14 1941


Uimhir 14 de 1941.


ACHT AIRGEADAIS, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS IONCUIM DHÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEADAIS DO DHÉANAMH. [24adh Iúl, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1941-42.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, éileofar cáin ioncuim do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1941, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht aca uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941.

Faoiseamh fé alt 2 den Acht Airgid, 1933 , do leathnú.

2. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh duine ar bith go ndéanfadh sé no go ndéanfaí thar a cheann, aon bhliain áirithe le n-a mbaineann an t-alt so, na coinníollacha atá leagtha amach in alt 2 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), do chólíonadh mara mbeadh cúrsaí d'eirigh as an gcogadh atá ar siúl anois ag Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus go mbeadh sé dá dhruim sin i dteideal faoisimh fén alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an faoiseamh san is dóich leo do bheith do réir chirt do dheonadh don duine sin in aghaidh na bliana san ach gan é bheith níos mó ná an faoiseamh d'fhéadfaidís go dleathach do dheonadh fén alt san don duine sin dá gcólíonadh sé na coinníollacha san an bhliain sin.

(2) Baineann an t-alt so leis an mbliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, agus le gach bliain ina dhiaidh sin.

Faoiseamh alos cánach ioncuim coigríche i gcásanna áirithe.

3. —(1) I gcás pearsa d'íoc cánach ioncuim, no cánach ioncuim agus for-chánach, fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim tré as-bhaint no eile, no a bheith de dhliteacht air fé sna hAchtanna san an céanna d'íoc, in aghaidh aon bhliana cáinmheasa áirithe alos aon choda dá ioncum d'eirigh i dtír le n-a mbaineann an t-alt so agus é dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) gur íoc sé cáin ioncuim eachtrach sa tír sin alos na coda san dá ioncum, agus

(b) go raibh sé roimh an mbliain cháinmheasa san, ina chomhnaí sa tír sin le n-a mbaineann an t-alt so ar feadh tréimhse leanúnaighe de dheich mbliana ar a laighead no ar feadh uimhre de thréimhsí nea-leanúnacha ba chófhaid, i dteanta a chéile, le deich mbliana ar a laighead, agus

(c) go raibh no go bhfuil sé, ar feadh na bliana cáinmheasa san, dómasta agus ina chomhnaí agus ina ghnáthchomhnaí sa Stát, agus

(d) ná fuil sé i dteideal faoiseamh o chánachas dúbalta d'éileamh fé Airteagal 2 den Chó-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , agus fós ná fuil sé i dteideal faoisimh fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, in aghaidh na bliana cáinmheasa san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an faoiseamh san is dóich leo do bheith do réir chirt do dheonadh don duine sin in aghaidh na bliana cáinmheasa san ach gan é dhul thar an gceann is lugha de sna méideanna so leanas, sé sin le rá, leath méid a chánach ioncuim Eireannaighe in aghaidh na bliana cáinmheasa san no an méid cánach ioncuim eachtraighe d'íoc sé no is iníoctha aige sa tír sin alos na coda san dá ioncum tar éis aon fhaoiseamh chun a bhfuil teideal aige sa tír sin d'as-bhaint,

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so—

cialluíonn an abairt “méid a chánach ioncuim Eireannaighe” an méid cánach is cuibhe don ioncum is leis an bpearsain dá dtagartar san abairt sin agus d'eirigh i dtír le n-a mbaineann an t-alt so agus an cháin sin d'áireamh do réir ráta cinnfear tríd an méid cánach ioncuim no cánach ioncuim agus for-chánach, is iníoctha fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim ag an bpearsain sin in aghaidh na bliana cáinmheasa iomchuibhe alos a ioncuim iomláin roimh dheonadh aon fhaoisimh fén alt so, do roinnt ar mhéid ioncuim iomláin na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana cáinmheasa san;

cialluíonn an abairt “cáin ioncuim eachtrach” cáin is inéilithe agus iníoctha fé dhlí tíre le n-a mbaineann an t-alt so agus a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim is cáin a fhreagrann do cháin ioncuim no d'fhor-cháin is inéilithe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim.

(3) Baineann an t-alt so leis na tíortha so leanas, sé sin le rá, Stáit Aontuithe Ameirice, Tiarnas Cheanada, Cófhlaitheas na hAstráile, Tiarnas na Séalainne Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Talamh an Eisc, agus fós le gach tír is sealbhachas Briotáineach do réir bhrí Sceidil C den Income Tax Act, 1918.

CUID II.

For-Chain Bhreise.

Mínithe sa Chuid seo den Acht so.

4. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “bliain chuntasaíochta” an tréimhse de dhá mhí dhéag dá n-ullmhuítear de ghnáth cuntais na trádála no an ghnótha gur maidir leis a húsáidtear an abairt sin no, má thárla in aon bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán nár hullmhuíodh aon chuntais do thréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch lá sa bhliain sin, pé tréimhse de dhá mhí dhéag a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim;

cialluíonn an abairt “ioncum iomlán” (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa Chuid seo den Acht so) an t-ioncum iomlán o gach taobh gan féachaint d'fhorálacha ailt 34 den Income Tax Act, 1918, agus fé is dá ndeintí an brabús do tháinig as gnó no trádáil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus is cuid den ioncum iomlán san o gach taobh, d'áireamh gan féachaint d'fhorálacha míre (3) de Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná d'fhorálacha ailt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) .

For-cháin bhreise d'fhorchur.

5. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Acht so agus fé réir forálacha na Coda so den Acht so, i gcás ioncum iomlán aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus brabús as aon trádáil no gnó le n-a mbaineann an t-alt so agus a bhíonn ar siúl aige ina aonar no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear for-cháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt alos oiread den ioncum san agus is có-ionann le pé méid aca so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(a) an méid a bheidh de bhreis ag an mbrabús san ar an mbrabús caighdeánach ar n-a n-áireamh do réir na Coda so den Acht so, no

(b) an méid a bheidh de bhreis ag an ioncum iomlán san ar an ioncum iomlán caighdeánach ar n-a áireamh do réir na Coda so den Acht so.

(2) Féadfar for-cháin bhreise in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, do cháinmheas agus do bhaint amach d'ainneoin for-cháin do bheith cáinmheasta cheana in aghaidh na bliana san.

(3) Beidh for-cháin bhreise ina for-cháin agus dá réir sin, na hachtacháin uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh for-chánach, bainfid le for-cháin bhreise, agus beidh éifeacht aca ina taobh, sa mhéid nach buiniscionn leis an gCuid seo den Acht so dhóibh.

Trádála agus gnóthaí le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

6. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach trádáil no gnó bhíonn ar siúl (go leanúnach no go nea-leanúnach) sa Stát, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile, ag pearsan a chomhnuíonn sa Stát, gan áireamh do dhéanamh ar fheirmeoireacht ná ar aon oifig no fostaíocht, ná fós ar aon ghairm go mbíonn an brabús aisti ag brath ar fad no go furmhór ar cháilíochta pearsanta an duine no na ndaoine chleachtann an ghairm sin agus nach gá chúichi aon chaiteachas caipitail no nach gá chúichi ach caiteachas capitail de mhéid a bhíonn go compráideach beag, ach áireamh do dhéanamh ar ghnó dhuine ghlacann coimisiúin i dtaobh eadarbhearta deintear no seirbhísí bheirtear, agus fós ar ghnó aon tsórt gníomhaire seachas taistealaidhe tráchtála no gníomhaire eile dar luach saothair iomlán suim chinnte cheaptha ná bíonn ag brath ar an méid gnótha deintear ná ar aon teagmhas eile.

Brabús caighdeánach d'áireamh.

7. —(1) Déanfar (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) brabús caighdeánach pearsan as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus do bhí ar siúl aige ar feadh iomlán na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile d'áireamh chun crícheanna na Coda so den Acht so do réir pé míre aca so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl amhlaidh ar feadh trí cinn no níos mó de lán-bhlianta cuntasaíochta do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, no roimhe sin, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) de sna trí bliana cuntasaíochta deiridh do chríochnuigh amhlaidh no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(b) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl amhlaidh ar feadh dhá cheann, gan é bheith ar siúl ar feadh trí cinn, de lán-bhlianta cuntasaíochta do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) den dá bhliain chuntasaíochta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(c) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl ar feadh aon lán-bhliana cuntasaíochta amháin do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, no roimhe sin, gan é bheith ar súil ar feadh dhá lán-bhlian chuntasaíochta do críochnuigh amhlaidh, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh na bliana cuntasaíochta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(d) in aon chás eile, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná suim dhá mhíle agus cúig céad punt.

(2) Isé brabús caighdeánach aon phearsan áirithe as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ná raibh ar siúl aige ach ar feadh coda den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile ná an méid sin go mbeidh, idir é agus an méid go mb'é a bhrabús caighdeánach é fé sna fo-ailt eile den alt so dá mbeadh an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh ar feadh iomlán na bliana san, an cothrom céanna bheidh idir an chuid den bhliain sin do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh agus dhá mhí dhéag.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le brabús d'áireamh chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe gurb é is méid do bhrabús trádála no gnótha in aghaidh aon bhliana cuntasaíochta áirithe ná an brabús achtúil do tháinig as an trádáil no as an ngnó san sa bhliain chuntasaíochta san ar n-a áireamh do réir na nAchtanna Cánach Ioncuim, lugha-de an liúntas san in aghaidh caitheamh gléasra agus sáslaigh (ar n-a áireamh chun crícheanna cánach ioncuim) do chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith réasúnta agus ionchurtha le ceart i leith na bliana cuntasaíochta san;

(b) i gcás trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do bheith ar siúl ag pearsain (go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile) ar feadh iomlán na bliana no aon choda den bhliain dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1942, agus é bheith ar siúl aige amhlaidh ar feadh níos lugha ná cúig bliana as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1941, agus é bheith, díreach sara raibh sé ar siúl amhlaidh ag an bpearsain sin, ar siúl ag duine eile no ag beirt no níos mó nár dhíobh an phearsa san, féadfar, ar iarratas na pearsan san agus d'fhonn brabús caighdeánach na pearsan san d'áireamh, an brabús do tháinig as an trádáil no as an ngnó san faid a bhí sé ar siúl amhlaidh ag an duine no na daoine sin d'áireamh mar bhrabús de chuid na pearsan san más go haonarach do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige no mar bhrabús de chuid na pearsan san agus a pháirtnéara no a pháirtnéirí más i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige.

(4) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe páirtnéir do bheith riamh i dteideal roinn do bheith aige i mbrabús na páirtnéireachta do réir an chothruim do bhí idir a scair de bhrabús na páirtnéireachta in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941. agus brabús iomlán na páirtnéireachta in aghaidh na bliana san.

Ioncum iomlán caighdeánach d'áireamh.

