|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1946. | ||
[EN] |
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1946. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ FORÁL ÁIRITHE, A BHAINEAS LEIS AN gCÚIRT DÚICHE, DE NA h ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1936, AGUS D'ACHTACHÁIN EILE. [29ú Iúil, 1946.] | ||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | ||||||||||||||
[EN] |
Gearr-theideal agus comhluadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, a ghairm de na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— | ||||||||||||
[EN] | Acht 1928. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) ; | ||||||||||||
[EN] | Acht 1936. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) ; | ||||||||||||
[EN] | an lá ceaptha (Cuid II). |
ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha (Cuid II)” an lá a ceapfar ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo; | ||||||||||||
[EN] | Roinn. |
ciallaíonn an focal “Roinn” roinn de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath a bunaítear le halt 5 den Acht seo; | ||||||||||||
[EN] | Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath. |
ciallaíonn an abairt “Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath” Breitheamh arna bhuan-shannadh do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath; | ||||||||||||
Breitheamh. |
ciallaíonn an focal “Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Dúiche, ach ní fholaíonn sé Breitheamh sealadach; | |||||||||||||
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |||||||||||||
an dáta feidhme. |
ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith; | |||||||||||||
an Príomh-Acht. |
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) ; | |||||||||||||
Breitheamh sealadach. |
ciallaíonn an abairt “Breitheamh sealadach” duine arna cheapadh faoi alt 51 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh. | |||||||||||||
[EN] |
An lá ceaptha chun críocha Coda II. |
3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] |
Athghairm. |
4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid I den Sceideal sin. | ||||||||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid II den Sceideal sin. | |||||||||||||
CUID II. Forala maidir leis na Breithiuin do Chathair Bhaile Atha Cliath. | ||||||||||||||
[EN] |
Na ranna de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath. |
5. —(1) D'fhonn go mba chaothúla a déanfaí gnó na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Á tha Cliath, beidh na Breithiúin do Chathair Bhaile Átha Cliath, ar an lá ceaptha (Cuid II), arna roinnt, de bhuaidh an fho-ailt seo, ina dtrí Ranna a ngairmfear de gach Roinn faoi leith acu an ainm a cheapfas an tAire dhi. | ||||||||||||
[EN] | (2) Is é a bheas i ngach Roinn— | |||||||||||||
[EN] | (a) Breitheamh, dá ngairmfear Ard-Bhreitheamh na Roinne sin, | |||||||||||||
[EN] | (b) pé uimhir (más ann) de Bhreithiúin eile, dá ngairmfear Gnáth-Bhreithiúin na Roinne sin, a chinnfeas an tAire ó am go ham. | |||||||||||||
[EN] |
Forála maidir le hArd-Bhreithiúin. |
6. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hArd-Bhreitheamh Roinne— | ||||||||||||
[EN] | (a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath, | |||||||||||||
[EN] | (b) ní haistreofar go dtí Roinn eile é mura dtoilí sé féin chuige, | |||||||||||||
[EN] | (c) socróidh sé i dtaobh gnó na Roinne sin a roinnt idir Bhreithiúin ar leithligh na Roinne sin. | |||||||||||||
[EN] | (2) Aon uair a bheas folúntas in oifig Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin sa bhfo-alt seo) nó a thárlós, ar chúis ar bith, ná beidh ar chumas Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin freisin sa bhfo-alt seo) gníomhú, féadfaidh an tAire— | |||||||||||||
[EN] | (a) Ard-Bhreitheamh Roinne eile a ainmniú, le toiliú an Bhreithimh sin, chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, i dteannta a Roinne féin nó | |||||||||||||
[EN] | (b) duine de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath (is Gnáth-Bhreitheamh Roinne) a ainmniú chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, ach gan luach saothair sa bhreis a fháil, | |||||||||||||
