21 1943


Uimhir 21 de 1943.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , I BHFEIDHM. [20adh Iúl, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

An Príomh-Acht dá bhuanú.

2. —(1) Mara gcuirtear deireadh lena ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus raghaidh in éag ansan mara gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1944, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

Alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 , dá chúlghairm.

3. —Cúlghairmtear leis seo alt 4 den Acht Comhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 ( Uimh. 19 de 1942 ).

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1943 , do ghairm den Acht so.