8. —(1) Déanfar ioncum iomlán caighdeánach pearsan go raibh trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar siúl aige go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile ar feadh iomlán na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, d'áireamh chun crícheanna na Coda so den Acht so do réir pé míre aca so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má bhí ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh trí cinn no níos mó de bhlianta as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná méid a ioncuim iomláin in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) de sna trí bliana deiridh de sna blianta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(b) má bhí ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh dhá cheann, gan é bheith á fháil ar feadh trí cinn, de bhlianta as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná méid a ioncuim iomláin in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) den dá bhliain sin no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(c) mara raibh ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh dhá bhlian as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, ach go raibh ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil aige in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá san d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná a ioncum iomlán in aghaidh na bliana san dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(d) in aon chás eile isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná dhá mhíle agus cúig céad punt.

(2) Isé ioncum iomlán caighdeánach aon phearsan áirithe dá dtárla, de bhíthin a éaga, go raibh trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gan bheith ar siúl aige, go haonarach nó i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile, ach ar feadh coda den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, ná an méid sin go mbeidh, idir é agus an méid go mb'é a ioncum iomlán caighdeánach é fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dá mbeadh an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh ar feadh iomlán na bliana san, an cothrom céanna bheidh idir an chuid den bhliain sin do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh agus dhá mhí dhéag.

Faoiseamh o fhor-cháin bhreise i gcásanna áirithe.

9. —(1) I gcás pearsa do bheith ionchurtha fé fhor-cháin bhreise beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe gur háirmheadh mar chuid d'ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, suim (dá ngairmtear an tsuim aduithe san alt so) is có-ionann le pé méid aca so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(i) méid is có-ionann leis an bpáirt d'ioncum na pearsan san ar a bhfuil for-cháin bhreise inéilithe, no

(ii) an méid ioncuim, as brabús trádála no gnótha le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do bheadh le cur i ráiteas ar ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana san;

(b) as-bhainfear as an bhfor-cháin bhreise is iníoctha ag an bpearsain sin suim is có-ionann le pé suim aca so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(i) suim is có-ionann leis an méid a bhaineann leis an suim bhreise den fhor-cháin (nach for-cháin bhreise), más ann di, is iníoctha ag an bpearsain sin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, no

(ii) suim is có-ionann le cúig scillinge an punt den tsuim aduithe;

(c) is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gurb í an tsuim aduithe an chuid is aoirde d'ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh.

(2) An míniú atá sa Chuid seo den Acht so ar an abairt “ioncum iomlán” ní bheidh feidhm ná éifeacht aige maidir leis an abairt sin sna háiteanna ina bhfuil sí san alt so agus, dá réir sin, léireofar an abairt sin, san alt so, fé is ná hachtófaí an míniú san.

(3) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús d'áireamh ní bheidh feidhm ná éifeacht aca maidir le brabús trádála no gnótha d'áireamh chun crícheanna an ailt seo.

Socrú i dtaobh caillteanais i gcásanna áirithe.

10. —Más caillteanas an tora glan do tháinig as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do bheith ar siúl sa bhliain chuntasaíochta no sa dó no trí de bhlianta cuntasaíochta gur do réir an bhrabúis ina n-aghaidh no in aghaidh ceann aca (fé mar a bheidh) a háirmhítear brabús caighdeánach pearsan as an trádáil no as an ngnó san, béarfar ar aghaidh an bhreis a bheidh ag an gcaillteanas san ar bhrabús na pearsan as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh an chéad bhliain chuntasaíochta i ndiaidh na bliana cuntasaíochta san no na bliana deiridh den dó no trí sin de bhlianta cuntasaíochta (fé mar a bheidh), agus déanfar, chó fada is ragha sí, í bhaint as brabús, no í chur i gcoinnibh brabúis, na pearsan san as an trádáil no as an ngnó gur maidir leis a bheidh sé ionchurtha fé fhor-cháin bhreise.

Brabús d'áireamh.

11. —(1) Déanfar (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so) an brabús as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'áireamh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gan féachaint d'fhorálacha míre (3) de Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná d'fhorálacha ailt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) .

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús d'áireamh iseadh a gairmtear, sa Chuid seo den Acht so, d'fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

CUID III.

Custuim agus Mal.

Na rátaí diúité ar thobac d'atharú.

12. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirter le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), déanfar, maidir le tobac a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939) .

(2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar, amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2). 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ).

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , maidir le tobac is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear le fo-ailt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt san 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh, do léiriú, agus beidh éifeacht aca, mar thagairtí do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Na rátaí diúité ar íle híodrocarbóin d'atharú.

13. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ).

(2) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (2) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é do lomháil do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is ionlomhálta anois de bhuadh fo-ailt (2) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 .

(3) An diúité máil a forchuirtear leis an alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (3) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 .

(4) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (4) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodracarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus ar ar híocadh an diúité máil a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir scilling agus pingin an galún, é do lomháil do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is ionlomhálta anois de bhuadh fo-ailt (4) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 .

Na rátaí diúité ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil d'atharú.

14. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ).

(2) An diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin mhinearáil do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ).

Na rátaí diúité ar lasáin d'atharú.

15. —(1) In ionad an diúité chustum atá i bhfeidhm anois alos lasán éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na lasáin uile a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, diúité custum do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) In ionad an diúité mháil atá i bhfeidhm anois alos lasán éileofar, gearrfar, agus íocfar, amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus dá éis sin, ar na lasáin uile ar n-a ndéanamh sa Stát, diúité máil do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Tarraingirí áirithe do shaoradh o dhiúité ghluaisteáin.

16. —Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), ná an diúité gluaisteáin a forchuirtear le halt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon mhótar-tharraingire (do réir bhrí an ailt sin 12) a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, nó dá éis sin, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus déanta chun é úsáid chun crícheanna talmhaíochta, ná ar aon earra a hiomportálfar amhlaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí sin do bheith ina compáirt no ina gabhálas de mhótar-tharraingire (do réir bhrí an ailt sin 12) a bheidh ceaptha agus déanta mar adubhradh.

Tarraingirí áirithe do shaoradh o dhiúité cháirr ghaile.

17. —Ní déanfar an diúité cáirr ghaile forchuirtear le halt 13 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon tarraingire gaile (do réir bhrí an ailt sin 13) a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus déanta chun crícheanna talmhaíochta, ná ar aon earra a hiomportálfar amhlaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí sin do bheith ina compáirt no ina gabhálas de tharraingire ghaile (do réir bhrí an ailt sin 13) a bheidh ceaptha agus déanta mar adubhradh.

An ráta diúité ar gheallta do mhéadú.

18. —Déanfar (fé réir forálacha agus gan dochar d'fhorálacha ailt 20 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) ) an diúité ar gheallta forchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gheallta déanfar an 1adh lá d'Iúl, 1941, no dá éis sin, do réir seacht go leith per cent. de mhéid an ghill in ionad an cúig per cent. a luaidhtear san alt san 24.

Saoirse o dhiúité mháil ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil.

19. —(1) Ní déanfar an diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh nach íle de shaghas petroil í ná nach meascán í de phetrol agus earra no earraí eile agus go bhfuil beartuithe í d'úsáid in innill dóghacháin inmheánaigh in ionad petroil.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus dá éis sin.

Alt 21 den Acht Airgid, 1936 , do leasú.

20. —Chun crícheanna ailt 21 den Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , is tuigthe gur aer-sheirbhís tharmatlantach aer-sheirbhís idir aerphort sa Stát agus aerphort sa Spáinn no sa Phortuingéil no ar roinn na hAifrice, agus gurbh eadh riamh.

Diúité máil ar fheithiclí inneallghluaiste d'aisíoc i gcásanna áirithe.

21. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas ar n-a thógaint amach, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, fé alt 13 den Finance Act, 1920, alos feithicle inneall-ghluaiste;

cialluíonn an abairt “tréimhse shrianta” aon tréimhse dar tosach dáta tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, (pé aca roimh an Acht so do rith don tréimhse sin ar fad no go leathrannach roimhe sin agus go leathrannach dá éis no ar fad dá éis) agus gur dóich leis an Aire srian do bheith le n-a linn le húsáid feithiclí inneall-ghluaiste toisc ganntanas generálta petroil.

(2) I gcás an tréimhse gur tógadh no go dtógfar ceadúnas amach ina cóir do bheith có-ionann le tréimhse shrianta no i gcás iomlán tréimhse srianta no páirt de thréimhse shrianta do bheith inti, féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san agus fé réir na gcoinníoll san (más aon cheann é) is dóich leis is ceart d'fhorchur, an diúité do híocadh ar an gceadúnas san no cuid de d'aisíoc le toiliú an Aire Airgeadais (ar n-a thabhairt go generálta no i dtaobh aon cháis áirithe).

(3) Gach aisíoc do rinne an tAire, roimh an Acht so do rith, sa diúité, no i gcuid den diúité, do híocadh ar cheadúnas do tógadh amach i gcóir tréimhse ná raibh caithte ní ba luaithe ná an 24adh lá de Mhárta, 1941, is tuigthe gur aisíoc cóir é agus gurbh eadh riamh.

(4) Má bheirtear suas ceadúnas ar bith i gcólíonadh coinníll nach foláir a chólíonadh chun aisíoc d'fháil fén alt so, scuirfidh an ceadúnas san d'éifeacht do bheith aige ar a thabhairt suas amhlaidh.

(5) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan.

Faoiseamh o dhiúité mháil alos leantóra tarraingtear le feithicil inneallghluaiste más móin na hearraí a hiompruítear.

22. —I gcás—

(a) feithicil inneall-ghluaiste do bheith ina feithicil ar a bhfuil diúité máil iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, do réir ráta luaidhtear i mír 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus

(b) an fheithicil sin d'úsáid chun leantóir do tharraing, agus

(c) le linn a húsáidthe amhlaidh, gan a bheith sna hearraí iompruíonn an fheithicil agus an leantóir sin ach móin,

ní héileofar ná ní gearrfar ar an bhfeithicil sin, alos a húsáidthe chun an leantóra san do tharraing, an diúité breise, a luaidhtear sa mhír sin 5, alos feithicle a húsáidtear chun leantóir do tharraing.

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan.

Faoiseamh o dhiúité mháil alos leantóra tarraingtear le feithicil inneallghluaiste mara n-úsáidtear an leantóir ach chun ionadáin petroil no fearas déanta ionadáin phetroil d'iompar.

23. —(1) I gcás—

(a) feithicil inneall-ghluaiste, ar n-a ceapadh chun petrol d'úsáid mar thein-abhar, do bheith ina feithicil ar a bhfuil diúité máil iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, do réir ráta luaidhtear i mír 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus

(b) an fheithicil sin d'úsáid chun leantóir do tharraing, agus

(c) le linn a tharraingthe amhlaidh, gan an leantóir sin do bheith á úsáid ach chun ionadán petroil no fearas déanta ionadáin phetroil d'iompar chun na feithicle sin do ghluaiseacht,

ní héileofar ná ní gearrfar ar an bhfeithicil sin, alos a húsáidthe chun an leantóra san do tharraing, an diúité breise, a luaidhtear sa mhír sin 5, alos feithicle a húsáidtear chun leantóir do tharraing.

