28 1946


Uimhir 28 de 1946.


AN tACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939 . [4ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939) ;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

Alt 28 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo a leanas a chur ina dheireadh:—

“(3) (a) I dteannta na ndualgas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh de dhualgas ar gach údarás áitiúil agus ar a oifigigh agus a sheirbhísigh pé dualgais a chomhlíonadh, maidir le daoine den phobal síbhialta a aistriú agus maidir lena gcóiríocht, a gcothabháil agus a leas, a ordós an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, agus chuige sin féadfaidh údarás áitiúil dul faoi chaiteachas.

(b) Má théann údarás áitiúil faoi chaiteachas faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(c) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 35 den Acht seo i leith caiteachais faoina raghaidh údarás áitiúil faoi mhír (a) den fho-alt seo.”.

Alt 34 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 34 den Phríomh-Acht trí no focail “d'aon bhuirg ná bailecheantar” a chur in ionad na bhfocal “féna raghaidh buirg nó bailecheantar ar bith”.

Alt 35 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht trí na focail “nó, i gcás aon chaiteachais cheadaithe den tsórt sin is caiteachas ar ionaid bhídh agus scíthe a chur ar fáil, deontais nach mó ná méid an chaiteachais sin” a chur ina dheireadh.

Alt 64 den Phríomh-Acht a leasú.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 64 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1), is é sin le rá:—

“(1) Baineann an t-alt seo le díobhála pearsanta a tharlós, tráth ná beidh an Stát páirteach in aon chogadh, do chomhaltaí údaraithe de sheirbhís réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar, arna bunú faoi scéim arna ceadú ag an Aire faoi alt 13 nó alt 38 den Acht seo, le linn tréineáil nó cleachtadh i ndualgais na seirbhíse sin a bheith á thabhairt dóibh nó á thabhairt acu do dhaoine eile nó le linn dóibh bheith ar diúité ar shlí eile mar chomhaltaí den tsórt sin.”.

(2) Leanfaidh an Scéim um Sheirbhísí Réamhchúraim in Aghaidh Aer-ruathar (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1942 (R. & O. R., Uimh. 319 de 1942), arna leasú leis an Scéim um an Scéim um Sheirbhísí Réamhchúraim in Aghaidh Aer-ruathar (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1942 (An Chéad Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 415 de 1943) (Scéimeanna a rinneadh faoi alt 64 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 99), 1941 (R. & O. R., Uimh. 340 de 1941)), de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht aici amhail is dá mba faoi alt 64 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a déanfaí í.

(3) Léireofar an abairt “airgead poiblí”, i ngach áit a bhfuil sí in Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, mar abairt ná folaíonn aon airgead is iníoctha faoi scéim arna déanamh faoi alt 64 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Stórais leighis a thabhairt d'Ospidéil.

6. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “stórais leighis” earraí is—

(a) druganna, nó

(b) ícleasuithe, nó

(c) trealamh le haghaidh úsáide in ospidéil.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, aon stórais leighis a bheas faoina riar aige a eisiúint ó am go ham chun comhlachta rialúcháin aon ospidéil.

(b) Má heisítear stórais leighis chun comhlachta rialúcháin ospidéil faoin bhfo-alt seo, glacfaidh an comhlacht rialúcháin sin na stórais leighis sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon stórais leighis arna n-eisiúint (an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó roimhe nó dá éis) ag an Aire chun comhlachta rialúcháin ospidéil, is é sin le ra:—

(a) ní húsáidfear na stórais leighis sin ach chun na gcríocha agus faoi na coinníollacha a ordós an tAire ó am go ham,

(b) beidh an comhlacht rialúcháin sin freagarthach sna stórais leighis sin a choimeád slán agus a stóráil le cúram cuí, agus, má bheireann an tAire treoracha maidir leis na stórais leighis sin a choimeád agus a stóráil, comhlíonfaidh an comhlacht rialúcháin sin na treoracha,

(c) déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin, ar an Aire dá iarraidh sin, na stórais leighis sin nó aon chuid shonraithe dhíobh a thabhairt thar n-ais don Aire,

