3 1945


Uimhir 3 de 1945.


AN tACHT SILTIN AIRTÉIRIGH, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TALAMH DO SHILTEAN AGUS D'FHEABHSÚ TRÍ OIBREACHA SILTIN AIRTÉIRIGH DO DHÉANAMH, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN NA hOIBREACHA SAN DO CHOTHABHÁIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA CHUN OIBREACHA SILTIN LÁITHREACHA DO CHOTHABHÁIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE NO BHAINEAS I gCOITINNE LE SILTEAN TAILIMH. [1ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Feadfar an tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn an abairt “an Coiste Réitigh” an Coiste Réitigh a bunaíodh le mír (c) d'fho-alt (5) d'alt 1 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) ;

ciallaíonn an abairt “tailte tairbhithe” (do réir mar éilíos an comhthéacs) tailte a ndéarfar i scéim siltin fán Acht so gur tailte iad a silfear nó a feabhsófar ar shlí eile trí na hoibreacha siltin a sonnrófar sa scéim sin do dhéanamh nó tailte a mbeidh sé ráite i Moladh fán Acht so nó fá aon Acht roimhe seo gur tailte iad do sileadh nó do feabhsaíodh ar shlí eile trí na hoibreacha siltin a bheas luaite sa Mholadh san do dhéanamh;

ciallaíonn an abairt “ceanntar siltin láithreach” ceanntar siltin do ceapadh fá aon Acht dá luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so agus a bhfuil a iomlán laistigh den Stát;

ciallaíonn an abairt “oibreacha siltin láithreacha” na hoibreacha siltin i gceanntar siltin láithreach;

ciallaíonn an focal “cladhphort” uisce-chúrsa, silteán, cladhphort, nó obair shaordha eile arna dhéanamh chun talamh do chosaint ar thuiliú agus folaíonn sé gach bual-chomhla, bualgheata, caidéal, cora, uisce-chúrsa agus obair eile is cuid d'aon chladhphort nó obair den tsaghas san nó is gá chun é d'oibriú go héifeachtúil;

ciallaíonn an abairt “cladhphort láithreach” cladhphort arna dhéanamh (pé acu roimh an Acht so do rith nó dá éis sin é) chun talamh do ceannaíodh fá na hAchta Talamh-Cheannaigh nó is abhar d'imeachta fá na hAchta san do chosaint ar thuiliú, pé acu roimh an gceannach san do dhéanamh nó imeachta do bhunú chuige nó dá éis sin do rinneadh an cladhphort san, agus pé acu ag sean-tiarna tailimh nó duine éigin eile, nó ag iontaobhaithe, nó ag Coimisiún Talún na hÉireann nó fána maoirseacht do rinneadh an cladhphort san;

folaíonn an focal “contae” contae-bhuirg agus, maidir le contae-bhuirg, léireofar an focal “comhairle” mar fhocal a chiallaíos bardas na contae-bhuirge sin agus léireofar an abairt “ráta dealúis” mar abairt a chiallaíos an ráta bardasach;

ciallaíonn an abairt “feidhm fhorcoimeáta”—

(a) i gcás bardais chontae-bhuirge, feidhm fhorcoimeáta chun críocha na n-achtachán a bhaineas le bainistí na contae-bhuirge sin,

(b) in aon chás eile, feidhm fhorcoimeáta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

folaíonn an focal “cora” damba, agus folaíonn freisin gach bual-chomhla, bual-gheata, tuil-gheata, bual-ghlas agus gach ní eile is cuid de chora nó de dhamba;

folaíonn an focal “uisce-chúrsa” aibhne, srutháin agus uiscechúrsaí aiceanta eile, agus folaíonn freisin canála, silteáin agus uisce-chúrsaí saordha eile;

ní fholaíonn tagairt do dhroichead príobháideach tagairt d'aon chis nó cos-mhaide nó déanmhas eile dá samhail sin.

Costais.

3. —Na costais fána raghaidh an tAire nó na Coimisinéirí chun an tAcht so do riaradh, déanfar (a mhéid a cheadóidh an tAire agus a mhéid ná déantar socrú eile ina gcóir leis an Acht so) iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Sceimeanna Siltin.

Scéimeanna siltin d'ullmhú.

4. —(1) Aon uair is dóigh leis na Coimisinéirí é bheith fóirstineach oibreacha siltin airtéirigh do dhéanamh maidir le haon líomatáiste gabhála chun an tuiliú tréimhsiúil ar thailte sa líomatáiste sin do chosc nó do laghdú go substainteach nó chun tailte sa líomatáiste sin d'fheabhsú trína siltean, is dleathach do na Coimisinéirí scéim (dá ngairmtear scéim siltin san Acht so) d'ullmhú chun na hoibreacha san do dhéanamh agus chuige sin pé suirbhéireachta innealtóireachta agus luachála a chífear dóibh is gá nó is fóirstineach do dhéanamh ar an líomatáiste sin.

(2) Gach scéim siltin a ullmhóidh na Coimisinéirí de bhun an ailt seo taspánfaidh, i gcorp na scéime nó trí léarscála, tarraingeoireachta, pleananna, teascáin, agus sceidil iomchuibhe a bheas ag gabháil léi, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na huiscí agus na huisce-chúrsaí a molfar deighleáil leo,

(b) na tailte a silfear nó a feabhsófar ar shlí eile tríd an scéim do chur i ngníomh,

(c) na hoibreacha siltin a molfar a dhéanamh de bhun na scéime,

(d) i gcás na tailte tairbhithe go léir do bheith san aon chontae amháin, luach bliantúil iomlán na dtailte sin (tráth ullmhuithe na scéime) agus an méadú iomlán ar a luach bliantúil is dócha a thiocfas den scéim do chur i bhfeidhm nó, i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, luacha bliantúla iomlána uile agus fá seach (an tráth san) na gcoda de na tailte sin atá suite i ngach contae fá leith acu san agus na méaduithe iomlána uile agus fá seach ar luacha bliantúla na gcoda san fá seach is dócha a thiocfas den scéim do chur i bhfeidhm,

(e) na tailte a molfar iad do thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh orthu go héigeanta, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loing seoireachta, agus na cearta eile a molfar iad do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu ar shlí eile go héigeanta agus na bóithre agus na droichid (poiblí nó príobháideach) a molfar iad do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach orthu ar shlí eile,

(f) na daoine is dílseánaigh, únaerí, agus lonnaitheoirí (rátaithe nó eile) toimhdean ar na tailte uile agus fá seach a molfar iad do thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh orthu go héigeanta agus ar na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile, agus na bóithre agus na droichid phríobháideacha, uile agus fá seach, a molfar iad do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu ar shlí eile go héigeanta,

(g) an líomatáiste a molfar é cheapadh ina cheanntar siltin leithleach ar an scéim do bheith curtha i ngníomh.

(3) Is dleathach do na Coimisinéirí agus dá n-oifigigh, dá ngníomhairí, agus dá seirbhísigh dul isteach ar thailte ar bith agus gach ní do dhéanamh ansan a chífear dóibh is gá nó is fóirstineach chun scéim siltin d'ullmhú agus aon tsuirbhéireachta den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt so do dhéanamh maidir leis sin.

(4) Gach luadh nó tagairt atá san Acht so i dtaobh scéime siltin léireofar é mar luadh nó tagairt a fholaíos gach léarscáil, tarraingeoireacht, plean, teascán, agus sceideal a bheas ag gabháil leis an scéim siltin sin.

Cóipeanna de scéimeanna do chur chun comhairlí.

5. —(1) Nuair a bheas scéim siltin ullamh ag na Coimisinéirí déanfaid—

(a) cóip den scéim sin do chur chun comhairle gach contae ina bhfuil an líomatáiste nó aon chuid den líomatáiste a molfar sa scéim sin é cheapadh ina cheanntar siltin leithleach, agus

(b) fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé páipéar nó páipéir nuachta a léitear sa líomatáiste sin a mheasfaid is cuibhe á rá go bhfuil an scéim sin ullamh agus ag luadh na dtogh-roinn a mbainfidh an scéim leo nó le páirt díobh agus fós ag luadh na háite nó na n-áiteanna agus na tréimhse, nach giorra ná mí, ina mbeidh cóip den scéim sin ar fáil chun a hiniúchta de bhun an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Gach comhairle chontae chun a gcuirfidh na Coimisinéirí cóip de scéim siltin de bhun an ailt seo—

(a) cuirfid an chóip sin dá taspáint ina bpríomh-oifigí nó in áit chaothúil eile ar feadh na tréimhse a luafar chuige sin sa bhfógra i dtaobh na scéime sin a foillseofar de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus ceadóid an chóip sin d'iniúchadh le linn uaireanna oifige ag éinne adeir leas do bheith aige inti, agus

(b) scrúdóid agus breithneoid an scéim siltin ar cóip di an chóip sin, agus

(c) féadfaid, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar a ndéanfar an fógra i dtaobh na scéime sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, na tuairimí sin uile do chur chun na gCoimisinéirí a mheasfaidh an chomhairle sin is cuibhe i dtaobh na scéime sin.

(3) Is feadhma forcoimeáta an dualgas a cuirtear ar chomhairle chontae le mír (b) d'fho-alt (2) den alt so agus an chumhacht do bheirtear do chomhairle chontae le mír (c) den fho-alt san (2).

Fógraí do dhílseánaigh, lonnaitheoirí, etc., toimhdean.

6. —(1) Le linn dóibh cóip de scéim siltin do chur chun comhairlí contaethe de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, déanfaidh na Coimisinéirí—

(a) fógra do sheirbheáil, ar gach duine a bheas ainmnithe sa scéim siltin sin mar dhílseánach nó únaer nó lonnaitheoir (rátaithe nó eile) toimhdean ar aon talamh a molfar é thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh air go héigeanta nó ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile nó ar aon bhóthar nó droichead príobháideach a molfar é do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta, á rá go bhfuiltear tar éis an scéim sin d'ullmhú, á luadh cad é an áit nó cad iad na háiteanna agus cad é an tréimhse ina mbeidh cóip den scéim sin ar fáil chun a hiniúchta de bhun an Achta so agus á chur in iúl dó go moltar sa scéim sin talamh nó ceart nó maoin eile éigin a dtoimhtear é bheith ina únaer nó ina lonnaitheoir air do thógaint nó cur isteach air go héigeanta (agus tuairisceofar go hiomlán sa bhfógra an talamh nó an ceart nó an mhaoin sin agus an cur isteach (más ann) a moltar a dhéanamh), agus

(b) fógra do sheirbheáil, ar gach duine arb é an t-údarás áitiúil é (nach comhairle chun ar cuireadh cóip den scéim sin de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo) ar a mbeidh cúram cothabhála aon bhóthair nó droichid phoiblí a molfar sa scéim sin é do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach air ar shlí eile, á chur in iúl don údarás áitiúil sin an scéim sin do bheith ullamh agus ag tabhairt eolais ar an gclaonadh nó an díochur nó an cur isteach a moltar sa scéim sin a dhéanamh ar an mbóthar nó an droichead san.

(2) Gach fógra a seirbheálfar ar aon duine de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so beidh ann ráiteas á chur in iúl don duine sin go bhféadfaidh, laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, na tuairimí uile (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur chun na gCoimisinéirí maidir leis an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, nó an cur isteach nó leis an gclaonadh, an díochur, nó an cur isteach (pé acu é) a luafar sa bhfógra san.

(3) Gach duine ar a seirbheálfar fógra de bhun an ailt seo, féadfaidh, aon tráth laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, na tuairimí uile (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur chun na gCoimisinéirí maidir leis an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, nó an cur isteach nó leis an gclaonadh, an díochur, nó an cur isteach (pé acu é) a luafar sa bhfógra san.

(4) Aon fhógra is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é sheirbheáil leis an bpost agus, mura fios cad é seoladh an duine sin, féadfar an litir ina mbeidh an fógra san do dhíriú chuige ag na tailte, nó ag suíomh an chirt nó na maoine, lena mbainfidh an fógra.

An tAire do dhaingniú scéime siltin.

7. —(1) Ar bheith caite do na tréimshí go léir a ceaptar leis na forála san roimhe seo den Acht so chun comhairlí contaethe do chur tuairimí chun na gCoimisinéirí maidir le scéim siltin agus chun daoine a mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil orthu de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo do chur tuairimí chun na gCoimisinéirí, déanfaidh na Coimisinéirí na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) breithneoid gach tuairim den tsórt san do cuireadh chucu laistigh den tréimhse is iomchuibhe chuige, agus

(b) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, leis an Aire Talmhaíochta, leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí agus le pé Aire Stáit eile (más ann) a mheasfaid is ceart, déanfaid pé athruithe, más ann, a mheasfaid is ceart sa scéim siltin (pé acu trí bhreisiú, fágaint ar lár, nó athleagan é), agus

(c) déanfaid an scéim siltin arna hathrú amhlaidh (má hathraítear) do chur fá bhráid an Aire.

(2) Nuair a cuirfear scéim siltin fá bhráid an Aire de bhun an ailt seo, déanfaidh an tAire pé ní de na nithe seo leanas a chífear dó is ceart, sé sin le rá, deanfaidh ordú ag daingniú na scéime sin, nó diúltóidh don scéim sin do dhaingniú, nó cuirfidh an scéim sin thar n-ais chun na gCoimisinéirí chun í d'athbhreithniú ó thaobh pointí a sonnrófar agus í d'athchur fá bhráid an Aire ina dhiaidh sin fán alt so.

Oibreacha siltin láithreacha do chur isteach le scéim siltin.

8. —(1) Féadfaidh scéim siltin socrú do dhéanamh chun iomlán aon oibreacha siltin láithreacha nó cuid shonnraithe dhíobh do chur isteach leis na hoibreacha a molfar leis an scéim sin a dhéanamh agus féadfaidh socrú do dhéanamh chun an céanna do chur isteach amhlaidh maille leis na hoibreacha láithreacha san d'athdéanamh nó do dheisiú nó dá éagmais sin.

(2) I gcás scéim siltin arna daingniú ag an Aire do dhéanamh socruithe chun iomlán aon oibreacha siltin láithreacha nó cuid shonnraithe dhíobh do chur isteach leis na hoibreacha a molfar leis an scéim sin a dhéanamh, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) a luaithe a raghaidh na Coimisinéirí isteach ar na hoibreacha siltin láithreacha san chun an scéim siltin sin do chur i ngníomh, déanfaidh na Coimisinéirí ordú á dhearbhú cad é an dáta ar a ndeachadar isteach amhlaidh den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san agus air sin tiocfaidh an t-ordú san chun bheith, agus beidh, ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críoch i dtaobh an dáta ar a ndeachaidh na Coimisinéirí isteach amhlaidh den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san;

(b) amhail ar an dáta agus ón dáta ar a raghaidh na Coimisinéirí isteach den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san chun an scéim siltin sin do chur i ngníomh, scoirfidh an ceanntar siltin ina mbeidh na hoibreacha siltin láithreacha san de bheith ann;

(c) ní oibreoidh éinní atá san alt so chun comhairle chontae do shaoradh ó fhreagarthacht (más ann) maidir le haon íocaíochta do dhéanamh leis na Coimisinéirí chun aisíoctha aon réamhíoca a bheas déanta fá aon Acht ag na Coimisinéirí i leith na n-oibreacha siltin láithreacha san.

Scéim siltin do chur i ngníomh.

9. —Nuair a bheas ordú déanta ag an Aire ag daingniú scéime siltin, cromfaidh na Coimisinéirí ar an scéim do chur i ngníomh agus chuige sin oibreoidh an t-ordú san chun cumhacht do thabhairt do na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha siltin a sonnrófar sa scéim do dhéanamh agus do chríochnú fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre, agus

(b) chun dul isteach ar aon talamh agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann is gá chun nó i dtaobh na hoibreacha siltin sin do dhéanamh nó do chríochnú fá réir na mbreisithe, na neamhdhéanta, na n-athruithe, agus na gclaonta adúradh, agus

(c) chun na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile, uile agus fá seach, do thógaint go héigeanta a molfar sa scéim iad do thógaint amhlaidh, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar aon tailte acu san nó aon chuid de na héasaidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile sin d'fheidhmiú sara ndéantar na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, nó na cearta sin do leithliú nó a bpraghas do chinneadh, agus

(d) chun cur isteach go substainteach ar aon talamh a molfar sa scéim cur isteach air amhlaidh agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar an talamh san agus cur isteach air amhlaidh sara gcinntear aon chúiteamh ina thaobh, agus

(e) chun srianadh, foirceannadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta, nó cearta eile a molfar sa scéim iad do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu go héigeanta, agus claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóithre nó droichid a molfar sa scéim iad do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach orthu, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, éinní de na nithe adúradh do dhéanamh sara gcinntear aon chúiteamh ina thaobh, agus

(f) chun éinní nó gach ní de na nithe seo leanas do dhéanamh d'fhonn an scéim do chur i ngníomh go cuibhe, sé sin le rá:—

(i) na scratha agus an t-abhar eile go léir do bhaint d'aon talamh áirithe is gá do bhaint de chuige sin,

(ii) an tochlas nó an t-abhar eile go léir a thiocfas den scéim do chur i ngníomh amhlaidh do shuíomh ar aon talamh áirithe,

(iii) an tochlas, an gairbhéal, na clocha, na carraigreacha, nó an t-abhar eile go léir nó aon chuid den chéanna a haistreofar le linn an scéim do chur i ngníomh amhlaidh d'úsáid chuige sin, agus

(g) chun gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dóigh leis na Coimisinéirí do bheith riachtanach nó ceart chun nó i dtaobh an scéim do chur i ngníomh go cuibhe agus ná déantar aon tsocrú fá leith ina dtaobh leis an Acht so.

Iascaigh do chaomhaint.

10. —(1) Nuair a bheas oibreacha siltin á ndéanamh ag na Coimisinéirí do bhun scéime siltin, ní bheidh d'oblagáid orthu déanamh do réir na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944.

(2) D'ainneoin an tsaortha do bheirtear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, déanfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheas oibreacha siltin á ndéanamh acu de bhun scéime siltin, pé forchúram do ghlacadh agus pé socruithe do cheapadh a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is leor chun iascaigh do chaomhaint agus do sheachaint ar dhíobháil le linn nó de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh, ach déanfaidh an tAire sin deimhin de ná bainfidh dochar substainteach do na hoibreacha siltin sin ná ná cuirfear bac substainteach lena ndéanamh de dhruim an forchúram san do ghlacadh agus na socruithe sin do cheapadh.

Dualgais na gCoimisinéirí maidir le bóithre agus droichid phoiblí.

11. —(1) I gcás socrú do bheith i scéim siltin chun claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá, chun an scéim do chur i ngníomh, an bóthar nó an droichead san do dhúnadh i gcoinne tráchta, ansan, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh na Coimisinéirí agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead san de ghnáth, nó d'eile, sonnróid, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáite faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta;

(b) déanfaidh na Coimisinéirí, roimh an scéim do bheith lánchurtha i ngníomh, pé ní de na nithe seo leanas a mheasfaid is ceart, sé sin le rá:—

(i) déanfaid an bóthar nó an droichead san d'athchóiriú, nó

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) d'iompar d'fhéad an sean-bhóthar nó an sean-droichead san d'iompar agus gan é mórán níos neamhchaothúla maidir le fána agus cuar ná an sean-bhóthar nó an sean-droichead san, nó

(iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú, nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha a bheas air d'iompar agus ná beidh sé mórán níos neamhchaothúla ná an seanbhóthar nó an sean-droichead san;

(c) má dhéanann na Coimisinéirí buan-bhóthar nó buandroichead nua nó má fheabhsaíd bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí a thugann an bóthar nó an droichead san do phoiblíocht aon chontae nó bhailecheanntair ná mar do thug an sean-bhóthar nó an seandroichead, pé acu trí shlí chumarsáide níos fearr do thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an bhóthair nó an droichid nua san nó an fheabhsuithe sin (pé acu é) agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas san is dóigh leis ba chóir do réir réasúin do bheith ina muirear ar chomhairle na contae nó an bhailecheanntair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is ionann agus an chuid a bheas deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le cothabháil bóithre contae nó baile (pé acu é) ag an gcomhairle sin agus íocfaidh an chomhairle sin leis na Coimisinéirí í;

(d) má éiríonn aon amhras, diospóid, nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon na Coimisinéirí na forála iomchuibhe den alt so maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach do dhéanamh nó do chothabháil nó le bóthar nó droichead láithreach d'athchóiriú nó le bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (pé acu é) de bhun an ailt seo nó i dtaobh cé acu thugann nó ná tugann buan-bhóthar nó buandroichead nua do rinne na Coimisinéirí nó bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsaigh na Coimisinéirí (pé acu é) do phoiblíocht aon chontae nó bhailecheanntair buntáistí is mó de chuid mhaith ná mar do thug an sean-bhóthar nó an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí a thabharfas breith ar an amhras, ar an diospóid, nó ar an gceist sin agus beidh a bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar na Coimisinéirí nó a húdaraítear dóibh leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so a dhéanamh, agus féadfaid freisin comhaontú chun airgead d'íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun íoctha costais dhéanta an ní sin ag an údarás áitiúil sin.

