17 1943


Uimhir 17 de 1943.


ACHT NA nUACHTARLANN (TÓGAINT), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TALMHAIDHEACHTA A CHEANGAL GO nDÍOLFAÍ ÁITREIBH UACHTARLAINNE ÁIRITHE AGUS ÁIRNÉIS ÁIRITHE IONTA LE CUIDEACHTA NA DÉIRÍ-DHEIGHLEÁLA, TEORANTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [26adh Bealtaine, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na nUachtarlann (Tógaint), 1943 , do ghairm den Acht so.

Mínithe generálta.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” Cuideachta na Déirí-Dheighleála, Teoranta;

foluíonn an focal “uachtarlann” aon mhonarcha no gléasra chun táirgthe no seach-tháirgthe bainne do dhéanamh agus aon stáisiún no ionad cruinnithe amh-bhainne, ach ní fholuíonn sé uachtarlann le cumann arna chlárú fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, ar táirgeoirí bainne a chomhaltaí;

cialluíonn an abairt “áitreabh uachtarlainne” aon talamh ar a bhfuil uachtarlann suidhte agus foluíonn sí aon talamh a húsáidtear maidir leis an uachtarlainn sin;

cialluíonn an focal “dílseánach” maidir le háitreabh uachtarlainne an duine is únaer ar an uachtarlainn a seoltar san áitreabh san;

cialluíonn an focal “áirnéis” inneallra gléasra, feisteas agus gach saghas eile áirnéise, do-aistrithe agus so-aistrithe.

Scríbhinní do sheirbheáil.

3. —(1) I gcás ina gceaduítear no ina gceangailtear leis an Acht so aon scríbhinn do sheirbheáil ar aon duine beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis an scríbhinn sin do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) féadfar an scríbhinn sin do sheirbheáil—

(i) trína seachadadh don duine sin, no

(ii) trína cur leis an bpost i leitir bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn no ina ndéanann gnó de ghnáth,

(b) i gcás an duine sin do bheith as láthair no thar lear no gan a sheoladh do bheith ar eolas no ar fáil trí fhiosrú réasúnach, féadfar an scríbhinn sin do sheirbheáil—

(i) trína seachadadh do ghníomhaire don duine sin, no

(ii) trína cur leis an bpost i leitir a bheidh dírithe chun gníomhaire don duine sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn an gníomhaire sin de gnáth.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe cuideachta arna clárú fé na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do dhéanamh gnótha ina hoifig chláruithe agus is tuigthe gach cólucht corpruithe eile agus gach cólucht nea-chorpruithe do dhéanamh gnótha ina phríomh-oifig no ina phríomh-áit ghnótha sa Stát.

Ciontaí do chúiseamh.

4. —Féadfaidh an tAire no an Chuideachta cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do chúiseamh.

Asbhaintí maidir le fiacha Stáit ón bpraghas is iníoctha fé orduithe díola no fé orduithe díola (leas uachtarach).

5. —(1) Má thárlann, sara mbeidh an t-airgead glan íoctha leis an díoltóir a bheidh dlite dhó i leith an phraghais is iníoctha fé ordú díola no fé ordú díola (leas uachtarach), go mbeidh deimhniú curtha ag údarás Stáit chun na Cuideachtan á dheimhniú suim áirithe (dá ngairmtear na fiacha Stáit sa bhfo-alt so) do bheith dlite agus ag dul don údarás Stáit sin ón díoltóir, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn na fiacha Stáit có-mhéid leis an airgead glan san no níos mó ná é, íocfaidh an Chuideachta an t-airgead glan san uile leis an údarás Stáit sin.

(b) má bhíonn na fiacha Stáit níos lugha ná an t-airgead glan san, bainfidh an Chuideachta as an airgead glan san suim is có-mhéid le méid na bhfiacha Stáit agus íocfaid an tsuim a hasbhainfear amhlaidh leis an údarás Stáit sin,

(c) is tuigthe aon íocaíocht a dhéanfaidh an Chuideachta leis an údarás Stáit sin fén bhfo-alt so do bheith—

(i) ina híocaíocht fén ordú ag an gCuideachtain leis an díoltóir, agus

(ii) ina híocaíocht ag an díoltóir leis an údarás Stáit sin.

