5 1942


Uimhir 5 de 1942.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1936, DO LEASÚ.

[31adh Márta, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “Acht 1911” an National Insurance Act, 1911;

cialluíonn an abairt “Acht 1918” an National Health Insurance Act, 1918;

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936;

cialluíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) Is tréimhse airgeadais chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, eadhon—

(a) an tréimhse chúig mblian (dá ngairmtear an chéad tréimhse airgeadais san Acht so) dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938,

(b) na tréimhsí cúig mblian fé seach dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1943, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1948, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus mar sin de,

agus déanfar an abairt “tréimhse airgeadais” do léiriú san Acht so dá réir sin.

(3) Is tréimhse shochair bhreise chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, eadhon—

(a) an tréimhse chúig mblian (dá ngairmtear an chéad tréimhse shochair bhreise san Acht so) dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1947,

(b) na tréimhsí cúig mblian fé seach dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1952, an 31adh lá de Mhárta, 1957, an 31adh lá de Mhárta, 1962, agus mar sin de,

agus déanfar an abairt “tréimhse shochair bhreise” do léiriú san Acht so dá réir sin.

Ath-scrúdú achtuaireach agus tuarascbháil ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta in aghaidh na gcúig mblian.

2. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach tréimhse airgeadais fé leith (seachas an chéad tréimhse airgeadais) déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, achtuaire do cheapadh ar a mbeidh de dhualgas—

(a) athscrúdú foirleathan do dhéanamh (ag féachaint (i) don mhéid a bhí ag ioncum an Chumainn, tar éis an méid do cuireadh ar fáil i gcóir riaracháin do bhaint de, de bhreis ar na méideanna do chaith an Cumann, no do féichiúnuíodh ar an gCumann, alos sochar reachtúla (seachas sochair bhreise) agus luachanna aistriúcháin agus chun crícheanna an Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin, agus (ii) do na téarmaí tagartha (más ann dóibh) a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais) ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta mar do bhí i ndeire na tréimhse airgeadais sin, agus

(b) tuarascbháil do thabhairt don Aire ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta agus moladh do chur sa tuarascbháil sin maidir leis an méid den bhreis sin a féadfar do chur ar fáil chun sochair bhreise do sholáthar, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin.

(2) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de gach tuarascbháil a dhéanfaidh achtuaire fén alt so.

A chinneadh cadé an méid a bheidh ar fáil le haghaidh sochar breise i dtréimhsí sochair bhreise.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, a chinneadh (ag féachaint don tuarascbháil achtuaire dar dáta an 28adh lá de Mhárta, 1941, ar staid airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta) cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den chéad tréimhse shochair bhreise.

(2) Déanfaidh an tAire, ar bhreithniú do bheith déanta aige ar thuarascbháil achtuaire fén alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh aon tréimhse airgeadais áirithe, a chinneadh cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, i ngach bliain den chéad tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin.

(3) Nuair a bheidh an tAire dá chinneadh fé fho-alt (1) no fo-alt (2) den alt so cadé an méid a féadfar a chur ar fáil le haghaidh sochar breise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, in aon bhliain de thréimhse shochair bhreise féachfaidh an tAire d'fhorálacha ailt 3 d'Acht 1911, ar n-a leasú le haon achtacháin iaraimseardha.

(4) San Acht so léireofar tagairtí don mhéid a cuirfear ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain de thréimhse shochair bhreise mar thagairtí don mhéid a chinnfidh an tAire fén alt so i dtaobh na bliana san.

Sochair bhreise do sholáthar.

4. —(1) Féadfaidh an Cumann scéim d'ullmhú agus do chur fé bhráid an Aire chun an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe d'aon tréimhse shochair bhreise do chaitheamh sa bhliain sin imeasc daoine árachuithe is baill den Chumann ar aon cheann áirithe no níos mó de na sochair bhreise, le n-a n-áirmhítear an céanna do riaradh, agus, ar an Aire do cheadú aon scéime den tsórt san, féadfaidh an Cumann sochair bhreise do sholáthar do réir na scéime ach san fé réir aon tarraing siar a dhéanfaidh an tAire ar an gceadú san fé fho-alt (3) den alt so.

(2) Nuair a bheidh scéim i dtaobh aon tréimhse sochair bhreise áirithe fé fho-alt (1) den alt so ceaduithe ag an Aire, féadfaidh an Cumann an scéim do leasú le ceadú an Aire, agus beidh éifeacht ag an scéim agus í leasuithe amhlaidh ón dáta a cheapfaidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire i rith na tréimhse sochair bhreise le n-a mbainfidh aon scéim áirithe fén alt so an ceadú a bheidh tugtha aige do tharraing siar, i gcás aon cheann áirithe no níos mó d'fhorálacha na scéime agus maidir le haon cheann no cinn de na shochair bhreise fén scéim sin, o pé dáta is oiriúnach leis.