(3) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun aon dualgas nó freagarthacht do chur ar na Coimisinéirí maidir le cothabháil aon bhuan-bhóthair nó buan-droichid nua a bheas déanta acu de bhun an ailt seo nó aon bhóthair nó droichid a bheas athchóirithe nó feabhsaithe acu amhlaidh.

Scéimeanna siltin do leasú.

12. —Aon uair a tharlós, le linn scéim siltin do chur i ngníomh, gur gá, dar leis na Coimisinéirí, aon tailte ná beidh luaite chuige sin sa scéim siltin do thógaint go héigeanta nó cur isteach orthu go substainteach nó aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile ná beidh luaite amhlaidh do thógaint, do shrianadh, d'fhoirceannadh, nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta nó aon bhóthar nó droichead (poiblí nó príobháideach) ná beidh luaite amhlaidh do chlaonadh, do dhíochur, nó cur isteach air ar shlí eile, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) is dleathach do na Coimisinéirí, le ceadú an Aire, an scéim siltin sin do leasú go sealadach i slí go bhfolóidh sí an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, an claonadh, an díochur, nó an cur isteach éigeanta do gheobhfar amhlaidh do bheith riachtanach;

(b) na forála den Acht so a bhaineas le cóipeanna de scéim siltin do chur chun comhairlí contaethe, le fógraí do sheirbheáil ar dhílseánaigh, únaerí, agus sealbhairí toimhdean agus ar údaráis áitiúla, le cumhacht do thabhairt do na comhairlí, na dílseánaigh, na húnaerí, na sealbhairí, agus na húdaráis áitiúla san chun tuairimí do chur chun na gCoimisinéirí, agus le ceangal do chur ar na Coimisinéirí na tuairimí sin do bhreithniú, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le gach leasú sealadach den tsórt san ar an scéim siltin sin fé mar bhí feidhm acu maidir leis an scéim féin, fá réir an mhodhnuithe gur lá is fiche i ngach cás an t-am ar laistigh de a féadfar tuairimí do chur chun na gCoimisinéirí;

(c) breithneoidh na Coimisinéirí gach tuairim den tsórt san a cuirfear chucu laistigh den tréimhse is iomchuibhe chuige agus déanfaid, ar na tréimhsí uile sin do bheith caite, an leasú san do dhaingniú (fé mar mheasfaid is ceart) gan athrú nó go pé athruithe a mheasfaid is ceart;

(d) nuair a bheas an leasú san daingnithe amhlaidh, beidh éifeacht ag an scéim siltin sin, agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici, i dteannta agus fá réir an leasuithe sin, agus, dá réir sin, na tagairtí atá san Acht so do scéim siltin déanfar, maidir leis an scéim siltin sin, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (aon áit a gceadaíonn an comhthéacs é) mar thagairtí don scéim siltin sin arna leasú amhlaidh;

(e) faid a bheas aon leasú den tsórt san ina leasú sealadach is dleathach do na Coimisinéirí déanamh dá réir fé is dá mbeadh sé daingnithe, ach beidh ar na Coimisinéirí pé athshuíomh nó athchóiriú (más ann) do dhéanamh nó pé cúiteamh (más ann) d'íoc a bheas ceart agus cothrom de dhruim an leasú san do dhaingniú go n-athruithe;

(f) gach diospóid a eireos i dtaobh aon athshuíomh, athchóiriú, nó cúiteamh den tsórt san do bheith riachtanach nó i dtaobh cineál, méid, nó suim an chéanna déanfaidh eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin í chinneadh agus beidh a chinneadh san ina chinneadh deiridh gan aon dul thairis.

Deimhniú lándéantachta nó páirtdéantachta.

13. —(1) Nuair is deimhin leis an Aire, ar scéala d'fháil ó na Coimisinéirí, cuid de na hoibreacha siltin a bheas sonnraithe i scéim siltin do bheith críochnaithe do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do fuarthas bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre) agus an chuid sin de na hoibreacha siltin sin do bheith ináirithe go caothúil mar obair leithleach chun críocha an mhéide den Acht so a bhaineas le nithe a leanas as scéim siltin do chríochnú, bhéarfaidh an tAire, fá féir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so, go n-eiseofar deimhniú (dá ngairmtear deimhniú páirt-déantachta san Acht so) arna shéalú lena shéala oifigiúil á dheimhniú go bhfuil an chuid sin de na hoibreacha siltin sin críochnaithe mar adúradh.

(2) Nuair is deimhin leis an Aire, ar scéala d'fháil ó na Coimisinéirí, iomlán na n-oibreacha siltin a bheas sonnraithe i scéim siltin do bheith críochnaithe do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe agus claonta do fuarthas bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), bhéarfaidh an tAire, fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so, go n-eiseofar deimhniú (dá ngairmtear deimhniú lán-déantachta san Acht so) arna shéalú lena shéala oifigiúil á dheimhniú go bhfuil iomlán na n-oibreacha siltin sin críochnaithe mar adúradh.

(3) San Acht so folaíonn an abairt “deimhniú déantachta” deimhniú lán-déantachta agus deimhniú páirt-déantachta.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le deimhniú déantachta d'eisiúin fán alt so, sé sin le rá:—

(a) bhéarfaidh an tAire go bhfoillseofar san Iris Oifigiúil agus i pé páipéar nó páipéir nuachta a léitear sa líomatáiste lena mbainfidh an scéim siltin agus a mheasfaidh an tAire is ceart fógra á rá go bhfuil beartaithe ag an Aire an deimhniú san d'eisiúin agus go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agóid do chur chun an Aire i gcoinne an deimhniú san d'eisiúin;

(b) le linn dó an fógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAire cóip den fhógra san chun comhairle gach contae fá leith ina mbeidh an líomatáiste nó cuid den líomatáiste lena mbainfidh an scéim sin;

(c) féadfaidh comhairle chontae chun a gcuirfear cóip den fhógra san amhlaidh nó duine ar bith eile, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agóid i scríbhinn do chur chun an Aire á rá go bhfuil an chomhairle nó an duine sin ag cur i gcoinne an deimhniú san d'eisiúin agus ag luadh foras na hagóide sin;

(d) breithneoidh an tAire gach agóid (más ann) a cuirfear chuige fán mír dheiridh sin roimhe seo den alt so agus déanfaidh pé ní a mheasfaidh is ceart ina thaobh;

(e) ní heiseofar an deimhniú san go ceann dhá mhí ar a laghad tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(5) Is feidhm fhorcoimeáta an chumhacht do bheirtear do chomhairle chontae le mír (c) d'fho-alt (4) den alt so.

(6) Beidh deimhniú páirt-déantachta ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh an chuid a sonnrófar sa deimhniú san de na hoibreacha siltin a bheas sonnraithe sa scéim siltin lena mbainfidh an deimhniú san do chríochnú do réir na scéime sin.

(7) Beidh deimhniú lán-déantachta ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh iomlán na n-oibreacha siltin a bheas sonnraithe sa scéim siltin lena mbainfidh an deimhniú san do chríochnú do réir na scéime sin.

(8) I gcás deimhniú páirt-déantachta nó dhá dheimhniú nó níos mó den tsórt san do bheith eisithe maidir le haon oibreacha siltin, ansan, folóidh an deimhniú lán-déantachta i dtaobh na n-oibreacha siltin sin na coda de na hoibreacha siltin sin lenar bhain an deimhniú nó na deimhnithe páirt-déantachta san agus beidh feidhm aige maidir leo, agus air sin scoirfidh an deimhniú nó na deimhnithe páirt-déantachta san d'éifeacht do bheith acu.

Tailte, cearta, etc., do thógaint agus cúiteamh ina leith.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an orduithe ón Aire ag daingniú scéime siltin, cromfaidh na Coimisinéirí ar na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile uile agus fá seach do thógaint a molfar sa scéim siltin sin iad do thógaint go héigeanta, ach ní bheidh d'oblagáid ar na Coimisinéirí aon talamh, éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile do thógaint go héigeanta a molfar sa scéim siltin sin é thógaint amhlaidh agus a bhfeicfear do na Coimisinéirí ina thaobh, i gcúrsa an scéim siltin sin do chur i ngníomh, nach gá an talamh, an éasáid, an t-iascach, an ceart uisce, an ceart loingseoireachta, nó an ceart eile sin do thógaint chun an scéim sin do chur i ngníomh.

(2) An cúiteamh a bheas le n-íoc ag na Coimisinéirí as tailte, éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta, agus cearta eile a tógfar go héigeanta de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so leis na daoine uile agus fá seach a mbeidh teideal acu chucu nó eastáit nó leasa acu iontu nó a mbeidh teideal acu chun na dtailte nó eastáit nó leasa acu sna tailte a mbeidh na cearta a bheas le tógaint amhlaidh infheidhmithe orthu nó ina dtaobh, déanfar, cheal comhaontuithe, é chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, i dteannta agus fá réir an mhodhnuithe gurb é eadránaí a dhéanfas an eadráin fán Acht san ná pé duine ainmneoidh an Coiste Réitigh chuige sin as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin.

(3) Ní bheidh d'oblagáid ar na Coimisinéirí aon chur isteach do dhéanamh ar aon talamh, éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile ná ar aon bhóthar nó droichead a molfar i scéim siltin cur isteach air go héigeanta agus a bhfeicfear do na Coimisinéirí ina thaobh, i gcúrsa an scéim siltin sin do chur i ngníomh, nach gá an cur isteach san chun an scéim sin do chur i ngníomh.

(4) An méid cúitimh is iníoctha le duine ar bith mar gheall ar chur isteach substainteach do dhéanamh go héigeanta ar aon talamh nó srianadh, foirceannadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh go héigeanta ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile nó claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead príobháideach fá réim nó de bhun scéime siltin, déanfar, cheal comhaontuithe, é chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é a bheadh sa chúiteamh san ná an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta, ach san i dteannta agus fá réir an mhodhnuithe gurb é eadránaí a dhéanfas an eadráin fán Acht san ná pé duine ainmneoidh an Coiste Réitigh chuige sin as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses (Consolidation) Act, 1845, maidir leis an gcúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí fán alt so, agus chun críocha na feidhme sin is tuigthe gurb iad na Coimisinéirí tionnscnóirí na scéime.

(6) Ní luighfidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Aire ná na gCoimisinéirí ná i gcoinne aon oifigigh, gníomhaire, ná seirbhísigh don Aire nó do na Coimisinéirí i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina thaobh de bhuaidh an ailt seo nó de bhuaidh ceachtar den dá alt díreach ina dhiaidh seo.

Cúiteamh as cur isteach áirithe ar thalamh.

15. —(1) Duine ar bith a fhuilingeos aon chaillteanas nó damáiste mar gheall ar aon chur isteach (seachas tógaint nó cur isteach éigeanta fán Acht so) ag na Coimisinéirí le linn aon oibreacha siltin do dhéanamh fán Acht so ar aon talamh a bheas ar únaeracht nó ar lonnaíocht aige nó ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile is leis, beidh sé, fá réir forál an Achta so, i dteideal na Coimisinéirí d'íoc cúitimh leis i leith an chaillteanais nó an damáiste sin.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh fán alt so—

(a) cuirfear é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí laistigh de bhliain tar éis an dáta ar a dtosnófar ar an gcur isteach lena mbainfidh an t-éileamh, agus

(b) déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin, agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

Cúiteamh i ndíobháil do chanála, iascaigh, etc.

16. —(1) Duine ar bith a fhuilingeos, tar éis deimhniú déantachta d'eisiúin, aon chaillteanas nó damáiste de dheascaibh díobhála (seachas tógaint, srianadh, foirceannadh, nó cur isteach éigeanta fán Acht so) d'aon chanáil nó uisce-bhealach intseolta eile nó d'aon cheart uisce-chumhachta nó ceart uisce eile nó d'aon iascach nó ceart iascaigh, beidh sé, fá réir forál an Achta so, i dteideal na Coimisinéirí d'íoc cúitimh leis sa díobháil sin i gcás, agus amháin i gcás, an díobháil sin do theacht trí oibriú ginearálta na n-oibreacha siltin lena mbainfidh an deimhniú déantachta san nó trí na hoibreacha san d'oibriú ar aon mhodh nó cúrsa áirithe.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh fán alt so, cuirfear é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí agus i gcás díobhála d'iascach nó do cheart iascaigh, laistigh de dheich mbliana nó, in aon chás eile, laistigh de thrí bliana tar éis dáta deimhnithe dhéantachta na n-oibreacha siltin as a n-éireoidh an t-éileamh.

(3) Gach éileamh a déanfar go cuibhe ar chúiteamh fán alt so, déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin, agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

Rudaí ar a dtabharfar áird le linn cúiteamh do mheisiúnú.

17. —Nuair a bheas cúiteamh á mheisiúnú ag an eadránaí de bhun aon ailt de na trí hailt deiridh sin roimhe seo, bhéarfaidh sé áird i ngach cás ar aon tairbhe d'aon mhaoin (pé acu is í an mhaoin í ar ina leith a bheas an cúiteamh san á éileamh nó nach ea) leis an duine a bheas ag éileamh an chúitimh sin a thiocfas, nó a mbeidh coinne do réir réasúin lena teacht, den scéim siltin do chur i ngníomh ar ina taobh a bheas an cúiteamh á éileamh, agus déanfaidh an t-eadránaí go sonnruch—

(a) áird do thabhairt, i gcás éilimh i leith canála nó uiscebhealaigh intseolta eile, ar aon bhuan-tairbhe d'intseoltacht an uisce-bhealaigh sin a thiocfas, nó a mbeidh coinne do réir réasúin lena teacht, den scéim siltin sin do chur i ngníomh, agus

(b) áird do thabhairt, i gcás éilimh i leith cearta uisce, ar aon uisce-shólathar ionaid a chuirfidh na Coimisinéirí ar fáil, agus

(c) áird do thabhairt, i gcás éilimh mar gheall ar chur isteach ar uisce nó ar uisce-chúrsa a sholáthraíos cumhacht do mhuileann nó do ghnóthas eile tionnscail, ar a mhéid do rinneadh an chumhacht a soláthraítear amhlaidh d'úsáid chun críche tionnscail sna deich mbliana díreach roimh an dáta ar ar dhaingnigh an tAire an scéim siltin sin, agus áird do thabhairt freisin ar aon fhoinse eile chumhachta a chuirfidh na Coimisinéirí ar fáil.

Luacháil tailte tairbhithe do leasú.

18. —(1) Is dleathach do na Coimisinéirí, ag an am agus sna tosca a luaitear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, leasú do dhéanamh i pé slí a mheasfaid is ceart ar an ráiteas i scéim siltin maidir le luach bliantúil iomlán, nó leis an méadú iomlán ar luach bhliantúil, na dtailte tairbhithe nó na coda de na tailte tairbhithe (pé acu é) a bheas suite i gcontae áirithe.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí leasú fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhéanamh—

(a) i gcás an leasú do dhéanamh de dhruim agóide ó chomhairle na contae ina mbeidh na tailte lena mbainfidh an scéal i gcoinne deimhniú déantachta d'eisiúin—le linn nó díreach tar éis an deimhniú san d'eisiúin, no

(b) i gcás an leasú do dhéanamh de dhruim iarratais chuige sin ó chomhairle na contae ina mbeidh na tailte—aon tráth tar éis an t-iarratas san do dhéanamh, nó

(c) i gcás na Coimisinéirí do dhéanamh an leasuithe uathu féin ar aon chúis is leor leo féin—aon tráth a chífear do na Coimisinéirí do bheith oiriúnach.

(3) Aon uair a leasós na Coimisinéirí fán alt so an ráiteas i scéim siltin maidir le luach bliantúil iomlán tailte nó leis an méadú iomlán ar luach bliantúil tailte, cuirfidh na Coimisinéirí in iúl i scríbhinn do chomhairle na contae ina mbeidh na tailte sin an leasú san do bheith déanta.

(4) Beidh aon oifigeach, gníomhaire nó seirbhíseach do na Coimisinéirí i dteideal dul isteach, agus pé cúntóirí a mheasfaidh is gá ina theannta, ar aon talamh gach tráth réasúnach agus na nithe sin uile do dhéanamh ann a mheasfaidh is gá chun pé luacháil do dhéanamh ar an talamh san a mheasfaidh na Coimisinéirí do bheith riachtanach chun breithniú agus (más oiriúnach leo é) leasú fán alt so do dhéanamh ar ráiteas maidir le luach bliantúil iomlán nó leis an méadú iomlán ar luach bliantúil.

An Moladh.

19. —(1) Ar dheimhniú déantachta do bheith eisithe agus ar fhorála (a mhéid a bhainfid leis an gcás) na n-alt san roimhe seo do bheith comhlíonta, déanfaidh na Coimisinéirí Moladh agus luafaid ann na nithe agus na rudaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an deimhniú lán-déantachta nó páirt-déantachta (pé acu é) do bheith eisithe agus dáta a eisiúna;

(b) i dtéarmaí ginearálta, na hoibreacha siltin adeirtear sa deimhniú déantachta do bheith críochnaithe;

(c) na tailte do sileadh nó do feabhsaíodh ar shlí eile trí na hoibreacha siltin sin do dhéanamh agus an chontae nó na contaethe ina bhfuil na tailte sin agus, más i dhá gcontae nó níos mó do na tailte sin, an chuid de na tailte sin atá i ngach contae fá leith acu san;

(d) i gcás na tailte tairbhithe go léir do bheith san aon chontae amháin, luach bliantúil iomlán (tráth ullmhuithe na scéime siltin iomchuibhe) na dtailte sin agus an méadú iomlán ar a luach bliantúil de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh nó, i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, luacha bliantúla iomlána (an tráth san) na gcoda fá seach de na tailte sin atá i ngach contae fá leith dhíobh san agus na méaduithe iomlána uile agus fá seach ar luacha bliantúla na gcoda san fá seach de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh;

(e) an líomatáiste a ceaptar leis an Moladh ina cheanntar siltin leithleach;

(f) pé nithe eile a mheasfaidh na Coimisinéirí is ceart a luadh sa Mholadh.

(2) Cuirfidh na Coimisinéirí fá ndear cóip dhílis do dhéanamh de gach Moladh a déanfar fán alt so agus cuirfid fá ndear deimhniú d'fhormhuiniú uirthi á dheimhniú gur cóip dhílis an chóip sin, agus déanfaid ansan an Moladh d'inrollú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

(3) Coinneoidh na Coimisinéirí an chóip de Mholadh a déanfar agus a deimhneofar de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Cuirfidh na Coimisinéirí cóip de gach Moladh a déanfar fán alt so go dtí comhairle gach contae ina mbeidh an líomatáiste nó aon chuid den líomatáiste a ceapfar leis an Moladh ina cheanntar siltin leithleach.

(5) Gabhfaidh moladh a déanfar fán alt so de dhruim deimhniú lán-déantachta d'eisiúin réim agus ionad gach Molta (más ann) a bheas déanta roimhe sin fán alt so de dhruim deimhniú páirtdéantachta d'eisiúin maidir le hoibreacha siltin a háireofar sa deimhniú lán-déantachta san.