Chun crícheanna an fho-ailt seo is tuigthe gurb é is méid don airgead ghlan a bheidh dlite don díoltóir i leith an phraghais is iníoctha fé ordú díola no fé ordú díola (leas uachtarach) ná suim is có-ionann leis an bpraghas san lugha-de—

(I) an méid is gá chun eirí (más ann) do ghlanadh, agus

(II) an méid is gá chun íoctha aon chaiteachais is iníoctha ag an díoltóir, agus

(III) i gcás an praghas san do chinneadh trí eadráin fén Acht so agus an t-eadránaidhe dá ordú don díoltóir suim d'íoc i leith costaisí agus caiteachais na Cuideachtan sna himeachta eadrána no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas san na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, an méid is iníoctha leis an gCuideachtain fén ordú.

(3) Is tuigthe gur údarás Stáit chun crícheanna an ailt seo gach ceann aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) Aire Stáit,

(b) Na Coimisinéirí Ioncuim,

(c) Coimisiún Talmhan na hÉireann,

(d) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn.

Costais an Aire.

6. —(1) Na costais uile féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) I gcás an tAire do dhul fé aon chostais chun an tAcht so do riaradh, féadfa sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a cheangal ar an gCuideachtain na costais sin uile no aon chuid díobh (mar is oiriúnach leis) d'aisíoc leis, agus déanfaidh an Chuideachta do réir aon cheanglais den tsórt san.

(3) An t-airgead go léir a híocfar leis an Aire fé fho-alt (2) den alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó do réir orduithe an Aire Airgeadais.

CUID II.

An Chuideachta do Thogaint Aitreabh Uachtarlainne agus Airneise ionta.

Sonnraí maidir le háitreabh uachtarlainne agus áirnéis ann.

7. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fógra do sheirbheáil ar dhílseánach aon áitreibh uachtarlainne áirithe á cheangal ar an dílseánach san go dtabharfadh sé don Chuideachtain laistigh de thréimhse áirithe (nach giorra ná fiche lá o dháta seirbheála an fhógra san)—

(a) achmaireacht (maraon le cóipeanna de gach scríbhinn dá mbeidh achmaireacht déanta) ar a theideal chun an áitreibh uachtarlainne sin, agus

(b) liost de na baill áirnéise san áítreabh uachtarlainne sin, agus

(c) ráiteas á rá cé aca atá aon chuid den áirnéis sin ar seilbh aige fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh no ná fuil agus, má tá, cadé an chuid é, maraon le sonnraí na gconnartha san, más ann.

(2) I gcás dílseánach áitreibh uachtarlainne do chólíonadh fógra seirbheálfar air fén alt so, íocfaidh an Chuideachta leis na costais uile a bheidh curtha suas aige go riachtanach agus go cuibhe maidir leis an gcólíonadh san fé cheann tríocha lá tar éis na costais sin do mheas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt.

(3) Má thárlann do dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so go mainneoidh no go bhfailleoidh an fógra san do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(4) I gcás—

(a) duine do chiontú i gcionta fé fho-alt (3) den alt so toisc é do mhainneachtain no d'fhailliú na nithe bheidh luaidhte i bhfógra seirbheálfar air fén alt so do dhéanamh laistigh den am a bheidh luaidhte sa bhfógra, agus

(b) na nithe sin d'fhanúint gan déanamh aige tar éis dáta an chiontuithe sin,beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chéadchiontuithe sin, fhanfaidh na nithe sin gan déanamh aige, agus beidh an cionta san ina chionta leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua do bhunú ina thaobh o am go ham.

Aitreabh uachtarlainne do scrúdú.

8. —(1) Féadfaidh duine údaruithe dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh uachtarlainne agus an t-áitreabh san agus aon áirnéis ann do scrúdú.

(2) Má bhacann no má choisceann éinne duine údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhachta do bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine arna cheapadh ag an gCuideachtain chun bheith ina dhuine údaruithe chun crícheanna an ailt seo.

Orduithe díola maidir le háitreabh uachtarlainne agus áirnéis ann.

9. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar iarratas ón gCuideachtain agus le toiliú an Aire Airgeadais, ordú (dá ngairmtear ordú díola san Acht so) do dhéanamh á cheangal go ndíolfadh dílseánach aon áitreibh uachtarlainne áirithe leis an gCuideachtain agus a gceannódh an Chuideachta ón dílseánach san ar phraghas a cinnfear fén alt so—

(a) estát agus leas an dílseánaigh sin san áitreabh uachtar lainne sin, saor o eirí, agus

(b) an áirnéis uile san áitreabh uachtarlainne sin nach fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh a bheidh ar seilbh, agus

(c) cearta an dílseánaigh sin fé gach connradh den tsórt san (más ann).

(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú díola dréacht den ordú bheartuithe.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “an díoltóir”, maidir le haon ordú díola, an duine ar a gceanglófar leis an ordú díola áitreabh uachtarlainne agus áirnéis agus cearta is abhar don ordú do dhíol.

(4) Féadfaidh pé coinníollacha bheith in ordú díola mheasfaidh an tAire is gá no is cuibhe chun éifeacht do thabhairt dó.

(5) Aon uair a bheidh ar intinn ag an Aire ordú díola do dhéanamh maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann, déanfa sé, deich lá ar a laghad roimh an ordú do dhéanamh, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus éinne a mbeidh aon éileamh aige a bhainfidh le hestát agus leas an díoltóra san áitreabh uáchtarlainne no san áirnéis sin i bhfuirm morgáiste no eile, agus a mbeidh sonnraí a éilimh tugtha aige don Chuideachtain seacht lá ar a dhéanaighe tar éis dáta foillsithe an fhógra san amhlaidh, beidh sé i dteideal cúis do phlé leis an Aire no, má bhíonn an praghas a bheidh le n-íoc ar an áitreabh uachtarlainne agus an áirnéis sin le cinneadh ag eadránaidhe, leis an eadránaidhe maidir leis an bpraghas san.

(6) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann, cuirfidh fé ndear cóipeanna den ordú arna séalú lena shéala oifigiúil do sheirbheáil ar an díoltóir agus ar an gCuideachtain, agus is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a seirbheálfar cóip den ordú ar an díoltóir, có-aontú do bheith déanta idir an díoltóir agus an Chuideachta chun an t-áitreabh uachtarlainne sin maraon leis an áirnéis ann nach fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh a bheidh ar seilbh agus cearta an díoltóra fé gach connradh den tsórt san (más ann) do dhíol do réir téarmaí an orduithe.

(7) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann déanfar an praghas a bheidh le n-íoc ortha do chinneadh do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an díoltóir agus an Chuideachta do chó-aontú i dtaobh an phraghais sin, agus dá chur san in iúl don Aire fiche lá ar a dhéanaighe tar éis cóip den ordú do sheirbheáil ar an díoltóir, agus an tAire do dhaingniú an chó-aontuithe sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus breithniú do dhéanamh ar aon chúis a pléifear leis maidir leis an bpraghas san fé fho-alt (5) den alt so, isé an praghas ar a gcó-aontófar amhlaidh an praghas san,

(b) in aon chás eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) cinnfear an praghás san ag eadránaidhe agus ní bheidh dul thar a chinneadh-sean, agus isé bheidh ina eadránaidhe ná pé duine ar a gcó-aontóidh an díoltóir agus an Chuideachta no, cheal có-aontuithe, eadránaidhe oifigiúil chun crícheanna an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919,

(ii) nuair a bheidh an praghas san á chinneadh cuirfidh an t-eadránaidhe san áireamh an dea-thoil a bheidh ag gabháil le gnó ar bith a bheidh ar siúl san áitreabh uachtarlainne sin,

(iii) féadfaidh an t-eadránaidhe, maidir le costais agus caiteachas na bpáirtithe in aon imeachta fén mír seo, a ordú lena mholadh agus as a chomhairle féin—

(I) go n-íocfadh an Chuideachta suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais an díoltóra, no

(II) go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan, no

(III) go n-íocfadh an Chuideachta costais agus caiteachas an díoltóra arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no

(IV) go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no

(V) go mbeadh an díoltóir agus an Chuideachta fé seach freagarthach ina gcostais agus ina gcaiteachas féin,

(iv) i gcás an t-eadránaidhe dá ordú go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, féadfaidh an Chuideachta an méid is iníoctha leo fén ordú do bhaint as an bpraghas san,

(v) íocfaidh an tAire leis an eadránaidhe pé luach saothair agus costais (más ann) a ordóidh an tAire Airgeadais.

