cnap-shuime, no i bhfuirm cíosa no íocaíochta tréimhsiúla eile) i gcomaoin aon léasa no ceadúnais no ceada do dheon fén Acht so, déanfar, nuair agus mar a gheobhfar é, é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

79. —(1) Na táillí uile is iníoctha fén Acht so leis an Aire no leis an mBord, baileofar agus tógfar iad sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

Rialacháin.

80. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon ní no ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialacháin den tsórt san i dtaobh méid no bailiú aon táillí gan an tAire Airgeadais do thoiliú chuige.

(2) Gach rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtais chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do chur fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí beidh an rialacháin san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costais.

81. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

An tAcht Imeall Trágha, 1933 , do leasú.

82. —Déanfar an tAcht Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933) do léiriú, agus beidh éifeacht aige, amhail is go bhfolódh an focal “minearáil”, i ngach áit ina bhfuil sé i bhfo-alt (7) d'alt 2 agus i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht san, gach mianra do réir bhrí an Achta so ach amháin mianraí sceidealta, cumaisc mhianrúla agus substaintí mianrúla.

Acht 1931 d'athghairm.

83. —Athghairmtear leis seo Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 (Uimh. 54 de 1931) .

SCEIDEAL.

Liost de Mhianrai.

Scealla Ailím.

Anudrít.

Mianaigh Antamon.

Apatít.

Mianaigh Airsine.

Mianraí Asbeiste.

Cré Tháthach.

Rubháid Baire.

Bauxít.

Beirl.

Mianaigh Biosmait.

Biothúna.

Cailcít.

Cailc.

Cré Shéiní.

Cróimít.

Gual.

Mianaigh Chobaill.

Mianaigh Chopair.

Corundum.

Cruailít.

Cré Dhétomach.

Dolomaoit agus Cloch Aoil Dholomaoiteach.

Felspar.

Breo-chré.

Breo-chloch agus Siort.

Flúrospar.

Ganastar.

Mianraí Geama

Mianaigh Oir.

Graifít.

Giopas.

Mianaigh Iarainn.

Céilín.

Latairít.

Mianaigh Luaidhe.

Lignít.

Liamhárla.

Mianaigh Mhaighnéise.

Maighnéisít.

Mianaigh

Mhaingnéis.

Marmar.

Mianaigh Mhearcair.

Míc.

Ileacha Mianrúla.

Fisdamhna Mianrúla.

Moluibdinít.

Monasaoit.

Gás Nádúrtha.

Mianaigh Nicil.

Sceall Ile.

Mianaigh Phlaitne.

Salainn Mhianrúla Potáis.

Grianchloch.

Mianraí Raidghníomhacha.

Créanna Athraontacha.

Clochfhospráidí.

Clochshalann.

Slinn Dín.

Marmar Serpentíneach.

Gaineamh Silice.

Mianaigh Airgid.

Mianaigh Sróinte.

Mianaigh Ruibhe.

Talc agus Stéataoit no Siabúnchloch.

Mianaigh Stáin.

Mianaigh Thiotáine.

Tripoli.

Mianaigh Thuingstean.

Fitrít.

Mianaigh Sionca.