(6) Fá réir forál an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh gach Moladh a déanfar fán alt so, ar é d'inrollú go cuibhe de bhun an ailt seo, ina mholadh do-chlaoite agus ina cheangal ar gach páirtí, agus beidh cóip de arna heisiúin agus arna deimhniú ag Máistir na hArd-Chúirte ina fianaise dho-chlaoite go ndearnadh an Moladh san go cuibhe agus fós ina fianaise dho-chlaoite ar lánas an Mholta san.

Tailte, etc., barrachais do chur de láimh.

20. —(1) A luaithe is caothúil tar éis deimhniú déantachta d'eisiúin fiosróidh agus cinnfidh na Coimisinéirí, maidir le tailte, éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoreachta agus cearta eile a bheas tógtha acu fán Acht so chun críocha na scéime siltin iomchuibhe, an bhfuil aon chuid díobh san agus, má tá, cad é an chuid é, neamhriachtanach agus neamhghátarach chun na hoibreacha siltin lena mbainfidh an deimhniú san d'oibriú agus do chothabháil mar is ceart.

(2) Na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile go léir (más ann) a chinnfidh na Coimisinéirí de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do bheith neamhriachtanach agus neamhghátarach mar a luaitear sa bhfo-alt san, déanfaidh na Coimisinéirí iad do dhíol nó do chur de láimh ar chuma eile chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire.

CUID III.

Ceanntracha Siltin Laithreacha.

An lá ceaptha don Chuid seo den Acht so.

21. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá do cheanadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar fán alt so chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Coda so den Acht so.

Rátaí siltin do dhíochur.

22. —(1) Amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, ní déanfar (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so maidir le riaráiste) aon ráta siltin do thobhach in aon cheanntar siltin láithreach, agus ina ionad san déanfar an t-airgead uile dob inchruinnithe roimhe sin (pé acu le haghaidh muirear caipitiúla nó le haghaidh costas cothabhála é) i gceanntar siltin láithreach nó i gcuid d'aon cheanntar den tsaghas san ag comhairle chontae nó ag bord siltin nó ag iontaobhaithe trí ráta siltin do chruinniú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás airgid dob inchruinnithe amhlaidh ag comhairle chontae, cruinneoidh an chomhairle sin é tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán, agus

(b) i gcás airgid dob inchruinnithe amhlaidh ag bord siltin nó ag iontaobhaithe, cruinneoidh an chomhairle chontae nó na comhairlí contae iomchuibhe é tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(2) Ní tuigthe éinní dá bhfuil i bhfo-alt (1) den alt so nó in Acht Dréineála na hAbhann Móire, 1926 (Uimh. 3 de 1926) , do theorannú suime aon airgid is inchruinnithe de bhuaidh an fho-ailt sin (1) maidir le Ceanntar Siltin na hAbhann Móire tríd an ráta dealúis.

(3) Ní tuigthe éinní dá bhfuil i bhfo-alt (1) den alt so nó in Achta Dréineála na Bearbha, 1927 agus 1933, do theorannú suime aon airgid is inchruinnithe de bhuaidh an fho-ailt sin (1) maidir le Ceanntar Siltin na Bearbha tríd an ráta dealúis.

Oibreacha siltin láithreacha do chothabháil.

23. —(1) Na hoibreacha siltin láithreacha uile a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, inchothabhálta ag comhairle chontae nó ag dhá chomhairle nó níos mó den tsórt san, leanfaid, an lá ceaptha agus dá éis agus go dtí go bhforáltar a mhalairt leis an Acht so nó fé, de bheith inchothabhálta ag an gcomhairle nó ag na comhairlí sin (acu féin nó trí choiste nó comhchoiste) mar bhí roimhe sin ach go mbeidh costais na cothabhála san inchruinnithe ag an gcomhairle sin nó ag gach ceann de na comhairlí sin tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(2) I gcás gach ceanntair shiltin láithrigh ina mbeidh na hoibreacha siltin, díreach roimh an lá ceaptha, inchothabhálta ag iontaobhaithe nó ag bord siltin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach beidh urlámhas agus bainistí an cheanntair shiltin láithrigh sin agus cothabháil na n-oibreacha siltin láithreacha ann arna n-aistriú chun, agus arna dteacht chun bheith ina gcúram de chuid, comhairle na contae nó comhairlí uile le chéile na gcontaethe ina mbeidh an ceanntar san;

(b) amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, déanfaidh an chomhairle sin nó na comhairlí sin le chéile (do réir mar bheas) na hoibreacha siltin láithreacha san do chothabháil;

(c) i gcás aistriú do dhéanamh leis an bhfo-alt so chun dhá chomhairle nó níos mó le chéile, luighfidh costais chothabhála na n-oibreacha siltin láithreacha lena mbainfidh an t-aistriú san ar na comhairlí sin i gcionúireachta a bheas i gcomhréir leis an méadú ar luach bliantiúil na dtailte do sileadh nó do feabhsaíodh i gcás gach contae fá leith mar taspántar san sa Mholadh iomchuibhe nó sa mholadh deiridh agus chun na cionúireachta san d'fhionnachtain beidh de chumhacht ag na Coimisinéirí pé cionroinnt is gá do dhéanamh;

(d) na costais nó an chionúireacht de na costais, a bhainfeas le hoibreacha siltin láithreacha do chothabháil de bhun an fho-ailt seo, is iníoctha ag aon chomhairle chontae, cruinneoidh an chomhairle sin iad tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán;

(e) ní bheidh d'oblagáid, de dhruim an fho-ailt seo, ar aon chomhairle ná ar aon chomhairlí le chéile aon oibreacha siltin láithreacha do chothabháil i riocht nó i ndeis is fearr ná an riocht agus an deis ina raibh na hoibreacha san tráth an iniúchta dheireannaigh a rinne na Coimisinéirí fán bhfo-alt so roimh an lá ceaptha (ach gan san do bheith níos luaithe ná dhá mhí dhéag roimhe);

(f) in aon imeachta i gcoinne comhairle contae nó comhairlí dhá chontae nó níos mó chun a n-aistreofar urlámhas agus bainistí ceanntair shiltin láithrigh leis an bhfo-alt so ag lorg airgid damáiste nó faoisimh i bhfoirm mandamus mar gheall ar an gcothabháil neamhdhóthaineach adeirtear do bheith á dhéanamh ar na hoibreacha siltin láithreacha sa cheanntar san, beidh deimhniú fá shéala na gCoimisinéirí, á rá gur chuir na Coimisinéirí fá ndear na hoibreacha siltin sin d'iniúchadh tráth sonnraithe agus gur deimhin leo go raibh na hoibreacha siltin sin, tráth an inúchta san, i riocht agus i ndeis chomh maith ar a laghad leis an riocht agus an deis ina rabhdar tráth an iniúctha dheireannaigh a rinne na Coimisinéirí orthu roimh an lá ceaptha, ina fhianaise dho-chlaoite dho-bhréagnuithe ar na fíorais a bheas luaite amhlaidh sa deimhniú san;

(g) is dleathach d'oifigeach, gníomhaire nó seirbhíseach do na Coimisinéirí dul isteach tráth ar bith (roimh an lá ceaptha nó dá éis) ar na hoibreacha siltin in aon cheanntar siltin láithreach lena mbainfidh an fo-alt so agus pé iniúchadh, fiafraithe, agus fiosrú do dhéanamh ann a mheasfaidh is ceart maidir le riocht agus deis na n-oibreacha siltin láithreacha sa cheanntar san.

(3) I gcás urlámhas agus bainistí ceanntair shiltin láithrigh agus cúram cothabhála na n-oibreacha siltin láithreacha ann d'aistriú leis an alt so chun dhá chomhairle chontae nó níos mó le chéile, déanfaidh comhchoiste de na comhairlí sin a cheapfaidh na comhairlí sin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí fán alt so an t-urlámhas, an bhainistí agus an chothabháil sin do chomhlíonadh.

(4) Féadfar, trí rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí fán alt so, na nithe sin uile d'ordú a mheasfaidh an tAire sin is ceart maidir le comhaltas comhchoistí den tsórt a luaitear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, le toghadh agus téarmaí oifige comhaltaí na gcomhchoistí sin, le nós imeachta na gcomhchoistí sin, agus le hiniúchadh a gcuntas.

(5) Ní údaróidh éinní dá bhfuil san alt so do chomhchoiste a ceapfar fán alt so aon airgead do chruinniú ar gá do réir an Achta so gur comhairle chontae do chruinneodh é.

(6) Scoirfidh fo-alt (4) d'alt 23 den Acht Dréineála Airtéirí, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , d'éifeacht do bheith aige maidir le ceapacháin chun coistí agus comhchoistí a déanfar fán alt san tar éis an lae cheaptha.

(7) Scoirfidh na focail “agus ní foláir d'éinne amháin ar a laghad den bheirt bhall deiridh a luaitear bheith ina íocóir ráta dhréineála i gcontae na comhairle sin” atá i mír 2 den Sceideal a ghabhas le hAcht Dréineála na Bearbha, 1927 (Uimh. 26 de 1927) , d'éifeacht do bheith acu maidir le ceapacháin chun Bord Siltin na Bearbha a déanfar tar éis an lae cheaptha.

Orduithe aistrithe chothabhála.

24. —(1) Tráth ar bith tar éis an lae cheaptha féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú aistrithe chothabhála san Acht so) arna dhéanamh ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin, urlámhas agus a bainistí aon cheanntair shiltin láithrigh a mbeidh a urlámhas agus a bhainistí, díreach roimh an t-ordú san do dhéanamh, dílsithe i gcomhairle chontae nó i gcomhairlí dhá chontae nó níos mó, d'aistriú chun na gCoimisinéirí amhail ar dháta sonnraithe agus ón dáta san amach.

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú aistrithe chothabhála, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh urlámhas agus bainistí an cheanntair shiltin láithrigh lena mbainfidh an t-ordú san agus cúram cothabhála na n-oibreacha siltin láithreacha ann chun bheith agus beid dílsithe sna Coimisinéirí amhail ar an dáta agus ón dáta a luafar chuige sin san ordú san;

(b) amhail ar dháta agus ó dháta an aistrithe sin agus mura dtarlaí agus go dtí go dtarlóidh na hoibreacha siltin láithreacha san do chur isteach leis na hoibreacha a molfar i scéim siltin do dhéanamh de bhun na scéime sin agus na Coimisinéirí do dhul isteach ar na hoibreacha siltin láithreacha san chun an scéim siltin sin do chur i ngníomh, déanfaidh an chomhairle nó na comhairlí óna n-aistreofar an ceanntar siltin láithreach san leis an ordú san na costais agus an caiteachas fána raghaidh na Coimisinéirí ag cothabháil na n-oibreacha siltin láithreacha san d'íoc leis na Coimisinéirí sa tslí a foráltar le Cuid V den Acht so.

Iontaobhaithe siltin agus buird siltin do scor.

25. —(1) Gach comhlucht iontaobhaithe agus gach bord siltin ina mbeidh urlámhas agus bainistí ceanntair shiltin láithrigh dílsithe díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith agus beid scortha an lá san de bhuaidh an ailt seo.

(2) An méid is iomchuibhe de na forála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht acu ar an lá ceaptha maidir le gach comhlucht iontaobhaithe agus le gach bord siltin a thiocfas chun bheith scortha an lá san de bhuaidh an ailt seo.

Costas oibreacha siltin láithreacha d'íoc.

26. —An t-airgead is iníoctha leis na Coimisinéirí ag comhairle chontae in aisíoc an chaiteachais fána ndeachthas ag déanamh na n-oibreacha siltin i gceanntar siltin láithreach (seachas Ceanntar Siltin na Bearbha) nó ag deisiú aon oibreacha siltin den tsórt san fán Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 (Uimh. 46 de 1924) , deanfaidh an chomhairle sin, amhail ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, é chruinniú (sa mhéid ná beidh an caiteachas san aisíoctha roimh an lá ceaptha) tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus ní dhéanfaidh an chomhairle sin aon chuid den airgead san do chruinniú trí ráta siltin.

Forála maidir le Ceanntar Siltin na Bearbha.

27. —(1) Scoirfidh alt 19 d'Acht Dréineála na Bearbha, 1927 ( Uimh. 26 de 1927 ), arna leasú le halt 3 d'Acht Dréineála na Bearbha, 1933 ( Uimh. 30 de 1933 ), d'éifeacht do bheith aige maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil a thosnós tar éis an lae cheaptha.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 20 d'Acht Dréineála na Bearbha, 1927 ( Uimh. 26 de 1927 ), in aon bhliain airgeadais áitiúil a thosnós tar éis an lae cheaptha agus ina ionad san beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) i ngach bliain airgeadais áitiúil den tsórt san go críoch na gcúig mblian tríochad de bhlianta airgeadais áitiúla a luaitear san alt san 20, íocfaidh comhairlí contaethe Chill Dara, Laoighse, agus Ó bhFailghe fá seach suim seacht míle, céad agus ceithre puint chaogad leis na Coimisinéirí agus íocfaidh na comhairlí sin an tsuim sin amhlaidh sna cionúireachta ina ndlíd agus ar na coinníollacha ar a ndlíd anois rann-íoc do dhéanamh i leith na suime bliantúla is iníoctha acu fán alt san 20;

(b) an t-airgead is iníoctha leis na Coimisinéirí ag comhairle chontae fán mír sin roimhe seo den fho-alt so, cruinneoidh an chomhairle sin é tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus ní chruinneoidh an chomhairle sin aon chuid den airgead san tríd an ráta siltin fán Acht san;

(c) an méid den tsuim bhliantúil is iníoctha leis na Coimisi-éirí fán alt san 20 ná glanfar trí na híocaíochta fá na míreanna san roimhe seo den fho-alt so, íocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Aon airgead a bheas i seilbh Bhord Siltin na Bearbha an lá ceaptha nó a gheobhaid tar éis an lae cheaptha i leith aon tréimhse dar críoch an lá ceaptha nó lá roimhe sin, úsáidfear é chun laghduithe an airgid a bheas le cruinniú le haghaidh na gcostas cothabhála maidir le Ceanntar Siltin na Bearbha in aon bhliain airgeadais áitiúil a thosnós tar éis an lae cheaptha.

Forála áirithe i dtaobh ceanntracha siltin láithreacha fá bhainistí comhairlí.

28. —(1) San alt so ciallaíonn an abairt “comhairle fhreagarthach”, maidir le ceanntar siltin láithreach a mbeidh a urlámhas agus a bhainistí dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle chontae nó i dhá gceann nó níos mó de chomhairlí den tsórt san le chéile, an chomhairle nó ceann de na comhairlí ina mbeidh an t-urlámhas agus an bhainistí sin dílsithe amhlaidh.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach ceanntar siltin láithreach a mbeidh a urlámhas agus a bhainistí dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle chontae nó i dhá gceann nó níos mó de chomhairlí den tsórt san le chéile, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh comhairle fhreagarthach nó comhairlí freagarthacha aon cheanntair shiltin láithrigh den tsórt san, as a gcomhairle féin, pé loghaíocht do thabhairt a mheasfaid is ceart maidir le modh nó tráth íoctha aon riaráiste ráta shiltin nó muirir shiltin a bheas dlite don chomhairle nó do na comhairlí sin an lá ceaptha;

(b) i gcás an chomhairle fhreagarthach nó ceann amháin nó níos mó de na comhairlí freagarthacha maidir le haon cheanntar shiltin láithreach den tsórt san d'úsáid airgid, roimh an lá ceaptha (pé acu roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis é), as a gciste contae nó a gcistí contae fá seach chun críocha an cheanntair shiltin láithrigh sin agus an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí dá dhearbhú, le hordú arna dhéanamh roimh an lá ceaptha nó dá éis, úsáid sin an airgid sin do bheith réasúnach agus ceart, beidh, agus is tuigthe go raibh riamh, úsáid sin an airgid sin ag an gcomhairle nó na comhairlí sin dleathach, bailí agus neamh-inchonspóide;

(c) i gcás dhá chomhairle fhreagarthacha nó níos mó do bheith ann maidir le haon cheanntar siltin láithreach den tsórt san agus ceann de na comhairlí sin d'úsáid airgid, roimh an lá ceaptha (pé acu roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis é), as a gciste contae chun críocha an cheanntair shiltin láithrigh sin gan an rann-íoc (más ann) d'fháil ón gceann nó ó na cinn eile de na comhairlí freagarthacha san dob iníoctha do réir cirt i leith an airgid sin ag an gceann nó na cinn eile sin de na comhairlí sin, is dleathach d'aon chomhairle fhreagarthach acu san scéim d'ullmhú chun an t-airgead uile a bheas úsáite amhlaidh ag aon chomhairle acu d'éagmais an rann-íoca san do choigeartú agus do chionroinnt idir na comhairlí freagarthacha san, agus má aontaíonn agus nuair a aontós an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí leis an scéim sin beidh feidhm dlí aici agus bhéarfar éifeacht di dá réir sin.

Comhairle dá fhaillí oibreacha siltin láithreacha do chothabháil.

29. —(1) Aon uair, tar éis an lae cheaptha, is dóigh leis na Coimisinéirí go bhfuil aon oibreacha siltin láithreacha is inchothabhálta de thuras na huaire ag comhairle chontae nó ag comhairlí dhá chontae nó níos mó gan bheith dá gcothabháil mar is ceart agus go bhfuil géar-ghá le hobair chothabhála nó deisiúcháin maidir leis na hoibreacha siltin láithreacha san, is dleathach do na Coimisinéirí fógra (dá ngairmtear fógra drochdheise san alt so) do sheirbheáil leis an bpost ar an gcomhairle sin nó ar gach ceann de na comhairlí sin á rá gur dóigh leis na Coimisinéirí go bhfuil géar-ghá leis an obair chothabhála nó deisiúcháin a bheas sonnraithe chuige sin sa bhfógra san maidir leis na hoibreacha siltin láithreacha san agus á cheangal ar an gcomhairle nó ar na comhairlí sin an obair chothabhála nó deisiúcháin sin do dhéanamh laistigh d'am a bheas ceaptha chuige sin sa bhfógra san.

(2) Aon uair a seirbheálfar fógra droch-dheise fán bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) an chomhairle nó na comhairlí ar a seirbheálfar an fógra droch-dheise sin amhlaidh déanfaid láithreach, chun sástachta na gCoimisinéirí, an obair chothabhála nó deisiúcháin a bheas sonnraithe sa bhfógra san agus íocfaid costas déanta na hoibre sin sa tslí chéanna agus, i gcás dhá chomhairle nó níos mó, sna cionúireachta céanna ina mbeidh ceangailte de thuras na huaire ar an gcomhairle nó ar na comhairlí sin leis an Acht so nó ar shlí eile do réir dlí costas cothabhála na n-oibreacha siltin láithreacha lena mbainfidh an fógra san d'íoc;

(b) mura ndéana an chomhairle nó na comhairlí sin an obair chothabhála nó deisiúcháin sin chun sástachta na gCoimisinéirí laistigh den am a bheas ceaptha chuige sin sa bhfógra droch-dheise sin, is dleathach do na Coimisinéirí dul isteach ar na hoibreacha siltin láithreacha san agus an obair chothabhála nó deisiúcháin sin do dhéanamh nó do chríochnú ann (do réir mar bheas);

(c) má théigheann na Coimisinéirí isteach ar na hoibreacha siltin láithreacha san agus go ndéanfaid nó go gcríochnóid ann obair chothabhála nó deisiúcháin fán mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, seirbheálfaidh na Coimisinéirí ar an gcomhairle nó ar gach ceann de na comhairlí lena mbainfidh an scéal fógra ina luafar méid na gcostas agus an chaiteachais fána ndeachaidh na Coimisinéirí ag déanamh nó ag críochnú (do réir mar bheas) na hoibre sin agus air sin beidh an tsuim a luafar amhlaidh iníoctha leis na Coimisinéirí ag an gcomhairle nó ag na comhairlí sin agus, mura n-íoctar amhlaidh í, beidh sí inbhainte amach ag na Coimisineirí in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha ghnáthchonnartha;

(d) an tsuim is iníoctha leis na Coimisinéirí ag comhairle nó ag dhá chomhairle no níos mó fán mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so déanfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin í d'íoc sa tslí ina mbeidh ceangailte de thuras na huaire ar an gcomhairle nó ar na comhairlí sin leis an Acht so nó ar shlí eile do réir dlí costas cothabhála na n-oibreacha siltin láithreacha san d'íoc agus, i gcás an tsuim sin do bheith iníoctha amhlaidh ag dhá chomhairle nó níos mó, íocfaid í agus beidh sí inbhainte dhíobh sna cionúireachta céanna ina mbeidh an costas cothabhála san iníoctha mar adúradh acu.

