9 1943


Uimhir 9 de 1943.


ACHT GEALLBHRÓCAERÍ (CEANTÁLAITHE ROINNE), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT D'ATHGHAIRM AN MHÉID SIN, DEN REACHT ÉIREANNACH RÉAMH-AONDACHTA DO RITHEADH SA BHLIAIN 1788 AGUS DARB UIMHIR CAIBIDIL 49, A CHEANGLANN AR GACH DUINE DEN CHEATHRAR CEANTÁLAITHE ROINNE A hAINMNITEAR ANN NO CEAPFAÍ FÉ GAN A SHEOMRA DÍOLA PHUIBLÍ DO BHEITH AIGE AGUS GAN GILL GHEALLBHRUIDTE GHEALLBHRÓCAERÍ DO DHÍOL ACH INA ROINN FÉIN.

[20adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1788” an reacht Éireannach réamh-Aondachta do ritheadh sa bhliain 1788 agus darb uimhir caibidil 49;

cialluíonn an abairt “ceantálaidhe roinne” duine i dteideal gill gheallbhruidte do dhíol no do chur de láimh do gheallbhrócaerí de bhuadh é do shealbhú oifige chlaidheamh-iompróra Chathair Bhaile Atha Cliath no oifige mharascail na Cathrach san no de bhuadh é cheapadh fé alt 9 d'Acht 1788;

cialluíonn an focal “roinn” aon bhárd no ceanntar roinne de Chathair Bhaile Atha Cliath dá luaidhtear in ailt 9 agus 10 d'Acht 1788;

léireofar tagairtí do roinn cheantálaidhe roinne mar thagairtí don roinn a bheidh dáilithe don cheantálaidhe sin le hAcht 1788 no dá mbeidh sé ceaptha fén Acht san.

Athghairm leathrannach ar ailt 9 agus 10 d'Acht 1788.

2. —Athghairmtear leis seo an méid sin d'ailt 9 agus 10 d'Acht 1788—

(a) a cheanglann seomra díola phuiblí cheantálaidhe roinne do bheith suidhte ina roinn féin, no

(b) a thoirmeascann ar cheantálaidhe roinne gill gheallbhruidte do dhíol no do chur de láimh do gheallbhrócaerí, no a chur fé ndear an céanna do dhíol, in aon roinn seachas a roinn féin,

d'intinn a dhleathú do cheantálaidhe roinne a sheomra díola phuiblí do bheith aige i roinn ar bith agus gill gheallbhruidte do dhíol no do chur de láimh do gheallbhrócaerí, no a chur fé ndear an céanna do dhíol, i roinn ar bith.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Geallbhrócaerí (Ceantálaithe Roinne). 1943, do ghairm den Acht so.