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan.

Faoiseamh o dhiúité mháil ar fheithicilcheaintíní inneallghluaiste.

24. —Ní déanfar an diúité máil is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar n-a leasú le halt 20 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon fheithicil inneallghluaiste is gluais-cheaintín—

(a) faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm, agus

(b) faid ná beidh an ceaintín sin á sheoladh chun brabús d'fháil d'aon duine agá mbeidh baint le n-a oibriú, agus

(c) faid ná beidh an ceaintín sin á oibriú ach chun bia agus riachtanais eile d'iompar, d'ullmhú, agus do sholáthar le haghaidh no chun daoine nach féidir no gur deacair dóibh bia agus riachtanais den tsórt san d'fháil toisc cúrsaí is ionchurtha i leith an chogaidh ina bhfuil Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann páirteach anois.

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan.

Táillí ar cheadúnaisí pumpa phetroil d'aisíoc i gcásanna áirithe.

25. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an dáta deiridh” an dáta ar a scuirfidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , de bheith i bhfeidhm,

tá an bhrí chéanna leis an abairt “pumpa petroil” atá léi in alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ),

cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas fén alt san 35,

cialluíonn an abairt “an t-údarás oiriúnach” an t-údarás do thug ceadúnas amach,

nuair a húsáidtear an abairt “an dáta foirceanntach” i dtaobh pumpa petroil do tógadh no do séaluíodh sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, cialluíonn sí an dáta ar a scuirfidh an pumpa petroil sin de bheith tógtha no séaluithe amhlaidh.

(2) Má thárlann, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus roimh an dáta foirceanntach, maidir le pumpa petroil go mbeidh ceadúnas i bhfeidhm ina thaobh,—

(a) go dtógfaidh an tAire Cosanta chuige é fé aon ordú ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin fén Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , no

(b) go ndéanfaidh an t-údarás oiriúnach, ar iarratas sealbhóra an cheadúnais sin, é shéalú i slí choiscfidh an pumpa san d'úsáid chun biotáille mhótair do dháileadh,

féadfaidh sealbhóir an cheadúnais sin é thabhairt suas don údarás oiriúnach agus leis sin aisíocfar leis an cion san den táille do híocadh ar dheonadh an cheadúnais sin go mbeidh idir é agus iomlán na táille sin an cothrom céanna bheidh idir an chuid neachaithte de thréimhse bhailíochta an cheadúnais sin agus iomlán na tréimhse sin.

(3) Scuirfidh ceadúnas do bhéarfar suas fén alt so d'éifeacht do bheith aige ar a thabhairt suas amhlaidh.

(4) Má bheirtear suas ceadúnas fén alt so, féadfar an pumpa petroil le n-a mbaineann sé do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann).

(5) Má thárla, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus roimh an Acht so do rith, gur chríochnuigh tréimhse bhailíochta ceadúnais agus, an pumpa petroil le n-ar bhain an ceadúnas san, go raibh sé fós, díreach roimh an gcríochnú san, tógtha no séaluithe sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, is tuigthe go raibh sé dleathach an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas o am an chríochnuithe sin go dtí an tAcht so do rith no, más roimh an Acht so do rith do bhí an dáta foirceanntach ann, go dtí an dáta foirceanntach.

(6) Más tuigthe de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so go raibh sé dleathach aon phumpa petroil áirithe do chothabháil go dtí an tAcht so do rith, féadfar, tar éis an Achta so do rith, an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann).

(7) Má thárlann, tar éis an Achta so do rith, go gcríochnóidh tréimhse bhailíochta ceadúnais agus, an pumpa petroil le n-ar bhain an ceadúnas, go raibh sé fós, díreach roimh an gcríochnú san, tógtha no séaluithe sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, féadfar an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann).

Méadú ar an bpionós i gcás an diúité ar ghadhair do bheith gan íoc.

26. —Athghairmtear leis seo alt 18 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), agus achtuítear leis seo ina ionad go ndlighfear pionós máil de dhá phunt do chur ar dhuine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fé alt 37 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ar a chiontú ann ar an slí achmair.

CUID IV.

Diuitethe Bais.

Mínithe maidir leis an gCuid seo den Acht so.

27. —Sa Chuid seo den Acht so—

foluíonn an focal “riarasú” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú, pé aca le haon oibriú amháin no le roinnt oibrithe cónasctha do rinneadh é;

foluíonn an focal “blianacht” aon tsreath d'íocaíochta, pé aca bhainid le n-a chéile no ná bainid agus pé aca den aon mhéid dóibh no de mhéideanna deifriúla agus pé aca iníoctha go féiliúnta dhóibh no nach eadh;

déanfar tagairtí do bhlianacht no do leas eile ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine do léiriú mar nithe thagrann freisin do bhlianacht no do leas éile fé réir teorann (pé sórt a fuirm) darb éifeacht a shocrú an bhlianacht no an leas san do scur ar éag dhuine no neachtar aca ar thárlachtaint ní éigin no ar chríochnú treimhse éigin roimh an éag san;

cialluíonn an abairt “oibrithe có-nasctha” oibrithe (pé aca aon duine amháin no daoine deifriúla do rinne iad agus pé aca bhainid le n-a chéile ar shlí eile seachas mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ná bainid agus pé aca có-aimseardha dhóibh no nach eadh)—

(a) is oibrithe bhaineann leis an aon mhaoin amháin, no

(b) is oibrithe go mbaineann ceann aca le maoin áirithe éigin agus an ceann no na cinn eile le maoin a sheasuíonn (go díreach no go nea-dhíreach) don mhaoin sin no d'ioncum as an maoin sin no do charnála den ioncum san, no

(c) is dhá oibriú go ndeintear ceann aca ag féachaint don cheann eile no d'fhonn go bhféadfar an ceann eile sin do dhéanamh no d'fhonn a urasú an ceann eile sin do dhéanamh agus fós aon tríú oibriú go n-a shamhail sin de ghaol aige le haon cheann den dá oibriú san, agus aon cheathrú oibriú go n-a shamhail sin de ghaol aige le haon cheann den trí oibriú san, agus mar sin de;

foluíonn an focal “íocaíocht” aistriú maoine agus fós fritheas no scaoileadh oblagáide;

léireofar tagairtí do mhéid íocaíochta mar nithe fholuíonn tagairtí do luach maoine aistrithe agus do luach oblagáide fritheasta no scaoilte.

Rátaí diúité estáit d'atharú.

28. —I gcás daoine d'éag tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, beidh an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ina scála, agus beidh éifeacht aige mar scála, de rátaí diúité estáit in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a atharú le halt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ).

An ní thiocfaidh de mhéadú na rátaí ar dhíola agus morgáistí áirithe.

29. —(1) I gcás leas súilíochta do réir bhrí Choda I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (seachas maoin is tuigthe, de bhuadh ailt 26 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a leasú le hailt 29 agus 30 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , d'aistriú ar éag dhuine roimh an 8adh lá de Bhealtaine, 1941) do dhíol no do mhorgáistiú bona fide, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ar lán-chomaoin in airgead no i luach airgid agus na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar thuitim i seilbh don leas san do bheith níos aoirde ná na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar dháta an díola no an mhorgáiste sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh aon diúité estáit eile iníoctha ag an gceannuitheoir no ag an morgáistidhe ar an maoin sin nuair a thuitfidh an leas san i seilbh seachas mar a bheadh iníoctha aige dá mb' iad rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar dháta an díola no an mhorgáiste sin na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar thuitim i seilbh don leas san;

(b) i gcás aon mhorgáiste den tsórt san adubhradh, beidh aon diúité estáit is aoirde agus is iníoctha ag an morgáisteoir ina mhuirear i ndiaidh an mhorgáiste sin.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach maidir le leasanna súilíochta do thuit no thuitfidh i seilbh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941.

Saol-leasanna, etc., do riarasú no d'fhoirceannadh.

30. —(1) Fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, má thárla, maidir le leas i maoin do bhí ceaptha chun scur ar éag dhuine, go ndearnadh, tar éis dó teacht chun bheith ina leas i seilbh, é do riarasú no d'fhoirceannadh (tré thabhairt suas, árachú, dídhílsiú, geallbhruideadh no ar aon tslí eile seachas tré chríochnú tréimhse ceaptha gur ar chríochnú, dhi bhí an leas san ceaptha chun scur) i bpáirt no go hiomlán agus ar chomaoin luachmhair no eile, beidh feidhm agus éifeacht ag pé foráil aca so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:—

(a) más rud é, mara mbeadh an riarasú no an foirceannadh san, go n-aistreodh iomlán na maoine sin, de bhuadh ailt 1 den Finance Act, 1894, ar éag an duine gur ar éag dó bhí sí ceaptha chun scur, ansan agus sa chás san is tuigthe de bhuadh an ailt seo iomlán na maoine sin do bheith ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine sin, no

(b) más rud é, mara mbeadh an riarasú no an foirceannadh san, go n-aistreodh an mhaoin sin, de bhuadh míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, i méid áirithe no teoranta ar éag an duine gur ar éag dó bhí sí ceaptha chun scur, ansan agus sa chás san is tuigthe de bhuadh an ailt seo an mhaoin sin do bheith, sa mhéid áirithe no teoranta san, ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine sin.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so má rinneadh no má fuilingeadh bona fide an riarasú no an foirceannadh a luaidhtear sa bhfo-alt san chun crícheanna puiblí no déirciúla bliain no níos mó roimh an éag no má rinneadh no má fuilingeadh é bona fide chun aon chríche eile trí bliana no níos mó roimh an éag agus—

(a) gur thárla, maidir leis an maoin ina raibh an leas dob abhar don riarasú no don fhoirceannadh san, go ndearna an duine do tháinig ina theideal de bhuadh an riarasuithe no an fhoirceannta san, no ar bheith déanta don chéanna, a seilbh agus a húsáid do ghlacadh chuige bona fide díreach tar éis an riarasuithe no an fhoirceannta san agus gur choinnigh an duine sin aige féin as san amach an tseilbh agus an úsáid sin gan roinn ná páirt ionta ag an duine bhí i dteideal an leasa san roimhe sin agus gan sochar ar bith dhó de bharr connartha ná eile, no

(b) ná raibh an riarasú no an foirceannadh san ach leathrannach agus gurb é an t-aon chúis go mbeidh forálacha na míre deiridh sin roimhe seo gan cólíonadh go hiomlán ná an duine sin do bhí i dteideal an leasa san roimhe sin do choinneáil coda éigin den mhaoin no sochair éigin de bhuadh na hionstruime le n-ar cruthnuíodh no le n-ar tugadh dó an leas san.

(3) Ní dheánfaidh éinní sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dochar ná deifir d'aon éileamh diúité estáit a eireoidh ar shlí seachas de bhuadh fo-ailt (1) den alt so.