E bheith de dhualgas ar chomhairlí tuarascáil do thabhairt uathu.

30. —(1) Déanfaidh gach comhairle chontae a bheas, tar éis an lae cheaptha, freagarthach fán gCuid seo den Acht so i gcothabháil na n-oibreacha siltin i gceanntar siltin láithreach agus comhchoiste aon dá chomhairle chontae nó níos mó a bheas freagarthach amhlaidh le chéile tuarascáil do thabhairt do na Coimisinéirí gach bliain maidir leis an gceanntar siltin láithreach san agus na hoibreacha siltin ann.

(2) Gach tuarascáil do bhéarfar de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so beidh sí i pé foirm agus beidh pé sonnraí inti a ordóidh na Coimisinéirí chuige sin.

CUID IV.

Cladhphoirt Laithreacha.

Urlámhas agus bainistí cladhphort láithreach d'aistriú chun na gCoimisinéirí

31. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú aistrithe sa Chuid seo den Acht so), aon uair is oiriúnach leis san do dhéanamh ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin, urlámhas agus bainistí aon chladhphoirt láithrigh d'aistriú chun na gCoimisinéirí agus fós, i gcás an cladhphort láithreach san do bheith, díreach roimh dháta an orduithe sin, dílsithe in iontaobhaithe, an cladhphort láithreach san d'aistriú chun na gCoimisinéirí agus an céanna do dhílsiú iontu chun an eastáit chéanna chun a raibh sé dílsithe amhlaidh sna hiontaobhaithe sin.

(2) Oibreoidh ordú aistrithe agus beidh éifeacht aige do réir a théarmaí agus, má bhíonn an cladhphort láithreach lena mbainfidh an t-ordú san curtha isteach leis na hoibreacha siltin a molfar i scéim siltin a dhéanamh, oibreoidh an t-ordú aistrithe sin chun an cladhphort láithreach san do chorprú sna hoibreacha siltin sin, agus in aon chás eile oibreoidh an t-ordú aistrithe sin chun a chur mar dhualgais (dá ngairmtear dualgais deisiúcháin agus chothabhála sa Chuid seo den Acht so) ar na Coimisinéirí an cladhphort láithreach lena mbainfidh an t-ordú san do chur i ndeis cheart agus i riocht éifeachtach agus é chothabháil sa deis cheart agus sa riocht éifeachtach san.

(3) Beidh de chumhacht ag na Coimisinéirí, chun na dualgais deisiúcháin agus chothabhála do dhéanamh a cuirfear orthu maidir le cladhphort láithreach de bhuaidh orduithe aistrithe—

(a) dul isteach ar aon talamh agus na nithe sin uile do dhéanamh ann is dóigh leo is gá chun na críche sin agus, go sonnruch, cré agus abhair eile do bhaint den talamh san, agus

(b) gach ceist do chinneadh a éireos maidir leis an gcladhphort láithreach san agus lena dheisiú nó a chothabháil agus cearta, oblagáidí, agus dliteanais na bpáirtithe uile ina leith do mhíniú nó d'ordú.

(4) Féadfaidh ordú aistrithe bheith ina ordú ná bainfidh ach le cuid de chladhphort láithreach, agus dá réir sin sa Chuid seo den Acht so (agus na fo-mhíreanna san roimhe seo den alt so d'áireamh) déanfar, i gcás an comhthéacs dá cheadú san, an abairt “cladhphort láithreach” do léiriú mar abairt a fholaíos cuid de chladhphort láithreach chomh maith le hiomlán cladhphoirt láithrigh.

Cumhacht chun cladhphort ionadaitheach do dhéanamh.

32. —(1) Aon uair is deimhin leis na Coimisinéirí, maidir le cladhphort láithreach a gcuirfear dualgais deisiúcháin agus chothabhála orthu ina thaobh de bhuaidh orduithe aistrithe, gur gá cladhphort nua do dhéanamh (i dteannta nó in ionad an chladhphoirt láithrigh sin) ar shuíomh eile chun an talamh nó cuid den talamh dá bhfónann an cladhphort láithreach san do cheart-chosaint, is dleathach do na Coimisinéirí an cladhphort nua san do dhéanamh ar an suíomh san agus do réir na bplean san a mheasfaid is oiriúnach tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta.

(2) Chun cladhphort nua do dhéanamh fán bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh de chumhacht ag na Coimisinéirí—

(a) dul isteach ar an suíomh a beartófar don chladhphort nua san agus an cladhphort nua san do dhéanamh ann agus fós na nithe sin uile do dhéanamh ann is dóigh leo is gá chuige sin nó ina thaobh san, agus

(b) dul isteach ar aon talamh eile agus na nithe sin do dhéanamh ann is dóigh leo is gá chun an cladhphort nua san do dhéanamh agus, go sonnruch, cré agus abhair eile do bhaint den talamh san, agus

(c) cúiteamh d'íoc as damáiste, buan nó sealadach, a bhainfidh do thalamh trí na Coimisinéirí d'fheidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dóibh leis na forála san roimhe seo den fho-alt so.

(3) Gach iarratas ar chúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí a ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin agus beidh breith an eadránaí sin (maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin) ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(4) Nuair a bheas an ceart chun cúitimh den tsórt a luaitear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so nó méid an chúitimh sin á chinneadh ag eadránaí fán bhfo-alt san, bhéarfaidh an t-éadránaí áird ar an tairbhe (más ann) a bheas déanta d'éilitheoir an chúitimh sin nó dá thalamh tríd an cladhphort nua san do dhéanamh.

(5) Má dhéanann na Coimisinéirí cladhphort nua fán alt so i dteannta nó in ionad cladhphoirt láithrigh, ansan, na cumhachta agus na dualgais a bronntar nó a cuirtear leis an gCuid seo den Acht so nó a bronnfar nó a cuirfear fúithi ar na Coimisinéirí maidir le cothabháil an chladhphoirt láithrigh sin beidh feidhm agus réim acu maidir leis an gcladhphort nua san.

Costas cothabhála cladhphoirt láithrigh d'íoc.

33. —(1) Nuair a bheas na Coimisinéirí tar éis an obair do chríochnú a bhainfeas le deis cheart agus riocht éifeachtach (lena n-áirítear, i gcás cladhphort nua do dhéanamh fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, déanamh an chladhphoirt nua san) do chur ar chladhphort láithreach a gcuirfear dualgais deisiúcháin agus chothabhála ina thaobh orthu de bhuaidh orduithe aistrithe. deimhneoidh na Coimisinéirí—

(a) cad é an dáta (dá ngairmtear an dáta déantachta san alt so agus i gCuid V den Acht so) ar ar críochnaíodh an obair sin, eadhon, deis cheart agus riocht éifeachtach do chur ar an gcladhphort san, agus

(b) cad é an chomhairle chontae nó cad iad na comhairlí contae fá seach a luighfidh orthu fán alt so costais chothabhála an chladhphoirt láithrigh sin tar éis an dáta dhéantachta, agus

(c) i gcás ina ndeimhneofar amhlaidh na costais sin do luighe ar dhá chomhairle nó níos mó den tsórt san, cad é an chionúireacht de na costais sin a luighfidh amhlaidh ar gach comhairle fá leith acu san.

(2) Nuair a bheas deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so i dtaobh cladhphoirt láithrigh, beidh muirear na gcostas uile fána raghaidh na Coimisinéirí ag cothabháil an chladhphoirt láithrigh sin tar éis an dáta dhéantachta, agus a n-íoc leis na Coimisinéirí, ar an gcomhairle nó na comhairlí a bheas ainmnithe chuige sin sa deimhniú san fán bhfo-alt san roimhe seo do réir na bhforál iomchuibhe de Chuid V den Acht so.

Cladhphort láithreach do thréigean.

34. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú tréigin sa Chuid seo den Acht so), aon uair a mheasfaidh is ceart san do dhéanamh ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin, a údarú iomlán cladhphoirt láithrigh nó aon chuid shonnraithe de chladhphort láithreach do thréigean a mbeidh dualgais deisiúcháin agus chothabhála ina thaobh curtha ar na Coimisinéirí de bhuaidh orduithe aistrithe.

(2) Oibreoidh ordú tréigin chun a údarú do na Coimisinéirí an cladhphort láithreach nó an chuid de chladhphort láithreach lena mbainfidh an t-ordú san do thréigean agus chun na Coimisinéirí d'fhuascailt agus do shaoradh, amhail ó dháta an orduithe sin, ó na dualgais deisiúcháin agus chothabhála a bheas curtha orthu de bhuaidh an orduithe aistrithe iomchuibhe.

(3) Duine ar bith a fhuilingeos caillteanas nó damáiste de dheascaibh talamh a bheas ar únaeracht nó ar lonnaíocht aige do thuiliú beidh sé, i gcás an tuiliú san do theacht go díreach de thréigean chladhphoirt láithrigh de bhun orduithe thréigin, i dteideal na Coimisinéirí d'íoc cúitimh leis sa chaillteanas nó sa damáiste sin.

(4) Gach éileamh ar chúiteamh fán alt so—

(a) cuirfear é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí laistigh de bhliain tar éis an caillteanas nó an damáiste lena mbainfidh an t-éileamh d'fhulang den chéad uair, agus

(b) déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí a ainmeoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(5) Aon chúiteamh is iníoctha fán alt so maidir le tuiliú tailimh (dá ngairmtear talamh tuilte sa bhfo-alt so) a bheas, leis féin nó i dteannta tailimh eile, fá Bhlianacht Talamh-Cheannaigh nó íocaíocht bhliantúil eile (nach é amháin a bheas inti cíos fá chonnradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí, cuirfear é chun nó mar chabhair chun fuascailte an mhéide (pé acu an t-iomlán nó cuid é) den bhlianacht nó den íocaíocht bhliantúil sin a bheas muirearaithe nó cionroinnte ar an talamh tuilte amháin, agus ní híocfar le húnaer nó lonnaitheoir an tailimh thuilte ach an barrachas (más ann) a bheas fágtha den chúiteamh san tar éis na fuascailte sin.

Cistí iontaobhais maidir le cladhphoirt láithreacha.

35. —I gcás ciste iontaobhais do bheith ann ar dháta orduithe aistrithe, pé acu san Iontaobhaí Poiblí nó i gCoimisiún Talún na hÉireann nó in iontaobhaithe a bheas an ciste sin dílsithe, chun an cladhphort láithreach (leis féin nó i dteannta oibreacha eile) a mbainfidh an t-ordú aistrithe sin leis nó le cuid de do chothabháil (pé acu go buan nó ar feadh tréimhse sonnraithe nó eile é), beidh feidhm agus éifeacht ag pé forála acu so leanas is infheidhme, sé sin le rá:—

(a) má bhaineann an t-ordú aistrithe sin le hiomlán an chladhphoirt láithrigh sin agus ná bainfidh an ciste iontaobhais sin ach leis an gcladhphort láithreach san amháin, déanfar, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú aistrithe sin do dhéanamh, an ciste iontaobhais sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire;

(b) mura mbaine an t-ordú aistrithe sin ach le cuid den chladhphort láithreach san agus ná bainfidh an ciste iontaobhais sin ach leis an gcladhphort láithreach san amháin, déanfaidh Coimisinéir Breithiúntais Choimisiún Talún na hÉireann, ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin agus ar fhógra do bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi do thabhairt do na páirtithe sin ar éisteacht d'fháil, an ciste iontaobhais sin do chionroinnt idir an chuid den chladhphort láithreach san lena mbainfidh an t-ordú aistrithe sin agus iarmhéid an chladhphoirt láithrigh sin, agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais sin a bheas cionroinnte amhlaidh ar an gcuid den chladhphort láithreach san lena mbainfidh an t-ordú aistrithe sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire;

(c) má bhaineann an t-ordú aistrithe sin le hiomlán an chladhphoirt láithrigh sin agus go mbainfidh an ciste iontaobhais sin leis an gcladhphort láithreach san agus fós le hoibreacha eile, déanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais sin, ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin agus ar fhógra do bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi do thabhairt do na páirtithe sin ar éisteacht d'fháil, an ciste iontaobhais sin do chionroinnt idir an cladhphort láithreach san agus na hoibreacha eile sin, agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais sin a bheas cionroinnte amhlaidh ar an gcladhphort láithreach san d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire;

(d) mura mbaine an t-ordú aistrithe sin ach le cuid den chladhphort láithreach san agus go mbainfidh an ciste iontaobhais sin leis an gcladhphort láithreach san agus fós le hoibreacha eile, déanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais sin, ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin agus ar fhógra do bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi do thabhairt do na páirtithe sin ar éisteacht d'fháil, an ciste iontaobhais sin do chionroinnt idir an chuid den chladhphort láithreach san lena mbainfidh an t-ordú t-aistrithe sin, ar thaobh, agus iarmhéid an chladhphoirt láithrigh sin agus na hoibreacha eile sin, ar an taobh eile, agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais sin a bheas cionroinnte amhlaidh ar an gcuid den chladhphort láithreach san lena mbainfidh an t-ordú aistrithe sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire;

(e) in aon chás ina gceangaltar le haon cheann de na forála san roimhe seo den alt so ciste iontaobhais nó cuid de chiste iontaobhais d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste, is dleathach don Iontaobhaí Poiblí nó do Choimisiún Talún na hÉireann nó do na hiontaobhaithe (pé acu é) iomlán na suncála (más ann) a sheasós an tráth san don chiste iontaobhais sin, nó pé méid díobh is gá, do dhíol chun an t-íoc nó an cur-chun-tairbhe sin do dhéanamh;

(f) má ceangaltar fá aon cheann de na forála san roimhe seo den alt so iomlán an chiste iontaobhais sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste, beidh an tIontaobhaí Poiblí, Coimisiún Talún na hÉireann, nó na hiontaobhaithe, pé acu san a raibh an ciste iontaobhais sin dílsithe ann nó iontu díreach roimh an íoc nó an cur-chun-tairbhe sin do dhéanamh, saortha de bhuaidh an Achta so, díreach tar éis an t-íoc nó an cur-chun-tairbhe sin do dhéanamh, ó na hiontaobhais agus na dualgais ar ar shealbhaíodar an ciste iontaobhais sin amhlaidh (pé acu de bhuaidh Dintiúra Iontaobhais nó Scéime nó eile é) agus daoine ar bith eile a bhí, díreach roimh an íoc nó an cur-chun-tairbhe sin do dhéanamh, i gcáil iontaobhais maidir leis an gciste iontaobhais sin, beid saortha mar an gcéanna ó na hiontaobhais agus na dualgais do cuireadh orthu de bhuaidh na cáile iontaobhais sin;

(g) i gcás ná ceanglófar fá aon cheann de na forála san roimhe seo den alt so ach cuid den chiste iontaobhais sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste, beidh feidhm agus éifeacht ag an mír dheiridh sin roimhe seo den alt so maidir leis an gcuid sin den chiste iontaobhais sin fé is dá mba í an chuid sin iomlán an chiste iontaobhais sin, ach ní oibreoidh éinní san Acht so chun an tIontaobhaí Poiblí, Coimisiún Talún na hÉireann, nó na hiontaobhaithe (pé acu é) ná duine ar bith eile d'fhuascailt nó do shaoradh, maidir le hiarmhéid an chiste iontaobhais sin, ó aon iontaobhas nó dualgas a bheas curtha orthu san nó air sin (pé acu trí Dhintiúir Iontaobhais nó Scéim nó eile é) maidir leis an gciste iontaobhais sin sa mhéid go mbainfidh an t-iontaobhas nó an dualgas san le hiarmhéid an chladhphoirt láithrigh.

Forála maidir le cladhphoirt láithreacha áirithe.

36. —(1) Aon uair a dhéanfas Coimisinéir Breithiúntais Choimisiún Talún na hÉireann, i bhfeidhmiú na gcumhacht do bheirtear dó le halt 44 den Acht Talún, 1923 (Uimh. 42 de 1923) , nó le halt 45 den Acht Talún, 1931 (Uimh. 11 de 1931) , ordachán do thabhairt, maidir le cladhphort láithreach a gcuirfear dualgais deisiúcháin agus chothabhála ina thaobh ar na Coimisinéirí fán Acht so, pé acu de bhuaidh orduithe aistrithe nó ar shlí eile é, chun bannaí talún d'íoc nó d'aisíoc leis an Iontaobhaí Poiblí, beidh feidhm agus éifeacht ag pé ceann de na forála so leanas is infheidhme, sé sin le rá:—

(a) má bhaineann na dualgais deisiúcháin agus chothabhála san le hiomlán an chladhphoirt láithrigh sin, déanfaidh an tIontaobhaí Poiblí, d'ainneoin éinní atá san alt san 44 nó san alt san 45, na bannaí talún a híocfar nó a haisíocfar (pé acu é) leis an Iontaobhaí Poiblí de bhun an ordacháin sin do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire;

(b) mura mbaine na dualgais deisiúcháin agus chothabhála san ach le cuid den chladhphort láithreach san, déanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais sin, le linn dó ordachán do thabhairt mar adúradh chun bannaí talún d'íoc nó d'aisíoc leis an Iontaobhaí Poiblí, na bannaí talún san do chionroinnt idir an chuid den chladhphort láithreach san a mbainfidh na dualgais deisiúcháin agus chothabhála san léi agus iarmhéid an chladhphoirt láithrigh sin agus, nuair a bheas na bannaí talún san íoctha nó aisíoctha (pé acu é) leis an iontaobhaí poiblí de bhun an ordacháin sin, déanfaidh sé, d'ainneoin éinní atá san alt san 44 nó san alt san 45, pé méid de na bannaí talún san a bheas cionroinnte amhlaidh ar an gcuid den chladhphort láithreach san a gcuirfear na dualgais deisiúcháin agus chothabhála san ina taobh ar na Coimisinéirí do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire.

(2) I gcás ina mbeid infheidhme beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le horduithe aistrithe, sé sin le rá:—

(a) na cumhachta do bheirtear do Choimisiún Talún na hÉireann le halt 44 den Acht Talún, 1923 (Uimh. 42 de 1923) , nó le halt 45 den Acht Talún, 1931 (Uimh. 11 de 1931) , chun iarratas do dhéanamh chun an Choimisinéara Bhreithiúntais fán alt san, ní dhéanfaidh sé dochar ná difir dóibh an t-ordú aistrithe iomchuibhe do bheith déanta (má bhíonn) roimh an lá ceaptha iomchuibhe do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh;

(b) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (2) den alt san 44 ná ag fo-alt (2) den alt san 45 (pé acu é) maidir le cladhphort láithreach a mbeidh ordú aistrithe déanta ina thaobh;

(c) más rud é, tar éis ordú aistrithe do bheith déanta i dtaobh cladhphoirt láithrigh, go raghaidh na Coimisinéirí fá chostais ag déanamh oibreacha glantóireachta, deisiúcháin, nó athchóirithe maidir leis an gcladhphort láithreach san is oibreacha a mbeadh ar Choimisiún Talún na hÉireann iad do dhéanamh mura mbeadh an t-ordú aistrithe sin, is dleathach don Choimisinéir Breithiúntais, ar Choimisiúin Talún na hÉireann dá iarraidh sin, ordú do dhéanamh fá alt 20 den Acht Talún, 1927 (Uimh. 19 de 1927) , nó fá alt 46 den Acht Talún, 1931 (Uimh. 11 de 1931) (pé acu é), chun bannaí talún d'aistriú chun Coimisiún Talún na hÉireann chun na costais fána raghaidh na Coimisinéirí amhlaidh d'íoc;

(d) déanfar bannaí talún a haistreofar chun Coimisiúin Talún na hÉireann fá aon ordú den tsaghas a luaitear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire.

CUID V.

Oibreacha Siltin do Chothabhail.