(d) déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin, ar aon duine a bheas údaraithe ag an Aire dá iarraidh sin, gach saoráid a thabhairt don duine sin chun na stórais leighis sin a iniúchadh,

(e) má cailltear na stórais leighis sin nó má bhaineann damáiste nó díth dhóibh déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin tuarascáil ina thaobh sin a thabhairt don Aire gan mhoill maraon le sonraí i dtaobh na dtosca inar tharla an chailliúint nó an damáiste nó an díth sin,

(f) bhéarfaidh an comhlacht rialúcháin sin go n-iniúchfaidh dochtúir leighis cláraithe ina seirbhís na stórais leighis sin go tréimhsiúil agus pé trátha eile a ordós an tAire d'fhonn a fháil amach cad é an chainníocht atá ina seilbh de thuras na huaire de na stórais leighis sin nó ar bhain damáiste nó díth dhóibh.

(4) Más rud é, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, go bhfailleoidh comhlacht rialúcháin aon ospidéil aon oblagáid a chomhlíonadh dá gcuirtear air, nó aon fheidhm a chomhlíonadh dá gceaptar dó, leis an alt seo nó faoi, beidh an comhlacht rialúcháin sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus má leantar den fhaillí, ar ciontaíodh an comhlacht rialúcháin sin ina leith, tar éis an chiontuithe, dlífear, ar an gcomhlacht rialúcháin sin a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(5) Más rud é, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, go bhfailleoidh aon oifigeach nó seirbhíseach do chomhlacht rialúcháin ospidéil aon oblagáid a chomhlíonadh dá gcuirfear air, nó aon fheidhm a chomhlíonadh dá gceapfar dó, ag an gcomhlacht rialúcháin chun críocha an ailt seo, beidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(6) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon Acht, ordú, fo-dhlí nó cairt.

(7) Má théann comhlacht rialúcháin ospidéil faoi chaiteachas chun críche an ailt seo, déanfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

Ospidéil do ghlacadh réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar.

7. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “ospidéal lena mbaineann an t-alt seo” aon ospidéal do réir bhrí Achta na nOspidéal Poiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), atá i gcontae-bhuirg nó baile-líomatáiste sceidealta, nó nach sia ná míle reachtúil uaidh sin;

ciallaíonn an abairt “údarás urlámhais”, maidir le hospidéal lena mbaineann an t alt seo, an t-údarás áitiúil, an bord, an coiste nó an comhchoiste, nó an comhlacht eile ag a bhfuil urlámhas agus bainistí an ospidéil.

(2) Má théann údarás urlámhais ospidéil lena mbaineann an t-alt seo faoi chaiteachas chun socrú a dhéanamh chun an t-ospidéal, a othair, nó a fhoireann a chosaint ar dhamáiste nó díobháil i gcás ionsaí ón aer nó chun damáiste nó díobháil den tsórt sin a laghdú, féadfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid (nach mó ná trian an chaiteachais sin) a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) (a) Má déantar aisíoc faoi fho-alt (2) den alt seo i leith caiteachais faoina ndeachaigh údarás urlámhais ospidéil lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil déanta scéime ar laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheas an t-ospidéal suim is cóimhéid leis an aisíocaíocht a ranníoc i leith an chaiteachais sin.

(b) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5) agus (6) d'alt 34 den Phríomh-Acht le costais faoina raghfar faoin bhfo-alt seo amhail mar bhaineas na fo-ailt sin le costais faoina raghfar faoi Chuid II den Phríomh-Acht.

(4) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 35 den Phríomh-Acht i leith aon chaiteachais a ndéanfar ranníoc ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo.

Athghairm.

8. —Athghairmtear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal, tosach feidhme agus comhluadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aerruathar (Leasú), 1946, a ghairm den Acht seo.

(2) Is tuigthe an tAcht seo (ach amháin alt 2) do theacht i ngníomh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946.

(3) Féadfar na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aerruathar, 1939 agus 1946, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.