11 1943


Uimhir 11 de 1943.


ACHT OLLTOGHCHÁN (FORÁLACHA PRÁINNE), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, CHUN SCUR AON DÁLA ÉIREANN DO CHUR AR ATHLÓ LE LINN NA PRÁINNE NÁISIÚNTA ATÁ ANOIS ANN GO DTÍ GO mBEIDH COMHALTAÍ NA DÁLA ÉIREANN A THIOCFAIDH INA DHIAIDH TOGHTHA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE NO LEANAS ASTA.

[27 adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an phráinn náisiúnta atá anois ann” an staid phráinne náisiúnta dhéanann deifir do bhonn beatha an Stáit agus do dearbhuíodh le rúin do rith gach Tigh den Oireachtas an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, do bheith ann;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Toghcháin” go príomhdha na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1941, maraon le gach ordú agus rialachán a bheidh déanta fútha agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, ach foluíonn an abairt sin freisin gach reacht no cuid de reacht eile (más ann) a bhainfidh le comhaltaí Dháil Éireann do thogha agus fós gach ordú no rialachán (más ann) a bheidh déanta fé aon reacht no cuid de reacht den tsórt san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “olltoghchán” olltoghchán comhaltaí do Dháil Éireann;

cialluíonn an abairt “olltoghchán fén Acht so” olltoghchán a bheidh ann de bhun ordacháin ón Uachtarán fén Acht so;

cialluíonn na habairtí “an tsean-Dáil Éireann” agus an “nua-Dháil Éireann” fé seach, maidir le holltoghchán fén Acht so, an Dáil Éireann a bheidh ann díreach sara dtuga an tUachtarán an t-ordachán le haghaidh an olltoghcháin sin agus an Dáil Éireann a dtoghfar a comhaltaí san olltoghchán san;

tá le gach abairt eile fé leith an bhrí atá léi sna hAchtanna Toghcháin.

Ordachán le haghaidh olltoghcháin in ionad lán-scuir.

2. —(1) Faid a leanfaidh an phráinn náisiúnta atá anois ann féadfaidh an Taoiseach, aon uair a mheasfaidh san do bheith ceart, a chomhairliú don. Uachtarán a ordú go mbeidh olltoghchán ann agus, ar an gcomhairle sin d'fháil dó, déanfaidh an tUachtarán (lasmuich de chás dá n-údaruítear a mhalairt leis an gcéad fho-alt eile den alt so) a ordú le forógra go mbeidh olltoghchán ann.

(2) Féadfaidh an tUachtarán as a chomhairle féin diúltú d'ordú go mbeidh olltoghchán ann ar fháil comhairle dhó fén alt so o Thaoiseach ná leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.

(3) Aon uair ordóidh an tUachtarán fén alt so go mbeidh olltoghchán ann, beidh an t-olltoghchán san ann fé réim agus do réir na nAchtanna Toghcháin arna modhnú leis an Acht so no fé agus go sonnrach gus an modhnú go ndéanfar gach luadh atá sna hAchtanna san ar lán-scur Dháil Éireann, maidir leis an am a déanfar no thárlóidh no ar féna cheann a déanfar no thárlóidh éinní áirithe, do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige mar luadh ar an ordachán san ón Uachtarán á ordú go mbeidh an t-olltoghchán san ann.

Dáil Éireann do lán-scur agus do chomóradh.

3. —(1) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe olltoghchán fén Acht so do bheith críochnuithe nuair do gheobhaidh Cléireach Dháil Éireann ón gceann cóimhrimh do gach dáilcheanntar an rit do thug an Cléireach san amach don cheann chóimhrimh sin i leith an olltoghcháin sin agus deimhniú an chinn chóimhrimh sin formhuinithe ar an rit sin ag deimhniú ainmneacha na gcomhaltaí do toghadh don dáilcheanntar san, agus léireofar dá réir sin na tagairtí atá san alt so d'olltoghchán fén Acht so do bheith críochnuithe.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach olltoghchán fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) díreach ar an olltoghchán san do bheith críochnuithe deimhneoidh Cléireach Dháil Éireann i scríbhinn don Taoiseach an t-olltoghchán san do bheith críochnuithe;

(b) chó luath agus is féidir tar éis pé trátha aca so leanas is túisce agus ar aon chuma uair nach déanaighe ná an dara lá seachtaine tar éis an trátha san, sé sin le rá:—

(i) an tráth do gheobhaidh an Taoiseach an deimhniú san o Chléireach Dháil Éireann a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, no

(ii) an tráth bheidh ceithre lá déag caithte tar éis an lae vótála (do réir bhrí ailt 4 d'Airteagal 16 den Bhunreacht) san olltoghchán san,

comhairleoidh an Taoiseach don Uachtarán an tsean-Dáil Éireann do lán-scur;

