|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1947. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ACHT LÍN, 1936 (FIONRAÍ), 1947. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT D'FHIONRAÍ OIBRIÚ AN ACHTA LÍN, 1936 . [30ú Eanáir, 1947.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Oibriú an Achta Lín, 1936 , a fhionraí. |
1. —Déantar leis seo oibriú an Achta Lín, 1936 ( Uimh. 20 de 1936 ), agus aon orduithe agus rialachán faoin Acht sin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, a fhionraí go dtí an 1ú lá d'Eanáir, 1950, nó pé lá roimhe sin a socrófar le hordú ón Rialtas. |
[EN] |
Gearrtheideal |
2. —Féadfar an tAcht um an Acht Lín, 1936 (Fionraí), 1947, a ghairm den Acht seo. |