(4) Féadfaidh scéim fén alt so a shocrú cad iad na coinníollacha bheidh le cólíonadh maidir leis na sochair bhreise fén scéim sin agus féadfaidh a fhoráil go ndéanfar na sochair bhreise sin do laghdú no do chur ar fionnraighe no do chur ar neamh-ní maidir le baill den Chumann a bheidh i riaráiste.

(5) Ní bheidh teideal ag ball den Chumann chun sochair bhreise a bheidh soláthruithe tré Scéim fén alt mara gcólíontar pé coinníollacha, maidir leis an tréimhse bhallraíochta sa Chumann agus leis an uimhir de shíntiúsaí do híocadh i rith na tréimhse sin, a bheidh orduithe alos an tsochair bhreise sin.

(6) Aon airgead a bheidh gan caitheamh as an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe de thréimhse shochair bhreise, féadfar, le haontú an Aire, é chaitheamh

(a) i rith aon bhliana ina dhiaidh sin den tréimhse sin, ar aon tsochar breise a soláthrófar, tré scéim fén alt so, maidir leis an mbliain sin ina dhiaidh sin, no

(b) tar éis bheith caithte don tréimhse sin, chun glanta fiachas a bheidh curtha suas i rith na tréimhse sin fé scéim fén alt so.

(7) Aon airgead a bheidh gan caitheamh as an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhlianta de thréimhse shochair bhreise agus a bheidh gan caitheamh fé fho-alt (6) den alt so, féadfar, le haontú an Aire, é chaitheamh sa tréimhse shochair bhreise ina dhiaidh sin ar aon tsochar breise a soláthrófar, tré scéim fén alt so, maidir leis an tréimhse sin is déanaighe a luaidhtear.

Oiriúnuithe iarmartacha ar na hAchtanna.

5. —(1) Léireofar na hAchtanna agus beidh éifeacht aca fé is dá gcuirtí, i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1911 agus i bhfo-alt (7) den alt san 8, tagairtí do scéim fén alt deiridh sin roimhe seo in ionad na dtagairtí do Chuid I d'Acht 1911.

(2) Léireofar an focal “surplus” aon áit ina bhfuil sé i bhfo-alt 3 d'alt 37 d'Acht 1911 mar fhocal a chialluíonn an méid a bheidh curtha ar fáil le haghaidh sochar breise in aon bhliain áirithe de thréimhse shochair bhreise.

Cúl-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta.

6. —(1) Beidh ciste ann (dá ngairmtear an Cúl-Chiste san Acht so) ar a dtabharfar Cúl-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta, agus is tuigthe an Cúl-Chiste (a bheidh fé urláimh an Aire) do bheith bunuithe amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1942, agus ón lá san amach.

(2) An t-airgead uile do bhí, díreach roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942, i gcreidiúint do Phrímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta do bunuíodh fé alt 15 d'Acht 1923, beidh sé ina chuid den Chúl-Chiste agus is tuigthe é d'aistriú chun an Chúl-Chiste an 1adh lá d'Eanar, 1942.

(3) Na suimeanna uile a raibh dlite fé alt 29 d'Acht 1918 iad do chur i gcreidiúint do Phríomh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta alos aon tréimhse roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942, ach ná raibh curtha i gcreidiúint amhlaidh ar dháta an Achta so do rith, cuirfear i gcreidiúint don Chúl-Chiste iad.

(4) Na suimeanna is ionchurtha í gcreidiúint don Chúl-Chiste fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus na suimeanna a bheidh le haistriú chun an Chúl-Chiste fén gcéad alt eile íocfar leis an Aire Airgeadais iad agus déanfaidh an tAire sin na suimeanna san, maraon le n-a mbeidh fásta d'ús ar an airgead a bheidh i gcreidiúint de thurus na huaire don Chúl-Chiste, do shuncáil sa tslí ina suncáltar airgead a bhíonn i gcreidiúint do Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta.

(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais tuairisceán, ar na hurrúis ina mbeidh airgead is cuid den Chúl-Chiste suncálta de thurus na huaire, do thíolacadh do gach Tigh den Oireachtas in aghaidh na bliana.

Alt 29 d'Acht 1918 do leasú.

7. —(1) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) cialluíonn an abairt “suimeanna neamh-éilithe” na suimeanna luaidhtear in alt 29 (a bhaineann le suimeanna do chur de láimh a bheidh gan éileamh i gcuntas díola stampaí) d'Acht 1918; lasmuich den méid sin den chéanna ar gá deighleáil leis sa tslí atá leagtha amach sa phrovísó a ghabhann leis an alt san 29;

(b) is bliain chuntasaíochta gach bliain aca so leanas—

(i) an bhliain 1942,

(ii) gach bliain ina dhiaidh sin.

