|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1945. | ||
[EN] |
AN tACHT GÁRDA SÍOCHÁNA, 1945. | |
[An tionntó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHTA CHOMHNASCTHA NA bhFÓRSAÍ PÓILÍNEACHTA, 1925. [15ú Bealtaine, 1945.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Acht 1925. |
1. —San Acht so— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “Acht 1925” Acht Comhnasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) . | |
[EN] |
An Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1925 do leasú. |
2. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1925— |
[EN] | (a) tríd an tagairt do Chigirí do scrios agus an méid seo leanas do chur ina hionad—“Cigirí, ná beidh thar nócha acu ann”, | |
[EN] | (b) tríd an tagairt do Sháirsintí Stáisiúin do scrios agus an méid seo leanas do chur ina hionad—“Sáirsintí Stáisiúin, ná beidh thar seachtó acu ann”. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus comhluadh. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Gárda Síochána, 1945 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Gárda Síochána, 1923 go 1945, do ghairm de na hAchta Gárda Síochána, 1923 go 1937, agus den Acht so le chéile. |