(8) Má dhéanann an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus áirnéis ann agus cearta fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh (más ann) agus go gcríochnófar an díol do réir an orduithe, íocfaidh an Chuideachta leis an díoltóir na costais uile bheidh curtha suas go riachtanach agus go cuibhe ag an díoltoir maidir leis an díol san (ach amháin, i gcás praghas an áitreibh uachtarlainne agus na háirnéise agus na gceart san do chinneadh le headráin, costais an díoltóra san eadráin), lugha-de méid aon chostas a bheidh íoctha no iníoctha ag an gCuideachtain fé alt 7 den Acht so maidir leis an áitreabh uachtarlainne agus an áirnéis agus na cearta san.

(9) Aon uachtarlann a thógfaidh an Chuideachta chuca fén alt so is tuigthe, chun crícheanna Achta na nUachtarlann, 1928 ( Uimh. 26 de 1928 ), í thógaint chuca le hairgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

CUID III.

An Chuideachta do Thogaint Leasanna Uachtaracha in Aitreibh Uachtarlainne a Thogfaid chuca fe Chuid II.

Míníthe chun crícheanna Coda III.

10. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “áitreabh léas-seilbhe tógtha” aon áitreabh uachtarlainne a mbeidh leas léas-seilbhe (lena n-áirmhítear leas fé aon chonnradh tionóntachta) ann díolta no le díol leis an gCuideachtain fé ordú díola;

cialluíonn an abairt “leas uachtarach” maidir le haon áitreibh léas-seilbhe tógtha aon estát no leas ann is uachtaraighe ná an leas léas-seilbhe ann a bheidh díolta no le díol leis an gCuideachtain.

Sonnraí ar leasanna uachtaracha in áitreibh léasseilbhe tógtha.

11. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fógra do sheirbheáil ar éinne bheidh i dteideal leasa uachtaraigh in aon áitreabh léas-seilbhe tógtha á cheangal ar an duine sin achmaireacht (maraon le cóipeanna de na scríbhinní uile dá mbeidh achmaireacht déanta) ar a theideal chun an-leasa uachtaraigh sin do thabhairt don chuideachtain laistigh de thréimhse áirithe (nach giorra ná fiche lá o dháta seirbheála an fhógra san).

(2) I gcás duine do chólíonadh fógra seirbheálfar air fén alt so íocfaidh an Chuideachta leis na costais uile bheidh curtha suas aige go riachtanach agus go cuibhe maidir leis an gcólíonadh san fé cheann tríocha lá tar éis na costais sin do mheas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt.

(3) Má thárlann do dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so go mainneoidh no go bhfailleoidh an fógra san do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air.

(4) I gcás—

(a) duine do chiontú i gcionta fé fho-alt (3) den alt so toisc é do mhainneachtain no d'fhailliú na nithe bheidh luaidhte i bhfógra seirbheálfar air fén alt so do dhéanamh laistigh den am a bheidh luaidhte sa bhfógra, agus

(b) na nithe sin d'fhanúint gan déanamh aige tar éis dáta an chiontuithe sin,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chéadchiontuithe sin, fhanfaidh na nithe sin gan déanamh aige, agus beidh an cionta san ina chionta leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua do bhunú ina thaobh o am go ham.

Díol leasanna uachtaracha in áitreibh léasseilbhe tógtha.

12. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar iarratas ón gCuideachtain agus le toiliú an Aire Airgeadais, ordú (dá ngairmtear ordú díola (leas uachtarach) san Acht so) do dhéanamh á cheangal go ndíolfadh an duine, bheidh i dteideal aon leasa uachtaraigh in aon áitreabh léas-seilbhe tógtha, leis an gCuideachtain agus go gceannódh an Chuideachta ón duine sin, ar phraghas a cinnfear fén alt so, an leas uachtarach san saor o eirí.

(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú díola (leas uachtarach) dréacht den ordú bheartuithe.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “an díoltóir”, maidir le haon ordú díola (leas uachtarach), an duine ar a gceanglófar leis an ordú an leas uachtarach lena mbainfidh an t-ordú do dhíol.