(4) Le linn feidhm do thabhairt d'fho-alt (1) den alt so maidir le cás ina ndearnadh eire ar an maoin ina raibh an leas a luaidhtear sa bhfo-alt san do chruthnú le hoibrithe có-nasctha ar a raibh oibriú tré n-a ndearnadh an leas san do riarasú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má cruthnuíodh an t-eire sin ar chomaoin in airgead no i luach airgid do húsáideadh i bpáirt no go hiomlán chun crícheanna ba dhócha do chothabhálfadh no do mhéadódh luach na maoine sin, léireofar tagairtí sa bhfo-alt san (1) don mhaoin sin mar thagairtí don mhaoin sin i dteanta agus fé réir an eire sin sa mhéid go ndearnadh an chomaoin inti d'úsáid amhlaidh;

(b) lasmuich den chás dá bhforáltar leis an mír sin roimhe seo, déanfar tagairtí sa bhfo-alt san (1) don mhaoin sin do léiriú mar thagairtí don mhaoin sin gan an t-eire sin uirthi.

(5) I bhfo-alt (3) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, léireofar na focail “property taken under such a disposition or affected by such a surrender, assurance, divesting, or disposition as aforesaid” mar ní a fholuíonn maoin dá ndeintear deifir le haon riarasú no foirceannadh den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus beidh éifeacht dá réir sin ag na focail sin, agus léireofar na focail ina dhiaidh sin “disposition, surrender, assurance or divesting” sa bhfo-alt san mar ní a fholuíonn aon riarasú no foirceannadh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san (1), agus léireofar na focail “this section” mar ní a fholuíonn an t-alt so.

(6) Ní oibreoidh an t-alt so maidir le haon tabhairt suas, árachú, dí-dhílsiú, no riarasú den tsórt a luaidhtear i mír (c) den phrovíso ghabhann le halt 14 den Finance Act, 1914, i slí go mbeadh aon diúité estáit iníoctha ná beadh iníoctha mara mbeadh an t-alt san.

(7) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach amháin maidir le daoine éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941.

Blianachta, etc., do cheannach o ghaolta.

31. —(1) Má rinne duine (dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt so) a éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, riarasú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar mhaoin i bhfábhar gaoil, ní déanfar cruthnú no riarasú i bhfábhar an duine mhairbh, ar bhlianacht no ar leas eile bhí ceaptha chun scur ar éag an duine mhairbh no aon duine eile, d'áireamh chun cricheanna ailt 3 den Finance Act, 1894, no fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht san mar chomaoin sa riarasú san do rinne an duine marbh amhlaidh.

(2) Má rinne duine (dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt so) a éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, riarasú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar mhaoin i bhfábhar cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so, ní déanfar cruthnú no riarasú i bhfábhar an duine mhairbh, ar bhlianacht no ar leas eile bhí ceaptha chun scur ar éag an duine mhairbh no aon duine eile, d'áireamh chun crícheanna ailt 3 den Finance Act, 1894, no fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht san mar chomaoin sa riarasú san do rinne an duine marbh amhlaidh, mara gcuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná raibh aon ghaol don duine mharbh, nuair do rinneadh an riarasú san amhlaidh ná aon uair ina dhiaidh sin le linn an duine mhairbh, ina bhall den chuideachtain sin ná d'aon chuideachtain eile le n-a mbaineann an t-alt so agus ba bhall den chuideachtain sin.

(3) Má thárla, i gcás le nambaineann ceann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, go ndearnadh oibrithe có-nasctha maidir leis an duine dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt san d'fháil aon íocaíochta alos blianachta no leasa eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san no go ndearnadh an céanna d'fhonn a chumasú no a urasú don duine sin aon íocaíocht den tsórt san d'fháil, beidh ag an bhfo-alt san, maidir le gach ceann fé leith de sna hoibrithe có-nasctha san, an éifeacht chéanna adeir sé do bheith aige maidir le cruthnú no riarasú na blianachta no an leasa eile sin i bhfábhar an duine sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo, isiad na daoine seo leanas agus iad san amháin is gaolta do dhuine eile, sé sin le rá:—

(a) céile an duine eile sin, agus

(b) athair, máthair, clann (dlisteanach no mí-dhlisteanach), oncaileacha agus aintíní an duine eile sin, agus

(c) clann aon duine (agus clann mhí-dhlisteanach d'áireamh) is gaol don duine eile sin de bhuadh na míreanna san roimhe seo den fho-alt so;

(d) céile duine is gaol don duine eile sin de bhuadh na míre sin (b) no na míre sin (c) roimhe seo.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so” cólucht corparuithe (pé áit inar hionchorparuíodh) a shrianann, le n-a n-airteagail no ar shlí eile, ceart aistrithe a stuic no a scaireanna, agus a theorannuíonn uimhir a mball (lasmuich de dhaoine ar fostú aca) go dtí caoga, agus a thoirmeascann aon chuireadh do thabhairt don phuiblíocht suibscríobhadh le haghaidh aon choda dá gcuid stoc, scaireanna, bintiúirí, no stuic bhintiúra.

(6) Má bhíonn beirt no níos mó i gcó-sheilbh stuic no scaireanna i gcuideachtain is tuigthe, chun crícheanna an mhínithe atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, gurb aon bhall amháin den chuideachtain sin iad.

Bronntanais do thabhairt tré ualaighe do chruthnú no tré cheart do mhúchadh.

32. —(1) Má cruthnuíodh no má cruthnuítear (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag duine no le n-a thoil fiach no ceart eile is ion-fhoirfheidhmithe ina choinnibh go pearsanta no i gcoinnibh maoine atá no a thiocfaidh chun bheith ar a chumas a riarasú, a mhuirearú, no a ualú chun a thairbhe féin, is tuigthe chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so) gur riarasú ar n-a dhéanamh ag an duine sin an cruthnú san, agus i ngach achtachán den tsórt san déanfar an focal “maoin”, maidir le haon riarasú den tsórt san, do léiriú mar ní a fholuíonn an fiach no an ceart do cruthnuíodh amhlaidh.

(2) Má múchadh no má múchtar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fiach no ceart eile ar chostas duine, is tuigthe chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so) an múchadh san do bheith ina riarasú ar n-a dhéanamh ag an duine sin i bhfábhar an duine gur chun a thairbhe do múchadh no múchfar an fiach no an ceart san amhlaidh, agus i ngach achtachán den tsórt san léireofar an focal “maoin” mar ní a fholuíonn an tairbhe ar n-a bronnadh le múchadh an fhéich no an chirt sin.

(3) An províso ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894 (a eisceann o chóshuimiú maoin ná raibh leas ag an duine marbh inti riamh), ní bheidh éifeacht aige maidir le maoin d'aistrigh ar éag an duine mhairbh agus is fiach, ceart, no tairbhe is ionfholuithe, de bhuadh an ailt seo, i bhfoirchéill an fhocail “maoin” sna hachtacháin a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so).

(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach amháin maidir le daoine éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941.

Léiriú tagairtí do leas ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine.

33. —Déanfar tagairtí sna hachtacháin a bhaineann le diúité estáit do leas ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine do léiriú mar nithe thagrann freisin do leas fé réir teorann (pé sórt a fuirm) darb éifeacht a shocrú an leas san do scur ar éag dhuine no neachtar aca ar thárlachtaint ní éigin no ar chríochnú tréimhse éigin roimh an éag san.

CUID V.

Cain Bhrabuis Chorparaide.

Mínithe sa Chuid seo den Acht so.

34. —Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an abairt “ráta socair” maidir le díbhinn, foluíonn sí ráta atharuíonn do réir mar atharuíonn an ráta caighdeánach cánach ioncuim;

léireofar tagairtí do stoc no scaireanna tosaíochta cuideachtan mar thagairtí don stoc no don scair-chaipital eisithe uile leis an gcuideachtain le n-a ngabhann ceart chun díbhinní do réir ráta shocair is iníoctha i dtosach ar na díbhinní uile ar chuid eile de chaipital na cuideachtan, pé aca ghabhann ceart léi chun páirtíochta breise i mbrabús na cuideachtan no ná gabhann;

léireofar tagairtí do ghnáth-stoc no do ghnáth-scaireanna cuideachtan mar thagairtí do chaipital eisithe uile na cuideachtan ach amháin stoc no scaireanna tosaíochta na cuideachtan;

léireofar tagairtí do bhintiúirí no do stoc bhintiúra cuideachtan mar thagairtí ná tagrann ach amháin do bhintiúirí no do stoc bhintiúra do heisíodh i gcomaoin airgead d'íoc;

cialluíonn an abairt “bliain trádála” tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an dáta is dáta iomchuibhe don chuideachtain gur maidir leo a húsáidtear an abairt no dáta tháinig dhá mhí dhéag no iolrú ar dhá mhí dhéag roimh an dáta san;

cialluíonn an abairt “dáta iomchuibhe” sa mhíniú dheiridh sin roimhe seo, maidir le cuideachtain ar bith, an dáta sa bhliain dar chríoch an 1adh lá de Lúnasa, 1939, gur chuige is déanaighe do hullmhuíodh cuntais na cuideachtan san no, marar hullmhuíodh cuntais na cuideachtan san chun aon dáta sa bhliain sin, an dáta san sa bhliain sin a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim is dáta iomchuibhe don chuideachtain sin.

Leasuithe ar achtacháin a bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide.

35. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag míreanna (c), (d), agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin, agus ina n-ionad san beidh feidhm agus éifeacht (fé réir an chéad ailt eile) ag na forálacha so leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) déanfar fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “ten per cent.” in ionad na bhfocal “five per cent.” atá anois ann;

(b) déanfar alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dó-dhéag go leith per cent.” in ionad na bhfocal “seacht go leith per cent.” atá anois ann;

(c) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus ina ionad san beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 Uimh. 28 de 1925 ), agus dá réir sin déanfar an províso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “two thousand five hundred pounds” in ionad na bhfocal “five hundred pounds” i ngach áit ina bhfuil na focail sin sa mhír sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) déanfar mír (b) den phrovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí na focail “fifteen per cent.” in ionad na bhfocal “ten per cent.” atá anois inti;

(b) déanfar fo-alt (4) d'alt 56 den Finance Act, 1920 (ar n-a oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin no fútha) do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “six years after the end of the accounting period or part of an accounting period” in ionad na bhfocal “three years after the end of the accounting period” atá anois ann.

Forálacha maidir le tréimhsí cuntasaíochta áirithe.

36. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag mír (g) den phrovíso ghabhann le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, maidir le brabús d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, d'fhionnachtain.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta (dá ngairmtear san alt so an tréimhse chuntasaíochta san) do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, sé sin le rá:—

(a) déanfar an brabús d'eirigh sa tréimhse chuntasaíochta san do ranndáil idir an chuid (dá ngairmtear an chuid tosaigh sin sa bhfo-alt so) den tréimhse chuntasaíochta san do tháinig roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus an chuid (dá ngairmtear an chuid deiridh sin sa bhfo-alt so) den tréimhse chuntasaíochta san do tháinig tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, do réir faideanna fé seach na gcoda san;

(b) ní héileofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús san do ranndáileadh don chuid tosaigh sin den tréimhse chuntasaíochta san, a mbeidh idir é agus cúig mhíle punt an cothrom céanna bheidh idir an chuid tosaigh sin den tréimhse chuntasaíochta san agus dhá mhí dhéag;

(c) ní héileofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús san do ranndáileadh don chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san, a mbeidh idir é agus dhá mhíle agus cúig céad punt an cothrom céanna bheidh idir an chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san agus dhá mhí dhéag;

(d) i gcás cuideachtan do hionchorparuíodh le dlithe an Stáit no fútha agus i gcás cuideachtan coigríche do chuir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ceann de sna coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), do bheith cólíonta ina gcás, éileofar cáin do réir seacht go leith per cent. ar oiread agus a bheidh ionchurtha fé cháin den bhrabús san do ranndáileadh don chuid tosaigh sin den tréimhse chuntasaíochta san agus éileofar cáin do réir deich per cent ar oiread agus a bheidh ionchurtha fé cháin den bhrabús san do ranndáileadh don chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san;

(e) i gcás cuideachtan coigríche nár chuir ina luighe ar na Coimisináirí Ioncuim ceann de sna coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), do bheith cólíonta ina gcás, éileofar cáin do réir deich per cent. ar oiread agus a bheidh ionchurtha fé cháin den bhrabús san do ranndáileadh don chuid tosaigh sin den tréimhse cuntasaíochta san agus éileofar cáin do réir dó-dhéag go leith per cent. ar oiread agus a bheidh ionchurtha fé cháin den bhrabús san do ranndáileadh don chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san;

(f) an méid cánach is iníoctha alos an bhrabúis do rinneadh in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san ag cuideachtaín do hionchorparuíodh tré dhlithe an Stáit no fútha ní raghaidh, i gcás ar bith, thar suim na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

(i) an méid is deich per cent. den iarmhéid, den bhrabús san do ranndáileadh don chuid tosaigh sin den tréimhse chuntasaíochta san, a bheidh fanta tar éis an cheana san, de sna has-bhaintí luaidhtear i mír (b) den phrovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do lomháil do bheadh oiriúnach don chuid tosaigh sin den tréimhse chuntasaíochta san dá ranndáiltí na has-bhaintí sin sa tslí chéanna ina gceangailtear leis an bhfo-alt so an brabús san do ranndáil, agus

(ii) an méid is cúig déag per cent. den iarmhéid, den bhrabús san do ranndáileadh don chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san, a bheidh fanta tar éis an cheana san de sna has-bhaintí sin do lomháil do bheadh oiriúnach don chuid deiridh sin den tréimhse chuntasaíochta san dá ranndáiltí na has-bhaintí sin mar adubhradh.

(3) Sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cialluíonn an focal “cáin” cáin bhrabúis chorparáide nach cáin bhrabúis chorparáide bhreise.

(4) Nuair a beifear, chun na gcrícheanna bhaineann le n-a chur fé cháin bhrabúis chorparáide (nach cáin bhrabúis chorparáide bhreise), á fháil amach cadé an brabús d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, i gcás cuideachtan ina mbeidh leas urlámhach agá stiúrthóirí, ní déanfar as-bhaint is mó ná méid a háirmheofar do réir míle punt per annum do lomháil alos luach saothair stiúrthóra ar bith nach stiúrthóir ar a mbíonn a chuid aimsire uile, no geall leis dó, do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmannas bainisteorreachta no teicniúil agus ná fuil ina únaer thairbheach no ná fuil urlámh aige (go díreach ná tré mheán cuideachtana eile ná ar aon tslí nea-dhíreach eile) ar níos mó ná cúig per cent. de ghnáth-stoc no de ghnáth-scaireanna na cuideachtan.

Cáin bhrabúis chorparáidc bhreise.

37. —(1) I dteanta na cánach brabúis chorparáide is inéilithe ar shlí eile do réir dlí, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an mbrabús a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so cáin bhrabúis chorparáide (dá ngairmtear cáin bhrabúis chorparáide bhreise sa Chuid seo den Acht so) do réir caoga per cent den bhrabús san.

(2) Isé brabús ar a mbeidh cáin bhrabúis chorparáide bhreise iníoctha de bharr an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ná—

(a) an bhreis a bheidh ag an mbrabús (is brabús le n-a mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) eireoidh no d'eirigh in aon tréimhse chuntasaíochta thosnóidh no do thosnuigh an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin, ar an mbrabús caighdeánach ar n-a mhíniú sa Chuid seo den Acht so, agus

(b) an bhreis a bheidh ag an mbrabús (is brabús le n-a mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) d'eirigh sa chuid do tháinig i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, d'aon tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, ar an mbrabús caighdeánach ar n-a mhíniú mar adubhradh.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise sé sin le rá:—

(a) déanfar an brabús d'eirigh, i dtréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, do ranndáil idir an chuid den tréimhse chuntasaíochta san do tháinig roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus an chuid di tháinig tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, do réir faideanna fé seach na gcoda san;

(b) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bprovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920.

(4) Beidh cáin bhrabúis chorparáide bhreise ina cáin bhrabúis chorparáide agus dá réir sin, na hachtacháin uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáin bhrabúis chorparáide, beidh feidhm agus éifeacht aca (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so) maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise.

Míniú ar bhrabús chaighdéanach.

38. —(1) Airmheofar brabús caighdeánach cuideachtan do réir na míre sin aca so leanas a bhaineann leis an gcuideachtain, sé sin le rá:—

(a) má bhí trí cinn no níos mó de bhlianta trádála as a chéile ann maidir leis an gcuideachtain agus gur chríochnuigh an ceann deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, isé brabús caighdeánach na cuideachtan ná méid a mbrabúis in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh an chuideachta no (mara ndeinid amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) de sna trí bliana deiridh de sna blianta trádála san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(b) má bhí dhá cheann, agus gan níos mó, de bhlianta trádála as a chéile ann maidir leis an gcuideachtain agus gur chríochnuigh an ceann deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, isé brabús caighdeánach na cuideachtan ná méid a mbrabúis in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh an chuideachta no (mara ndeinid amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) den dá bhliain trádála san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(c) má bhí aon bhliain amháin trádála ann maidir leis an gcuideachtain agus ná raibh a thuilleadh agus gur chríochnuigh an bhliain trádála san an 31adh lá de Lúnasa, 1939, isé brabús caighdeánach na cuideachtan ná méid a mbrabúis in aghaidh na bliana trádála san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(d) má bhaineann mír aca san roimhe seo den fho-alt so leis an gcuideachtain agus, nuair a bheidh cáin bhrabúis chorparáide bhreise á meas ar an gcuideachtain in aghaidh tréimhse cuntasaíochta áirithe no coda áirithe de thréimhse chuntasaíochta, go bhfuighfear brabús caighdeánach na cuideachtan, ar n-a áireamh do réir na míre sin, do bheith níos lugha ná an caighdeán ionaid, ar n-a mhíniú sa Chuid seo den Acht so, a bhaineann leis an gcuideachtain alos na tréimhse cuntasaíochta áirithe sin no na coda áirithe sin de thréimhse chuntasaíochta, is tuigthe chun críche an mheasta áirithe sin gurb é an caighdeán ionaid sin brabús caighdeánach na cuideachtan;

(e) mara raibh ann maidir leis an gcuideachtain aon bhliain trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, is tuigthe, chun na críche bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas ar an gcuideachtain in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta áirithe no coda áirithe de thréimhse chuntasaíochta, gurb é an méid is mó de sna méideanna so leanas brabús caighdeánach na cuideachtan, sé sin le rá:—

(i) an caighdeán ionaid, ar n-a mhíniú amhlaidh mar adubhradh, a bhaineann leis an gcuideachtain in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta áirithe sin no na coda áirithe sin de thréimhse chuntasaíochta, no

(ii) suim dhá mhíle agus cúig céad punt no, i gcás an tréimhse chuntasaíochta áirithe sin no an chuid áirithe sin de thréimhse chuntasaíochta do bheith níos lugha ná dhá mhí dhéag, an tsuim go mbeidh idir í agus dhá mhíle agus cúig céad punt an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta san, no an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta, agus dhá mhí dhéag.

(2) Má meastar cáin bhrabúis chorparáide bhreise ar chuideachtain in aghaidh tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta is lugha ná dhá mhí dhéag agus go n-áirmheofar brabús caighdeánach na cuideachtan ar shlí seachas fé cheann den dá mhír dheiridh den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, is tuigthe, chun críche an mheasta san, gurb ionann brabús caighdeánach na cuideachtan agus an tsuim a mbeidh idir í agus brabús caighdeánach na cuideachtan san, ar n-a áireamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (ar shlí seachas mar adubhradh), an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta san, no an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta, agus dhá mhí dhéag.

(3) Nuair a bheidh brabús caighdeánach cuideachtan á áireamh isé slí ina ndéanfar amach an brabús leis an gcuideachtain sin nach foláir a chur i gcuntas chun críche an áirimh sin ná do réir na bprinsiobal gcéanna gur dá réir a deintear amach brabús cuideachtan chun a churtha fé cháin bhrabúis chorparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le brabús do dhéanamh amach chun a churtha fé cháin amhlaidh.

Míniú ar an gcaighdeán ionaid.

39. —(1) Isé an caighdeán ionaid a bhainfidh le cuideachtain maidir le haon tréimhse chuntasaíochta áirithe no cuid áirithe de thréimhse chuntasaíochta ná:—

(a) i gcás cuideachtan do hionchorparuíodh le dlithe an Stáit no fútha, íocaíochta caighdeánacha na cuideachtan san alos díbhinní agus úis (ar n-a míniú sa chéad fho-alt eile den alt so) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, no

(b) i gcás cuideachtan coigríche, méid a mbeidh idir é agus íocaíochta caighdeánacha na cuideachtan alos díbhinní agus úis (ar n-a míniú mar adubhradh) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta an cothrom céanna bheidh idir lámhadas na trádála no an ghnótha bhí ar siúl ag an gcuideachtain sa Stát i rith na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta agus lámhadas iomlán na trádála no an ghnótha uile bhí ar siúl ag an gcuideachtain in áit ar bith i rith na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta.

(2) Is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gurb é is íocaíochta caighdeánacha cuideachtan alos díbhinní agus úis in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta ná an méid is gá chun suim iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta do sholáthar, sé sin le rá:—

(a) na díbhinní ar stoc no scaireanna tosaíochta íoctha na cuideachtan do réir an ráta shocair gur dá réir is iníoctha na díbhinní sin, agus

(b) díbhinní do réir 6 per cent per annum ar ghnáth-stoc no gnáth-scaireanna íoctha na cuideachtan, agus

(c) ús ar bhintiúirí no ar stoc bhintiúra na cuideachtan (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhainc) do réir an ráta shocair gur dá réir is iníoctha an t-ús san.