Na Coimisinéiri do chothabháil oibreacha siltin.

37. —(1) Aon uair a heiseofar deimhniú déantachta agus fós aon uair a déanfar ordú aistrithe chothabhála, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le cothabháil (do réir mar bheas) na n-oibreacha siltin adéarfar sa deimhniú san do bheith críochnaithe nó na n-oibreacha siltin láithreacha lena mbainfidh an t-ordú san (ach san sa chás deiridh sin an fhaid sin amháin a bheas na hoibreacha siltin láithreacha san inchothabhálta ag na Coimisinéirí de bhuaidh an orduithe sin), sé sin le rá:—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí na hoibreacha siltin sin nó na hoibreacha siltin láithreacha san (pé acu é) do choimeád i ndeis cheart agus i riocht éifeachtach ach, i gcás aon oibreacha siltin láithreacha den tsórt san, ní bheidh d'oblagáid ar na Coimisinéirí na hoibreacha san do choimeád i riocht nó i ndeis is fearr ná an riocht agus an deis a bhí orthu ar dháta an orduithe aistrithe chothabhála;

(b) in aon imeachta i gcoinne na gCoimisinéirí ag lorg airgid damáiste nó faoisimh i bhfoirm mandamus mar gheall ar an gcothabháil neamh-dhóthaineach adeirtear do bheith á dhéanamh ar aon oibreacha siltin láithreacha den tsórt san ag na Coimisinéirí, beidh deimhniú fá shéala na gCoimisinéirí, á rá gur chuir na Coimisinéirí fá ndear na hoibreacha siltin láithreacha san d'iniúchadh agus gur deimhin leo go raibh na hoibreacha siltin láithreacha san, ar dháta an iniúchta san, i riocht agus i ndeis chomh maith ar a laghad leis an riocht agus an deis ina rabhdar ar dháta an orduithe aistrithe chothabhála iomchuibhe, ina fhianaise dho-chlaoite dho-bhréagnuithe go raibh na hoibreacha siltin láithreacha san ar dháta an iniúchta san i riocht agus i ndeis chomh maith ar a laghad leis an riocht agus an deis ina rabhdar ar dháta an orduithe sin;

(c) déanfaidh na Coimisinéirí, ar nó roimh an 15ú lá de Nollaig díreach tar éis dáta an deimhnithe dhéantachta san d'eisiúin nó an orduithe aistrithe chothabhála san do dhéanamh (pé acu é) agus ar nó roimh an 15ú lá de gach mí Nollag dá éis sin, meastachán d'ullmhú i dtaobh an chostais is dócha a ghabhfas leis na hoibreacha siltin sin nó na hoibreacha siltin láithreacha san do chothabháil (mar mínítear san san alt so) sa chéad bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus, i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, an costas dóchúil measta san do chionroinnt ar na contaethe sin i gcomhréir leis na méaduithe iomlána fá seach ar luach bliantúil na gcoda de na tailte tairbhithe a bheas i ngach contae fá leith acu san (mar bheas san luaite sa Mholadh iomchuibhe fán Acht so nó sa Mholadh nó sa mholadh deiridh fá aon Acht eile nó (go dtí go n-eisítear Moladh fán Acht so) sa scéim siltin iomchuibhe fán Acht so);

(d) ar nó roimh an 15ú lá de gach mí Nollag acu san, déanfaidh na Coimisinéirí—

(i) i gcás na tailte tairbhithe go léir do bheith san aon chontae amháin, ráiteas do chur chun comhairle na contae sin á rá cad is méid don chostas dóchúil measta san a bheas arna ullmhú acu an mí Nollag san maraon le héileamh go n-íocfar, do réir na bhforál ina dhiadh seo den fho-alt so, an costas dóchúil measta san, nó

(ii) i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, ráiteas do chur chun comhairle gach contae fá leith acu san á rá cad é an chuid den chostas dóchúil measta san (arna ullmhú mar adúradh) atá cionroinnte ar an gcomhairle sin maraon le héileamh go n-íocfar, do réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so, an chuid sin den chostas dóchúil measta san;

(c) sara gcuirfidh na Coimisinéirí aon éileamh íocaíochta den tsórt san chun comhairle ar bith in aon mhí Nollag tar éis an chéad mhí Nollag acu san, fionnfaid dearbhchostas cothabhála na n-oibreacha siltin nó na n-oibreacha siltin láithreacha san sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin agus cuirfid an dearbh-chostas san i gcomparáid leis an gcostas dóchúil measta (arna ullmhú mar adúradh) i leith na bliana san roimhe sin agus, má bhíonn difríocht ar bith idir an dearbhchostas san agus an costas dóchúil measta san, déanfaidh na Coimisinéirí an tsuim a mbeidh a híoc á éileamh amhlaidh do choigeartú tríd an costas dóchúil measta san lena mbainfidh an t-éileamh íocaíochta san do mhéadú nó do laghdú (do réir mar bheas) de mhéid na difríochta san;

(f) gach comhairle chun a gcuirfear éileamh íocaíochta de bhun na bhforál san roimhe seo den alt so íocfaid leis na Coimisinéirí an tsuim a mbeidh a híoc á éileamh amhlaidh ina dhá leath a n-íocfar leath amháin acu amhlaidh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair díreach i ndiaidh an t-éileamh íocaíochta san do dhéanamh agus a n-íocfar an leath eile acu roimh an 31ú lá de Mhárta díreach i ndiaidh an 30ú lá san de Mheán Fómhair;

(g) más rud é, i rith na tréimhse dar tosach dáta an deimhnithe dhéantachta san nó an orduithe aistrithe chothabhála san (pé acu é) agus dar críoch an chéad 31ú lá de Mhárta ina dhiaidh sin, go raghaidh na Coimisinéirí fá chostas ag cothabháil na n-oibreacha siltin nó na n-oibreacha siltin láithreacha san (pé acu é) déanfar an méid, arna dheimhniú ag na Coimisinéirí, a chosnóidh an chothabháil sin (mar mínítear san san alt so) d'íoc leis na Coimisinéirí ar iad dá éileamh—

(i) i gcás na tailte tairbhithe do bheith san aon chontae amháin, ag comhairle na contae sin, nó

(ii) i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, ag comhairlí na gcontaethe sin fá seach sna cionúireachta a dheimhneoidh na Coimisinéirí;

(h) an t-airgead uile is iníoctha leis na Coimisinéirí ag comhairle chontae fán alt so—

(i) déanfaidh an chomhairle sin é chruinniú tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán, agus

(ii) féadfaidh na Coimisinéirí é bhaint den chomhairle sin in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha ghnáthchonnartha, agus

(iii) déanfaidh na Coimisinéirí, ar é bheith faighte nó bainte amach acu, é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire.

(2) Nuair a bheas an deimhniú a luaitear i gCuid IV den Acht so maidir le críochnú na hoibre a bhainfeas le cladhphort láithreach do chur i ndeis cheart agus i riocht éifeachtach eisithe ag na Coimisinéirí, beidh feidhm agus éifeacht ag míreanna (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir leis an gcostas fána ndeachaidh na Coimisinéirí ag cothabháil an chladhphoirt láithrigh sin fé is dá ndéantaí na míreanna san d'aithris anso gusna modhnuithe is gá agus go háirithe gusna malairtithe seo leanas—

(a) an dáta déantachta do chur in ionad dáta an deimhnithe dhéantachta d'eisiúin, agus

(b) an chomhairle nó na comhairlí ar a luighfidh an costas san do chur in ionad comhairle na contae nó comhairlí na gcontae ina mbeidh na tailte tairbhithe, agus

(c) cothabháil an chladhphoirt láithrigh sin do chur in ionad cothabháil oibreacha siltin láithreacha.

(3) Chun críocha na bhforál san roimhe seo den alt so, folóidh costas cothabhála aon oibreacha siltin—

(a) luach saothair agus caiteachas eile na n-oifigeach agus na seirbhíseach uile do na Coimisinéirí a bheas ar fostú ag cothabháil na n-oibreacha siltin sin le linn dóibh bheith ar fostú amhlaidh, agus

(b) na costais eile go léir fána raghaidh na Coimisinéirí ag cothabháil na n-oibreacha siltin sin.

ach ní fholóidh an costas cothabhála san luach saothair na gCoimisinéirí ná luach saothair aon oifigeach nó seirbhíseach do na Coimisinéirí a bheas ar fostú ar fad nó go furmhór in oifigí ceann-cheathrún na gCoimisinéirí ná aon chuid de na costais nó den chaiteachas a bhainfeas leis na hoifigí sin do chothabháil.

Cumhachta na gCoimisinéirí maidir le cothabháil.

38. —(1) Chun na Coimisinéirí do chothabháil aon oibreacha siltin (ar a n-áirítear oibreacha siltin láithreacha) de bhun na Coda so den Acht so, is dleathach do ná Coimisinéirí gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach ar aon talamh agus gach ní do dhéanamh ann is gá le haghaidh no i dtaobh na cothabhála san;

(b) na scratha agus an t-abhar eile go léir do bhaint d'aon talamh is gá do bhaint de le haghaidh na cothabhála san;

(c) an tochlas agus an t-abhar eile go léir a táirgfear i gcúrsa na cothabhála san do shuíomh ar thalamh ar bith;

(d) an tochlas, an gairbhéal, na clocha, na carraigreacha nó an t-abhar eile go léir, nó aon chuid den chéanna, a haistreofar i gcúrsa na cothabhála san d'úsáid le haghaidh na cothabhála san;

(e) gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dóigh leis na Coimisinéirí do bheith riachtanach nó ceart chun an chothabháil sin do dhéanamh go héifeachtúil.

(2) I dteannta na gcumhacht ginearálta do bheirtear do na Coimisinéirí leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus gan dochar do na cumhachta san, is dleathach do na Coimisinéirí, chun iad do chothabháil aon oibreacha siltin (ar a n-áirítear oibreacha siltin láithreacha) de bhun na Coda so den Acht so, pé feabhsuithe do dhéanamh ar na hoibreacha siltin nó na hoibreacha siltin láithreacha san a chífear dóibh is mion-rudaí ar féidir iad d'áireamh le ceart mar nithe a bhaineas le cothabháil.

(3) Aon mhion-fheabhsuithe a dhéanfaidh na Coimisinéirí fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so déanfar, chun críocha an Achta so, iad d'áireamh mar nithe a bhaineas le cothabháil agus íocfar a gcostas dá réir sin.

CUID VI.

Molta do Leasu.

Oibreacha breise do dhéanamh.

39. —(1) Is dleathach don Aire, aon uair tar éis Moladh do bheith déanta ag na Coimisinéirí fán Acht so, a chumasú do na Coimisinéirí, le hordú arna dhéanamh ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin, gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) pé oibreacha siltin breise do dhéanamh (mar mhéadú nó feabhsú ar na hoibreacha siltin a luafar sa Mholadh san) a chífear do na Coimisinéirí do bheith riachtanach chun na hoibreacha siltin sin a luafar sa Mholadh san d'oibriú go héifeachtúil;

(b) aon tailte sonnraithe do thógaint go héigeanta;

(c) aon choraí, bual-chomhlaí, éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta, nó cearta eile do thógaint nó do dhíochur nó cur isteach orthu go héigeanta.

(2) Féadfaidh ordú a dhéanfas an tAire fán alt so pé cinn d'fhorála an Achta so do chorprú agus do thonasc a chífear don Aire bheith riachtanach nó oiriúnach agus, go háirithe, údaróidh sé do na Coimisinéirí agus ceanglóidh orthu pé Moladh forlíontach is gá do dhéanamh.

Molta do leasú.

40. —(1) Aon uair a mheasfaid san do bheith ceart is dleathach do na Coimisinéirí, le ceadú an Aire, Moladh ar bith a bheas déanta acu roimhe sin fán Acht so do leasú i slí ar bith.

(2) Gach leasú a déanfar fán alt so ar Mholadh, is amhlaidh a déanfar é trí Mholadh forlíontach a bhféadfaidh pé leasuithe iarmartacha nó teagmhasacha is oiriúnach bheith ann.

Forála áirithe do bhaint le Molta forlíontacha.

41. —Na forála atá i gCuid II den Acht so maidir le Moladh d'inrollú, cóip de Mholadh do choinneáil, cóipeanna de Mholadh do chur chun comhairlí contaethe, Moladh do bheith do-chlaoite agus feidhm fínnéachta cóipe deimhnithe de Mholadh, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le Moladh forlíontach a déanfar fán gCuid seo den Acht so.

CUID VII.

An Paineal d'Eadranaithe Siltin.

An Painéal d'Eadránaithe Siltin.

42. —(1) Déanfaidh an Coiste Réitigh ó am go ham, ar an Aire dá iarraidh sin, pé uimhir daoine a shonnróidh an tAire do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí de phainéal ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear san Acht so an Painéal d'Eadránaithe Siltin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhaltaí an Phainéil d'Eadránaithe Siltin (dá ngairmtear an Painéal sa bhfo-alt so agus sa chéad fho-alt eile ina dhiaidh seo), sé sin le rá:—

(a) beidh gach comhalta den Phainéal (fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so) ina chomhalta go ceann téarma de chúig bliana cinnte ó dháta a cheaptha nó a athcheaptha dheiridh don Phainéal;

(b) féadfar comhalta den Phainéal a mbeidh a théarma comhaltais imithe in éag trí imeacht aimsire agus ná beidh an aois scoir sroichte aige d'athcheapadh;

(c) féadfaidh comhalta den Phainéal éirí as bheith ina chomhalta dhe tráth ar bith trí litir do chur chun an Choiste Réitigh;

(d) féadfaidh an Coiste Réitigh, uathu féin nó ar an Aire dá iarraidh, comhalta ar bith is dóigh leo do bheith ciontach in iompar do bheir é bheith neamhoiriúnach chun bheith ina chomhalta den Phainéal do bhaint den Phainéal, ach ní bainfear aon chomhalta den Phainéal fán mír seo gan caoi do thabhairt dó ar éisteacht, dá chosaint féin, d'fháil ón gCoiste Réitigh;

(e) beidh d'oblagáid ar gach comhalta den Phainéal (mura saora an Coiste Réitigh uaidh é) fónamh mar eadránaí in aon eadráin chun críocha an Achta so a n-ainmneoidh an Coiste Réitigh ina eadránaí é ina leith;

(f) beidh comhalta den Phainéal i dteideal, i leith gach eadrána nó sreatha d'eadrána chun críocha an Achta so ina ngníomhóidh sé mar eadránaí, go n-íocfadh na Coimisinéirí leis pé luach saothair nó táillí agus pé liúntais taistil agus cothuithe a chinnfidh an tAire;

(g) ní cosc ar chomhalta den Phainéal do ghabháil do chleacht nó gnó príobháideach é bheith ina chomhalta den Phainéal.

(3) Déanfaidh an Coiste Réitigh, le toiliú an Aire, pé aois (nach sine ná seachtó blian) a mheasfaid is ceart do cheapadh ina haois scoir do chomhaltaí den Phainéal agus—

(a) ní déanfar duine ar bith ag á mbeidh an aois scoir sin sroichte do cheapadh ina chomhalta den Phainéal, agus

(b) comhalta den Phainéal a shroichfeas an aois scoir sin le linn dó bheith ina chomhalta, scoirfidh láithreach (ach amháin sa chás dá bhforáltar sa chéad mhír eile ina dhiaidh seo den fho-alt so) de bheith ina chomhalta den Phainéal agus ní bheidh sé inathcheaptha, agus

(c) comhalta den Phainéal a shroichfeas an aois scoir sin le linn dó bheith ag gabháil d'eadráin fán Acht so, leanfaidh de bheith ina chomhalta den Phainéal chun an eadráin sin do chríochnú ach ní chun críche ar bith eile.

CUID VIII.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Cumhacht ghinearálta do na Coimisinéirí chun connrathóirí d'fhostú.

43. —(1) Aon uair a húdaraítear leis an Acht so nó a húdarófar fé do na Coimisinéirí aon oibreacha siltin nó oibreacha eile innealtóireachta nó tógála do dhéanamh, féadfaid, in ionad na h-oibreacha san do dhéanamh iad féin trína n-oifigigh agus a seirbhísigh féin, connradh do dhéanamh (le ceadú an Aire) le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh iomláin na n-oibreacha san nó aon choda dhíobh agus chuige sin féadfaid (leis an gceadú san) pé connartha agus comhaontuithe is gá do dhéanamh.

(2) Aon uair a dhéanfas na Coimisinéirí connradh fán alt so le duine ar bith chun eisean do dhéanamh oibreacha ar bith, féadfaid, trí aon chonnradh nó comhaontú leis an duine sin, pé cuid a sonnrófar sa chonnradh nó sa chomhaontú san, de na cumhachta agus na dualgais a bronntar nó a cuirtear leis an Acht so nó a bronnfar nó a cuirfear fé ar na Coimisinéirí, do thairmligean chuige agus air sin beidh de cheart ag an duine sin agus d'oblagáid air (i gcomhréim leis na Coimisinéirí) na cumhachta d'fheidhmiú agus na dualgais do chomhlíonadh a sonnrófar amhlaidh sa mhéid is gá san chun é do dhéanamh na n-oibreacha san agus sa mhéid sin amháin.

Cumhachta breise chun airgead is iníoctha ag comhairlí contae do bhaint amach.

44. —(1) Aon uair a bheas aon airgead iníoctha fán Acht so leis na Coimisinéirí ag comhairle chontae agus a fhailleos an chomhairle sin an t-airgead san nó cuid áirithe de d'íoc amhlaidh an tráth a bheas san iníoctha fán Acht so, féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile a fhorálann an tAcht so chun an céanna do bhaint amach, an t-airgead san nó an chuid sin de (fé mar bheas) do bhaint as airgead ar bith is iníoctha leis an gcomhairle sin ag aon Aire Stáit chun aon chríche ar bith.

(2) Aon tsuim a bainfear fán alt so as airgead is iníoctha as Cuntas an Chánachais Áitiúil (Éirinn), is fá réir éilithe an chiste ráthaíochta fá na hAchta Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do na héilithe sin a bainfear den airgead san í.

(3) Íocfar méid gach asbhainte a déanfar fán alt so leis na Coimisinéirí agus cuirfid sin é chun íoctha an airgid ar mar gheall ar a neamhíoc do rinneadh an asbhaint sin.

Fiacha áirithe d'íoc as cúiteamh

45. —I gcás cúiteamh do bheith iníoctha fán Acht so ag na Coimisinéirí le duine ar bith agus aon airgead do bheith dlite den duine sin agus amuigh air ag Aire Stáit, na Coimisinéirí Ioncaim, Coimisiún Talún na hÉireann, nó na Coimisinéirí, is dleathach do na Coimisinéirí an t-airgead a bheas dlite amhlaidh den duine sin agus amuigh air d'íoc agus do ghlanadh as an gcúiteamh san agus gan ach an t-iarmhéid (más ann) a bheas fágtha den chúiteamh san tar éis an íoctha agus an ghlanta san d'íoc leis.

Urlámhas agus bainistí choraí.

46. —(1) Ar na Coimisinéirí dá iarraidh sin, féadfaidh an tAire le hordú, aon uair a mheasfaidh is ceart san do dhéanamh ar mhaithe le siltean, a dhearbhú go mbainfidh an t-alt so le haon chora nó coraí áirithe a sonnrófar san ordú nó leis na coraí go léir in aon líomatáiste áirithe a sonnrófar amhlaidh.