(2) Ní déanfar suimeanna neamh-éilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe d'úsáid a thuille sa tslí foráltar le halt 29 d'Acht 1918.

(3) Chó luath agus a bheidh méid na suimeanna neamh-éilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe déanta amach go cinnte, cuirfear na suimeanna san chun críche mar leanas:—

(a) déanfar oiread den chéanna agus ná raghaidh thar cúig mhíle dhéag punt do leithreasú i gcabhair d'airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas i gcóir costaisí riartha na nAchtanna agus an Achta so,

(b) déanfar oiread (má bhíonn ann) den chéanna agus a raghaidh thar cúig mhíle dhéag punt d'aistriú chun an Chúl-Chiste.

(4) Déanfar méid na suimeanna neamh-éilithe alos gach bliana cuntasaíochta fé leith do mheas i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán sa bhliain chuntasaíochta san agus íocfar amach as a bhfuighfear as stampaí do dhíol i rith na bliana airgeadais sin suim (a leithreasófar i gcabhair d'airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas i gcóir costaisí riartha na nAchtanna agus an Achta so) is có-ionann leis an méid do cuirfí chun críche, dá mb'é bheadh i méid na suimeanna neamh-éilithe sin ar n-a mheas amhlaidh an méid ar n-a dhéanamh amach go cinnte, fé mhír (a) d'fho-alt (3) den alt so.

(5) Má thárlann, nuair a bheidh méid na suimeanna neamhéilithe alos aon bhliana cuntasaíochta áirithe déanta amach go cinnte, an méid a bheidh íoctha fé fho-alt (4) den alt so do bheith níos lugha no níos mó ná an méid is gá d'íoc as na suimeanna neamh-éilithe sin fé mhír (a) d'fho-alt (3) den alt so, ansan, déanfar an chéad suim eile is iníoctha fé fho-alt (4) den alt so do mhéadú no do laghdú dá réir sin.

Aistrithe ón gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta.

8. —Nuair a bheidh ath-scrúdú fén Acht so ar chúrsaí airgeadais an chórais Arachais Sláinte Náisiúnta á dhéanamh ag an achtuaire alos aon tréimhse airgeadais áirithe bhéarfa sé áird ar an méid a bheidh i gcreidiúint don Chúl-Chiste i ndeire na tréimhse sin agus molfaidh cad é an méid (más aon mhéid é) ba cheart d'aistriú as an gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta agus féadfaidh an tAire, tar éis dó an moladh san do bhreithniú, pé méid is oiriúnach leis d'aistriú as an gCúl-Chiste chun creidiúna an Chumainn sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta agus is tuigthe chun crícheanna ailt 2 den Acht so gur ioncum de chuid an Chumainn i rith na tréimhse airgeadais sin an méid a haistreofar amhlaidh.

Airgead do chur de láimh is ionchurtha chun críche fé alt 55 d'Acht 1911.

9. —Suimeanna ar bith dá luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 55 d'Acht 1911 (alt a hathghairmtear leis an Acht so amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus as san amach) agus ná beidh cion-roinnte agus curtha chun críche, roimh dháta an Achta so do rith, sa tslí a foráltar leis an bhfo-alt san, déanfar, tar éis soláthar a dhéanamh le haghaidh fiachaisí an Chúl-Chiste Fiúnraíochta do bunuíodh fé fho-alt (1) d'Alt 15 d'Acht 1918, iad do chion-roinnt idir an Cumann agus Ciste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) do réir méid na gcúl-luachanna neamh-íoctha do bhí i gcreidiúint don Chumann agus don Chiste sin fé seach amhail ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938, agus an cion den chéanna a bheidh ag dul don Chumann de bharr na cion-roinnte sin cuirfear chun creidiúna an Chumainn é agus cuirfear an farasbarr chun creidiúna an Chiste sin.

An méid i gCiste Teagmhas an Chumainn d'aistriú chun Ciste Sochair an Chumainn.

10. —Déanfar an méid do bhí i gCiste Teagmhas an Chumainn amhail ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938, d'aistriú chun Ciste Sochair an Chumainn.

Us ar shuncálanna ionaduíonn an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta do chion-roinnt.

11. —(1) Na suimeanna uile do gheobhaidh an tAire no an tAire Airgeadais mar ús ar shuncálanna bheidh ar seilbh aca thar ceann an Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta déanfar iad do chion-roinnt idir na Cuntais agus na Cistí sin a cothabháltar fé na hAchtanna (ar a n-áirmhítear cuntais an Chumainn agus Ciste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta)) agus sa tslí sin a chinnfidh an tAire.