Faoiseamh alos caillteanais i gcásanna áirithe.

40. —(1) San alt so agus sa chéad alt eile cialluíonn an focal “eatramh”, maidir le haon chuideachtain, an tréimhse o chrích bhliana deiridh trádála no aon-bhliana trádála na cuideachtan san, do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, agus an lá san d'áireamh.

(2) Má bhí trí cinn no níos mó de bhlianta trádála as a chéile ann maidir le cuideachtain agus gur chríochniugh an ceann deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, agus gur caillteanas an tora glan do tháinig as an trádáil no as an ngnó do bhí ar siúl ag an gcuideachtain sin sa trí bhliaindeiridh de sna blianta trádála san, ansan agus sa chás san, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas ar an gcuideachtain sin, béarfar ar aghaidh an bhreis a bheidh ag an gcaillteanas san ar an mbrabús leis an gcuideachtain sin d'eirigh san eatramh agus, chó fada is ragha sí, déanfar í bhaint as brabús no í chur i gcoinnibh brabúis, leis an gcuideachtain sin, is ionchurtha fén gcáin sin.

(3) Má bhí dhá cheann, agus gan níos mó, de bhlianta trádála as a chéile ann maidir le cuideachtain agus gur chríochnuigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, agus gur caillteanas an tora glan do tháinig as an trádáil no as an ngnó bhí ar siúl ag an gcuideachtain sin sa dá bhliain trádála san, ansan agus sa chás san, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas ar an gcuideachtain sin, béarfar ar aghaidh an bhreis a bheidh ag an gcaillteanas san ar an mbrabús leis an gcuideachtain sin d'eirigh san eatramh agus, chó fada is ragha sí, déanfar í bhaint as brabús no í chur i gcoinnibh brabúis, leis an gcuideachtain sin, is ionchurtha fén gcáin sin.

(4) Má bhí aon bhliain amháin trádála ann maidir le cuideachtain agus ná raibh a thuilleadh agus gur chríochnuigh an bhliain trádála san sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, agus gur caillteanas an tora glan do tháinig as an trádáil no as an ngnó bhí ar siúl ag an gcuideachtain sin sa bhliain trádála san, ansan agus sa chás san, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas ar an gcuideachtain sin, béarfar ar aghaidh an bhreis a bheidh ag an gcaillteanas san ar an mbrabús leis an gcuideachtain sin d'eirigh san eatramh agus, chó fada is ragha sí, déanfar í bhaint as brabús no í chur i gcoinnibh brabúis, leis an gcuideachtain sin, is ionchurtha fén gcáin sin.

(5) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an bhfaoiseamh dá bhforáltar sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh cuideachta i dteideal an fhaoisimh sin ach amháin i gcás inar tuigthe, de bhun na Coda so den Acht so agus chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas, gurb ionann brabús caighdeánach na cuideachtan agus an caighdeán ionaid iomchuibhe no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó;

(b) i gcás cuideachta do bheith i dteideal an fhaoisimh sin, bhéarfar an faoiseamh san, sa mhéid gur féidir é, i meas na cánach brabúis chorparáide breise ar an gcuideachtain in aghaidh na céad tréimhse cuntasaíochta no choda de thréimhse chuntasaíochta gur maidir léi a bheidh an chuideachta san ionchurtha fén gcáin sin, agus sa mhéid nach féidir an faoiseamh san do thabhairt sa mheas san bhéarfar é i meas na cánach san ar an gcuideachtain sin in aghaidh na céad tréimhse cuntasaíochta eile, agus mar sin de go dtí go mbeidh an faoiseamh san tugtha go hiomlán;

(c) chun a fhiontachain a bhfuil agus cá mhéid atá an chuideachta san i dteideal an fhaoisimh sin, déanfar an brabús leis an gcuideachtain sin d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta go dtáinig cuid di roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus cuid di ar an lá san, no ar an lá san agus dá éis, do ranndáil do réir faideanna fé seach na gcoda san.

(6) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) isé slí ina n-áirmheofar an caillteanas do thárla do chuid eachtain i mbliain trádála do chríochnuigh an 31adh lá de Lúnasa, 1939, no roimhe sin, d'áireamh ná sa tslí chéanna inar gá do réir dlí brabús d'áireamh chun na gcrícheanna bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide d'éileamh, agus

(b) isé slí ina ndéanfar amach brabús cuideachtan in aghaidh an eatraimh ná do réir na bprinsiobal gcéanna gur dá réir a deintear amach brabús cuideachtan chun na gcrícheanna bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide d'éileamh, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le brabús do dhéanamh amach agus le tréimhsí cuntasaíochta do shocrú chun críche aon éilimh den tsórt san.

Brábús d'áireamh i gcásanna áirithe.

41. —(1) I gcás—

(a) cáin bhrabúis chorporáide bhreise do mheas ar chuideachtain (seachas cuideachta le n-a mbaineann an chéad alt eile) in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de tréimhse chuntasaíochta, agus

(b) brabús caighdeánach na cuideachtan san d'áireamh, chun críche an mheasta san, ar shlí seachas fé threoir an chaighdeáin ionaid, agus

(c) an chuideachta san d'eisiúint stuic no scair-chaipitail no bintiúirí no stuic bhintiúra (dá ngairmtear san alt so an eisiúnt nua san) o dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, agus

(d) an eisiúint nua san do dhéanamh de bharr cuireadh do thabhairt don phuiblíocht suibscríobadh ina cóir no d'eile na Coimisinéirí Ioncuim do bheith deimhnitheach nár híocadh as aon chuid den eisiúint sin no nár sásuíodh an céanna tré úsáid do dhéanamh, go díreach no go nea-dhíreach, de shócmhainní do bhí i lámha na cuideachtan an lá deiridh (dá ngairmtear an lá san sa mhír seo) den bhliain trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939 (ach go bhfágfaí as na sócmhainní sin suim is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) do bhí sna díbhinní do roinneadh agus sa luach saothair do stiúrthóirí do híocadh laistigh de shé mhí tar éis an lae sin in aghaidh tréimhse do chríochnuigh an lá san no roimhe) no tré úsáid do dhéanamh, go díreach no go neadíreach, de bhrabús leis an gcuideachtain do rinneadh tar éis an lae sin (ach go bhfágfaí as an mbrabús san oiread de agus do húsáideadh chun díbhinní no luach saothair stiúrthóirí d'íoc chó fada le méid nach mó do réir ráta ná meán-mhéid na ndíbhinní do roinneadh no an luach saothair do stiúrthóirí do híocadh (pé aca é) lá nár dhéanaighe ná sé mhí tar éis an lae sin in aghaidh na dtrí mblian no an dá bhlian no na bliana gur fé threoir an bhrabúis i gceann aca a háirmheofar brabús caighdeánach na cuideachtan),

ansan agus i ngach cás den tsórt san, chun a fhionnachtain cadé an brabús ar a mbeidh an cháin sin le meas mar adubhradh, bainfear as an mbrabús ar a measfaí an cháin sin amhlaidh, mara mbeadh an t-alt so, méid is có-ionann leis na híocaíochta caighdeánacha (ar n-a míniú san alt so) alos na heisiúna nua san más cuideachta ar n-a hionchorparú le dlithe an Stáit no fútha an chuideachta san, no is có-ionann, más cuideachta choigríche an chuideachta san, leis an méid a mbeidh idir é agus na híocaíochta caighdeánacha (ar n-a míniú mar adubhradh) alos na heisiúna nua san an cothrom céanna bheidh idir méid lámhadais na trádála no an ghnótha do bhí ar siúl ag an gcuideachtain sa Stát i rith na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta agus lámhadas iomlán na trádála no an ghnótha uile bhí ar siúl ag an gcuideachtain sin in áit ar bith i rith na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta.

(2) Má thárla, i gcás cuideachtan le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so, gur i rith an eatraimh ar n-a mhíniú san alt deiridh sin roimhe seo do rinneadh an eisiúint nua, beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an ailt sin roimhe seo adubhradh maidir le brabús na cuideachtan san san eatramh san fé is dá mba bhrabús dob ionchurtha fé cháin bhrabúis chorporáide bhreise an brabús san agus go mba thréimhse chuntasaíochta an t-eatramh san.

(3) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cialluíonn an abairt “íocaíochta caighdeánacha alos na heisiúna nua san” an méid is gá chun suim iomlán na n-íocaíochta so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta do sholáthar, sé sin le rá:—

(a) na díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den stoc, no de sna scaireanna, tosaíochta íoctha sin do bhí san eisiúint nua do réir an ráta shocair gur dá réir atá na díbhinní sin iníoctha, agus

(b) díbhinní do réir sé per cent. per annum ar an méid sin (más aon mhéid é) den ghnáth-stoc, no de sna gnáthscaireanna, íoctha sin do bhí san eisiúint nua, agus

(c) ús ar an méid sin (más aon mhéid é) de sna bintiúirí no den stoc bhintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra do heisíodh le cur in ionad a gcó-mhéid sin de bhintiúirí no de stoc bhintiúra do heisíodh roimh dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939) do bhí san eisiúint nua do réir an ráta shocair gur dá réir atá an t-ús san iníoctha.

Forálacha i dtaobh cuideachtan do tháinig i gcomharbas gnótha neamh-ionchorparuithe.

42. —Má tháinig cuideachta i gcomharbas trádála no gnótha do bhí, díreach roimh an gcomharbas san, ar siúl ag pearsain no ag dhá phearsain no níos mó i bpáirtnéireacht, agus go mbíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin gnó no trádáil is ionann, geall leis, agus an trádáil no an gnó bhí ar siúl ag an bpearsain sin no ag na pearsana san, agus gur cuideachta go leas urlámhach agá stiúrthóirí inti an chuideachta san, agus ná raibh ag an gcuideachtain sin trí bliana trádála as a chéile ar chríochnuigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, ansan agus sa chás san, más stiúrthóir no stiúrthóirí ar an gcuideachtain sin an phearsa san no na pearsana san uile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar iarratas ón gcuideachtain féadfar an brabús so leanas d'áireamh mar bhrabús leis an gcuideachtain d'fhonn brabús caighdeánach na cuideachtan d'áireamh, sé sin le rá, an brabús do rinneadh in aon bhliain trádála no blianta trádála agus fhéadfaí a thabhairt i gcuntas, d'fhonn brabús caighdeánach na pearsan no na bpearsan san d'fhionnachtain, dá mba ná tárlódh an comharbas san agus go mbeadh cáin bhrabúis chorparáide bhreise ionchurtha ar bhrabús na pearsan no na bpearsan san as an trádáil no as an ngnó do bhí ar siúl aige no aca;

(b) isé slí ina ndéanfar amach méid aon bhrabúis, leis an bpearsain no leis na pearsana san, a háirmheofar, fén mír sin roimhe seo den alt so, mar bhrabús leis an gcuideachtain ná do réir na bprinsiobal gcéanna gur dá réir is gá do réir dlí brabús do dhéanamh amach chun cáin bhrabúis chorparáide d'éileamh agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus le n-a socruítear conus brabús do dhéanamh amach chun na críche sin;

(c) nuair a bheidh brabús na cuideachtan in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta á fhionnachtain chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise d'éileamh, ní lomhálfar aon as-bhaint alos suimeanna d'íoc an chuideachta leis an bpearsain no leis na pearsana san mar luach saothair.

