|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1943. | ||
[EN] |
ACHT UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1943. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1940 . [23adh Feabhra, 1943.] |
ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
CUID I. Reamhraiteach agus Generalta. | ||
[EN] |
Gearr-theideal agus có-luadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1943 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas), 1940 (Uimh. 25 de 1940) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas); | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tArd-Choiste” an National Executive of the Irish Live Stock Trade; | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “ainmhidhe” atá leis sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
An lá ceaptha. |
3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, pé lá is oiriúnach leis do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san Acht so an lá ceapfar amhlaidh. |
[EN] |
Luach minimum ceaptha d'ainmhithe chun crícheanna an dleachta. |
4. —(1) Chun méid an dleachta is iníoctha ar ainmhithe fén bPríomh-Acht agus fé Chuid III den Acht so do dhéanamh amach, déanfaidh an Bord roimh an lá ceaptha agus féadfaid aon uair agus a mhinice ina dhiaidh sin is oiriúnach leo, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Choiste,— |
[EN] | (a) beithígh do roinnt i pé aicmí agus i pé méid aicmí is oiriúnach leo; | |
[EN] | (b) suim áirithe do cheapadh— | |
[EN] | (i) maidir le gach aicme bheithíoch fé leith aca san, mar luach minimum ar bheithíoch den aicme sin, | |
[EN] | (ii) mar luach minimum ar chaora (nach uan), | |
[EN] | (iii) mar luach minimum ar uan, | |
[EN] | (iv) mar luach minimum ar mhuic. | |
[EN] | (2) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so leanfa sé i bhfeidhm go ndéantar ordú ina dhiaidh sin fén alt so agus go dtaga i bhfeidhm. | |
[EN] | (3) Na tagairtí atá sa Phríomh-Acht, arna leasú le Cuid II den Acht so, agus sa chéad alt ina dhiaidh seo agus i gCuid III den Acht so, do luach minimum ceaptha ainmhidhe, léireofar iad mar thagairtí don tsuim a bheidh ceaptha, le hordú bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, mar luach minimum ar ainmhidhe den chineál chéanna. | |
[EN] |
Athchomhairc 1 gcoinnibh breitheanna ar éilithe ar chúiteamh in eallach stuic do chailliúint no do dhamáistiú. |
5. —(1) I gcás coiste meastóirí, a mbeidh éileamh ar chúiteamh fé alt 18 den Phríomh-Acht iniúchta aca, do nea-lomháil an éilimh, i bpáirt no go hiomlán, tráth ar bith roimh an lá ceaptha, ansan, má dhéanann agus amháin má dhéanann an t-éilitheoir, fé cheann cheithre lá dhéag tar éis an lae cheaptha, a iarraidh ar an mBord i scríbhinn a éileamh do chur fé bhráid an bhuanréiteora agus go ndéanfaidh an táille athchomhairc oiriúnach do lóisteáil leis an mBord, cuirfidh an Bord an t-éileamh fé bhráid an bhuan-réiteora. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfaidh coiste meastóirí a bheidh ag iniúchadh éilimh ar chúiteamh fé alt 18 den Phríomh-Acht no fé alt 14 (a bhaineann le cúiteamh in eallach stuic a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann do chailliúint no do dhamáistiú) den Acht so an t-éileamh do nea-lomháil, i bpáirt no go hiomlán, an lá ceaptha no dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:— | |
[EN] | (a) seirbheálfaidh an Bord fógra i scríbhinn ar an éilitheoir i dtaobh breithe an choiste mheastóirí sin, | |
[EN] | (b) má dhéanann agus amháin má dhéanann an t-éilitheoir, fé cheann cheithre lá dhéag tar éis an fógra san do sheirbheáil air, a iarraidh ar an mBord i scríbhinn an t-éileamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora agus go ndéanfaidh an táille athchomhairc oiriúnach do lóisteáil leis an mBord, cuirfidh an Bord an t-éileamh fé bhráid an bhuan-réiteora. | |
[EN] | (3) Má dhéanann an Bord fén alt so éileamh ar chúiteamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:— | |
[EN] | (a) athéistfidh an buan-réiteoir an t-éileamh agus ní bheidh dul thar an mbreith (maidir le ceart an éilitheora chun an chúitimh agus méid (más ann) an chúitimh) a bhéarfaidh an buan-réiteoir ar an athéisteacht san do dhéanamh dó; | |
[EN] | (b) má dhéanann an buan-réiteoir, ar an athéisteacht san de dhéanamh dó, breith an choiste mheastóirí d'iniúch an t-éileamh do chlaochló, aisíocfaidh an Bord leis an éilitheoir an táille athchomhairc oiriúnach, ach in aon chás eile coimeádfaidh an Bord í agus íocfaid isteach sa Chiste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) í. | |