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Forálacha dtaobh daoine árachuithe áirithe.

12. —(1) I gcás duine árachuithe do scur de bheith ina bhall den Chumann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) (dá ngairmtear an Ciste san alt so) agus a árachú i dtír eile d'áireamh, fé fhorálacha aon orduithe ar n-a dhéanamh de bhun ailt 17 d'Acht 1923, mar árachú leanúnach ar an árachú fé n-a raibh sé roimhe sin mar bhall den Chumann no den Chiste, do réir mar a bheidh, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe d'fhéichiúnú ar an gCumann no ar an gCiste, do réir mar a bheidh.

(2) I gcás duine árachuithe do theacht chun bheith ina bhall den Chumann no den Chiste agus a árachú mar bhall den Chumann no den Chiste d'áireamh, fé fhorálacha aon orduithe ar n-a dhéanamh de bhun ailt 17 d'Acht 1923, mar árachú leanúnach ar árachú fé n-a raibh sé roimhe sin i dtír eile, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe do chreidiúnú don Chumann no don Chiste, do réir mar a bheidh.

(3) I gcás duine árachuithe do scur de bheith ina bhall den Chiste agus é theacht chun bheith ina bhall den Chumann, déanfar an luach aistriúcháin iomchuibhe d'fhéichiúnú ar an gCiste agus do chreidiúnú don Chumann.

(4) Chun críche an ailt seo cialluíonn “luach aistriúcháin iomchuibhe” méid a háirmheofar do réir táiblí ullmhóidh an tAire.

(5) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Forálacha maidir le cúl-luacha, luacha aistriúcháin agus aistrithe árachais.

13. —(1) Tar éis dáta an Achta so do rith ní déanfar aon chúlluach ná luach aistriúcháin do chreidiúnú ná d'fhéichiúnú fé na hAchtanna mar gheall ar aon árachú nua no aistriú árachais no scur d'árachú do thárla roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939.

(2) Aon chúl-luacha neamh-íoctha a bheidh i gcreidiúint don Chumann no do Chiste Arachais na bhFórsaí Míleata (Socruithe Eadarnáisiúnta) tar éis an chion-roinnt a luaidhtear in alt 9 den Acht so do bheith críochnuithe, cuirfear ar ceal iad.

(3) Aon aistrithe árachais do rinneadh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus ná beidh deighleálta leo fé na hAchtanna, deighleálfar leo fén mír dheiridh sin roimhe seo den Acht so.

Rialacháin.

14. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá agus fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Athghairm.

15. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1939, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

(3) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(4) Is tuigthe fo-alt (3) den alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1942, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

(5) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal léiriú agus có-luadh.

16. —(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 , do ghairm den Acht so agus léireofar mar éinní amháin é féin agus na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936.

(2) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, do ghairm de na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1936, agus den Acht so le chéile.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail on 1adh la d'Eanar, 1939.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Fo-alt (9) d'alt 8; fo-alt (4) d'alt 13; alt 33; fo-alt (4) d'alt 54; alt 55; na focail uile o na focail “after deducting the amounts” go dtí deire na míre i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 56; mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56; na focail “in such manner as the Insurance Commissioners determine either by the reduction of the reserve values credited to the society or” i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 56; na focail “or the crediting of a reserve value” bhfo-alt (1) d'alt 69.

3 & 4 Geo. V., c. 37

National Insurance Act, 1913.

Fo-alt (5) d'alt 16; mír (D) den Chéad Sceideal.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Fo-alt (2) d'alt 1; fo-alt (1) d'alt 3; fo-alt (3) d'alt 7; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 15; fo-alt (2) d'alt 24; fo-alt (5) d'alt 27.

10 & 11 Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Fo-ailt (1) agus (2) d'alt 5; alt 16 agus an Dara Scedeal.

11 & 12 Geo. V., c. 25

National Health Insurance Act, 1921.

Alt. 1.

Uimh. 42 de 1929

Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 .

Alt 13; fo-ailt (9) agus (10) d'alt 15.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail on 1adh la d'Eanar, 1942.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Alt. 4.

Uimh. 20 de 1923

Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 .

Fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 15.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear amhail o dhata an Achta so do Rith.

Siosón agus Caibidil

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Geo. V., c. 55

National Insurance Act, 1911.

Míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 35; alt 36; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 37; alt 38; alt 41; na focail “and of the Central Fund” i bhfo-alt (3) d'alt 54. focail do cuireadh isteach le halt 5 den National Health Insurance Act, 1918; an míniú ar “valuer” in alt 79.

7 & 8 Geo. V., c. 62

National Health Insurance Act, 1918.

Fo-ailt (2) agus (8) d'alt 3.

10 & 11 Geo. V., c. 10

National Health Insurance Act, 1920.

Fo-alt (2) d'alt 15.