4 1943


Uimhir 4 de 1943.


ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR AN ACHTA SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1942 , I mBAINT LEIS AN TRÉIMHSE DAR THOSACH AN 1adh LÁ DE LÚNASA, 1942, AGUS DAR CRÍOCH AN 31adh LÁ D'IÚL, 1943, AGUS DO THABHAIRT BHAILÍOCHTA D'ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNEADH, DO CHEADUITHE ÁIRITHE DO TUGADH, AGUS DO NITHE ÁIRITHE DO RINNEADH ROIMH AN ACHT SO DO RITH. [16adh Márta, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1942 (Uimh. 11 de 1942) .

An Príomh-Acht dá chur i mbaint leis an tréimhse dar thosach an 1adh Lúnasa, 1942, agus dar críoch an 31adh Iúl, 1943.

2. —Bainfidh an Príomh-Acht leis an tréimhse dar thosach an 1adh lá de Lúnasa, 1942, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1943, fé mar do bhain leis an tréimhse dar thosach an 1adh lá de Lúnasa, 1941, agus dar chríoch an 31adh lá d'Iúl, 1942, agus déanfar an abairt “an tréimhse lena mbaineann an tAcht so” do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin ar fuaid an Phríomh-Achta.

Orduithe áirithe dá ndéanamh bailidhe.

3. —Gach ordú do rinneadh, gach ceadú do tugadh agus gach ní do rinneadh ag an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe roimh dháta an Achta so do rith i dtaobh comhairlí contaethe do sholáthar agus do dhíol earraí fén bPríomh-Acht, arna thonasc tríd an Acht so, no i dtaobh comhairlí contaethe do dhéanamh agus d'oibriú scéimeanna a húdaruítear leis an bPríomh-Acht, arna thonasc tríd an Acht so, chun na comhairlí sin do thabhairt urraíochtaí, beid san agus is tuigthe go rabhdar riamh dlíthiúil bailidhe chun gach críche.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1943 , do ghairm den Acht so.