[EN] | agus Breitheamh a hainmneofar amhlaidh, gníomhóidh sé dá réir sin. | |||||||||||||
[EN] | (3) Ainmneoidh an tAire an Breitheamh is sinsearaí, díreach roimh an lá ceaptha (Cuid II), de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath, chun bheith ina Ard-Bhreitheamh do cheann de na Ranna. | |||||||||||||
[EN] |
Forála maidir le Gnáth-Bhreithiúin Roinne. |
7. —Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le Gnáth-Bhreitheamh Roinne— | ||||||||||||
[EN] | (a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath, | |||||||||||||
[EN] | (b) féadfaidh an tAire é a aistriú ó am go ham ón Roinn sin aige go dtí Roinn eile. | |||||||||||||
[EN] |
Tuarastail na mBreithiún do Chathair Bhaile Atha Cliath. |
8. —(1) Gheobhaidh Ard-Bhreitheamh Roinne tuarastal míle agus dhá chéad punt sa bhliain. | ||||||||||||
[EN] | (2) Gheobhaidh gach Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath (seachas Ard-Bhreitheamh Roinne) tuarastal míle agus céad punt sa bhliain. | |||||||||||||
[EN] | (3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc na dtuarastal a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo. | |||||||||||||
[EN] | (4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh ar an lá ceaptha (Cuid II). | |||||||||||||
[EN] |
Breithiúin bhreise Roinne a ainmniú. |
9. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh, ná beidh buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe agus a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh sealadach, a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne. | |||||||||||||
[EN] | (3) Breitheamh nó Breitheamh sealadach a hainmneofar faoin alt seo chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne, gníomhóidh sé amhlaidh go dtí go bhforceannfaidh an tAire a ainmniú. | |||||||||||||
[EN] |
Gnó a roinnt idir na Ranna. |
10. —An gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheas le déanamh i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, roinnfear é idir na Ranna ar leithligh i pé slí a ordós an tAire ó am go ham. | ||||||||||||
[EN] |
Na háiteanna, etc., ina mbeidh gnó Roinne le déanamh. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, maidir le gach Roinn,— | ||||||||||||
[EN] | (a) na háiteanna i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a cheapadh ina mbeidh gnó na Roinne sin le déanamh, | |||||||||||||
[EN] | (b) an saghas nó na saghsanna gnótha de chuid na Roinne sin a chinneadh a bheas le déanamh i ngach áit ar leithligh de na háiteanna a ceapfar amhlaidh. | |||||||||||||
[EN] | (c) na laetha agus na huaireanta a chinneadh a déanfar gach saghas gnótha ar leithligh den tsórt sin sna háiteanna ar leithligh a ceapfar amhlaidh. | |||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire a údarú d'Ard-Bhreitheamh Roinne na cumhachta is infheidhmithe ag an Aire faoi mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, maidir leis an Roinn sin, agus féadfaidh aon údarás den tsórt sin a fhorceannadh. | |||||||||||||
[EN] |
Forála i dtaobh gnótha ar feitheamh. |
12. —(1) Gach gnó de chuid na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheas tosnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) agus ná beidh críochnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) leanfar de agus críochnófar é amhail is ná beadh an tAcht seo arna rith. | ||||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheith arna thosnú lá eisithe na toghairme, an bharántais, na próise nó na doiciméide tionscnaimh eile ina thaobh. | |||||||||||||
[EN] |
Comhaltaí exofficio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche. |
13. —Amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, is iad a bheas ina gcomhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche, a bunaíodh le halt 71 Acht 1936, ná— | ||||||||||||
[EN] | (a) pé duine (is Ard-Bhreitheamh Roinne) a ainmneos an tAire chuige sin de na Breithiúin, agus is é an duine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gCoiste sin; | |||||||||||||