(c) ar an gcomhairle sin d'fháil dó, déanfaidh an tUachtarán, le forógra, an tsean-Dáil Éireann do lán-scur láithreach agus déanfaidh, leis an bhforógra céanna no le forógra eile, an nua-Dháil Éireann do chomóradh chun teacht le chéile an lá (nach luaithe ná an chéad lá ná nach déanaighe ná an ceathrú lá déag tar éis an tsean-Dáil Éireann do lán-scur amhlaidh) agus san am agus san áit a bheidh molta dhó chuige sin ag an Taoiseach;

(d) beidh an tsean-Dáil Éireann lán-scurtha láithreach ar fhorógra san an Uachtaráin á lán-scur do thabhairt amach;

(e) tiocfaidh an nua-Dháil Éireann le chéile an lá agus san am agus san áit a luadhfar chuige sin i bhforógra san an Uachtaráin á comóradh.

Comhaltaíocht Dháil Éireann do scur agus do thosnú.

4. —Aon uair a bheidh olltoghchán ann de bhun ordacháin ón Uachtarán rén Acht so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) leanfaidh comhaltaí na sean-Dála Éireann (fé réir éinne dhíobh d'fháil bháis no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht) de bheith i seilbh oifige mar chomhaltaí den tsórt san do dtí go lán-scuirfear an Dáil Éireann san;

(b) na daoine toghfar san olltoghchán san chun bheith ina gcomhaltaí den nua-Dháil Éireann tiocfaid chun bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann an chéad lá (agus ní go dtí sin) tar éis an lae lán-scuirfear an tsean-Dáil Éireann.

An Dáil Éireann chéanna do leanúint ar marthain.

5. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus trína dteorannuítear an tréimhse mhaximum a fhéadfaidh aon Dáil Éireann áirithe leanúint ar marthain, ach má thárlann, faid a bheidh aon Dáil Éireann áirithe ann ná beidh an tréimhse mhaximum san caithte aici, go n-ordóidh an tUachtarán fén Acht so go mbeidh olltoghchán ann, leanfaidh an Dáil Éireann san ar marthain go lán-scuirtear fén Acht so í d'ainneoin an lán-scur san do thárlachtaint tar éis an tréimhse mhaximum san do bheith caithte.

Cathaoirleach Dháil Éireann.

6. —Beidh éifeacht ag na modhnuithe seo leanas ar an Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937 (Uimh. 25 de 1937) , chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) gach tagairt atá san Acht san do Dháil Éireann do lánscur léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'ordachán ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán ann, agus

(b) gach tagairt atá san Acht san don olltoghchán de dhruim Dáil Éireann do lán-scur léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don olltoghchán de bhun an ordacháin sin ón Uachtarán.

Comhacht chun na hAchtanna Toghcháin agus na fuirmeacha fútha do mhodhnú.

7. —Chun crícheanna olltoghchán fén Acht so no aon toghcháin áirithe den tsórt san, féadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, le hordú,—

(a) pé modhnuithe do dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin a chífear dó is gá chun gur féidir na toghcháin no an toghchán san do bheith ann do réir an Achta so no chun gurb usa-de no gur tapúla-de a stiúrfar agus a críochnófar na toghcháin sin no an toghchán san, agus

(b) pé modhnuithe do dhéanamh, ar gach ceann no ar aon cheann no cinn de na fuirmeacha bheidh orduithe leis na hAchtanna Toghcháin, a chífear dó is gá chun go mbeidh na fuirmeacha san oiriúnach do na toghcháin sin no don toghchán san.

Forálacha iarmartacha maidir le Seanad Éireann.

8. —(1) Ní bheidh aon olltoghchán ann do Sheanad Éireann do dhruim sean-Dáil Éireann do lán-scur fén Acht so.

(2) Beidh olltoghchán ann do Sheanad Éireann tráth nach déanaighe ná nócha lá tar éis gach ordacháin ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán ann do Dháil Éireann.

(3) Gach tagairt atá í gceachtar d'Achtanna Toghcháin an tSeanaid do Dháil Éireann do lán-scur agus go sonnrach gach tagairt den tsórt san don lán-scur ar Dháil Éireann is cúis le holltoghchán do Sheanad Éireann, léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don ordachán ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán comhaltaí do Dháil Éireann ann.

(4) Féadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, le hordú, pé modhnuithe a chífear dó is gá de dhruim an tAcht so d'achtú do dhéanamh ar Achtanna Toghcháin an tSeanaid agus ar na horduithe agus na rialacháin a bheidh déanta fútha agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “Achtanna Toghcháin an tSeanaid” Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937 (Uimh. 30 de 1937) , agus Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937) .

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Olltoghchán (Forálacha Práinne), 1943 , do ghairm den Acht so.