(2) Aon uair a dearbhófar, le hordú fán bhfo-alt san roimhe seo den alt so, an t-alt so do bhaint le cora, beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an gcora san, sé sin le rá:—

(a) comhlíonfaidh an duine is únaer nó ag á mbeidh urlámhas ar an gcora san na hordacháin agus na treoracha go léir a thabharfaidh na Coimisinéirí dó ó am go ham maidir le bainistí agus oibriú bual-chomhlaí agus páirteanna inghluaiste eile na corann san;

(b) má dhéanann na Coimisinéirí fo-dhlithe fán Acht so a bhainfeas leis an gcora san, déanfaidh an duine is únaer nó ag á mbeidh urlámhas ar an gcora san na fo-dhlithe sin d'fhorcoimeád agus do chomhlíonadh i ngach slí;

(c) má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an duine is únaer nó ag á mbeidh urlámhas ar an gcora san aon ordachán, treoir, nó fo-dhlí d'fhorcoimeád nó do chomhlíonadh a ceangaltar air le ceachtar de na míreanna san roimhe seo den fho-alt so d'fhorcoimeád nó do chomhlíonadh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(i) beidh an duine sin ciontach i gcionta fán bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlí fear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta, agus

(ii) is dleathach do na Coimisinéirí coiméadaí bualchomhlan nó duine eile do cheapadh chun páirteanna inghluaiste na corann san do rialáil agus do rialú agus, i gcás aon duine den tsórt san do cheapadh amhlaidh, is dleathach do na Coimisinéirí an luach saothair a íocfaid leis an gcoiméadaí bual-chomhlan nó an duine eile a ceapfar amhlaidh do bhaint trí aicsean shíbhialta den duine is únaer nó ag á mbeidh urlámhas ar an gcora san mar fhiacha ghnáth-chonnartha.

(3) Ní thabharfaidh na Coimisinéirí aon treoracha ná ordacháin den tsórt a luaitear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ach amháin, i gcás corann a dhéanann difir d'iascach nó do chearta iascaigh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta nó, i gcás corann a dhéanann difir do thionnscal, canáil, nó uisce-bhealach intíre, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(4) Gach duine a fhuilingeos caillteanas nó damáiste maidir le haon uisce-chumhacht nó ceart uisce eile nó le haon iascach nó ceart iascaigh de dheascaibh orduithe arna dhéanamh ag an Aire fán alt so nó aon fho-dhlithe den tsaghas dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt so, beidh sé, murab é a ghníomh nó a fhaillí féin fá ndear an caillteanas nó an damáiste sin, i dteideal (fá réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so) an tAire d'íoc cúitimh leis i leith an chaillteanais nó an damáiste sin.

(5) Gach éileamh ar chúiteamh fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) cuirfear é i scríbhinn chun an Aire laistigh de bhliain tar éis an caillteanas nó an damáiste sin d'fhulang nó, i gcás caillteanais nó damáiste leanúnaigh, laistigh de bhliain tar éis é d'fhulang den chéad uair, agus

(b) déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí a ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon ordú a dhéanfaidh an tAire fán alt so maidir le haon chora a bheas de thuras na huaire ar únaeracht nó fá urlámhas ag Bord Soláthair an Leictreachais ná le haon chora a bheas tógtha chuige ag an Aire Talmhaíochta fán Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) .

Srianta le coraí do thógáil, d'athrú, etc.

47. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas Bord Soláthair an Leictreachais) aon chora ná déanmhas eile dá samhail do thógáil, do mhéadú ná d'athrú, gan toiliú na gCoimisinéirí ná ar shlí seachas dá réir, in uisce-chúrsa mar a dtabharfadh an tógáil, an méadú no an t-athrú san tuiliú ar aon talamh, mura rud é—

(a) gur i gcomhlíonadh orduithe arna dhéanamh nó fógra arna sheirbheáil ag an Aire Talmhaíochta fán Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , a déanfar an tógáil, an méadú nó an t-athrú san, nó

(b) gur ag an duine sin a bheas an talamh san á lonnú, nó

(c) gur ag daoine eile d'aontaigh leis an tógáil, an méadú nó an t-athrú san a bheas an talmh san á lonnú.

(2) Nuair a thoileos na Coimisinéirí le cora nó déanmhas eile dá samhail do thógáil, do mhéadú, nó d'athrú, féadfaid pé coinníollacha agus srianta a mheasfaid is ceart do chur ag gabháil leis an toiliú san, agus is tuigthe gur cuid den toiliú san na coinníollacha agus na srianta san.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach toiliú a thabharfaidh na Coimisinéirí fá na forála san roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) ní tabharfar aon toiliú den tsórt san ná ní cuirfear coinníoll ná srian ar bith ag gabháil le haon toiliú den tsórt san ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta;

(b) ní bheidh aon toiliú, coinníoll, ná srian den tsórt san i gcontrárthacht ná ar neamhréir le hordú arna dhéanamh nó fógra arna sheirbheáil fán Acht Iasaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , is ordú nó fógra a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire;

(c) ní oibreoidh aon toiliú den tsórt san chun an duine da ndeonfar é do shaoradh ó chomhlíonadh na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944.

(4) Má dhéanann duine ar bith cora do thógáil, do mhéadú, nó d'athrú contrártha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig puint in aghaidh gach lae a coimeádfar ar bun an tógáil, an méadú, nó an t-athrú san nó aon chuid den chéanna.

Cumhacht na gCoimisinéirí chun é dhéanamh éigeantach uiscechúrsaí do dheisiú.

48. —(1) Is dleathach do na Coimisinéirí, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil go pearsanta nó leis an bpost ar lonnaitheoir tailimh (pé acu i gceanntar siltin láithreach nó i gceanntar siltin a bheas ceaptha fán Acht so nó nach in aon cheanntar den tsórt san don talamh san), a cheangal ar an lonnaitheoir sin athchóiriú agus oscailt do dhéanamh agus deis cheart agus riocht éifeachtach go ginearálta do chur, laistigh de pé am (nach giorra ná trí mhí ó dháta an fhógra san do sheirbheáil) a sonnrófar sa bhfógra san, ar pé uisce-chúrsa nó uiscechúrsaí ar na tailte sin a sonnrófar sa bhfógra san agus ná beidh curtha isteach le haon oibreacha siltin láithreacha ná le haon oibreacha siltin a bheas déanta fán Acht so, ach a shileas isteach i gceanntar siltin láithreach nó i gceanntar siltin a bheas ceaptha fán Acht so agus is dóigh leis na Coimisinéirí do bheith, de dheascaibh mainneachtana nó easba leor-chothabhála, neamhinniúil ar an uisce a ghabhas isteach ann nó iontu nó tríd nó tríothu ó thalamh teorantach do shileadh go héifeachtúil.

(2) Aon uair a beifear tar éis fógra fán bhfo-alt san roimhe seo den alt so do sheirbheáil ar dhuine, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear an t-agóidire sa bhfo-alt so), laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, agóid i scríbhinn i gcoinne an fhógra san do chur chun na gCoimisinéirí;

(b) luafar go hiomlán i ngach agóid den tsórt san na forais atá leis an agóid;

(c) breithneoidh na Coimisinéirí gach agóid den tsórt san a cuirfear chucu go cuibhe do réir na míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus déanfaid, maidir le gach agóid den tsórt san, pé ní acu so leanas a chífear dóibh is ceart ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus go sonnruch cé acu chuirfeadh comhlíonadh an fhógra lena mbainfidh an agóid sin cruatan nó costas míchuibhe ar an agóidire nó ná cuirfeadh, sé sin le rá:—

(i) déanfaid an fógra san do tharraing siar go neamhchoinníollach, nó

(ii) má bhíonn an t-agóidire toilteanach gealltanas i scríbhinn (i bhfoirm lena n-aontóidh na Coimisinéirí) do thabhairt do na Coimisinéirí go gceadóidh sé gach tráth réasúnach d'aon lonnaitheoir a ngabhann uisce óna thalamh isteach san uiscechúrsa nó in aon cheann de na huisce-chúrsaí a bheas sonnraithe sa bhfógra san dul isteach ar thalamh an agóidire agus gach ní do dhéanamh ann, ar chostas an lonnaitheora san féin, is gá do dhéanamh chun an fógra san do chomhlíonadh, déanfaid an fógra san do tharraing siar ar an ngealltanas san do bheith tugtha go cuibhe ag an agóidire, nó

(iii) déanfaid an agóid sin do neamhlomháil;

(d) aon uair a dhéanfas na Coimisinéirí agóid do neamhlomháil, leasóid an fógra lena mbainfidh an agóid sin trí pé tréimhse a mheasfaid is ceart do chur leis an tréimhse a bheas sonnraithe sa bhfógra san chun an fógra san do chomhlíonadh;

(e) déanfaidh na Coimisinéirí, a luaithe is féidir, a mbreith ar a agóid do chur in iúl don agóidire;

(f) aon uair a dhéanfas na Coimisinéirí agóid do neamhlomháil, féadfaidh an t-agóidire, laistigh de cheithre lá déag tar éis do na Coimisinéirí a mbreith ar an agóid sin do chur in iúl dó, a iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí a agóid do chur fá bhráid eadránaí a cheapfaidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin, agus air sin déanfaidh na Coimisinéirí an agóid sin do chur fána bhráid sin amhlaidh;

(g) an t-eadránaí a gcuirfear agóid fána bhráid fán mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so beidh aige maidir leis an agóid sin na cumhachta céanna do bheirtear leis an bhfo-alt so do na Coimisinéirí, agus beidh breith an eadránaí sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(3) Más rud é go mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil fán alt so ar lonnaitheoir tailimh agus ná bheidh sé tarraingthe siar ag na Coimisinéirí nó ag an eadránaí agus ná beidh an fógra san comhlíonta ag an lonnaitheoir sin, is dleathach do na Coimisinéirí dul isteach ar an talamh san agus gach ní do dhéanamh ann do cheangail an fógra san ar an lonnaitheoir sin a dhéanamh agus, i gcás na Coimisinéirí d'fheidhmiú na cumhachta san, beid i dteideal pé suim a dheimhneoidh na Coimisinéirí a bheith caite acu i bhfeidhmiú na cumhachta san do bhaint den lonnaitheoir sin in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha ghnáth-chonnartha.

(4) Más rud é go mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil fán alt so ar lonnaitheoir tailimh agus go mbeidh an fógra san comhlíonta (pé acu ag an lonnaitheoir sin é nó ag na Coimisinéirí fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) déanfaidh an lonnaitheoir sin as san amach an t-uisce-chúrsa nó na huisce-chúrsaí lenar bhain an fógra san do choimeád glan agus oscailte agus do chothabháil i ndeis cheart agus i riocht éifeachtach.

(5) Má fhaillíonn duine ar bith ar a mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil fán alt so an fógra san do chomhlíonadh nó aon uiscechúrsa lenar bhain an fógra san do choimeád agus do chothabháil mar a ceangaltar air san a dhéanamh leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

(6) Aon chostais is inbhainte fán alt so ag na Coimisinéirí de lonnaitheoir tailimh beid inbhainte dhe amhlaidh pé aca cúisíodh nó nár cúisíodh an lonnaitheoir sin sa chionta san fán alt so a bheas déanta aige (má bhíonn).

Orduithe siltin éigeantaigh.

49. —(1) Féadfaidh aon Aire Stáit nó aon chomhairle chontae cúis-aithris (dá ngairmtear cúis-aithris thionnscnaimh san alt so) do dhéanamh tráth ar bith i scríbhinn chun na gCoimisinéirí á shuíomh—

(a) go bhfuil sé lán-riachtanach d'fhonn feabhas do chur trína shiltean ar thalamh shonnraithe a bheas, i gcás cúis-aithrise ó Aire Stáit, in aon áit sa Stát nó, i gcás cúis-aithrise ó chomhairle chontae, in aon áit sa chontae sin, go n-athchóireofaí, go n-osclófaí, nó go gcuirfí i ndeis cheart agus i riocht éifeachtach go ginearálta uisce-chúrsa láithreach áirithe a bheas línithe ar léarscáil a ghabhfas leis an gcúis-aithris agus ná beidh curtha isteach le haon oibreacha siltin láithreacha ná le haon oibreacha siltin a bheas déanta nó a bheas beartaithe a dhéanamh fán Acht so nó d'eile go ndéanfaí uisce-chúrsa nua i suíomh a bheas línithe ar léarscáil a ghabhfas leis an gcúis-aithris, agus

(b) go bhfuiltear tar éis an t-airgead do chur ar fáil is gá chun íoc as athchóiriú agus oscailt do dhéanamh, nó deis cheart agus riocht éifeachtach go ginearálta do chur, ar an uisce-chúrsa láithreach a bheas luaite sa chúis-aithris nó as déanamh an uisce-chúrsa nua a bheas luaite amhlaidh (pé acu é), agus

(c) gurb é amháin atá ag cur bac nó toirmisc ar dhéanamh na hoibre sin ná duine is únaer nó lonnaitheoir ar thalamh trína ngabhann an t-uisce-chúrsa láithreach a bheas luaite sa chúis-aithris nó (do réir mar bheas) trí na ngabhfadh an t-uisce-chúrsa nua a bheas beartaithe agus bheas luaite amhlaidh dá dhiúltú go neamhréasúnach toiliú leis an obair sin do dhéanamh.

(2) Leagfar amach do hiomlán i ngach cúis-aithris thionnscnaimh ainmneacha agus seolta poist na n-únaerí nó na lonnaitheoirí tailimh go léir (dá ngairmtear na páirtithe agóideacha san alt so) adéarfar ann bheith ag diúltú go neamhréasúnach toiliú leis an obair a bheas luaite sa chúis-aithris sin.

(3) A luaithe is féidir tar éis do na Coimisinéirí cúis-aithris thionnscnaimh d'fháil, seirbheálfaidh na Coimisinéirí go pearsanta nó leis an bpost ar gach páirtí agóideach a bheas ainmnithe sa chúis-aithris sin fógra i scríbhinn ina leagfar amach na suíochanta do rinneadh sa chúis-aithris sin agus ina ndéarfar go bhféadfaidh an páirtí agóideach san, laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, pé tuairimí (más ann) do chur chun na gCoimisinéirí a mheasfaidh is ceart a dhéanamh maidir leis na suíochanta san.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí gach tuairim a cuirfear chucu ó pháirtí agóideach do bhreithniú laistigh den am a ceaptar chuige sin leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus féadfaid, má mheasaid gur ceart é maidir le haon tuairim áirithe, duine dá n-oifigigh do chur ag déanamh iniúchta ar an talamh a bheas ar únaeracht nó ar lonnaíocht ag an bpáirtí agóideach do chuir an tuairim sin chucu agus ar an talamh a bheas sonnraithe sa chúisaithris thionnscnaimh lena mbainfidh an tuairim sin agus ar an uisce-chúrsa láithreach a bheas luaite sa chúis-aithris sin nó ar shuíomh an uisce-chúrsa nua a bheas beartaithe agus a bheas luaite amhlaidh (pé acu é).

(5) Mura ndéana éinne de na páirtithe agóideacha a bheas ainmnithe i gcúis-aithris thionnscnaimh tuairim ar bith do chur, laistigh den am a bheas ceaptha chuige sin leis an gcúis-aithris sin, chun na gCoimisinéirí maidir leis na suíochanta a bheas déanta leis an gcúis-aithris sin nó más deimhin leis na Coimisinéirí, tar éis dóibh breithniú do dhéanamh ar na tuairimí go léir den tsórt san a cuireadh chucu laistigh den am san agus ar an tuarascáil ón oifigeach dá gcuid do rinne iniúchadh (más ann) mar adúradh maidir leis na tuairimí sin nó le haon chuid díobh, go bhfuil an obair a luadh sa chúis-aithris sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, agus athruithe (más ann) is dóigh leis na Coimisinéirí is gá nó is fóirstineach) lán-riachtanach chun feabhas do chur trína shiltean ar an talamh a sonnraíodh sa chúisaithris sin agus go bhfuil an t-airgead is gá chun íoctha costais na hoibre sin (fá réir na mbreisithe, na neamhdhéanta, agus na n-athruithe adúradh) curtha ar fáil, agus ná tiocfaidh aon díobháil ná damáiste substainteach d'aon pháirtí agóideach den obair sin do dhéanamh (fá réir na mbreisithe, na neamhdhéanta, agus na n-athruithe adúradh), is dleathach do na Coimisinéirí ordú (dá ngairmtear ordú siltin éigeantaigh san alt so) do dhéanamh á údarú an obair a bhéas luaite sa chúis-aithris sin do dhéanamh ag an Aire nó an chomhairle nó thar ceann an Aire nó na comhairle (pé acu é) do rinne an chúis-aithris sin.

(6) A luaithe is féidir tar éis dóibh ordú siltin éigeantaigh do dhéanamh, déanfaidh na Coimisinéirí mar leanas—

(a) cuirfid in iúl don Aire nó don chomhairle (pé acu é) do rinne an chúis-aithris thionnscnaimh ar dá bun do rinneadh an t-ordú san go bhfuilid tar éis an t-ordú san do dhéanamh, agus

(b) seirbheálfaid go pearsanta nó leis an bpost ar gach páirtí agóideach a bheas ainmnithe sa chúis-aithris thionnscnaimh sin cóip den ordú san fá shéala na gCoimisinéirí.

(7) Oibreoidh ordú siltin éigeantaigh chun a chumasú don Aire nó don chomhairle (pé acu é) do rinne an chúis-aithris thionnscnaimh ar dá bun do rinneadh an t-ordú san dul isteach, é féin nó iad féin nó trí oifigigh, seirbhísigh, nó gníomhairí dhó nó dhóibh, ar an talamh a bheas sonnraithe sa chúis-aithris sin (lena n-áirítear talamh a bheas ar únaeracht nó ar lonnaíocht ag páirtithe agóideacha a bheas ainmnithe sa chúis-aithris sin) agus gach ní do dhéanamh ann, é féin nó iad féin nó trí oifigigh, seirbhísigh, nó gníomhairí dhó nó dhóibh, is gá chun an obair a luafar san ordú san do dhéanamh.

(8) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile mar gheall ar dhamáiste, cúiteamh, ná eile i gcoinne Aire Stáit ná comhairle chontae ná aon oifigigh, seirbhísigh, nó gníomhairí dhó nó dhóibh i dtaobh ná i leith éinní do rinne seisean nó iadsan nó duine ar bith acu agus é nó iad ag déanamh oibre do húdaraíodh nó ag feidhmiú cumhachta do tugadh le hordú siltin éigeantaigh ach amháin i gcás ina bhféadfar agus sa mhéid go bhféadfar a thaspáint ná dearnadh an obair sin nó nár feidhmíodh an chumhacht san go réasúnach agus go ceardúil.

(9) Gach éinne—

(a) a bhacfas go toiliúil Aire Stáit nó comhairle chontae nó aon oifigeach, seirbhíseach, nó gníomhaire dhó nó dóibh, agus é nó iad ag déanamh oibre do húdaraíodh nó ag feidhmiú cumhachta do tugadh le hordú siltin éigeantaigh, nó

(b) a leagfas, a dhíochuirfeas, nó a dhíobhálfas aon obair nó aon chuid d'aon obair a bheas déanta nó á dhéanamh fá ordú siltin éigeantaigh, nó

(c) a bhacfas in aon tslí gluaiseacht uisce chun aon oibre nó tríthi nó uaithi is obair a bheas déanta fá ordú siltin éigeantaigh,

beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air nó, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, agus dlífear freisin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air in aghaidh gach lae a leanfar den cionta.

Srianta lo droichid do thógáil nó d'athrú.

50. —(1) Ní dhéanfaidh aon údarás áitiúil ná aon chuideachta iarnróid ná cuideachta chanálach ná comhlucht eile dá samhail ná aon ghnólucht tionnscail aon droichead nua do thógáil ná aon droichead láithreach d'athrú ná d'atógáil ná d'athchóiriú thar aon uisce-chúrsa gan toiliú na gCoimisinéirí ná ar shlí seachas do réir pleananna lena mbeidh aontaithe roimh ré ag na Coimisinéirí.

(2) Má thógann duine ar bith droichead nua nó má thosnaíonn ar é thogáil nó má dhéanann é pháirt-thógáil contrártha don alt so, féadfaidh na Coimisinéirí fógra do sheirbheáil leis an bpost ar an duine sin á cheangal air—

(a) i gcás gan an droichead san do bheith tógtha go hiomlán, scor láithreach dá thógáil,

(b) in aon chás, an droichead san nó an méid de a bheas tógtha do dhíochur laistigh d'am a sonnrófar chuige sin sa bhfógra san.

