26 1945


Uimhir 26 de 1945.


AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNADH IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE, 1939, I bhFEIDHM, AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SAN CHUN NA CRÍCHE RÉAMHRÁITE.

[29ú Iúl, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1942” an t Acht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 (Uimh. 19 de 1942) .

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

CUID II.

An Priomh-Acht do Bhuanu.

An Príomh-Acht do bhuanú.

4. —(1) Mura bhfoirceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus raghaidh in éag ansan mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luaithe ná an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

CUID III.

An Priomh-Acht do Leasu.

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) trí mhír (h) d'fho-alt (2) do scrios,

(b) trí gach focal i ndiaidh na bhfocal “foillsiú eolais oifigiúil do rialú” do scrios as mír (i) d'fho-alt (2),

(c) trí mhír (j) d'fho-alt (2) do scrios agus an mhír seo leanas do chur ina hionad:—

“ (j) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun teacht daoine (seachas saoránaigh dúchais Éireannacha) isteach sa Stát nó imeacht daoine amach as an Stát agus gluaiseacht daoine (seachas saoránaigh dúchais Eireannacha) laistigh den Stát do thoirmeasc, do shrianadh nó do rialú;”,

(d) trí na focail “(seachas saoránaigh dúchais Eireannacha)” do chur isteach i mír (m) d'fho-alt (2) i ndiaidh an fhocail “daoine”,

(e) trí na focail “(seachas saoránaigh dúchais Eireannacha)” do chur isteach i mír (o) d'fho-alt (2) i ndiaidh na bhfocal “daoine eile”.

(2) Léireofar mír (k) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa mhír sin (k) na focail agus na lúibíní a scriosadh aisti le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940 (Uimh. 1 de 1940) .

(3) Léireofar mír (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa mhír sin (l) na focail agus na lúibíní a scriosadh aisti le fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940.

(4) Léireofar fo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa bhfo-alt san (5) na focail a scriosadh as le halt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 16 de 1940) .

Tuilleadh srianta le horduithe do dhéanamh faoi Alt 2 den Phríomh-Acht.

6. —(1) Ní léireofar éinní dá bhfuil in alt 2 den Phríomh-Acht mar ní údaraíos don Rialtas trí ordú faoin alt san—

(a) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun comarsáid trí gach ceann nó aon cheann nó cinn de na seirbhísí a chothabhálann nó a rialaíonn an tAire Poist agus Telegrafa nó trí aon mheán eile, poiblí nó príobháideach, do chinnsiriú, do shrianadh nó do rialú, nó í d'fhionnraí i bpáirt nó go hiomlán, ná

(b) socrú do dhéanamh chun foillsiú nó leathadh éinní do thoirmeasc, nó údarás do thabhairt nó socrú do dhéanamh chun nuachtáin agus tréimhseacháin do rialú agus do chinnsiriú, ná

(c) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun pictiúirí do chinnsiriú, ná

(d) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun teacht saoránach dúchais Éireannach isteach sa Stát nó gluaiseacht saoránach dúchais Éireannach laistigh den Stát do thoirmeasc, do shrianadh nó do rialú, ná

(e) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun saoránaigh dúchais Eireannacha do choinneáil, ná

(f) údarás do thabhairt chun saoránaigh dúchais Eireannacha do ghabháil gan barántas, ná

(g) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun saoránaigh dúchais Eireannacha do chuardach, ná

(h) oibriú an Phríomh-Achta, Achta 1942, nó an Achta so do chur ar fionnraí nó aon Acht acu san do leasú nó do thonasc (le modhnú nó gan modhnú).

(2) San alt so tá leis an bhfocal “pictiúirí” an bhrí atá leis sna h Achta um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1930.

Alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 8 d'Acht 1942, sa tslí seo leanas—

(a) trí fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (6) do scrios,

(b) trí na focail “in aon chás eile” do scrios as fo-mhír (ii) den mhír sin (a),

(c) trí fho-alt (6A) do scrios.

Ré feidhme Coda III.

8. —Leanfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm faid a leanfas an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.

Comhluadh.

9. —Féadfar na hAchta Cumhachta Práinne, 1939 go 1945, do ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1942, agus den Chuid seo den Acht so le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimhir agus Bliain

(1)

Gearr-theideal

(2)

Uimh. 1 de 1940 .

An tAcht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940.

Uimh. 16 de 1940 .

An tAcht Cumhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940.

Uimh. 16 de 1944 .

An tAcht Cumhachta Práinne (Buanú), 1944 .