[EN] | (4) San alt so cialluíonn an abairt “an táille athchomhairc oiriúnach”, maidir le héileamh ar chúiteamh do chur fé bhráid an bhuan-réiteora fén alt so agus i gcás an t-éileamh do bhaint le hainmhithe a heasportálfar roimh an lá ceaptha, suim is có-ionann le deich bpúint no le cúig fén gcéad den méid is luach dearbhuithe, do réir bhrí an Phríomh-Achta, ar gach ainmhidhe lena mbainfidh an t-éileamh, pé méid aca san is mó, no in aon chás eile suim is có-ionann le deich bpúint no le cúig fén gcéad de luach minimum ceaptha gach ainmhidhe lena mbainfidh an t-éileamh, pé méid aca san is mó. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an tAire o am go ham fé mar is gá duine do cheapadh, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Choiste, ina bhuanréiteoir (a bheidh i seilbh oifige faid is toil leis an Aire) chun éilithe d'athéisteacht fén alt so agus íocfaidh an Bord leis an mbuanréiteoir as an gCiste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) pé táillí agus liúntais alos costaisí ordóidh an tAire. | |
[EN] | (6) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 21 den Phríomh-Acht. | |
CUID II. An Priomh-acht do Leasu. | ||
[EN] |
Forálacha nua maidir leis an mBord um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas). |
6. —(1) Naoi mbaill a bheidh ar an mBord o dháta an Achta so do rith, agus déanfaidh an tArd-Choiste, chó luath agus is féidir é tar éis an dáta san, duine do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord. |
[EN] | (2) Gach duine de na daoine is baill den Bhord díreach tar éis an ceapadh do dhéanamh luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, beidh sé i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1945 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste naoi mbaill den Bhord de bhun fo-ailt (3) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh an tArd-Choiste naoi mbaill den Bhord lá sa bhliain 1945, agus de na baill a ceapfar amhlaidh— | |
[EN] | (a) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1946 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó; | |
[EN] | (b) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1947 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó; | |
[EN] | (c) beidh gach duine de thriúr (a roghnóidh an tArd-Choiste tráth an cheaptha) i seilbh oifige go dtí an lá sa bhliain 1948 ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun fo-ailt (4) den alt so, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó. | |
[EN] | (4) Ceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord lá sa bhliain 1946 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, agus gach ball a ceapfar amhlaidh in aon bhliain aca san beidh sé i seilbh oifige go dtí an lá sa tríú bliain tar éis bliain a cheaptha ar a gceapfaidh an tArd-Choiste triúr ball den Bhord de bhun an fho-ailt seo, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó. | |
[EN] | (5) Gach ball den Bhord a ceapfar fén alt so tosnóidh a théarma oifige an chéad lá tar éis dáta a cheaptha. | |
[EN] | (6) Aon uair a thárlóidh do bhall den Bhord go n-éagfaidh no go n-eireoidh as no go dtiocfaidh fé dhí-cháilíocht, déanfaidh an tArd-Choiste chó luath agus a bheidh caothúil duine eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhord, agus beidh an duine ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh na tréimhse do bheadh an ball a bheidh tar éis éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht i seilbh oifige dá mba ná héagfadh no ná heireodh as oifig no ná tiocfadh fé dhí-cháilíocht. | |
[EN] | (7) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 agus fo-ailt (1), (3), (4) agus (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Alt 11 den Phríomh-Acht do leasú. |
7. —Déantar leis seo alt 11 den Phríomh-Acht do leasú tré na focail “do sholáthar no” do chur isteach roimh na focail “do thógaint ar léas”. |
[EN] |
Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú. |
8. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht do leasú, go n-éifeacht amhail ar an lá ceaptha arna mhíniú le halt 3 den Acht so agus ón lá san amach, tré na focail “no má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, de pé luach aca san is mó” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “de luach dhearbhuithe an ainmhidhe sin”. |
[EN] |
Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú. |
9. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht tré na focail “no má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, ná pé luach acu san is mó” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “luach dearbhuithe an ainmhidhe sin”. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt so ach amháin maidir le hainmhidhe a heasportálfar an lá ceaptha, arna mhíniú le halt 3 den Acht so, no dá éis. | |