(3) Má dhéanann duine ar bith droichead láithreach d'athrú nó d'atógáil nó d'athchóiriú contrártha don alt so nó má thosnaíonn ar a leithéid do dhéanamh amhlaidh nó má dhéanann cuid dá leithéid amhlaidh, féadfaidh na Coimisinéirí fógra do sheirbheáil leis an bpost ar an duine sin á cheangal air—

(a) i gcás gan an t-athrú, an atógáil, nó an t-athchóiriú san do bheith críochnaithe, scor de láithreach, nó

(b) in aon chás, an obair go léir a bhéas déanta ar an droichead san do dhíochur laistigh d'am a sonnrófar chuige sin sa bhfógra san, no

(c) in aon chás, an droichead san do chur, laistigh d'am a sonnrófar chuige sin sa bhfógra san, sa riocht ina raibh sé.

(4) Má fhaillíonn duine ar bith ar a mbeidh na Coimisinéirí tar éis fógra do sheirbheáil fá na forálacha san roimhe seo den alt so an fógra san do chomhlíonadh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den fhaillí sin:

(b) is dleathach do na Coimisinéirí (pé acu cúisíodh nó nár cúisíodh an duine sin fán mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so) dul isteach agus díochur do dhéanamh ar an obair go léir a bheas déanta contrártha don alt so agus na costais (arna ndeimhniú ag na Coimisinéirí) fána raghaidh na Coimisinéirí ag déanamh an díochurtha san do bhaint den duine sin in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha ghnáth-chonnartha.

(5) Duine ar bith a shuífeas gur dhiúltaigh na Coimisinéirí go neamhréasúnach d'aontú le pleananna do chuir sé fána mbráid i dtaobh droichead nua do thógáil nó droichead láithreach d'athrú nó d'atógáil nó d'athchóiriú, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn do chur chun na gCoimisinéirí, a iarraidh an tsuíochain sin do chur fá bhreith fán bhfo-alt so, agus air sin—

(a) más údarás áitiúil an duine sin, cuirtear an tsuíochain sin fá bhráid an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí agus beidh a bhreith sin uirthi ina breith dheiridh, nó

(b) in aon chás eile, cuirfear an tsuíochain sin fá bhráid eadránaí a cheapfaidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin agus beidh a bhreith sin uirthi ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(6) San alt so, folaíonn an focal “droichead” lintéir nó déanmhas eile dá shamhail sin.

Na Coimisinéirí do chosaint ar dhliteanais áirithe.

51. —(1) Ní oibreoidh éinní dá bhfuil san Acht so ná éinní a dhéanfaidh na Coimisinéirí fé ná aon ordachán ná treoir a thabharfaidh na Coimisinéirí fán Acht so ná éinní a déanfar fá aon ordachán nó treoir den tsort san chun únaer corann, bualchomlan, damba nó oibre eile a bhainfeas le muileann nó monarcha do shaoradh ó aon fhreagarthacht, pé mar do forchuireadh nó d'éirigh, a bhainfeas leis an obair sin ó thaobh cothabhála nó eile ná ní oibreoidh chun aon fhreagarthacht den tsórt san d'aistriú ón únaer sin chun na gCoimisinéirí.

(2) Ní oibreoidh éinní dá bhfuil san Acht so ná éinní a dhéanfaidh na Coimisinéirí fé chun na Coimisineirí do dhéanamh freagarthach (ach amháin i gcás ina gcruthófar go raibh a n-oifigigh, a seirbhísigh, nó a ngníomhairí ciontach i neamhchúram nó i mainneachtain) in aon damáiste a bhainfeas d'aon talamh nó maoin eile de dheascaibh aon abha, sruth, nó uiscechúrsa do scéitheadh nó de dheascaibh aon phort, damba, cora, bual-chomhla nó obair eile a bheas déanta ag na Coimisinéirí fán Acht so nó a mbeid freagarthach fán Acht so ina chothabháil do bhriseadh go hobann,

Ciontaí agus pionóis.

52. —(1) Gach éinne a dhéanfas ní ar bith acu so leanas, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so, sé sin le rá:—

(a) a bhacfas go toiliúil na Coimisinéirí nó aon oifigeach, gníomhaire, nó seirbhíseach dóibh agus é nó iad ag feidhmiú aon chumhachta a bronntar leis an Acht so nó a bronnfar fé nó ag comhlíonadh aon dualgais a cuirtear nó a cuirfear amhlaidh ar na Coimisinéirí nó ar aon oifigeach, gníomhaire, nó seirbhíseach dóibh, nó

(b) a leagfas, a dhíochuirfeas, nó a dhíobhálfas aon oibreacha a bheas déanta nó á ndéanamh ag na Coimisinéirí fán Acht so nó a haistrítear leis an Acht so nó a haistreofar fé chun na gCoimisinéirí, nó

(c) a dhíochuirfeas, a dhíobhálfas, nó a agha-loitfeas aon chuaillí, pionnaí, marcanna, nó nithe eile dá samhail a bheas curtha suas, suite, nó déanta ag na Coimisinéirí nó ag aon oifigeach, gníomhaire, nó seirbhíseach dóibh le haghaidh nó le linn aon chumhachta d'fheidhmiú nó aon dualgais do chomhlíonadh a bronntar nó a cuirtear leis an Acht so nó a bronnfar nó a cuirfear fé ar na Coimisinéirí nó ar aon oifigeach, gníomhaire, nó seirbhíseach dóibh, nó

(d) a chaithfeas nó a chuirfeas aon fhiaile nó aon chlocha, cré nó abhar soladach eile nó a chuirfeas fá ndear nó a cheadós aon fhiaile nó aon abhar soladach den tsórt san do thuitim nó do ghabháil isteach in aon uiscechúrsa a mbeidh aon oibreacha maidir leis déanta ag an Coimisinéirí nó aistrithe chucu nó ar tí nó i gcúrsa a ndéanta fán Acht so i slí go gcuirfí bac, cosc, nó moill ar dhéanamh nó oibriú na n-oibreacha san, nó

(e) a dhéanfas, gan toiliú na gCoimisinéirí, aon damba, cora, nó bacainn eile do chur nó do thógáil in aon uiscechúrsa a mbeidh aon oibreacha maidir leis déanta ag na Coimisinéirí nó aistrithe chucu nó ar tí nó i gcursa a ndéanta fán Acht so, nó

(f) a bhacfas gluaiseacht uisce chun aon oibreacha siltin nó tríothu nó uathu is oibreacha siltin a bheas déanta ag na Coimisinéirí fán Acht so nó a haistrítear nó a haistreofar chucu leis an Acht so nó fé i slí go ndéanfaí oibriú éifeachtúil na n-oibreacha san do thoirmeasc nó do chosc nó go dtabharfaí tuiliú ar na hoibreacha san nó ar aon talamh a bheas á shiltean acu.

(2) Gach éinne a bheas ciontach i gcionta fán alt so dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air nó, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus dlífear freisin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

Fo-dhlithe.

53. —(1) San alt so léireofar an abairt “oibreacha siltin” agus beidh feidhm aici mar abairt a fholaíos cladhphort láithreach a mbeidh a urlámhas agus a bhainistí dílsithe de thuras na huaire sna Coimisinéirí de bhuaidh orduithe aistrithe fá Chuid IV den Acht so.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí pé fo-dhlithe do dhéanamh a mheasfaid is gá nó is fóirstineach chun a áirithiú go gcosnófar oibreacha siltin a bhéas déanta nó á ndéanamh acu fán Acht so nó a n-aistrítear nó a n-aistreofar a n-urlámhas agus a mbainistí chucu leis an Acht so nó fé agus go n-oibreoidh na hoibreacha siltin sin go héifeachtúil agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta san roimhe seo, féadfaidh na Coimisinéirí fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun bainistí agus oibriú na n-oibreacha siltin lena mbainfidh na fo-dhlithe do rialáil go ginearálta;

(b) chun úsáid uisce-chúrsaí, portanna, agus oibreacha eile a ghabhfas leis na hoibreacha siltin sin nó is cuid díobh do rialáil agus do rialú agus chun a mí-úsáid nó a ndamáistiú do thoirmeasc;

(c) chun oscailt, dúnadh, agus oibriú bual-chomhlan, haistí, tuil-gheataí, caidéal, agus inneallra eile a ghabhfas leis na hoibreacha siltin sin nó is cuid díobh do rialáil;

(d) chun a chrosadh aon bhac nó truailliú do dhéanamh ar aon uisce-chúrsa a bheas ag gluaiseacht chun na n-oibreacha siltin sin nó tríothu nó uathu nó aon abhar soladach do chur ann i gcaoi go dtoirmeascfar nó go gcoiscfear nó gur dócha go dtoirmeascfar nó go gcoiscfear oibriú éifeachtúil na n-oibreacha siltin sin nó go dtabharfar nó gur dócha go dtabharfar tuiliú ar thalamh a bheas á shiltean nó á chosaint ag na hoibreacha siltin sin;

(e) chun a chrosadh aon díobháil nó damáiste do dhéanamh do na hoibreacha siltin sin;

(f) chun a chrosadh ar dhaoine neamhúdaraithe aon chur isteach do dhéanamh ar na hoibreacha siltin sin;

(g) chun a chur d'fhiachaibh ar dhaoine a dhlífeas uiscechúrsa do chothabháil an t-uisce-chúrsa san do choimeád glanta agus bearrtha.

(3) Is cead fo-dhlithe a déanfar fán alt so do bhaint agus do chur i mbaint leis na hoibreacha siltin go léir a bheas de thuras na huaire déanta nó á ndéanamh ag na Coimisinéirí fán Acht so nó a n-aistrítear nó a n-aistreofar a n-urlámhas agus a mbainistí chun na gCoimisinéirí leis an Acht so nó fé nó is cead gan iad do bhaint agus do chur i mbaint ach le ceann nó cinn áirithe de na hoibreacha siltin sin.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon fho-dhlí a déanfar fán alt so mura ndaingní ná go dtí go ndaingneoidh an tAire é.

(5) Má dhaingníonn an tAire fo-dhlí arna dhéanamh fán alt so, foillseofar fógra i dtaobh an daingnithe sin san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar nó páipéir nuachta a léitear sa cheanntar ina mbeidh na hoibreacha siltin lena mbainfidh an fo-dhlí.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair a mheasfaidh is ceart, fo-dhlí ar bith a bhéas déanta ag na Coimisinéirí fán alt so do leasú nó do chúlghairm d'ainneoin an fo-dhlí sin do bheith daingnithe aige.

(7) Scríbhinn a thabharfas le tuigsint gur cóip í d'fho-dhlí do rinneadh fán alt so agus a mbeidh formhuinithe uirthi deimhniú a thabharfas le tuigsint gur deimhniú fá shéala na gCoimisinéirí é agus a dhearbhós gur cóip dhílis den fho-dhlí sin an scríbhinn sin, glacfar léi in aon imeachta (síbhialta nó coiriúil) i gCúirt ar bith mar fhianaise dho-chlaoite ar a mbeidh sa bhfodhlí sin agus fós mar fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh agus gur haontaíodh leis go cuibhe do réir an ailt seo agus go bhfuil sé i bhfeidhm.

(8) Gach éinne a shárós, trí ghníomh nó trí fhaillí, fo-dhlí a bheas déanta fán alt so agus a bheas i bhfeidhm, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

Blianachta talamhcheannaigh, etc., do chionroinnt.

54. —Aon uair a tharlós, i gcás talamh a thógfaidh na Coimisinéirí fán Acht so, go mbeidh an talamh san, i dteannta tailimh eile, fá bhlianacht talamh-cheannaigh nó íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí, féadfaidh Coimsiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí (pé acu é) an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil sin do chionroinnt i pé slí a mheasfaid is ceart idir an talamh a bheas tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin nó féadfaid iomlán na blianachta nó na híocaíochta bliantúla san do mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheas fúithi chun iarmhéid an tailimh sin do dhí-mhuirearú.

Forála maidir le Ceanntar na Forghasa.

55. —(1) San alt so ciallaíonn an abairt “Acht na Forghasa” Acht Siltin Cheanntar na Forghasa, 1943 (Uimh. 13 de 1943) .

(2) Ní oibreoidh éinní dá bhfuil san Acht so chun déanamh na n-oibreacha a luaitear in alt 5 d'Acht na Forghasa ag na Coimisinéirí de bhun an ailt sin do thoirmeasc ná do dhocharú.

(3) Mura mbeidh an bhual-chomhla taoide uathoibreach nó na bual-chomhlaí taoide uathoibreacha ag Droichead Dhroichead an Chláir nó an chosaint in ionad an chéanna atá áirithe sna hoibreacha a sonnraítear i gClás (D) de mhír 2 den Toiliú Sceidealta curtha ar fáil ar an dáta ar a mbeidh na hoibreacha eile a sonnraítear sa Chlás san agus i gClás (F) den mhír sin 2 críochnaithe—

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 5 d'Acht na Forghasa fé is dá dtugadh sé cumhacht chun deimhniú déantachta ar leithligh a thabhairt do réir an fho-ailt sin maidir leis na hoibreacha a sonnraítear sna Cláis sin (D) agus (F) ach amháin an bhual-chomhla nó na bual-chomhlaí nó an chosaint ionaid sin a chur ar fáil agus chun deimhniú déantachta ar leithligh a thabhairt (ag an innealtóir céanna nó ag innealtóir eile) do réir an fho-ailt sin ar dháta ina dhiaidh sin maidir leis an mbualchomhla nó na bual-chomhlaí nó an chosaint ionaid sin a chur ar fáil,

(b) beidh gach deimhniú a tabharfar de bhuaidh míre (a) den fho-alt so ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche gur críochnaíodh do réir an Toilithe Sceidealta na hoibreacha a bheas sonnraithe ann,

(c) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 6 d'Acht na Forghasa fé is dá dtugadh sé cumhacht chun an t-ordú atá le déanamh ag na Coimisinéirí ag leasú Sceidil B a ghabhas leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1860, do dhéanamh ar na hoibreacha nua, ach amháin an bhual-chomhla nó na bual-chomhlaí nó an chosaint ionaid sin do chur ar fáil, do bheith críochnaithe agus chun ordú ar leithligh do dhéanamh ag na Coimisinéirí ar dháta ina dhiaidh sin ag déanamh tuilleadh leasuithe ar an Sceideal san B tríd an bhual-chomhla nó na bual-chomhlaí nó an chosaint ionaid sin do chur leis,

(d) ón dáta ar a ndéanfar an chéad ordú dá dtagartar i mír (c) den fho-alt so go dtí go ndéanfar an dara hordú dá dtagartar inti beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht na Forghasa fé is dá mb'é a bheadh sa tagairt atá sa bhfo-alt san do na hoibreacha a sonnraítear i gCláis (D) agus (F) de mhír 2 den Toiliú Sceidealta ná tagairt do na hoibreacha san ach amháin an bhual-chomhla nó na bual-chomhlaí nó an chosaint ionaid sin.

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht na Forghasa agus ina ionad san achtaítear leis seo go mbeidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an ordú muirir atá le déanamh ag na Coimisinéirí de bhun fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí na suimeanna muirearaithe (arna míniú i bhfo-alt (1) den alt san 7) do chionroinnt idir Chomhairle an Chláir agus Comhairle na Gaillimhe agus luafaid an chionroinnt sin san ordú muirir sin;

(b) nuair a bheas na suimeanna muirearaithe á gcionroinnt amhlaidh ag na Coimisinéirí bhéarfaid áird chuibhe ar an gcomhréir a bheas idir na méideanna, de na lotaí nó na ranna talún uile agus fá seach sna tailte do sileadh nó do feabhsaíodh agus a sonnraítear i Sceideal A a ghabhas leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1860 (ach amháin na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht na Forghasa), a bheas suite i gContae an Chláir agus i gContae na Gaillimhe fá seach, agus bhéarfaid áird chuibhe freisin ar na tailte sin a tuairiscítear sa Dara Sceideal san do bheith eiscthe;

(c) nuair a bheas an chionroinnt sin á dhéanamh ag na Coimisinéirí féadfaid áird do thabhairt ar na cóipeanna a bheas ina seilbh de na léarscála, na leabhair luachálaithe, agus na scríbhinní eile do hullmhaíodh maidir le ceapadh Ceanntair na Forghasa;

(d) déarfaidh an t-ordú muirir sin a bheith agus beidh sé ina ordú á chur mar mhuirear ar chiste chontae Chomhairle an Chláir an cion de na suimeanna muirearaithe a cionroinnfear mar adúradh ar Chomhairle an Chláir agus an t-ús ar an gcion san de na suimeanna muirearaithe d'íoc leis na Coimisinéirí na trátha agus sa tslí a luafar san ordú muirir sin;

(e) déarfaidh an t-ordú muirir sin freisin a bheith agus beidh sé ina ordú á chur mar mhuirear ar chiste chontae Chomhairle na Gaillimhe an cion de na suimeanna muirearaithe a cionroinnfear mar adúradh ar Chomhairle na Gaillimhe agus an t-ús ar an gcion san de na suimeanna muirearaithe d'íoc leis na Coimisinéirí na trátha agus sa tslí a luafar san ordú muirir sin.

(5) Athghairmtear leis seo an chuid d'fho-alt (6) d'alt 7 d'Acht na Forghasa dar tosach na focail “as airgead a bhaileoidh an Chomhairle sin” agus dar críoch na focail “an t-easnamh d'íoc amhlaidh”.

(6) Athghairmtear leis seo alt 8 d'Acht na Forghasa agus ina ionad san achtaítear leis seo go ndéanfaidh na Comhairlí amhail ar dháta agus ó dháta an orduithe mhuirir fán Acht san na costais agus an caiteachas fána raghaidh na Comhairlí ag cothabháil oibreacha siltin Cheanntar na Forghasa d'íoc sna cionúireachta ina ndéanfar na suimeanna muirearaithe do mhuirearú leis an ordú san ar a gcistí contae fá seach agus go gcruinneoidh na Comhairlí fá seach iad tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(7) Léifear agus léireofar mar achtachán amháin an t-alt so agus Acht na Forghasa agus dá réir sin gach focal agus abairt a húsáitear san alt so agus dá dtugtar brí áirithe le hAcht na Forghasa chun críocha an Achta san beidh leis san alt so an bhrí a tugtar dó amhlaidh.

Forála maidir leis na scéimeanna siltin sa Tríú Sceideal.

56. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis na scéimeanna siltin uile agus fá seach a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so (is scéimeanna siltin do hullmhaíodh fán Acht Dréineála Airtéirí, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , ach nár críochnaíodh go hiomlán roimh an Acht so do rith), sé sin le rá:—

(a) ní críochnófar na scéimeanna siltin sin agus ní déanfar a thuilleadh ina dtaobh;

(b) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 6 den Acht Dréineála Airtéirí, 1925, adúradh, déanfar iomlán na gcostas a luaitear sa bhfo-alt san agus a ndeachaidh na Coimisinéirí fúthu maidir leis na scéimeanna siltin sin uile agus fá seach d'íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, agus dá réir sin beidh na comhairlí contae iomchuibhe uile agus fá seach arna saoradh agus déantar leis seo iad do shaoradh ón oblagáid a cuirtear orthu uile agus fá seach leis an bhfo-alt san trian de na costais sin d'íoc.

Ceanntair siltin a mbeidh cuid díobh lasmuigh den Stát.

57. —(1) Bainfidh an t-alt so, amhail ar an lá agus ón lá a ceapfar fá alt 21 den Acht so, le gach ceanntar siltin ba cheanntar siltin láithreach chun críocha an Achta so mura mbeadh cuid de bheith laistigh agus cuid de lasmuigh den Stát.

(2) Gach duine a bheas rátaithe i leith tailimh laistigh den Stát chun ráta shiltin i gceanntar siltin lena mbainfidh an t-alt so agus a íocfas in aon bhliain an ráta siltin a mbeidh sé rátaithe chuige amhlaidh don bhliain sin i leith an tailimh sin, beidh sé i dteideal, ar é do thíolacadh na hadmhála ar an ráta siltin a bheas íoctha aige amhlaidh do chomhairle na contae ina mbeidh an talamh san suite, pé faoiseamh acu seo leanas is iomchuibhe d'fháil, sé sin le rá:—

(a) i gcás é bheith rátaithe chun an ráta dhealúis is iníoctha sa bhliain sin i leith an tailimh sin agus an ráta dealúis sin do bheith íoctha aige cheana nó i gcás gan é bheith rátaithe chun an ráta dhealúis sin i leith an tailimh sin, aisíoc méide an ráta shiltin a thaspánfaidh an admháil sin a bheith íoctha amhlaidh d'fháil ón gcomhairle sin, nó

(b) i gcás é bheith rátaithe chun an ráta dhealúis sin is iníoctha sa bhliain sin i leith an tailimh sin agus gan an ráta dealúis sin do bheith íoctha aige leis an gcomhairle sin, nóta (dá ngairmtear nóta creidiúnais san alt so) d'fháil ón gcomhairle sin á chur i dteideal creidiúnas d'fháil i gcoinne an ráta dhealúis sin i méid an ráta shiltin a thaspánfaidh an admháil sin a bheith íoctha amhlaidh.