[EN] | (b) pé duine a ainmneos an tAire chuige sin de Chléirigh Chúirte Dúiche Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus is é an duine sin a bheas ina rúnaí don Choiste sin. | |||||||||||||
CUID III. Forala Ilghneitheacha maidir leis an gCuirt Duiche. | ||||||||||||||
[EN] |
Cáilíocht i gcóir ceapacháin mar Bhreitheamh. |
14. —Abhcóide nó atúrnae a chleachtaigh a ghairm iarbhír ar feadh sé bliana ar a laghad, ní bheidh sé neamh-incheaptha mar Bhreitheamh de bhíthin amháin ná fuil sé de thuras na huaire ag cleachtadh a ghairme, má tá sé de thuras na huaire i seilbh oifige lenar ghabh ceangal reachta (tráth a cheaptha chuici) nár bhfoláir gach duine a ceapfaí chuici a bheith, an tráth sin nó roimhe sin,— | ||||||||||||
[EN] | (a) ina atúrnae cleachtach, nó | |||||||||||||
[EN] | (b) ina abhcóide cleachtach nó ina atúrnae cleachtach. | |||||||||||||
[EN] |
An aois scoir do Breithiúin. |
15. —(1) Cúig bliana seascad is aois scoir do Bhreitheamh. | ||||||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, is seachtó bliain is aois scoir do dhuine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina Bhreitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath nó ina Bhreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh is ionann agus, nó ina bhfuil, contae-bhuirg Chorcaighe. | |||||||||||||
[EN] |
An líon uasta Breithiún. |
16. —Ní raghaidh líon na mBreithiún thar ceathracha tráth ar bith. | ||||||||||||
[EN] |
Breithiúin a shannadh do dhúthaí. |
17. —(1) (a) I gcás duine a cheapadh ina Bhreitheamh, ansin, faoi réir míre (b) den fho-alt seo, féadfaidh an Rialtas, más cuibhe leo, ar é a cheapadh amhlaidh, é a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe. | ||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh, an tráth a ceapfar duine ina Bhreitheamh, ceathrar Breithiún ná fuil buanshannaithe do dhúthaí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe. | |||||||||||||
[EN] | (c) I gcás Breitheamh a bheith buan-shannaithe, díreach roimh an dáta feidhme, do dhúthaigh áirithe, leanfaidh sé, chun críocha an ailt seo agus faoi réir fo-alt (3) agus (4) den alt seo, de bheith buanshannaithe don dúthaigh sin. | |||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ná déanfar Breitheamh a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe ar é a cheapadh, féadfaidh an Rialtas é a bhuan-shannadh tráth ar bith do dhúthaigh áirithe. | |||||||||||||
[EN] | (3) Breitheamh a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an tAire, ach go dtoileoidh an Breitheamh chuige, é a aistriú go dtí dúthaigh eile, agus ar é a aistriú amhlaidh tiocfaidh an Breitheamh sin chun bheith agus beidh sé buan-shannaithe don dúthaigh eile sin in ionad bheith buan-shannaithe don dúthaigh sin a céadluaitear. | |||||||||||||
[EN] | (4) (a) I gcás Breitheamh a bheith buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an Rialtas, ar é dá iarraidh sin, an buan-shannadh sin a fhorceannadh más cuibhe leo. | |||||||||||||
[EN] | (b) I gcás buan-shannadh Breithimh do dhúthaigh áirithe a fhorceannadh faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith ina dhiaidh sin é a bhuanshannadh do dhúthaigh áirithe. | |||||||||||||
[EN] | (5) Breitheamh ná beidh de thuras na huaire buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an tAire é a shannadh ó am go ham do dhúthaigh ar bith agus, faid a bheas sé sannaithe do dhúthaigh amhlaidh, beidh ag gach Breitheamh den tsórt sin, maidir leis an dúthaigh sin agus i gcomhréim leis an mBreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh sin, gach príbhléid, cumhacht agus dualgas a bheas de thuras na huaire bronnta nó forchurtha le dlí ar an mBreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh sin. | |||||||||||||
[EN] | (6) Ní bhainfidh éinní san alt seo le Breithiúin shealadacha. | |||||||||||||
[EN] |
Gan tuilleadh Breithiún cúnta a cheapadh. |
18. —Ní déanfar, ar an dáta feidhme ná dá éis, duine ar bith a cheapadh faoi alt 13 d'Acht 1928 ina Bhreitheamh cúnta. | ||||||||||||
[EN] |
Cearta pinsin Breithiún. |
19. —(1) Más rud é— | ||||||||||||
[EN] | (a) go scarfaidh Breitheamh, ar dheich mbliana seirbhíse nó níos mó a bheith slán aige, lena oifig le toiliú an Rialtais, agus | |||||||||||||