(4) Féadfaidh pé coinníollacha bheith in ordú díola (leas uachtarach) a mheasfaidh an tAire is gá no is cuibhe chun lánéifeacht do thabhairt dó.

(5) Aon uair a bheidh ar intinn ag an Aire ordú díola (leas uachtarach) do dhéanamh maidir le haon leas uachtarach áirithe, déanfa sé, deich lá ar a laghad roimh an ordú do dhéanamh, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus éinne a mbeidh aon éileamh aige a bhainfidh leis an leas nachtarach san i bhfuirm morgáiste no eile, agus a mbeidh sonnraí a éilimh tugtha aige don Chuideachtain seacht lá ar a dhéanaighe tar éis dáta foillsithe an fhógra san amhlaidh, beidh sé i dteideal cúis do phlé leis an Aire no, má bhíonn an praghas a bheidh le n-íoc ar an leas uachtarach san le cinneadh ag eadránaidhe, leis an eadránaidhe maidir leis an bpraghas san.

(6) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe, cuirfidh fé ndear cóipeanna den ordú arna séalú lena shéala oifigiúil do sheirbheáil ar an díoltóir agus ar an gCuideachtain, agus is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a seirbheálfar cóip den ordú ar an díoltóir, có-aontú do bheith déanta idir an díoltóir agus an Chuideachta chun an leas uachtarach san do dhíol do réir téarmaí an orduithe.

(7) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe, déanfar an praghas a bheidh le n-íoc ar an leas san do chinneadh do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an díoltóir agus an Chuideachta do chó-aontú i dtaobh an phraghais sin agus dá chur san in iúl don Aire fiche lá ar a dhéanaighe tar éis cóip den ordú do sheirbheáil ar an díoltóir, agus an tAire do dhaingniú an chó-aontuithe sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus breithniú do dhéanamh ar aon chúis a pléifear maidir leis an bpraghas san fé fho-alt (5) den alt so, isé an praghas ar a gcó-aontófar amhlaidh an praghas san,

(b) in aon chás eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) cinnfear an praghas san ag eadránaidhe agus ní bheidh dul thar a chinneadh-sean, agus isé bheidh ina eadránaidhe ná pé duine ar a gcó-aontóidh an díoltóir agus an Chuideachta no, cheal có-aontuithe, eadránaidhe oifigiúil chun crícheanna an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919,

(ii) is mar a shocróidh an t-eadránaidhe as a chomhairle féin a bheidh maidir le costais an díoltóra agus na Cuideachtan in aon imeachta fén mír seo, agus féadfaidh an t-eadránaidhe lena mholadh a ordú go n-íocfadh an Chuideachta costais sin an díoltóra no go n-íocfadh an díoltóir costais sin na Cuideachtan agus féadfaidh, i gceachtar cás, méid na gcostas san do cheapadh,

(iii) féadfaidh an t-eadránaidhe, maidir le costais agus caiteachas na bpáirtithe in aon imeachta fén mír seo, a ordú lena mholadh agus as a chomhairle féin—

(I) go n-íocfadh an Chuideachta suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais an díoltóra, no

(II) go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan, no

(III) go n-íocfadh an Chuideachta costais agus caiteachas an díoltóra arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no

(IV) go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no

(V) go mbeadh an díoltóir agus an Chuideachta fé seach freagarthach ina gcostais agus ina gcaiteachas féin,

(iv) i gcás an t-eadránaidhe dá ordú go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, féadfaidh an Chuideachta an méid is iníoctha leo fén ordú do bhaint as an bpraghas san.

(8) Má dhéanann an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe agus go gcríochnófar díol an leasa uachtaraigh sin do réir an orduithe íocfaidh an Chuideachta leis an díoltóir na costais uile bheidh curtha suas go riachtanach agus go cuibhe ag an díoltóir maidir leis an díol san (ach amháin, i gcás praghas an leasa uachtaraigh sin do chinneadh le headráin, costais an díoltóra san eadráin), lugha-de méid aon chostas a bheidh íoctha no iníoctha ag an gCuideachtain fé alt 11 den Acht so maidir leis an leas uachtarach san.