(3) Más rud é, i gcás ina mbeidh duine ina lonnaitheoir ar thalamh (laistigh den Stát) a bheas rátaithe chun ráta shiltin i gceanntar siltin lena mbainfidh an t-alt so ach ná beidh sé féin rátaithe chun an ráta shiltin sin i leith an tailimh sin, go n-íocfaidh an duine sin an ráta siltin sin i leith an tailimh sin in aon bhliain, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an lonnaitheoir sin i dteideal faoisimh fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so fé is dá mbeadh sé rátaithe chun an ráta shiltin sin sa bhliain sin i leith an tailimh sin;

(b) an duine a bheas rátaithe iarbhfír chun an ráta shiltin sin sa bhliain sin i leith an tailimh sin, ní bheidh sé i dteideal faoisimh fán bhfo-alt san;

(c) ní bheidh an lonnaitheoir sin i dteideal an ráta siltin sin d'íoc sé amhlaidh ná aon chuid de do bhaint den duine sin a bheas rátaithe amhlaidh chuige iarbhfír.

(4) Nuair a dhéanfas an duine dar heisíodh nóta creidiúnais fán alt so an nóta san do thairgsint don chomhairle d'eisigh é, glacfaidh an chomhairle sin é mar íocaíocht sa mhéid den ráta dealúis lena mbainfidh sé is comhionann le méid an ráta shiltin ar ina leith do heisíodh amhlaidh é.

(5) An t-airgead a theastós ó chomhairle chontae chun aon fhaoiseamh a mbeidh duine ar bith ina theideal fán alt so do thabhairt don duine sin, cruinneoidh an chomhairle sin é tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, comhaontú do dhéanamh le comhairle (dá ngairmtear an chomhairle eachtrach san alt so) na contae ina mbeidh an chuid a bheas lasmuigh den Stát de cheanntar siltin lena mbainfidh an t-alt so á shocrú go ndéanfaidh na Coimisinéirí agus an chomhairle eachtrach le chéile an ceanntar siltin sin do rialú agus do bhainistí agus na hoibreacha siltin ann do chothabháil.

(7) Nuair is deimhin leis an Aire feidhm dlí do bheith ag comhaontú arna dhéanamh fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir le ceanntar siltin lena mbainfidh an t-alt so, sa líomatáiste ina mbeidh an chuid a bheas lasmuigh den Stát den cheanntar siltin sin, déanfaidh an tAire, le hordú, an comhaontú san do dhaingniú agus air sin beidh feidhm dlí laistigh den Stát ag an gcomhaontú san.

(8) Féadfaidh an tAire, leis an ordú lena ndaingneoidh comhaontú fán alt so, pé forála (ar a n-áirítear modhnuithe ar fhorála an Achta so) do dhéanamh a chífear dó is gá i dtaobh nó de dhruim an chomhaontuithe sin.

Foráil maidir le scéimeanna siltin áirithe fá na hAchta Dréineála Airtéirí, 1925 agus 1929.

58. —(1) San alt so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Dréineála Airtéirí, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , agus ciallaíonn an abairt “Acht 1929” an t Acht Dréineála Airtéirí (Leasú), 1929 (Uimh. 18 de 1929) .

(2) D'ainneoin éinní contrártha dhó san atá in Acht 1925, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le Scéim Siltin an Mhaoilcéir agus na Ceapaighe Móire (dá ngairmtear an Scéim sa bhfo-alt so) d'ullmhaigh na Coimisinéirí fán Acht san agus do dhaingnigh an tAire Airgeadais an 20ú lá de Dheireadh Fómhair, 1933, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht maidir leis an Scéim ag alt 14 ná ag fo-ailt (1) go (4) d'alt 15 d'Acht 1925;

(b) a luaithe is féidir tar éis an tAcht so do rith, ullmhóidh na Coimisinéirí moladh deiridh maidir leis an Scéim;

(c) dearbhóidh na Coimisinéirí sa mholadh deiridh agus leis an moladh deiridh sin—

(i) gurb é méid iomlán na gcostas agus an chaiteachais fána ndeachaidh na Coimisinéirí ag déanamh oibreacha de bhun na Scéime agus go ginearálta ag cur na Scéime i ngníomh ná suim sé mhíle tríochad, naoi gcéad, agus aon phunt caogad, agus ceithre pingne, agus

(ii) go bhfuil suim ocht míle dhéag, ceithre chéad agus cúig puint seachtód, deich scillinge agus dhá phingin íoctha ag an Aire Airgeadais, as airgead do sholáthraigh an tOireachtas, i leith na gcostas agus an chaiteachais sin, agus

(iii) go bhfuil suim trí mhíle dhéag, ceithre chéad agus cúig puint fhichead, deich scillinge, agus naoi bpingne íoctha ag comhairle chontae Luimnigh leis na Coimisinéirí i leith na gcostas agus an chaiteachais sin, agus

(iv) gurb é is méid d'fhuíollach na gcostas agus an chaiteachais sin de bhreis agus de bharr ar na suimeanna san d'íoc an tAire sin agus an chomhairle sin fá seach ná suim chúig mhíle agus naoi bpuint cheathrachad, naoi scillinge déag, agus cúig pingne agus go ndearna na Coimisinéirí é do réamhíoc, agus

(v) cad is méid don bhlianacht infhorceanta trína mbeidh an tsuim do réamhíoc na Coimisinéirí inaisíoctha do réir ailt 16 d'Acht 1925;

(d) beidh an ceanntar siltin a ceapfar leis an moladh deiridh sin ina cheanntar siltin láithreach chun críocha an Achta so agus beidh feidhm maidir leis dá réir sin ag na forála den Acht so a bhaineas le ceanntar siltin láithreach, agus beidh an moladh deiridh sin i pé foirm agus beidh pé forála ann a chífear do na Coimisinéirí is gá de bhíthin feidhme sin na bhforál sin den Acht so;

(e) fá réir na bhforál san roimhe seo den fho-alt so agus gan dochar dóibh, agus sa mhéid ná beidh san ar neamhréir leo, beidh sa mholadh deiridh sin na forála go léir is gá do réir Achta 1925 a bheith i moladh deiridh fán Acht san, agus is tuigthe gurb é an moladh deiridh é do rinneadh de bhun an Achta san maidir leis an Scéim, agus beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 15 den Acht san maidir leis an moladh deiridh sin dá réir sin.

(3) Díreach ar an Acht so do rith íocfaidh comhairle chontae Luimnigh leis na Coimisinéirí pé suim a dhéanfas, i dteannta na suimeanna atá íoctha go dtí so ag an gcomhairle sin leis na Coimisinéirí ar scór na réamhíocanna do rinne na Coimisinéirí maidir le ranníoc na comhairle sin i leith na gcostas agus an chaiteachais do bhain le Scéim Siltin an Mhaoilcéir agus na Ceapaighe Móire maraon leis an ús ar na réamhíocanna san, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) suim trí mhíle dhéag, ceithre chéad, agus cúig puint fhichead, deich scillinge agus naoi bpingne (sé sin, méid iomlán na réamhíocanna san), agus

(b) ús ar gach ceann fá leith de na suimeanna a dhéanann suas na réamhíocanna san ó na dátaí fá seach ar ar chuir na Coimisinéirí na suimeanna san ar fáil go dtí dáta a n-aisíoctha, agus an t-ús san dá ríomh, i leith gach suime fá leith acu san, do réir an ráta ar ar muirearaíodh ús ar iasachta as Ciste an nIasacht Áitiúla an tráth a cuireadh an tsuim sin ar fáil mar adúradh.

(4) Aon airgead is iníoctha ag comhairle chontae Luimnigh leis na Coimisinéirí fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an chomhairle sin é íoc as a gciste contae nó trí iasacht d'fháil, agus beidh feidhm agus éifeacht ag alt 22 d'Acht 1925 maidir leis an airgead san fé is dá n-ordaítí leis an Acht san an t-airgead san d'íoc as an gciste contae sin nó trí iasacht d'fháil.

(5) Gach moladh deiridh do rinneadh nó do thug le tuigsint é bheith arna dhéanamh ag na Coimisinéirí fá Acht 1925 nó fán Acht san arna leasú le hAcht 1929 nó fá aon Acht eile do ritheadh roimh an Acht so do rith (ach amháin an moladh deiridh do thug le tuigsint é bheith arna dhéanamh ag na Coimisinéirí an 29ú lá d'Iúl, 1942, i leith Scéime Siltin an Mhaoilcéir agus na Ceapaighe Móire), déantar leis seo é dhaingniú agus a dhearbhú go bhfuil sé, agus go raibh sé riamh, bailí agus neamh-inchonspóide ar fhoras ar bith d'ainneoin neamhbhailíocht (más ann) an dréachtmholta iomchuibhe nó aon difríocht idir an moladh deiridh sin agus an dréacht-mholadh san agus, i gcás an mholta dheiridh do rinne na Coimisinéirí an 9ú lá d'Iúl, 1941, maidir le Scéim Siltin na Máighe agus na Lúbaighe, d'ainneoin aon orduithe ón gCúirt Uachtarach do rinneadh tar éis an 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1944, agus roimh an Acht so do rith.

Scéimeanna siltin fá na hAchta sa Chéad Sceideal do thoirmeasc.

59. —O dháta an Achta so do rith agus dá éis sin ní déanfar aon scéim siltin d'ullmhú ná do chur i ngníomh fá aon Acht dá luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

AN CHEAD SCEIDEAL.

CUID I.

Na Drainage and Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857.

Na Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892.

Na hAchta Dréineála Airtéirí, 1925 agus 1929.

CUID II.

Acht Dréineála na hAbhann Móire, 1926 (Uimh. 3 de 1926) .

Achta Dréineála na Bearbha, 1927 agus 1933.

An tAcht Dréineála Airtéirí (Mion-Scéimeanna), 1928 (Uimh. 23 de 1928) .

AN DARA SCEIDEAL.

Socmhainni Comhlucht Siltin Scortha d'Aistriu agus a bhFiachais do Ghlanadh.

1. Sa Sceideal so—

ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” an t-alt den Acht so ar dá bhuaidh a bheas éifeacht maidir le comhlucht scortha ag na forála san is infheidhme den Sceideal so,

ciallaíonn an abairt “comhlucht scortha” comhlucht iontaobhaithe nó bord siltin a thiocfas chun bheith scortha an lá ceaptha de bhuaidh an phríomh-ailt,

tá leis an abairt “an lá ceaptha” an bhrí atá léi sa phríomh-alt, ciallaíonn an focal “comhairle” comhairle chontae,

ciallaíonn an abairt “comhairle nó comhairlí aistrithí” an chomhairle nó na comhairlí chun a ndéantar urlámhas agus bainistí ceanntair shiltin láithrigh d'aistriú le Cuid III den Acht so,

folaíonn an focal “sócmhainní”, maidir le comhlucht scortha, gach uile shaghas maoine pé acu réalta nó pearsanta í agus pé acu ar seilbh nó ar fionnraí dhi, ach ní fholaíonn sé na hoibreacha siltin láithreacha i gceanntar siltin an chomhluchta scortha san,

folaíonn an focal “fiachas”, maidir le comhlucht scortha, gach uile shaghas fiacha agus fiachas pé acu leachtaithe nó neamhleachtaithe dhóibh agus pé acu láithreach, teagmhasach, nó todhchaí dhoibh.

2. Gach duine a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh aon oifige fá chomhlucht scortha nó ar fostú acu, scoirfidh sé an lá san de bheith i seilbh na hoifige sin nó ar fostú amhlaidh, ach ní choiscfidh an scor san aon duine den tsórt san ó bheith ar fostú go sealadach tar éis an lae cheaptha ag an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí maidir le forceannadh cúrsaí an chomhluchta scortha san.

3. Féadfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha, as a gcomhairle féin ach fá réir toilithe an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, íocaíocht ex gratia do dheonadh do dhuine ar bith do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh aon oifige fán gcomhlucht scortha san agus áireofar an íocaíocht san mar fhiachas ar an gcomhlucht scortha san, agus maidir le méid na híocaíochta san—

(a) ní raghaidh sé thar pé suim acu so leanas is lú:

(i) an ceathrú cuid den luach saothair bliantúil (gan aon liúntas le haghaidh caiteachais d'áireamh) is iníoctha díreach roimh an lá ceaptha leis an duine sin ag an gcomhlucht scortha san arna iolrú fán uimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a bheas tugtha aige leis an gcomhlucht scortha san,

(ii) dhá oiread an luach saothair bhliantúil (gan aon liúntas le haghaidh caiteachais d'áireamh) is iníoctha díreach roimh an lá ceaptha leis an duine sin ag an gcomhlucht scortha san, agus

(b) déanfar, fá réir na teorann san roimhe seo, é do chinneadh ag féachaint go cuibhe do na nithe seo leanas:

(i) na téarmaí agus na coinníollacha ar ar fostaíodh an duine sin ag an gcomhlucht scortha san,

(ii) cineál agus faid na fostaíochta san agus an tslí ina ndearna an duine sin dualgais na fostaíochta san do chomhlíonadh,

(iii) an chosúlacht a bheas ann (má bhíonn) go gcoimeádfaí an duine sin níos sia sa bhfostaíocht san dá mba ná rithfí an tAcht so,

(iv) aon tosca eile a bhainfeas leis an gcás.

4. A luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha, déanfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha sócmhainní agus fiachais an chomhluchta scortha san d'fhionnadh agus do chinneadh agus, chuige sin, déanfaidh an comhlucht scortha san agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn eile a bheas ar seilbh nó ar fáil acu agus is leis an gcomhlucht scortha san nó a bhainfeas lena n-eadarbhearta nó a gcúrsaí do thaspáint agus do thabhairt suas don chomhairle nó do na comhairlí aistrithí sin.

5. (a) A luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha, bhéarfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí comhluchta scortha go bhfoillseofar sa tslí is oiriúnaí leo fógra á cheangal ar gach duine ag á mbeidh éileamh i gcoinne an chomhluchta scortha san a éileamh do lóisteáil leis an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí sin laistigh de thréimhse a sonnrófar (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra san d'fhoillsiú den chéad uair) agus á rá ná breithneofar ná ná glanfar aon éileamh ná lóisteálfar amhlaidh.

(b) Ar bheith foillsithe don fhógra san ní bheidh d'oblagáid ar an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí aon éileamh ná lóisteálfar do réir an fhógra san laistigh den tréimhse a sonnrófar ann do bhreithniú ná do ghlanadh.

6. Ar an lá ceaptha—

(a) beidh sócmhainní uile comhluchta scortha arna n-aistriú chun na comhairle nó na comhairlí aistrithí agus arna dteacht chun bheith ina maoin acu agus, más fiacha nó rudaí-ar-fionnraí eile iad agus sa mhéid gurb ea, féadfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin iad do bhaint amach dá réir sin, agus

(b) tiocfaidh fiachais uile comhluchta scortha chun bheith agus beid ina bhfiachas ar an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí agus íocfaidh nó glanfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin iad dá réir sin.

7. Aon agra nó aicsean a bheas ar feitheamh in aon Chúirt an lá ceaptha agus ina mbeidh comhlucht scortha ina bpáirtí ní thuitfidh sé ar lár de bhíthin an comhlucht scortha san do scor, ach ina ionad san tiocfaidh comhairle nó comhairlí aistrithí an chomhluchta scortha san chun bheith agus beid ina bpáirtithe san agra nó san aicsean san in ionad an chomhluchta scortha san agus leanfar den agra nó den aicsean san dá réir sin.

8. (a) Déanfar na sócmhainní uile le comhlucht scortha a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith ina maoin ag comhairle aistrithí an chomhluchta scortha san d'íoc isteach i gciste contae, nó do chur chun tairbhe do chiste contae, na comhairle sin.

(b) Déanfar na fiachais uile a bheas ar chomhlucht scortha agus a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith inghlanta ag comhairle aistrithí an chomhluchta scortha san d'íoc agus do ghlanadh as ciste contae na comhairle sin.

9. (a) Na sócmhainní uile le comhlucht scortha a thiocfas, de bhuaidh an Sceidil seo, chun bheith ina maoin ag dhá chomhairle aistrithí nó níos mó a bheas in ionad an chomhluchta scortha san, tiocfaid chun bheith ina maoin leis na comhairlí sin agus déanfar iad d'íoc isteach ina gcistí contae fá seach nó do chur chun tairbhe dhóibh sna cionúireachta a sonnraítear anso ina dhiaidh seo.

(b) Na fiachais uile a bheas ar chomhlucht scortha agus a thiocfas, de bhuadh an Sceidil seo, chun bheith inghlanta ag dhá chomhairle aistrithí nó níos mó a bheas in ionad an chomhluchta scortha san, déanfaidh na comhairlí sin iad d'íoc agus do ghlanadh as a gcistí contae fá seach sna cionúireachta a sonnraítear anso ina dhiaidh seo.

(c) Is iad cionúireachta ina dtiocfaidh sócmhainní nó fiachais chomhluchta scortha chun bheith, fán Sceideal so, ina maoin le dhá chomhairle aistrithí nó níos mó nó inghlanta acu ná pé cionúireachta ar a gcomhaontóidh na comhairlí sin ag féachaint d'fhorála an Mholta nó an mholta dheiridh maidir le ceanntar siltin an chomhluchta scortha san nó, cheal comhaontuithe den tsórt san, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí iad (ag féachaint do na forála san adúradh) ar cheann amháin nó níos mó de na comhairlí sin dá iarraidh sin.

10. (a) An t-airgead a theastós ó chomhairle chun fiachais nó cionúireacht d'fhiachais chomhluchta scortha do ghlanadh de bhun an Sceidil seo, déanfaidh an chomhairle sin é do chruinniú (sa mhéid nach féidir an t-airgead san do sholáthar as sócmhainní nó as an gcuid de shócmhainní an chomhluchta scortha san a gheobhaidh an chomhairle sin) tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar an gcontae iomlán nó féadfar, le toiliú an Aire Áitiúil agus Sláinte Poiblí, é sholáthar (sa mhéid adúradh) trí iasacht d'fháil fá Airteagal 22 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh an chríoch san luaite san Airteagal san.

(b) Aon airgead a gheobhaidh comhairle ar iasacht fán mír seo ní háireofar é mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun críocha an Airteagail sin 22.

11. Maidir leis an gcomhairle nó na comhairlí aistrithí do bhailiú na bhfiacha (lena n-áirítear riaráiste ráta shiltin nó muirir shiltin) a bheas dlite do chomlucht scortha agus a haistreofar chun na comhairle nó na gcomhairlí aistrithí sin, de bhuaidh an Sceidil seo, féadfaidh an chomhairle nó na comhairlí sin, mar is rogha leo, fiacha ar bith den tsórt san do mhaitheamh i bpáirt nó go hiomlán nó pé loghaíocht do thabhairt a mheasfaid is ceart maidir leis an modh nó an tráth chun aon fhiacha den tsórt san d'íoc i bpáirt nó go hiomlán.

AN TRIU SCEIDEAL.

Sceimeanna Siltin a Treigfear.

Na scéimeanna siltin uile agus fá seach a bhaineas leis na haibhne seo leanas fa seach—

1. An Abha Dhubh i gContaethe na Midhe agus an Chabháin.

2. Abha an Oileáin i gContae na Gaillimhe.

3. Abha an Chlochair i gContae Roscomáin.

4. Abha Choill-fá-hAbhann i gContae Mhuineacháin.

5. Abha an Raimpéir i gContae Lughbhaidh.

6. Abha na Croise i gContae Roscomáin.