[EN] | (3) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 18 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas:— | |
[EN] | (a) tré na focail “ón uair a cuirfear an t-ainmhidhe sin ar bord luinge ag port sa Stát” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “iompar”, | |
[EN] | (b) tré na focail “dhá uair sheachtód” do scriosadh as na háiteanna ina bhfuilid agus na focail “cheithre huaire ochtód” do chur ina n-ionad. | |
[EN] |
Alt 21 den Phríomh-Acht do leasú. |
10. —Leasuítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin— |
[EN] | “(5) I gcás coiste meastóirí bheidh ag iniúchadh éilimh ar chúiteamh fén Acht so do nea-lomháil an éilimh, féadfaidh coiste meastóirí, má bheireann an t-éilitheoir fianaise nua ar áird fé cheann trí mí tar éis dáta na nea-lomhála, an t-éileamh d'athiniúchadh agus deighleáil leis an éileamh, le linn an athiniúchta san, fé is ná déanfaí an nea-lomháil sin.” | |
CUID III. An Priomh-Acht do Leathnu chun go mBainfidh le hAinmhithe a hEasportalfar tre Thuaisceart Éireann. | ||
[EN] |
Cuid III do léiriú |
11. —(1) Léireofar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so don Phríomh-Acht mar thagairtí don Phríomh-Acht arna leasú le Cuid II den Acht so. |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so— | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an abairt “áit chalaíochta Bhriotánach” atá léi san Acht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 (Uimh. 9 de 1932) ; | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an abairt “stampaí dleachta” atá léi sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Dleachta ar ainmhithe a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann. |
12. —(1) Déanfaidh únaer gach ainmhidhe a seachadfar sa Stát, an lá ceaptha no dá éis sin, d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach dleacht is có-mhéid leis an gcéadchodán ceaptha, tráth an tseachadta, de luach dhearbhuithe an ainmhidhe sin no, má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, de pé luach aca san is mó d'íoc leis an mBord tré stampaí dleachta alos an ainmhidhe sin. |
[EN] | (2) Léireofar an tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt so don chéadchodán cheaptha tráth an tseachadta mar thagairt don chéadchodán bheidh ceaptha le hordú fé fho-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht a bheidh i bhfeidhm tráth an tseachadta san. | |
[EN] |
An ráiteas únaera. |
13. —(1) I gcás únaer aon ainmhithe do sheachadadh na n-ainmhithe sin, an lá ceaptha no dá éis, sa Stát d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) déanfaidh an t-únaer san, sara seachada na hainmhithe sin amhlaidh, ráiteas (dá ngairmtear “an ráiteas únaera” sa Chuid so den Acht so) i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe do sheachadadh don iompróir sin i ndúbláid agus na sonnraí seo leanas ann, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) ainm agus seoladh an únaera san; | |
[EN] | (ii) uimhir na n-ainmhithe sin, agus tuairisc ortha, a bheidh ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh tugtha ina dtaobh sa bhFuirm Chustum iomchuibhe; | |
[EN] | (iii) maidir le gach ainmhidhe fé leith lena mbainfidh an ráiteas san, an méid is fiú an t-ainmhidhe sin dar leis an únaer san; | |
[EN] | (b) déanfaidh an t-únaer san sara seachada an ráiteas san don iompróir sin, stampaí dleachta, d'agha-luach is có-mhéid le méid na ndleacht is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos na n-ainmhithe sin, do ghreamú de dhúbláid aca san sa tslí orduithe; | |
[EN] | (c) ní chuirfidh an t-iompróir sin na hainmhithe sin ar aon bhaigín iarnróid no feithicil maran deimhin leis uimhir agus tuairisc na n-ainmhithe sin do bheith ar có-réir leis an uimhir agus an tuairisc a bheidh sa ráiteas san agus na stampaí dleachta, is gá do réir míre (b) den fho-alt so, do bheith greamuithe de dhúbláid amháin den ráiteas san; | |
[EN] | (d) má dhéanann an t-iompróir sin aon ainmhithe den tsórt san do chur ar aon bhaigín iarnróid no feithicil gan an ráiteas únaera ar na hainmhithe sin agus é stampálta go cuibhe do réir an fho-ailt seo do bheith seachadta dhó, íocfaidh an t-iompróir sin leis an mBord suim is có-mhéid leis na dleachta uile is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos na n-ainmhithe sin no leis an oiread de na dleachta san ná beidh stampaí dleachta greamuithe den ráiteas san ina aghaidh, agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag an mBord ar an iompróir sin agus beidh sí ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha; | |