Forálacha i dtaobh asbhaintí alos luach saothair stiúrthóirí.

43. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le méid brabúis chuideachtan go leas urlámhach agá stiúrthóirí inti d'fhionnachtain chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise d'éileamh, sé sin le rá:—

(a) i gcás cuideachtan a n-áirmheofar a mbrabús caighdeánach ar shlí seachas fé threoir an chaighdeáin ionaid ní lomhálfar aon as-bhaint alos luach saothair do híocadh le stiúrthóir de bhreis ar an gceann is mó de sna méideanna so leanas, sé sin le rá:—

(i) méid ar n-a áireamh do réir míle punt per annum, no

(ii) méid an luach saothair d'íoc an chuideachta leis an stiúrthóir sin in aghaidh na bliana trádála gur fé threoir an bhrabúis inti a háirmheofar brabús caighdeánach na cuideachtan no a háirmheofaí é dá mba nár lugha ná dhá mhíle agus cúig céad punt brabús san na cuideachtan;

(b) i gcás cuideachtan gur fé threoir an chaighdeáin ionaid a háirmheofar a mbrabús caighdeánach, ní lomhálfar aon as-bhaint alos luach saothair do híocadh le stiúrthóir de bhreis ar mhéid a háirmheofar do réir na forála san aca so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) má bhí trí cinn no níos mó de bhlianta trádála as a chéile ann maidir leis an gcuideachtain agus gur chríochnuigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, meánmhéid an luach saothair d'íoc an chuideachta leis an stiúrthóir sin in aghaidh na dtrí mblian deiridh de sna blianta trádála san no méid a háirmheofar do réir míle punt per annum, pé aca is mó, no

(ii) má bhí dhá cheann, agus gan níos mó, de bhlianta trádála as a chéile ann maidir leis an gcuideachtain agus gur chríochnuigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, méid is có-ionann le leath an luach saothair iomláin d'íoc an chuideachta leis an stiúrthóir sin in aghaidh an dá bhlian trádála san no méid a háirmheofar do réir míle punt per annum, pé aca is mó, no

(iii) má bhí aon bhliain amháin trádála ann maidir leis an gcuideachtain agus ná raibh a thuilleadh agus gur chríochnuigh an bhliain sin sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, méid an luach saothair d'íoc an chuideachta leis an stiúrthóir sin in aghaidh na bliana trádála san no méid a háirmeofar do réir míle punt per annum, pé aca is mó, no

(iv) mara raibh ann, maidir leis an gcuideachtain, aon bhliain trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, méid a háirmheofar do réir míle punt per annum;

(c) in aon chás, ní lomhálfar alos luach saothair do híocadh le stiúrthóir do ceapadh tar éis deireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939—

(i) más chun áit stiúrthóra eile do líonadh do ceapadh an stiúrthóir sin. aon as-bhaint de bhreis ar an méid maximum a ceadófaí d'as-bhaint fé sna forálacha san roimhe seo den alt so alos luach saothair an stiúrthóra eile sin dá leanadh sé in oifig, agus chuige sin, má ceapadh an stiúrthóir eile sin féin i rith na dtrí mblian trádála as a chéile ar chríochnuigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939, chun áit réamhtheachtaidhe no sreath de réamhtheachtaithe do líonadh, is tuigthe gurb é an luach saothair do híoctaí leis an réamhtheachtaidhe sin no leis na réamhtheachtaithe sin fé seach ba luach saothair don tsean-stiúrthóir sin, no

(ii) in aon chás eile, as-bhaint de bhreis ar mhéid a háirmheofar do réir míle punt per annum;

(d) nuair a bheidh feidhm á tabhairt d'fhorálacha na míreanna san roimhe seo den alt so maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mheas in aghaidh tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta is giorra ná dhá mhí dhéag, déanfar an méid maximum is féidir a lomháil d'as-bhaint fé sna forálacha san alos luach saothair stiúrthóra do laigheadú go dtí suim a mbeidh idir í agus an méid maximum a luaidhtear sa bhforáil sin aca san a bhaineann leis an gcás an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta san, no an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta, agus dhá mhí dhéag;

(e) i gcás cuideachtan nár thosnuigh ar thrádáil no gnó do dhéanamh go dtí an 1adh lá de Mhéan Fhómhair, 1939, no dá éis sin, ní lomhálfar aon as-bhaint alos luach saothair stiúrthóra de bhreis ar mhéid a háirmheofar do réir míle punt per annum;

(f) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon cheann de sna forálacha san roimhe seo den alt so maidir le luach saothair stiúrthóra ar a mbíonn a chuid aimsire uile, no geall leis dó, do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmannas bainisteoireachta no teicniúil agus ná fuil ina únaer thairbheach agus ná fuil urlámh aige (go díreach ná tré mheán cuideachtana eile ná ar aon tslí nea-dhíreach eile) ar níos mó ná cúig per cent. de ghnáth-stoc no de ghnáth-scaireanna na cuideachtan.

Saoirsí áirithe do bhuanú.

44. —Na saoirsí o cháin bhrabúis chorparáide do bheirtear le halt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), ar n-a leasú le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus do buanuíodh go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, le halt 29 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), deintear leis seo iad do bhuanú go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1943.

Comhacht chun cáin do mheas d'ainneoin a measta cheana.

45. —(1) Féadfar cáin bhrabúis chorparáide bhreise is iníoctha fé réim no de bhuadh na Coda so den Acht so alos brabúis d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta no i gcuid de thréimhse chuntasaíochta do mheas agus do bhaint amach d'ainneoin cáin bhrabúis chorparáide do bheith measta cheana alos an bhrabúis sin.

(2) Aon cháin bhrabúis chorparáide eile (nach cáin bhrabúis chorparáide bhreise) is iníoctha in aghaidh tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta de bhuadh atharú ar an dlí a deintear leis an gCuid seo den Acht so agus a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta san no leis an gcuid sin de thréimhse chuntasaíochta, féadfar í mheas agus í bhaint amach d'ainneoin cáin bhrabúis chorparáide do bheith measta cheana in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta.

An Chuid seo den Acht so do leiriú.

46. —Léighfear agus léireofar le chéile an Chuid seo den Acht so agus Cuid V den Finance Act, 1920, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

CUID VI.

Diuitethe Stampa.

Scríbhinní áirithe bhaineann le nótaí dlíthairgthe no nótaí bainc códhlúite do bheith saor o dhiúité stampa.

47. —Beidh na scríbhinní seo leanas saor o aon diúité stampa is inéilithe fén Stamp Act, 1891, no fé aon Acht le n-a leasuítear an tAcht san, sé sin le rá:—

(a) scríbhinn á iarraidh ar Choimisiún an Airgid Reatha nóta dlí-thairgthe nua do thabhairt mar mhalairt ar nóta mhillte den tsórt san agus á gheallúint, má deintear an chuid a bheidh ar iarraidh den nóta mhillte sin do thíolacadh agus d'íoc, go n-íocfar luach an nóta san le Coimisiún an Airgid Reatha;

(b) scríbhinn á iarraidh ar Bhanc Scair-shealbhach do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 ( Uimh. 32 de 1927 ), nóta bainc có-dhlúite nua do thabhairt mar mhalairt ar nóta mhillte den tsórt san agus á gheallúint, má deintear an chuid a bheidh ar iarraidh den nóta san do thíolacadh agus d'íoc, go n-íocfar luach an nóta sin leis an mBanc san.

Diúité stampa ar admhála, etc., áirithe fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.

48. —(1) Gach iarratas, admháil, agus scríbhinn eile déanfar an 6adh lá de Lúnasa, 1941, no dá éis sin, agus le n-a nglacfaidh an t-údarás cláruitheach, fé alt 42 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, no fé rialacha ar n-a ndéanamh fén Acht san mar chruthúnas ar mhuirear no aon chuid de mhuirear ar thalamh do bheith glanta no ar aon chuid de thalamh chláruithe do bheith scaoilte o mhuirear chláruithe, beidh sé ina ghlanadh no ina scaoileadh ar urrús do réir bhrí an Stamp Act, 1891, agus beidh sé ionchurtha fé dhiúité stampa dá réir sin.

(2) San alt so tá na bríonna céanna leis na habairtí “údarás cláruitheach”, “talamh cláruithe”, agus “muirear cláruithe” agus leis an bhfocal “muirear” atá leis na habairtí “registering authority”, “registered land”, agus “registered charge”, agus leis an bhfocal “charge” fé seach sa Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.

CUID VII.

Ilghneitheach agus Generalta.

Cuntas na Malairte Coigriche.

49. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an focal “ór” monadh óir agus builleon óir;

cialluíonn an abairt “malairt choigríche” aon airgead reatha seachas airgead reatha Éireannach agus aon chreidmheas no iarmhéid nach in airgead reatha Éireannach dó;

foluíonn an focal “urrús” scaireanna, stoc, bannaí, bintiúirí, agus stoc bintiúra agus fós admhála taisce alos taisce aon scaireanna, stuic, bannaí, bintiúirí, no stuic bhintiúra;

cialluíonn an abairt “urrús coigríche” urrús le n-a mbronntar ceart chun íocaíocht d'fháil ar shlí seachas in airgead reatha Éireannach.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith bunóidh an tAire agus (fé réir forálacha an ailt seo) cothabhálfaidh ina dhiaidh sin fé n-a urláimh cuntas (dá ngairmtear an Cuntas san alt so) ar a dtabharfar Cuntas na Malairte Coigríche agus a húsáidfear chun na gcrícheanna luaidhtear san alt so.

(3) Is as an gCuntas a híocfar na suimeanna uile bheidh iníoctha ag an Aire o am go ham chun ór, malairt choigríche, no urrúis choigríche do cheannach fén Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 228 de 1939), agus fé orduithe ar n-a ndéanamh fé, agus coimeádfaidh an tAire chun creidiúna an Chuntais an t-ór, an mhalairt choigríche, agus na hurrúis choigríche uile ceannófar amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair a mheasfaidh is ceart, aon ór, malairt choigríche, no urrús coigríche bheidh á choimeád chun creidiúna an Chuntais de thurus na huaire do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile.

(5) Gach uair a déanfar aon ór, malairt choigríche no urrús coigríche do dhíol no do chur de láimh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar an sochar glan a thiocfaidh as d'íoc isteach sa Chuntas agus beidh an sochar san ar fáil ansan chun tuilleadh íocaíocht d'íoc as an gCuntas fén alt so,

(6) Chun íocaíochta d'íoc as an gCuntas fén alt so, féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair a mheasfaidh is ceart, roimh-íocanna d'íoc leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, agus chun na roimh-íocanna san d'íoc féadfaidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis do bhunú agus d'éisiúint go n-ús ortha do réir pé rátaí agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, a chinnfe sé.