[EN] | (b) ná beidh teideal ag an mBreitheamh sin, faoi na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, nó dá mbuaidh, chun pinsin i leith a sheirbhíse mar Bhreitheamh, | |||||||||||||
[EN] | beidh teideal aige ar feadh a shaoil chun pinsin arna ríomh do réir na séú coda den tuarastal a bheas aige an tráth a searfas sé lena oifig amhlaidh maille leis an gceathrachadú cuid den tuarastal sin aige in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana den tsórt sin. | |||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo nó aon dámhachtain faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, a deonadh de bhuaidh ailt 75 den Phríomh-Acht, arna bhuanú le fo-alt (3) d'alt 48 d'Acht 1936, is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas a mhuirear agus a íoc. | |||||||||||||
[EN] | (3) Aon uair a cuirfear Breitheamh as oifig mar gheall ar éagumas, is tuigthe chun críocha pinsin é do scarúint lena oifig de dheascaibh buan-easláinte. | |||||||||||||
[EN] |
Sealbhaíocht oifige Breithiún. |
20. —Beidh Breithiúin i seilbh oifige ar aon-tsealbhaíocht le Breithiúin na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte. | ||||||||||||
[EN] |
Fiosrú breithiúnach i dtaobh sláinte nó iompair Breithiún. |
21. —Aon uair a iarrfas an tAire ar an bPríomh-Bhreitheamh Breitheamh a cheapadh— | ||||||||||||
[EN] | (a) chun iniúchadh a dhéanamh i dtaobh staid sláinte Breithimh ó thaobh coirp nó meabhrach, nó | |||||||||||||
[EN] | (b) chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh iompair Bhreithimh (pé acu i gcomhlíonadh a oifige nó ar shlí eile é), i gcoitinne nó ar ócáid áirithe, | |||||||||||||
[EN] | agus sin, i gceachtar cás, fara tagairt speisialta do pé nithe a luafar san iarratas, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, sé sin le rá— | |||||||||||||
[EN] | (i) ceapfaidh an Príomh-Bhreitheamh Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó, le toiliú Uachtaráin na hArd-Chúirte, Breitheamh den Ard-Chúirt chun an t-iniúchadh nó an fiosrú a dhéanamh; | |||||||||||||
[EN] | (ii) féadfaidh an Breitheamh a ceapfar amhlaidh an t-iniúchadh nó an fiosrú a dhéanamh i pé slí is cuibhe leis, pé acu trí fhínnéithe a scrúdú nó ar shlí eile é, agus go sonrach féadfaidh aon imeachta a sheoladh in camera, agus chuige sin beidh aige gach cumhacht, ceart agus príbhléid a dílsítear i mBreitheamh den Ard-Chúirt i gcás aicsin; | |||||||||||||
[EN] | (iii) ar an iniúchadh nó an fiosrú a bheith críochnaithe tuairisceoidh an Breitheamh sin a thoradh don Aire. | |||||||||||||
[EN] |
Socruithe sealadacha chun gnó a dhéanamh mar gheall ar bhás, etc., Breithimh a bheas buanshannaithe dodhúthaigh. |
22. —Aon uair a thárlós Breitheamh (seachas Ard-Bhreitheamh Roinne) a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe d'fháil bháis, do scarúint lena oifig nó do bheith as láthair ón dúthaigh sin, féadfaidh an tAire aon Bhreitheamh eile (ach, i gcás Breithimh a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh, é do thoiliú chuige sin) nó aon Bhreitheamh sealadach a shannadh go sealadach don dúthaigh sin, agus aon Bhreitheamh nó aon Bhreitheamh sealadach a sannfar go sealadach amhlaidh, beidh cumhacht aige dlínse a fheidhmiú sa dúthaigh sin a céadluaitear go dtí go bhforceannfaidh an tAire a shannadh sealadach, agus d'ainneoin, i gcás gur Breitheamh é a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh eile, é a bheith buanshannaithe amhlaidh. | ||||||||||||
[EN] |
Forfheidhmiú breithe ar achomharc ón gCúirt Dúiche. |
23. —Nuair a bheas an Chúirt Chuarda tar éis achomharc ón gCúirt Dúiche maidir le héinní a chinneadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é), ansin, mura mbeidh an Chúirt Chuarda tar éis an ionstraim a eisiúint is gá chun a breith a fhorfheidhmiú, eiseoidh an Chúirt Dúiche an ionstraim sin. | ||||||||||||
AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear. | ||||||||||||||
Cuid I. Achtacháin a hathghairmtear amhail ó dháta an Achta seo a rith. | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Cuid II. Achtacháin a hAthghairmtear amhail ar an lá ceaptha Cuid II) agus uaidh sin amach. | ||||||||||||||
|