[EN] | (e) ar an impróir sin d'fháil an ráitis sin seachadfaidh don Bhord, chó luath agus is féidir é, an dúbláid ar a mbeidh na stampaí dleachta greamuithe. | |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so do luach dhearbhuithe aon ainmhidhe seachadfar sa Stát d'iompróir chun a loingsithe tré Thuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach do léiriú mar thagairtí do luach an ainmhidhe sin mar a bheidh luaidhte sa ráiteas únaera ina thaobh a sheachadfaidh a únaer do réir an ailt seo don iompróir a ghlacfaidh an t-ainmhidhe sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord rialacháin do dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san alt so mar ní orduithe. | |
[EN] |
Cúiteamh in eallach stuic a heasportálfar tré Thuaisceart Éireann do chailliúint no do dhamáistiú. |
14. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ainmhidhe do sheachadadh sa Stát an lá ceaptha no dá éis chun a loingsithe tré phort i dTuaisceart Éireann go dtí áit chalaíochta Bhriotánach, agus | |
[EN] | (b) ráiteas únaera do bheith seachadta, do réir na Coda so den Acht so, alos an ainmhidhe sin, agus | |
[EN] | (c) an t-ainmhidhe sin do chailliúint no do dhamáistiú, ar tír no ar muir, le linn é bheith á iompar, | |
[EN] | beidh únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin i dteideal go n-íocfaí leis alos na cailliúna no an damáiste sin cúiteamh (nach mó ná luach dearbhuithe an ainmhidhe sin no, má bhíonn difríocht idir luach dearbhuithe agus luach minimum ceaptha an ainmhidhe sin, nach mó ná pé luach aca san is mó) agus is fé réim agus do réir an Phríomh-Achta déanfar an ceart chun an chúitimh sin agus a mhéid do chinneadh. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe ainmhidhe do bheith á iompar ón uair a ragha sé isteach i dTuaisceart Éireann— | |
[EN] | (a) i gcás an t-ainmhidhe sin d'easportáil chun a dhíolta láithreach, go dtí dáta an chéad díola eile (tar éis é iomportáil) ina bhféadfaí an t-ainmhidhe sin do dhíol go caothúil, no go dtí deireadh cheithre huaire ochtód a chluig o am a scaoilte o áit chalaíochta Bhriotánach, pé tráth aca san is túisce, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, go dtí an tráth a shroichfidh an t-ainmhidhe sin an talamh ar a mbeidh beartuithe é choimeád, no go dtí deireadh cheithre huaire ochtód a chluig o am a scaoilte o áit chalaíochta Bhriotánach, pé tráth aca san is túisce. | |
[EN] |
Cúiteamh alos freagarthachta i meán-síntiúisí generálta d'íoc. |
15. —I gcás— |
[EN] | (a) ainmhidhe do sheachadadh sa Stát, an lá ceaptha no dá éis, chun a loingsithe tré phort i dTuaisceart Éireann go háit chalaíochta Bhriotánach, agus | |
[EN] | (b) ráiteas únaera do bheith seachadta, do réir na Coda so den Acht so, alos an ainmhidhe sin, agus | |
[EN] | (c) únaer no ionadaidhe pearsanta únaera an ainmhidhe sin do dhligheadh, fén Marine Insurance Act, 1906, meánsíntiús generálta, do réir bhrí an Achta san, d'íoc mar únaer ar an ainmhidhe sin no mar ionadaidhe pearsanta an únaera san, | |
[EN] | beidh an t-únaer san no ionadaidhe pearsanta an únaera san i dteideal go ndéanfaí suim is có-mhéid leis an meán-síntiús generálta san d'íoc leis alos na freagarthachta san agus mar chúiteamh, agus is fé réim agus do réir an Phríomh-Achta déanfar an ceart chun an chúitimh sin agus a mhéid do chinneadh. | |
CUID IV. An Bord do Bhaint Airgid Damaiste de Chuideachtain Loingseoireachta no Iarnroid a bheidh Faillitheach. | ||
[EN] |
An Bord do bhaint airgid damáiste de chuideachtain loingseoireachta no iarnróid a bheidh faillitheach. |
16. —I gcás— |
[EN] | (a) cúiteamh in ainmhidhe do chailliúint no do dhamáistiú do bheidh iníoctha fé alt 18 den Phríomh-Acht no fé alt 14 den Acht so, agus | |
[EN] | (b) a líomhnadh gur thárla an chailliúint no an damáistiú san i slí do bhéarfadh freagarthacht dlíthiúil do bheith ar chuideachtain loingseoireachta no iarnróid, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) ní bhunóidh únaer ná ionadaidhe pearsanta únaera na n-ainmhithe imeachta i gcoinnibh na cuideachtan san ag éileamh airgid damáiste sa chailliúint no sa damáistiú san; | |
[EN] | (ii) féadfaidh an Bord na himeachta san do bhunú in ainm agus thar ceann an únaera no an ionadaidhe phearsanta san; | |
[EN] | (iii) má suidhtear an t-éileamh sna himeachta san isé airgead damáiste deonfar ná suim is có-mhéid le méid an chúitimh sin; | |
[EN] | (iv) beidh an t-airgead damáiste deonfar amhlaidh iníoctha leis an mBord agus nuair a gheobhaidh an Bord é íocfar isteach sa Chiste um Eallach Stuic a hEasportálfar (Arachas) é; | |
[EN] | (v) íocfaidh an Bord aon chostas agus caiteachas féna raghaidh an t-únaer san no a ionadaidhe pearsanta sna himeachta san. |