(7) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile bunófar agus a heiseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead do gheobhfar ar iasacht tré sna hurrúis sin.

(8) Airgead a roimh-íocfar leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis de bhun an ailt seo aisíocfar é leis an Stát-Chiste as an gCuntas na trátha san agus do réir na méideanna san a chinnfidh an tAire.

(9) Déanfaidh an tAire an Cuntas d'fhoirceannadh tráth ar bith nach déanaighe ná sé mhí tar eis don Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , scur de bheith i bhfeidhm is dóich leis is ceart agus déanfaidh, chun críche an fhoirceannta san, an t-ór, an mhalairt choigríche, agus na hurrúis choigríche uile bheidh á gcoimeád an uair sin chun creidiúna an Chuntais do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile agus déanfaidh sochar glan an díola no an chur-de-láimh sin agus an t-airgead uile (más aon chuid é) a bheidh an uair sin chun creidiúna an Chuntais d'úsáid chun roimh-íocanna do híocadh leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis d'aisíoc do réir an ailt seo agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste, no cuirfidh chun tairbhe don Stát-Chiste ar shlí eile, ar pé cuma mheasfaidh is ceart, aon bharrachas as an sochar agus as an airgead san nach gá chun na roimhíocanna san d'aisíoc amhlaidh.

(10) Bhéarfaidh an tAire go n-ullmhófar agus go gcuirfear fé bhráid an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste cuntais i dtaobh an Chuntais in aghaidh gach bliana airgeadais a mbeidh an Cuntas á chóthabháil ar a feadh no ar feadh coda dhi, agus scrúdóidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste na cuntais sin uile sa tslí sin is dóich leis, as a chomhairle féin, do bheith ceart d'fhonn a chinneadh cé aca do rinneadh na hoibrithe ar an gCuntas agus na headar-bhearta do bhain leis do sheoladh agus do thabhairt chun críche do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so no ná dearnadh, agus tar éis gach scrúdú den tsórt san tuairisceoidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste chun Dáil Éireann cé aca rinneadh no ná dearnadh, dar leis, na hoibrithe agus na headarbhearta tháinig fé réim an scrúduithe sin do sheoladh agus do thabhairt chun críche do réir na bhforálacha san adubhradh.

(11) Chó luath agus is féidir é tar éis an Chuntais d'fhoirceannadh leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina dtaisbeánfar méid iomlán na suimeanna do roimh-íocadh leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, an méid iomlán do híocadh isteach sa Stát-Chiste as an gCuntas in aisíoc na roimh-íocanna san, agus an méid (más aon mhéid é) do híocadh isteach sa Stát-Chiste no do cuireadh chun tairbhe don Stát-Chiste as an gCuntas ar shlí seachas in aisíoc na roimh-íocanna san.

Suimeanna áirithe is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann do laigheadú.

50. —Féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go laigheadófar, oiread agus a luadhfaidh an tAire sin chuige sin, an tsuim a bheidh le n'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann in aon bhliain airgeadais áirithe (agus an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1941, d'áireamh) fé fho-alt (1) d'alt 35 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, ar n-a leasú le fo-alt (3) d'alt 9 den Acht Dlí Talmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923) , agus, pé uair a chinnfidh an tAire sin amhlaidh, laigheadófar dá réir sin an tsuim sin a bheidh le n'íoc mar adubhradh sa bhliain airgeadais le n-a mbaineann an cinneadh sin.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

51. —D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste, agus leis, an tráth no na trátha san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Athghairm.

52. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus is amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus ón lá san amach a hathghairmtear amhlaidh iad ach amháin i gcás dá luaidhtear a mhalairt sa tríú colún san.

Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.

53. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

54. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Coda I agus II den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid III den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Coda I agus II den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1941, agus beidh éifeacht aca amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL

Diuitethe ar Thobac.

Cuid I.

Custuim.

£

s.

d.

Tobac Nea-Dhéanta:—

Má bhíonn sé scamhaite no dí-loirgnithe:—

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 1b. meáchaint de     ....     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

0

18

10½

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ....     ....     ....     ....     ....     ....

,,

1

0

11½

Má bhíonn sé gan bheith scamhaite no di-loirgnithe:—

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ....     ....     ....     ....     ....     ....

,,

0

18

10

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de     ....     ....     ....     ....     ....     ....

,,

1

0

11

An Ráta Iomlán

An Ráta Tosaiochta

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Déanta, eadhon:—

Todóga  ....     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

10

0

1

5

0

Toitíní    ....     ....     ....     ....     ....     ....

,,

1

8

11

1

4

1⅙

Cavendish no Negrohead     ....     ....     ....

,,

1

7

7

1

2

11⅚

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna.

,,

1

3

11

0

19

11⅙

Tobac Déanta eile     ....     ....     ....     ....

,,

1

3

11

0

19

11⅚

Snaois agus níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ....

,,

1

2

9

0

18

11½

Snaois agus gan níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint di     ....     ....

,,

1

7

7

1

2

11⅚

Cuid II.

Mal.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

£

s.

d.

Agus 10 lb. no níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de   ....     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

0

17

9

Agus níos lugha ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchaint de   ....     ....     ....     ....     ....     ....

,,

0

19

8

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna   ....

,,

1

3

0

DARA SCEIDEAL

Diuitethe ar Lasain.

Cuid I.

Custuim.

£

s. 

d.

(a) Ar na lasáin adhmaid uile i mboscaí no i gcoimeádáin eile:—

Ina mbeidh breis is 10 lasáin. An 1,000 coimeádán     ....     ....

0

13

0

Ina mbeidh breis is 10 agus gan thar 20 lasán.

An 1,000 coimeádán  ....     ....     ....     ....     ....     ....

1

6

0

Ina mbeidh breis is 20 agus gan thar 50 lasán.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

9

5

Ina mbeidh breis is 50 agus gan thar 75 lasáin.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

14

1

Ar gach 25 no cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

3

3

(b) Ar gach saghas eile lasán i mboscaí no i gcoimeádáin eile:—

Ina mbeidh thar 20 lasán. An 1,000 coimeádán     ....     ....

2

12

0

Ina mbeidh thar 20 agus gan thar 50 lasán.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

18

10

Ina mbeidh thar 50 agus gan thar 75 lasáin.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

1

8

2

Ar gach 25 no cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75.

An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

6

6

Cuid II.

Mal.

£

 s.

 d.

Boscaí no coimeádáin eile:—

Ná beidh thar 10 lasán ionta. An 1,000 coimeádán     ....     ....

0

11

4

Ina mbeidh thar 10 agus gan thar 20 lasán. An 1,000 coimeádán     ..     ....     ....     ....     ....     ....     ....

1

2

8

Ina mbeidh thar 20 agus gan thar 50 lasán. An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....     ....     ....

0

8

4

Ina mbeidh thar 50 agus gan thar 75 lasáin. An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....     ....     ....

0

12

6

Ar gach 25 no cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75. An grós. (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....     ....

0

2

10

Agus mar sin de go cionmhar ar aon chaindíocht is lugha ná san de choimeádáin     ....     ....     ....     ....     ....     ....

TRIU SCEIDEAL.

Scala de Ratai Diuite Estait.

Luach Colna an Estáit

An ráta per cent. de Dhiúité

£

£

Os cionn

100

gan dul thar

500

....

....

....

....

1

,,

500

,,   ,,   ,,

1,000

....

....

....

....

2

,,

1,000

,,   ,,   ,,

5,000

....

....

....

....

3

,,

5,000

,,   ,,   ,,

10,000

....

....

....

....

4

,,

10,000

,,   ,,   ,,

12,500

....

....

....

....

6

,,

12,500

,,   ,,   ,,

15,000

....

....

....

....

7.2

,,

15,000

,,   ,,   ,,

18,000

....

....

....

....

8.4

,,

18,000

,,   ,,   ,,

21,000

....

....

....

....

9.6

,,

21,000

,,   ,,   ,,

25,000

....

....

....

....

10.8

,,

25,000

,,   ,,   ,,

30,000

....

....

....

....

12

,,

30,000

,,   ,,   ,,

35,000

....

....

....

....

13.2

,,

35,000

,,   ,,   ,,

40,000

....

....

....

....

14.4

,,

40,000

,,   ,,   ,,

45,000

....

....

....

....

15.6

,,

45,000

,,   ,,   ,,

50,000

....

....

....

....

16.8

,,

50,000

,,   ,,   ,,

55,000

....

....

....

....

19.5

,,

55,000

,,   ,,   ,,

65,000

....

....

....

....

20.8

,,

65,000

,,   ,,   ,,

75,000

....

....

....

....

22.1

,,

75,000

,,   ,,   ,,

85,000

....

....

....

....

23.4

,,

85,000

,,   ,,   ,,

100,000

....

....

....

....

24.7

,,

100,000

,,   ,,   ,,

120,000

....

....

....

....

26

,,

120,000

,,   ,,   ,,

150,000

....

....

....

....

28.6

,,

150,000

,,   ,,   ,,

200,000

....

....

....

....

31.2

,,

200,000

,,   ,,   ,,

250,000

....

....

....

....

33.8

,,

250,000

,,   ,,   ,,

300,000

....

....

....

....

36.4

,,

300,000

,,   ,,   ,,

400,000

....

....

....

....

39

,,

400,000

....     ....     ....

....

....

....

....

41.6

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme.

63 Vic., c. 7.

An Finance Act, 1900.

Alt 11, ach amháin maidir le daoine d'éag an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, no roimhe sin.

Uimh. 11 de 1928 .

An tAcht Airgid, 1928 .

Oiread d'fho-alt (1) d'alt 13 agus a bhaineann le mótartharraingirí no le compáirteanna no gabhálais de mhótar-tharraingirí.

Uimh. 31 de 1931 .

An tAcht Airgid, 1931 .

Alt 26, ach amháin maidir le daoine d'éag an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, no roimhe sin.

Uimh. 15 de 1933 .

An tAcht Airgid, 1933 .

Alt 15, amhail o dháta an Achta so do rith.

Uimh. 31 de 1934 .

An tAcht Airgid, 1934 .

Mír (b) d'fho-alt (7) d'alt 12, agus oiread de mhir (c) den fho-alt san (7) agus a bhaineann le compáirteanna no gabhálais d'aon tarraingire den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (b); mír (b) d'fho-alt (5) d'alt 13, agus oiread de mhír (c) den fho-alt san (5) agus a bhaineann le compáirteanna no gabhálais d'aon tarraingire den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (b); ailt 29 agus 30, ach amháin maidir le daoine d'éag an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, no roimhe sin.

Uimh. 28 de 1935 .

An tAcht Airgid, 1935 .

Alt 32, ach amháin maidir le daoine d'éag an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, no roimhe sin.